Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025M11944(03)

Imeachtaí a thionscnamh (Cás M.11944 — MMG / BRAZILIAN NICKEL BUSINESS OF ANGLO AMERICAN)

C/2025/7567

IO C, C/2025/6082, 10.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6082/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6082/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6082

10.11.2025

Imeachtaí a thionscnamh

(Cás M.11944 — MMG / BRAZILIAN NICKEL BUSINESS OF ANGLO AMERICAN)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/6082)

An 4 Samhain 2025, chinn an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh sa chás thuasluaite tar éis dó cinneadh a dhéanamh go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha ann maidir leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi ó thaobh a chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach de. Le tionscnamh na n-imeachtaí cuirtear tús le himscrúdú dara céim i ndáil leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi, agus déantar sin gan dochar don chinneadh críochnaitheach maidir leis an gcás. Tá an cinneadh bunaithe ar Airteagal 6(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha faoin gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Chun go gcuirfear barúlacha san áireamh go hiomlán mar chuid den nós imeachta, ba cheart na barúlacha sin a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost chuig COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu nó tríd an bpost, agus é sin a dhéanamh faoin tagairt M.11944 — MMG / BRAZILIAN NICKEL BUSINESS OF ANGLO AMERICAN, chuig an seoladh seo a leanas:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6082/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top