This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025AE1275
Opinion of the European Economic and Social Committee – A New Pact for the Mediterranean (exploratory opinion)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Comhshocrú Nua don Mheánmhuir (tústuairim)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Comhshocrú Nua don Mheánmhuir (tústuairim)
EESC 2025/01275
IO C, C/2026/28, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/28/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/28 |
16.1.2026 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Comhshocrú Nua don Mheánmhuir
(tústuairim)
(C/2026/28)
Rapóirtéir:
Thomas WAGNSONNERComhrapóirtéir:
Lidija PAVIĆ-ROGOŠIĆ|
Comhairleoirí |
Karol ZABAWA (comhairleoir an rapóirtéara, Grúpa II) Rim FILALI MEKNASSI (comhairleoir an chomhrapóirtéara, Grúpa III) Maria GAVOUNELI (comhairleoir do Ghrúpa I) |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 20.3.2025 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
An rannóg atá freagrach |
Caidreamh Seachtrach |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
9.7.2025 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.9.2025 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
599 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
160/1/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is limistéar straitéiseach don Aontas é réigiún na Meánmhara, ní hamháin ar chúiseanna geopholaitiúla ach mar gheall ar na deiseanna suntasacha eacnamaíocha, cultúrtha agus forbartha a chuireann sé ar fáil ar mhaithe le comhar agus leas frithpháirteach na ndaoine uile i réigiún Euromed ina iomláine. |
|
1.2. |
Tá coinne ag CESE go ndéanfaidh an Comhshocrú Nua don Mheánmhuir (dá ngairtear ‘an Comhshocrú’ anseo feasta) an tsíocháin, an daonlathas, an dea-rialachas, an comhrac in aghaidh an éillithe, an smacht reachta, rochtain chomhionann ar cheartas, rathúnas agus cobhsaíocht chuimsitheach, spásanna sibhialta agus cearta an duine agus cearta saothair a chur chun cinn go gníomhach, agus urraim don dlí daonnúil idirnáisiúnta a chothú. Tacaíonn CESE go láidir freisin leis an iltaobhachas athnuaite sa chaidreamh polaitiúil agus trádála. Leagann sé béim ar an deis a bhaineann le comhaontuithe déthaobhacha laistigh de chomhthéacs iltaobhach, lenar cheart díriú, i measc nithe eile, ar acmhainneacht mhéadaitheach na fiontraíochta. |
|
1.3. |
Measann CESE gur samhail nua forbartha é an Comhshocrú, ina bhfuil comhpháirtíochtaí comhroinnte agus deiseanna gnó lenar féidir fás eacnamaíoch agus nuálaíocht a chur ar fáil, lena ngabhann poist agus deiseanna ardcháilíochta, go háirithe do dhaoine óga agus do mhná atá gníomhach i sochaí atá cuimsitheach agus cobhsaí go sóisialta. Dá bhrí sin, is mian le CESE a bheith ina chomhpháirtí institiúideach lárnach sa phróiseas sin. Iarrann sé freisin ar an gCoimisiún Eorpach machnamh a dhéanamh ar Choiste Leantach Euromed CESE atá ann cheana a uasghrádú go comhlacht cuimsitheach ina mbeadh comhaltaí ó na tíortha comhpháirtíochta a mbeadh ról lárnach aige maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gComhshocrú. |
|
1.4. |
Iarrann CESE go mbeadh meastóireachtaí ar bheartais agus ar straitéisí a bhí ann roimhe seo ag gabháil leis an gComhshocrú, meastóireachtaí a dhéanfaidh an Coimisiún. |
|
1.5. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór don fhaireachán agus don mheastóireacht a dhéanfar ar an gComhshocrú a bheith rannpháirteach ón tús, lena n-áiritheofaí go mbeadh ról gníomhach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le táscairí a mhúnlú, sonraí a fhíorú agus torthaí a léirmhíniú agus go rachfaí i gcomhairle leo maidir leis an gcur chun feidhme. |
|
1.6. |
Iarrann CESE go n-áireofaí sa Chomhshocrú tacaíocht spriocdhírithe do shásraí agus d’eagraíochtaí idirphlé shóisialta agus shibhialta. Iarrann sé freisin go mbeadh ról níos láidre agus ráthaithe ann laistigh den Chomhshocrú do Chomhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta agus de chomhlachtaí comhchosúla i réigiún Euromed, lena n-áirítear Comhairle Óige na Meánmhara. Tacaíonn sé freisin le bunú na gcomhairlí sin agus comhlachtaí comhchosúla i dtíortha nach bhfuil struchtúr den sórt sin acu. |
|
1.7. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé guthanna daoine agus grúpaí neamhthraidisiúnta agus imeallaithe a áireamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh i bpróisis chinnteoireachta fhoirmiúla. Cuireann sé in iúl nach bhfuil aon ghné chuíchóirithe inscne sa dioscúrsa a bhaineann leis an gComhshocrú agus leagann sé béim ar ról na ndaoine óga i gcomhchruthú an Chomhshocraithe. |
|
1.8. |
Is ann do choinbhleachtaí inmheánacha agus réigiúnacha sa réigiún. Cuireann CESE i bhfios go láidir ról an Chomhshocraithe agus Straitéis an Aontais um an Meánoirthear atá ar na bacáin maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar chur chuige an Aontais i ndáil le réiteach coinbhleachtaí agus atógáil iarchoinbhleachta, ar féidir beartais atá cuimsitheach go sóisialta a bhunú orthu. Ní mór d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach i múnlú na straitéisí sin. |
|
1.9. |
Leagann CESE béim ar an ngá atá le cur chuige difreáilte maidir le himirce lucht saothair, agus na gnóthaí sin á ndeighilt ó thaobh na slándála de. Iarrann sé freisin go nglacfadh na creataí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann arís cur chuige cothrom lena dtabharfaí aird chuí ar na rioscaí agus ar na tairbhí don Aontas agus do na tíortha comhpháirtíochta araon (1). |
|
1.10. |
Iarrann CESE go ndéanfaí infheistíocht spriocdhírithe i dtionscadail bhonneagair, rud a éilíonn creat airgeadais idir-réigiúnach atá cothrom agus cuimsitheach. Faoi láthair, tá an comhar idir na príomhbhainc forbartha agus deontóirí eile curtha ó mhaith de dheasca ilroinnt agus comhordú easnamhach. Dá mbunófaí sásra foirmiúil um chomhordú infheistíochta, amhail banc nó ciste infheistíochta réigiúnach ina mbeadh gach tír chomhpháirtíochta agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach go gníomhach, d’éascófaí slógadh acmhainní agus maoiniú príomhthionscadal bonneagair, agus chuirfí fás cuimsitheach glas chun cinn. |
|
1.11. |
Tá an fhiontraíocht fós ríthábhachtach d’fhorbairt inbhuanaithe na Meánmhara. Tá tacaíocht ag teastáil ó mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna), arb iad cnámh droma na forbartha eacnamaíche agus sóisialta ar fud an réigiúin iad, chun acmhainneacht a fhorbairt sa gheilleagar digiteach agus braitheann siad ar nascacht fuinnimh agus bonneagair, sna conairí Thuaidh-Theas agus Theas-Theas araon (2). |
|
1.12. |
Cuireann CESE in iúl go bhféadfadh an Comhshocrú an caidreamh trádála leis na tíortha comhpháirtíochta a dhoimhniú agus Limistéar Saorthrádála Eora-Mheánmhara a bhunú. Ní mór tús a chur an athuair leis an gcaibidlíocht maidir le glúin nua comhaontuithe trádála. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go n-áireofaí sa chaibidlíocht sin caibidlí maidir le forbairt inbhuanaithe, bainistiú comhpháirteach na soghluaisteachta, agus faireachán ag an tsochaí shibhialta eagraithe trí ghrúpaí comhairleacha baile. |
|
1.13. |
Ní mór d’uirlisí an Aontais amhail Erasmus+ agus Interreg línte cistiúcháin tiomnaithe a thabhairt isteach don tsochaí shibhialta — agus cúinsí áitiúla sonracha á gcur san áireamh agus na critéir incháilitheachta á ndréachtú — mar aon le hiarratais shimplithe agus roghanna maoinithe fadtéarmacha. Ba cheart sásraí athdheonaithe, a chuirtear chun feidhme go rathúil sna Balcáin Thiar (Ciste na mBalcán Thiar agus Mol Forbraíochta Réigiúnaí na Sochaí Sibhialta), a ghiaráil chun rochtain ar chistiú a fheabhsú. |
|
1.14. |
Molann CESE sásraí rannpháirtíochta áitiúla amhail fóraim réigiúnacha agus gorlanna sochaí sibhialta tuaithe, agus deontais shimplithe d’fhíorghníomhaithe an phobail. Chun comhtháthú críochach a chur chun cinn, tá sé ag iarraidh go mbeadh dreasachtaí ann don chomhar uirbeach-tuaithe i réimsí amhail bia, fuinneamh agus soghluaisteacht a fhaigheann tacaíocht ó chistiú spriocdhírithe tuaithe, agus leas á bhaint as samhlacha ar nós cur chuige LEADER/forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail ar leibhéal an Aontais. |
|
1.15. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil fothú acmhainneachta agus oideachas sibhialta atá comhtháite i gcórais oideachais fhoirmiúil ríthábhachtach chun rialachas rannpháirteach agus abhcóideacht beartais a neartú. Tá ról ríthábhachtach ag an oideachas seachfhoirmiúil agus ba cheart tacú leis. |
|
1.16. |
Tarraingíodh an tuairim seo suas in éineacht le hionadaithe don óige (Pablo Pastor Vidal, Abdullatif Sleibi, Layal Beyhum). Molann CESE rannpháirt a thabhairt do dhaoine óga i ngach céim den phróiseas ceaptha beartas, ó chéim na cinnteoireachta go dtí cur chun feidhme agus meastóireacht na mbeartas. Tá sé ríthábhachtach sásraí láidre faireacháin, aiseolais agus cuntasachta a chur chun feidhme ag gach céim (3). Tá ról ríthábhachtach ag daoine óga, go háirithe ó leibhéil shocheacnamaíocha éagsúla agus ó chúlraí réigiúnacha éagsúla maidir leis an gComhshocrú a chomhchruthú chun rannpháirtíocht chuimsitheach a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhíonn acu páirt a ghlacadh ann. |
|
1.17. |
Tá CESE i bhfabhar tacú le leathnú UNIMED chuig gach tír Eora-Mheánmhara agus uirlisí airgeadais a chruthú chun cabhrú leis an bpróiseas sin agus chun tacú le hacmhainneachtaí uainíochta mac léinn agus taighdeoirí. |
|
1.18. |
Is díol sásaimh do CESE an Plean Arabach maidir le Téarnamh agus Atógáil Gaza a cuireadh i láthair an 4 Márta 2025 agus iarrann sé ar an gCoimisiún cistiú an Aontais a ailíniú leis agus tacú le sochaí shibhialta na Palaistíne a áireamh mar chomhpháirtithe iomlána agus an plean sin faoin gComhshocrú á cheapadh agus á chur chun feidhme agus faireachán á dhéanamh air. |
|
1.19. |
Ba cheart don Chomhshocrú cur le Próiseas Napoli a fhorbairt le haghaidh comhar cultúrtha san Eoraip agus straitéisí comhpháirteacha a fhorbairt chun an cultúr a chosaint agus a fheabhsú mar leas coiteann don réigiún agus mar uirlis thábhachtach do chaidreamh seachtrach an Aontais. Tacaíonn CESE le Ciste Cultúrtha comhfhreagrach a sheoladh idir an tAontas agus an Mheánmhuir. |
2. Raon feidhme agus cuspóirí
|
2.1. |
Leis an gComhshocrú, mar a leagtar amach i dteachtaireachtaí agus in óráidí oifigiúla an Aontais (4), féachtar le creat straitéiseach duinelárnach a bhunú le haghaidh comhar níos doimhne idir an tAontas agus an Mheánmhuir Theas. Is é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar imthosca geopholaitiúla atá ag teacht chun cinn trí thiomantas agus comhpháirtíochtaí polaitiúla níos láidre, ag díriú ar thosaíochtaí comhroinnte. Beidh deich dtír Chomharsanacht an Deiscirt san áireamh sa Chomhshocrú. Is díol sásaimh do CESE na príomhréimsí beartais a luaitear sa chreatnóta, eadhon an fuinneamh agus an teicneolaíocht ghlan; athléimneacht uisce agus ullmhacht don athrú aeráide; talmhaíocht, trádáil agus infheistíocht, lena n-áirítear mianraí tearc-chré; bainistiú imirce; forbairt tallainne, scileanna agus post; an tsoghluaiseacht; an t-ardoideachas; cultúr agus spórt; nascacht dhigiteach agus iompair (lena n-áirítear calafoirt); agus slándáil agus cosaint. |
|
2.2. |
Meastar go gcuirfidh an Comhshocrú leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Comhpháirtíocht Athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt — Clár Oibre Nua don Mheánmhuir agus leis an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta a ghabhann léi, a foilsíodh i mí Feabhra 2021. Ghlac CESE an tuairim Clár Oibre Nua don Mheánmhuir (5) i mí Iúil 2021 agus athdhearbhaíonn sé gur cheart na moltaí a leagtar amach inti a ionchorprú sa Chomhshocrú. |
|
2.3. |
Ghlac CESE roinnt tuairimí (6) maidir leis an réigiún Eora-Mheánmhara (féach an Iarscríbhinn) agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé na tuairimí sin agus straitéisí ábhartha eile (e.g. Straitéis na Meánmhara um Fhorbairt Inbhuanaithe 2016–2025 ) a ionchorprú sa Chomhshocrú. |
|
2.4. |
Tá na dearbhuithe aireachta is déanaí a ghlac Ballstáit an Aontais don Réigiún Meánmhuirí i réimsí amhail an comhshaol agus an aeráid, fuinneamh, an geilleagar gorm, forbairt uirbeach inbhuanaithe, fostaíocht agus an obair agus cumhachtú na mban, fós ina bpríomhstraitéisí réigiúnacha nach mór an Comhshocrú a ailíniú leo. |
3. Barúlacha ginearálta
Rialachas agus daonlathas
|
3.1. |
Aithníonn CESE iarrachtaí an Choimisiúin an Comhshocrú a dhréachtú agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé é a bhunú ar an gComhpháirtíocht Athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt — Clár Oibre Nua don Mheánmhuir. Tá CESE ag súil leis go gcuirfear chun cinn go gníomhach leis an gComhshocrú an tsíocháin, an daonlathas, an dea-rialachas, an comhrac in aghaidh an éillithe, an smacht reachta, rochtain chomhionann ar an gceartas, fás agus rathúnas cuimsitheach, spásanna sibhialta, cearta an duine agus cearta saothair. Tá súil leis freisin go gcothófar urraim don dlí daonnúil idirnáisiúnta agus do ról na Náisiún Aontaithe sa réigiún. Ní mór rochtain ar chistí le haghaidh aon tionscnamh a áirítear sa Chomhshocrú a bheith ag brath ar chomhlíonadh na ngealltanas sin. |
|
3.2. |
D’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú agus sainaithint na gceachtanna a foghlaimíodh a éascú, tá sé ríthábhachtach meastóireacht a dhéanamh ar bheartais a bhí ann roimhe seo agus ar na cúiseanna ar theip ar chomhaontuithe roimhe seo maidir le straitéis chuimsitheach don Mheánmhuir. Ba cheart achoimre a dhéanamh ar an meastóireacht sin i dtuarascáil a fhoilseofar in éineacht leis an gComhshocrú. Iarrann CESE go mbeadh ról ag an tsochaí shibhialta (eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta) maidir leis an tuarascáil seo a dhréachtú, agus maidir le bearta faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt. Áireofar ar na bearta sin tagarmharcanna sainráite, leithdháiltí buiséid agus measúnuithe rialta agus ní mór iad a áireamh i gcomhaontuithe comhpháirtíochta déthaobhacha amach anseo. Ní mór moltaí a leagan amach i dtuarascálacha ar thorthaí ó shásraí neamhspleácha agus ó chomhlachtaí meastóireachta, ar moltaí iad nach mór d’údaráis an Chomhshocraithe gníomhú ina leith laistigh de thréimhse shonrach. |
|
3.3. |
Aithníonn CESE an dúshlán a bhaineann le hinfhaighteacht sonraí iontaofa, go háirithe i dtíortha comhpháirtíochta. Iarrann sé ar an gCoimisiún tacú le hiarrachtaí cuimsitheacha maidir le bailiú sonraí ar fud an réigiúin. Thairis sin, molann CESE go gcruthófaí arduirlisí anailíseacha atá bunaithe ar shonraí láidre chun bonn a chur faoi bheartais agus faoi thionscadail laistigh den Chomhshocrú. Agus béim á leagan aige ar acmhainneacht chlaochlaitheach na teicneolaíochta, tathantaíonn CESE ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar uirlisí intleachta saorga agus feidhmchláir olltiomsaithe sonraí a ionchorprú agus a fhorbairt le haghaidh anailís sonraí agus cinnteoireacht fheabhsaithe chun réitigh bheartais níos beaichte agus níos oiriúnaí agus a mbeidh tionchar níos mó acu a bhaint amach sa réigiún. |
|
3.4. |
Cuireann CESE in iúl go dtacaíonn sé leis an bpróiseas comhairliúcháin a rinneadh, agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá cineálacha cur chuige ón mbun aníos (cur chuige an phobail agus cur chuige nuálach) agus an tsochaí shibhialta ón Aontas agus ó na tíortha comhpháirtíochta a ionchorprú mar chomhpháirtithe straitéiseacha an Chomhshocraithe. Mar sin féin, níl cur chuige, trédhearcacht ná modheolaíocht shoiléir sa phróiseas. Ní mór an tsochaí shibhialta a aithint mar chomhchruthaitheoirí agus mar fheidhmeoirí an Chomhshocraithe, rud a chuideoidh le cur chuige an Chomhshocraithe a bhunú mar chomhpháirtíocht chomhionann idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta. |
|
3.5. |
Ní mór d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do chomhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach i sásraí cosanta an Aontais ós rud é go gcuireann na grúpaí sin athchóirithe atá bunaithe ar chearta chun cinn, athchóirithe lena n-áirítear tionscnaimh dea-rialachais agus frith-éillithe. Dá bhrí sin, ní mór iad a chumhachtú chun faireachán a dhéanamh ar sháruithe. Iarrann CESE go mbunófaí ciste d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair atá i mbaol, ciste a chuirfeadh tacaíocht dhlíthiúil, airgeadais agus athlonnaithe ar fáil. |
Creat institiúideach
|
3.6. |
Is bunchloch de chuid na rannpháirtíochta daonlathaí iad próisis an idirphlé shóisialta agus shibhialta. Mar sin féin, bíonn deacrachtaí ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta páirt a ghlacadh sna próisis chinnteoireachta. Iarrann CESE go n-áireofaí sa Chomhshocrú tacaíocht spriocdhírithe do shásraí agus d’eagraíochtaí idirphlé shóisialta agus shibhialta, go háirithe i gcásanna ina gcuireann bacainní struchtúracha cosc ar rannpháirtíocht fhiúntach. Áiritheofar leis an tacaíocht sin próisis dhaonlathacha a théann níos faide ná toghcháin agus atá bunaithe go praiticiúil ar shaoirsí sibhialta, ar chearta idirnáisiúnta an duine agus ar chearta saothair, agus ar rochtain chuimsitheach ar fhaisnéis agus ar dheiseanna. |
|
3.7. |
Is rud ríthábhachtach é an t-idirphlé sóisialta chun beartais eacnamaíocha, saothair agus shóisialta a mhúnlú agus chun athléimneacht, iomaíochas agus fás cuimsitheach a chur chun cinn. Iarrann CESE go gcuirfí príomhchoinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) chun feidhme (C98, C135, C87, C154). Treiseoidh sé sin an t-idirphlé dépháirteach agus trípháirteach agus, ar an gcaoi sin, áiritheofar ceartas sóisialta agus eacnamaíoch. |
|
3.8. |
Tá tábhacht ar leith ag baint leis an idirphlé sibhialta idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis na rialtais don Chomhshocrú. Cothaíonn an t-idirphlé sin muinín, comhar agus forbairt inbhuanaithe. Cinntíonn sé go gcloistear guthanna éagsúla, tacaíonn sé le cumhachtú áitiúil agus cuireann sé réitigh shíochánta chuimsitheacha chun cinn. |
|
3.9. |
Is ardáin chobhsaí le haghaidh idirphlé beartais iad na comhairlí eacnamaíocha agus sóisialta agus comhlachtaí comhchosúla (e.g. Comhairle Óige na Meánmhara ) i réigiún Euromed agus tá ról ríthábhachtach acu maidir le ceapadh beartas atá cuimsitheach agus inbhuanaithe a chothú. Tá sé d’acmhainn acu gníomhaíocht chomhshaoil, aeráide agus shóisialta a spreagadh ar leibhéal an phobail agus is príomh-chomhpháirtithe iad i dtionscnaimh lena gcuirtear na SFInna chun cinn agus lena dtacaítear leis an aistriú cóir chuig sochaithe agus geilleagair chuimsitheacha. Iarrann CESE go mbeadh ról níos láidre agus ráthaithe acu laistigh den Chomhshocrú agus go dtabharfaí tacaíocht do chruthú na gcomhairlí sin agus comhlachtaí comhchosúla i dtíortha nach bhfuil struchtúr den sórt sin acu. |
An tsoghluaisteacht
|
3.10. |
Leagann CESE béim ar a ábhartha atá sé comhar idir-réigiúnach na sochaí sibhialta a chothú. Ba cheart dul níos faide ná gnáthchúnamh teicniúil Thuaidh-Theas chun comhar réigiúnach, Theas-Theas agus triantánach a ionchorprú sa Chomhshocrú. Féidearthacht amháin is ea pobail an diaspóra a chumhachtú chun tionscnaimh a stiúradh nó a chomhthreorú lena dtíortha tionscnaimh agus, ar an gcaoi sin, gníomhú mar ambasadóirí ar mhaithe le lánpháirtiú agus comhar níos fearr. |
|
3.11. |
Aithníonn CESE go bhfuil sochaí shibhialta na Meánmhara Theas, na meáin neamhspleácha agus soghluaisteacht na hóige ar fud na Meánmhara lárnach chun comhthuiscint, muinín agus comhar a chothú agus cuireann sé i bhfios go láidir gur constaic mhór fós iad beartais shriantacha víosaí. Ba cheart straitéis víosaí an Aontais a fógraíodh a úsáid mar dheis chun machnamh a dhéanamh ar chreat dlíthiúil cuimsitheach a thacaíonn le comhar fadtéarmach, cuairteanna athfhillteacha agus malartuithe Theas-Theas-Thuaidh, chomh maith le soghluaisteacht daoine óga a fheabhsú. |
|
3.12. |
Is ann do choinbhleachtaí inmheánacha agus réigiúnacha sa réigiún. Tá sé ríthábhachtach cur chuige cás ar chás a ghlacadh agus iarracht á déanamh aghaidh a thabhairt go gníomhach ar bhunchúiseanna an easáitithe éigeantaigh trí choinbhleachtaí a réiteach agus trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shocheacnamaíocha. Cuireann CESE i bhfios go láidir ról an Chomhshocraithe mar aon le Straitéis an Aontais um an Meánoirthear atá ar na bacáin maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar chur chuige an Aontais i dtaca le réiteach coinbhleachtaí agus atógáil iarchoinbhleachta. Ní mór don tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach go gníomhach i múnlú na straitéisí sin agus ní mór cur lena ról i bhfianaise a seasaimh mar chéad fhreagróirí sna cásanna sin. Ina theannta sin, dá gcruthófaí Ciste Fothaithe Acmhainneachta Gharda Cósta na Meánmhara le haghaidh patróil chomhpháirteacha, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus oibríochtaí frithgháinneála, arna maoirsiú ag an tsochaí shibhialta, chuideofaí le cearta an duine a chaomhnú. |
|
3.13. |
Ní mór maoiniú atá dírithe ar bhealaí dleathacha imirce a fheabhsú nó ar dhul i ngleic leis an imirce neamhdhleathach a bheith bunaithe ar cheanglais láidre. Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfidh an Comhshocrú cuntasacht i bhfeidhm maidir leis na cistí sin chun bearta láidre a chur chun feidhme chun míbhainistiú na gcistí sin a chosc, go háirithe i dtíortha céadiontrála agus i dtíortha ag an bpointe tionscnaimh. Tá sé ríthábhachtach an tsochaí shibhialta áitiúil a chumhachtú, lena n-áirítear ceardchumainn, agus na huirlisí agus an rochtain is gá a thabhairt dóibh chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chistí agus beartais imirce. |
|
3.14. |
Ní foras le tearmann ná le cosaint idirnáisiúnta é an t-easáitiú nuair atá sé bunaithe ar chúiseanna comhshaoil amháin. Agus aird á tabhairt ar rannchuidiú stairiúil Bhallstáit an Aontais leis an ngéarchéim aeráide, ní mór dóibh cosaint dhlíthiúil a chur ar fáil do dhaoine a easáitíodh mar gheall ar chúiseanna comhshaoil. Molann CESE go n-áireofaí na cúiseanna sin faoi raon feidhme na Treorach um Chosaint Shealadach. |
|
3.15. |
Leagann CESE béim ar an ngá atá le cur chuige difreáilte maidir le himirce lucht saothair agus soghluaisteacht lena scartar na gnóthaí sin ó thaobh na slándála de. Iarrann sé freisin go nglacfadh creataí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo cur chuige cothrom lena dtabharfar aird chuí ar na rioscaí agus ar na tairbhí don dá thaobh. Áirítear leis sin an riosca a bhaineann le himirce daoine oilte a mhaolú, córais athimeasctha fheidhmiúla a chur chun feidhme mar chuid de scéimeanna éifeachtacha um ‘chúrsaíocht daoine oilte’, cearta comhionanna a chosaint d’oibrithe imirceacha tríú tír ar gach leibhéal scileanna, nósanna imeachta earcaíochta cothroma agus eiticiúla a áirithiú agus cosaint láidir a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha. |
Cosaint shóisialta agus cuimsiú
|
3.16. |
Cuireann CESE in iúl nach bhfuil aon ghné chuíchóirithe inscne sa dioscúrsa a bhaineann leis an gComhshocrú faoi láthair. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé guthanna daoine agus grúpaí neamhthraidisiúnta agus imeallaithe a chur san áireamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh, amhail grúpaí óige, comhpháirtithe feimineacha, líonraí LADTIA+, daoine faoi mhíchumas, imircigh i staideanna leochaileacha, agus mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha. Cuirtear na grúpaí sin faoi chois agus eisiatar iad ó phróisis chinnteoireachta fhoirmiúla. Thairis sin, dá gcuirfí spásanna neamhspleácha ar fáil, ráthófaí a gcosaint agus a sábháilteacht agus gníomhaíochtaí faireacháin agus díchill chuí á ndéanamh acu. |
|
3.17. |
Tá CESE ag iarraidh go ndíreofaí ar infheistíocht a dhéanamh sa chomhtháthú sóisialta agus sa chuimsiú sóisialta, sa rialachas rannpháirteach agus sa nuálaíocht shóisialta, go háirithe i limistéir leochaileacha nó i limistéir nach ndéantar freastal ceart orthu. Trí thacú le gníomhaithe an gheilleagair shóisialta amhail fiontair shóisialta agus comharchumainn shóisialta, tionscnaimh áitiúla agus soláthraithe seirbhíse poiblí comhchoitinne, is féidir leis an gComhshocrú cabhrú le mná, daoine óga agus pobail imeallaithe a chumhachtú agus fostaíocht chuibhiúil á cur chun cinn ag an am céanna. |
|
3.18. |
Tá ról ríthábhachtach ag daoine óga maidir leis an gComhshocrú a chomhchruthú chun rannpháirtíocht chuimsitheach a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhíonn acu páirt a ghlacadh ann. Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun daoine óga a áireamh i bpróisis chomhairliúcháin agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí agus cuspóirí níos inláimhsithe chun cur i gcéill agus comhthoghadh éilíteach a sheachaint. Go háirithe, ba cheart daoine óga ó leibhéil shocheacnamaíocha éagsúla agus ó chúlraí réigiúnacha éagsúla a bheith rannpháirteach, agus ba cheart d’eagraíochtaí neamhspleácha faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na gcomhairliúchán agus na dtograí chun cuntasacht a áirithiú. |
|
3.19. |
Is in éineacht le hionadaithe don óige a tarraingíodh suas an tuairim seo. Molann CESE rannpháirt a thabhairt do dhaoine óga i ngach céim den phróiseas ceaptha beartas, ó chéim na cinnteoireachta go dtí cur chun feidhme agus meastóireacht na mbeartas. Tá sé ríthábhachtach sásraí láidre faireacháin, aiseolais agus cuntasachta a chur chun feidhme ag gach céim. |
4. Barúlacha sonracha
Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta
|
4.1. |
Leagann CESE béim ar an ngá atá ann go mbeadh na gníomhaithe sóisialta, na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí ábhartha uile na sochaí sibhialta ón Aontas agus ó na tíortha comhpháirtíochta rannpháirteach sa Chomhshocrú ar bhonn struchtúrtha buan, ag dul níos faide ná comhairliúcháin ad hoc i dtreo rannpháirtíocht institiúidithe ar gach leibhéal rialachais. Ba cheart a áireamh leis sin comhlacht stiúrtha nó comhairleach buan, ionadaíocht i meithleacha agus i bpainéil meastóireachta tionscadal, agus ionadaíocht ráthaithe ag imeachtaí oifigiúla agus sásraí leantacha bunaithe. Iarrann CESE ar an gCoimisiún freisin machnamh a dhéanamh ar Choiste Leantach Euromed CESE atá ann cheana a uasghrádú go comhlacht cuimsitheach ina mbeidh comhaltaí ó na tíortha comhpháirtíochta a mbeidh ról aige maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gComhshocrú. |
|
4.2. |
Áitíonn CESE nach mór rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a leabú sa phróiseas polaitiúil foirmiúil. Baineann sé sin go háirithe le rannpháirtíocht daoine óga agus lena lánpháirtiú i bpríomhphróisis pholaitiúla agus i bpléití polaitiúla. Thairis sin, cuireann sé i bhfios go láidir gur gá comhairliúcháin ar an láthair a dhéanamh ar an dá thaobh roimh chruinnithe polaitiúla ardleibhéil, agus, ar an gcaoi sin, cur chuige ón mbarr anuas amháin a chosc. |
|
4.3. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór don fhaireachán agus don mheastóireacht a bheith rannpháirteach ón tús, lena n-áiritheofaí go múnlódh an tsochaí shibhialta táscairí go gníomhach, go bhfíoródh sé sonraí agus go léirmhíneodh sé torthaí agus go rachfaí i gcomhairle léi maidir le cur chun feidhme. Leagann sé béim ar an ngá atá leis na próisis sin a leagan síos nuair a sheolfar an Comhshocrú chun rannpháirtíocht fhiúntach a ráthú. Tá CESE ag iarraidh go gcruthófaí conairí nuálacha aiseolais, lena n-áirítear meastóireachtaí neamhspleácha agus ‘tuarascálacha comhthreomhara’ chun léargais chomhlántacha a chur ar fáil agus chun a áirithiú go gcomhlíonfaí cearta an duine agus cearta saothair. |
Gnó, infheistíocht agus trádáil
|
4.4. |
Iarrann CESE go ndéanfaí infheistíocht spriocdhírithe i dtionscadail bhonneagair amhail an Chonair idir an India, an Meánoirthear agus an Eoraip, lena mbunófaí píblíne hidrigine glaise agus díorthach a nascann an Afraic Thuaidh, an Mhurascaill agus an Eoraip, in éineacht le moil phróiseála amóinia in Óman nó san Éigipt faoi rialachas comhpháirteach idir an tAontas agus Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille, nó faoi thionscadail chomhpháirteacha díshalannaithe agus fuinnimh in-athnuaite ar chóstaí na Meánmhara Thoir agus na hAfraice Thuaidh. D’fhéadfadh tairbhí suntasacha don réigiún a bheith mar thoradh ar fhuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, trí ghrianchumhacht, trí chumhacht ghaoithe nó hidrigin, agus trí na gréasáin fuinnimh ghaolmhara. Tá deiseanna comhair den scoth ag baint le bainistiú inbhuanaithe uisce agus le bonneagar soláthair uisce a fhorbairt, rud a mbeadh tionchar tairbhiúil suntasach aige ar mhná agus ar chailíní. D’fhéadfadh an fheirmeoireacht inbhuanaithe agus an turasóireacht éiceachóras a chruthú chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chóiríocht agus ar bhia chomh maith le táirgeadh agus soláthar ceardaíochta agus táirgí traidisiúnta. Cuireann CESE i bhfios go láidir, ós rud é gur gnéithe lárnacha den Chomhshocrú iad an t-oiriúnú don athrú aeráide agus an tslándáil bia, nach mór rochtain i gceantair tuaithe a threisiú trí acmhainní agus cistiú tiomnaithe agus trí nascacht a chothú, i measc tosaíochtaí eile. |
|
4.5. |
Maidir le tionscadail agus infheistíochtaí spriocdhírithe lena dtacaítear leis an aistriú glas agus cóir, chomh maith le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe fhadtéarmach lena ngabhann breisluach do phobail áitiúla, tá gá le creat airgeadais idir-réigiúnach atá cothrom agus cuimsitheach. Tá ilroinnt agus comhordú neamhleor ina chúis leis an gcomhar atá ann faoi láthair i measc mórbhainc forbartha (BEI, BEAF, an Banc Domhanda, an Banc Ioslamach um Fhorbraíocht) agus deontóirí eile (CAI, gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, etc.), gan fócas comhtháite ar leasanna na dtíortha comhpháirtíochta a chomhtháthú agus ionadaíocht chothrom na dtíortha sin a áirithiú. Dá mbunófaí sásra foirmiúil um chomhordú infheistíochta, amhail banc nó ciste infheistíochta réigiúnach ina mbeadh tíortha comhpháirtíochta agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach go gníomhach, d’éascófaí slógadh acmhainní le haghaidh príomhthionscadal bonneagair agus chuirfí fás cuimsitheach glas chun cinn. |
|
4.6. |
Tá an fhiontraíocht fós ríthábhachtach d’fhorbairt inbhuanaithe na Meánmhara. Tá tacaíocht ag teastáil ó MFBManna, arb iad cnámh droma na forbartha eacnamaíche ar fud an réigiúin iad, chun acmhainneacht a fhorbairt sa gheilleagar digiteach. Bíonn na fiontair sin ag brath ar nascacht fuinnimh agus bonneagair, ar na conairí Thuaidh-Theas agus Theas-Theas araon. Is uirlisí tábhachtacha iad tionscadail chomhpháirtíochta amhail EBSOMED agus ‘Global Gateway’ an Aontais chun cabhrú le fiontair forbairt agus rath a bhaint amach sa réigiún agus níos faide i gcéin. |
|
4.7. |
Iarrann CESE go mbeadh beartais sa Chomhshocrú arb é is aidhm dóibh cuideachtaí ceannródaíocha áitiúla a mhéadú agus a choinneáil, go háirithe le linn na gcéimeanna ríthábhachtacha a bhaineann lena leathnú. Chun fiontair atá faoi stiúir na hóige a neartú, molann CESE Pacáiste Tacaíochta um Uas-scálú a cheapadh lena leathnófaí goradh níos faide ná céim an tsíl, lena gcuirfear deontais ar fáil ag céim an fháis, mar aon le meantóireacht agus seirbhísí réigiúnacha chun dul isteach sa mhargadh. Ina theannta sin, molann CESE go seolfaí ardán ullmhúcháin do MFBManna faoin Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT). I gcomhpháirtíocht le comhlachtaí gairmiúla trádála an Aontais, chuirfeadh an tionscnamh seo oiliúint theicniúil, comhordú deontas agus treochlár soiléir ar fáil chun SCCT a chur in úsáid, rud a d’áiritheodh go mbeadh MFBManna ullmhaithe go maith chun dul i ngleic leis an timpeallacht rialála atá ag síorathrú. |
|
4.8. |
Tugann CESE dá aire, d’ainneoin an tiomantais an caidreamh trádála leis na tíortha comhpháirtíochta a dhoimhniú agus Limistéar Saorthrádála Eora-Mheánmhara a bhunú, nár tugadh i gcrích fós an chaibidlíocht maidir le glúin nua comhaontuithe saorthrádála amhail comhaontuithe saorthrádála doimhne cuimsitheacha. Molann sé go láidir gur cheart don Chomhshocrú tús a chur arís leis an gcaibidlíocht maidir le glúin nua comhaontuithe saorthrádála, lena n-ionchorprófaí caibidlí éigeantacha maidir le forbairt inbhuanaithe, bainistiú comhpháirteach ar an tsoghluaisteacht lena mbaintear leas as na deiseanna fostaíochta a thagann as na comhaontuithe saorthrádála sin agus faireachán á dhéanamh ag an tsochaí shibhialta eagraithe trí ghrúpaí comhairleacha baile. Tá CESE ag tathant go láidir ar an gCoimisiún gealltanas a thabhairt na comhaontuithe saorthrádála atá ann faoi láthair a leathnú ar a laghad sa chaibidlíocht faoin gComhshocrú d’fhonn caibidlí maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur san áireamh, chomh maith le sásra faireacháin atá cosúil leis na Grúpaí Comhairleacha Baile. Ní mór a bheith cúramach agus tíortha comhpháirtíochta á gcur san áireamh i margadh aonair an Aontais, mar a luaitear sa chreatnóta. |
Forbairt inbhuanaithe agus réigiúnach
|
4.9. |
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an tsochaí shibhialta a chomhtháthú go hiomlán i dTionscnaimh Fhoireann na hEorpa, tionscnaimh inar féidir leo rannchuidiú le tosaíochtaí a shocrú, trédhearcacht, cuntasacht agus comhar trasearnála a chur chun cinn agus a áirithiú go dtabharfar aghaidh leis na beartais ar riachtanais dhaonna agus shóisialta. Agus aitheantas á thabhairt aige do shamhlacha rathúla amhail Fóram Sochaí Sibhialta Chomhpháirtíocht an Oirthir agus Idirphlé Óige an Aontais, cuireann CESE i bhfios go láidir gur féidir leis na hardáin rannpháirtíochta struchtúrtha dea-mhaoinithe sin a bheith ina samhlacha luachmhara. |
|
4.10. |
Iarrann CESE go gcuirfí tacaíocht fheabhsaithe ar fáil chun an trádáil idir tíortha comhpháirtíochta a neartú, chomh maith lena gcaidreamh trádála leis an Aontas sa Chomhshocrú. Tá an tacaíocht réamhghníomhach sin ríthábhachtach chun cobhsaíocht agus idirnascacht a chothú ar fud an réigiúin, agus, ar an gcaoi sin, fás, rathúnas agus scileanna agus infheistíochtaí a mhealladh. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach a aithint gurb í an tsíocháin an bhunchloch ar a bhfuil an chobhsaíocht sin bunaithe. Dá bhrí sin, molann CESE go mbeadh creat cuimsitheach ann lena gcuimseofar an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht. Ní hamháin go dtéann cobhsaíocht den sórt sin chun tairbhe réigiún na Meánmhara ach tá sí mar bhonn agus mar thaca ag uathriail straitéiseach an Aontais freisin. Chun go dtiocfaidh an fhís sin chun cinn, iarrann CESE freisin go mbeadh níos mó comhaontuithe déthaobhacha ann chun ardáin iltaobhacha láidre a chruthú chun comhar ar an leibhéal céanna a áirithiú do na tíortha uile lena mbaineann. |
|
4.11. |
Ní mór d’uirlisí an Aontais amhail Erasmus+ agus Interreg línte cistiúcháin tiomnaithe a thabhairt isteach don tsochaí shibhialta, lena mbaineann incháilitheacht sholúbtha, iarratais shimplithe agus roghanna maoinithe fadtéarmacha. Ba cheart sásraí athdheonaithe, a chuirtear chun feidhme go rathúil sna Balcáin Thiar (Ciste na mBalcán Thiar agus Mol Forbraíochta Réigiúnaí na Sochaí Sibhialta), a ghiaráil chun rochtain ar chistiú a fheabhsú. Thairis sin, trí shásraí agus cláir um chúnamh teicniúil a bhunú, is féidir cabhrú le gníomhaithe an phobail cistí an Aontais a dhaingniú agus a bhainistiú. |
|
4.12. |
Leagann CESE béim ar an ngá atá le coincheap atá sainithe go soiléir maidir le poist agus scileanna glasa, lena n-áirítear scileanna neamhtheicniúla, go háirithe inniúlachtaí sóisialta agus mothúchánacha d’fhonn beartais éifeachtacha a bhfuil tionchar acu a cheapadh lena gcothófar an t-aistriú glas ar fud na ngeilleagar uile. Níl an claochlú sin teoranta d’athruithe teicniúla agus eacnamaíocha. Cuimsítear leis freisin athruithe polaitiúla agus cultúrtha, rud a fhágann gur gá aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil ar bhonn trasnach. Chun an méid sin a bhaint amach, tá géarghá le fís níos glaise don tsochaí lena gcuirtear claochlú iomlánaíoch chun cinn agus lena gcomhcheanglaítear beartais scileanna, fuinnimh agus fostaíochta. Molann CESE go dtacófaí leis an gcoincheap gur féidir forbairt eacnamaíoch agus poist ghlasa chuibhiúla a bhaint amach i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim freisin. Ina theannta sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún cistí leordhóthanacha a leithdháileadh faoin gComhshocrú chun aistriú glas a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a éascú ar fud na Meánmhara. |
|
4.13. |
Leagann CESE béim ar an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla, go háirithe i limistéir thearcfhorbartha. Iarrann sé freisin go mbeadh moil bhuana cur chun feidhme ann i dtíortha comhpháirtíochta, arna gcómhaoiniú ag an Aontas agus arna gcomhbhainistiú leis an tsochaí shibhialta, rud a thacódh le buiséid rannpháirtíochta, straitéisí SFI, nuálaíocht agus faireachán. Chun comhtháthú críochach a chur chun cinn, tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí dreasachtaí don chomhar uirbeach-tuaithe maidir le saincheisteanna amhail oiriúnú don athrú aeráide, bia, fuinneamh agus soghluaisteacht, le tacaíocht ó chistiú tuaithe spriocdhírithe, agus leas á bhaint as samhlacha amhail cur chuige LEADER/forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail de chuid an Aontais. Molann CESE moil bhuana cur chun feidhme a thabhairt le chéile sna hearnálacha ábhartha uile i dtíortha comhpháirtíochta chun buiséid rannpháirtíochta agus straitéisí áitiúla a fhorbairt, an nuálaíocht agus an comhar a neartú, fothú acmhainneachta a chur ar fáil, agus tacú le tionscadail théamacha ar fud na réimsí. Ag an am céanna, leagann sé béim ar an ngá atá le sásraí rannpháirtíochta a chur in oiriúint do réaltachtaí ar leith na sochaí sibhialta áitiúla uirbí agus tuaithe: áirítear leis sin fóraim réigiúnacha, gorlanna na sochaí sibhialta tuaithe agus deontais shimplithe do ghníomhaithe an phobail. |
|
4.14. |
Is díol sásaimh do CESE an Plean Arabach maidir le Téarnamh agus Atógáil Gaza a cuireadh i láthair an 4 Márta 2025 agus iarrann sé ar an gCoimisiún cistiú an Aontais a ailíniú leis agus a mholadh go n-áireofaí sochaí shibhialta na Palaistíne mar chomhpháirtithe iomlána i ndearadh, i gcur chun feidhme agus i ‘dtuairisciú comhthreomhar’ neamhspleách maidir le haon bhac ar chabhair. |
|
4.15. |
Tá ról lárnach ag an gcultúr i réigiún na Meánmhara agus d’fhéadfadh sé a bheith mar bhonn don chomhar straitéiseach. Áirítear leis sin caomhnú na hoidhreachta cultúrtha, maolú ar ghéarchéimeanna aeráide, atógáil iarchoinbhleachta, cruthú post agus nuálaíocht i dtionscail chruthaitheacha lena mbainfear amach fás eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta, infheistíochtaí i scileanna agus i ngnó cruthaitheach, agus comhar réigiúnach láidir i measc músaeim, ollscoileanna agus féilte. Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart don Chomhshocrú cuir le Próiseas Napoli le haghaidh comhar cultúrtha san Eoraip agus straitéisí comhpháirteacha a fhorbairt chun an cultúr a chosaint agus a fheabhsú mar leas coiteann don réigiún agus mar uirlis thábhachtach do chaidreamh seachtrach an Aontais. Thairis sin, tacaíonn sé le Ciste Cultúrtha comhfhreagrach a sheoladh idir an tAontas agus an Mheánmhuir. |
Oideachas, oiliúint agus fostaíocht
|
4.16. |
Leagann CESE béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an bhfothú acmhainneachta agus ag an oideachas sibhialta. Ní mór an dá ghné sin a chomhtháthú sna córais fhoirmiúla oideachais. Iarrann sé freisin go mbeadh cláir chuimsitheacha ann lena dtabharfaí uirlisí cuntasachta don tsochaí shibhialta agus do na húdaráis áitiúla araon, ag tógáil ar thionscnaimh rathúla amhail Saoráid na Sochaí Sibhialta don Mheánmhuir chun tionchar fadtéarmach a áirithiú. Leagann CESE béim ar an ngá atá le hoiliúint ilteangach mhodúlach atá inrochtana agus a dhíríonn ar phobail imeallaithe, lena gcomhcheanglaítear foghlaim ar líne, meantóireacht allamuigh agus malartuithe idir piaraí. |
|
4.17. |
Tá rátaí dífhostaíochta thar a bheith ard i réigiún na Meánmhara, go háirithe i measc na mban agus na ndaoine óga. Mar gheall ar an gcion ard d’obair neamhdhearbhaithe a dhéantar dá réir sin, lagaítear dálaí oibre agus cosaint shóisialta. Tá sé ríthábhachtach go n-áireofaí sa Chomhshocrú bearta trasearnálacha chun mná a chumhachtú lena n-éascaítear a gcuimsiú i margadh an tsaothair agus lena gcoisctear idirdhealú, ciapadh agus drochíde d’aon chineál agus leas á bhaint as a n-acmhainneacht ag an am céanna trí uas-sciliú agus oiliúint. Ba cheart do na bearta mná a spreagadh freisin chun poist cheannaireachta a ghlacadh sa pholaitíocht, sa ghnó agus san earnáil shibhialta ionas go mbeidh siad ina n-eiseamláirí. |
|
4.18. |
Tá CESE ag iarraidh go rachadh comhar maidir leis an oideachas faoin gComhshocrú thar an ardoideachas. Cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil gá le tacaíocht spriocdhírithe d’fhothú acmhainneachta atá dírithe ar an óige agus don ghairmoideachas lena dtreisítear scileanna digiteacha agus litearthacht dhigiteach, mar aon le hoiliúint do dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna), do mhná agus do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirithítear rochtain chothrom ar dheiseanna. |
|
4.19. |
Tacaíonn CESE le hinfheistíochtaí sa litearthacht dhigiteach lena gcuirtear san áireamh riachtanais éagsúla na n-aoisghrúpaí éagsúla. Leagann sé béim freisin ar an ngá leanúnach atá le moltaí a chur chun feidhme maidir le sásraí éifeachtacha um aistriú digiteach; áirítear leis sin tionscnaimh oiliúna maidir le scileanna digiteacha, cúrsaí i gcomhréir le treoirlínte an Fhorais Eorpaigh Oiliúna i ndáil leis an litearthacht dhigiteach i bhfianaise na bréagaisnéise, agus bonneagar digiteach agus tionscadail chomhair arna reáchtáil ag comhlachtaí amhail an tAontas don Réigiún Meánmhuirí. |
|
4.20. |
Tá ról ríthábhachtach ag an oideachas seachfhoirmiúil i réigiún na Meánmhara, go háirithe maidir le forbairt na hóige, forbairt scileanna, cuimsiú sóisialta agus foghlaim ar feadh an tsaoil. Ina fhianaise sin, ba cheart tacaíocht leanúnach a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí oideachais daingnithe lasmuigh den scolaíocht thraidisiúnta. |
|
4.21. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé na struchtúir atá ann faoi láthair i réimse an ardoideachais a threisiú, amhail Aontas Ollscoileanna na Meánmhara (UNIMED) agus an dá ollscoil Eora-Mheánmhara (i Maracó agus sa tSlóivéin) agus molann sé an comhar a leathnú. Molann CESE tacú le leathnú UNIMED chuig gach tír Eora-Mheánmhara agus uirlisí airgeadais a chruthú chun cabhrú leis an méadú sin agus chun tacú le hacmhainneachtaí uainíochta mac léinn agus taighdeoirí. Dá dtabharfaí Ambasadóirí Óige na Meánmhara isteach, chuirfí feabhas ar mhalartuithe córasacha idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar leibhéal na scoile agus ar leibhéal na hollscoile. |
An Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Imirce dhleathach agus eagraithe an lucht saothair chuig an Aontas a fheabhsú (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2025/4204, 20.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4204/oj).
(2) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe agus faoi phoist ardcháilíochta in Euromed (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2026/19, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/19/oj).
(3) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Rannpháirtíocht na hóige san idirphlé sóisialta agus sibhialta i réigiún na Meánmhara (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2025/1189, 21.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1189/oj).
(4) Litir mhisin ó Ursula von der Leyen chuig an gCoimisinéir um Réigiún na Meánmhara, óráid ón gCoimisinéir Dubravka Šuica ag an bhFóram maidir le Todhchaí na Meánmhara, eochairóráid Dubravka Šuica ag an gcruinniú a eagraíodh mar chuid de laethanta staidéir Ghrúpa PPE agus an creatnóta Towards the New Pact for the Mediterranean.
(5) "Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘Renewed partnership with the Southern Neighbourhood — A new Agenda for the Mediterranean’ (JOIN(2021) 2 final) (IO C 374, 16.9.2021, lch. 79).
(6) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe agus faoi phoist ardcháilíochta in Euromed (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2026/19, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/19/oj); Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Imirce dhleathach agus eagraithe an lucht saothair chuig an Aontas a fheabhsú (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2025/4204, 20.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4204/oj); Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Polaitíocht an uisce: an óige, mná agus pobail dhúchasacha agus áitiúla a chumhachtú (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2025/769, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/769/oj); Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Rannpháirtíocht na hóige san idirphlé sóisialta agus sibhialta i réigiún na Meánmhara (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2025/1189, 21.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1189/oj); Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Beartais agus straitéisí fuinnimh sa réigiún Eora–Mheánmhara (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2024/877, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/877/oj); Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘An t-aistriú digiteach sa réigiún Eora-Mheánmhara’ (Tuairim féintionscnaimh) (IO C 100, 16.3.2023, lch. 68); Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Taidhleoireacht chultúrtha mar mheán do chaidreamh seachtrach an Aontais — Comhpháirtíochtaí nua agus ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta (tuairim féintionscnaimh) (IO C 75, 28.2.2023, lch. 122); Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — COVID-19: ‘Ról na sochaí sibhialta in atógáil agus athléimneacht an réigiúin Eora-Mheánmhara’ (tuairim féintionscnaimh) (IO C 140, 21.4.2023, lch. 14); Tuarascáil fáisnéise ó CESE maidir le Forbairt Inbhuanaithe i réigiún na Meánmhara..
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/28/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)