Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AG0011(02)

Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013

IO C, C/2025/5991, 7.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5991/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5991/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5991

7.11.2025

Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013

(C/2025/5991)

I.   RÉAMHRÁ

1.

Thíolaic an Coimisiún an togra uaidh le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 (1), an 20 Eanáir 2023.

2.

Is é is aidhm don togra sin creat comhchuibhithe a bhunú le haghaidh staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht trí bhíthin an staidreamh atá ann cheana maidir le déimeagrafaíocht, imirce agus daonáirimh a chomhtháthú. Féachann sé le hinchomparáideacht, tráthúlacht agus ábharthacht sonraí fud fad na mBallstát a fheabhsú, d’fhonn tacú le beartais sin an Aontais a bhaineann leis an athrú déimeagrafach, leis an gcomhtháthú sóisialta agus leis an bhforbairt inbhuanaithe.

3.

Scrúdaíodh an togra ag an iomaí cruinniú de chuid na Meithle um Staitisticí.

4.

An 21 Meitheamh 2023, d’fhormheas Coiste na mBuanionadaithe (Cuid I) an sainordú caibidlíochta agus, ar an mbonn sin, d’iarr sé ar an Uachtaránacht tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, d’fhonn teacht ar chomhaontú ar an gcéad léamh.

5.

D’fhormheas Coiste na mBuanionadaithe sainordú athbhreithnithe (2) an 6 Márta 2024, agus chuir sé treoir ar fáil an 7 Bealtaine 2025 maidir leis an mbealach chun cinn (3) sa chaibidlíocht leis an bParlaimint.

6.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a tuarascáil i dtionól an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (Coiste EMPL) an 2 Deireadh Fómhair 2023 agus dhearbhaigh sí an tuarascáil céanna ag an seisiún iomlánach an 18 Deireadh Fómhair 2023. An 24 Aibreán 2024, ghlac an Pharlaimint a seasamh ar an gcéad léamh díreach sular tugadh i gcrích an 9ú Reacht ó Pharlaimint na hEorpa.

7.

Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht leis an bParlaimint i mí na Samhna 2023 le linn Uachtaránacht ES agus lean sí ar aghaidh le linn Uachtaránacht BE agus Uachtaránacht PL. Tógadh briseadh ón gcaibidlíocht idir lár mhí an Mhárta 2024 agus deireadh na bliana 2024, i ngeall ar an athrú ar thimthriall reachtach Pharlaimint na hEorpa i dtús aimsire, agus ina dhiaidh sin i ngeall ar an ualach oibre a bhain le ceapadh an Choimisiúin nua.

8.

Ag an gcúigiú cruinniú tríthaobhach an 12 Bealtaine 2025, tháinig foirne caibidlíochta na Comhairle agus na Parlaiminte ar chomhaontú sealadach.

9.

An 28 Bealtaine 2025, rinne Coiste na mBuanionadaithe (Cuid I) anailís ar an téacs comhréitigh sealadach d’fhonn teacht ar chomhaontú agus dhearbhaigh sé an téacs céanna sin (4).

10.

An 5 Meitheamh 2025, dhearbhaigh Coiste EMPL de chuid Pharlaimint na hEorpa an comhaontú polaitiúil agus chuir Cathaoirleach Choiste EMPL litir chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe an 6 Meitheamh 2025 ina ndearbhaítear go bhformheasfadh an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle ar an dara léamh ach a bhformheasfadh an Chomhairle an Rialachán ar an gcéad léamh, tar éis athbhreithniú dlí agus teanga.

I.   GNÉITHE DEN CHOMHAONTÚ SEALADACH

11.

Chuaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta agus é mar aidhm acu comhaontú a thabhairt i gcrích ar bhonn seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh a d’fhéadfadh an Pharlaimint a fhormheas, gan leasú, ar an dara léamh. Léirítear go hiomlán, i dtéacs an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh, an comhréiteach ar thángthas air idir an dá chomhreachtóir, le cúnamh ón gCoimisiún.

Bonn Daonra

12.

Ar cheann de na gnéithe ba íogaire den togra ó thaobh na polaitíochta agus na teicneolaíochta de, bhí an bonn daonra. Áirítear sa chomhréiteach deiridh an oibleagáid modhanna meastacháin a chur i bhfeidhm maidir leis an daonra iomlán ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an leibhéal sin amháin. Is le trí ábhar staidrimh a bhaineann an oibleagáid sin go sonrach: ‘Saintréithe bunúsacha an duine’, ‘Saintréithe socheacnamaíocha an duine’ agus ‘Staid lín tí an duine’. Thairis sin, féadfaidh na Ballstáit catagóir coigeartaithe thiomnaithe a úsáid má bhíonn meastacháin bhreise ar fáil. Leis an uirlis choigeartaithe chomhlántach sin, ar uirlis dheonach í mar sin féin, cuirtear ar chumas na mBallstát meastachán a dhéanamh ar mhéideanna iomlána an daonra, á aithint dóibh go bhfuil bearnaí sonraí ann ag an am céanna. I gcás ina n-úsáidtear an chatagóir coigeartaithe sin, ceanglaítear ar na Ballstáit a modheolaíocht a mhíniú agus údar a thabhairt lena húsáid sna tuarascálacha cáilíochta a ghabhann leo.

13.

Maidir leis na staitisticí daonra le haghaidh riachtanais na Vótála trí Thromlach Cáilithe, cuirfidh Eurostat daonra iomlán gach Ballstáit ar fáil don Chomhairle faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, bunaithe ar shonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán. Beidh go dtí an 1 Meán Fómhair gach bliain ag na Ballstáit lena bhfigiúirí a athbhreithniú.

Grúpaí daonra a bhfuil sé deacair teacht orthu

14.

Leis an gcomhaontú sealadach, tugtar isteach sainmhíniú ar ghrúpaí daonra a bhfuil sé deacair teacht orthu, ag tagairt do na baic atá ann cheana maidir le daoine áirithe a chuimsiú nó a shainaithint go hiomlán agus go hionadaíoch i sonraí staidrimh. Áirítear an téarma sin sna haithrisí agus sa chuid oibríochtúil, agus é mar aidhm féachaint leis gur fearr a chumhdaítear na grúpaí sin sna staitisticí daonra.

15.

Chun tacú leis an gcumhdach feabhsaithe sin, áirítear sa téacs comhréitigh forálacha maidir le staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta arb é is aidhm dóibh a mheas a infhaighte is atá sonraí maidir le grúpaí mar shampla daoine in institiúidí, daoine gan dídean, agus daoine faoi mhíchumas. Fiosrófar sna staidéir sin modheolaíochtaí iomchuí agus caighdeáin cosanta sonraí á n-urramú agus cumais náisiúnta á gcur san áireamh ag an am céanna.

Maoluithe

16.

I gcás ina gceanglaítear, le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó le cur i bhfeidhm a ghníomhartha tarmligthe nó a ghníomhartha cur chun feidhme, go ndéanfar mór-oiriúnuithe ar chórais staidrimh náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit maolú a iarraidh ar feadh tréimhse tosaigh suas le 3 bliana, agus an fhéidearthacht ann síneadh 3 bliana eile ar a mhéid a chur leis ar bhonn aonuaire, ar choinníoll go dtugtar údar leordhóthanach.

Coimircí

17.

Leis an gcomhaontú sealadach, tugtar isteach coimircí cáilíochtúla arna gcoigeartú do shainiúlachtaí an staidrimh Eorpaigh maidir leis an daonra. Áirithítear, leis na coimircí sin, nach mbeidh aon fhorluí neamhriachtanach idir na sonraí a bhailítear faoin Rialachán maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus na sonraí a bhailítear le haghaidh an Rialacháin maidir le Staidreamh Sóisialta Comhtháite Eorpach (IESS) (5). Ina theannta sin, eisiatar, leis an téacs comhréitigh, bailiú sonraí nach féidir, de bharr a gcineáil, iad a fháil ach go díreach ó dhaoine aonair trí bhíthin suirbhéanna.

18.

Chun an cur chun feidhme a éascú, leagtar síos sa réamh-chomhaontú riail ghinearálta nach mór gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh 18 mí ar a laghad roimh thús na tréimhse tagartha ábhartha. Tá dhá eisceacht ann: is tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh na chéad amanna tagartha a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme do na chéad amanna tagartha, agus is 24 mhí ar a laghad roimh an dáta tagartha a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le sonraí daonáirimh.

Bailiú sonraí ad hoc

19.

Bunaítear leis an réamh-chomhaontú sásra struchtúrtha le haghaidh bailiú breise sonraí. Is trí ghníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna gcur le hAirteagal 5 a chuirtear ar bun an bailiú sin, atá ceaptha freastal ar éilimh staidrimh ghearrthéarmacha gan choinne nó orthu siúd a bhaineann le géarchéimeanna.

20.

Chun comhréireacht a áirithiú agus ionas nach mbrisfí isteach ar obair staidrimh atá ag dul ar aghaidh faoi láthair, tá feidhm ag na teorainneacha seo a leanas: a) is ar feadh uastréimhse 3 bliana a mhairfidh gach bailiú sealadach sonraí, b) caithfidh eatramh dhá bhliain ar a laghad a bheith idir dhá bhailiú as a chéile agus c) ní bheidh forluí idir bailiú sealadach sonraí agus tréimhsí tagartha daonáirimh.

Iarscríbhinn

21.

Leagtar amach san Iarscríbhinn na ceanglais staidrimh, an tréimhsiúlacht, na miondealuithe críochacha agus na sprioc-amanna tarchuir lena gcosnaítear indéantacht agus ardcháilíocht sonraí.

22.

Measadh nach raibh luach staidrimh ag roinnt leis an tréimhsiúlacht 6 mhí ná leis na sonraí bliantúla maidir le saintréithe socheacnamaíocha a thabharfadh údar leis an ualach a chuirfidís ar chórais staidrimh náisiúnta agus, dá bhrí sin, scriosadh iad.

23.

Deimhnítear sa téacs comhréitigh gur ó bhunachair sonraí náisiúnta, agus uathu sin amháin, a tharraingeofar sonraí maidir le saintréithe foirgneamh a bhaineann le fuinneamh, i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1275. Leis an bhforáil sin, áirithítear soiléireacht dhlíthiúil agus fágann sé nach gá oibleagáidí tuairiscithe nua a thabhairt isteach.

24.

Coinníodh sprioc-am tarchuir T+ 24 mhí le haghaidh na dtacar sonraí ba chasta, i measc nithe eile, na tacair sonraí a bailíodh ar bhonn débhliantúil, iad siúd faoin réimse ‘Teaghlaigh agus líonta tí’, agus na tacair sonraí ilbhliantúla a bhfuil aonad riaracháin áitiúil (LAU) (6) mar an leibhéal críochach acu.

25.

I gcás tacair sonraí áirithe bhliantúla agus ilbhliantúla, leagtar síos idirthréimhse, go dtí 2035. I gcás tacair sonraí áirithe bhliantúla, beidh feidhm ag spriocdháta 12 mhí go dtí 2035, agus laghdófar an spriocdháta go 10 mí as sin amach. I gcás tacair sonraí ilbhliantúla, coinneofar an spriocdháta 24 mhí go dtí 2035 agus 18 mí a bheidh i gceist as sin amach. Féachtar chuige, a bhuí leis na hidirthréimhsí sin, gur indéanta é agus go gcuirfear chun feidhme de réir a chéile é.

26.

Leagadh síos spriocdháta 120 lá le haghaidh sonraí inimirceach in aghaidh na ráithe agus socraíodh spriocdháta 60 lá le haghaidh sonraí bliantúla i dtaobh an daonra iomlán agus le haghaidh teagmhais bheatha.

Dáta Cur i bhFeidhm agus an Chéad Bhliain Tagartha

27.

Ós rud é go nglacfar an Rialachán seo níos déanaí ná mar a bhí beartaithe ar dtús, is é an 1 Eanáir 2028 an dáta cur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, is í an bhliain 2027 an chéad bhliain tagartha le haghaidh bailiú sonraí faoin Rialachán.

II.   CONCLÚID

28.

Léirítear go hiomlán sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air le linn na caibidlíochta a rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus a d’éascaigh an Coimisiún.

29.

Dearbhaítear an comhréiteach sin leis an litir a chuir Cathaoirleach Choiste EMPL chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe an 6 Meitheamh 2025. Cuireann Cathaoirleach Choiste EMPL in iúl sa litir sin go molfaidh sí do chomhaltaí an Choiste, agus ina dhiaidh sin don suí iomlánach, an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh a ghlacadh, gan leasuithe ar an dara léamh sa Pharlaimint, faoi réir a fhíoraithe ag dlítheangeolaithe an dá institiúid.

(1)  ST 5588/23

(2)  ST 7138/1/24 REV 1

(3)  ST 8117/25

(4)  9153/25

(5)   Rialachán (AE) 2019/1700 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le líonta tí, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí (Rialachán IESS)

(6)   Úsáidtear aonaid riaracháin áitiúla (LAUnna) chun críoch an Aontais a dheighilt ar mhaithe le staidreamh a sholáthar ar an leibhéal áitiúil. Is rannáin ísle riaracháin iad i dtír, faoi bhun leibhéil riaracháin cúige, réigiúin nó stáit.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5991/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top