Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XC00723

Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

C/2026/556

IO C, C/2026/723, 30.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/723/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/723/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/723

30.1.2026

Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(C/2026/723)

Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Tá an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 le fáil i gclár an Aontais um thásca geografacha.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’

Uimh. AE: PGI-TR-03180 — 12.2.2024

ATFC ( ) TGFC (x)

1.   Ainm nó ainmneacha [an ATFC nó an TGFC]

‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası'

2.   Ballstát nó Tríú Tír

an Tuirc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia

3.1.   Cineál an táirge

Aicme 2.3. Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus táirgí eile báicéirí

Cód Ainmníochta Comhcheangailte

1905 - Arán, taosrán, cácaí, brioscaí agus earraí eile báicéirí, bíodh cócó iontu nó ná bíodh; abhlanna, capsúil fholmha de chineál atá oiriúnach d’úsáid chógaisíochta, sliseoga séalaithe, ríspháipéar agus táirgí comhchosúla

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is táirge milis é “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” a fhaightear tríd an meascán de phiostáisí meilte luathbhuainte (“Boz İç Antep fıstığı”), siúcra púdraithe agus stáirse cruithneachta a fhilleadh idir na stiallacha a dtugtar pestil orthu agus cruth fillidh thriantánaigh a thabhairt dó.

Tá dhá mhodh ann chun pestil a úsáidtear in “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” a dhéanamh. Is é an chéad mhodh sú fíonchaor úr a ramhrú go díreach trína phróiseáil. Is é an dara modh an molás réamhullmhaithe a phróiseáil. Is iad “dökülgen” agus “hönüsü” na cineálacha fíniúna a úsáidtear chun pestil a tháirgeadh.

Gearrtar sraitheanna pestil ina stiallacha tanaí a mbíonn meánleithead 6-8 cm acu agus meánfhad 25-27 cm acu. Déantar “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” a fhilleadh i gcruth triantáin. Bíonn meáchan “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” amháin idir 32-35 ghram. Déantar “Boz İç Antep fıstığı” a mheilt go méid 1-4 mm.

Saintréithe “Antep Muskası / Gaziantep Muskası”

Blas

Laíon milis agus piostáis dhian. (Tagann an príomhbhlas ó bhlas dian piostáise “Boz İç” luathbhuainte, agus díorthaíonn an blas tánaisteach ó bhlas milis agus beagáinín géar na bhfíonchaor a úsáidtear chun an leathar torthaí a dhéanamh.)

Dath

Bíonn dath dúghlas ar an dath istigh. Bíonn dath geal agus dúdhonn ar an tsraith sheachtrach mar gheall ar laíon fíonchaor. Nuair a scaiptear gránphlúr ar “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” ionas nach ngreamaítear lena chéile iad agus chun cruachan cásanna a chosc, cumhdaítear an dromchla donn le sraith beagáinín bán.

Uigeacht

Éasca a ghearradh le scian, éasca a ghearradh ina píosaí de láimh, struchtúr nach bhfuil chomh solúbtha céanna agus atá díreach agus dolúbtha.

Cruth

Triantánach.

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

Ní mór “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” a tháirgeadh go heisiach ó chineálacha áitiúla fíniúna ar cineálacha iad a fhástar i gcúige Gaziantep amháin. Maidir leis an gcéim táirgthe pestil (leathar torthaí), ba cheart na cineálacha fíniúna Dökülgen agus Hönüsü a úsáid, toisc gur féidir a bhfíonchaora a scaradh go héasca ón dtriopall agus gur féidir an nós imeachta próiseála a éascú leo.

3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Comhpháirteanna a úsáidtear i dtuaslagán pestil,

Ullmhóid tuaslagáin stáirse le haghaidh pestil,

Meascán de phlúr taosráin agus uisce,

An meascán pestil a ullmhú,

An taos pestil ullmhaithe a leagan amach,

Réamhfhuarú faoin aer agus na leatháin a thabhairt go dtí an seomra triomúcháin,

Gearradh an pestil,

Clúdach inmheánach “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” a ullmhú,

“Antep Muskası / Gaziantep Muskası” a ullmhú.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór go gcaomhnóidh pacáistíocht “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” a dhea-bholadh agus go ndéanfaidh sí triomú a chosc, agus úsáid á baint as ábhair ghlana atá sábháilte ó thaobh bia de. Stóráil i limistéar fionnuar aeráilte (15-18 °C), ar shiúl ó theas, ó bhogthaise agus ó sholas na gréine. Ith laistigh de bhliain amháin iad chun tairbhiú den úire is fearr.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an t-ainm “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” agus an lógó “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” seo a leanas a fheiceáil ar phacáistíocht an táirge.

Image 1

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Áiríonn an limistéar ainmnithe gach sráidbhaile agus baile i gcúige Gaziantep, Anatóil Thoir Theas, an Tuirc.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Eascraíonn an nasc idir “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” agus a réigiún geografach as cáil an táirge, as an saineolas áitiúil sonrach a úsáidtear chun é a ullmhú, agus as ceardaíocht na dtáirgeoirí in Gaziantep.

Déantar “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” trí phiostáisí “Boz İç” luathbhuainte a mheilt go mín agus trína mheascadh le siúcra púdraithe agus stáirse cruithneachta. Cuirtear an meascán sin idir stiallacha de leathar torthaí, ar a dtugtar pestil, agus filltear go cúramach i gcruth triantánach iad. Cé go bhféadfadh cuma shimplí a bheith ar an bpróiseas táirgthe, tá gá an-chúram a dhéanamh de na mionsonraí. Mar thoradh ar an meascán de pestil agus den líonadh piostáise cruthaítear táirge a mbaineann simplíocht agus ardleibhéal scile ceardaíochta leis, rud a léiríonn traidisiúin shaibhre chócaireachta an réigiúin.

Is féidir dea-bholadh sainiúil “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” a shaintréithriú lena phróifílí blais phríomhúil agus thánaistigh. Tagann an príomhbhlas ó dhea-bholadh dian piostáisí Gaziantep luathbhuainte “Boz İç”, agus tagann an blas tánaisteach ó bhlas milis agus beagáinín searbh na bhfíonchaor a úsáidtear chun an leathar torthaí (pestil) a dhéanamh. Tugann meascán comhchuí an dá eilimint sin dea-bholadh saibhir piostáise don táirge mar aon le cothromaíocht idir milseacht agus searbhas. Is é an comhdhéanamh uathúil sin próifíl shaintréitheach blais “Antep Muskası / Gaziantep Muskası”.

Buantar piostáisí Antep “Boz İç” ag tús mhí Lúnasa, thart ar 1 mhí amháin sula mbaineann siad aibíocht iomlán amach. Áirithíonn an tréimhse luathbhuainte sin go gcoinníonn na piostáisí a ndath glas bríomhar agus domhain, ar saintréith í atá níos suntasaí i gcomparáid le cineálacha eile. Bíonn uigeacht úr theann ag na piostáisí “Boz İç” luathbhuainte, rud a thugann blas piostáise dian marthanach do “Antep Muskası / Gaziantep Muskası”. Níl an ghné shainiúil sin le fáil i gcineálacha piostáise eile. De bhreis air sin, cuireann an cineál piostáise sin dath glas bríomhar atá taitneamhach go haestéitiúil ar an táirge, rud a chuireann feabhas ar a tharraingteacht amhairc agus chéadfach araon.

Is é pestil an phríomh-chomhpháirt eile de “Antep Muskası / Gaziantep Muskası”, ar comhpháirt é a fhaightear ó fhíonchaora. I réigiún Gaziantep, úsáidtear dhá chineál fíniúna, “Dökülgen” agus “Hönüsü”, go háirithe chun na críche sin. Chuaigh na cineálacha fíniúna áitiúla sin in oiriúint do dhálaí geografacha an réigiúin agus comhroineann siad saintréithe comhchosúla. Tá a gcaora mór, feolmhar agus súmhar, rud a thugann blas milis agus beagáinín géar. Maidir le táirgeadh pestil, tugtar tosaíocht d’fhíonchaora is féidir a dheighilt go héasca óna dtriopaill. Maidir le fíonchaora “Dökülgen” agus “Hönüsü”, ag a bhfuil caora atá inbhainte go héasca, éascaíonn siad próiseáil. Táirgeann na fíonchaora sin níos mó úrfhíona i gcomparáid le cineálacha eile sa réigiún, agus tá a luachanna Brix sa raon idir 15 agus 17. Bíonn a n-aigéadacht iomlán, idir 4,0 agus 4,2 g/l, níos airde ná cineálacha eile, rud a rannchuidíonn le blas beagáinín géar a fheabhsaíonn dea-bholadh dian fíonchaor an pestil a dhéantar astu. Bíonn dath geal ar fhíonchaora “Dökülgen” agus “Hönüsü”, agus gabhann caora tréshoilseacha móra agus síolta beaga leo, rud a fhágann go bhfuil siad an-oiriúnach maidir le táirgeadh pestil. Bíonn dromchla mín agus an tanaíocht inmhianaithe ag an pestil a dhíorthaítear ó na fíonchaora sin, rud a shimplíonn an líonadh a chlúdach le stiallacha de pestil le linn tháirgeadh “Antep Muskası / Gaziantep Muskası”.

Líontar na stiallacha pestil gearrtha le meascán de phiostáisí Antep “Boziç”, siúcra púdraithe, agus stáirse cruithneachta, a fhilltear ansin i gcruth triantánach, agus cuirtear an teicníc “dıbıklama” i bhfeidhm. Sa teicníc sin, déantar foirceann amháin den pestil a fhilleadh isteach ar uillinn 45 chéim agus cruinneas milliméadair i gceist, agus san fhilleadh deiridh, filltear an ceann isteach leis an ngluaisne “dıbıklama”, rud a chomhbhrúnn an líonadh agus a chaomhnaíonn an cruth. Is léir gur éirigh le dıbıklama nuair atá coirnéil “Antep Muskası / Gaziantep Muskası’siméadrach agus nuair nach gcloistear an líonadh ag gliogarnach nuair a chroitear é. Déantar é go traidisiúnta ar thráidire copair agus coinnítear solúbthacht an pestil leis an bpróiseas sin freisin.

In Gaziantep, tá ról lárnach ag ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ i ngnásanna traidisiúnta agus i dtraidisiúin chultúrtha éagsúla. Le linn Sıra Geceleri atá aitheanta ag UNESCO, cuireann na hóstaí fáilte roimh aíonna leis an sócamas sin, agus baineann rannpháirtithe taitneamh as ceol, cluichí agus comhráite, go minic san éadach traidisiúnta. Ar an gcaoi chéanna, tugann Feke Sofrası, atá uathúil do Gaziantep, teaghlaigh agus comharsana le chéile le linn oícheanta an gheimhridh agus lena linn sin neartaíonn ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ naisc agus léiríonn sé oidhreacht chócaireachta an réigiúin. Ar ócáidí speisialta amhail Arefe, Ashura, Ramadan agus Bayram, ullmhaíonn agus comhroinneann an pobal an chóir sin le chéile, rud a chothaíonn aontacht agus a chaomhnaíonn féiniúlacht chultúrtha. Léiríonn na traidisiúin sin an ról atá ag ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ mar mhilseog agus mar shiombail d’oidhreacht shaibhir Gaziantep.

Tá ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ ar fáil ar líon mór príomhardán díolacháin ar líne sa Tuirc agus go hidirnáisiúnta, agus is mór an meas atá air i measc bonn leathan tomhaltóirí. I measc na gcúiseanna le ráchairt a bheith air, áirítear modhanna táirgthe traidisiúnta, teicnící ullmhúcháin a forbraíodh go háitiúil, agus ceardaíocht oilte táirgeoirí i réigiún Gaziantep. Is minic a roghnaíonn tomhaltóirí ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ le linn siopadóireacht ar líne a dhéanamh toisc go bhfuil meas mór acu ar a bhlas agus ar a cháilíocht shainiúil.

Tá ról ríthábhachtach ag baint le cur i láthair táirgí áitiúla trí mhargaí bia a mhéid a bhaineann le hoidhreacht chócaireachta Gaziantep a chur ar taispeáint. Tá ‘Margadh Pobail Gaziantep Almacı’, ar margadh stairiúil é de chuid mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí, agus é ag gabháil do dhíol ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ go háirithe le breis agus 250 bliain. Fónann an margadh sin mar phríomhionad do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon chun an sócamas íocónach seo a bhlaiseadh.

De bhreis air sin, tá Bialann Stairiúil Anadolu Han agus Gane ríthábhachtach maidir le haird a tharraingt ar mhiasa traidisiúnta atá uathúil do chultúr cócaireachta Gaziantep. Go háirithe, cuireann Bialann Gane, béim ar speisialtachtaí réigiúnacha amhail ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ ar a roghchlár, rud a mheallann muintir na háite agus turasóirí araon agus, an tráth céanna, a chuireann oidhreacht ghastranamachta na cathrach chun cinn.

Ar an gcaoi chéanna, feidhmíonn Büdeyri Han, ar caravanserai stairiúil é, mar mhol tráchtála mór ina bhfuil 32 shiopa a thairgeann táirgí áitiúla. Laistigh dá chlós, tháinig Büdeyri Ala Cafe chun bheith ina shainspás chun ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ agus sóláistí eile a thrádáil, rud a shaibhríonn tírdhreach cultúrtha agus cócaireachta Gaziantep a thuilleadh.

Is sócamas é ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ a chuirtear i láthair an phobail agus cuirtear chun cinn le linn aontaí agus féilte bliantúla speisialta. Seasann sé amach ag Féile Ghastranamaíochta Idirnáisiúnta Gaziantep trí rannpháirtíocht shiombalach bhall prótacail i dtaca le dtáirgeadh moláis fíonchaor (şıra), trí cheardaíocht ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ ó bastık (leathar torthaí), agus trí mhodhanna traidisiúnta a athchruthú ag ceardaithe faoi éide réigiúnach. Ullmhaíonn na ceardaithe sin, a bhíonn faoi éide thraidisiúnta, molás fíonchaor trí fhíonchaora a bhrú i mbáisíní cloiche, fiuchann siad an molás chun bastık a chruthú, agus múnlaíonn siad é ina ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’. Déantar aithris ar an gcur chuige cur chun cinn sin ag imeachtaí amhail an tAonach Réigiúnach Táirgí (YÖREX-Antalya) agus ag féilte eile ar fud na Tuirce, rud a neartaíonn infheictheacht ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ agus a fhónann mar phríomhchuid de na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar aitheantas domhanda chócaireacht Gaziantep.

Alt dar teideal Gaziantep. More Baklava and Kebab arna fhoilsiú ag Gezi ve Yorum (https://geziveyorum.com/author/geziveyorum/) ar an 15/10/2018: Luaitear ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ san alt mar ‘gné atá uathúil do Gaziantep’.

I staidéar Karahan, Uzun, agus Uca (2022) dar teideal Content Analysis of YouTube Videos About Gaziantep Cuisine rinneadh scrúdú ar conas a dhéanann turasóirí meastóireacht ar bhlasanna gastranómacha Gaziantep ar na meáin shóisialta, agus béim ar leith á leagan ar an sócamas traidisiúnta ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’. Bhí an taighde dírithe an dearcadh ar bhlasanna réigiúnacha Gaziantep a nochtadh ar na meáin shóisialta agus ar pheirspictíochtaí turasóirí ar na tairiscintí cócaireachta sin a léiriú.

In alt Baycar A. dar teideal The Place of Pistachios and Their Derivatives in Gaziantep’s Local Gastronomic Identity (13.7.2022), leagtar béim ar staid uathúil na bpiostáisí i bhféiniúlacht ghastranamaíochta Gaziantep agus ar thábhacht ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ i dtaca leis an bhféiniúlacht sin. Tháinig an sócamas sin chun bheith ina shiombail a léiríonn oidhreacht stairiúil agus chultúir an réigiúin, agus scrúdaíodh a naisc le gnéithe amhail cúrsaí gastranamaíochta, táirgí ealaíne, agus Féile Idirnáisiúnta Chultúir agus Ealaíne Pistachio. Léirítear leis an taighde nach milseog amháin atá in ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ ach gur iompróir cultúir é freisin.

De réir eagrán Mheán Fómhair 2019 den Economy Culture Politics Analysis Journal, d’fhoin d’fheidhmigh Aonach Domhanda Bia Iostanbúl mar ardán criticiúil ina ndéantar ról ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ sa taidhleoireacht ghastranamaíochta. Léiríonn anailís na hirise go léiríonn an t-imeacht sin, a reáchtáladh in TÜYAP ón 4 Meán Fómhair go dtí an 7 Meán Fómhair 2019, feidhm na mblasanna traidisiúnta mar iompróirí féiniúlachta cultúir. Go háirithe, sa chomórtas ‘Chef’s Best Plate’ a eagraítear i gcomhar leis an gCumann Turasóireachta Gastranamaíochta (GTD) agus leis an Ardán um Tháirgí Iontaofa (GÜP), léirigh léirmhínithe nua-aimseartha ar ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’, i bhfocail na hirise, ‘claochlú chuimhne chócaireachta Anatolia i bpróiseas an domhandaithe’ (Economy Culture Politics Analysis Journal, September 2019, lch. 47).

De réir thuairisc Mheán Fómhair 2019 Turizm Dosyası, d’fhóin Féile Ghastranamaíochta Idirnáisiúnta GastroAntep Gaziantep (Meán Fómhair 12-15, 2019) mar ardán mór lenar tugadh isteach sócamas Gaziantep, ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ lena ngabhann tásc geografach, do chiorcail ghastranamaíochta áitiúla agus idirnáisiúnta araon. Le linn cheardlanna agus imeachtaí blaiste na féile, cumascadh modh ullmhúcháin traidisiúnta ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ le teicnící cur i láthair nua-aimseartha, rud a d’ardaigh an mhilseog speisialta sin thar leibhéal sóláiste réigiúnach amháin. Tríd an gcur chuige sin, tháinig ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ chun bheith ina ionadaí uilíoch de chuid oidhreacht shaibhir chócaireachta Gaziantep, rud a léiríonn éifeachtacht na féile sa taidhleoireacht ghastranamaíochta.

In alt Gülļah Elikbank dar teideal A Magical City: Gaziantep ” (Martı Magazine, an 20 Eanáir 2015), déantar scrúdú ar bhunbhrí dhraíochtach Gaziantep agus ar a bhlasanna áitiúla. Cuireadh sócamais thraidisiúnta amhail “Antep Muskası / Gaziantep Muskası” agus oidhreacht shaibhir chócaireachta Gaziantep ar taispeáint ag 2ú Féile Bia agus Deochanna Żirehan, a d’eagraigh Ahmet Ümit. Tá an taosrán tanaí seo, atá líonta le piostáisí Antep agus siúcra, fós ina shiombail cheiliúrtha de thraidisiún gastranamaíoch na cathrach.

San alt dar teideal The Taste of Miracle: Şire, a bhí ann in eagrán mhí na Samhna 2015 (Uimh. 260) d’ Atlas Magazine, mínítear go ndéantar ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ agus cuid mhór táirgí traidisiúnta as şire, a tháirgtear trí shú fíonchaor a fhiuchadh. Níl eolas ar mhilseoga amhail basdık, a dhéantar le linn phróiseas şire, ach ag daoine a bhfuil an-taithí acu ar an searmanas sin. Tá mise i measc na ndaoine ámharacha sin. Deirim ámharach toisc nach é an t-aon rud atá i gceist le déanamh şire ná milseog atá le táirgeadh lena thomhailt i gcaitheamh na bliana; is ceiliúradh, féile agus deasghnáth blais é freisin ina nglacann gach duine páirt—idir óg agus aosta, idir fhir agus mhná, gaolta, comharsana agus lucht aitheantais. Cuireann an ócáid sin i gcuimhne dúinn nach bhfuilimid inár n-aonar sa domhan agus ligeann sí dúinn blaiseadh a fháil ar an bhfuadar mór a bhaineann le bheith ag obair le chéile, agus is cruthúnas í ar an lúcháir a bhaineann le bheith ag maireachtáil ar domhan. Is traidisiún é şire a léiríonn creatlach chultúir Gaziantep agus an dlúthpháirtíocht i measc a mhuintire ar bhealach álainn. (https://www.atlasdergisi.com/arsiv/mucizenin-tadi-sire).

Rinne an cócaire cáiliúil Wilco Van Herpen iniúchadh ar Gaziantep ina chlár faisnéise In Pursuit of Green Gold, inar rianaigh sé bunús na bpiostáisí Antep, ar a dtugtar ‘ór glas’. Tugtar léargas sa scannán ar ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’, ar sócamas traidisiúnta é a dhéantar as na piostáisí luachmhara sin, déantar cultúr saibhir cócaireachta Gaziantep a chur ar taispeáint ann. Leag Wilco béim ar ról na bpiostáisí Antep i gcócaireacht réigiúnach agus tharraing sé aird ar shraitheanna thaosrán tanaí na milseoga, ar líonadh piostáisí agus ar bhlas milis na milseoige mar ghnéithe íocónacha den oidhreacht sin. Díríonn an clár faisnéise ar oidhreacht chócaireachta Gaziantep a thabhairt isteach ar fud an domhain, rud a chumascfaidh eachtraíocht bhia le fionnachtain chultúir (Foinse: Bein Connect, 21 Deireadh Fómhair 2014).

Mhínigh Méara Gaziantep Fatma Şahin próiseas táirgthe agus stair ‘Antep Muskası / Gaziantep Muskası’ ar Değerlerin Daveti (Cuireadh Luachanna) de chuid Ülke TV. Leag sí béim ar úsáid piostáisí Antep agus cineálacha fíniúna, rud atá ríthábhachtach do dhath agus d’uigeacht an táirge agus, ag an am céanna, ar athbhunú Şire Han. Bhí léargais léiritheoirí agus píosaí scannánaíochta ón gceardlainne sa chlár, rud a tharraing aird ar thiomantas Gaziantep maidir lena shócamais thraidisiúnta a chaomhnú. (Foinse: Ülke TV — 18 Márta 2025).

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

Ríomh-Fheasachán Oifigiúil Oifig Paitinne agus Trádmharcanna na Tuirce Uimh. 31 an 18.06.2018, lch. 35


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11.4.2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/723/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top