This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024IR4588
Opinion of the European Committee of the Regions – State of the Energy Union: getting prepared for a smooth implementation of energy transition in line with Fit for 55 targets
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Staid an Aontais Fuinnimh: ag ullmhú chun an t-aistriú fuinnimh a chur chun feidhme go rianúil i gcomhréir leis na spriocanna faoin bpacáiste Oiriúnach do 55
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Staid an Aontais Fuinnimh: ag ullmhú chun an t-aistriú fuinnimh a chur chun feidhme go rianúil i gcomhréir leis na spriocanna faoin bpacáiste Oiriúnach do 55
COR 2024/04588
IO C, C/2025/6320, 3.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6320/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6320 |
3.12.2025 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Staid an Aontais Fuinnimh: ag ullmhú chun an t-aistriú fuinnimh a chur chun feidhme go rianúil i gcomhréir leis na spriocanna faoin bpacáiste Oiriúnach do 55
(C/2025/6320)
|
OLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS
SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CNAR)
Cur chun feidhme an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ar an leibhéal áitiúil a neartú
|
1. |
Is díol sásaimh do CnaR an dul chun cinn atá déanta mar thoradh ar an bpacáiste reachtach Oiriúnach do 55 agus Tuarascáil 2024 ar Staid an Aontais Fuinnimh, ina leagtar béim ar na héachtaí atá déanta ó thaobh fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid, sin agus i gcás na héifeachtúlachta fuinnimh agus na slándála fuinnimh. Mar sin féin, tugann sé faoi deara, agus is údar imní dó é, go bhfuil dúshláin leanúnacha ann ó thaobh an chuir chun feidhme de, go háirithe scrogaill cheadaithe, an glacadh sóisialta, na deacrachtaí atá ann de bharr síorathrú sa reachtaíocht maille le heaspa achmhainní riaracháin le cuspóirí nua a aimsiú, sin agus idir phleananna agus tograí a riar faoi mar is mian leis na heagrais riaracháin é, an ilroinnt rialála, acmhainneacht theicniúil theoranta agus easpa rochtana ar chistiú i gcás údaráis áitiúla agus réigiúnacha go leor. |
|
2. |
Leagann CnaR béim ar an ról ríthábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (1) a chur chun feidhme. Maidir leis sin, tugann sé le fios go mbraitheann tuairim agus 70 % d’fhorálacha an phacáiste sin ar chur i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil, go háirithe i réimsí amhail fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid, feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, athchóiriú foirgneamh agus córais iompair inbhuanaithe. Chun cuspóirí aeráide 2030 agus 2050 an Aontais a bhaint amach, cuireann sé i bhfáth gur den ríthábhacht é na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumhachtú trí acmhainní, inniúlachtaí agus tacaíocht pholaitiúil leordhóthanach a chur ar fáil dóibh. Tacaíonn sé le huaillmhian an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach agus is geal leis an sprioc atá beartaithe laghdú 90 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2040, cuireann sé sin iúl nach mór an sprioc sin a bhaint amach, in éineacht le coinníollacha cumasúcháin do shaoránaigh agus do lucht tionscail, trí astaíochtaí a laghdú san Aontas, rud a mbeidh iarrachtaí agus rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ríthábhachtach ina leith, agus nach mór an méid sin a dhéanamh ar bhealach a bheidh chun leasa iomaíochas agus chobhsaíocht fhadtéarmach an Aontais. |
|
3. |
Athdhearbhaíonn CnaR nach chun féachaint i ndiaidh an chuir chun feidhme agus chuige sin amháin arb ann do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Comhdhearthóirí an aistrithe fuinnimh iad agus iarrann CnaR go n-aithneofaí an ról sin atá acu go foirmiúil i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta. Cuireann sé i bhfáth nach mór cur chun feidhme an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a chur in oiriúint do chúinsí áitiúla mar atá siad i ndáiríre agus aird á tabhairt ar ghnéithe amhail na riachtanais shonracha atá ag gach réigiún, na foinsí fuinnimh atá ar fáil, an bonneagar agus na hacmhainneachtaí tionsclaíocha agus nuálaíochta atá ann cheana agus acmhainní airgeadais agus sóisialta na bpobal áitiúil. Anuas air sin, ní mór tarraingt ar an nuálaíocht áitiúil, ar an gcur amach ar dhálaí críochacha agus ar an mbuntáiste a bhaineann le bheith cóngarach do na saoránaigh. Chun é sin a dhéanamh, is den ríthábhacht maoiniú leordhóthanach a chinntiú agus solúbthacht níos fearr a bhaint amach a mhéid a bhaineann leis na beartais a chur in oiriúint do na réigiúin, agus a áirithiú go mbeidh an toradh is mó is féidir ar na tionscadail ar an gcríoch, á gcur san áireamh an chaoi a n-úsáidtear fuinnimh agus méid an fhuinnimh a úsáidtear ó earnáil go hearnáil chomh maith le hacmhainn gach réigiúin ó thaobh forbairt foinsí fuinnimh in-athnuaite agus forbairt thionsclaíoch de. |
|
4. |
Tá CnaR ag iarraidh go gcuirfí samhail rialachais il-leibhéil struchtúrtha i bhfeidhm an athuair chun rannpháirtíocht fhóinteach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i bpleanáil agus i gcur chun feidhme na mbeartas fuinnimh náisiúnta agus bheartais fuinnimh an Aontais a áirithiú ón tús ar aghaidh, agus san fhaireachán a dhéanfar orthu chomh maith. Cuireann Cúnant na Méaraí san Eoraip modheolaíocht a bhfuil dea-theist uirthi agus ardán ar fáil chun samhail den sórt sin a óstáil. Tathantaíonn CnaR ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide a chur chun feidhme ina n-iomláine, go háirithe a mhéid a bhaineann le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus pleananna aeráide sóisialta a ullmhú. Ba cheart go gcinnteofaí, le samhail rialachais struchtúrtha, mar a chuirtear chun cinn sa tionscadal NECPlatform (2), rannpháirtíocht chomhsheasmhach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtimthriallta na mbeartas fuinnimh náisiúnta, lena n-áirítear ullmhú, cur chun feidhme agus pleananna chun an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac, an straitéis um aistriú cóir agus athbhreithniú na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na bpleananna aeráide sóisialta. |
|
5. |
Meabhraíonn CnaR go mbíonn na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sin a fhaigheann tacaíocht ó ghníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha in ann páirt a ghlacadh i ndearadh an aistrithe fuinnimh agus ina chur chun feidhme. Is eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad gníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha atá sainordaithe chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí, do chuideachtaí agus do shaoránaigh beartais agus cláir fuinnimh inbhuanaithe a chur chun feidhme. Rud a idirdhealaíonn na gníomhaireachtaí sin ó ghníomhaireachtaí eile ná nach mbíonn siad ag brath ar an teicneolaíocht agus go ndíríonn siad ar thairbhí don tsochaí seachas ar leasanna tráchtála. A bhuí leis an stádas an-sonrach sin, tá sé ar chumas na ngníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha seirbhísí éagsúla a chomhtháthú agus, ar an gcaoi sin, dlús a chur le hinfheistíochtaí san aistriú fuinnimh trí bhíthin nósanna imeachta saincheaptha agus simplithe do shaoránaigh, d’údaráis phoiblí, do phobail fuinnimh in-athnuaite atá ag teacht chun cinn agus do chuideachtaí. Ar an gcaoi sin, áirithítear éifeachtacht na n-infheistíochtaí agus, dá bhrí sin, cur chun feidhme leordhóthanach bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a leagtar síos i dTreoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Áirithítear freisin go gcuirfear beartais nua fuinnimh chun feidhme, lena n-áirítear na beartais sin a bhaineann le féintomhaltas, athchóiriú fuinnimh foirgneamh, an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus pobail fuinnimh áitiúla a chur chun cinn, agus sainaithnítear tosaíochtaí agus deiseanna le haghaidh gníomhaíochta chun éifeachtúlacht fuinnimh na réigiún a fheabhsú. |
|
6. |
Molann CnaR plean gníomhaíochta de chuid an Aontais a chruthú chun tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha gníomhaireachtaí nua fuinnimh agus ionaid ilfhreastail a chur ar bun agus na gníomhaireachtaí atá ann cheana a chomhdhlúthú trí shíolchistiú agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil faoi chritéir choiteanna a chuidíonn le hinniúlachtaí a chomhchuibhiú. Ba cheart tionscnamh den sórt sin a dhearadh chun beartais fuinnimh agus beartais aeráide a chomhordú ar bhealach níos fearr d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí leis an dá thionscnamh Cúnant na Méaraí san Eoraip agus ManagEnergy (4). Maidir leis an gcéad tionscnamh sin, Cúnant na Méaraí, bíonn na gníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha ina gcomhordaitheoirí críochacha agus tacaíonn siad leo siúd a shíníonn an cúnant. A mhéid a bhaineann le ManagEnergy, is tionscnamh é sin a chuireann ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus ar chumas na ngníomhaireachtaí fuinnimh cláir infheistíochta mhórscála san éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh in-athnuaite ar an leibhéal áitiúil a chur chun feidhme. Sprioc dheiridh an phlean gníomhaíochta sin ba ea tacú leis na Ballstáit an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (FFF) agus an Treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite a chur chun feidhme. |
|
7. |
Molann CnaR go bhfiosrófaí cé mar a d’fhéadfadh CnaR féin a bheith ina Fhóram um Chur Chun Feidhme Áitiúil Oiriúnach do 55. Mar chuid den ról sin, chuirfeadh an Coiste ardán struchtúrtha ar fáil a dhéanfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, na rialtais náisiúnta agus institiúidí an Aontais a thionól chun idirphlé leanúnach a dhéanamh, dea-chleachtais a mhalartú agus aiseolas fíor-ama a thabhairt maidir le cur chun feidhme an phacáiste. |
|
8. |
Molann CnaR go gcuirfeadh an Fóram um Chur Chun Feidhme Áitiúil ‘Oiriúnach do 55’ cúnamh teicniúil ar fáil agus go mbeadh feidhm meaitseála airgeadais aige freisin chun cuidiú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ionstraimí oiriúnacha de chuid an Aontais, comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus dea-chleachtais a aimsiú chun tionscadail a uas-scálú. |
Tacaíocht airgeadais agus inrochtaineacht a fheabhsú
|
9. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil castacht agus ilroinnt shásraí cistiúcháin an Aontais fós ina mbacainní suntasacha ar roinnt mhaith údaráis áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe i mbardais bheaga a bhfuil acmhainneacht riaracháin theoranta acu. Ina theannta sin, cruthaíonn critéir incháilitheachta ilroinnte sna foinsí cistiúcháin éagsúla neamhéifeachtúlachtaí agus díspreagann siad rannpháirtíocht. Dá bhrí sin, tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach nósanna imeachta iarratais a shimpliú, ceanglais chómhaoinithe a laghdú agus cúnamh teicniúil spriocdhírithe a chur ar fáil chun feabhas a chur ar an rochtain atá ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), ar an gCiste don Nuachóiriú, ar na cistí comhtháthaithe agus ar an gCiste Aeráide Sóisialta atá ar na bacáin. |
|
10. |
Is cúis imní do CnaR go ndéanfaí cistí de chuid an Aontais a lárú ar an leibhéal náisiúnta mar thoradh ar phleananna náisiúnta, lena ndéantar an cur chun feidhme a scaradh ó na réigiúin agus óna riachtanais, lena gcothaítear tuairimí áitiúla neamhfhabhracha agus lena spreagtar an freasúra sóisialta, agus nach mbíonn na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha bainteach lena ndearadh. Ar mhaithe le cur chun feidhme an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a áirithiú, ba cheart pleananna naisiúnta den sórt sin a bheith bunaithe ar phrionsabail an rialachais il-leibhéil agus na comhpháirtíochta a urramú, mar a mholann CnaR agus Cúnant na Méaraí san Eoraip. |
|
11. |
Aithníonn CnaR an togra ón gCoimisiún Eorpach chun buiséad na Saoráide um Chónascadh na hEorpa a mhéadú faoi thrí, ar céim shuntasach chun cinn í sin chun an t-aistriú fuinnimh a mhaoiniú. Cuireann sé i bhfáth, áfach, nach dúshlán teicniúil nó airgeadais amháin é an t-aistriú fuinnimh, ach gur próiseas claochlaitheach é a dteastaíonn rannpháirtíocht agus úinéireacht dhomhain ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil ina leith. I ndáil leis an méid sin, measann CnaR nach léirítear go leordhóthanach leis an gcreat rialachais a mholtar sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile an gá atá le comhar il-leibhéil agus coimhdeacht do thodhchaí inbhuanaithe. Dá bhrí sin, faoi mar atá sé faoi láthair, níl an creat oiriúnach mar bhonn don chaibidlíocht agus ní mór athbhreithniú suntasach a dhéanamh air chun rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa chinnteoireacht a neartú, chun rochtain ar chistí a shimpliú, agus chun fíor-chomhpháirtíocht a chothú idir gach leibhéal rialachais; |
|
12. |
Molann CnaR ciste de chuid an Aontais a chur ar bun, is é sin Ciste tiomnaithe um an Aistriú Fuinnimh ar an Leibhéal Áitiúil d’fhonn tacaíocht dhíreach airgeadais, a bheadh neamhspleách ar idirghabhálaithe náisiúnta, a áirithiú do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus dá ngníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha faoi seach. Molann sé go gcoinneofaí sa chreat airgeadais ilbhliantúil na cistí comhair idir-réigiúnaigh agus na cistí trína gcuirtear an éifeachtúlacht fuinnimh, an fuinneamh in-athnuaite agus an inbhuanaitheacht chun cinn, lena n-áirítear chun gníomhaireachtaí áitiúla agus réigiúnacha a mhaoiniú. Molann sé tús áite a thabhairt i gciste den sórt sin do thionscadail a bhaineann leis an éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid agus athchóiriú foirgneamh, go háirithe i réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste go socheacnamaíoch nó ó thaobh bonneagair de agus i réigiúin atá thíos le dúnadh nó athlonnú gléasraí i gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh nó an dícharbónaithe thionsclaíoch. Bheadh an ciste sin dírithe ar na hionstraimí beartais faoin reachtaíocht ‘Oiriúnach do 55’ a chur chun feidhme. |
|
13. |
Iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach, agus obair á déanamh in oirchill Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034, comhairliúcháin dhoimhne a dhéanamh leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus leis na geallsealbhóirí ar cuideodh leo faoi chreat cláir cúnaimh theicniúil an Aontais. |
Dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadaithe agus le forbairt bonneagair
|
14. |
Cuireann CnaR i bhfáth gur gá dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadaithe le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite, á chur san áireamh go bhfuil moilleanna riaracháin fós ar cheann de na príomhbhacainní ar chur in úsáid tráthúil. Tá CnaR ag iarraidh go gcuirfí limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite chun feidhme go pras, mar a fhoráiltear sa Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite, nósanna imeachta riaracháin níos simplí a bheith ann i gcomhair na dtionscadal fuinnimh agus na dtionscadal tionsclaíoch, mar aon le córas uile-Aontais ceadaithe digiteach comhchuibhithe a fhorbairt, agus sin ar mhaithe le maorlathas a laghdú agus chun tacú le formheasanna áitiúla níos tapúla. |
|
15. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil géarghá leis an táirgeadh agus an soláthar fuinnimh ghlain a mhéadú san Aontas Eorpach, chun iomaíochas ghnólachtaí agus thionscail an Aontais agus slándáil an tsoláthair fuinnimh, maille leis an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna fuinnimh agus, dá réir sin, an cheannasacht fuinnimh, a áirithiú agus earnáil an fhuinnimh a dhícharbónú agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar an mbochtaineacht fuinnimh. Meabhraíonn CnaR gur gá cur chuige oscailte ó thaobh na teicneolaíochta de a choinneáil i gcreat an Aontais agus an cur chuige sin bunaithe ar mheasúnuithe oibiachtúla ar lorg carbóin saolré agus ar thionchair shochaíocha agus chríochacha chomh maith le tionchair chomhshaoil agus chríochacha a bhíonn ag réitigh theicneolaíocha éagsúla. |
|
16. |
Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí infheistíocht mhór in eangacha fuinnimh agus in eangacha agus bonneagar a fhorbairt d’iompróirí nua fuinnimh (amhail hidrigin nó breoslaí in-athnuaite) agus d’iompróirí eile atá ábhartha don aistriú fuinnimh (amhail CO2) agus i dtoilleadh agus i solúbthacht na n-eangacha aibhléise, in eangacha cliste a nuachóiriú agus i mbonneagar stórála fuinnimh a leathnú, rudaí atá tábhachtach ní hamháin don aistriú fuinnimh ach freisin chun borradh a chur faoi iomaíochas thionscal na hEorpa, go háirithe i réigiúin thuaithe, i gceantair na sléibhte, sna réigiúin is forimeallaí agus i réigiúin ar bheagán forbartha, chomh maith leis na hoileáin, áit a mbíonn srianta eangaí a fhágann go mbíonn comhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite agus forbairt tionscadal tionsclaíoch dícharbónaithe teoranta. Molann sé don Choimisiún Eorpach tús áite a thabhairt don tacaíocht d’eangacha cliste, stóráil, comhphobail fuinnimh in-athnuaite, comhtháthú earnálacha agus córais fuinnimh dhíláraithe. |
|
17. |
Tarraingíonn CnaR aird ar an obair ar an bhfuinneamh a rinneadh in CnaR ar an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, ar an bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne agus ar an Meitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil. |
|
18. |
Cuireann sé i bhfáth go bhfuil ról straitéiseach ag oibreoirí córais dáileacháin áitiúla (OCDanna) foinsí in-athnuaite díláraithe a nascadh agus solúbthacht a éascú sa chóras fuinnimh. Sin mar atá an scéal freisin fad a bhaineann le is in-idiroibritheacht a chur chun cinn idir comhéadain OCDanna agus oibreoirí córais tarchurtha (OCTanna). Tá sé ag iarraidh go mbeadh comhordú níos láidre ann idir na hoibreoirí córais dáileacháin agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus pleanáil réigiúnach fuinnimh á déanamh agus eangacha á bhforbairt, sin agus go ligfí do chomhphobail fuinnimh in-athnuaite teacht chun cinn. Impíonn sé go gcomhroinnfí sonraí eangaí ábhartha leis na bardais agus lena ngníomhaireachtaí fuinnimh chun cuidiú le scrogaill a shainaithint agus le cinntí infheistíochta a optamú. |
|
19. |
Tá CnaR ag iarraidh go gcuirfí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san áireamh i gcomhlachtaí pleanála eangaí fuinnimh réigiúnacha agus i gcomhairliúcháin le haghaidh pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana (PFG10Banna). Molann sé go gcuirfí pleananna áitiúla dícharbónaithe san áireamh sa phacáiste a bheidh ann um na heangacha, agus go ndéanfaí measúnuithe tionchair chríochaigh mar chuid den phacáiste sin. |
Soláthar fuinnimh agus inacmhainneacht
|
20. |
Cuireann CnaR chun suntais a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh i gcomhthéacs an mhéadaithe atá ag teacht ar phraghsanna fuinnimh agus ar chostais athchóirithe. Bíonn costais arda le hiompar ag an tús chun infheistiú in athchóirithe nó san éifeachtúlacht fuinnimh, agus bíonn tionchar díreach ag na costais sin ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar theaghlaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de. Gan tacaíocht spriocdhírithe ar an leibhéal áitiúil, tá an baol ann go n-eisiafar na grúpaí sin ón aistriú fuinnimh agus go rachadh neamhionannas in olcas dá réir sin. Dá bhrí sin, iarrann CnaR ar na Ballstáit an Ciste Aeráide Sóisialta agus ionstraimí eile de chuid an Aontais a úsáid chun tús áite a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha. |
|
21. |
Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí bearta áitiúla spriocdhírithe a chur chun feidhme chun aistriú cóir a áirithiú, lena n-áirítear iasachtaí saor ó ús le haghaidh athchóirithe, fóirdheontais dhíreacha do theaghlaigh ar ioncam íseal agus tacaíocht do thionscnaimh fuinnimh phobalbhunaithe. Cuireann sé chun suntais nach mór na bearta sin a chomhdhearadh leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun an tionchar agus an glacadh a mbeidh ag an bpobal leo a uasmhéadú. |
|
22. |
Cuireann CnaR i bhfáth a thábhachtaí atá sé an lucht saothair áitiúil a athsciliú agus a uas-sciliú chun freastal ar éilimh saothair an aistrithe fuinnimh. Tá sé ag iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit infheistíocht níos mó sa ghairmoiliúint, i gcláir scileanna glasa, agus i ndreasachtaí fostaíochta, go háirithe i réigiúin dianfhuinnimh atá ag brath ar thionscail breoslaí iontaise nó a bhfuil dúshláin struchtúracha i margadh an tsaothair rompu. Iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a áireamh in Aontas na Scileanna atá ar na bacáin toisc go gcuireann siad sonraí mionsonraithe ar fáil maidir le bearnaí eolais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach ó chomhthéacsanna éagsúla. Ba cheart do na seirbhísí poiblí fostaíochta agus na hinstitiúidí oideachais réigiúnacha ról a ghlacadh i bhforbairt scileanna glasa, is é sin ról mar chomhpháirtithe cur chun feidhme. |
|
23. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhféadfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a bhuí lena ngníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha, margaí saothair glasa áitiúla a éascú mar aon le hionaid oiliúna i gcomhar le hinstitiúidí oideachais agus leis an tionscal áitiúil. Tá sé ag iarraidh go mbeadh cistiú spriocdhírithe ann agus go dtabharfaí tacaíocht theicniúil do na bardais chun tionscnaimh áitiúla maidir le poist ghlasa agus faireachlanna scileanna a reáchtáil. |
Acmhainn riaracháin agus theicniúil a fhorbairt
|
24. |
Aithníonn CnaR nach bhfuil an acmhainneacht riaracháin agus theicniúil ag cuid mhaith údaráis áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe na bardais bheaga, chun bearta an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a chur chun feidhme go héifeachtach. Is minic a bhíonn bac ar chur chun feidhme éifeachtach, ní hamháin mar gheall ar shrianta acmhainní, ach freisin mar gheall ar ilroinnt institiúideach agus comhordú teoranta sna ranna áitiúla. Dá bhrí sin, tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí cúnamh teicniúil arna chistiú ag an Aontas a leathnú go suntasach agus go dtabharfaí ról lárnach sa mhéid sin an don tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh (5), ós í sásra suaitheanta an Aontais í chun tacú le forbairt tionscadal ar an leibhéal áitiúil. Iarrann sé freisin go bhfeabhsófaí coinníollacha na saoráide sin tríd an gceanglas íosta infheistíochta a dhéanamh níos solúbtha chun é a dhéanamh níos éasca do bhardais bheaga tairbhe a bhaint astu. |
|
25. |
Seachas ardáin nua eolais a chruthú, cuireann CnaR i bhfáth gur cheart tús áite a thabhairt do chúnamh teicniúil díreach agus d’ionstraimí cistiúcháin chascáidigh a leathnú, cuir i gcás an tSaoráid um Chathracha na hEorpa, lena gcuirtear ar chumas na mbardas, go háirithe bardais bheaga agus mheánmhéide, rochtain a fháil ar thacaíocht saineolaithe agus ar shíolmhaoiniú chun tionscadail a fhorbairt. Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí dea-chleachtais a mhacasamhlú agus a uas-scálú, agus molann sé go bhfeidhmeodh na tionscnaimh atá ann cheana féin, ina measc sin Cúnant na Méaraí agus an Comhshocrú Aeráide Eorpach, chun na huirlisí praiticiúla sin agus seirbhísí comhairleacha a chur faoi réir gníomhaithe áitiúla. Rud eile atá sé a iarraidh líonra comhairle teicniúla agus airgeadais a bhunú lena áirithiú go n-úsáidfear acmhainní ar an mbealach is éifeachtúla is féidir agus chun dlús a chur le nósanna imeachta riaracháin le haghaidh tionscadail fuinnimh inbhuanaithe. |
|
26. |
Tá CnaR ag iarraidh go bhforbrófaí clár oiliúna uile-Aontais do lucht ceaptha beartas agus do bhaill foirne áitiúla agus réigiúnacha, lena gcumhdófaí príomhréimsí amhail pleanáil fuinnimh, soláthar poiblí le haghaidh réitigh inbhuanaithe, comhlíonadh rialála agus samhlacha nuálacha maoinithe. Cuireann sé i bhfáth nach mór forbairt ghairmiúil leanúnach a bheith ann chun cos a choinneáil leis an reachtaíocht fuinnimh agus aeráide atá ag athrú. D’fhéadfadh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA) an saineolas agus an mhodheolaíocht is gá a chur ar fáil chun clár den sórt sin a reáchtáil, agus sin trí bhíthin an fhochláir don Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid Chlár LIFE. Iarrann CnaR go gcoinneofaí an fochlár don Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid Chlár LIFE sa chéad chreat clársceidealaithe eile de chuid an Aontais. |
|
27. |
Cuireann CnaR i bhfáth nach mór acmhainneacht fhadtéarmach áitiúil cur chun feidhme a fhorbairt trí ról na ngníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha agus na n-ionad ilfhreastail a threisiú. Tá sé ag iarraidh go dtabharfaí tús áite i gcláir cúnaimh theicniúil de chuid an Aontais do na gníomhaireachtaí atá ann cheana a neartú agus do ghníomhaireachtaí nua a chruthú i réigiúin nach ndéantar freastal ceart orthu, ionas gur féidir le gach bardas, go háirithe iad siúd a bhfuil níos lú ná 50,000 áitritheoir iontu, rochtain a fháil ar sheirbhísí saineolaithe. Molann sé go mbeadh na gníomhaireachtaí fuinnimh rannpháirteach go córasach i ngníomhaíochtaí oiliúna agus comhairleacha a chistítear faoi chláir an Aontais. |
Sásraí faireacháin, rialachais agus aiseolais a fheabhsú
|
28. |
Molann CnaR go dtabharfaí Scórchlár Cur Chun Feidhme Áitiúil ‘Oiriúnach do 55’ isteach a bheadh le foilsiú ag an gCoimisiún Eorpach gach bliain. Leis an scórchlár sin, choinneofaí súil ar an dul chun cinn maidir le príomhtháscairí amhail cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite, rátaí athchóirithe foirgneamh, uasghráduithe ar an eangach fuinnimh agus laghdú na bochtaineachta fuinnimh ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. Ba cheart táscairí imdhealaithe maidir le hinfheistíocht san eangach áitiúil, maolú na bochtaineachta fuinnimh agus slógadh rannpháirtíocht na saoránach i dtionscadail fuinnimh a áireamh sa scórchlár, agus leas á bhaint as an bhfaisnéis maidir le fuinneamh inbhuanaithe atá ar fáil i bhfaireachlanna áitiúla agus réigiúnacha. |
|
29. |
Tugann CnaR dá aire an measúnú a rinne an Coimisiún Eorpach ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna) nuashonraithe críochnaitheacha agus tathantaíonn sé ar na Ballstáit an bhéim ar an rialachas il-leibhéil a neartú agus ról a thabhairt go háirithe d’eintitis fhonáisiúnta (údaráis áitiúla agus réigiúnacha) sna chéad chéimeanna eile chun na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a fhorbairt. Molann sé freisin do na Ballstáit, go háirithe, treochláir cur chun feidhme áitiúla a sholáthar maidir lena bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe, lena n-áiritheofar ailíniú idir spriocanna náisiúnta agus Pleananna Fuinnimh Inbhuanaithe agus Pleananna Aeráide nó pleananna comhchosúla ar an leibhéal réigiúnach. |
|
30. |
Meabhraíonn CnaR freisin measúnú an Choimisiúin inar léiríodh nach n-áirítear ach i roinnt pleananna náisiúnta go dtí seo faisnéis maidir leis an earnáil tógála agus an earnáil iompair de bhóthar, ar earnálacha iad sin a d’fhéadfaí a úsáid chun na Pleananna Aeráide Sóisialta a ullmhú, a bhí le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2025. Cuireann CnaR i bhfios go láidir a phráinní atá sé na pleananna sin a fhorbairt i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun a áirithiú go mbeidh an Ciste Aeráide Sóisialta réidh chun a áirithiú go gcuirfear CTA2 chun feidhme go rianúil agus go cothrom agus chun na grúpaí agus na críocha is leochailí a chosaint. Is cúis imní dó freisin go bhfuil uaillmhian na mBallstát maidir le straitéisí athchóirithe fadtéarmacha agus an fhaisnéis a chuirtear ar fáil maidir le hoibleagáidí éifeachtúlachta fuinnimh don earnáil phoiblí fós teoranta i bhformhór na bpleananna. |
|
31. |
Cuireann CnaR i bhfáth nach mór idirphlé réigiúnacha a bheith ann maidir le cur chun feidhme chomh maith le sásraí aiseolais idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, na Ballstáit agus institiúidí an Aontais chun dúshláin cur chun feidhme a shainaithint go luath agus chun beartais a choigeartú dá réir sin. Iarrann sé ar an gCoimisiún CnaR a chomhtháthú go hiomlán san idirphlé maidir le cur chun feidhme mar phríomh-chomhpháirtí. |
|
32. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil an rialachas ilroinnte agus dáileadh doiléir na bhfreagrachtaí idir an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil fós ina mbac ar chur chun feidhme comhleanúnach an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Iarrann sé ar an Aontas agus ar na Ballstáit creat soiléir comhordúcháin a fhorbairt ina mbeidh róil shainithe ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i ngach réimse beartais faoin bpacáiste. |
Rannpháirtíocht an phobail agus glacadh sóisialta a chur chun cinn
|
33. |
Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil tacaíocht phoiblí ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an aistriú fuinnimh. Is minic a tharlaíonn, nuair a bhíonn easpa cumarsáid thrédhearcach nó easpa rannpháirtíochta ann ag an tús, nó easpa rannpháirtíocht fhóinteach, go gcuireann an pobal i gcoinne tionscnamh nua. Agus iarracht á déanamh muinín a chothú, ní mór breathnú ar níos mó ná an comhlíonadh amháin, cuir i gcás, ní mór réitigh a chomhchruthú lena dtugtar aghaidh ar ábhair imní áitiúla, amhail an tionchar ar an tírdhreach, torann agus rannpháirtíocht eacnamaíoch. Dá bhrí sin, tá CnaR ag iarraidh go bhforbrófaí Pleananna um Rannpháirtíocht na nGeallsealbhóirí Áitiúla le haghaidh na mórthionscadal bonneagair fuinnimh agus athchóirithe uile, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht fhóinteach na saoránach agus na n-eagraíochtaí pobail. |
|
34. |
Áitíonn CnaR go gcuirfí comhphobail fuinnimh in-athnuaite agus samhlacha ‘táirgeoir is tomhaltóir’ chun cinn i bPacáiste Fuinnimh na Saoránach atá le foilsiú go luath. Iarrann sé ar na Ballstáit an Treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite a thrasuí ina hiomláine agus an t-athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais a chur chun feidhme chun na creataí cumasúcháin is gá a chur ar fáil ionas gur féidir le comhphobail fuinnimh in-athnuaite teacht i mbláth, le cúnamh ó chláir tacaíochta thiomnaithe de chuid an Aontais. |
Comhtháthú beartas agus iomaíochas na réigiún a áirithiú
|
35. |
Cuireann CnaR i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-aistriú fuinnimh a ailíniú le spriocanna níos leithne an Aontais maidir le ceannasacht agus slándáil, comhtháthú sóisialta, iomaíochas tionsclaíoch, fás eacnamaíoch agus forbairt réigiúnach. Tá sé ag iarraidh go dtabharfaí tús áite do chur chun feidhme an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ sa chéad CAI eile agus go n-áireofaí go mbeidh an beartas comhtháthaithe i ndiaidh 2027 in ann tacaíocht iomchuí a áirithiú do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag iarraidh aeráidneodracht a bhaint amach, chun ilroinnt beartais a sheachaint agus sineirgí a áirithiú ar fud na gclár cistiúcháin. |
|
36. |
Tugann CnaR chun suntais go mbaineann tionchar dearfach le cúiteamh a thabhairt d’údaráis áitiúla as táirgeadh fuinnimh áitiúil agus go bhfuil tionchar aige sin ar thírdhreacha agus ar ghníomhaíochtaí eile, agus é mar bhealach freisin chun tacaíocht phoiblí a mhéadú. |
|
37. |
Cuireann CnaR i bhfáth an gá atá le cothrom na Féinne a chinntiú do sholáthróirí atá bunaithe san Aontas agus do sholáthraithe teicneolaíochta a bhfuil baint acu leis an aistriú fuinnimh. Tá sé ag iarraidh go n-áireofaí critéir inbhuanaitheachta, chiorclaíochta agus loirg carbóin i nósanna imeachta soláthair phoiblí agus i gceantanna, i gcomhréir le cuspóirí an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta agus le spriocanna an Aontais maidir le huathriail straitéiseach. |
|
38. |
Molann CnaR go nglacfadh na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha treoirlínte maidir le soláthar poiblí glas ina n-ionchorpraítear measúnuithe saolré, tairbhí eacnamaíocha áitiúla agus critéir luacha shóisialta. Tacaíonn sé le hiarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh rialacha soláthair phoiblí a athbhreithniú trína mholadh go soláthrófaí uirlisí agus modheolaíochtaí caighdeánaithe chun cur chun feidhme agus fothú acmhainneachta a fheabhsú i measc na n-údarás soláthair. Iarrann sé go n-áireofaí na critéir sin i gcláir tacaíochta a bhaineann le foinsí in-athnuaite fuinnimh, dícharbónú tionsclaíoch, gníomhaíocht thionsclaíoch nua nó éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. |
|
39. |
Leagann CnaR béim air gur rud críochach é an t-iomaíochas go bunúsach: éiríonn le gnólachtaí nuair a chuireann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na dálaí cearta ar fáil don bhonneagar, don fhorbairt, don táirgiúlacht agus don fhás. Teastaíonn cur chuige fadtéarmach áitbhunaithe má táthar chun iomaíochas na hEorpa a áirithiú. |
|
40. |
Tá CnaR ag iarraidh go mbeadh gníomhaíocht níos láidre ann ó thaobh an Aontais de chun prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn in earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear ceanglais maidir le bonneagar fuinnimh in-athnuaite a athúsáid, a athchumhachtú agus a athchúrsáil. Cuireann sé i bhfáth nach mór an chiorclaíocht a leabú i saolré iomlán an tionscadail, ó dhearadh agus soláthar go díchoimisiúnú agus aisghabháil ábhair. |
|
41. |
Cuireann CnaR chun suntais gur cheart breithnithe agus réitigh maidir le neamhthuilleamaíocht fuinnimh a chomhtháthú sna codanna ábhartha den Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan ar mhaithe le hiomaíochas inbhuanaithe thionscail agus réigiúin an Aontais a spreagadh. |
Conclúid
|
42. |
Mar fhocal scoir, is mian le CnaR a chur in iúl go bhfuil rath an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ag brath ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumhachtú go hiomlán mar ghníomhaithe lárnacha san aistriú fuinnimh. Athdhearbhaíonn sé go bhfuil gá le tacaíocht spriocdhírithe ón Aontas, rialachas struchtúrtha agus comhordú feabhsaithe idir gach leibhéal rialtais chun na bacainní atá ann cheana a shárú. Tá rath na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ag brath freisin ar chuspóirí réalaíocha atá fónta ó thaobh an gheilleagair de agus lena gcuirtear éagothromaíocht réigiúnach agus acmhainneachtaí praiticiúla na n-údarás áitiúil agus réigiúnach san áireamh. |
|
43. |
Cuireann CnaR i bhfáth nach amháin gur riachtanas praiticiúil é na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumhachtú chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, ach gur riachtanas daonlathach é freisin chun a áirithiú go mbeidh na saoránaigh rannpháirteach san aistriú, go n-éistfear leo agus go dtabharfar tacaíocht dóibh. Leagann sé béim air gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha amháin atá in ann cuspóirí leathana an Aontais a aistriú ina ngníomhaíochtaí atá cuimsitheach go sóisialta agus comhleanúnach ó thaobh críche de lena gcothaítear muinín agus úinéireacht ar an leibhéal áitiúil. |
|
44. |
Iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach gné áitiúil a leabú i ngach meastóireacht a dhéanfar amach anseo ar an reachtaíocht fuinnimh agus aeráide, chomh maith leis an gcéad leagan eile de CAI a bheidh ann, lena n-áiritheofar go ndéanfar measúnú réalaíoch ar an ualach cur chun feidhme ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus go dtabharfar tacaíocht leordhóthanach dóibh, sin agus go gcruthófar reachtaíocht i gcomhar leis na húdaráis fhonáisiúnta ón tús. |
|
45. |
Tathantaíonn CnaR go n-áireofaí sa chéad tuarascáil eile ar staid an aontais fuinnimh caibidil ar leith maidir le cur chun feidhme áitiúil agus réigiúnach, lena gcumhdófaí dea-chleachtais, sonraí maidir leis an dul chun cinn ar an leibhéal fonáisiúnta agus moltaí chun cur le gníomhaíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach. |
An Bhruiséil, an 14 Deireadh Fómhair 2025.
Uachtarán
Choiste Eorpach na Réigiún
Kata TÜTTŐ
(1) Coiste Eorpach na Réigiún: an Coimisiún um an gComhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh, Milieu Consulting, Beamud, F., Gallego, F., Truc, M. et al., Speeding up the clean energy transition at local and regional level – The impact of the Fit for 55 package, Coiste Eorpach na Réigiún, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2863/1667526.
(2) Seoladh an tionscadal NECPlatform in 2022 chun tacú le sé cinn de Bhallstáit an Aontais (an Bhulgáir, an Chróit, an Fhrainc, an Iodáil, an Phortaingéil agus an Rómáin) ardáin bhuana um idirphlé il-leibhéil maidir le haeráid agus fuinneamh a chur ar bun agus a bhainistiú, rud a chuideoidh leo Airteagal 11 den Rialachán Rialachais a chomhlíonadh trí chomhtháthú ingearach agus cothrománach na mbeartas fuinnimh agus aeráide a chothú.
(3) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).
(4) ManagEnergy – Leathanach baile – An Coimisiún Eorpach.
(5) Elena – an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6320/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)