This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025IE0634
Opinion of the European Economic and Social Committee – A challenge for the single market: a European defence policy well balanced with the needs of citizens (own-initiative opinion)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Dúshlán don mhargadh aonair: beartas cosanta Eorpach a bheadh i gcothroime le riachtanais na saoránach (tuairim féintionscnaimh)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Dúshlán don mhargadh aonair: beartas cosanta Eorpach a bheadh i gcothroime le riachtanais na saoránach (tuairim féintionscnaimh)
EESC 2025/00634
IO C, C/2026/4, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/4 |
16.1.2026 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Dúshlán don mhargadh aonair: beartas cosanta Eorpach a bheadh i gcothroime le riachtanais na saoránach
(tuairim féintionscnaimh)
(C/2026/4)
Rapóirtéir:
Angelo PAGLIARA|
Comhairleoir |
Simone D’ALESSANDRO (thar ceann an rapóirtéara) |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
23.1.2025 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
An rannóg atá freagrach |
Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
2.9.2025 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.9.2025 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
599 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
134/0/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Athdhearbhaíonn CESE nach foláir cumas cosanta an Aontais a threisiú i gcomhréir le luachanna bunúsacha an Aontais agus nach foláir an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheith mar dhlúthchuid lárnach de, rud dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ní bheidh éifeacht le beartas cosanta ach amháin má dhéantar é a chomhtháthú i dtionscadal Eorpach atá dírithe ar dhea-bhail na bpobal. |
|
1.2. |
Ó thaobh na slándála de, síleann CESE gur cheart don Aontas comhbheartas cosanta a ghlacadh mar chuid de bheartas comhroinnte eachtrach agus slándála, agus gur cheart dó colún cosanta Eorpach láidir a thógáil, colún a fheidhmeoidh ar leibhéal os cionn na samhlacha náisiúnta agus a chuirfidh deireadh leis an gcaiteachas gabhlánach a leanann iad. Ba cheart na bearta riachtanacha reachtacha agus airgeadais a chur i ngníomh le teann práinne mar chuid de chreat comhchoiteann, á gcur san áireamh freisin na rioscaí atá roimh na tíortha Eorpacha sin atá ar an teorainn leis an Rúis agus an Bhealarúis. |
|
1.3. |
Tá CESE ag iarraidh go mbeadh cur chuige comhtháite ann i leith shlándáil na hEorpa, a chuimseodh ní hamháin na riachtanais mhíleata, ach na gnéithe sóisialta, tionsclaíocha, comhshaoil agus sláinte freisin. Is fíor go mbraitheann athléimneacht an Aontais ar chórais phoiblí láidre agus ar mhuinín na saoránach. Ní féidir dea-bhail shaoránaigh na hEorpa a chinntiú i gcomhthéacs geopholaitiúil an lae inniu gan leibhéal leordhóthanach cumas cosanta agus ullmhachta sochaíche a bheith ann. An cumas chun freagairt d’ionsaí seachtrach agus an neart a bheith sna córais phoiblí chun na saoránaigh a chosaint i ngach gné den saol, sin a bhfuil de dhíth chun fíor-athléimneacht a chothú. |
|
1.4. |
Cuireann CESE chun suntais a phráinní atá sé an margadh aonair a neartú trí ilroinnt mhargadh na cosanta a chur ina ceart, rud is féidir a dhéanamh ach comhbheartas tionsclaíoch Eorpach a chur chun cinn a fheabhsóidh iomaíochas an tionscail agus a chloífidh san am céanna le prionsabail na trédhearcachta, na héifeachtúlachta agus na hinbhuanaitheachta. Tá sé ag iarraidh freisin go nglacfaí ionstraimí comhchistiúcháin faoi leith. |
|
1.5. |
Molann CESE go ndíreofaí an infheistíocht i réimse na cosanta ar bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí (BTTCE) a neartú agus go dtabharfaí ról gníomhach do na comhpháirtithe sóisialta agus do na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ós gníomhaithe mórthábhachtacha sna slabhraí táirgthe áitiúla iad. Uime sin, is den riachtanas fostaíocht oilte a chur chun cinn agus cosc a chur ar an dumpáil dhíobhálach nó ar chleachtais athlonnaithe dhíobhálacha d’fhonn a áirithiú go mbeidh na dea-éifeachtaí le brath go fada fairsing ar struchtúr an táirgthe san Eoraip. |
|
1.6. |
Síleann CESE gur rud ríthábhachtach é comhordú cuí a áirithiú idir na hionstraimí cistiúcháin Eorpacha agus creat fioscach an Aontais, trí rialacha a leagan síos faoina bhfágfaí infheistíochtaí straitéiseacha, ina measc infheistíochtaí in earnáil na cosanta, as an áireamh agus an t-easnamh á ríomh trí bhíthin clásail choimirce fhioscacha atá comhsheasmhach le cuspóirí an Aontais. |
|
1.7. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iomlán na trédhearcachta a áirithiú maidir le tionscnamh, tairbhithe agus rialachas na gcistí cosanta, ionas nach ndéanfaidh an méadú ar chaiteachas dochar do phríomhchuspóirí eile de chuid an Aontais, do sheirbhísí poiblí ná don tsláinte. |
|
1.8. |
Molann CESE faireachlann idirinstitiúideach um shlándáil chomhtháite a bhunú (agus baint ag CESE, CnaR, an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa léi) chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeartas cosanta Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus chun eolas ar dhearcthaí an phobail agus ar leibhéil mhuiníne an phobail a bhailiú go córasach. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Ó chuir an Rúis tús lena hionradh míleata iomlán ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 agus de thoradh na n-imeachtaí a thit amach ar an leibhéal geopholaitiúil le roinnt míonna anuas, b’éigean do na hinstitiúidí Eorpacha cosaint na hEorpa a chur i gcroílár a gcláir oibre pholaitiúil. Ó thosaigh an cogadh, tá sé tagtha chun léire a spleáiche atá an Eoraip ar thacaíocht na Stát Aontaithe ar mhaithe lena cosaint chomh maith leis na bearnaí cumais atá inti. Ag an am céanna, agus éiginnteacht tagtha chun cinn sa chaidreamh trasatlantach, rud ar cúis mhór imní é, is léir freisin gur gá agus gur dianghá don Aontas aghaidh a thabhairt go mear agus go diongbháilte ar na dúshláin raidhsiúla agus na bagairtí féideartha iomadúla atá roimhe ó thaobh cúrsaí míleata, trádála, teicneolaíochta agus soláthair de. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar Bhallstáit sin an Aontais Eorpaigh atá ar an teorainn leis an Rúis agus leis an mBealarúis, ós iad is mó atá neamhchosanta ar ghéarchéimeanna práinneacha agus bagairtí hibrideacha. |
|
2.2. |
Na hiarrachtaí atá déanta ag an Aontas Eorpach i dtaca le comhtháthú na cosanta ó cuireadh an Comhphobal Eorpach Cosanta ar bun in 1954 i leith, is amhlaidh atá teipthe orthu uile. Is éard is aidhm don tuairim seo a comaoin féin a chur ar an díospóireacht Eorpach. Leis an tuiscint go bhfágann an comhthéacs geopholaitiúil reatha gur gá gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun comhchóras cosanta a neartú is ea a thosaíonn sí. Is é an dúshlán atá ann, áfach, ná conas infheistíocht a dhéanamh sa chosaint chomhchoiteann ar shlí a thabharfaidh an margadh aonair chun críche, gan an comhtháthú sóisialta agus an infheistíocht ar mhaithe le folláine shaoránaigh na hEorpa a chur i mbaol, sin agus comhlíonadh na gConarthaí a áirithiú san am céanna. |
|
2.3. |
Cuirtear in iúl go soiléir in Airteagal 3 CAE go bhfuil sé d’aidhm ag an Aontas dea-bhail a chuid pobal, an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, agus forbairt chothrom chomhchuí na mBallstát a chur chun cinn. Tar éis an tsaoil, tá beartas cosanta na hEorpa in ainm na gnéithe sin a chomhtháthú agus tacú le saothrú na gcuspóirí sin ar mhaithe le saol síochánta agus slán a áirithiú do shaoránaigh an Aontais. |
|
2.4. |
I dtaca leis an tuairim seo, tá CESE ag tógáil ar go leor doiciméid eile atá glactha aige cheana i réimse na cosanta agus na slándála (chomh maith le doiciméid atá á dtarraingt suas faoi láthair ag an gCoimisiún sa réimse céanna) agus go háirithe ar roinnt tuairimí dá chuid féin ina bpléitear an t-ábhar seo go mion (1). Leagtar creat cuimsitheach comhleanúnach amach sna tuairimí sin maidir le ról na cosanta chun ceannasacht Eorpach a fhorbairt ar shlí a bheidh de réir luachanna na síochána, an daonlathais agus an cheartais shóisialta. |
|
2.5. |
Cumas an Aontais a chosaint chomhchoiteann a neartú agus na dúshláin gheopholaitiúla agus thionsclaíocha atá roimhe a fhreagairt, tá dlúthnasc eatarthusan agus lánpháirtiú na hEorpa a neartú. Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle dul amach ar na sásraí uile dá bhforáiltear sna Conarthaí chun tús a chur, a luaithe is féidir, le próiseas athchóirithe institiúideach agus chun an próiseas lánpháirtíochta a thabhairt chun críche. |
|
2.6. |
Is follas ó na díospóireachtaí polaitiúla agus deighiltí laistigh den Aontas, a eascraíonn as na tograí ón gCoimisiún i réimse na cosanta a d’eisigh sé le déanaí, gur den mhórthábhacht an caiteachas cosanta agus an infheistíocht shóisialta a choinneáil ar mheá chothrom le chéile. Más aidhm dá chuid an tAontas a bheith níos láidre i gcúrsaí míleata, ní foláir dó a bheith níos cothroime, níos comhtháite agus níos athléimní freisin le gur féidir leas na saoránach a dhéanamh. |
3. Barúlacha sonracha
|
3.1. |
Léirítear i dtuarascáil Draghi (2) gur caitheadh 78 % de chaiteachas míleata na hEorpa idir 2022 agus 2023 ar sholáthróirí nár den Aontas iad, agus go ndeachaigh 63 % den mhéid sin chuig na Stáit Aontaithe. Cuireann an spleáchas sin teorainn le huathriail straitéiseach an Aontais, rud a mhéadaíonn na rioscaí geopholaitiúla atá ann dó agus rud a fhágann go bhfuil slándáil na hEorpa leochaileach ós ar roghanna tionsclaíocha agus polaitiúla tríú páirtithe a bhraitheann sí. Ina cheann sin, bac ar mhargadh cosanta aonair a chruthú is ea a ilroinnte atá an soláthar i measc na mBallstát, rud a fhágann tionscal na hEorpa i mbealach na contúirte ó na mórchumhachtaí domhanda agus rud a chuireann cosc ar bhunú na gcomhchaighdeán is gá le haghaidh na hidir-inoibritheachta agus na héifeachtúlachta tionsclaíche. |
|
3.2. |
An easpa comhordúcháin atá ann i dtaca leis an soláthar cosanta, cuireann sí an margadh inmheánach as a riocht, fágann sí buntáiste ag tionscail lasmuigh den Eoraip agus cuireann sí teorainn le fás an táirgthe agus an taighde san Eoraip féin. De réir Fhaireachlann na hIodáile um Chuntais Phoiblí (Osservatorio sui conti pubblici italiani), in 2024 ba mhó go mór fada caiteachas míleata iomlán an Aontais ná caiteachas na Rúise ó thaobh paireacht cumhachta ceannaigh de (3). Is lúide éifeachtacht fhoriomlán an chaiteachais sin, áfach, gan straitéis chomhroinnte a bheith ag na Ballstáit uile. Cosc ar úsáid straitéiseach a bhaint as na hacmhainní atá ann is ea a ilroinnte atá próisis an táirgthe agus an tsoláthair, rud a fhágann nach bhfuil earnáil cosanta na hEorpa chomh hiomaíoch céanna lena cómhaith d’earnáil sa Rúis óir is láraithe earnáil na Rúise ná í. Maidir leis sin, is fíorbhacainn ar idir-inoibritheacht, éifeachtúlacht lóistíochta agus laghdú costais é nach bhfuil caighdeánú déanta ar na ceanglais theicniúla agus ar na córais arm (sa chomhthéacs sin, tá sé chomh tábhachtach céanna ailíniú le caighdeáin ECAT a áirithiú). Chun an spleáchas sin a laghdú agus chun uathriail straitéiseach an Aontais a neartú, is gá, thar aon ní eile, dlús a chur le comhlánú an mhargaidh aonair cosanta trí rialacháin a chomhchuibhiú, trí infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus san fhorbairt, trí idir-inoibritheacht na gcóras náisiúnta a fheabhsú agus trí shásra cobhsaí soláthair chomhpháirtigh a bhunú a chuirfidh ar chumas na mBallstát tosaíocht a thabhairt do sholáthróirí Eorpacha agus scaipeadh acmhainní a sheachaint. |
|
3.3. |
Tá creat láidir cosanta de dhíth ar an Aontas a bheidh in ann déileáil ní hamháin le géarchéimeanna práinneacha, ach le dúshláin fhadtéarmacha freisin. Chuige sin, tá gá le bonn tionsclaíoch láidir lena dtacófar leis an bhforbairt theicneolaíoch, lena ráthófar an uathriail straitéiseach agus lena n-áiritheofar go mbeidh tionchar dearfach ag infheistíochtaí ar an bhfás eacnamaíoch agus ar an bhfostaíocht. Murab ann do bheartas tionsclaíoch soiléir, is róbhaol nach mbeidh éifeacht leis na pleananna cosanta. Tugann CESE chun suntais gur gá dlús a chur leis an infheistíocht i mbeartais thionsclaíocha, lena n-áirítear trí chiste Eorpach um cheannasacht a chruthú a bheidh in ann comhthionscadail straitéiseacha a mhaoiniú. |
|
3.4. |
Ina theannta sin, ba cheart CESE agus Coiste na Réigiún a bheith rannpháirteach ar bhealach struchtúrtha i straitéis thionsclaíoch Eorpach um an gcosaint, rud a chothódh slabhraí táirgthe áitiúla athléimneacha. Chun a chinntiú go gcruthófar poist chobhsaí ardcháilíochta mar thoradh ar acmhainneacht fostaíochta an athstruchtúraithe thionsclaíoch, ní mór athlonnú agus cleachtais dumpála sóisialta a sheachaint. Ar an gcaoi sin, chinnteofaí go mbeadh dálaí cothroma cuimsitheacha ann do gheallsealbhóirí eacnamaíocha uile na hEorpa. |
|
3.5. |
Na bearta reachtacha agus airgeadais is gá chun cosaint na hEorpa a neartú, creideann CESE gur cheart iad a ghlacadh mar chuid de chreat AE. Ach comhchóras maoiniúcháin bunaithe ar chomhordú caiteachais agus barrfheabhsú acmhainní a bheith ann, b’fhéidir feabhas a chur ar an margadh inmheánach, dramhaíl a sheachaint agus éifeachtacht na hinfheistíochta a uasmhéadú, sin agus an spleáchas ar sholáthróirí lasmuigh den Aontas Eorpach a laghdú. Tugtar le fios sna réamhaisnéisí maicreacnamaíocha is déanaí nach féidir éifeachtaí struchtúracha suntasacha a imirt ar an ngeilleagar más i dtaobh le caiteachas cosanta amháin a bheifear. Ar an ábhar sin, ní mór an tionchar a bhíonn aige a mheas mar chuid de straitéis níos leithne ar a n-áirítear infheistíocht phoiblí chomhordaithe i réimsí sóisialta agus tionsclaíocha (4). |
|
3.6. |
Le deich mbliana anuas, tá méadú 50 % ar an meán tagtha ar an gcaiteachas míleata san Eoraip, ó EUR 145 bhilliún in 2014 go EUR 215 bhilliún in 2023 (5). Dar le CESE, má dhéantar cumais chosanta an Aontais a neartú, deis a bheidh ann chun athbheocht a chur i mbonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na hEorpa. De réir roinnt anailísí, lena n-áirítear Tuarascáil Draghi agus Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2025 ón gCoimisiún Eorpach, d’fhéadfaí rannchuidiú le fás a chur faoi olltáirgeacht intíre (OTI), le cruthú post agus leis an nuálaíocht ach méaduithe comhordaithe a dhéanamh ar an gcaiteachas cosanta. Mar shampla, de réir tomhais ionsamhlúcháin arna chruthú le samhail QUEST, má chuireann na Ballstáit méadú de réir a chéile ar a gcaiteachas cosanta chun go mbeidh 1,5 % dá OTI ag dul don chosaint faoi 2028, d’fhéadfadh sé go rachadh OTI an Aontais in airde faoi thart ar 0,5 % faoi dheireadh na tréimhse sin agus, ag an am céanna, go dtiocfadh méadú dhá phointe céatadáin, nó mar sin de, ar an gcóimheas idir fiachas agus OTI. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de, áfach, go mbeadh caiteachas den sórt sin éifeachtach: braitheann sé go mór ar a láidre atá an comhordú sa tionscal agus ar mhargadh cosanta inmheánach comhtháite a fhorbairt. Gan straitéis chomhroinnte, tá an baol ann go mbeadh iolraitheoir eacnamaíoch an chaiteachais cosanta fós íseal, go háirithe mar gheall ar chion ard na n-allmhairí ó thíortha lasmuigh den Aontas a thiocfaidh isteach, mar a léirítear in anailísí ionchuir-aschuir a rinneadh le déanaí. Caighdeáin choiteanna, idir-inoibritheacht agus sásraí soláthair chomhpháirtigh, is rudaí iad sin atá ríthábhachtach chun a chinntiú go mairfeadh tionchar na n-infheistíochtaí cosanta i bhfad na haimsire agus go mbeadh fiúntas ann dóibh d’uathriail straitéiseach an Aontais. |
|
3.7. |
Ní foláir infheistíochtaí in earnáil na cosanta a bheith mar chuid de straitéis atá dírithe ar shlabhraí táirgthe an Aontais Eorpaigh a neartú, ar an nuálaíocht a spreagadh agus ar oibrithe oilte a mhealladh. Dá ndéanfaí tuilleadh comhordúchán tionsclaíoch ar an leibhéal Eorpach – trí chaighdeáin choiteanna, idir-inoibritheacht agus soláthar comhpháirteach – d’fhéadfadh sin cuidiú le héifeacht iolraitheora eacnamaíoch an chaiteachais cosanta a mhéadú. Mura ndéanfar amhlaidh, d’fhéadfadh an caiteachas sin a bheith srianta fós mar gheall ar sciar ard na n-allmhairí ó thíortha lasmuigh den Aontas a thiocfaidh isteach, rud a léiríodh i staidéir a rinneadh le déanaí bunaithe ar anailísí ionchuir-aschuir (6). Dá bhrí sin, ní foláir tús áite a thabhairt d’fhorbairt an mhargaidh cosanta inmheánaigh chomhtháite d’fhonn tacú le huathriail straitéiseach an Aontais. |
|
3.8. |
Is léir ó shonraí ón Tuarascáil is déanaí maidir le Dálaí Maireachtála in 2024 go bhfuil meath foriomlán tagtha orthu: bíonn deacrachtaí ag 19,1 % de theaghlaigh na hEorpa cuid a chur lena gcostais laethúla (i gcomórtas le 16,8 %, mar a bhí in 2020); tá méadú go 16,5 % tagtha ar líon na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta, (i gcomparáid le 14,3 %, mar a bhí in 2019); tá fás faoi neamhionannais ioncaim ó 28,7 % go 29,6 %; tá méadú sa bhreis tagtha ar an ngéardhíth ábhartha agus shóisialta ó 6,7 % go 6,8 %; agus líon na dteaghlach nach acmhainn dóibh costais gan choinne a sheasamh, tá sé cothrom le 33,5 % (i gcomórtas le 30,2 %, mar a bhí in 2020). Tháinig laghdú ar an ionchas saoil ó 81.3 bliain in 2019 go 80.1 bliain in 2023 (7). Tá deimhniú ar an meath sin freisin i suirbhé Eorabharaiméadair 2024 ón bParlaimint, áit ar léiríodh gurbh iad na príomhábhair imní a bhí ag saoránaigh na hEorpa ná an méadú ar phraghsanna agus an costas maireachtála (42 %), sin agus an staid eacnamaíoch (41 %). Léiríonn na figiúirí sin go bhfuil meath tagtha ar dhálaí sóisialta, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de bhunchlocha shlándáil na hEorpa mura gcuirfear an scéal sin ina cheart. |
|
3.9. |
Ba cheart neartú chóras sláinte na hEorpa a thuiscint mar cholún de chóras cosanta na hEorpa. Léirítear sna tuarascálacha is déanaí atá ar fáil go bhfuil laigí struchtúracha leanúnacha ag roinnt leis na córais sláinte náisiúnta, mar atá ganntanas foirne, bonneagar neamhleor agus rochtain mhíchothrom ar sheirbhísí (8). De thoradh an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, creideann CESE go bhfuil an gá atá le hinfheistíocht sa tsláinte a threisiú agus an leagan reatha den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis ag teacht salach ar a chéile, ós rud é gur bac é an Comhshocrú ar chuspóirí slándála sóisialta agus athléimneachta an Aontais a bhaint amach. |
|
3.10. |
In am na géarchéime, is den ríthábhacht é go dtabharfadh muintir na hEorpa agus an tsochaí shibhialta tacaíocht do na hinstitiúidí. Iarrann CESE ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí faireachlann idirinstitiúideach a bhunú, faireachlann a mbeadh páirt ag CESE, CnaR, an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa inti agus a mbeadh sé de shainchúram uirthi faireachán a dhéanamh ar an dearcadh atá le sonrú sna Ballstáit i leith cinntí Eorpacha, sin agus coincheap na cosanta comhchoitinne Eorpaí a chur chun cinn lena gcuirfí na gnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus sláinte san áireamh. Is coinníollacha bunriachtanacha iad an trédhearcacht, an chuntasacht dhaonlathach agus an rannpháirtíocht shibhialta chun muinín na saoránach as na hinstitiúidí Eorpacha a chothú. In éagmais na muiníne sin, is róbhaol go gcaillfidh fiú amháin na beartais slándála is mó forbairt a n-éifeachtacht agus a ndlisteanacht. Ba cheart don Fhaireachlann cuidiú le faireachán a dhéanamh ní hamháin ar an tionchar áitiúil a bhíonn ag roghanna cosanta na hEorpa, ach freisin ar mhuinín an phobail astu agus ar dhearcadh na sochaí ina leith. |
|
3.11. |
Cuireann CESE chun suntais go bhfuil slándáil na hEorpa bunaithe ar chur chuige comhtháite, lena gcomhlánaítear cumais chosanta an Aontais le neart a chumhachta boige, mar atá an comhar, an taidhleoireacht, agus cur chun cinn na forbartha agus na cobhsaíochta. Is den mhórthábhacht an chothromaíocht sin a chaomhnú agus a neartú ionas go mbeidh ról inchreidte neamhspleách ag an Aontas ar an leibhéal domhanda. |
An Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) IO C 100, 16.3.2023, lch. 132; IO C, C/2024/4663, 9.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4663/oj; IO C, C/2024/4662, 9.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4662/oj; IO C, C/2025/2013, 30.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2013/oj; IO C, C/2024/2489, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2489/oj; IO C, C/2024/4056, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4056/oj; IO C 486, 21.12.2022, lch. 168; IO C, C/2025/5162, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5162/oj.
(2) Tuarascáil Draghi maidir le hiomaíochas an Aontais.
(3) Facciamo chiarezza: nel 2024 la spesa militare europea eccedeva quella russa del 58 % [Bímis cruinn faoi: in 2024, bhí caiteachas míleata na hEorpa 58 % níos airde ná caiteachas sin na Rúise].
(4) An Coimisiún Eorpach (2025), The economic impact of higher defence spending , [An tionchar eacnamaíoch a bheadh ag tuilleadh caiteachais i réimse na cosanta], caibidil speisialta i Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2025.
(5) Stamegna, M., Bonaiuti, C., Maranzano, P., & Pianta, M. (2024). ‘ The economic impact of arms spending in Germany, Italy, and Spain ’ [Tionchar eacnamaíoch an chaiteachais ar airm sa Ghearmáin, san Iodáil agus sa Spáinn]. Peace Economics, Peace Science and Public Policy, 30(4), 393-422.
(6) Stamegna, M., Bonaiuti, C., Maranzano, P., & Pianta, M. (2024). ‘ The economic impact of arms spending in Germany, Italy, and Spain ’ [Tionchar eacnamaíoch an chaiteachais ar airm sa Ghearmáin, san Iodáil agus sa Spáinn]. Peace Economics, Peace Science and Public Policy, 30(4), 393-422.
(7) Príomhfhigiúirí maidir le dálaí maireachtála na hEorpa – eagrán 2024.
(8) Príomhfhigiúirí maidir le dálaí maireachtála na hEorpa – eagrán 2024.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)