Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026M12281

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.12281 — RCL Cruises / MSC Cruises / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2025/1519

IO C, C/2026/213, 8.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/213/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/213/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/213

8.1.2026

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.12281 — RCL Cruises / MSC Cruises / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2026/213)

1.   

An 22 Nollaig 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

RCL Cruises Ltd. (‘RCL Cruises’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú Royal Caribbean Cruises Ltd. (‘RCCL’, an Libéir),

Cruise Terminal Investment Limited Sàrl (‘CTIL’, an Eilvéis) faoi rialú MSC Cruises SA (‘MSC Cruises’, an Eilvéis), ar cuid de MSC Mediterranean Shipping Company Holding SA Group (‘MSC Holding’, an Eilvéis) é,

Cuideachta nuachruthaithe Kagoshima Cruise Terminal Ltd. (‘Kagoshima JV’, an tSeapáin).

Gheobhaidh RCL Cruises agus CTIL rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Kagoshima JV.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is oibreoir long cúrsála é RCL Cruises, cairtfhostóir long agus ionadaí díolacháin agus margaíochta do bhrandaí Royal Caribbean International agus Celebrity Cruises de chuid RCCL, atá gníomhach ar fud an domhain,

Is fochuideachta é CTIL de MSC Cruises a bunaíodh in 2024 chun punann críochfort MSC Cruises a bhainistiú ar fud an domhain.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an ngnóthas nuabhunaithe Kagoshima JV: críochfort cúrsála nua a thógáil agus a bhainistiú i gcalafort Kagoshima, an tSeapáin.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.12281 — RCL Cruises / MSC Cruises / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/213/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top