This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C/2026/00414
New national side of euro coins intended for circulation
Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
PUB/2025/1464
IO C, C/2026/414, 21.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/414/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/414 |
21.1.2026 |
Aghaidh náisiúnta nua ar mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(C/2026/414)
Aghaidh náisiúnta an mhona chomórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an bhFionlainn
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na monaí nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na monaí a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), na Ballstáit sa limistéar euro agus tíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le monaí euro a eisiúint, ceadaítear dóibh monaí euro comórtha a eisiúint, monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na monaí sin agus na saintréithe a bhíonn ag monaí 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír eisiúna: an Fhionlainn
Ábhar an chomórtha: Na Cluichí Idirnáisiúnta idir an Fhionlainn agus an tSualainn
Tuairisc ar an dearadh: Tá dhá chos sa dearadh agus iad ag gluaiseacht agus ag ardú, agus tá línte briste ann a sheasann do rian reatha. Déantar comóradh sa dearadh ar chomóradh 100 bliain de Lúthchleasaíocht Idirnáisiúnta idir an Fhionlainn agus an tSualainn, agus déantar ceiliúradh ar thraidisiún spóirt na Fionlainne agus spiorad comhchoiteann an imeachta araon. Ag an mbarr, léirítear an bhliain ‘2025’ go cothrománach. Tá an marc mionta le feiceáil sa lár ar chlé ón achar íomhá agus tá na litreacha ‘FI’ le feiceáil sa lár ar dheis.
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.
An líon measta monaí atá le heisiúint: 204 000
Dáta eisiúna: Fómhar 2025
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na monaí uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/414/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)