This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C/2026/00219
Vacancy notice for the position of Director of the Energy Community Secretariat – COM/2026/20116
Fógra folúntais maidir le post Stiúrthóir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh — COM/2026/20116
Fógra folúntais maidir le post Stiúrthóir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh — COM/2026/20116
PUB/2025/1471
IO C, C/2026/219, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/219/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/219 |
16.1.2026 |
Fógra folúntais maidir le post Stiúrthóir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh
COM/2026/20116
(C/2026/219)
Eolas maidir leis an gComhphobal Fuinnimh
Tá an Comhphobal Fuinnimh bunaithe ar Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh a tháinig i bhfeidhm in 2006 agus atá ina cheangal ar an Aontas Eorpach agus ar na naoi Pháirtí Chonarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh nach Ballstáit den Aontas iad: An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (*1), an tSeorsia, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Úcráin (dá ngairfear feasta ‘na Páirtithe Conarthacha’). Go dtí seo, tá stádas breathnóirí ag an Airméin, an Iorua agus an Tuirc.
Tá Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh (dá ngairfear feasta ‘an Rúnaíocht’) ar cheann de na hinstitiúidí a bunaíodh faoi Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh. Is í an t-aon institiúid í a bhfuil foireann bhuan aici (44 mball foirne in 2025), agus tugann sí tacaíocht riaracháin d’institiúidí eile de chuid an Chomhphobail Fuinnimh (an Chomhairle Aireachta, an Buanghrúpa Ardleibhéil, an Bord Rialála agus na Fóraim Rialála), agus i measc cúraimí eile, déanann sí athbhreithniú maidir leis na Páirtithe na hoibleagáidí atá orthu faoi Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh a chur chun feidhme go cuí.
Bainistíonn an Rúnaíocht buiséad an Chomhphobail Fuinnimh, agus tá tuairim agus EUR 6,9 milliún in 2026 sa bhuiséad sin. Is é an tAontas Eorpach an príomhranníocóir leis an mbuiséad sin agus sciar 95 % nó mar sin aige ann.
Is é an Béarla teanga oibre an Chomhphobail Fuinnimh. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir leis an gComhphobal Fuinnimh ach dul go dtí: https://www.energy-community.org/aboutus/whoweare.html.
An tairiscint
Post Stiúrthóir Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.
Is é an Stiúrthóir atá i gceannas ar an Rúnaíocht agus a bhainistíonn í, agus is é an t-ionadaí dlíthiúil agus an aghaidh phoiblí atá aici freisin é. Tá an Stiúrthóir freagrach do Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh.
An t-iarrthóir a mholfaidh an Coimisiún Eorpach do Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh, beidh air fís agus treoir a chur ar fáil maidir le gníomhaíochtaí na Rúnaíochta agus beifear ag súil go nglacfaidh sé ról ceannasach agus spreagúil i bpleanáil agus cur chun feidhme éifeachtach chlár oibre an Chomhphobail Fuinnimh.
Tá an Stiúrthóir freagrach as comhordú rianúil idir institiúidí, comhlachtaí agus páirtithe leasmhara an Chomhphobail Fuinnimh, chun spriocanna an Chomhphobail Fuinnimh a bhaint amach, agus as a chuid oibre a ailíniú le beartais an Aontais, leis an gclár oibre atá ag an Aontas maidir leis an méadú go háirithe. Chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme, beidh air fís straitéiseach chomhroinnte a fhorbairt lena nascfar tosaíochtaí an Chomhphobail Fuinnimh le méadú an Aontais. An t-iarrthóir a mholfaidh an Coimisiún Eorpach do Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh, beidh air áit a bhaint amach don Rúnaíocht mar chomhpháirtí iontaofa de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus ionadaithe na bPáirtithe Conarthacha araon.
I gcomhréir leis na rialacha is infheidhme faoi láthair de chuid an Chomhphobail Fuinnimh, áirítear na nithe seo a leanas ar fhreagrachtaí an Stiúrthóra:
|
— |
Sainiú agus cur chun feidhme beartais: gníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha na Rúnaíochta a fhorbairt agus a gcur chun feidhme éifeachtach a chinntiú i gcomhréir lena sainordú, mar a leagtar amach in Airteagal 67 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh. Beidh ar an Stiúrthóir a chinntiú, laistigh de raon feidhme a fhreagrachtaí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na Páirtithe Conarthacha, go mbeidh clár oibre débhliantúil an Chomhphobail Fuinnimh agus cur chun feidhme an chláir sin i gcomhréir go hiomlán le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann leis an gclár oibre atá ag an Aontas maidir leis an méadú go háirithe. |
|
— |
Acmhainní Daonna: pleanáil agus bainistiú éifeachtach na n-acmhainní daonna a chinntiú, lena n-áirítear leithdháileadh éifeachtúil foirne chun freastal ar chúraimí agus ar riachtanais an Chomhphobail Fuinnimh de réir mar a bheidh siad ag athrú, a mhéid a bhaineann le próiseas méadaithe an Aontais go háirithe. Beidh ar an Stiúrthóir foireann spreagtha rathúil a chur chun cinn laistigh de theorainneacha bhuiséad an Chomhphobail Fuinnimh, agus meon an chomhair agus an chomhchuspóra a chothú, meon a bheidh ailínithe le ról na Rúnaíochta mar chomhpháirtí iontaofa de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus na bPáirtithe Conarthacha. |
|
— |
Buiséad: a chinntiú gur ar bhealach éifeachtach a dhéanfar buiséad an Chomhphobail Fuinnimh a phleanáil go fónta ó thaobh an airgeadais de, a bhainistiú, agus a chur chun feidhme, i gcomhréir iomlán le ceanglais na trédhearcachta, na dlíthiúlachta agus na rialtachta. Déanfaidh an Stiúrthóir maoirseacht freisin ar bhainistiú agus ar chur chun feidhme Chiste Tacaíochta Fuinnimh na hÚcráine. Oibreoidh sé i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na Páirtithe Conarthacha chun a chinntiú go n-úsáidfear na hacmhainní i gcomhréir le clár oibre débhliantúil an Chomhphobail Fuinnimh agus leis na tosaíochtaí polaitiúla AE lena mbaineann. |
|
— |
Ionadaíocht: a chinntiú go ndéanfar ionadaíocht ar an Rúnaíocht laistigh d’institiúidí agus de chomhlachtaí an Chomhphobail Fuinnimh, agus go seachtrach. Ar na nithe a bheidh i gceist leis sin beidh cruinnithe comhordúcháin rialta leis an gCoimisiún Eorpach, chomh maith le cruinnithe ardleibhéil agus teagmháil leis na Páirtithe Conarthacha agus le páirtithe leasmhara eile. |
Nithe ba cheart a bheith ag iarratasóirí (critéir roghnúcháin)
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu iarrthóir a mholfar do Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh, cuirfidh an Coimisiún na critéir roghnúcháin seo a leanas i bhfeidhm:
|
1) |
Scileanna agus taithí cheannaireachta agus bhainistíochta, an méid a leanas go háirithe:
|
|
2) |
Eolas teicniúil:
|
|
3) |
Scileanna cumarsáide agus caibidlíochta, agus an méid a leanas go háirithe:
|
|
4) |
Taithí idirnáisiúnta a bhaineann leis an Aontas Eorpach:
|
Ní mór d’iarrthóirí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh (ceanglais incháilitheachta)
Ní chuirfear san áireamh le haghaidh na céime roghnúcháin ach iarrthóirí a chomhlíonfaidh na ceanglais fhoirmiúla seo a leanas faoin sprioc-am maidir le hiarratais:
|
— |
Náisiúntacht: ní mór do gach iarratasóir a bheith ina shaoránach de Pháirtí Conarthach de chuid an Chomhphobail Fuinnimh nó de Bhallstát den Aontas Eorpach. |
|
— |
Céim ollscoile nó dioplóma: ní mór d’iarrthóirí:
|
|
— |
Taithí ghairmiúil: ní mór d’iarrthóirí 15 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil iarchéime (1) a bheith acu ar leibhéal ar féidir le duine tosú air ach na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a bheith aige. Ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí ghairmiúil sin a bheith faighte in earnáil an fhuinnimh. |
|
— |
Taithí bhainistíochta: ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí oibre iarchéime a bheith faighte i bhfeidhm bainistíochta ardleibhéil i réimse a bhaineann le hábhar maidir leis an bpost seo. (2) |
|
— |
Teangacha: ní mór d’iarrthóirí eolas cuimsitheach a bheith acu ar an mBéarla. Deimhneoidh na painéil roghnúcháin le linn na n-agallamh an gcomhlíonann iarrthóirí na ceanglais teanga. Mar chuid den tástáil chéanna d’fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh i dteangacha eile. |
|
— |
Teorainn aoise: ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann, ag an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh, an sainordú iomlán 5 bliana a chur i gcrích roimh dheireadh na míosa ina slánóidh sé 66 bliana d’aois. |
Ceanglais bhreise:
|
— |
Gach oibleagáid dlí atá air maidir le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige; |
|
— |
Teistiméireachtaí carachtair iomchuí a bheith curtha ar fáil aige i dtaca le hé a bheith oiriúnach dá chuid dhualgas; |
|
— |
Deimhniú a bheith faighte ó liachleachtóir cáilithe go gcomhlíonann an té a ceapadh an caighdeán corpacmhainneachta is gá chun dualgais an phoist a chomhlíonadh. |
Ba cheart don iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí imréitigh slándála óna údarás náisiúnta slándála a bheith aige nó a bheith in ann an deimhniú sin a fháil. Is éard atá in imréiteach slándála pearsanta cinneadh riaracháin a dhéantar i ndiaidh d’údarás náisiúnta slándála inniúil an duine grinnfhiosrúchán slándála a chur i gcrích i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta slándála is infheidhme, lena ndeimhnítear go bhféadfar cead a thabhairt don duine sin rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnaicmithe suas le leibhéal áirithe. (Tabhair do d’aire gur ar iarraidh an fhostóra amháin is féidir tús a chur leis an nós imeachta is gá maidir le himréiteach slándála a fháil, agus nach féidir sin a dhéanamh ar iarraidh an iarrthóra).
Cothromaíocht inscne agus cothromaíocht gheografach
Agus an Coimisiún ag roghnú an iarrthóra a mholfar do Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh, cloífidh sé le beartas comhdheiseanna arb é is aidhm dó cothromaíocht leathan inscne a bhaint amach, agus tá sé d’aidhm aige cothromaíocht leathan gheografach a bhaint amach.
An Coimisiún Eorpach iarrthóir a roghnú a mholfar do Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh
De réir Rialacha an Chomhphobail Fuinnimh maidir le hEarcú, Dálaí Oibre agus Cothromaíocht Gheografach Fhoireann na Rúnaíochta (3), ceaptar Stiúrthóir na Rúnaíochta le Gníomh Nós Imeachta ó Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh, ar thogra ón gCoimisiún Eorpach, ar feadh téarma seasta 5 bliana a fhéadfar a athnuachan uair amháin ar a mhéad.
Eagróidh an Coimisiún Eorpach an roghnú i gcomhréir lena nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta chun oifigigh a roghnú agus a ainmniú do phoist ardbhainistíochta (féach an Doiciméad Tiomsúcháin maidir le Beartas i ndáil le hOifigigh Shinsearacha (4)). Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún Eorpach painéal réamhroghnúcháin ar bun. Déanfaidh an painéal sin anailís ar na hiarratais go léir, déanfaidh siad an chéad fhíorú incháilitheachta ina dhiaidh sin agus sainaithneoidh siad na hiarrthóirí a bhfuil na próifílí is fearr acu i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin atá luaite thuas, agus a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh leis an bpainéal réamhroghnúcháin. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach a iarraidh ar iarrthóirí doiciméid a thacaíonn leis an eolas a thugtar ina n-iarratas a chur ar fáil tráth ar bith le linn an nós imeachta. Mura gcuirtear na doiciméid sin ar fáil laistigh den sprioc-am a shocraítear san iarraidh, d’fhéadfaí iad a fhágáil as an áireamh ón roghnúchán.
Tar éis na n-agallamh sin, déanfaidh an painéal réamhroghnúcháin a gcuid conclúidí a tharraingt suas, agus molfaidh siad liosta iarrthóirí le haghaidh agallaimh eile le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin. Cuirfidh an Coiste Comhairleach um Cheapacháin conclúidí an phainéil réamhroghnúcháin san áireamh agus é ag cinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.
Na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh leis an gCoiste Comhairleach um Cheapacháin dóibh, glacfaidh siad páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhairfidh lá iomlán agus a reáchtálfaidh comhairleoirí earcaíochta seachtracha.
Is é an Coimisinéir um Fhuinneamh a chuirfidh agallamh ar na hiarrthóirí ar ghearrliosta CCA ina dhiaidh sin.
Tar éis na n-agallamh sin, molfaidh an Coimisiún Eorpach iarrthóir amháin do Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh. Féadfaidh an Chomhairle Aireachta éisteacht leis an ainmní a iarraidh sula ndéanfar cinneadh maidir leis an gceapachán. Molfaidh an Uachtaránacht, i gcomhairle leis na Leas-Uachtaráin, rialuithe oibríochtúla ad hoc roimh ré maidir leis an éisteacht (achar ama, an líon ceisteanna etc.). Féadfaidh breathnóirí páirt a ghlacadh sa phlé i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta Inmheánacha don Chomhairle Aireachta.
Déanfaidh Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh cinneadh i ndáil leis an nGníomh Nós Imeachta maidir leis an Stiúrthóir a cheapadh trí thromlach simplí, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Chomhphobail Fuinnimh tráth an cheapacháin. Beidh éifeacht le ceapadh an Stiúrthóra ón dáta a shíneoidh an Stiúrthóir a Chomhaontú Fostaíochta (féach thíos).
Ar chúiseanna feidhmiúla agus d’fhonn an próiseas roghnúcháin a chur i gcrích chomh tapa agus is féidir ar mhaithe leis na hiarrthóirí, is i mBéarla amháin a dhéanfar an próiseas roghnúcháin.
Comhdheiseanna
Cuireann an Comhphobal Fuinnimh beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn III.3 de na Rialacha maidir le hEarcú, Dálaí Oibre agus Cothromaíocht Gheografach Fhoireann na Rúnaíochta.
Coinníollacha fostaíochta
Sula rachaidh an Stiúrthóir i mbun a chuid feidhmeanna, beidh air Comhaontú Fostaíochta a shíniú, i gcomhréir leis na Rialacha maidir le hEarcú, Dálaí Oibre agus Cothromaíocht Gheografach Fhoireann na Rúnaíochta.
Is i Vín atá an t-ionad oibre, áit a bhfuil Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh lonnaithe.
Is é EUR 14 000 an tuarastal míosúil (5) a bheidh ag an Stiúrthóir in 2026, agus EUR 14 280 a bheidh i gceist in 2027 (6). Ina dhiaidh sin, féadfar méadú tuarastail thar an innéacsú bliantúil a dheonú i bhfianaise thoradh na mbreithmheasanna feidhmíochta bliantúla i gcomhréir le Roinn 4.8 pointe (c) de Rialacháin Foirne an Chomhphobail Fuinnimh (7), agus de bharr scála tuarastail níos airde a bheith formheasta ag an gComhairle Aireachta i mbuiséad débhliantúil an Chomhphobail Fuinnimh amach anseo.
Beidh ceapadh an Stiúrthóra faoi réir tréimhse phromhaidh 6 mhí, i gcomhréir le Rialacháin Foirne an Chomhphobail Fuinnimh agus leis na coinníollacha a shonrófar sa Chomhaontú Fostaíochta.
Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna
Cuirfear de cheangal ar an Stiúrthóir dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta a bheith ag gníomhú go neamhspleách agus go neamhchlaonta ar mhaithe leis an gComhphobal Fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 70 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas. Ní mór d’iarratasóirí a dheimhniú ina n-iarratas go bhfuil siad toilteanach sin a dhéanamh.
Eolas tábhachtach d’iarrthóirí
Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sí díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar aon duine eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil lena mbaineann.
Cosaint sonraí pearsanta
Agus an Coimisiún ag roghnú ag iarrthóra a mholfar do Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh, cinnteoidh sé go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus le slándáil na sonraí sin.
Nós imeachta um iarratais
Sula gcuirfidh tú an t-iarratas isteach, ba cheart duit a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann tú gach ceann de na ceanglais incháilitheachta (‘Ní mór d’iarrthóirí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh’), go háirithe iad siúd a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, leis an taithí ghairmiúil ardleibhéil agus leis an acmhainn teangacha atá ag teastáil. Má bhíonn aon cheann de na riachtanais incháilitheachta gan comhlíonadh, eisiafar an t-iarrthóir go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.
Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú tríd an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir leis na céimeanna éagsúla den phróiseas a leanúint:
https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/.
Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárúchán a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.
Chun iarratas a chríochnú, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF, i bhformáid CV Europass más féidir (9), agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Is chun do leasa é a chinntiú go bhfuil d’iarratas cruinn, críochnúil agus fírinneach.
Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!
Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.
Ní ghlacfar le hiarratais a sheolfar le ríomhphost. Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig:
HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu.
Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeidh sé críochnaithe agat, rud a d’fhágfadh go mbeidh ort an próiseas iomlán a dhéanamh athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlacfar le clárúcháin dhéanacha.
Dáta deiridh
Is é an 13 Feabhra 2026, 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.
(*1) Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(1) Ní chuirtear taithí ghairmiúil san áireamh ach amháin más caidreamh oibre iarbhír atá i gceist léi, caidreamh arb é an sainmhíniú atá air fíorobair a bhfuarthas pá aisti i gcáil fostaí (ar aon chineál conartha) nó soláthraí seirbhíse. Gníomhaíochtaí gairmiúla a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha, is ar bhonn pro rata a dhéanfar iad a ríomh, de réir an chéatadáin dheimhnithe de na huaireanta lánaimseartha a d’oibrigh an t-iarrthóir. Cuirtear san áireamh saoire mháithreachais/saoire tuismitheora/saoire chun páiste a uchtú, más faoi chuimsiú conradh oibre atá sí. Is cuid den taithí ghairmiúil í dochtúireacht, fiú amháin nuair nach dochtúireacht ar pá í, ach tá uastréimhse 3 bliana i gceist leis sin, agus ní mór an dochtúireacht a bheith curtha i gcrích. Ní féidir aon tréimhse ar leith a chomhaireamh ach uair amháin.
(2) Maidir leis na blianta uile ina bhfuair na hiarrthóirí taithí bhainistíochta, ba cheart dóibh a léiriú go soiléir ina curriculum vitae: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu; (2) an líon ball foirne a ndearna siad maoirseacht orthu agus na poist sin acu; (3) méid na mbuiséad a bhainistigh siad; (4) an líon sraitheanna ordlathais os a gcionn agus faoina mbun; agus (5) líon na bpiaraí.
(3) https://www.energy-community.org/dam/jcr:7cb54511-b642-4dd4-8f2b-2035ae112813/Rules_Recruitment_Consolidated_022024.pdf.
(4) Microsoft Word - Complilation doc on Snr managers policy SEC_2004_1352.doc (europa.eu) (ar fáil i mBéarla amháin).
(5) Tá an tuarastal díolmhaithe ó cháin san Ostair.
(6) Faoi réir formheas ón gComhairle Aireachta.
(7) https://www.energy-community.org/secretariat/about.html.
(8) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(9) Tá eolas le fáil faoi conas CV Europass a chruthú ar líne ag: https://europa.eu/europass/en/create-europass-cv.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/219/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)