Vyberte pokusně zaváděné prvky, které byste chtěli vyzkoušet

Tento dokument je výňatkem z internetových stránek EUR-Lex

Dokument 52026XC00845

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún

PUB/2025/1322

IO C, C/2026/845, 6.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/845/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/845/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/845

6.2.2026

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2026/845)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Slovenski med’

Uimhir thagartha AE: PGI-SI-0801-AM01 — 6.11.2025

1.   Ainm an táirge

‘Slovenski med’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíonta

Deochanna biotáilleacha

4.   An tír ar léi an limistéar geografach

an tSlóivéin

5.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

Teideal

Aireacht Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bhia Phoblacht na Slóivéine

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Meastar gur leasú caighdeánach é an leasú toisc nach bhfuil i gceist leis athrú ar ainm an táisc gheografaigh ná ar úsáid an ainm, nach bhfuil an baol ann go gcuirfear an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní agus nach bhfuil srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leis.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

Teideal

Rialacha maidir le lipéadú ‘Slovenski med’

Tuairisc

Sa roinn seo, cuireadh an abairt ‘Tá a bharrachód déthoiseach féin (cód QR) ag gach lipéad lena gcuirtear ar chumas an tomhaltóra bailíocht dheimhniú an bheachaire a fhíorú.’ in ionad na habairte ‘Tá a shraithuimhir féin ag gach lipéad.’

Is é is cúis leis an leasú atá beartaithe faisnéis iomchuí a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le tionscnamh na meala atá á ceannach acu agus maidir leis an mbeachaire a tháirg an mhil, faisnéis nach bhféadfadh an tsraithuimhir amháin a chur ar fáil.

Leis an mbarrachód déthoiseach, nó an cód QR, is féidir an táirge fisiceach a nascadh le taifead digiteach atá inrochtana tríd an gcód QR. Ar an mbealach sin, is féidir leis an tomhaltóir a fhíorú, tráth ar bith agus áit ar bith, cé a tháirg an mhil, cá ndearnadh í a bhuidéalú, agus cé acu atá nó nach bhfuil deimhniú bailí uirthi. Leis an nasc digiteach sin, laghdaítear go mór an baol brionnaithe.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta

‘Slovenski med’

Uimhir thagartha AE: PGI-SI-0801-AM01 — 6.11.2025

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Slovenski med’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   An tír ar léi an limistéar geografach sainithe

an tSlóivéin

4.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta

4.1.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir leis an gceannteideal agus leis an gcód Ainmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

04 - TÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA; UIBHEACHA ÉAN; MIL NÁDÚRTHA; TÁIRGÍ INITE DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH, NACH bhFUIL SONRAITHE NÁ ÁIRITHE IN ÁIT EILE

4.2.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta lena mbaineann an t-ainm cláraithe

Táirgtear ‘Slovenski med’ i bPoblacht na Slóivéine. Féadfar an méid seo a leanas a dhíol faoin ainm ‘Slovenski med’:

mil acáise,

mil teile,

mil castáin,

mil giúise,

mil sprúis,

mil bláthanna,

mil foraoise nó mil drúchtín meala.

Saintréithe orgánaileipteacha ‘Slovenski med’:

Táirgtear mil acáise go príomha ó neachtar a bhailítear ón gcrann Robinia (Robinia pseudoacacia), ar a dtugtar crann lócaiste freisin. Tá réimse dathanna uirthi idir dath atá beagnach gan dath agus dath buí na tuí. Tá cumhracht an-éadrom agus neodrach ar an mil sin agus tá boladh de bhláthanna acáise uirthi. Tá blas idir meánmhilis agus an-mhilis uirthi atá idir measartha fadmharthanach agus an-fhadmharthanach. Maireann a dea-bholadh feadh gearrthréimhse go meántréimhse. Is minic a bhíonn dea-bholadh de chíor mheala íon, céir úr, bláth acáise, bláth plandaí ar a mbíonn torthaí, dea-bholadh torthaíoch úll agus piorraí uirthi agus b’fhéidir fanaile, milseáin uachtarúla, im úr agus tuí úr. Is annamh a chriostalaíonn sí.

Táirgtear mil teile ó neachtar nó ó dhrúchtín meala a bhailítear go príomha ón teile leathanduilleach nó mhionduilleach (Tilia platyphillosTilia cordata). Bíonn dath idir buí éadrom agus ómra éadrom ar mhil teile, agus imir ghlas uirthi. Bíonn boladh blátha líoma uaithi agus bíonn cumhracht úr meantóil uirthi a bhfuil déine idir measartha agus láidir ann. Tá blas idir measartha agus láidir meantóil uirthi. Tá a dea-bholadh an-sainiúil agus úr. Tá dea-bholadh meantóil, gallchnónna úra, luibheanna agus bláth líoma cócaráilte uirthi agus dea-bholadh séimh bláthanna uirthi atá idir measartha agus an-fhadmharthanach.

Táirgtear mil castáin go príomha ó neachtar nó ó dhrúchtín meala a bhailítear ón gcastán Eorpach (Castanea sativa). Tá dath donn dorcha nó ómra uirthi, le himir dhearg. Tá a cumhracht an-dian, chomh maith lena blas. Saintréith de mhil castáin is ea blas searbh atá idir measartha agus an-dian. Tá a dea-bholadh an-sainiúil, agus é goinbhlasta agus searbh amhail siúcra dóite, síoróip shiúcra, deatach, luibheanna agus mormónta agus bíonn sí thar a bheith fadmharthanach, agus iarbhlas searbh uirthi. Is annamh a chriostalaíonn sí.

Táirgtear mil giúise go príomha ó dhrúchtín meala a bhailítear ón ngiúis gheal (Abies alba). Tá dath dorcha liathdhonn uirthi, agus loinnir ghlas uirthi. Bíonn déine idir measartha agus láidir ag a cumhracht. Bíonn boladh de bhainne púdraithe agus roisín uirthi. Bíonn blas measartha fadmharthanach uirthi, chomh maith lena dea-bholadh, atá an-sainiúil. Cuireann an dea-bholadh bainne púdraithe, caramal, siúcra dóite, roisín, coill bhuaircíneach úr, síoróip bairr sprúis, deatach, tae dubh le bainne agus milseáin luibhe i gcuimhne. Criostalaíonn sí go mall de ghnáth.

Táirgtear mil sprúis go príomha ó dhrúchtín meala a bhailítear ón sprús (Picea abies). Bíonn dath idir donn oráiste agus donnrua uirthi, agus dromchla lonrach uirthi. Bíonn sí trédhearcach de ghnáth. Tá sí an-soshínte agus greamaíonn sí leis an teanga agus leis an gcarball. Bíonn a cumhracht measartha fadmharthanach agus maireann a blas feadh gearrthréimhse go meánthréimhse. Tá a dea-bholadh measartha fadmharthanach. Cuireann an dea-bholadh síoróip bairr sprúis, roisín, milseáin luibhe, tae luibhe, caife rósta, torthaí triomaithe agus milseáin chaife i gcuimhne.

Táirgtear mil bláthanna go príomha ó neachtar ó níos mó ná planda amháin agus dá bhrí sin tá sí an-éagsúil. Athraíonn a dath ó dhath buí na tuí go dath donn. Bíonn a cumhracht idir measartha agus an-fhadmharthanach, chomh maith lena blas. Tá iarbhlas cumhachtach, milis uirthi. Tá a dea-bholadh úr torthaíoch, bláthach agus idir measartha agus an-fhadmharthanach. Cuireann an dea-bholadh bláthanna, torthaí úra, compóit, torthaí cócaráilte, caramal agus milseáin bhainne, siúcra donn, caramal, molás i gcuimhne. Criostalaíonn sí go tapa.

Táirgtear mil foraoise nó mil drúchtín meala go príomha ó dhrúchtín meala a bhailítear ó roinnt plandaí. Bíonn dath idir donn éadrom agus donn dorcha uirthi, le himir dhearg nó ghlas. Bíonn a cumhracht idir gearrthréimhseach agus meántréimhseach agus bíonn a blas idir meántréimhseach agus fadmharthanach. Ar an gcaoi chéanna, maidir lena dea-bholadh, a chuireann roisín, gallchnónna, cnónna coill, luibheanna, mormónta, caramal, molás, milseáin luibhe, torthaí triomaithe agus piorraí triomaithe i gcuimhne, bíonn sé idir meántréimhseach agus fhadmharthanach freisin.

Airíonna fisiciceimiceacha ‘Slovenski med’

An cineál meala

Acáise

Teile

Castán

Giúis

Sprús

Bláthach

Foraois

Paraiméadar

Cion taise

< 18,6  %

< 18,6  %

< 18,6  %

< 18,6  %

< 18,6  %

< 18,6  %

< 18,6  %

Cion HMF

< 15  mg/kg

< 15  mg/kg

< 15  mg/kg

< 15  mg/kg

< 15  mg/kg

< 15  mg/kg

< 15  mg/kg

Seoltacht leictreach

≤ 0,3  mS/cm

0,5 -1,3  mS/cm

≥ 0,9  mS/cm

> 0,8  mS/cm

≥ 0,9  mS/cm

≤ 0,8  mS/cm

≥ 0,8  mS/cm

pH

3,5 -4,6

4,1 -6,1

4,7 -6,2

4,7 -5,8

4,3 -5,6

3,8 -5,3

4,3 -5,6

Cion siúcróis

< 10  g/100  g

< 5  g/100  g

< 5  g/100  g

< 5  g/100  g

< 5  g/100  g

< 5  g/100  g

< 5  g/100  g

Cion pailine ‘Slovenski med’

An cineál meala

Pailin

Acáise

Teile

Castán

Giúis

Sprús

Bláthach

Foraois

Cion de chineál sonrach pailine

> 7 % pailin Robinia (Robinia pseudoacacia - crann lócaiste)

> 1 % pailin teile (Tilia sp.)

> 86 % pailin castáin Eorpaigh (Castanea sativa)

/

/

is minic a bhíonn pailin crann torthaí, Castanea sativa, Acer sp., Trifolium repens agus plandaí den fhine Asteraceae ann.

/

4.3.   Maoluithe ar fhoinsiú beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch arna n-ainmniú le hAinmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint agus sa chás sin amháin) agus srianta ar fhoinsiú amhábhar (i gcás táirgí próiseáilte arna n-ainmniú le Tásc Geografach faoi Chosaint agus sa chás sin amháin)

Ní bheathaítear na beacha díreach roimh an tsealgaireacht ná lena linn. Le linn thréimhse an gheimhridh, ní bheathaítear na beacha ach le siúcra nó mil.

4.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór céimeanna táirgthe uile ‘Slovenski med’ a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe. Cuimsíonn táirgeadh ‘Slovenski med’ táirgeadh na meala i gcoirceoga atá ina stad, nó le cabhair ó choirceoga soghluaiste a ghluaiseann laistigh den limistéar geografach, agus a heastóscadh trí bhíthin lártheifneoirithe. Leanann an bheachaireacht prionsabail an dea-chleachtais beachaireachta (Treoirlínte maidir le dea-chleachtas sláinteachais sa bheachaireacht bunaithe ar phrionsabail chóras AGPRC). Ní cheadaítear éarthaigh cheimiceacha a úsáid chun beacha a cheansú, mar gheall ar an riosca go n-aistreofaí iarmhair cheimiceacha chuig an mil. Ní cheadaítear eastóscadh ó chíora síolraithe. Eastósctar mil ina bhfuil níos lú ná 18,6 % d’uisce. Déantar an mhil eastósctha a shíothlú agus, cúpla lá tar éis an eastósctha, bailítear í freisin. Úsáidtear síothláin nach mbaineann pailin le haghaidh síothlaithe. Tá toirmeasc ar thriomú na meala. Déantar mil chriostalaithe a leachtú trí théamh, cé go bhfuil sí ag teocht nach mó ná 40 °C ionas nach ndéantar damáiste do chomhábhair na meala atá íogair ó thaobh teasa de (einsímí, hormóin). Ní cheadaítear mil a leachtú trí théamh micreathonnach toisc go scriosann micreathonnta a gcomhábhair atá gníomhach ó thaobh na bitheolaíochta de.

4.5.   Rialacha sonracha maidir le pacáistiú, sliseadh, grátáil etc. an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní fhéadfar ‘Slovenski med’ a bhuidéalú agus a phacáistiú ach amháin laistigh den limistéar geografach sainithe. Is ar an mbealach sin amháin is féidir ardcháilíocht na meala a chaomhnú agus cosc a chur ar athruithe ar a hairíonna fisiciceimiceacha agus a saintréithe orgánaileipteacha a d’fhéadfadh tarlú dá n-iomprófaí í thar achair fhada. Díreach tar éis an mhil a bhuidéalú, déantar an claibín agus an crúsca a cheangal le chéile le lipéad aonfhoirmeach ar bhealach nach féidir an crúsca a oscailt gan an lipéad a bhriseadh.

4.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an t-ainm faoi chosaint, an tásc ‘zaščitena geografska označba’ [tásc geografach faoi chosaint], an cineál meala, an tsraith (baisc), agus an barrachód déthoiseach (cód QR) a bheith ar ‘Slovenski med’ a chomhlíonann na ceanglais faoin tsonraíocht, rud a chuirfidh ar chumas an tomhaltóra bailíocht dheimhniú an bheachaire a fhíorú.

4.7.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is é críoch Phoblacht na Slóivéine an limistéar ina dtáirgtear ‘Slovenski med’.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc cúisíoch leis an tionscnamh geografach bunaithe ar

clú

cáilíocht áirithe

saintréithe eile

Achoimre ar an nasc

Tá an tSlóivéin suite i Lár na hEorpa, áit a dtagann ceithre mhórchrios gheografacha Eorpacha le chéile, is iad sin na hAlpa, Imchuach na Panóine, Ardchríocha Dinearacha agus an Mheánmhuir. Eascraíonn éagsúlacht mhór flóra agus fána as an éagsúlacht gheolaíoch, as éagsúlachtaí rilífe agus as an bhfíoras go bhfuil an tír idir teorainneacha ceithre réigiún bhithgheografacha, rud a bhfuil raon leathan cineálacha meala mar thoradh air freisin. Mar gheall ar an idirghníomhú idir aeráidí fo-Mheánmhuirí, ilchríochacha agus alpacha agus an éagsúlacht rilífe idir na hísealchríocha agus na sléibhte arda, tarlaíonn féarach ag amanna éagsúla i gcodanna éagsúla den tSlóivéin i gcás plandaí áirithe. Léirítear na saintréithe sin in éagsúlacht fhlóra na Slóivéine.

Fásann an castán Eorpach (Castanea sativa Mill.) i ngach limistéar cnocach níos teo sa tSlóivéin. Tá crainn den speiceas seo le fáil ar fud na Slóivéine, i gclampaí móra nó mar eiseamail aonair. Is minic a fhaightear iad gar do pháirceanna, úlloird, fíonghoirt agus tithe. Fásann siad ag airdí suas le thart ar 800 m os cionn leibhéal na farraige. Chomh maith lena n-adhmad agus a dtorthaí, tá siad an-tábhachtach freisin mar fhéarach beach. Téann siad faoi bhláth i mí an Mheithimh agus i mí Iúil, thar thréimhse 3 seachtaine de ghnáth. Tógann na beacha pailin castáin chuig a gcoirceoga, áit a gcuirtear cothú ar fáil go fáilteach nuair nach mbíonn aon fhéarach ann níos déanaí sa bhliain.

Thar na mílte blianta, tá beach mheala Carniolan (Apis mellifera carnica), atá dúchasach don tSlóivéin, oiriúnaithe go speisialta do na dálaí aeráide agus féaraigh is gnách don tSlóivéin. Is í an tSlóivéin an t-aon Bhallstát de chuid an Aontais a dhearbhaigh i gConradh Aontachais, agus é mar aidhm aici ábhar géiniteach dúchasach na beiche meala Carniolan a chaomhnú agus ag féachaint don ghá atá ann an pobal dúchasach beach meala sin a chaomhnú, an rún atá aici leanúint de na bearta iomchuí uile is gá a chur i bhfeidhm chun caomhnú na beach dúchasach sin sa tSlóivéin a áirithiú.

Eascraíonn sainiúlacht ‘Slovenski med’ as an speictream pailine, rud a léiríonn saintréithe an fhlóra sa limistéar ina dtáirgtear ‘Slovenski med’, agus lena n-áirítear pailin ón gcastán Eorpach (Castanea sativa), atá le fáil i bhformhór na samplaí de ‘Slovenski med’. Déanann na hairíonna sin idirdhealú idir ‘Slovenski med’ agus mil eile a tháirgtear lasmuigh den tSlóivéin.

Tá pailin Trifolium repens, Acer sp., Plantago sp., Fraxinus ornus, Salix sp., Tilia sp., plandaí fhine Poaceae, Filipendula sp. agus plandaí fhine Asteraceae agus Apiaceae i níos mó ná leath de na samplaí uile de ‘Slovenski med’ freisin.

Tá cion íseal taise agus leibhéil ísle HMF ina n-airíonna sonracha de ‘Slovenski med’ freisin. Tá cion taise níos lú ná 18,6 % agus cion HMF níos lú ná 15 mg/kg ag ‘Slovenski med’, agus luíonn a sainiúlacht anseo. Déanann an dá pharaiméadar cáilíochta sin idirdhealú soiléir idir ‘Slovenski med’ agus mil eile a tháirgtear sa tSlóivéin.

Is í an tSlóivéin réigiún tionscnaimh bheach mheala Carniolan, agus dá bhrí sin tá sé ar cheann de ghnéithe sonracha ‘Slovenski med’ go dtagann sí uile ó limistéar ina bhfuil an bheachaireacht bunaithe go heisiach ar bheach mheala Carniolan a úsáid.

Is tír í an tSlóivéin a bhfuil traidisiún saibhir aici maidir le beacha a phórú agus mil ardcháilíochta a tháirgeadh. D’éirigh go maith leis an mbeachaireacht sa tSlóivéin, rud a bhí bunaithe i gcónaí ar eolas maith ar bheacha agus ar theicnící beachaireachta samhlaíocha. Braitheann sé freisin ar na féaraigh atá ar fáil, agus bíonn féaraigh éagsúla ann sa tSlóivéin mar gheall ar éagsúlacht an fhlóra. Maidir leis an taithí a bhaineann le pórú beach agus táirgeadh meala a forbraíodh le blianta anuas, cuireadh ar aghaidh í ó ghlúin go glúin.

Toisc go bhfuil an crann castáin Eorpaigh (Castanea sativa) chomh forleathan sin sa tSlóivéin, tá pailin castáin Eorpaigh le fáil i bhformhór na samplaí de ‘Slovenski med’. Chun leas a bhaint as éagsúlacht na bhféarach sa tSlóivéin, bogann beachairí a mbeacha ar fud na tíre, rud a mhéadaíonn a thuilleadh an fhéidearthacht go mbeadh pailin castáin Eorpaigh sa mhil.

Thar na mílte blianta, tá beach mheala Carniolan (Apis mellifera carnica), ar ar thug August Pollmann an t-ainm sin in 1879, oiriúnaithe go speisialta do na dálaí aeráide agus féaraigh is gnách don tSlóivéin. Tá beach mheala Carniolan dúchasach don tSlóivéin agus cosnaítear í faoin Acht um Pórú Beostoic (Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine Uimh. 18/02), lena sainmhínítear in Airteagal 68 beach mheala Carniolan mar phór dúchasach agus, in Airteagal 70, lena bhforáiltear do chosaint speisialta don phór dúchasach sin. Mar gheall ar a shaintréithe den scoth agus a oiriúnú do dhálaí aeráide measartha, is tráchtearra a ndearnadh go leor trádála air í beach mheala Carniolan. I dtíortha eile, is ann do phórtha eile beach taobh le beach mheala Carniolan, ach sa tSlóivéin amháin is í beach mheala Carniolan an t-aon bheach a fhéadfar a úsáid sa bheachaireacht.

Cuireann na srianta a bhfuil feidhm acu maidir le táirgeadh ‘Slovenski med’ lena hairíonna sonracha freisin. Tagann scileanna na mbeachairí chun cinn freisin nuair a bhíonn an t-am ceart ann chun mil a eastóscadh, ós rud é, bunaithe ar chleachtas agus ar thaithí a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin, go n-eastóscann beachairí mil nuair a bhíonn a cion taise níos lú ná 18,6 %.

Bhí an-tóir i gcónaí ag tomhaltóirí ar mhil a tháirgtear sa tSlóivéin, toisc go gcuireann sí bia ardcháilíochta ó fhoinse aitheanta ar fáil dóibh. Is mar gheall go díreach ar an mian mil ardcháilíochta a chur ar fáil do thomhaltóirí gur thug beachairí na Slóivéine táirgeadh meala rialaithe isteach in 1999. Chuige sin, tá gá le cuid mhór saineolais ó bheachairí toisc, a mhéid a bhaineann le mil ardcháilíochta a áirithiú, gur nasc an-tábhachtach iad sa phróiseas táirgthe meala, agus d’fhéadfadh cáilíocht na meala a bheith thíos leis mura ndéantar a gcuid oibre i gceart.

Tá ardphróifíl agus dea-stádas ag ‘Slovenski med’ mar gheall go mbíonn sí ar fáil ag comhdhálacha éagsúla idirnáisiúnta agus náisiúnta, taispeántais, aontaí, laethanta meala agus basáir leanaí, go mbíonn sí le feiceáil i gcraoltaí teilifíse agus raidió agus, ar deireadh, go luaitear í in ailt éagsúla, mar shampla ag Ruralia Gorizia, comhdháil a d’eagraigh trí thír (an tSlóivéin, an Iodáil agus an Ostair) san Iodáil in 2002, in Apimondia, an t-imeacht beachaireachta idirnáisiúnta is mó (Liúibleána, 2003), ag an gcomhdháil idirnáisiúnta meala drúchtín meala in Chania (an Chréit, 2009), agus ag an bhfóram Apimedica & Apiquality (an tSlóivéin, 2010), etc.

Léirítear ardcháilíocht ‘Slovenski med’, ar ardcháilíocht den chéad scoth í, leis na gradaim éagsúla a fuair sí i gcomórtais éagsúla dhomhanda, idirnáisiúnta agus náisiúnta; mar shampla, dhá bhonn agus go leor gradam bonn óir ag comórtas domhanda meala Apimedica & Apiquality. Bronnadh ceann de na gradaim is déanaí ar ‘Slovenski med’ ag comórtas idirnáisiúnta meala orgánaí BiolMiel 2011 san Iodáil, áit ar bhuaigh an mhil acáise agus an mhil foraoise boinn óir agus roinn an mhil castáin an ceathrú háit le mil eile as 170 sampla meala.

Tagairt leictreonach (url) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.gov.si/assets/ministrstva/MKGP/PODROCJA/HRANA/SHEME-KAKOVOSTI/SPECIFIKACIJE-EVROPSKA-KOMISIJA/SMGO_spr_spec_sept_25.pdf


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/845/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Nahoru