Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document E2024J0018

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE an 21 Bealtaine 2025 i gCás E-18/24 — Stát na hIorua, arna ionadú ag an Aireacht Fuinnimh v Greenpeace Nordic and Nature agus Youth Norway (An Comhshaol — Treoir 2011/92/AE — Measúnú ar éifeachtaí tionscadal ar an gcomhshaol — Airteagal 3(1) — Tionscadail a chumhdaítear le hIarscríbhinn I — Eastóscadh peitriliam agus gáis nádúrtha a dhíolfar le tríú páirtithe — Prionsabal an chomhair dhílis — Ceanglas na hiarmhairtí neamhdhleathacha a bhaineann le sárú ar dhlí LEE a neamhniú)

PUB/2025/837

IO C, C/2025/6205, 13.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6205/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6205/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6205

13.11.2025

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE

an 21 Bealtaine 2025

i gCás E-18/24

Stát na hIorua, arna ionadú ag an Aireacht Fuinnimh v Greenpeace Nordic and Nature agus Youth Norway

(An Comhshaol — Treoir 2011/92/AE — Measúnú ar éifeachtaí tionscadal ar an gcomhshaol — Airteagal 3(1) — Tionscadail a chumhdaítear le hIarscríbhinn I — Eastóscadh peitriliam agus gáis nádúrtha a dhíolfar le tríú páirtithe — Prionsabal an chomhair dhílis — Ceanglas na hiarmhairtí neamhdhleathacha a bhaineann le sárú ar dhlí LEE a neamhniú)

(C/2025/6205)

I gCás E-18/24, Stát na hIorua, arna ionadú ag an Aireacht Fuinnimh v Greenpeace Nordic and Nature agus Youth Norway — IARRAIDH chuig an gCúirt faoi Airteagal 34 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú ó Chúirt Achomhairc Borgarting (Borgarting lagmannsrett), maidir le léirmhíniú Airteagal 3(1) de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014, thug an Chúirt, a bhí comhdhéanta de Páll Hreinsson, Uachtarán (Breithiúna-Rapóirtéir), Bernd Hammermann agus Michael Reiertsen, Breithiúna, breithiúnas an 21 Bealtaine 2025, arb é seo a leanas an chuid oibríochtúil de:

(1)

Astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoilfear ó dhóchán peitriliam agus gáis nádúrtha a eastósctar mar chuid de thionscadal a liostaítear i bpointe 14 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014, agus a dhíoltar ansin le tríú páirtithe, is ‘éifeachtaí’ an tionscadail sin iad de réir bhrí na Treorach.

(2)

Ceanglaítear ar chúirt náisiúnta faoi Airteagal 3 LEE, a mhéid is féidir faoin dlí náisiúnta, deireadh a chur leis na hiarmhairtí neamhdhleathacha a bhaineann le mainneachtain measúnú iomlán a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol a cheanglaítear faoi Threoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE. Mar sin féin, ní chuireann sé sin bac ar thabhairt chun rialtachta trí mheasúnú den sórt sin a dhéanamh le linn don tionscadal a bheith ar siúl nó fiú tar éis é a bheith curtha i gcrích, ar an dá choinníoll seo a leanas:

nach dtuugann rialacha náisiúnta lena gceadaítear an tabhairt chun rialtachta sin deis do na páirtithe lena mbaineann dul timpeall ar rialacha dhlí LEE ná a gcur i bhfeidhm a ligean thar ceal, agus

aon mheasúnú ina dhiaidh sin nó aon mheasúnú coimhdeach a dhéantar chun críoch tabhairt chun rialtachta, nach ndéantar é i leith thionchar an tionscadail ar an gcomhshaol amach anseo amháin, ach ní mór a thionchar ar an gcomhshaol ó thráth críochnaithe an tionscadail sin a chur san áireamh freisin.

Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a mheas an gcomhlíontar na coinníollacha sna príomhimeachtaí, i bhfianaise ábhar na bhforálacha náisiúnta agus na faisnéise atá ar fáil di.

(3)

Ní fhéadfaidh cúirt náisiúnta an oibleagáid measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí faoi Airteagal 3(1) de Threoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE, a ligean thar ceal go haisghníomhach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6205/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top