This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025IP0114
P10_TA(2025)0114 – Deliberations of the Committee on Petitions in 2023 – European Parliament resolution of 22 May 2025 on the deliberations of the Committee on Petitions in 2023 (2025/2027(INI))
P10_TA(2025)0114 — Pléití an Choiste um Achainíocha in 2023 — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2025 ar phléití an Choiste um Achainíocha in 2023 (2025/2027(INI))
P10_TA(2025)0114 — Pléití an Choiste um Achainíocha in 2023 — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2025 ar phléití an Choiste um Achainíocha in 2023 (2025/2027(INI))
IO C, C/2025/6220, 2.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6220/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6220 |
2.12.2025 |
P10_TA(2025)0114
Pléití an Choiste um Achainíocha in 2023
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2025 ar phléití an Choiste um Achainíocha in 2023 (2025/2027(INI))
(C/2025/6220)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir le toradh bhreithnithe an Choiste um Achainíocha, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 10 agus 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 24 agus 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le ceart shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais aird na Parlaiminte a thabhairt ar a n-ábhair imní, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 228 CFAE maidir le ról agus feidhmeanna an Ombudsman Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 44 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an gceart achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint d’fhorálacha CFAE a bhaineann leis an nós imeachta um shárú agus, go háirithe, d’Airteagail 258 agus 260 de, |
|
— |
ag féachaint do bharúlacha deiridh Choiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas an 21 Márta 2025 maidir leis an dara agus an tríú tuarascáil thréimhsiúil ón Aontas Eorpach le chéile, |
|
— |
ag féachaint do Rialacha 55 agus 233(7) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha (A10-0063/2025), |
|
A. |
de bhrí gurb é cuspóir na tuarascála bliantúla ar thoradh phléití an Choiste um Achainíocha anailís a chur i láthair maidir leis na hachainíocha a fuarthas in 2023 agus maidir leis an gcaidreamh le hinstitiúidí eile, chomh maith le léargas cruinn a thabhairt ar na cuspóirí a baineadh amach in 2023; |
|
B. |
de bhrí go bhfuair an Pharlaimint 1 452 achainí in 2023, ar méadú 16,2 % é sin i gcomparáid leis na 1 217 n-achainí a cuireadh isteach in 2022 agus méadú 4,0 % i gcomparáid leis na 1 392 achainí a cláraíodh in 2021; de bhrí go bhfuil méid iomlán na n-achainíocha a fuarthas fós i bhfad níos ísle ná an buaicphointe a baineadh amach in 2013 agus 2014, nuair a fuair an Pharlaimint 2 891 achainí agus 2 715 achainí, faoi seach; |
|
C. |
de bhrí gurb é 26 331 an líon úsáideoirí a thacaigh le hachainí amháin nó níos mó ar Thairseach Ghréasáin Achainíocha na Parlaiminte in 2023, ar méadú mór é sin i gcomparáid leis an 22 441 úsáideoir a taifeadadh in 2022 (tá an dá líon i bhfad níos ísle ná an 209 272 duine a thacaigh le hachainíocha, a taifeadadh in 2021); de bhrí gur tháinig méadú beag ar an líon cliceanna chun tacú le hachainíocha in 2023, 29 287 gclic san iomlán (i gcomparáid le 27 927 in 2022 agus 217 876 in 2021); |
|
D. |
de bhrí, áfach, go bhfuil an líon foriomlán achainíocha fós measartha i ndáil le daonra iomlán an Aontais, rud a léiríonn go bhfuil gá fós le hiarrachtaí a mhéadú chun feasacht na saoránach a mhéadú ar a gceart chun achainí a dhéanamh agus an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as achainíocha mar mhodh chun aird na n-institiúidí agus na mBallstát a tharraingt ar ábhair a dhéanann difear do shaoránaigh agus a bhaineann go díreach leo; de bhrí go bhfuil coinne ag na saoránaigh, agus an ceart chun achainí a dhéanamh á fheidhmiú acu, go gcuirfidh institiúidí an Aontais breisluach ar fáil chun teacht ar réiteach ar a gcuid fadhbanna; |
|
E. |
de bhrí go leagtar síos na critéir maidir le hinghlacthacht achainíocha in Airteagal 227 CFAE agus i Riail 232(1) de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, lena gceanglaítear nach mór iad a bheith curtha isteach ag saoránach den Aontas nó ag duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air i mBallstát nó a bhfuil oifig chláraithe aige i mBallstát agus a ndéanann ábhair a thagann faoi chuimsiú réimsí gníomhaíochta an Aontais difear díreach dó; |
|
F. |
de bhrí gur dearbhaíodh 429 as na 1 452 achainí a cuireadh isteach in 2023 a bheith neamh-inghlactha agus tarraingíodh siar 13 acu; de bhrí go ndearbhaíonn céatadán ard (29,55 %) na n-achainíocha neamh-inghlactha in 2023 go bhfuil easpa soiléireachta forleathan fós ann maidir le raon feidhme réimsí freagrachta an Aontais; de bhrí gur gá fós iarrachtaí a dhéanamh raon feidhme réimsí gníomhaíochta an Aontais a shoiléiriú a thuilleadh chun an líon achainíocha neamh-inghlactha a laghdú; |
|
G. |
de bhrí go raibh ról suntasach ag an gCoiste um Achainíocha (PETI) maidir le hidirdhealú in aghaidh shaoránaigh na Rómáine agus na Bulgáire a chomhrac le linn na tréimhse nach raibh a dtíortha páirteach i limistéar Schengen go fóill; de bhrí gur rannchuidigh PETI go mór le cóir chomhionann a mholadh agus le haghaidh a thabhairt ar na bacainní gan údar atá os comhair na saoránach sin; de bhrí gurbh é Achainí 0004/2023 an túsphointe, arna tíolacadh ag Răzvan Eugen Nicolescu thar ceann ‘Asociația pentru Energie Curată și Combaterea Schimbărilor Climatice’, chomh maith leis an rún iomlánach ina dhiaidh sin maidir le haontachas le limistéar Schengen, arna ghlacadh faoi Riail 227(2) de na Rialacha Nós Imeachta (1); |
|
H. |
de bhrí gur ceart bunúsach ag saoránaigh den Aontas é an ceart achainí a dhéanamh chuig an bParlaimint, ceart le dtairgtear sásra oscailte, daonlathach agus trédhearcach do shaoránaigh agus do chónaitheoirí araon chun labhairt go díreach lena n-ionadaithe tofa; de bhrí go gcumhachtaíonn an uirlis fhíor-riachtanach sin na saoránaigh chun bheith rannpháirteach go gníomhach agus go héifeachtach i saol an Aontais; de bhrí gur féidir le saoránach den Aontas, trí achainíocha, gearán a dhéanamh maidir le cásanna nuair nár cuireadh dlí an Aontais chun feidhme agus cuidiú le sáruithe ar dhlí an Aontais a bhrath; |
|
I. |
de bhrí gurb í an Pharlaimint an t-aon institiúid de chuid an Aontais a thoghann saoránaigh den Aontas go díreach; de bhrí go bhfuil an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa ar cheann de chearta bunúsacha shaoránaigh agus chónaitheoirí AE agus go gcuireann sé ar a gcumas teagmháil dhíreach a dhéanamh lena n-ionadaithe tofa; de bhrí nach bhfuil rochtain chomhionann ag go leor daoine faoi mhíchumas ar fhaisnéis agus ar chumarsáid toisc nach bhfuil ach infhaighteacht theoranta ann ar fhormáidí inrochtana agus toisc nach n-aithnítear teangacha comharthaíochta náisiúnta mar chuid d’ilteangachas an Aontais; de bhrí go bhfuil Parlaimint na hEorpa ar thús cadhnaíochta le fada i bhforbairt phróiseas na n-achainíocha go hidirnáisiúnta agus go bhfuil an próiseas achainíocha is oscailte, is daonlathaí agus is trédhearcaí aici san Eoraip, rud a fhágann gur féidir le hachainígh a bheith rannpháirteach go gníomhach agus go héifeachtach ina gníomhaíochtaí, de bhrí, agus an ceart chun achainíocha á fheidhmiú acu, go bhfuil saoránaigh ag dréim leis go gcuirfidh institiúidí AE breisluach ar fáil, ag comhoibriú leis an gCoimisiún agus le húdaráis na mBallstát, chun a gcuid fadhbanna a réiteach; |
|
J. |
de bhrí, leis an bhfaisnéis a chuireann achainígh isteach ina n-achainíocha agus le linn cruinnithe coiste, mar aon le measúnuithe ón gCoimisiún agus na freagraí ó na Ballstáit agus ó chomhlachtaí eile, go soláthraítear ionchur luachmhar freisin d’obair na gcoistí parlaiminteacha eile, ós rud é go gcuirtear achainíocha inghlactha ar aghaidh chuig an gcoiste ábhartha chun tuairim a fháil nó chun faisnéis a fháil; de bhrí, dá bhrí sin, go bhféadfaidh ról a bheith ag achainíocha sa phróiseas reachtach freisin, lena dtugtar aiseolas coincréiteach ar thionchar bheartais an Aontais agus lena gcumasaítear beartais chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ag teacht chun cinn; |
|
K. |
de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí an Choiste um Achainíocha bunaithe ar an ionchur a chuireann achainígh ar fáil, rud a chuireann ar a cumas don Pharlaimint feabhas a chur ar a freagrúlacht do ghearáin agus imní a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha an Aontais agus ar an gcomhlíontacht le reachtaíocht an Aontais sna Ballstáit; de bhrí gur foinse úsáideach faisnéise iad achainíocha, dá bhrí sin, maidir le cásanna de mhífheidhmiú nó de sháruithe ar dhlí an Aontais, lena gcumasaítear measúnú ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus ar a thionchar ar chearta shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais; de bhrí go raibh cearta bunúsacha ar cheann de na trí ábhar imní ba thábhachtaí a bhí ag na hachainígh uile in 2023; de bhrí, i gcomhthéacs an idirphlé struchtúrtha leis an gCoimisiún, gur iarr an Coiste um Achainíocha ar an gCoimisiún an t-idirdhealú san Aontas Eorpach a chomhrac, lena n-áirítear trí thionscnaimh chun cearta comhionanna a ráthú agus chun bearta i gcoinne gach cineál idirdhealaithe a neartú, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar mhíchumas, ar aois, ar reiligiún nó ar chreideamh agus ar ghnéaschlaonadh; |
|
L. |
de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 17 CAE, gur cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear na Conarthaí agus na bearta arna nglacadh dá mbun i bhfeidhm i gceart; de bhrí nach mór cur chuige straitéiseach an Choimisiúin maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a ardaítear in achainíocha a bheith go hiomlán comhsheasmhach leis na Conarthaí chun an obair leantach is éifeachtaí ar achainíocha a áirithiú, arb é is aidhm dó cosaint iomlán agus thráthúil chearta na saoránach a eascraíonn as dlí an Aontais a ráthú; |
|
M. |
de bhrí nach mór gach achainí a bhreithniú agus a scrúdú go cúramach, go héifeachtúil, go neamhchlaonta, go cothrom agus go trédhearcach, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an gCeart chun dea-riaracháin; de bhrí go bhfuil an ceart ag gach achainíoch freagra a fháil, laistigh de thréimhse réasúnta ama, lena gcuirtear ar an eolas é faoin gcinneadh maidir le hinghlacthacht agus faoi bhearta leantacha arna ndéanamh ag an gcoiste, ina theanga féin nó sa teanga a úsáidtear san achainí; de bhrí go rannchuidíonn freagairtí tráthúla agus éifeachtacha ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit ar na saincheisteanna a ardaíodh sna hachainíocha, mar aon le réitigh ar shásamh, i gcás inarb iomchuí, leis an muinín atá ag saoránaigh san Aontas agus ina bheartais a neartú; |
|
N. |
de bhrí go gcuireann an Coiste um Achainíocha an-tábhacht ar scrúdú agus ar phlé poiblí achainíocha ag a chuid cruinnithe; de bhrí go bhfuil an ceart ag achainígh a n-achainíocha a chur i láthair agus labhairt go minic sa phlé, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú go gníomhach le hobair an choiste; de bhrí gur thionóil an Coiste um Achainíocha 10 gcruinniú coiste in 2023, inar pléadh 191 achainí leis na 114 achainíoch a bhí i láthair agus a bhí rannpháirteach go gníomhach trí labhairt ann; |
|
O. |
de bhrí gur bhain na príomhábhair imní a ardaíodh in achainíocha a cuireadh isteach in 2023 leis an gcomhshaol, cearta bunúsacha, ábhair phearsanta agus ceartas; |
|
P. |
de bhrí, agus clár oibre cruinnithe á ghlacadh ag an gCoiste um Achainíocha, go dtugann sé aird ar achainíocha agus ar ábhair a bhfuil leibhéal ard ábhartha acu le haghaidh plé ar leibhéal an Aontais agus ar an ngá atá le cumhdach cothrom geografach na n-ábhar a choinneáil ar bun de réir na n-achainíocha a fhaightear; |
|
Q. |
de bhrí go ndearnadh 82,4 % de na hachainíocha a fuarthas in 2023 a chur isteach trí Thairseach Ghréasáin Achainíocha na Parlaiminte, ar méadú beag é sin i gcomparáid le 2022 (79,05 %), rud lena n-athdhearbhaítear dá bhrí sin gurb é an bealach is mó úsáid i bhfad ag saoránaigh chun achainíocha a chur faoi bhráid na Parlaiminte; |
|
R. |
de bhrí, i mí Feabhra 2023, go ndearnadh Tairseach Ghréasáin na nAchainíocha a athchóiriú agus a athsheoladh chun í a ailíniú leis na hionchais reatha agus chun í a dhéanamh níos éasca do chónaitheoirí na mBallstát a gceart achainíocha a chur faoi bhráid na Parlaiminte a fheidhmiú; de bhrí gur comhtháthaíodh Tairseach Achainíocha 2.0 nuashonraithe gan bhriseadh le huirlis foilsitheoireachta gréasáin na Parlaiminte, rud a chumasaíonn nuashonruithe ábhair níos tapúla agus níos simplí chomh maith le gnéithe nua (lena n-áirítear seacht ‘Treoir Mhearthosaithe’ a sholáthraíonn treoracha soiléire céim ar chéim maidir le hachainíocha a chur isteach, a rianú agus tacú leo); de bhrí gur chuir inneall cuardaigh nua arna chumhachtú ag teicneolaíocht chuardaigh sholúbtha feabhas ar eispéireas an úsáideora trí thorthaí níos cruinne a sheachadadh go héifeachtúil as a dtiocfaidh tosaíocht na tairsí nua do chur chuige atá dírithe go fírinneach ar an saoránach; de bhrí gur ullmhaíodh agus gur foilsíodh gach achainí go tráthúil le linn 2023, laistigh de chúpla lá tar éis iad a ghlacadh, agus gur freagraíodh go rathúil agus i ngach teanga gach iarraidh inmheánach agus sheachtrach ar thacaíocht maidir le húsáid agus le hábhar na Tairsí Achainíocha; |
|
S. |
de bhrí, in 2023, gur reáchtáil an Coiste um Achainíocha (PETI) ceithre chuairt aimsithe faisnéise, ar lena linn a thaistil Feisirí go dtí an Rómáin chun scrúdú a dhéanamh ar bhainistiú agus ar chosaint dhaonra na mbéar donn agus na lománaíochta neamhdhleathaí, go Dún na nGall (Éire) chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid bloc míoca lochtach san earnáil tógála in Éirinn agus go dtí an Chatalóin (an Spáinn) chun measúnú a dhéanamh in situ ar an tsamhail tumtha teanga sa Chatalóin; de bhrí go raibh comhaltaí PETI mar chuid de thoscaireacht chomhpháirteach ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ó PETI a thaistil go Nua-Eabhrac chun freastal ar an 16ú seisiún de Chomhdháil na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CRPD COSP); |
|
T. |
de bhrí, faoi Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, go bhfuil an Coiste um Achainíocha freagrach freisin as an gcaidreamh leis an Ombudsman Eorpach, a dhéanann imscrúdú ar ghearáin faoi dhrochriarachán laistigh d’institiúidí agus de chomhlachtaí an Aontais; de bhrí gur chuir an tOmbudsman Eorpach roimhe sin, Emily O’Reilly, a tuarascáil bhliantúil le haghaidh 2022 faoi bhráid an Choiste um Achainíocha ag an gcruinniú a bhí aige ar an 27 Meitheamh 2023; |
|
U. |
de bhrí go bhfuil an Coiste um Achainíocha ina bhall de Líonra Eorpach na nOmbudsman, a chuimsíonn freisin an tOmbudsman Eorpach, ombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha agus comhlachtaí comhchosúla sna Ballstáit, na tíortha is iarrthóirí agus tíortha eile an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, agus a bhfuil sé d’aidhm aige malartú faisnéise faoi dhlí agus bheartas an Aontais a chur chun cinn, agus dea-chleachtas a roinnt; |
|
1. |
ag cur béim ar ról bunúsach an Choiste um Achainíocha maidir le cearta shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn trína áirithiú go scrúdaítear ábhair imní agus gearáin na n-achainíoch ar bhealach tráthúil, éifeachtach agus iomchuí agus go gcuirtear achainígh ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh agus faoin dul chun cinn a rinneadh maidir lena n-achainíocha; á mheabhrú go gcaitear le gach achainí trí phróiseas achainíocha atá oscailte, daonlathach agus trédhearcach; |
|
2. |
ag moladh an Choiste um Achainíocha as obair bhunriachtanach a dhéanamh ar na hachainíocha i dtaca le Leithinis Akamas, arb í an limistéar is bithéagsúla sa Chipir í, a bhfuil sáruithe córasacha déanta arís agus arís eile ar an Treoir maidir le Gnáthóga (2) agus an Treoir maidir le hÉin (3) ina leith le blianta fada anuas, i gcomhthéacs gan bearta atá éifeachtach agus ceangailteach ó thaobh dlí de a bheith ann chun an limistéar sin a chosaint agus i bhfianaise na bpleananna arna dtabhairt chun cinn ag údaráis inniúla na Cipire le déanaí, a raibh éifeachtaí tubaisteacha acu ar éiceachórais nádúrtha fhíorleochaileacha an limistéir, de shárú ar reachtaíocht an Aontais ar an gcomhshaol; á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, ag éirí as obair an Choiste um Achainíocha ar an ábhar sin, a chinn an Coimisiún, an 13 Márta 2024, an Chipir a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) as mainneachtain údaráis na Cipire an Treoir maidir le Gnáthóga a chomhlíonadh; á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, ón uair a rinneadh an cinneadh sin i leith – tuilleadh ar bhliain ó shin – nach bhfuil comhad curtha faoi bhráid CBAE ag an gCoimisiún, rud a fhágann gan tús a bheith curtha le himeachtaí dlíthiúla go hoifigiúil aige; |
|
3. |
ag cur béim ar an obair bhunriachtanach arna déanamh ag an gCoiste um Achainíocha maidir le cearta oibrithe a chosaint ar idirdhealú agus maidir le mí-úsáid conarthaí ar théarma seasta san earnáil phoiblí san Iodáil; á chur in iúl gur mór aici go ndearna an Coimisiún na doiciméid dlí an-fhónta arna soláthar ag na hachainígh a chur i gcuntas go cuí, ar doiciméid iad a ndearnadh measúnú cúramach orthu i gcruinnithe éagsúla den Choiste um Achainíocha, nuair a chinn sé an Iodáil a thabhairt os comhair CBAE as mainneachtain deireadh a chur le mí-úsáid conarthaí ar théarma seasta agus coinníollacha fostaíochta idirdhealaitheacha, de shárú ar Threoir 1999/70/CE ón gComhairle; |
|
4. |
ag moladh Choiste PETI as breithniú a dhéanamh ar Achainí 1168/2023, a thíolaic Mihai Igna thar ceann an Chumainn ‘Together We Bring Prosperity’, ina n-iarrtar go ndéanfaí seoda náisiúnta agus cartlanna stairiúla na Rómáine atá á gcoinneáil sa Rúis faoi láthair a aiseag; ag cur béim ar thábhacht stairiúil ollmhór na díospóireachta sin do na Ballstáit uile a raibh tionchar stairiúil ag gníomhartha creachadóireachta na Rúise orthu, go háirithe i gcomhthéacs an chogaidh leanúnaigh san Úcráin, ós rud é go dtugann sí chun suntais na dúshláin níos leithne a bhaineann le caomhnú cultúrtha agus coimirciú na hoidhreachta náisiúnta le linn tréimhsí coinbhleachta geopholaitiúla; á chur i bhfáth go léiríonn rannpháirtíocht Choiste PETI leis an tsaincheist sin a thiomantas seasamh le cearta shaoránaigh an Aontais agus na mBallstát, agus oidhreacht stairiúil na Rómáine a chosaint agus tacú lena héilimh dhlisteanacha ar an leibhéal idirnáisiúnta; ag meabhrú an rúin iomlánaigh ina dhiaidh sin maidir le taiscí náisiúnta na Rómáine a rinne an Rúis a ghabháil go neamhdhleathach a thabhairt ar ais (4); |
|
5. |
ag athdhearbhú a thábhachtaí atá díospóireacht phoiblí leanúnach ar réimsí gníomhaíochta an Aontais chun a áirithiú go gcuirtear saoránaigh ar an eolas i gceart faoi raon feidhme inniúlachtaí an Aontais agus faoi na leibhéil éagsúla chinnteoireachta; á iarraidh go mbeadh feachtas faisnéise agus cumarsáide struchtúrtha feabhsaithe ar fud AE le déanamh gan aon chostas breise (i.e., trí úsáid a bhaint as acmhainní reatha Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa) i dteangacha oifigiúla uile AE i gcomhar le hombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha, ENRanna, agus institiúidí oideachais chun feasacht ar chearta achainí a mhéadú i measc saoránaigh ó na Ballstáit uile, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar phobail tuaithe agus faoi mhíbhuntáiste agus ar ghrúpaí imeallaithe, chomh maith le hoileáin agus réigiúin iargúlta; ag moladh go leathnófaí iarrachtaí for-rochtana saor ó chostais bhreise trí na meáin shóisialta agus trí imeachtaí pobail áitiúla; ag cur béim ar an ngá atá le feasacht phoiblí agus feachtais múscailte feasachta níos leithne, trí rannpháirtíocht ghníomhach seirbhísí cumarsáide, chun cabhrú le cur le heolas na saoránach faoina gceart chun achainí a dhéanamh, chomh maith le raon feidhme fhreagrachtaí AE agus inniúlachtaí an Choiste um Achainíocha, d’fhonn líon na n-achainíocha neamh-inghlactha a laghdú agus rannpháirtíocht na saoránach sa phróiseas cinnteoireachta a fheabhsú; á mholadh go gcuirfí feabhas ar inrochtaineacht dhigiteach Thairseach na nAchainíocha, lena n-áirítear trí oiriúnuithe do dhaoine faoi mhíchumas agus aistriúcháin ar cháilíocht níos airde go teangacha oifigiúla uile an Aontais; á mholadh go bhféachfaí ar acmhainneacht na n-uirlisí TF atá ann cheana chun tacaíocht na saoránach ar an tairseach a mhéadú, lena n-áirítear trí roghanna a atreorú chuig sásraí ábhartha gearáin; |
|
6. |
ag meabhrú ghné Eorpach an Choiste um Achainíocha, ar féidir le saoránaigh ó na 27 mBallstát ar fad labhairt leis maidir le saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme Chonarthaí an Aontais agus dhlí an Aontais; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil freagracht speisialta ar an gCoiste as seasamh leis an ngné Eorpach sin agus as an luach breise a bhaineann le haontacht agus comhtháthú na hEorpa do shaoránaigh a léiriú; á chur i bhfios go láidir nach mór an ghné Eorpach a bheith bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, ar chearta sóisialta agus eacnamaíocha a chur chun cinn, ar chosaint teangacha agus cultúr mionlaigh, agus ar an gcomhrac gníomhach i gcoinne an athraithe aeráide; |
|
7. |
ag tabhairt le fios gur deis uathúil iad na hachainíocha don Pharlaimint agus d’institiúidí eile de chuid an Aontais teagmháil dhíreach a dhéanamh le saoránaigh den Aontas agus idirphlé rialta a dhéanamh leo, go háirithe i gcásanna ina ndéanann mífheidhmiú nó sárú dhlí an Aontais difear dóibh; ag cur béim ar an ngá atá le comhar feabhsaithe idir institiúidí an Aontais agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i dtaca le fiosrúcháin maidir le cur chun feidhme dhlí an Aontais agus comhlíonadh dhlí an Aontais; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil comhar den sórt sin ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar imní na saoránach agus iad a réiteach maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus go rannchuidíonn sé chun dlisteanacht dhaonlathach agus cuntasacht an Aontais a neartú; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar ionadaithe na mBallstát a bheith rannpháirteach i gcruinnithe coiste agus freagraí tráthúla agus mionsonraithe ar iarrataí ar shoiléiriú nó ar fhaisnéis a sheol an Coiste um Achainíocha chuig údaráis náisiúnta; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-achainíocha a fuarthas in 2023 lena dtugtar aghaidh ar éagothromaíochtaí struchtúracha, lena n-áirítear luach saothair agus ioncam scoir i measc grúpaí daonra; á iarraidh go ndéanfaí anailís chórasach ar na hábhair imní sin agus go dtabharfaí aghaidh orthu trí ghníomhaíocht chomhordaithe leis na coistí ábhartha agus leis an gCoimisiún; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh cosaint agus tacaíocht fheabhsaithe ann do dhaoine aonair atá neamhchosanta ar mhí-úsáid nó ar eisiamh agus a bhfuil bacainní rompu maidir le rochtain a fháil ar shásraí tacaíochta iomchuí agus ar cheartas; |
|
8. |
á mheabhrú go rannchuidíonn achainíocha go mór le feidhmiú ról an Choimisiúin mar chaomhnóir na gConarthaí trí uirlis bhreise a sholáthar do shaoránaigh chun sáruithe líomhnaithe ar dhlí an Aontais a thuairisciú; ag cur i dtábhacht gur ríthábhachtach an comhar cuiditheach idir an Coiste um Achainíocha agus an Coimisiún, trí fhreagraí tráthúla agus mionsonraithe ón gCoimisiún, freagraí atá bunaithe ar iniúchtaí críochnúla ar na saincheisteanna a ardaítear in achainíocha, chun a áirithiú go ndéileálfar go rathúil le hachainíocha; |
|
9. |
ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún soiléirithe dlíthiúla a sholáthar maidir leis na príomhchritéir atá mar bhonn taca lena chur chuige straitéiseach maidir le dlí an Aontais a fhorfheidhmiú agus an Coiste um Achainíocha a thabhairt cothrom le dáta go rialta maidir le forbairtí in imeachtaí um shárú agus a áirithiú go bhfaighidh an Coiste um Achainíocha rochtain ar na doiciméid ábhartha uile maidir le nósanna imeachta EU Pilot agus nósanna imeachta um shárú agus tionscnaimh reachtacha a seoladh bunaithe ar achainíocha a fuarthas; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, ach trédhearcacht mhéadaithe agus aiseolas tráthrialta a bheith ann i dtaca le láimhseáil nósanna imeachta um shárú ag an gCoimisiún, go rachadh sé chun tairbhe d’obair leantach an Choiste ar achainíocha oscailte; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún le déanaí chun achainíocha a áireamh i gcóras cuardaigh chlár um shárú an Choimisiúin; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach don Choimisiún imscrúduithe tráthúla a dhéanamh ar achainíocha, agus béim á leagan ar sháruithe ar chearta a dhéanann difear do líon mór saoránach agus cónaitheoirí laistigh den Aontas agus dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, leis an ombudsman náisiúnta ábhartha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chaoi a bhfuil an Coimisiún ag láimhseáil roinnt nósanna imeachta um shárú a seoladh i gcoinne na mBallstát, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le saincheisteanna a ardaíodh in go leor achainíocha; ag spreagadh an Choimisiúin chun na bearta uile is gá a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar éifeachtacht a bhainistithe ar nósanna imeachta um shárú, ar féidir le saoránaigh a mheas go bhfuil siad doiléir; |
|
10. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil na bearta is gá á ndéanamh ag údaráis náisiúnta chun freagairt ar imní na saoránach a chuirtear in iúl ina n-achainíocha faoi chásanna nuair nach gcomhlíontar dlí an Aontais agus chun nósanna imeachta um shárú a sheoladh nuair is gá; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gníomhaíocht thráthúil agus réamhghníomhach ón gCoimisiún i gcásanna sáruithe ar dhlí an Aontais ríthábhachtach chun sáruithe den sórt sin a chosc, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó mhuinín na saoránach as institiúidí Eorpacha, agus a bheith córasach; |
|
11. |
á mheabhrú gur colún bunúsach de dhaonlathas na hEorpa í an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; ag cáineadh aon iarracht cinsireacht a dhéanamh ar shaoránaigh nó a n-ionadaithe tofa, nó iad a imeallú nó a imeaglú ar bhonn a dtuairimí polaitiúla; á chur i bhfios go láidir freisin go bhfuil sé ríthábhachtach go n-urramófar torthaí na dtoghchán, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, chun muinín na saoránach as an bpróiseas daonlathach a choinneáil; |
|
12. |
ag cur béim ar an ngá atá le comhar feabhsaithe agus níos gníomhaí idir na Ballstáit agus an Coiste um achainíocha chun na hachainíocha sin a dhíbhlocáil lena n-éilítear freagraí agus freagairtí prasa ó na húdaráis náisiúnta; á mheabhrú go bhféadfadh tionchar a bheith ag freagraí moillithe na mBallstát ar réiteach tráthúil saincheisteanna a d’ardaigh saoránaigh agus iarmhairtí diúltacha maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais a réiteach; ag tabhairt dá haire gur cheart do na Ballstáit freagraí ar achainíocha a ráthú laistigh den sprioc-am trí mhí a iarradh; á chur i bhfáth go n-éascódh comhordú agus idirphlé feabhsaithe láimhseáil níos éifeachtúla ar ábhair imní na saoránach, go gcoiscfí moilleanna neamhriachtanacha agus go neartófaí éifeachtacht phróiseas na n-achainíocha; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach bhfuil na moltaí a d’eisigh an Coiste um Achainíocha ina thuarascáil an 19 Márta 2024, tar éis a mhisin chun na Catalóine, curtha chun feidhme go hiomlán ag na húdaráis oideachais ábhartha go fóill, go háirithe iad siúd a bhaineann le cearta teanga a chosaint do gach mac léinn agus dá dteaghlaigh; á chur in iúl gur oth léi go mór an teannas a bhí ag comhaltaí an Choiste le linn a gcuairte ar Barcelona ón 18 go dtí an 20 Nollaig 2023, agus á iarraidh go mbeadh idirphlé agus comhar measúil ann i measc na ngeallsealbhóirí uile chun a áirithiú gur féidir le hinstitiúidí daonlathacha a sainorduithe a chur i gcrích i dtimpeallacht ina bhfuil meas agus tuiscint fhrithpháirteach; |
|
14. |
ag géarcháineadh an chiaptha agus an imeaglaithe a raibh comhaltaí oifigiúla Thoscaireacht an Choiste um Achainíocha faoina réir le linn a gcuairte aimsithe fíoras ar Barcelona ón 18 go dtí an 20 Nollaig 2023, agus é mar aidhm measúnú a dhéanamh in situ ar an tsamhail tumtha teanga sa Chatalóin, ar a héifeachtaí ar theaghlaigh atá ag bogadh chuig an bPobal Féinrialaitheach agus a bhfuil cónaí orthu ann, agus ar ilteangachas agus neamh-idirdhealú agus ar phrionsabal an smachta reachta; |
|
15. |
á chur in iúl gur oth léi nár chuir na húdaráis oideachais inniúla sa réigiún na moltaí a d’eisigh an Coiste um Achainíocha chun feidhme ina thuarascáil an 19 Márta 2024 tar éis an mhisin, arb é is aidhm dó cearta teanga mac léinn agus a dteaghlach a chosaint; |
|
16. |
á mheabhrú gur uirlis inmheánach bhunriachtanach é an bunachar sonraí ríomh-Achainíocha a ligeann do chomhaltaí an Choiste um Achainíocha rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile is gá chun obair leantach a dhéanamh ar staid gach achainí agus chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir leis an gcaoi a gcaitear leis na hachainíocha; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról tábhachtach ag an mbunachar sonraí ríomh-Achainíocha freisin i gcumarsáid le hachainígh; |
|
17. |
ag meabhrú thiomantas an Choimisiúin uirlis TF idirinstitiúideach a chruthú, in éineacht leis an bParlaimint, chun faisnéis agus doiciméid a chomhroinnt maidir leis na bearta leantacha uile arna ndéanamh ar achainíocha, amhail nósanna imeachta um shárú, tograí reachtacha nó freagraí ó údaráis náisiúnta, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar thrédhearcacht agus éifeachtúlacht maidir le láimhseáil achainíocha, a rannchuideodh, i gcomhthéacs níos leithne, le muinín na saoránach as institiúidí an Aontais agus as an tionscadal Eorpach a mhéadú; |
|
18. |
á mheabhrú go bhfuil comhar le coistí eile sa Pharlaimint bunriachtanach chun déileáil go cuimsitheach le hachainíocha, agus aird ar leith á tabhairt ar achainíocha maidir le comhionannas inscne, éagsúlacht teaghlaigh, ceartas comhshaoil agus cearta teanga mionlach; ag tabhairt dá haire gur cuireadh 34 iarraidh ar thuairim (a chomhfhreagraíonn do 31 achainí) agus 223 iarraidh ar fhaisnéis chuig coistí eile in 2023; ag tabhairt dá haire, as na 34 thuairim a iarradh, nach bhfuarthas ach 25 fhreagra faoi dheireadh 2023 (i 14 chás cuireadh tuairim ar fáil agus i 10 gcás chinn an coiste gan tuairim a dhréachtú agus ceithre huaire, níor cuireadh aon chinneadh oifigiúil in iúl); á mheabhrú go gcuirtear achainígh ar an eolas faoi chinntí chun tuairimí a iarraidh ar choistí eile maidir le láimhseáil a n-achainíocha; ag cur i dtábhacht gur cheart do choistí parlaiminteacha dlús a chur lena a n-iarrachtaí chun rannchuidiú go gníomhach le scrúdú a dhéanamh ar achainíocha trína saineolas a chur ar fáil ionas go bhféadfaidh an Pharlaimint freagra níos gasta agus níos cuimsithí a thabhairt ar ábhair imní na saoránach; |
|
19. |
á chur in iúl go bhfuil sí tuairim gur uirlis úsáideach é an líonra achainíocha chun obair leantach achainíocha a éascú in obair pharlaiminteach agus reachtach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil cruinnithe rialta den líonra achainíocha a ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí an Choiste um Achainíocha níos sofheicthe agus go mbeidh tuiscint níos fearr ann ar a chuid oibre agus a mhisean, chomh maith le comhar a neartú leis na coistí parlaiminteacha eile; |
|
20. |
ag cur i dtábhacht gur léirigh an Coiste um Achainíocha a sheasamh maidir le saincheisteanna tábhachtacha a ardaíodh in achainíocha trí ghlacadh a thuarascála ar thoradh phlé an Choiste um Achainíocha le linn 2022 (5); |
|
21. |
ag cur béim ar laghdú beag ar an líon achainíocha a cuireadh isteach ar shaincheisteanna caidrimh sheachtraigh i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí an méid sin a mhíniú leis an gcomhthéacs geopholaitiúil nua in 2023 agus go háirithe laghdú ar an líon achainíocha ar an gcogadh san Úcráin agus méadú suntasach ar achainíocha a bhaineann leis na coinbhleachtaí nua sa Mheánoirthear; ag tabhairt dá haire gur chuir an Coiste um Achainíocha san áireamh imní na saoránach maidir le smachtbhannaí, slándáil, réiteach coinbhleachta, beartas víosa, dul chun cinn thíortha is iarrthóirí an Aontais, i measc saincheisteanna eile, agus chuir sé roinnt achainíocha ar a chlár oibre a bhaineann go háirithe le ceisteanna maidir le staid na ndídeanaithe, go háirithe leanaí agus staid na ndídeanaithe Veiniséalacha san Aontas; ag aithint iarrachtaí na gcoistí lena dtugtar aghaidh go gníomhach cheana ar na saincheisteanna sin agus ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile na hachainíocha sin a thabhairt dá n-aire ina bpléití; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire gur chosúil go raibh ról tábhachtach fós in 2023 ag an tsláinte, a bhí ar cheann de na príomhréimsí imní in achainígh in 2022; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur scrúdaigh agus gur phléigh an Coiste um Achainíocha achainíocha ar an toirmeasc ar cheimiceáin agus ar mhiotail throma i mbréagáin leanaí, an tacaíocht do chórais bhia agus stíleanna maireachtála atá sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus ar chur chun feidhme rialacháin an Aontais maidir le siúcraí breise i mbianna a cheaptar do naíonáin agus do leanaí óga; |
|
23. |
ag tarraingt aird ar an líon mór achainíocha a cuireadh isteach agus a pléadh maidir le hábhair imní na saoránach i dtaca le seiceálacha teorann idir roinnt Ballstát a thabhairt isteach arís, rud a ardaíonn an ghné achrannach maidir le teorannú saorghluaiseachta daoine laistigh den Aontas agus gnéithe eile amhail na láidreachtaí agus laigí a bhaineann le leathnú an limistéir Schengen; á mheabhrú go bhféadfaidh na Ballstáit rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a thabhairt ar ais arís (6) i gcás bagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, nó in imthosca eisceachtúla a chuireann feidhmiú foriomlán limistéar Schengen i mbaol; á chur in iúl gur mór aici an ról suntasach atá ag an gCoiste um Achainíocha, go háirithe an t-iliomad gníomhaíochtaí a rinneadh, tairiscint ghearr i gcomhair rúin a ghlacadh sa choiste maidir le haontachas le limistéar Schengen an 27 Meitheamh 2023 agus an rún gaolmhar ón bParlaimint, chun tacú go láidir le méadú limistéar Schengen chun an Rómáin agus an Bhulgáir a áireamh in eagrú na héisteachta poiblí maidir le Teorainneacha Schengen an 18 Iúil 2023 i gcomhar leis an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh d’aon toil ón gComhairle maidir le ballraíocht iomlán an dá thír i limistéar Schengen amhail ón 1 Eanáir 2025 lena gceadaítear lánfheidhmiú shaoirsí bunúsacha Mhargadh Aonair an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras gur chinneadh idirdhealaitheach ab ea cosc a chur ar na Ballstáit ó dhul isteach i limistéar Schengen d’ainneoin na gceanglas riachtanach uile a chomhlíonadh, cinneadh nach raibh bonn cirt dlíthiúil leis agus a rinne difear mór do go leor saoránach de chuid an Aontais; |
|
24. |
ag cur sonrú sa mhéadú tobann ar achainíocha de bhunadh na Spáinne sa dara leath de 2023 maidir leis na rioscaí don smacht reachta sa Spáinn mar thoradh ar rún Rialtas na Spáinne Dlí Maithiúnais a ghlacadh atá contrártha leis an dlí bunreachtúil agus Eorpach; á chur in iúl gur saoth léi na hionsaithe ar an smacht reachta agus scaradh na gcumhachtaí a rinne Rialtas na Spáinne; |
|
25. |
ag cur béim ar obair an Choiste um Achainíocha i ndáil le hachainíocha a bhaineann le rialacha comhchoiteanna maidir le caighdeán aonair le haghaidh toisí bagáiste láimhe, ag cur béim ar imní na saoránach faoin míchaoithiúlacht agus faoin míchompord a eascraíonn as rialacha neamhréireacha maidir le bagáiste cábáin aerlínte agus na costais fholaithe mar thoradh orthu; ag cur béim ar an iarraidh uaithi maidir le comhlíontacht le rialú ábhartha ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar reachtaíocht aersheirbhísí an Aontais; ag cur béim, i dtaca leis sin, ar an tairiscint ghearr i gcomhair rúin maidir le toisí caighdeánaithe le haghaidh bagáiste iompair, tairiscint a ghlac an Coiste um Achainíocha an 20 Meán Fómhair 2023, ar glacadh rún ina dhiaidh sin trí vóta aonair ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2023; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Coimisiún athbhreithniú ar aghaidh i mí na Samhna 2023 ar an gcreat um chearta paisinéirí agus sraith tograí a ceapadh chun eispéireas paisinéirí agus taistealaithe a fheabhsú, lena n-áirítear an ceanglas maidir le líon teoranta méideanna agus meáchan coiteann chun an mearbhall a laghdú; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, go bhfuil an iomarca bacainní fós os comhair paisinéirí faoi mhíchumas agus iad ag taisteal, go háirithe i gcás turais ilmhódacha; á chur in iúl gur oth léi nach gcomhlíonann córais iompair phoiblí go leor Ballstát ceanglais Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD); |
|
26. |
ag tabhairt dá haire gur ábhar mór imní fós iad saincheisteanna comhshaoil d’achainígh in 2023 agus bhí breis agus 21 % d’achainíocha tiomnaithe do shaincheisteanna comhshaoil; á chur in iúl gurb oth léi go líomhnaítear le cuid de na hachainíocha sin go ndearna na Ballstáit reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme go mícheart, agus go bhfuil roinnt Ballstát ag tabhairt aghaidh ar nósanna imeachta um shárú cheana féin maidir le dlíthe comhshaoil an Aontais a shárú; ag tabhairt dá haire go dtugtar tuairisc in achainíocha iomadúla ar ghearáin faoi cháilíocht an aeir, truailliú torainn, bainistiú/cóireáil dramhaíola, meath na n-éiceachóras nádúrtha agus sárú na Treorach maidir le Gnáthóga i mBallstáit éagsúla; ag cur béim ar an éisteacht phoiblí ar staid chur chun feidhme na Treorach maidir le Gnáthóga a eagraíodh an 24 Bealtaine 2023; ag cur sonrú san obair a lean an Coiste um Achainíocha de bheith á déanamh in 2023 maidir le tionchar an athraithe aeráide i réimsí éagsúla, ní hamháin sa réimse comhshaoil, ach in úsáid talún freisin, agus roinnt achainíocha a fuarthas ar na hábhair seo á gcur ar an gclár oibre; ag tarraingt aird ar an gceardlann maidir le tionchar an athraithe aeráide ar shlándáil shóisialta agus ar na grúpaí is leochailí a eagraíodh an 22 Márta 2023, chomh maith le cur i láthair an staidéir ar chúiteamh d’íospartaigh tubaistí athraithe aeráide an 18 Iúil 2023; |
|
27. |
ag tabhairt aird ar an gceardlann a d’eagraigh an Coiste um Achainíocha an 25 Eanáir 2023 maidir le trédhearcacht phraghsála agus aisíocaíocht táirgí íocshláinte, inar pléadh trédhearcacht ó dhearcadh othar agus tomhaltóirí, táirgeoirí táirgí íocshláinte, agus taighde acadúil; ag tabhairt dá haire go raibh an plé dírithe ar chostais taighde agus forbartha na gcuideachtaí agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi na praghsanna a íoctar ar chógais, agus béim á cur ar a thábhachtaí atá trédhearcacht maidir leis na saincheisteanna sin; |
|
28. |
ag cur i dtábhacht a thábhachtaí atá sé ionchais shaoránaigh an Aontais a bhaint amach maidir le cosaint an chomhshaoil agus áitíonn sí ar an gCoimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm i gceart i réimse an chomhshaoil, go háirithe i réimse na lománaíochta neamhdhleathaí; ag tarraingt aird ar na hachainíocha maidir le saincheisteanna comhshaoil, lena léirítear imní an phobail atá ag dul i méid maidir le himpleachtaí an athraithe aeráide, lena n-éilítear go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit araon reachtaíocht chomhshaoil atá ann cheana de chuid an Aontais a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach; á chur i bhfáth gur cheart a mheas go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna aghaidh a thabhairt ar ionchais shaoránaigh an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus atá sé réaltachtaí eacnamaíocha gach Ballstáit a chur i gcuntas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar diúltach ag rialacháin iomarcacha ar gheilleagair atá ag teacht chun cinn; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur cheart cead a bheith ag gach Ballstát cinntí a dhéanamh faoina phróiseas aistrithe agus nár cheart do reachtaíocht chomhshaoil bac a chur ar iomaíochas eacnamaíoch; |
|
29. |
ag aithint éifeachtaí dearfacha na cuairte aimsithe fíoras ar an Rómáin ón 15 go dtí an 18 Bealtaine 2023 ar bhainistiú agus ar chosaint dhaonra na mbéar donn; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil an iomarca tionóiscí marfacha fós ann de bharr béir dhonn i ndáil le daoine agus beostoc, rud a fhágann go bhfuil gá le tuilleadh faireacháin agus comhair leis na húdaráis náisiúnta; á chur i bhfios go láidir gur cheart cosaint bheatha agus shlándáil an duine a bheith mar thosaíocht i gcónaí; |
|
30. |
tar éis na cuairte aimsithe faisnéise ar an Rómáin, á chur i bhfáth go bhfuil gá le cothromaíocht idir cosaint fiadhúlra agus sábháilteacht na saoránach; á chur i bhfios go láidir gur cheart cead a bheith ag gach Ballstát bearta a dhéanamh, lena n-áirítear rialú daonra na speiceas, chun bagairtí ar bheatha agus ar mhaoin a shaoránach a chosc; |
|
31. |
ag cur béim ar thiomantas an Choiste um Achainíocha cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint; ag meabhrú na ceardlainne bliantúla a reáchtáil an Coiste um Achainíocha an 29 Samhain 2023 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas; á mheabhrú go raibh an chéad chuid dírithe ar an gcaoi ar thug daoine faoi mhíchumas aghaidh ar na géarchéimeanna a tharla le déanaí (costais fuinnimh, cogadh, boilsciú ard, etc.) agus conas a chuidigh bearta an Aontais leis na constaicí sin a shárú, agus sa dara cuid díríodh ar an gcaoi ar fhorbair na hinstitiúidí Eorpacha cumarsáid chuimsitheach le saoránaigh faoi mhíchumas; ag cur i dtábhacht, sa chomhthéacs sin, gur ghlac an Coiste tuairim i bhfoirm litreach maidir le bunú an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála do dhaoine faoi mhíchumas an 29 Samhain 2023; á chur i bhfáth go dtagann rochtain ar sochar slándála sóisialta do dhaoine faoi mhíchumas faoin fhreagracht náisiúnta agus faoi scéimeanna comhordúcháin sóisialta, agus gur cheart aghaidh a thabhairt ar dhíospóidí freisin trí na sásraí breithiúnacha atá i bhfeidhm agus trína n-inniúlachtaí agus iad a urramú tríd an oibleagáid leigheasanna dlíthiúla a ídiú, ní trí idirghabháil dhíreach ón gCoimisiún, i ndáil le prionsabal na coimhdeachta; á chur i bhfios go láidir freisin sa chomhthéacs sin go bhfuil géarghá leis an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta a thrasuí go hiomlán agus go comhsheasmhach agus á iarraidh ar na Ballstáit tuilleadh moilleanna a sheachaint a chuireann bac ar chearta daoine faoi mhíchumas; á mheabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag an Ionstraim Inrochtaineachta feabhas a chur ar shaol 87 milliún duine faoi mhíchumas ar a laghad, lena n-éascófar a rochtain ar, inter alia, iompar poiblí, seirbhísí baincéireachta, ríomhairí, teilifíseáin, ríomhleabhair agus siopaí ar líne; |
|
32. |
ag cur béim ar an rannchuidiú tábhachtach atá déanta ag an gCoiste um Achainíocha maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint, mar a léiríodh sa chaoi ar phléigh sé le roinnt achainíocha ar an ábhar íogair sin; ag aithint, sa chomhthéacs sin, iarrachtaí sheirbhísí na Parlaiminte agus ag tabhairt dá haire nach mór ní hamháin an réiteach teicniúil is fearr ach an réiteach is inrochtana do shaoránaigh bhodhra a aimsiú chun cumarsáid a dhéanamh leo ina dteanga dhúchais féin, i dteangacha comharthaíochta náisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí na Rialacha Nós Imeachta a mhodhnú i ndlúthchomhar leis an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (AFCO) chun deireadh a chur leis an gcumarsáid éigeantach go heisiach i scríbhinn le saoránaigh ar úsáideoirí teanga comharthaíochta iad, nó ar daoine iad atá bodhar nó a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu ionas gur féidir leo, arna iarraidh sin dóibh, a dteanga chomharthaíochta a úsáid le linn an imeachta; ag cur i dtábhacht, sa chomhthéacs sin, gur ghlac an Coiste tuairim i bhfoirm litreach maidir le bunú an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála do dhaoine faoi mhíchumas an 29 Samhain 2023; |
|
33. |
ag cur béim, thairis sin, ar an ról sonrach cosanta atá ag an gCoiste um Achainíocha laistigh de AE faoi chuimsiú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas trína chumas achainíocha a éisteacht agus ag cur béim ar obair thábhachtach leanúnach an choiste ar achainíocha maidir le saincheisteanna a bhaineann le míchumas; agus laghdú beag ar líon na n-achainíocha maidir le míchumas in 2023 i gcomparáid le 2022 á thabhairt dá haire, á chur i bhfáth gur tháinig méadú faoi dhó nach mór ar an líon sin i gcomparáid le 2021; á chur i bhfios, thairis sin, go bhfuil idirdhealú agus rochtain ar iompar poiblí agus ar fhostaíocht fós ina ndúshláin mhóra roimh dhaoine faoi mhíchumas agus ag cur béim ar aird ar leith an Choiste ar an iarraidh go n-aithneofaí cearta daoine a bhfuil uathachas orthu leis an Reacht Eorpach um Míchumas; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh tairiscint ghearr i gcomhair rúin maidir le cearta daoine a bhfuil uathachas orthu a chomhchuibhiú, agus béim á leagan ar an ngá atá le feabhas a chur ar rochtain ar dhiagnóis, ar chúram sláinte, ar oideachas, ar fhostaíocht, ar inrochtaineacht agus ar sholáthar cóiríochta réasúnta, ar acmhainneacht dhlíthiúil agus ar thacaíocht ar feadh an tsaoil sa phobal lena n-áirítear maidir le cultúr agus spórt; ag tarraingt aird, thairis sin, ar ról ar leith an Choiste um Achainíocha maidir le cearta leanaí agus a dtuismitheoirí a chosaint, agus aitheantas á thabhairt don iliomad achainíocha a fhaightear maidir le cearta leanaí, a éilíonn aird ar leith agus gníomhaíocht ar leith; ag meabhrú, sa chomhthéacs sin, fhorálacha Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 24 di maidir le cearta an linbh, chun ligean do gach leanbh caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a choinneáil lena bheirt tuismitheoirí, mura rud é go bhfuil sé sin contrártha do leasanna an linbh; á athdhearbhú freisin go bhfuil baol ann go ndíreofar ar theaghlaigh a bhfuil leanaí a bhfuil uathachas orthu trí thairiscintí teiripí agus idirghabhálacha neamhchruthaithe, a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus neamhdhleathach, agus ar teiripí agus idirghabhálacha iad a d’fhéadfadh a bheith ina mí-úsáid thromchúiseach fhisiciúil leanaí; |
|
34. |
á mheabhrú go raibh an caidreamh leis an Ombudsman Eorpach ar cheann de na freagrachtaí a tugadh don Choiste um Achainíocha le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi comhar cuiditheach na Parlaiminte leis an Ombudsman Eorpach, a roinneann an Coiste um Achainíocha leis na cuspóirí maidir le trédhearcacht, gairmiúlacht agus sláine institiúidí an Aontais a áirithiú i leith saoránaigh Eorpacha, chomh maith lena rannpháirtíocht i Líonra Eorpach na nOmbudsman; á chur i bhfáth gur gá dlús a chur leis an gcomhar leis an Ombudsman Eorpach chun freagairt thapa, neamhchlaonta agus thrédhearcach a áirithiú ar ghearáin ó shaoránaigh faoi aon mhífheidhmiú riaracháin laistigh d’institiúidí an Aontais; |
|
35. |
ag cur béim ar an bpríomhobair a rinne an Coiste um Achainíocha maidir le cearta oibrithe a chosaint; á chur i bhfios go láidir go ndearnadh obair leantach ar roinnt achainíocha a fuarthas sa réimse sin le gníomhaíochtaí breise amhail an díospóireacht ar úsáid conarthaí ar théarma seasta, chomh maith leis an achainí maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Good Clothes, Fair Pay’ [Éadaí Maithe, Pá Cóir] inar díríodh ar staid dhíobhálach na n-oibrithe i dtionscal domhanda an éadaigh agus an choisbhirt, nó an Cheist Pharlaiminteach i gcomhair Freagra ó Bhéal maidir le Dálaí Oibre múinteoirí san Aontas Eorpach, agus achainí a fuarthas ar an ábhar sin mar bhonn aici freisin; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé dálaí oibre cothroma agus cosaint níos fearr d’oibrithe in AE a áirithiú, á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na hábhair imní a ardaíodh in achainíocha a bhaineann le cearta saothair agus ceardchumainn; |
|
36. |
ag meabhrú an staidéir ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hEaspa Dídine in AE a choimisiúnaigh an Coiste um Achainíocha agus a cuireadh i láthair ag an gcruinniú a bhí aige i mí na Samhna 2023; ag tabhairt dá haire gur chuir an staidéar sin go mór leis an dúshlán práinneach sóisialta agus eacnamaíoch sin, arb ionann é agus ceann de na cineálacha eisiaimh shochaíoch is tromchúisí, agus béim á leagan ar an ngá atá le hathrú beartais phoiblí chun easpa dídine a chosc ar an gcéad dul síos, inter alia, trí thithíocht shlán agus inacmhainne a chur ar fáil; á mheabhrú nach féidir a mheas gur réiteach ar easpa dídine é suiteoireacht neamhdhleathach, ós rud é go gcumhdaítear an ceart chun maoine in Airteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit fíorréitigh a lorg seachas suiteoireacht neamhdhleathach a chur chun cinn, ós rud é go dtagann an beartas tithíochta faoi inniúlacht eisiach na mBallstát; |
|
37. |
ag aithint rannchuidiú rialta an Ombudsman Eorpaigh le hobair an Choiste um Achainíocha i rith na bliana; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim dhaingean nach mór d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú go ndéanfar obair leantach chomhsheasmhach agus éifeachtach ar mholtaí ón Ombudsman; |
|
38. |
ag cur i dtábhacht gur ionstraim thábhachtach do shaoránacht ghníomhach agus rannpháirtíocht an phobail iad tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh; á chur in iúl gur geal léi an plé a rinneadh i roinnt cruinnithe ar roinnt Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh nár éirigh leo, a cumadh as an nua uaireanta ina dhiaidh sin mar achainíocha, chun deis a thabhairt do shaoránaigh a gcuid smaointe a chur i láthair agus díospóireacht chuiditheach a reáchtáil, agus rannchuidiú á dhéanamh acu lena rannpháirtíocht i bpróisis dhaonlathacha an Aontais; ag cur sonrú sa líon mór TESanna nua a chláraigh an Coimisiún in 2023, rud a léiríonn go bhfuil saoránaigh ag tapú an deis ionstraimí rannpháirteacha a úsáid chun go gcloistear iad i bpróisis bheartais agus reachtóireachta; ag iarraidh ar an gCoimisiún dul i dteagmháil ar bhealach níos fearr le saoránaigh agus obair leantach leormhaith a dhéanamh maidir le tionscnaimh Eorpacha rathúla ó na saoránaigh; á chur in iúl gur geal léi an iarracht thábhachtach a rinneadh chun ceithre éisteacht phoiblí a eagrú, i gcomhar le coistí eile, maidir le tionscnaimh Eorpacha rathúla ó na saoránaigh, a chuir ar a gcumas do na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh a chur i láthair agus dul i dteagmháil le Feisirí Pharlaimint na hEorpa agus le hionadaithe ón gCoimisiún Eorpach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tiomantas an Choimisiúin freagairt ar TESanna bailí bunriachtanach chun muinín na saoránach in TES a choinneáil mar an ionstraim is suntasaí den daonlathas rannpháirteach; |
|
39. |
ag tathant ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar na rúin pharlaiminteacha a glacadh maidir le Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh (TESanna) agus feabhas a chur ar a rannpháirtíocht leis na saoránaigh, go háirithe trí obair leantach iomchuí agus éifeachtach ar TESanna rathúla a áirithiú, agus ar an gcaoi sin an próiseas daonlathach a threisiú agus a áirithiú go léireofar guthanna na saoránach go leormhaith i gceapadh beartas AE; |
|
40. |
ag cur i dtábhacht gur uirlis fhíor-riachtanach í an Tairseach Ghréasáin na nAchainíocha chun próiseas achainíocha atá réidh, éifeachtach agus trédhearcach a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na feabhsuithe ar ghnéithe cosanta sonraí agus slándála a d’fhág go bhfuil an tairseach níos so-úsáidte agus níos sláine do shaoránaigh; ag cur i dtábhacht nach mór leanúint d’iarrachtaí chun an tairseach a dhéanamh níos inrochtana, lena n-áirítear í a dhéanamh níos inrochtana d’úsáideoirí teanga comharthaíochta agus do dhaoine faoi mhíchumas; ag tabhairt dá haire go raibh Tairseach Ghréasáin na nAchainíocha ar cheann de na suíomhanna gréasáin is mó de chuid Pharlaimint na hEorpa a dtugtar cuairt air, agus dá bhrí sin is é an chéad phointe teagmhála leis an bParlaimint le haghaidh go leor saoránach den Aontas; |
|
41. |
ag meabhrú ghné Eorpach an Choiste um Achainíocha, ar féidir le saoránaigh ó gach ceann de na 27 mBallstát aghaidh a thabhairt uirthi maidir le saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme ghníomhaíochtaí an Aontais; á chreidiúint go bhfuil freagracht ar leith ar an gCoiste seasamh leis an ngné Eorpach sin agus breisluach aontacht agus lánpháirtiú na hEorpa do shaoránaigh a léiriú agus leanúint d’aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le sáruithe ar dhlí AE, chomh maith le lúba ar lár agus easnaimh i bhforálacha dlí atá ann cheana de chuid an Aontais; á chreidiúint go bhféadfadh seachaint thráthúil achainíocha a bhfuil inniúlachtaí náisiúnta soiléire acu mar aon le mínithe agus treoracha cuimsitheacha maidir le gníomhaíochtaí malartacha, i gcás inarb iomchuí, rannchuidiú le cur chuige cuiditheach agus á mheas, sa chomhthéacs sin, gur cheart do Pharlaimint na hEorpa a hiarrachtaí a mhéadú chun ról agus obair a Coiste um Achainíocha a chur chun cinn agus feasacht a mhúscailt i measc shaoránaigh uile an Aontais maidir leis an bhféidearthacht achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa; á mheabhrú, mar gheall ar an am teoranta a thugtar do chruinnithe coiste, go gcaitear le formhór na n-achainíocha trí nós imeachta i scríbhinn; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gur cheart na hachainíocha uile a fhaightear, lena n-áirítear iad siúd i réimse na ngnóthaí idirnáisiúnta, a láimhseáil leis an trédhearcacht agus leis an neamhchlaontacht is gá; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go léireodh roghnú na n-achainíocha lena bplé sa choiste cothromaíocht gheografach agus pholaitiúil na n-aighneachtaí a fhaightear; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart cothromaíocht gheografach a lorg freisin agus cuairteanna aimsithe faisnéise an choiste á n-eagrú, go bliantúil agus le linn gach téarma reachtaigh; |
|
42. |
á cur in iúl gur geal léi an tairiscint ghearr i gcomhair rúin a glacadh maidir le Príomhchathair Eorpach na Trádála Áitiúla (7) a chruthú ag an seisiún iomlánach i mí Eanáir 2023; ag cur i dtábhacht gur toradh sármhaith é an t-éacht sin don Choiste um Achainíocha, ag tabhairt dá haire gur áiríodh go rathúil an tionscadal sin mar réamhbheart i mbuiséad 2024, ag a bhfuil buiséad iomlán EUR 3 mhilliún; á mheabhrú gur chuir an Coimisiún i láthair go hoifigiúil, in Barcelona i mí na Nollag 2023, an tionscadal chun Príomhchathair Eorpach na Miondíola a chruthú; |
|
43. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo agus an tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Ombudsman Eorpach, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, a gcoistí achainíocha agus a n-ombudsmain náisiúnta nó a gcomhlachtaí inniúla comhchosúla. |
(1) IO C, C/2024/3999, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3999/oj.
(2) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).
(3) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, (ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj).
(4) IO C, C/2024/6559, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6559/oj.
(5) Arna glacadh ag an bParlaimint mar rún uaithi an 23 Samhain 2023 maidir leis an toradh ar phléití an Choiste um Achainíocha le linn 2022 (IO C, C/2024/4220, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4220/oj).
(6) Airteagail 25 go 30 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/399/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6220/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)