Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XC05514

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte chun tacú le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/900 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú ar fhógraíocht pholaitiúil

C/2025/6829

IO C, C/2025/5514, 10.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5514/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5514/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5514

10.10.2025

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Treoirlínte chun tacú le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/900 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú ar fhógraíocht pholaitiúil

(C/2025/5514)

Clár Ábhar

Réamhrá 3

1.

Cé atá cumhdaithe? 4

1.1

Urraitheoirí 4

1.2

Soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla 5

1.2.1

Seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán 6

1.2.1.1

Díolúine do sheirbhísí idirghabhálacha arna soláthar gan comaoin le haghaidh teachtaireacht shonrach 7

1.2.1.2

Díolúine le haghaidh seirbhísí coimhdeacha 8

1.3

Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla 9

1.3.1

Soláthraithe teicneolaíochta fógraíochta 9

1.3.2

Tionchairí 9

2.

Cad is fógraíocht pholaitiúil ann? 10

2.1.

Raon feidhme foriomlán agus sainmhíniú 10

2.2

Gnéithe bunaitheacha den sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil 14

2.2.1

Teachtaireachtaí ‘a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair’ 14

2.2.2

Teachtaireachtaí arna soláthar ‘trí ghníomhaíochtaí inmheánacha’ 14

2.2.3

Teachtaireachtaí a chuirtear ar fáil mar chuid d’fheachtas fógraíochta polaitiúla 15

2.2.4

Teachtaireachtaí ó ghníomhaí polaitiúil, ar a shon nó thar a cheann 16

2.2.5

Teachtaireachtaí de chineál príobháideach amháin nó de chineál tráchtála amháin 17

2.2.6

Teachtaireachtaí a dhlitear agus a cheaptar chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála 17

2.3

Gnéithe praiticiúla atá le breithniú chun fógraíocht pholaitiúil a shainaithint 18

3.

Oibleagáidí faoi Chaibidil II den Rialachán 22

3.1

Oibleagáidí ar urraitheoirí 22

3.2

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla 23

3.2.1

Airteagal 5(1): Neamh-idirdhealú 23

3.2.2

Airteagal 5(2): Toirmeasc ar urraitheoirí tríú tír 24

3.2.3

Airteagal 6(2): Socruithe conarthacha 24

3.2.4

Airteagal 7: Seirbhísí fógraíochta polaitiúla a shainaithint 25

3.2.4.1

Socruithe conarthacha 25

3.2.4.2

Riarachán na ndearbhuithe agus na faisnéise is gá 26

3.2.4.3

Cruinneas faisnéise 26

3.2.5

Airteagal 9: Coimeád taifead 27

3.2.6

Airteagal 10: Faisnéis a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla 28

3.2.7

Airteagal 16: Faisnéis a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta inniúla 28

3.2.8

Airteagal 17: Faisnéis a tharchur chuig eintitis leasmhara eile 28

3.2.9

Airteagal 21: Ionadaí dlíthiúil 29

3.3

Oibleagáidí ar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla 29

3.3.1

Airteagail 11 agus 12: Fógraí lipéadaithe agus trédhearcachta 29

3.3.2

Airteagal 13: Stór Eorpach d’fhógráin pholaitiúla ar líne 30

3.3.3

Airteagal 14: Tuairisciú tréimhsiúil 31

3.3.4

Airteagal 15: Sásra um fhógra a thabhairt 31

3.3.4.1

Idirghníomhaíocht leis an ‘sásra fógra agus gnímh’ faoi Rialachán (AE) 2022/2065 – an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) 32

3.3.4.2

An coincheap maidir le ‘dícheall a dhéanamh’ 33

3.3.5

Oibleagáidí ar sholáthraithe teicneolaíochta fógraíochta 34

3.3.6

Oibleagáidí ar thionchairí 35

3.4

Na hualaí ar FBManna a íoslaghdú 36

Réamhrá

Glacadh Rialachán (AE) 2024/900 an 13 Márta 2024. Leagtar síos leis rialacha comhchuibhithe ón Aontas sa mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena n-éilítear inter alia lipéadú soiléir agus fógraí trédhearcachta soiléire le faisnéis bhreise, amhail sonraí an urraitheora i gcomhthéacs seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar.

I gcomhréir le hAirteagal 30(2), beidh feidhm iomlán ag an Rialachán ón 10 Deireadh Fómhair 2025. Ceanglófar ar fhógráin pholaitiúla a sholáthrófar, a fhoilseofar, a scaipfear nó a sheachadfar tar éis an dáta sin ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh. Níl feidhm ach ag Airteagal 3 agus Airteagal 5(1) den Rialachán ó dháta a theacht i bhfeidhm an 9 Aibreán 2024.

Iarrtar go sainráite i Rialachán (AE) 2024/900 ar an gCoimisiún treoir choiteann a tharraingt suas chun rannchuidiú le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin agus, go háirithe, chun tacú leis na hurraitheoirí, nó leis na soláthraithe seirbhísí fógraíochta atá ag gníomhú thar ceann na n-urraitheoirí agus fógráin pholaitiúla á ndearbhú agus á sainaithint acu, agus chun tacú le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla dearbhuithe den sórt sin a éascú agus a riar go hiomchuí. Le hAirteagal 8(2) den Rialachán ceanglaítear go sonrach ar an gCoimisiún treoir a tharraingt suas chun cuidiú le fógraíocht pholaitiúil a shainaithint.

Tá na Treoirlínte sin neamhcheangailteach. Cuireann siad leis an aiseolas a fuair an Coimisiún i gcomhthéacs na líonraí ábhartha, na ngrúpaí fócais tiomnaithe agus an ghlao ar fhianaise agus le linn fhoilsiú na ndréacht-treoirlínte. Ba cheart dóibh fónamh mar threoir phraiticiúil chun cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla ina ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, chomh maith leis na gníomhaithe éagsúla a chumhdaítear leis an Rialachán (urraitheoirí, soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla - lena n-áirítear foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla) chun comhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Rialachán sin a áirithiú. Dá bhrí sin, díríonn siad ar na gnéithe den Rialachán a bhainfeadh tairbhe as treoir bhreise (1), d’fhonn na próisis chomhlíontachta a chuíchóiriú agus an t-ualach comhlíontachta a laghdú.

Bunóidh an Coimisiún an Stór Eorpach d’fhógráin pholaitiúla ar líne (‘an Stór’) i gcomhréir le hAirteagal 13(6) de Rialachán (AE) 2024/900. Le gníomhartha cur chun feidhme maidir le feidhmiú éifeachtach an stóir Eorpaigh (‘an Stór’), leagfar amach, faoi réir an nós imeachta coiste, socruithe mionsonraithe maidir le struchtúr coiteann sonraí a sholáthar, meiteashonraí caighdeánaithe a sholáthar chun go n-éascófar fógráin pholaitiúla a áireamh sa Stór agus innéacsú na fógraíochta polaitiúla ag innill chuardaigh ar líne, fíordheimhniú caighdeánaithe agus comhéadan coiteann ríomhchláraithe feidhmchlár, d’fhonn rochtain a chumasú ar chomhiomlánú na faisnéise a fhoilsítear ar líne de bhun an Rialacháin sin trí thairseach aonair. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a luaithe is féidir agus, in aon chás, faoin 10 Aibreán 2026, mar a fhoráiltear in Airteagal 13(6) den Rialachán. Ní bheidh oibleagáidí na bhfoilsitheoirí a bhaineann leis an Stór ábhartha go dtí dáta a chur in úsáid.

Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain ama ag foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ar líne tabhairt faoi ullmhúcháin agus iad féin a chur ar an eolas faoi na caighdeáin nua meiteashonraí, glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme comhfhreagrach. Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, áireofar critéir choincréiteacha sa ghníomh cur chun feidhme nó sna gníomhartha cur chun feidhme chun an dáta a chuirfear an Stór ar líne a fhógairt, rud a chuirfeadh ar a gcumas d’fhoilsitheoirí fógrán polaitiúil ar líne soiléireacht a bheith acu maidir leis an uair a bheidh orthu na hoibleagáidí gaolmhara a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin agus oibreoidh sé le Líonra na bpointí teagmhála náisiúnta arna bhunú leis an Rialachán mar ardán le haghaidh malartú rialta faisnéise, dea-chleachtas agus comhar struchtúrtha idir pointí teagmhála náisiúnta agus an Coimisiún maidir le gach gné den Rialachán, agus rachaidh sé i dteagmháil le páirtithe leasmhara d’fhonn tacú lena chur i bhfeidhm agus gnéithe breise a shainaithint a bhféadfadh treoir a bheith ag teastáil uathu chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’urraitheoirí agus do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte sin chun na ceachtanna a foghlaimíodh ón gcur chun feidhme a chur san áireamh.

Is léiriú iad na Treoirlínte sin ar léirmhíniú an Choimisiúin ar Rialachán (AE) 2024/900 (go háirithe ar Chaibidil I agus II de) d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtach agus go haonfhoirmeach é. I ndeireadh na dála, is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘CBAE’) amháin a fhéadfaidh aon léirmhíniú údarásach a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2024/900.

Ní dhéanann na treoirlínte sin difear do na treoirlínte a eiseoidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógráin faoi Airteagail 18 agus 19 den Rialachán, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de, agus tá siad gan dochar dóibh, toisc go ndíríonn siad ar na hoibleagáidí a bhaineann le seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar.

1.   Cé atá cumhdaithe?

Le Rialachán (AE) 2024/900 leagtar síos rialacha comhchuibhithe is infheidhme maidir le hurraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla. Tá feidhm aige maidir le teachtaireachtaí arna n-ullmhú, arna suíomh, arna gcur chun cinn, arna bhfoilsiú, arna seachadadh nó arna scaipeadh go díreach nó go hindíreach ag gníomhaí polaitiúil, ar a shon nó thar a cheann, chomh maith le teachtaireachtaí ó ghníomhaithe eile a dhlitear chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála ar leibhéal an Aontais, nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, nó atá ceaptha chun an méid sin a dhéanamh. Cumhdaítear leis an Rialachán fógraíocht pholaitiúil a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair nó trí ghníomhaíochtaí inmheánacha nó mar chuid d’fheachtas fógraíochta polaitiúla (féach tuilleadh i Roinn 2).

Níl feidhm ag na ceanglais trédhearcachta maidir le lipéid agus fógraí trédhearcachta ná na ceanglais díchill chuí a leagtar síos i gCaibidil II den Rialachán maidir le húdaráis náisiúnta na mBallstát ar choinníoll nach gcáilíonn siad mar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Féadfaidh údaráis náisiúnta a iarrann fógraíocht pholaitiúil ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta cáiliú mar urraitheoirí, áfach, agus sa chás sin ní mór dóibh na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil II a chomhlíonadh (2).

1.1   Urraitheoirí

Tá feidhm ag rialacha sonracha maidir le hurraitheoirí fógrán polaitiúil faoi Rialachán (AE) 2024/900. In Airteagal 3, pointe (10) den Rialachán sainmhínítear urraitheoir mar ‘an duine nádúrtha nó dlítheanach, ar thar a cheann nó arna iarraidh sin dó nó di, a dhéantar fógrán polaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh’.

Cuimsítear leis an sainmhíniú sin cásanna ina ngníomhaíonn na daoine sin ina gcáil féin agus nach féidir a ngníomhaíochtaí a chur i leith eintitis eile (‘arna iarraidh sin dóibh’), amhail i gcás inar gníomhaithe polaitiúla iad féin, nó i gcás ina bhfuil feachtais dhearfacha nó dhiúltacha á reáchtáil acu i leith iarrthóirí nó páirtithe polaitiúla atá ag seasamh i dtoghcháin gan gá do na hiarrthóirí nó páirtithe sin a bheith rannpháirteach ná feasach (e.g. ag tríú páirtithe cláraithe (3) nó go díreach ag gníomhaithe polaitiúla).

Cumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/900 freisin cásanna ina n-iarrtar seirbhísí fógraíochta polaitiúla thar ceann urraitheoirí (‘nó thar a gceann’), mar shampla, ag soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla (e.g. gníomhaireachtaí margaíochta) a ghníomhaíonn anuas air sin thar ceann daoine nádúrtha nó dlítheanacha a iarrann a seirbhísí, nó ag fostaí de chuid páirtí pholaitiúil, ag gníomhú dóibh faoi threoracha a fhostóra agus, dá bhrí sin, thar ceann an pháirtí pholaitiúil.

Is de chineál polaitiúil a priori í aon fhógraíocht a thagann ó urraitheoirí a cháilíonn mar ‘ghníomhaithe polaitiúla’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe (4) de Rialachán (AE) 2024/900, ach amháin más fógraíocht de chineál príobháideach nó tráchtála í.

I gcás cineálacha eile urraitheoirí, aon fhógraíocht a dhlitear chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála, ar leibhéal an Aontais, nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus atá ceaptha chun déanamh amhlaidh, tagann sí faoi raon feidhme an Rialacháin.

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tuilleadh measúnaithe ar na tosca ábhartha chun an fhógraíocht (seirbhís) a shainaithint mar fhógraíocht pholaitiúil (féach Roinn 2.3).

Samplaí d’urraitheoirí:

Páirtithe polaitiúla, comhaontais pholaitiúla, grúpaí polaitiúla, iarrthóirí ar oifig thofa, daoine aonair a bhfuil feachtas toghcháin á reáchtáil acu (e.g. tríú páirtithe cláraithe), polaiteoirí tofa, comhaltaí rialtas, aireachtaí, eagraíochtaí sochaí sibhialta (e.g. eagraíochtaí neamhbhrabúsacha), meithleacha machnaimh, cuideachtaí tráchtála.

Mínítear in Aithris 22 de Rialachán (AE) 2024/900 go bhféadfaidh eintiteas eile rialú deiridh a fheidhmiú ar urraitheoir. Ba cheart rialú deiridh ar eintiteas a chinneadh thar aon ní eile tríd an gcumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú, rud is féidir a bhaint amach trí shásraí éagsúla, amhail trí chearta, conarthaí, chomh maith le modhanna eile.

D’fhéadfadh tionchar cinntitheach a bheith le sonrú ar bhealaí éagsúla, amhail trí úinéireacht, cearta chun sócmhainní a úsáid nó tionchar a imirt ar chomhdhéanamh comhlachtaí rialaithe, cearta vótála (i.e. méid cinntitheach scaireanna vótála a shealbhú) nó trí chomhaontuithe conarthacha a mbíonn tionchar acu ar phróisis chinnteoireachta (e.g. cearta chun oibríochtaí gnó nó cearta eintitis a bhainistiú lena gceadaítear tionchar cinntitheach ar bheartais airgeadais nó straitéiseacha). Leis na gnéithe sin, i dteannta a chéile, ní mór an cumas a sholáthar chun treoir straitéiseach nó mórchinntí an urraitheora a threorú.

Cé gurb é an t-urraitheoir atá freagrach as a dhearbhú go bhfuil eintiteas ann a rialaíonn iad ar deireadh (4) (más ábhartha), ní aistríonn dearbhú den sórt sin dliteanas an urraitheora, as na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán a chomhlíonadh, chuig an eintiteas sin (e.g. ní spreagann dearbhú den sórt sin comhurraíocht).

1.2   Soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla

Soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla (5) a sholáthraíonn a seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach, tiocfaidh siad faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/900 (6). Eisiatar roinnt cásanna ón Rialachán (féach Ranna 1.2.1.1 agus 1.2.1.2).

Faoi Airteagal 3, pointe (5) den Rialachán, sainmhínítear ‘seirbhís fógraíochta polaitiúla’ mar sheirbhís ina bhfuil fógraíocht pholaitiúil seachas ‘seirbhís idirghabhálach’ ar líne, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (g), de Rialachán (AE) 2022/2065, a sholáthraítear gan comaoin le haghaidh an teachtaireacht shonrach a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh. Is éard is soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla ann an t-oibreoir atá i mbun seirbhís den sórt sin a sholáthar, ach amháin i gcás go bhfuil an tseirbhís de chineál coimhdeach amháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6) den Rialachán.

Cé acu atá nó nach bhfuil seirbhís ar leith ina seirbhís fógraíochta polaitiúla, ní bhraitheann sé ar cé a sholáthraíonn an tseirbhís. Tá na sainmhínithe thuasluaite de chineál feidhmiúil. Is é an rud tábhachtach ná an dtagann an ghníomhaíocht atá á déanamh faoin sainmhíniú ar ‘sheirbhís fógraíochta polaitiúla’ a leagtar amach sa Rialachán.

Dá bhrí sin, eintitis nach measfaí de ghnáth gur soláthraithe seirbhíse iad, amhail eagraíochtaí a bhfuil spriocanna carthanachta á saothrú acu, féadfaidh siad cáiliú mar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla faoi Rialachán (AE) 2024/900 i gcás ina mbíonn siad i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil.

Tá méadú ag teacht ar an ról atá ag ardáin an-mhór ar líne agus ag innill chuardaigh an-mhór ar líne (VLOSEnna) sa mhargadh fógraíochta, lena n-áirítear i réimse na fógraíochta polaitiúla. Mar sin féin, mura ngníomhaíonn siad ach mar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha, níl aon oibleagáid trédhearcachta agus díchill chuí orthu faoin Rialachán sin sa bhreis ar an méid is gá dóibh a dhéanamh cheana féin faoi Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha nó ‘GSD’) i gcomhthéacs seirbhísí den sórt sin a sholáthar. Ní thagann na hoibleagáidí sin faoi Rialachán (AE) 2024/900 chun cinn ach amháin nuair a sholáthraíonn siad seirbhísí fógraíochta polaitiúla (e.g. fógraíocht pholaitiúil a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh) ar luach saothair, agus dá bhrí sin gníomhaíonn siad mar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla.

Samplaí de sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla:

Ullmhúchán: Cóipscríbhneoirí, gníomhaireachtaí deartha, gníomhaireachtaí fógraíochta, comhairleachtaí polaitiúla

Foilseachán: Craoltóirí, nuachtáin, cláir fógraí, clúdaigh scáthlán bus, taispeáintí idirghníomhacha, scáileáin dhigiteacha, cláir fógraí LED agus meáin fhisiceacha eile, ardáin ar líne, suíomhanna gréasáin (lena n-áirítear suíomhanna nuachta), fóraim agus blaganna, suíomhanna gréasáin comhroinnte físeán, blagálaithe, tionchairí.

Seachadadh nó scaipeadh: Soláthraithe teicneolaíochta fógraíochta (e.g. líonraí fógraíochta, malartáin fógraíochta, ardáin fógraíochta), comhairleachtaí spriocdhírithe agus comhairleachtaí na meán, bróicéirí sonraí.

1.2.1   Seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán

Ní mór do ghníomhaíocht a bheith ina seirbhís chun go mbeidh sí faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2024/900. In Airteagal 3, pointe (1) den Rialachán, sainmhínítear ‘seirbhís’ mar aon ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhonn féinfhostaithe, a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, dá dtagraítear in Airteagal 57 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (7). Ciallaíonn an chrostagairt sin d’Airteagal 57 CFAE go bhfuil cásdlí chúirteanna an Aontais maidir leis an gcoincheap ‘seirbhís’ ábhartha agus cinneadh á dhéanamh an dtagann gníomhaíocht ar leith faoi raon feidhme an Rialacháin.

Is í an tsaintréith fhíor-riachtanach a bhaineann le seirbhís a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair go n-aontaítear ‘comaoin’ ar an tseirbhís idir an soláthraí agus faighteoir na seirbhíse de ghnáth (8).

Tá an coincheap maidir le comaoin leathan agus áirítear leis íocaíocht thráthrialta, chomh maith le sochair chomhchineáil. Ciallaíonn sé sin nach gá go mbraithfeadh soláthar na seirbhíse ar chúiteamh airgeadaíochta amháin ach go bhféadfaí comaoineacha eile a áireamh ann freisin mar mhalairt ar sholáthar na seirbhíse (9), amhail aon lascaine, socrú taistil, cóiríocht nó rochtain ar imeachtaí nó ar áiteanna a n-íocfaí astu murach sin. Ní chuirtear obair dheonach (e.g. i bhfeachtais toghcháin) ar fáil de ghnáth ar luach saothair, agus dá bhrí sin níor cheart í a mheas mar sheirbhís. Mar shampla:

1.

Cuireann páirtí polaitiúil de chúram ar chonraitheoir físeáin ghearra fógraíochta a ullmhú chun tacú le hiarrthóireacht an pháirtí i dtoghcháin áitiúla a fhoilsítear ansin ar chuntais meán sóisialta bhrainsí polaitiúla an pháirtí ar an leibhéal áitiúil. Fiú mura gcuirtear de chúram ar an gconraitheoir ach an físeán a chruthú (agus ní ar a fhoilsiú), thiocfadh an ghníomhaíocht faoi choincheap na seirbhíse ‘a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair’ toisc go n-íocann an páirtí polaitiúil leis an gconraitheoir as a chuid oibre.

Agus den pháirt eile:

2.

Ní mheasfaí teachtaireacht a phostáiltear ar na meáin shóisialta trí ghníomhaíochtaí inmheánacha a bheith ina seirbhís agus ní thiocfadh sí faoi cheanglais trédhearcachta an Rialacháin.

1.2.1.1    Díolúine do sheirbhísí idirghabhálacha arna soláthar gan comaoin le haghaidh teachtaireacht shonrach

De réir Airteagal 3, pointe (5) de Rialachán (AE) 2024/900, ní áirítear le coincheap na seirbhísí fógraíochta polaitiúla ‘seirbhísí idirghabhálacha’ ar líne a sholáthraítear gan comaoin le haghaidh an teachtaireacht shonrach a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh.

Chun sainmhíniú a thabhairt ar cad is ‘seirbhísí idirghabhálacha’ ann, déantar crostagairt d’Airteagal 3(g) de Rialachán (AE) 2022/2065 le hAirteagal 3, pointe (5), ar dá réir a chiallaíonn ‘seirbhís idirghabhálach’  (10) seirbhís a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, go cianda, trí mheán leictreonach agus ar iarraidh aonair ó fhaighteoir seirbhísí, arb é atá ann:

i.

seirbhís ‘cainéal fórach’ (e.g. soláthraithe seirbhíse rochtana idirlín, soláthraithe líonra Wi-Fi oscailte, brabhsálaithe gréasáin);

ii.

seirbhís ‘taiscthe’ (e.g. líonraí seachadta inneachair a sholáthar, seachfhreastalaithe droim ar ais nó seachfhreastalaithe oiriúnaithe inneachair); nó

iii.

seirbhís ‘óstála’ (e.g. óstáil gréasáin, ardáin ar líne, suíomhanna néalstórála).

Tá an díolúine a thugtar isteach le hAirteagal 3, pointe (5) beartaithe cásanna a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin lena gcumasaítear do sholáthraí seirbhísí idirghabhálacha ar líne seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, ach nach bhfuil baint dhíreach aige le slabhra táirgeachta na seirbhísí sin. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás inar thug tríú páirtí luach saothair d’úsáideoir (e.g. tionchaire) chun fógrán polaitiúil a phostáil ar ardán ar líne gan iarraidh freisin ar sholáthraí an ardáin ar líne seirbhís fógraíochta polaitiúla a dhéanamh, amhail borradh íoctha a chur faoin bpost sonrach (inneachar arna phostáil ‘go horgánach’ ag an úsáideoir). Cé go nglacfadh an t-úsáideoir, i gcás den sórt sin, ról an fhoilsitheora fógraíochta polaitiúla, ní mheasfaí, faoin díolúine sin, go bhfuil seirbhísí fógraíochta polaitiúla á soláthar ag soláthraí an ardáin ar líne, toisc nach bhfuair sé aon luach saothair sonrach i ndáil leis an bpostáil sin (féach freisin Roinn 2.2.2). I bhfocail eile, ní mheasfaí gur soláthraí fógraíochta polaitiúla é soláthraí an ardáin ar líne mar gheall ar inneachar orgánach a phostáil nó a chomhroinnt. Bheadh sé sin amhlaidh fiú i gcás, mar shampla, ina ngearrfadh soláthraí an ardáin ar líne táille síntiúis as a ardáin a úsáid; ní mheasfaí gur comaoin don teachtaireacht shonrach é táille den sórt sin.

Ós rud é gurb iad soláthraithe ardán ar líne a dhéanann bainistiú ar ghníomhaíochtaí na n-úsáideoirí, lena n-áirítear tionchairí, agus ós rud é gurb iad na soláthraithe sin a rialaíonn na modhanna trínar féidir Rialachán (AE) 2024/900 a chomhlíonadh, spreagtar na soláthraithe sin chun comhlíontacht na n-úsáideoirí a éascú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le hAithris 55 den Rialachán. Go háirithe, moltar dóibh sainaithint fógraíochta polaitiúla arna huaslódáil nó arna scaipeadh go díreach ag úsáideoirí trína seirbhís idirghabhálach ar líne a éascú, mar shampla, trí shásraí éifeachtúla a chur ar fáil d’úsáideoirí chun a léiriú gur fógrán polaitiúil atá i bhfógrán. Chun comhlíontacht a éascú a thuilleadh, d’fhéadfadh na soláthraithe sin, mar shampla, uirlisí a sholáthar chun soláthar fógraí trédhearcachta a chumasú, tacú le hiomláine na réimsí sonraí mar chuid de na huirlisí sin, nó foráil a dhéanamh freisin maidir le sásraí lena bhféadfaí fógra a thabhairt go díreach do na húsáideoirí faoi fhógráin pholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach.

Ní thabharfadh sé sin le tuiscint, in aon chás, aon fhreagracht a ghlacadh as oibleagáidí a bhaineann le trédhearcacht i gcás ina bhfuil na hoibleagáidí sin ar na húsáideoirí.

Mar shampla:

3.

Teachtaireacht pholaitiúil a phostáiltear ar líonra meán sóisialta i gcás nach gcuirtear borradh faoin teachtaireacht nó nach n-íoctar ar bhealach eile lena scaipeadh nó lena seachadadh ar úsáideoirí sonracha. Ní dhéanfadh an t-ardán ach an teachtaireacht a óstáil agus í a tharchur chuig a pobal meáin gan íocaíocht shonrach. Ós rud é go soláthraítear na seirbhísí ‘óstála’ sin gan an teachtaireacht shonrach a chur san áireamh, ní mheasfaí gur seirbhísí fógraíochta polaitiúla iad.

Agus den pháirt eile:

4.

Iarrann páirtí polaitiúil ar líonra meán sóisialta seirbhís fógraíochta polaitiúla a dhéanamh agus tugann sé íocaíocht do sholáthraí líonra meán sóisialta chun borradh a chur faoi trí theachtaireacht nua a phostáil sé ar a chuntas meán sóisialta. Trí bhorradh a chur faoi na trí phostáil sin in aghaidh luach saothair sonrach, cuireann soláthraí an líonra meán sóisialta seirbhís fógraíochta polaitiúla ar fáil agus bheadh sé ina fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla faoin Rialachán.

1.2.1.2    Díolúine le haghaidh seirbhísí coimhdeacha

De réir Airteagal 3, pointe (6) de Rialachán (AE) 2024/900, ní thagann seirbhísí atá de chineál coimhdeach amháin faoi raon feidhme an Rialacháin. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis na seirbhísí sin, mar shampla, iompar, maoiniú agus infheistíocht, ceannach, díolacháin, lónadóireacht, margaíocht, seirbhísí ríomhaireachta, glanadh, cothabháil, seirbhísí poist, seirbhísí priontála, dearadh grafach, fuaime nó grianghrafadóireachta.

Mar a leagtar amach in Aithris 39 den Rialachán, is éard is seirbhísí coimhdeacha ann seirbhísí a sholáthraítear sa bhreis ar fhógraíocht pholaitiúil agus a chomhlánaíonn í, ach nach bhfuil aon tionchar díreach acu ar a hinneachar ná ar a cur i láthair agus nach bhfuil aon rialú díreach acu ar a hullmhú, a suíomh, a cur chun cinn, a foilsiú, a seachadadh ná a scaipeadh. Ba cheart go gciallódh sé sin, inter alia, nach gá do sheirbhís choimhdeach a bheith ag brath ar mhodhanna nó ar aidhmeanna na príomhsheirbhíse a chomhlánaíonn sí, agus gur féidir í a sholáthar mar ghníomhaíocht neamhspleách (i réimsí eile seachas fógraíocht pholaitiúil freisin).

Chun a chinneadh an seirbhís choimhdeach atá i seirbhís, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an méid tionchair atá ag an tseirbhís áirithe ar an tsubstaint chomh maith leis an ullmhú, suíomh, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh nó scaipeadh.

De ghnáth bainfidh seirbhísí coimhdeacha le seirbhísí atá ina gcuid den slabhra luacha fógraíochta, ach nach bhfuil aon tionchar díreach acu ar phróiseas ná ar thoradh na fógraíochta polaitiúla, nó seirbhísí a sholáthraítear ag soláthraithe nach bhfuil eolas iarbhír acu ar a rannpháirtíocht i slabhra táirgeachta na fógraíochta polaitiúla. Níor cheart seirbhís a mheas mar sheirbhís choimhdeach má thugtar le tuiscint léi cinntí straitéiseacha a dhéanamh atá beartaithe tionchar a imirt, go háirithe, ar chuspóirí, ar threo straitéiseach nó ar éifeachtacht na fógraíochta polaitiúla, seachas díreach cúraimí a dhéanamh bunaithe ar threoracha réamhshainithe.

An measúnú i dtaobh an bhfuil seirbhís de chineál coimhdeach, ní mór é a dhéanamh ar bhonn cás ar chás. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú sin freisin go bhféadfadh soláthraí seirbhíse cáiliú mar sholáthraí seirbhíse coimhdí i gcás amháin, ach go bhféadfaí é a mheas mar sholáthraí seirbhíse fógraíochta polaitiúla i gcás eile, bunaithe ar an tseirbhís áirithe a sholáthraítear agus/nó ar mhéid an tionchair a fheidhmítear ar phróiseas nó ar thoradh na fógraíochta polaitiúla.

D’fhéadfaí sraith gnéithe comhthéacsúla a chur san áireamh sa mheasúnú sin, cuir i gcás cibé acu a ghníomhaíonn nó nach ngníomhaíonn an soláthraí ar threoracha soiléire ón urraitheoir agus a mhéid a ghníomhaíonn sé, an dtairgeann nó nach dtairgeann an soláthraí seirbhísí ginearálta ina réimse saineolais nó an ndéanann sé speisialtóireacht (freisin) i soláthar na seirbhísí sin i gcomhthéacs polaitiúil nó toghchánach, agus an sampla é an tseirbhís áirithe a sholáthraítear de raon níos leithne seirbhísí, seirbhísí a d’fhéadfaí a shaintréithriú mar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla murach sin.

Samplaí de sheirbhísí coimhdeacha dóchúla:

5.

Cuideachta iompair a sholáthraíonn feithiclí agus lóistíocht chun ábhair feachtais a dháileadh.

6.

Seirbhísí brandála nó deartha comhthaobhacha atá i mbun amharc-aithne feachtais a chruthú, lena n-áirítear lógónna, scéimeanna datha nó clóghrafaíocht, ar féidir iad a chur i bhfeidhm ar ábhair éagsúla feachtais ach gan baint a bheith acu le teachtaireachtaí polaitiúla a chur in iúl.

7.

Gníomhaireacht mhargaíochta a chuireann treoir ar fáil maidir le pleanáil straitéiseach for-rochtana an fheachtais gan dul i mbun fógraíocht pholaitiúil í féin agus ar choinníoll nach bhfuil aon tionchar díreach ar inneachar ná ar chur i láthair na dteachtaireachtaí atá le bheith mar chuid d’fhor-rochtain an fheachtais.

8.

Cuideachtaí TF a sholáthraíonn seirbhísí slándála suíomhanna gréasáin.

9.

Seirbhísí grianghrafadóireachta ar conradh gan ach grianghraif a ghlacadh agus a chur in eagar, grianghraif a úsáidfear le haghaidh feachtasaíochta, gan ionchur in inneachar an fheachtais.

10.

Seirbhísí priontála agus cóipeála le linn dóibh saoráidí priontála a chur ar fáil gan rialú ar a bhfuil á phriontáil.

11.

Cuideachtaí dearaidh ghrafaigh a chuireann dearadh suíomhanna gréasáin ar fáil do ghníomhaithe polaitiúla.

1.3   Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla

Is fothacar de sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla iad foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, agus bíonn siad ag deireadh an tslabhra táirgeachta de ghnáth. Tá siad faoi cheangal ag oibleagáidí coiteanna gach soláthraí seirbhíse fógraíochta polaitiúla faoi Rialachán (AE) 2024/900 agus, ina theannta sin, tá oibleagáidí sonracha ann nach mór iad a chomhlíonadh.

De réir Airteagal 3(13) de Rialachán (AE) 2024/900, sainmhínítear foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla mar sholáthraithe seirbhíse fógraíochta polaitiúla a dhéanann fógraíocht pholaitiúil a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh trí aon mhodh. Cuimsítear leis an sainmhíniú sin raon leathan bealaí trínar féidir fógraíocht pholaitiúil a chur ar fáil don phobal, ó mheáin thraidisiúnta ‘as líne’ (e.g. nuachtáin, teilifís agus raidió) nó asraonta clóite (e.g. póstaeir, bileoga, cláir fógraí) go closán agus físeán ar éileamh, ardáin ar líne, suíomhanna gréasáin, innill chuardaigh, meáin sruthaithe, aipeanna móibíleacha, cluichí ríomhaireachta agus comhéadain dhigiteacha eile, lena n-áirítear fógraíocht Dhigiteach Lasmuigh den Bhaile, ach tionchairí freisin (féach freisin samplaí i Roinn 1.2).

I gcás nach soláthraítear foilsiú, scaipeadh ná dáileadh fógráin pholaitiúil mar sheirbhís, e.g. toisc go ndéantar é trí ghníomhaíochtaí inmheánacha, níl feidhm ag oibleagáidí ar fhoilsitheoirí (féach Roinn 3.3).

1.3.1   Soláthraithe teicneolaíochta fógraíochta

Is minic a bhíonn ról tábhachtach maidir le fógráin pholaitiúla a scaipeadh ar an bpobal ag idirghabhálaithe a chuireann na fógráin ar na comhéadain foilsitheoireachta ábhartha. Soláthraithe líonraí fógraíochta, malartán fógraíochta, ardán fógraíochta nó seirbhísí fógraíochta eile ar líne, lena n-áirítear ardáin ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh, cruthaíonn siad comhpháirteanna ríthábhachtacha san éiceachóras fógraíochta digití trí ghníomhú mar idirghabhálaithe idir an fógróir (i.e. an t-urraitheoir) agus an comhéadan poiblí (i.e. an foilsitheoir deiridh), lena n-éascaítear nó lena gcuíchóirítear na hidirghníomhaíochtaí agus na hidirbhearta eatarthu (11). Mar a mhínítear in aithris 67 de Rialachán (AE) 2024/900, meastar gur foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla iad soláthraithe teicneolaíochta fógraíochta i gcomhpháirt leis an gcomhéadan poiblí (e.g. suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear an fógrán ar deireadh).

1.3.2   Tionchairí

Tionchairí, a bhfuiltear ag brath níos mó orthu chun earraí, brandaí, tionscnaimh nó smaointe a chur chun cinn, agus a fhaigheann cúiteamh as comhoibriú, féadfaidh siad a bheith faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2024/900 freisin.

Forchuirtear le Rialachán (AE) 2024/900 oibleagáidí sonracha trédhearcachta nó díchill chuí ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gabháil do sholáthar seirbhísí fógraíochta polaitiúla agus leithdháiltear leis freagracht a bhaineann le faisnéis a sholáthar nó a tharchur chuig na heintitis a dhéanann na seirbhísí a choimisiúnú (i.e. na hurraitheoirí). Agus iad ag gabháil do sheirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, ní mór do thionchairí na hoibleagáidí trédhearcachta nó díchill chuí a chomhlíonadh.

Déantar foráil cheana féin in acquis dhlí tomhaltóirí an Aontais (12) maidir le hoibleagáidí sonracha ar thionchairí, agus iad ag gníomhú mar thrádálaithe nó mar dhaoine atá ag gníomhú in ainm trádálaithe nó thar a gceann (amhail úinéirí branda), oibleagáidí sonracha nach mór dóibh a chomhlíonadh i ndáil le fógraíocht agus soláthar earraí agus seirbhísí do thomhaltóirí (i gcaidreamh tráchtála gnólacht le tomhaltóir). Mínítear sa Treoir maidir leis an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha (13) gur cheart do thionchairí ábhar tráchtála a nochtadh ar bhealach suntasach. Mínítear ann freisin, ag brath ar imthosca an cháis, go bhféadfaí sárú ar oibleagáidí trédhearcachta a chur i leith an tionchaire nó i leith an trádálaí nó úinéir an bhranda a d’fhostaigh an tionchaire agus a thairbhíonn d’fhormhuiniú an tionchaire. Thairis sin, féadfar gníomhaíochtaí tionchairí a chumhdach le Treoir 2010/13/AE (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (14) nuair a aicmítear iad mar sheirbhísí meán closamhairc. Dá bhrí sin, féadfaidh Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc a chur de cheangal ar thionchairí, i measc daoine eile, na ceanglais a bhaineann le trédhearcacht a gcumarsáide tráchtála a chomhlíonadh.

2.   Cad is fógraíocht pholaitiúil ann?

2.1.   Raon feidhme foriomlán agus sainmhíniú

i)   Raon feidhme foriomlán

Baineann Rialachán (AE) 2024/900 le tarchur fógraíochta polaitiúla nuair atá seirbhís fógraíochta polaitiúla á soláthar nó nuair atá teicnící spriocdhírithe nó teicnící seachadta fógráin á n-úsáid.

Níl Rialachán (AE) 2024/900 teoranta do bhealaí traidisiúnta fógraíochta nó feachtais a sheoladh, ach cumhdaítear leis teachtaireacht a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh trí aon mhodh (féach Airteagal 3, pointe (2) den Rialachán). D’fhéadfaí a chumhdach leis, mar shampla, postáil chomhordaithe nó teachtaireachtaí a scaipeadh ar na meáin shóisialta trí bhréagchuntais nó trí bhotaí réamhdheartha, i gcás ina gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin critéir an tsainmhínithe ar sheirbhís fógraíochta polaitiúla in Airteagal 3, pointe (5) den Rialachán (féach thíos).

Ag an am céanna, níl feidhm ag an Rialachán maidir le tuairimí polaitiúla a chuirtear in iúl i gcáil phearsanta. Mar a mhínítear in Aithris 30 den Rialachán, áfach, níor cheart a mheas gur cuireadh tuairim pholaitiúil in iúl i gcáil phearsanta má sholáthraítear luach saothair sonrach ó thríú páirtithe, lena n-áirítear sochair chomhchineáil, as an tuairim sin a chur in iúl, nó i ndáil leis an méid sin. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh fógraíocht pholaitiúil a bheith i gceist leis an tuairim a chuirtear in iúl ar luach saothair, má chomhlíonann sí critéir an tsainmhínithe a leagtar síos sa Rialachán (féach roinn 2.2).

Ina theannta sin, ní chumhdaítear leis an Rialachán an fhaisnéis a cheadaítear i bhfógráin pholaitiúla faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí na mBallstát (15) ná an bhfuil na teachtaireachtaí ceart ó thaobh fíoras de, agus ní athraítear leis na rialacha maidir le feachtais pholaitiúla a stiúradh agus a chistiú, lena n-áirítear toirmisc ghinearálta nó teorainneacha ginearálta ar fhógraíocht pholaitiúil le linn tréimhsí sonraithe, ‘tréimhsí tosta’, deonacháin ó dhaoine aonair nó toirmisc maidir le fógraíocht tráchtála a úsáid chun críoch feachtais toghcháin. De ghnáth, ní cháileodh fógraíocht tráchtála mar fhógraíocht pholaitiúil ach amháin má chomhlíonann an teachtaireacht critéir an tsainmhínithe ar fhógraíocht pholaitiúil in Airteagal 3, pointe (2) den Rialachán (féach thíos).

Mar shampla:

12.

Ní fógraíocht pholaitiúil atá i gceist le tuairimí polaitiúla a fhoilsíonn duine príobháideach ar a bhlag pearsanta nó ar a chuntais meán sóisialta, ina gcáil phearsanta.

13.

Ní fógraíocht pholaitiúil atá i gceist le teachtaireachtaí polaitiúla a thaispeántar ar phóstaeir agus meirgí arna n-ullmhú ag saoránaigh d’fhonn páirt a ghlacadh i léirsiú polaitiúil ina gcáil phearsanta. Tionchairí ar líne a phléann athchóirithe polaitiúla agus a chuireann a smaointe aonair ina leith in iúl, ní chumhdófar leis an Rialachán iad, ar choinníoll nach mbeidh luach saothair faighte acu chun iad a chur in iúl.

Agus den pháirt eile:

14.

Teachtaireachtaí polaitiúla a chuirtear in iúl ag tionchairí ar líne, a fhoilsítear arna iarraidh sin do thríú páirtithe ar luach saothair, i.e. mar mhalairt ar shochair airgeadaíochta nó sochair chomhchineáil, ní féidir iad a mheas mar thuairimí polaitiúla a chuirtear in iúl i gcáil phearsanta agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leo.

15.

Teachtaireachtaí polaitiúla comhionanna arna bpostáil ag daoine aonair ar luach saothair ó thríú páirtí le linn na tréimhse roimh reifreann agus a thacaíonn le toradh ar leith ar an reifreann sin nó a chuireann ina choinne, ní féidir iad a mheas mar thuairimí polaitiúla a chuirtear in iúl i gcáil phearsanta agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh fógraíocht pholaitiúil a bheith i gceist leo.

Thairis sin, ní dhéanann an Rialachán difear do shaoirse eagarthóireachta na meán. Tá ról ríthábhachtach ag tuairimí polaitiúla a chur in iúl nó inneachar polaitiúil a chur ar fáil faoi fhreagracht eagarthóireachta na meán sa tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus sa tsaoráil faisnéise, agus níor cheart a thuiscint gur fógraíocht pholaitiúil atá ann. Chun na prionsabail sin a choimirciú, sonraítear le hAirteagal 1(2) den Rialachán nach bhfuil feidhm aige maidir le tuairimí polaitiúla ná inneachar eile a thagann faoi fhreagracht eagarthóireachta na meán, ach amháin má dhéanann tríú páirtithe íocaíocht shonrach, in airgead nó i gcomhchineál, as tuairimí nó inneachar den sórt sin a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, nó i ndáil leis sin.

Mar shampla:

16.

Is iondúil go dtiocfadh tuairimí nó measúnuithe a chomhroinntear mar chuid de dhíospóireacht pholaitiúil, nó agallamh a chraoltar ar an teilifís nó ar an raidió faoi eisceacht na freagrachta eagarthóireachta agus dá bhrí sin ní bheadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leo.

17.

Is iondúil go dtiocfadh colúin tuairime na heagarthóireachta ina ndéantar trácht ar thograí reachtacha, imeachtaí polaitiúla nó forbairtí eile a rinneadh le déanaí faoi eisceacht na freagrachta eagarthóireachta agus dá bhrí sin ní bheadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leo.

Mar a fhoráiltear in Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2024/900, tá an Rialachán gan dochar do na rialacha a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile an Aontais a liostaítear san Airteagal sin, amhail Treoir 2000/31/CE (16) agus Rialachán (AE) 2022/2065 (17).

ii)   Sainmhíniú

I Rialachán (AE) 2024/900 sainmhínítear fógraíocht pholaitiúil mar a leanas:

Airteagal 3, pointe (2)

‘ciallaíonn ‘fógraíocht pholaitiúil’ ullmhú, suíomh, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh nó scaipeadh teachtaireachta, ar shlí ar bith, a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair nó trí ghníomhaíochtaí inmheánacha nó mar chuid d’fheachtas fógraíochta polaitiúla:

(a)

ag gníomhaí polaitiúil, sin nó thar a cheann nó ar a shon, ach amháin más teachtaireacht de chineál príobháideach nó tráchtála í; nó

(b)

a dhlitear agus a cheaptar chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;

agus níl an méid seo a leanas san áireamh léi:

(i)

teachtaireachtaí ó fhoinsí oifigiúla na mBallstát nó an Aontais atá teoranta go docht d’eagrú agus do mhódúlachtaí chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin nó i reifrinn, lena n-áirítear na hiarrthóirí nó an cheist atá le cur sa reifreann a fhógairt, nó chun rannpháirtíocht i dtoghcháin nó i reifrinn a chur chun cinn;

(ii)

cumarsáid phoiblí arb é is aidhm di faisnéis oifigiúil a chur ar fáil don phobal, ó aon údarás poiblí Ballstáit, ar a shon nó thar a cheann nó ón Aontas, ar a shon nó thar a cheann, lena n-áirítear faisnéis ag comhaltaí de rialtas Ballstáit, ar a son nó thar a gceann, ar choinníoll nach ndlitear agus nach gceaptar iad chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompar vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála;

(iii)

cur i láthair iarrthóirí i spásanna poiblí sonraithe nó sna meáin mar a fhoráiltear go sainráite leis an dlí agus a leithdháiltear saor in aisce agus cóir chomhionann iarrthóirí á háirithiú;

Sainítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2024/900 cad is ‘fógraíocht pholaitiúil’ ann agus cad nach ‘fógraíocht pholaitiúil’ ann. Cumhdaítear sa chéad chuid den sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil gach céim de tháirgeadh fógráin pholaitiúil, óna ullmhú go dtí a scaipeadh. Cumhdaítear léi freisin gach cineál rannpháirtíochta ullmhúcháin san fhógraíocht pholaitiúil agus gach foirm inar féidir fógráin pholaitiúla a scaipeadh ar an bpobal, amhail trína bhfoilsiú nó trína scaipeadh trí mheáin éagsúla, lena n-áirítear meáin thraidisiúnta as líne (e.g. nuachtáin, teilifís agus raidió), asraonta clóite (e.g. póstaeir, bileoga, meirgí, cláir fógraí, nó, i gcás inarb infheidhme, marsantacht), clúdaigh iompair agus clúdaigh scáthlán bus, ardáin ar líne, suíomhanna gréasáin, aipeanna móibíleacha, cluichí ríomhaireachta agus comhéadain dhigiteacha eile, lena n-áirítear fógraíocht Dhigiteach Lasmuigh den Bhaile. Thairis sin, baineann an sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil le ‘teachtaireachtaí’, rud a chiallaíonn nach dtagann inneachar nach féidir a aicmiú mar theachtaireacht faoina raon feidhme, amhail lógó nó ainm gníomhaí pholaitiúil (e.g. ar mharsantacht fógraíochta), nuair nach bhfuil aon teachtaireacht pholaitiúil ag gabháil leis.

Soiléirítear sa dara cuid den sainmhíniú nach fógraíocht pholaitiúil atá i ngach teachtaireacht, ach iad sin a dhéantar a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh ‘de ghnáth ar luach saothair’ agus iad sin amháin; iad a dhéantar a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh ‘trí ghníomhaíochtaí inmheánacha’; nó iad sin atá ‘mar chuid d’fheachtas fógraíochta polaitiúla’.

Tá an tríú cuid den sainmhíniú le fáil i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 3, pointe (2). Níl na critéir sna pointí sin carnach. Is é sin le rá, chun go mbeadh fógraíocht pholaitiúil ann, is leor go dtagann teachtaireacht faoi cheann amháin de na critéir sin. Ní cháilíonn teachtaireachtaí nach gcomhlíonann aon cheann de na critéir sin mar fhógraíocht pholaitiúil faoin Rialachán agus ní thagann siad faoina chur i bhfeidhm.

Tá trí eisceacht sa sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil. De réir Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2024/900, níl feidhm ag an Rialachán maidir le haon cheann de na teachtaireachtaí seo a leanas:

1)

Teachtaireachtaí ó fhoinsí oifigiúla na mBallstát nó an Aontais atá teoranta go docht d’eagrú agus do mhódúlachtaí chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin nó i reifrinn, lena n-áirítear na hiarrthóirí a fhógairt, an cheist atá le cur sa reifreann, nó teachtaireachtaí chun rannpháirtíocht i dtoghcháin nó i reifrinn a chur chun cinn;

2)

Cumarsáid phoiblí arb é is aidhm di faisnéis oifigiúil a chur ar fáil don phobal, ar choinníoll nach ndlitear agus nach gceaptar an chumarsáid phoiblí sin chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála, i gcás ina ndéantar cumarsáid den sórt sin ag aon cheann de na heintitis seo a leanas, ar a son nó thar a gceann: (a) aon údarás poiblí de chuid Ballstáit, lena n-áirítear cumarsáid phoiblí ó chomhaltaí rialtais Ballstáit, sin nó ar a son nó thar a gceann, nó (b) an tAontas Eorpach (e.g. preaseisiúintí nó comhdhálacha lena bhfógraítear tionscnaimh reachtacha nó rialála agus lena mínítear an rogha beartais atá mar bhonn taca leis na tionscnaimh sin);

3)

Cur i láthair na n-iarrthóirí i spásanna poiblí sonraithe nó sna meáin, i gcás ina bhforáiltear go sainráite sa dlí do leithdháileadh spásanna den sórt sin nó do chlúdach sna meáin, tá an cur i láthair sin saor in aisce agus áirithíonn sé go bhfaigheann iarrthóirí cóir chomhionann.

A mhéid a bhaineann leis an dara heisceacht, is iomaí cineál cumarsáide poiblí atá ann agus is féidir le gníomhaithe éagsúla í a úsáid, lena n-áirítear brandaí tráchtála. Liostaítear i Rialachán (AE) 2024/900 roinnt critéar (18) nach mór a chomhlíonadh chun tairbhe a bhaint as an eisceacht. Mura gcomhlíontar na critéir sin, d’fhéadfaí cumarsáid phoiblí a mheas mar fhógraíocht pholaitiúil.

Tá an tríú heisceacht teoranta do chur i láthair na n-iarrthóirí i bpróisis toghcháin agus níl feidhm aici maidir le reifrinn ná próisis reachtacha ná rialála.

De ghnáth, bheadh cur i láthair den sórt sin bunaithe ar fhorálacha sonracha an dlí náisiúnta, an dlí toghcháin de ghnáth. D’fhéadfaí a chumhdach leis, mar shampla, míreanna físeáin a chraoladh ar an teilifís náisiúnta nó póstaeir a chrochadh ina léirítear iarrthóirí toghcháin, lena n-áirítear lógónna de pháirtithe polaitiúla atá ag seasamh i dtoghcháin, de réir mar a bheidh.

Tagraíonn an leithdháileadh ‘saor in aisce’ do spás a leithdháileadh le haghaidh cur i láthair nó do spás fógraíochta de facto a sholáthar saor in aisce, rud a chiallaíonn nach ngearrann an soláthraí aon rud mar mhalairt ar chur i láthair, leithdháileadh spáis nó clúdach sna meáin. Ní dhéanann sé sin difear don chaoi ar cruthaíodh an t-inneachar, amhail póstaer nó físeán, rud a bhféadfadh seirbhís fógraíochta polaitiúla a bheith i gceist leis.

Fad a chomhlíontar na trí choinníoll (i.e. leithdháileadh saor in aisce, mar a fhoráiltear go sainráite sa dlí agus cóir chomhionann), ní fógraíocht pholaitiúil a bheidh i gceist leis an teachtaireacht.

Ciallaíonn an ceanglas maidir le ‘cóir chomhionann’ gur cheart an cur i láthair a dhéanamh ar bhonn cothrom, lena n-áirithítear comhionannas deiseanna agus lena gcuirtear critéir oibiachtúla i bhfeidhm. Is iondúil go gciallaíonn sé sin méideanna cothroma ama craolta nó spáis fógraíochta a áirithiú. D’fhéadfaí dáileadh comhréireach bunaithe ar sciar na vótaí a áireamh ann freisin.

Mar shampla:

18.

Ní fógraíocht pholaitiúil atá i gceist le feachtas faisnéise poiblí lena mínítear conas agus cathain vóta a chaitheamh, arna eagrú ag údarás Ballstáit atá i gceannas ar thoghcháin roimh na toghcháin pharlaiminte náisiúnta (an chéad eisceacht).

19.

Ní fógraíocht pholaitiúil atá i gceist le feachtas faisnéise poiblí ina mínítear do shaoránaigh an Aontais conas agus cathain is ceart dóibh clárú chun vótáil ina mBallstát cónaithe, arna eagrú ag institiúid de chuid an Aontais roimh na toghcháin Eorpacha (an chéad eisceacht).

20.

Seisiún faisnéise teicniúil arna eagrú ag aireacht chun mionsonraí na roghanna beartais a rinneadh in ionstraim reachtach atá beartaithe, is seisiún faisnéise fíorasach de ghnáth a bheadh ann agus ní fhéachfadh sé le tionchar a imirt ar an bpróiseas reachtach agus, dá bhrí sin, ní bheadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leis (an dara heisceacht).

21.

Ní bheadh fógraíocht pholaitiúil i gceist le preaseisiúintí ina mínítear cinneadh a rinne aireacht nó a haire, lena n-áirítear ráitis fhrithghnímh a fhónann chun saincheisteanna a shoiléiriú nó chun faisnéis mhíchruinn nó mhíthreorach a cheartú sa spás poiblí, ós rud é go mbeadh siad sin fíorasach de ghnáth agus d’fhéachfaí leo faisnéis oifigiúil a chur ar fáil don phobal, fiú má fhoilsítear iad le linn tréimhse toghcháin nó próisis chinnteoireachta (an dara heisceacht).

22.

Ní fógraíocht pholaitiúil atá i gceist le feachtas faisnéise poiblí arna eagrú ag aireacht nó ag aire dá cuid lena dtugtar eolas faoi chomhairliúchán poiblí maidir le togra reachtach atá á ullmhú (an dara heisceacht).

23.

Ní fógraíocht pholaitiúil atá i gceist le feachtas faisnéise poiblí a sheolann institiúid de chuid an Aontais le linn buaicthréimhse taistil chun saoránaigh a chur ar an eolas faoina gcearta saorghluaiseachta (an dara heisceacht)

24.

Ní fógraíocht pholaitiúil atá i gceist le treoracha nó lámhleabhair a chomhroinntear ar líne nó trí chóipeanna fisiceacha a d’fhéachfaí leo treoir a thabhairt don phobal trí rialacha nó nósanna imeachta (an dara heisceacht).

25.

Ní fógraíocht pholaitiúil atá i gceist le cur i láthair oibiachtúil na n-iarrthóirí i spásanna poiblí (e.g. cláir fógraí) nó sna meáin (e.g. teilifís, trí am craolacháin a leithdháileadh don chur i láthair oibiachtúil sin, nó sna meáin chlóite nó i dtairseacha nuachta ar líne), atá saor in aisce, lena n-áirithítear cóir chomhionann, agus dá bhforáiltear sa dlí (an tríú heisceacht).

2.2   Gnéithe bunaitheacha den sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil

2.2.1   Teachtaireachtaí ‘a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair’

Tagraíonn teachtaireachtaí a ndéantar a n-ullmhú, a suíomh, a gcur chun cinn, a bhfoilsiú, a seachadadh nó a scaipeadh ‘de ghnáth ar luach saothair’ do sheirbhísí fógraíochta polaitiúla a n-íoctar astu de ghnáth.

Tá coincheap an luacha saothair faoi dhlí an Aontais leathan go ginearálta agus áirítear leis íocaíocht nó sochair chomhchineáil (19), amhail socruithe taistil, cóiríocht nó rochtain ar imeachtaí nó ar áiteanna a mbeadh íocaíocht ag teastáil ina leith murach sin (féach freisin na gnéithe maidir le soláthraithe seirbhíse i Roinn 1.2.1).

Mar sin féin, níor cheart tuairimí polaitiúla ná inneachar eagarthóireachta eile a mheas mar fhógraíocht pholaitiúil, mura rud é go ndéanann tríú páirtithe íocaíocht shonrach nó luach saothair eile a sholáthar as iad a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, nó i ndáil leis an méid sin.

Féach freisin na gnéithe a sholáthraítear thuas maidir le soláthraithe seirbhíse.

2.2.2   Teachtaireachtaí arna soláthar ‘trí ghníomhaíochtaí inmheánacha’

Baineann fógraíocht pholaitiúil a dhéantar trí ‘ghníomhaíochtaí inmheánacha’ le cásanna nach ndéantar seirbhís a sholáthar, i.e. ina ndéanann eintitis (e.g. páirtithe polaitiúla, cuideachtaí nó comhlachtaí poiblí) teachtaireachtaí a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh trí úsáid a bhaint as a n-acmhainní féin (e.g. fostaithe nó comhaltaí Páirtí), seachas gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seachtracha seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Cumhdófar leis sin gníomhaíochtaí daoine dlítheanacha agus d’fhéadfadh sé go gcumhdófaí leis gníomhaíochtaí de chomhlachais nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu freisin.

Soiléirítear in Aithris 24 de Rialachán (AE) 2024/900 go ndéantar na gníomhaíochtaí sin laistigh d’eintiteas atá ag gníomhú thar a cheann féin agus arb é atá i gceist leo fógraíocht pholaitiúil a dhéanamh nó rannchuidiú go substaintiúil leis sin a dhéanamh.

Nuair a dhéantar teachtaireachtaí a phostáil go horgánach ar na meáin shóisialta, i.e. gan úsáid a bhaint as borradh íoctha ná as aon seirbhísí foilsitheoireachta eile a sholáthraítear ar luach saothair sonrach, nó nuair a scaiptear teachtaireachtaí ar an bpobal, trí mhodhanna eile, trí ghníomhaíochtaí inmheánacha, ní bheadh feidhm ag na hoibleagáidí trédhearcachta is infheidhme maidir le foilsitheoirí fógrán polaitiúil faoi Chaibidil II maidir leo.

Mar shampla:

26.

Fógrán polaitiúil a phostáil ag páirtí polaitiúil ar na meáin shóisialta ar a shon féin (gan baint a bheith ag seirbhís foilsitheoireachta íoctha leis), fiú i gcás ina raibh seirbhís íoctha i gceist leis an ullmhúchán (e.g. le cuideachta PR), mheasfaí gur fógraíocht pholaitiúil é sin arna foilsiú trí ghníomhaíochtaí inmheánacha, agus ní bheidh gá le lipéadú ná fógra trédhearcachta.

27.

Ullmhaíonn páirtí polaitiúil inneachar agus íomhánna na dteachtaireachtaí trína fhoireann margaíochta inmheánach agus postálann sé na teachtaireachtaí go díreach ar a chuntas meán sóisialta agus a shuíomh gréasáin. Fógraíocht pholaitiúil arna hullmhú agus arna foilsiú trí ghníomhaíochtaí inmheánacha a bheadh i gceist leis an méid sin, agus ní bheidh gá le lipéadú ná fógra trédhearcachta.

28.

Ullmhaíonn agus roinneann comhlachas tionscail, thar ceann a chomhaltaí, ráiteas seasaimh ar a chuntas meán sóisialta chun tuairimí a chomhaltaí a chur chun cinn, rud atá ceaptha chun tionchar a imirt ar phróiseas reachtach leanúnach. Mheasfaí gur fógraíocht pholaitiúil é sin a ullmhaítear agus a fhoilsítear trí ghníomhaíochtaí inmheánacha, agus ní bheidh gá le haon lipéadú ná fógra trédhearcachta.

29.

Dáileann comhaltaí an pháirtí, ar son an pháirtí, marsantacht pholaitiúil ar a bhfuil teachtaireachtaí feachtais (i.e. a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin). Mheasfaí gur fógraíocht pholaitiúil a scaiptear trí ghníomhaíochtaí inmheánacha é sin, agus dá bhrí sin ní bheidh gá le haon lipéadú ná fógra trédhearcachta.

Gníomhaíochtaí inmheánacha nach mbaineann úsáid as teicnící spriocdhírithe ná seachadta fógráin, ní spreagfadh siad aon oibleagáid faoi Chaibidil III den Rialachán.

Mar sin féin, má ghabhann soláthraithe seirbhíse fógraíochta polaitiúla d’fhógrán polaitiúil a ullmhú a fhoilsítear, a sheachadtar nó a scaiptear ina dhiaidh sin mar chuid de ghníomhaíochtaí inmheánacha (e.g. mar a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh i sampla 26), beidh orthu fós na hoibleagáidí eile is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla i gCaibidil II a chomhlíonadh (20).

Má fhoilsíonn, má sheachadann nó má scaipeann foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla fógráin polaitiúla a ullmhaíodh go hinmheánach, beidh orthu na hoibleagáidí is infheidhme maidir le foilsitheoirí a chomhlíonadh. D’áireofaí leis sin an oibleagáid atá ar úsáideoirí ardán ar líne an teachtaireacht a uaslódálann siad a lipéadú i gceart, má cháilíonn sí mar fhógraíocht pholaitiúil agus má fuair siad luach saothair mar mhalairt ar an teachtaireacht a uaslódáil, toisc go measfaí i gcásanna den sórt sin gur foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla iad na húsáideoirí sin (e.g. tionchairí a bheith á n-íoc as teachtaireachtaí a phostáil chun tacú le gníomhaithe polaitiúla, arna n-ullmhú ag seirbhísí cumarsáide inmheánacha na ngníomhaithe sin).

2.2.3   Teachtaireachtaí a chuirtear ar fáil mar chuid d’fheachtas fógraíochta polaitiúla

In Airteagal 3, pointe (7) de Rialachán (AE) 2024/900, sainmhínítear ‘feachtas fógraíochta polaitiúla’ mar ‘sraith d’fhógráin pholaitiúla nasctha a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh i rith conradh le haghaidh fógraíocht pholaitiúil, ar bhonn ullmhú, urraíocht nó maoiniú coiteann’.

Cumhdaítear leis an sainmhíniú sin cásanna ina scaiptear fógráin pholaitiúla nasctha faoi chreat comhchoiteann bunaithe ar na socruithe conarthacha, ach gan luach saothair a bheith bainteach go díreach le gach fógrán. Tá sé sin ábhartha go háirithe maidir le scaipeadh inneachair ar na meáin shóisialta agus gníomhaíochtaí eile bunaithe ar ullmhú coiteann, má tá conradh ann.

Chun go dtiocfadh fógráin pholaitiúla faoi fheachtas fógraíochta, ní mór gnéithe d’ullmhú coiteann a bheith ann (e.g. is ionann inneachar na bhfógrán, tá an bonn/na hamhairc/an éirim chéanna ag na fógráin ach tá siad curtha in oiriúint do phobail mheáin éagsúla nó tá fianaise ann ar chomhordú agus ar phleanáil). Ag an am céanna, ní mór an feachtas a reáchtáil ar bhonn gaol conarthach.

Mar shampla:

30.

Déanann páirtí polaitiúil conradh le gníomhaireacht mhargaíochta chun sraith postálacha a ullmhú a bheidh le huaslódáil go díreach ar chuntas meán sóisialta an pháirtí. Cháileodh na postálacha sin mar fhógraíocht pholaitiúil.

31.

Fostaíonn comhlachas gnólacht comhairliúcháin dhigitigh chun sraith grafaicí faisnéise a dhearadh agus a dháileadh ina gcuirtear i dtábhacht tionchar dearfach na mbeartas rialtais atá beartaithe ar shláinte na saoránach. Tá na grafaicí faisnéise curtha in oiriúint do phobail mheáin, idir óg agus aosta, ach tá téama amhairc agus teachtaireacht aonfhoirmeach acu. Mar sin, is dócha go mbeidh tionchar ag na grafaicí faisnéise sin ar phróiseas reachtach leanúnach agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís teacht faoi raon feidhme feachtais fógraíochta polaitiúla.

32.

Oibríonn eintiteas le gníomhaireacht chruthaitheachta chun feachtas a sheoladh chun líon na vótálaithe a mhéadú sna toghcháin atá le teacht. Baineann an feachtas úsáid as sraith físeán beochana, a bhfuil gach ceann acu deartha chun dul i bhfeidhm ar dhaoine i gcomhthéacsanna cultúrtha éagsúla, ach a chuireann an phríomhtheachtaireacht chéanna agus na cáilíochtaí aeistéitiúla céanna in iúl. Ós rud é gurb é is aidhm don fheachtas tionchar a imirt ar iompraíocht vótála nó, ar deireadh, ar thoradh na dtoghchán, cháileodh sé mar fheachtas fógraíochta polaitiúla.

33.

Roimh thoghcháin náisiúnta i mBallstát, íoctar le tionchairí, le linn conradh le haghaidh fógraíocht pholaitiúil, líon mór teachtaireachtaí a phostáil thar thréimhse áirithe ama, arb é is aidhm dóibh an ráta vótála a laghdú. Cháileodh sé sin mar fhógraíocht pholaitiúil mar chuid d’fheachtas fógraíochta polaitiúla, gan beann ar cé acu a soláthraíodh nó nár soláthraíodh luach saothair as gach teachtaireacht a phostáiltear.

2.2.4   Teachtaireachtaí ó ghníomhaí polaitiúil, ar a shon nó thar a cheann

De réir Airteagal 3, pointe (2)(a) de Rialachán (AE) 2024/900, áirítear sa sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil fógraíocht arna hullmhú, arna suíomh, arna cur chun cinn, arna foilsiú, arna seachadadh nó arna scaipeadh ag gníomhaí polaitiúil, ar a shon, nó thar a cheann. Chomh maith le polaiteoirí agus páirtithe polaitiúla iad féin, áirítear leis sin freisin eintitis éagsúla a ghníomhaíonn uaireanta mar ionadaithe do pháirtithe polaitiúla.

In Airteagal 3, pointe (4) den Rialachán, sainmhínítear gníomhaithe polaitiúla mar aon cheann díobh seo a leanas:

a.

‘páirtí polaitiúil’ (21), nó eintiteas a bhaineann go díreach nó go hindíreach le réimse gníomhaíochta páirtí pholaitiúil den sórt sin;

b.

‘comhaontas polaitiúil’ (22);

c.

‘páirtí polaitiúil Eorpach’ (23);

d.

iarrthóir ar aon oifig thofa nó sealbhóir aon oifige tofa ar leibhéal an Aontais, nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, nó ar aon phost ceannaireachta i bpáirtí polaitiúil;

e.

comhalta d’institiúidí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach agus an Chúirt Iniúchóirí, nó rialtas Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;

f.

eagraíocht feachtais pholaitiúil, bíodh pearsantacht dhlítheanach aici nó ná bíodh, arna bunú chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, agus chuige sin amháin;

g.

aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann ionadaíocht ar aon duine de na daoine nó ar aon cheann de na heagraíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (f), nó a ghníomhaíonn thar a gceann, agus a chuireann cuspóirí polaitiúla aon cheann de na daoine nó eagraíochtaí sin chun cinn.

Chun go n-aicmeofar mar fhógraíocht pholaitiúil í, ní gá go mbeadh teachtaireacht ó ghníomhaí polaitiúil, ar a shon nó thar a cheann faoi dhliteanas agus ceaptha chun tionchar a imirt ar thoghcháin, reifrinn nó próisis reachtacha nó rialála. Ní critéir charnacha iad an dá chritéar a liostaítear sa sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil in Airteagal 3, pointe (2)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2024/900.

Eisiatar ón sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil teachtaireachtaí ó ghníomhaí polaitiúil, ar a shon nó thar a cheann ar teachtaireachtaí de chineál príobháideach amháin nó tráchtála amháin iad. Is gá anailís a dhéanamh ar an staid choincréiteach chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil fógraíocht pholaitiúil á déanamh go díreach ‘ag’ gníomhaí polaitiúil nó cé acu atá eintiteas eile ag gníomhú ‘ar son’ nó ‘thar ceann’ gníomhaí polaitiúil i gcás ar leith. Mínítear in Aithris 22 den Rialachán go n-áirítear ar na gnéithe a d’fhéadfaí a chur san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe sin socruithe conarthacha, treoracha agus formheasanna arna dtabhairt ag an ngníomhaí polaitiúil.

D’fhéadfadh na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt don chomhlíonadh trí liosta iarrthóirí i ngach toghchán a chur ar fáil agus é a dhéanamh éasca rochtain a fháil air nó, i gcás inarb indéanta, liosta de ghníomhaithe polaitiúla ábhartha (e.g. clár de pháirtithe polaitiúla).

Mar shampla:

34.

Fostaíonn polaiteoir cuideachta PR chun a íomhá nó a híomhá a chur chun cinn ar fud na tíre. Ullmhaíonn an chuideachta PR na teachtaireachtaí atá le foilsiú i nuachtáin ábhartha agus i bpostálacha ar na meáin shóisialta. Formheasann an polaiteoir na teachtaireachtaí agus scaipeann an chuideachta PR iad. Ós rud é go ndéantar na teachtaireachtaí a ullmhú agus a scaipeadh thar ceann an pholaiteora, is fógraíocht pholaitiúil iad.

35.

Sa tréimhse roimh thoghcháin, íocann polaiteoir líonra tionchairí chun teachtaireachtaí comhchosúla a phostáil ina ndéantar é a chur chun cinn go hindíreach. Is fógraíocht pholaitiúil é sin.

2.2.5   Teachtaireachtaí de chineál príobháideach amháin nó de chineál tráchtála amháin

Foráiltear le hAirteagal 3, pointe (2)(a) de Rialachán (AE) 2024/900 nach fógraíocht pholaitiúil iad teachtaireachtaí ó ghníomhaithe polaitiúla, ar a son nó thar a gceann, ar de chineál príobháideach amháin nó de chineál tráchtála amháin iad.

Mar a mhínítear in Aithris 22 den Rialachán, chun a chinneadh cibé an teachtaireacht de chineál príobháideach amháin nó de chineál tráchtála amháin atá i dteachtaireacht, tá sé fíor-riachtanach scrúdú a dhéanamh ar thosca éagsúla (féach freisin Roinn 2.3 maidir leis an ábhar seo). Is é inneachar na teachtaireachta an chéad ghné atá le breithniú, toisc gur féidir leis a léiriú cé acu a bhaineann an teachtaireacht leis an saol pearsanta nó le leasanna tráchtála. Ina theannta sin, trí thuiscint a fháil ar cé hé urraitheoir nó tionscnóir teachtaireachta, agus measúnú á dhéanamh ar an teanga a úsáidtear, ar a héirim agus ar an gcomhthéacs foriomlán, lena n-áirítear cathain agus cá háit a roinntear an teachtaireacht, is féidir leis cuidiú chun an cuspóir beartaithe a oibriú amach.

Mar shampla:

36.

Maidir le páirtí polaitiúil a phostálann teachtaireacht chun folúntas inmheánach a líonadh, ina sonraítear na príomhthéarmaí conarthacha, is teachtaireacht de chineál tráchtála a priori amháin í sin agus níl fógraíocht pholaitiúil i gceist léi.

37.

Is fógra de chineál príobháideach amháin é fógra ó iarrthóir ar na meáin shóisialta faoi phósadh a iníne agus níl fógraíocht pholaitiúil i gceist léi.

38.

Is chun críocha tráchtála atá feachtas fógraíochta arna sheoladh ag duine tofa áitiúil, ar úinéir óstáin é freisin, chun pacáistí saoire a chur chun cinn, lena n-áirítear tarraingtí áitiúla agus radhairc áitiúla, nuair a chuirtear lóistín in áirithe ina óstán nua agus níl fógraíocht pholaitiúil i gceist leis.

39.

Is dócha go measfaí gur de chineál tráchtála iad fógráin a chuireann eagraíocht feachtais pholaitiúil ar na meáin shóisialta chun a seirbhísí a chur in iúl (i.e. gan aon bheartas, toradh ná iarrthóir sonrach a chur chun cinn) agus ní bheadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leo.

2.2.6   Teachtaireachtaí a dhlitear agus a cheaptar chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála

Mar aon le teachtaireachtaí ó ghníomhaithe polaitiúla, ar a son nó thar a gceann, cumhdaítear freisin leis an sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil in Airteagal 3, pointe (2) de Rialachán (AE) 2024/900 teachtaireachtaí a dhlitear agus a cheaptar chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála.

Chun go mbeadh fógraíocht pholaitiúil ann, ní mór go ndlitear agus go gceaptar an teachtaireacht chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála. Ní fógraíocht pholaitiúil atá i gceist le teachtaireacht a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar iompraíocht vótála, gan a bheith ceaptha ar dtús chun na críche sin, faoin gcuid sin den sainmhíniú.

An measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil teachtaireacht faoi dhliteanas agus ceaptha chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála, is gá é a bheith bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla agus na gnéithe uile is gá a chur san áireamh (féach Roinn 2.3).

Tá an cur chuige feidhmiúil. Dá bhrí sin, níl céannacht urraitheoir nó thionscnóir na teachtaireachta cinntitheach, cé go bhféadfadh sí cuidiú le cineál polaitiúil na teachtaireachta a chinneadh.

Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil teachtaireacht faoi dhliteanas agus ceaptha chun tionchar a imirt ar thoradh toghchán, soiléirítear le hAithris 31 de Rialachán (AE) 2024/900 gur cheart ‘toghcháin’ a thuiscint mar seo a leanas:

(i)

toghcháin do Pharlaimint na hEorpa;

(ii)

na toghcháin nó na reifrinn uile a eagraítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil sna Ballstáit; agus

(iii)

toghcháin laistigh de pháirtithe polaitiúla chun a gceannaireacht a roghnú.

D’áireofaí sna toghcháin dheireanacha sin toghcháin inmheánacha laistigh de pháirtí polaitiúil, lena n-áirítear páirtí polaitiúil Eorpach, chun daoine aonair a roghnú le haghaidh poist cheannaireachta, ceannairí na bpáirtithe (e.g. uachtaráin) agus comhlachtaí coláisteacha (e.g. leas-uachtaráin) de ghnáth. D’fhéadfaí an rialachas lárnach agus leibhéil eile (lena n-áirítear an leibhéal réigiúnach nó an leibhéal áitiúil) ar a roghnaíonn páirtithe polaitiúla a gceannaireacht a chumhdach leis sin.

Ina theannta sin, is iondúil go dtagraíonn teachtaireachtaí atá faoi dhliteanas agus atá ceaptha chun tionchar a imirt ar thoradh próisis reachtaigh nó rialála do theachtaireachtaí arb é is aidhm dóibh tionchar a imirt ar ullmhú, caibidlíocht, glacadh nó cur chun feidhme dlíthe nó rialachán agus ba cheart baint a bheith acu le próisis atá ann cheana, mar aon le hiarrachtaí chun na próisis sin a thionscnamh, a chosc nó a bhlocáil.

Beidh baint aige sin go príomha le próisis reachtacha nó rialála a bhfuil tús curtha leo go foirmiúil (e.g. atá cláraithe nó códaithe go hoifigiúil), ach d’fhéadfadh sé céim ullmhúcháin próisis reachtaigh nó rialála a chumhdach freisin, má tá fianaise leordhóthanach ann go bhfuil próiseas den sórt sin ar siúl nó ar tí tarlú (e.g. ó chomhairliúchán poiblí nó preaseisiúintí ó na húdaráis ábhartha lena léirítear ullmhúchán i dtreo togra reachtach nó beart rialála nó i gcás ina dtionóltar comhairliúcháin le páirtithe leasmhara) nó teachtaireachtaí atá dírithe ar thionchar a imirt ar thionscnamh na bpróiseas sin, lena n-áirítear teachtaireachtaí a dhírítear ar sheoladh na bpróiseas sin a dhíspreagadh.

Mar shampla:

40.

Feachtas a tionscnaíodh mar fhreagairt ar leasú sonrach a pléadh i bpróiseas reachtach, is dócha go bhféachfadh an feachtas sin le tionchar a imirt ar an bpróiseas reachtach, agus go mbeadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leis.

41.

Feachtas ina n-úsáidtear manaí amhail ‘Caith do vóta go stuama’ a sheoltar roimh reifreann ar ábhar a chumhdaítear leis na ceisteanna a chuirtear sa reifreann, is dócha go gceaptar an feachtas sin chun tionchar a imirt ar thoradh an reifrinn sin, agus go mbeadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leis.

42.

Seolann comhlachas feachtas chun reachtaíocht fógraíochta níos sriantaí a éileamh maidir le catagóirí sonracha bia agus deochanna. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an bhfeachtas dréachtú agus glacadh reachtaíochta a thionscnamh, mheasfaí é sin a bheith faoi dhliteanas agus ceaptha chun tionchar a imirt ar thoradh próisis reachtaigh nó rialála, agus go mbeadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leis.

Agus den pháirt eile:

43.

Feachtas faisnéise poiblí chun feasacht a ardú a sheolfar tar éis togra reachtach nua a thabhairt isteach agus é mar aidhm aige oideachas a chur ar an bpobal faoi, ní dócha go mbeidh sé faoi dhliteanas agus ceaptha chun tionchar a imirt ar an bpróiseas reachtach, agus ní bheadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leis.

44.

Ní dócha go mbeadh feachtas faisnéise poiblí chun tacú le sláinte coisctheach faoi dhliteanas agus ceaptha chun tionchar a imirt ar phróisis toghcháin nó rialála, agus ní bheadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leis.

45.

Is dócha gur fógraíocht tráchtála amháin atá i gceist le hoibreoir teileachumarsáide a chuireann a thairiscintí is déanaí chun cinn le linn díospóireacht pharlaiminte náisiúnta i ndáil le rialacháin nua maidir leis an teileachumarsáid agus nach bhfuil sé beartaithe chun tionchar a imirt ar aon phróiseas reachtach ná rialála. Dá bhrí sin, ní bheadh fógraíocht pholaitiúil leis an méid sin.

46.

Ní dócha go mbeidh feachtas a sheolann eagraíocht charthanachta chun cistí a thiomsú le haghaidh taighde ar ailse faoi dhliteanas agus ceaptha chun tionchar a imirt ar thoradh próisis toghcháin, reachtaigh nó rialála, agus ní bheadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leis.

47.

Ní dócha go mbeidh feachtas ardaithe feasachta arna sheoladh ag ENR maidir le cibearsceamálacha ar líne agus cosaint grúpaí leochaileacha (amhail seanóirí agus daoine fásta óga) ar chalaois faoi dhliteanas agus ceaptha chun tionchar a imirt ar thoradh próisis toghcháin, reachtaigh nó rialála, agus ní bheadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leis.

2.3   Gnéithe praiticiúla atá le breithniú chun fógraíocht pholaitiúil a shainaithint

Soláthraítear le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2024/900 liosta neamh-uileghabhálach de ghnéithe nach mór a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil teachtaireacht faoi dhliteanas agus ceaptha chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála agus an bhféadfaí í a shainaithint mar fhógraíocht pholaitiúil dá bhrí sin. Áirítear orthu sin gnéithe a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

urraitheoir na teachtaireachta;

(ii)

an teanga a úsáidtear chun an teachtaireacht a chur in iúl;

(iii)

an comhthéacs ina gcuirtear an teachtaireacht in iúl, lena n-áirítear an tréimhse scaipthe (e.g. tréimhse thoghcháin);

(iv)

na modhanna trína ndéantar an teachtaireacht a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh;

(v)

an spriocphobal meáin;

(vi)

cuspóir na teachtaireachta.

Baineann an liosta thuas go sainráite le pointe (b) den sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil in Airteagal 3, pointe (2) den Rialachán, agus leis an bpointe sin amháin.

I gcásanna a chumhdaítear le hAirteagal 3(2)(b) de Rialachán (AE) 2024/900, ní mór nasc soiléir substaintiúil a bheith ann idir an teachtaireacht agus an fhéidearthacht go n-imreodh sí tionchar ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála, nó ar iompraíocht vótála daoine. Ba cheart an fíoras gur ceapadh an teachtaireacht chun na críche sin a bheith mar thoradh ar na tosca ábhartha uile. Ina theannta sin, níor cheart an nasc sin a bhunú go cúlghabhálach ar bhonn thionchar na teachtaireachta amháin (e.g. i gcás ina mearscaiptear an teachtaireacht).

Liostaítear i dTábla 1 thíos gnéithe oibiachtúla atá le breithniú agus measúnú á dhéanamh ar theachtaireachtaí sonracha, ag tógáil ar na critéir a liostaítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2024/900. Chun an nasc idir an teachtaireacht féin agus cineál polaitiúil na teachtaireachta a bhunú, ba cheart cur chuige iomlánaíoch anailíseach a ghlacadh, ós rud é gur dócha go mbeidh an nasc bunaithe ar níos mó ná gné tháscach amháin. D’fhéadfadh a n-úsáid a bheith carnach. D’fhéadfadh breithniú a dhéanamh ar ghnéithe breise ar bhonn cás ar chás a bheith i gceist leis an gcur chuige sin freisin.

I gcomhréir le hAithris 108 de Rialachán (AE) 2024/900, ba cheart go bhfónfadh Tábla 1 do na húdaráis inniúla náisiúnta thar aon ní eile chun tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo. Ba cheart a mheabhrú gur ar na hurraitheoirí atá an phríomhfhreagracht fógráin pholaitiúla a shainaithint agus a dhearbhú (féach Roinn 3.2.4.3).

Tábla 1

Gnéithe atá le breithniú chun fógráin pholaitiúla a shainaithint

a)

a bhfuil sa teachtaireacht;

Ceisteanna le breithniú:

Príomheilimintí:

An bhfuil téarmaíocht pholaitiúil nó frásaí a bhaineann go coitianta le feachtais pholaitiúla san áireamh sa teachtaireacht?

An mbaineann an teachtaireacht le saincheisteanna nó beartais a bhaineann le gníomhaí polaitiúil sonrach nó le saincheisteanna atá ábhartha le haghaidh toghchán atá ar na bacáin?

An bhfuil formhuinithe polaitiúla, glaonna chun gníomhaíochta, nó plé ar shaincheisteanna polaitiúla san áireamh sa teachtaireacht?

An gcuireann an teachtaireacht polaiteoirí, páirtithe polaitiúla, beartais phoiblí reatha nó bearta chun cinn nó an gcuireann sí ina gcoinne?

Gnéithe breise a d’fhéadfaí a chur san áireamh:

An ndéantar iarracht leis an teachtaireacht an clár oibre a shocrú, trí shuntasacht saincheiste atá ábhartha ó thaobh na polaitíochta de a chur chun cinn?

An bpléitear toghcháin, reifrinn, beartais nó bearta sonracha sa teachtaireacht, amhail ‘moladh X’ nó ‘tionscnamh Y’?

(b)

urraitheoir na teachtaireachta;

Ceisteanna le breithniú:

Príomhghnéithe:

An bhfuil an t-urraitheoir, nó an t-eintiteas a rialaíonn an t-urraitheoir ar deireadh, ina ghníomhaí polaitiúil nó cleamhnaithe le gníomhaí polaitiúil?

Gnéithe breise a d’fhéadfaí a chur san áireamh:

An bhfuil fógraíocht pholaitiúil nó feachtais toghcháin á maoiniú ag an urraitheoir, ag an eintiteas a rialaíonn an t-urraitheoir ar deireadh nó an duine nó ag an eintiteas a sholáthraíonn luach saothair mar mhalairt ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla, nó an bhfuil sé ag tabhairt tabhartais do ghníomhaithe polaitiúla?

An bhfuil an t-urraitheoir, nó an t-eintiteas a rialaíonn an t-urraitheoir ar deireadh, ag gabháil d’fhógraíocht pholaitiúil nó d’fheachtais toghcháin, nó ag seasamh do thoghcháin?

(c)

an teanga a úsáidtear chun an teachtaireacht a chur in iúl (24);

Ceisteanna le breithniú:

Príomhghnéithe:

Cén teanga a úsáidtear chun an teachtaireacht a chur in iúl?

An léiríonn an teanga a úsáidtear go bhféadfaí díriú ar mhionlaigh teanga?

An bhfuil an teachtaireacht iomlán á cur in iúl in aon teanga amháin a léiríonn go bhféadfadh díriú ar thír ar leith a bheith i gceist léi?

(d)

an comhthéacs ina gcuirtear an teachtaireacht in iúl, lena n-áirítear an tréimhse scaipthe;

Ceisteanna le breithniú:

Príomhghnéithe:

Cad é uainiú scaipeadh na teachtaireachta i ndáil le toghcháin, reifrinn, nó próisis reachtacha nó rialála (e.g. réamhthoghchán, toghchán, le linn próiseas reachtach nó rialála)?

An mbaineann an teachtaireacht le haon fhorbairt pholaitiúil nó le conspóid a tharla le déanaí?

Gnéithe breise a d’fhéadfaí a chur san áireamh:

An bhfuil an teachtaireacht á foilsiú nó á scaipeadh le linn imeachtaí polaitiúla suntasacha?

An bhfuil an teachtaireacht mar chuid de straitéis feachtais níos leithne, nó mar chuid d’fheachtas comhordaithe níos mó?

(e)

na modhanna trína ndéantar an teachtaireacht a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh;

Ceisteanna le breithniú:

Príomhghnéithe:

Cén cainéal/cé na cainéil a úsáideadh chun an teachtaireacht a fhoilsiú nó a scaipeadh (e.g. na meáin shóisialta, ríomhphost, teilifís, na meáin chlóite)?

Cad iad na modhanna teicneolaíochta lenar seachadadh an teachtaireacht (e.g. aipeanna móibíleacha, suíomhanna gréasáin, seirbhísí sruthaithe)?

An cuid d’fheachtas ilchainéalach comhordaithe í an teachtaireacht?

An bhfuil aon ardán nó seirbhís shonrach ann a úsáidtear den chuid is mó le haghaidh scaipeadh?

Gnéithe breise a d’fhéadfaí a chur san áireamh:

An ndéantar an teachtaireacht a ullmhú, a fhoilsiú nó a scaipeadh i bhformáidí éagsúla?

Cé na méideanna nó cé chomh minic a scaiptear nó a athúsáidtear an teachtaireacht?

(f)

an spriocphobal meáin;

Ceisteanna le breithniú:

Príomhghnéithe:

An bhfuil an fógra ag brath ar theicnící spriocdhírithe chun teagmháil a dhéanamh le pobal meáin sonrach nó pobail meáin shonracha?

Má chuirtear teicnící spriocdhírithe nó teicnící seachadta fógráin i bhfeidhm, cén critéir a úsáideadh chun díriú ar an spriocphobal meáin?

An léir ón teachtaireacht féin cén pobal meáin a bhfuil sí ag iarraidh díriú air?

Gnéithe breise a d’fhéadfaí a chur san áireamh:

An gcuirtear i dtábhacht saincheisteanna a bhaineann le limistéir gheografacha shonracha (e.g. limistéir uirbeacha, thuaithe nó chósta) sa teachtaireacht, nó a úsáideann teanga nó íomhánna is féidir a chur i leith na limistéar sin?

(g)

cuspóir na teachtaireachta.

Ceisteanna le breithniú:

Príomhghnéithe:

An áirítear sa teachtaireacht glaonna ar ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht a bhaineann le toghchán, reifreann, iompraíocht vótála nó próiseas reachtach nó rialála (e.g. glaonna ar vótáil, achainí ar lucht déanta cinntí, lucht tacaíochta a shlógadh nó lucht freasúra a dhíspreagadh)?

An leagtar amach sa teachtaireacht cuspóir soiléir tuairim a mhúnlú maidir le saincheist ar leith, seachas daoine a chur ar an eolas go simplí ionas gur féidir leo teacht ar a dtuairimí féin?

Gnéithe breise a d’fhéadfaí a chur san áireamh:

An léir ón teachtaireacht go bhfuil sé beartaithe tionchar a imirt ar thoghchán nó reifreann, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála?

Is uirlis tacaíochta é Tábla 1 agus ba cheart é a úsáid dá réir sin. Níl sé d’aidhm aige réiteach ‘a oireann do chách’ a thabhairt isteach, ós rud é nach léirítear leis na gnéithe uile a d’fhéadfadh a bheith ann.

Ba cheart measúnú a dhéanamh ar fhógráin polaitiúla ar bhonn cás ar chás agus níor cheart na gnéithe atá le breithniú (ina n-aonar nó i gcomhpháirt), a liostaítear i dTábla 1, a léirmhíniú mar tháscairí lena mbunaítear nasc cinnte go huathoibríoch idir fógrán agus a chineál polaitiúil. Ba cheart bonn láidir a bheith ann chun teacht ar chonclúidí ó na breithnithe faoi seach.

Tá sé sin ábhartha go háirithe maidir leis an idirdhealú idir fógraíocht pholaitiúil agus fógraíocht de chineál tráchtála amháin.

D’fhéadfadh sé go gcáileodh fógraíocht tráchtála mar fhógraíocht pholaitiúil má chomhlíonann an teachtaireacht critéir an tsainmhínithe ar fhógraíocht pholaitiúil in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2024/900, ach níor cheart a thuiscint go huathoibríoch go bhfuil fógraíocht pholaitiúil i gceist léi. I gcás, mar shampla, ina bhfuil saincheisteanna sóisialta nó eiticiúla (e.g. comhionannas sóisialta nó inbhuanaitheacht) ag baint le feachtais fógraíochta ag brandaí tráchtála, nach bhfuil ceaptha chun tionchar a imirt ar phróiseas reachtach nó rialála, léireodh sé sin, i bprionsabal, féiniúlacht agus croíluachanna an bhranda sin, seachas é a bheith d’aidhm aige tionchar a imirt ar phróisis toghcháin nó rialála. Ar an gcaoi chéanna, má tá ábhair a bhí i láthair i bhfeachtais fógraíochta tráchtála (e.g. fógráin ina bhfuil táirgeadh áitiúil nó réitigh fuinnimh in-athnuaite) ábhartha freisin sa dioscúrsa polaitiúil roimh thoghcháin nó reifreann, nó má éiríonn siad ábhartha, ní fhágann sé sin go bhfuil na fógráin sin polaitiúil go huathoibríoch.

Samplaí:

48.

Is dócha gur fógrán tráchtála amháin é fógrán cuideachta teicneolaíochta ina léirítear a hardán foghlama ar líne a chuireann cúrsaí saor in aisce ar fáil do spriocghrúpaí sonracha, lena gcuirtear i dtábhacht téama na rochtana leithne ar an oideachas, agus nach mbeadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leis.

49.

Is dócha gur fógraíocht tráchtála amháin a bheadh i gceist le fógrán cuideachta ina léirítear a tiomantas cuid dá fáltais a dheonú ar chúis shóisialta agus nach mbeadh fógraíocht pholaitiúil i gceist leis.

Agus den pháirt eile:

50.

Is fógraíocht pholaitiúil a bheadh i gceist le cuideachta iompair trasteorann a chuireann chun cinn an coigilteas costais a d’fhéadfadh a bheith ann dá gcustaiméirí dá n-athrófaí rialacha maidir le mórbhealaigh, cé go bhfuil athruithe den sórt sin á bplé sa pharlaimint.

Mura bhfuil fógráin déanta ag gníomhaí polaitiúil, ar a shon nó thar a cheann, ní mór iad a bheith faoi dhliteanas agus ceaptha chun tionchar a imirt ar thoghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróisis reachtacha nó rialála chun go mbeadh fógraíocht pholaitiúil i gceist. Ní mór an nasc lena chineál polaitiúil a bheith substaintiúil, seachas comhtheagmhasach nó bunaithe ar tháscairí a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad oiriúnach.

Chun cur i bhfeidhm rianúil Rialachán (AE) 2024/900 a éascú a thuilleadh, d’fhéadfadh na Ballstáit treoir bhreise a sholáthar, lena n-áirítear trí shuíomhanna gréasáin tiomnaithe, maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an dócha go measfar gur fógraíocht pholaitiúil atá i dteachtaireacht ar leith, agus na sonraíochtaí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla ábhartha á gcur san áireamh freisin.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, malartú rialta a dhéanamh freisin maidir le sainaithint na fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear maidir leis na cásanna aonair, faoi chuimsiú Líonra na bpointí teagmhála náisiúnta.

3.   Oibleagáidí faoi Chaibidil II den Rialachán

Baineann an roinn seo leis na hoibleagáidí atá ar urraitheoirí, ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla agus ar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla faoi Chaibidil II de Rialachán (AE) 2024/900. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí sin freisin maidir le rialaitheoirí (i dteannta na n-oibleagáidí faoi Chaibidil III) má ghlacann siad ról na n-urraitheoirí, na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla nó na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, de réir mar a bheidh. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos smachtbhannaí i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin agus, i gcomhréir le hAirteagal 25(1) den Rialachán, ní mór dóibh a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.1   Oibleagáidí ar urraitheoirí

Le Rialachán (AE) 2024/900, forchuirtear oibleagáidí sonracha ar urraitheoirí fógraíochta polaitiúil, a shonraítear in Airteagal 7 den Rialachán.

Baineann na hoibleagáidí sin go príomha le fógraíocht pholaitiúil a dhearbhú agus leis an bhfaisnéis is gá a sholáthar do sholáthraithe chun comhlíonadh na n-oibleagáidí trédhearcachta nó díchill chuí a áirithiú faoi Chaibidil II den Rialachán.

Tá na hurraitheoirí freagrach as cruinneas na ndearbhuithe sin. Ní mór dóibh aon mhíchruinneas a bhraitear a thabhairt cothrom le dáta nó a cheartú go pras.

Agus seirbhís fógraíochta á hiarraidh ag urraitheoirí (nó ag soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí), ní mór dóibh a dhearbhú go fírinneach cibé atá nó nach bhfuil fógraíocht pholaitiúil i gceist leis an tseirbhís a éilítear, mar a shainmhínítear sa Rialachán.

I gcás ina n-iarrann urraitheoirí seirbhísí fógraíochta polaitiúla sna 3 mhí dheireanacha roimh thoghchán nó reifreann (arna n-eagrú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i mBallstát), ar seirbhísí iad a bhaineann leis an toghchán nó leis an reifreann sin, ní mór dóibh a dhearbhú, go háirithe, go bhfuil siad i dteideal fógraíocht den sórt sin a iarraidh. Mar a shonraítear a thuilleadh i Roinn 3.2.2, Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2024/900, ní cheadaítear ach seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar do na daoine seo a leanas:

saoránaigh den Aontas Eorpach,

daoine nach saoránaigh den Aontas iad atá ina gcónaí go buan san Aontas agus a bhfuil ceart vótála acu sa toghchán nó sa reifreann sin, nó

daoine dlítheanacha nach bhfuil faoi úinéireacht nó faoi rialú deiridh náisiúnach tríú tír (ach amháin má tá siad ina gcónaí go buan san Aontas agus má tá ceart vótála acu sa toghchán nó sa reifreann sin) nó ag daoine dlítheanacha atá bunaithe i dtríú tíortha.

De réir Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2024/900 ní mór d’urraitheoirí (nó do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta atá ag gníomhú thar a gceann) faisnéis a sholáthar atá riachtanach do na soláthraithe chun na hoibleagáidí maidir le taifid a choimeád faoi Airteagal 9(1) den Rialachán a chomhlíonadh, agus, i gcás foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, na ceanglais lipéadaithe agus trédhearcachta faoi Airteagail 11(1) agus 12(1) den Rialachán.

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/900, ba cheart an méid seo a leanas a áireamh i gcónaí san fhaisnéis sin (25):

faisnéis maidir leis an bhfógrán polaitiúil nó an feachtas fógraíochta polaitiúla a bhfuil baint ag an tseirbhís nó ag na seirbhísí leis (Airteagal 9);

céannacht agus sonraí teagmhála an urraitheora agus, i gcás inarb infheidhme, an eintitis a rialaíonn an t-urraitheoir ar deireadh, lena n-áirítear a ainm, a sheoladh ríomhphoist, agus, i gcás go bpoiblítear é, a sheoladh poist, agus, i gcás nach duine nádúrtha é an t-urraitheoir, an seoladh ina bhfuil sé bunaithe (Airteagail 9, 11, agus 12);

céannacht agus sonraí teagmhála an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a sholáthraíonn luach saothair mar mhalairt ar an bhfógrán polaitiúil murab ionann an duine sin agus an t-urraitheoir nó an t-eintiteas a rialaíonn an t-urraitheoir ar deireadh (Airteagal 12);

an tréimhse ar lena linn atá sé beartaithe an fógrán polaitiúil a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh (Airteagal 12);

faisnéis faoi thionscnamh poiblí nó príobháideach na méideanna agus na sochar eile a fuarthas mar mhalairt ar an tseirbhís, chomh maith le cibé acu ar thosaigh siad laistigh nó lasmuigh den Aontas (Airteagail 9 agus 12);

i gcás inarb infheidhme, léiriú ar an bpróiseas toghcháin, reifrinn, reachtach nó rialála lena bhfuil an fógrán polaitiúil nasctha (Airteagail 9, 11 agus 12);

i gcás ina mbaineann sé le toghcháin nó reifreann ar leith, naisc chuig faisnéis oifigiúil faoi na módúlachtaí maidir le rannpháirtíocht sa toghchán nó sa reifreann lena mbaineann (Airteagal 12);

i gcás inarb infheidhme, ráiteas gur díríodh an fógrán polaitiúil sin nó go raibh sé faoi réir teicnící spriocdhírithe nó teicnící seachadta fógráin (Airteagail 11 agus 12);

i gcás inarb infheidhme, cibé acu ar cuireadh foilsiú an fhógráin pholaitiúil nó leagan níos luaithe de ar fionraí nó ar scoireadh de mar gheall ar shárú ar an Rialachán seo (Airteagal 12).

I gcás ina bhfuil urraitheoirí faoi rialú deiridh eintitis eile, ní mór mionsonraí an eintitis sin a nochtadh.

Má thuigeann urraitheoirí (nó soláthraithe seirbhísí fógraíochta atá ag gníomhú thar a gceann) go bhfuil athrú tagtha ar aon fhaisnéis a sholáthair siad roimhe sin, ní mór dóibh an fhaisnéis nuashonraithe a sheoladh go pras chuig an soláthraí seirbhíse ábhartha ar bhealach iomlán cruinn. Ar an gcaoi chéanna, má fhaigheann siad amach go bhfuil aon fhaisnéis a tharchuirtear chuig an bhfoilsitheoir nó a fhoilsíonn an foilsitheoir neamhiomlán nó míchruinn, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh láithreach leis an bhfoilsitheoir sin agus an fhaisnéis cheart nó an fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar.

I gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2024/900, aon uair a théann soláthraí seirbhíse i dteagmháil le hurraitheoir i ndáil le dearbhuithe nó faisnéis atá earráideach go follasach, agus a iarrtar air an fhaisnéis ábhartha a cheartú, ba cheart don urraitheoir freagra a thabhairt ar an iarraidh a luaithe is féidir, agus an fhaisnéis ábhartha a chomhlánú nó a cheartú. Ba cheart cur chuige den sórt sin a choinneáil freisin maidir leis an bhfaisnéis atá ar lipéid nó i bhfógraí trédhearcachta a chomhlánú nó a cheartú i gcomhréir le hAirteagal 12(2) den Rialachán nó maidir le haghaidh a thabhairt ar fhógraí faoi fhógráin pholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach faoi Airteagal 15 den Rialachán.

3.2   Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla

3.2.1   Airteagal 5(1): Neamh-idirdhealú

Tá soláthar trasteorann seirbhísí fógraíochta polaitiúla sa mhargadh inmheánach, díreach cosúil le soláthar trasteorann gach seirbhíse eile sa mhargadh inmheánach, faoi réir phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

Ar an mbonn sin, foráiltear le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2024/900 nach bhfuil rochtain faighteora ar sheirbhís arna tairiscint don phobal le srianadh ar bhonn áit chónaithe ná ar bhonn bhunaíocht an fhaighteora, agus ar na forais sin amháin. Ní cheadaítear do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla idirdhealú a dhéanamh in aghaidh urraitheoirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas nó atá bunaithe go dlíthiúil ann ar fhorais a n-áite cónaithe nó a mbunaíochta, ach amháin i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an déileáil dhifriúil agus go bhfuil sé comhréireach i gcomhréir le dlí an Aontais.

Níor cheart a thuiscint leis sin go bhforchuirtear oibleagáid ghinearálta seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais. Tá an fhéidearthacht ann fós go mbeadh difríochtaí sa chóir ach ní mór í a bheith bunaithe ar chúiseanna oibiachtúla a bhfuil údar cuí leo (e.g. nuair nach bhfuil seirbhísí á soláthar ach in aon Bhallstát amháin), go háirithe i gcás ina soláthraíonn soláthraithe seirbhísí ar shlí eile sa Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe an tseirbhís atá i gceist a sholáthar.

Tá prionsabal an neamh-idirdhealaithe ábhartha go háirithe do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus feachtais pholaitiúla á seoladh acu ar fud an Aontais agus an ról a shanntar dóibh leis na Conarthaí á chomhlíonadh acu. Baineann a chur i bhfeidhm faoin Rialachán le páirtithe polaitiúla Eorpacha nó grúpaí polaitiúla Eorpacha i bParlaimint na hEorpa agus iad ag gníomhú mar urraitheoirí, agus sa chás sin níor cheart do na soláthraithe a gcuid seirbhísí a dhiúltú ná bac a chur orthu nó baint dá dtarraingteacht nuair a iarrann páirtithe polaitiúla Eorpacha nó grúpaí polaitiúla na hEorpa iad ar fhorais a n-áiteanna bunaíochta amháin, lena n-áirítear clárú.

3.2.2   Airteagal 5(2): Toirmeasc ar urraitheoirí tríú tír

Faoi Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2024/900, sna 3 mhí roimh thoghchán nó reifreann, ní féidir seirbhísí fógraíochta polaitiúla a bhaineann leis an toghchán nó leis an reifreann sin a sholáthar d’urraitheoirí tríú tír, gan dochar do rialacha náisiúnta níos déine (rud a bhféadfadh toirmisc iomlána a bheith i gceist leis).

Ní féidir seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar ach amháin d’urraitheoirí a dhearbhaíonn an méid seo a leanas:

a.

gur saoránaigh den Aontas Eorpach iad; nó

b.

gur daoine nach saoránaigh den Aontas iad a bhfuil buanchónaí orthu san Aontas agus a bhfuil ceart vótála acu sa toghchán nó sa reifreann sin, de réir dhlíthe an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu; nó

c.

gur eintiteas dlítheanach é atá bunaithe san Aontas agus nach bhfuil faoi úinéireacht ná faoi rialú deiridh daoine nach saoránach den Aontas é ó lasmuigh den Aontas (ach amháin i gcás ina bhfuil buanchónaí ar na daoine aonair san Aontas agus ina bhfuil ceart vótála acu sa toghchán nó sa reifreann sin), nó ag cuideachta atá bunaithe lasmuigh den Aontas.

Ní dhéanann an fhoráil sin difear do dhlíthe náisiúnta a d’fhéadfadh fógraíocht pholaitiúil a thoirmeasc le linn tréimhsí áirithe. Ní dhéanann sé difear ach oiread do dhlíthe náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar fhógraíocht pholaitiúil a sholáthar thar ceann catagóirí sonracha eintitis, amhail eintitis dhlítheanacha nó náisiúnaigh tríú tír.

Ós rud é go bhfuil creataí toghcháin éagsúla ar fud na mBallstát, lena bhforáiltear do thréimhsí toghcháin éagsúla (i gcás inarb infheidhme) nó do sprioc-amanna éagsúla ar féidir leo a bheith níos giorra ná 3 mhí, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht go mbeadh toghcháin thobanna ann, ní féidir a cheangal ar sholáthraithe an riail sin a chomhlíonadh sula bhfógrófar an toghchán nó an reifreann.

Foilseoidh na Ballstáit dátaí a dtoghchán agus a reifreann agus, i gcás inarb infheidhme, dátaí a dtréimhsí toghcháin, in áit a bhfuil rochtain éasca uirthi. Cuirfidh an Coimisiún tairseach choiteann de chuid an Aontais ar fáil don phobal trína gcuirfidh na Ballstáit na dátaí ábhartha ar fáil, díreach tar éis a dtoghcháin agus a reifrinn a fhógairt. Ar an mbonn sin, beidh soláthraithe ar an eolas faoi thoghchán nó reifreann ón dáta a fhógraítear go hoifigiúil é i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

Beidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla teoranta maidir lena seirbhísí a sholáthar d’urraitheoirí tríú tír 3 mhí roimh thoghcháin nó reifrinn shonracha i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Rialachán. Níor cheart go ndéanfadh sé sin difear do sholáthar seirbhísí d’urraitheoirí den sórt sin lasmuigh de na tréimhsí sin.

Is féidir tacú le comhlíonadh trí shásraí faireacháin éifeachtacha a bheith i bhfeidhm chun go mbeidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla in ann súil a choinneáil ar na seirbhísí faoi seach a sholáthraítear d’urraitheoirí tríú tír, ionas gur féidir stop a chur le soláthar seirbhísí go hoibríochtúil.

3.2.3   Airteagal 6(2): Socruithe conarthacha

Le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2024/900 ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a áirithiú go gcumasófar forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh leis na socruithe conarthacha a thugtar i gcrích chun seirbhís fógraíochta polaitiúla a sholáthar, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann le leithdháileadh freagrachta agus iad siúd a bhaineann le hiomláine agus cruinneas na faisnéise.

Tacóidh an ceanglas sin leis na sreabha faisnéise is gá a sholáthar ar fud an tslabhra luacha, i bhfianaise Airteagal 10 den Rialachán freisin agus i bhfianaise na hoibleagáide an fhaisnéis ábhartha a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla.

D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina dtéann na soláthraithe isteach sa slabhra gan eolas foriomlán a bheith acu ar thoradh an phróisis nó ar an nasc leis an táirgeadh foriomlán (e.g. trí fhochonraitheoireacht). Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, mar shampla, cásanna nach ndéantar gníomhaireacht mhargaíochta a chonrú ach amháin chun an fógrán a ullmhú, agus go mbeadh úsáid an fhógráin ina dhiaidh sin go hiomlán i lámha an urraitheora, de réir mar is cuí leo. I gcásanna den sórt sin, níor cheart go mbeadh an ghníomhaireacht mhargaíochta faoi dhliteanas a priori as faisnéis a sholáthar d’fhoilsitheoir nuair nach eol dóibh an foilsitheoir.

Thairis sin, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina mbeadh foilsitheoirí ag gníomhú mar fhoilsitheoirí comhpháirteacha, rud a d’fhéadfadh, i measc nithe eile, a bheith ina gcúis leis an ngá atá ann a chinneadh cé atá freagrach as lipéadú an fhógra pholaitiúil ionas nach ndéanfar na hiarrachtaí lipéadaithe agus trédhearcachta a dhúbailt. Le Rialachán (AE) 2024/900 fágtar faoi na foilsitheoirí comhpháirteacha é an lipéadú agus an trédhearcacht sin a eagrú. Agus é sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh éifeachtúlacht chomh maith le soláimhsitheacht a chur san áireamh (féach freisin Roinn 3.3.5).

Mar shampla, má iarrann urraitheoir ar chuideachta fógraíochta fógráin feachtais a tháirgeadh ach má fhostaíonn sé conraitheoir ar leith ina dhiaidh sin chun na fógráin a scaipeadh, d’fhéadfadh sé gurb é an bealach is éifeachtúla go n-áirithíonn an chuideachta fógraíochta, seachas lucht scaipthe na bhfógrán, go gcomhlíontar na hoibleagáidí uile a bhaineann le lipéadú, rud a chiallaíonn go mbeadh ar an urraitheoir faisnéis nuashonraithe a sholáthar don chuideachta fógraíochta nuair is gá, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(3) den Rialachán.

Ba cheart na cásanna sin a chinneadh i gcreat conarthach, agus an oibleagáid agus an dliteanas maidir le tarchur faisnéise á leithdháileadh dá réir sin. Ar mhaithe le héifeachtúlacht an phróisis agus ualaigh riaracháin a laghdú, dea-chleachtas a bheadh ann leithdháileadh conarthach na bhfreagrachtaí sin ar an urraitheoir ábhartha, nó ar an soláthraí a ghníomhaíonn thar ceann an urraitheora, a iarrann tuilleadh seirbhísí ón bhfoilsitheoir. Murach sin, d’fhéadfadh clásal a bheith ann go gcuirfear an soláthraí ábhartha ar an eolas in am trátha faoi na foilsitheoirí conarthacha uile le haghaidh fógráin lena mbaineann a gcuid seirbhísí.

Mar sin féin, le hAirteagal 6(2) den Rialachán, ní dhíolmhaítear soláthraithe ó dhliteanas i leith oibleagáidí nach mbaineann, ó thaobh substainte de, le haon chreat comhlíontachta comhroinnte, amhail i gcás foilsitheoirí comhpháirteacha. Ciallaíonn sé sin go mbeadh ar gach soláthraí fós na hoibleagáidí ábhartha a bhaineann go bunúsach leis an tseirbhís shonrach a sholáthraíonn sé a chomhlíonadh ina aonar, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le taifid a choimeád nó oibleagáidí tuairiscithe.

3.2.4   Airteagal 7: Seirbhísí fógraíochta polaitiúla a shainaithint

I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2024/900, ní mór do gach soláthraí seirbhísí fógraíochta (i.e. lena n-áirítear iad siúd nach dtéann i mbun fógraíocht pholaitiúil go sonrach) dearbhú a iarraidh óna gcliaint maidir le cé acu a thagann nó nach dtagann an t-inneachar a iarrann siad seirbhís fógraíochta ina leith faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar fhógraíocht pholaitiúil faoin Rialachán.

Ina theannta sin, ní mór do sholáthraithe a iarraidh ar an gcliant dearbhú a sholáthar go gcomhlíonann siad na critéir faoi Airteagal 5(2) den Rialachán (féach Roinn 3.2.2). Ós rud é nach bhfuil an srian ábhartha ach maidir le seirbhísí fógraíochta polaitiúla, d’fhéadfadh soláthraithe, mar shampla, cur chuige céim ar chéim a chur chun feidhme agus gan dearbhuithe a lorg ach amháin nuair atá fógraíocht pholaitiúil i gceist. Murach sin, d’fhéadfadh soláthraithe na dearbhuithe sin a iarraidh a priori ó gach urraitheoir ach ansin bheadh orthu a n-infheidhmeacht a idirdhealú agus foclaíocht chruinn a chur i bhfeidhm chun na críche sin. In aon chás, d’fhéadfadh na dearbhuithe a bheith chomh simplí le bosca scoránaithe i bhfoirm ar líne.

Chun tacú lena gcumas comhlíontacht a léiriú, ba cheart do sholáthraithe na dearbhuithe nó na taifid a cuireadh ar fáil a choimeád, lena n-áirítear aon taifead ábhartha a ghabhann leis seo (e.g. i gcás ina ndearnadh teagmháil bhreise leis an urraitheoir chun na dearbhuithe a cheartú), chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear orthu a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán.

3.2.4.1    Socruithe conarthacha

Faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2024/900, ní mór do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a áirithiú maidir leis na conarthaí a thugtar i gcrích chun seirbhís fógraíochta polaitiúla a sholáthar go gceanglaítear ar urraitheoirí, nó ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta atá ag gníomhú thar ceann urraitheoirí, dearbhuithe a sholáthar maidir le cineál polaitiúil na seirbhíse agus maidir leis an incháilitheacht chun seirbhísí a sholáthar de réir Airteagal 5(2) den Rialachán.

Ina theannta sin, ní mór do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a áirithiú go gceanglaítear leis na conarthaí sin go soláthrófar faisnéis ábhartha chun go mbeifear in ann na hoibleagáidí maidir le taifid a choimeád faoi Airteagal 9(1) den Rialachán a chomhlíonadh agus, i gcás foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, na ceanglais lipéadaithe agus trédhearcachta faoi Airteagal 11(1) agus Airteagal 12(1) den Rialachán a chomhlíonadh (féach Ranna 3.2.5 agus 3.3.1).

Mínítear in Aithris 53 den Rialachán, i gcás ina bhféachann aon iompar mar chuid de shocrú tráchtála nó conarthach leis na hoibleagáidí trédhearcachta a shárú nó ina mbeadh baol ann go rachfaí timpeall orthu, tá na hoibleagáidí sin inchurtha i leith na n-eintiteas a sholáthraíonn an tseirbhís fógraíochta go substaintiúil.

3.2.4.2    Riarachán na ndearbhuithe agus na faisnéise is gá

Chun tacú le riarachán éifeachtach faisnéise, ba cheart do sholáthraithe modhanna feidhmiúla a fhorbairt chun na dearbhuithe agus an fhaisnéis uile is gá a bheidh le soláthar ag na hurraitheoirí a chur isteach agus a bhailiú. Fónfaidh aonfhoirmeacht sa chóras bailithe chun an próiseas a chuíchóiriú, cuideoidh sí le hearráidí nó easnaimh a laghdú agus ar deireadh tacóidh sí le comhlíontacht trí threoir a thabhairt do na hurraitheoirí gach rud is gá a sholáthar.

I gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2024/900, lena gceanglaítear ar sholáthraithe a úsáideann comhéadan ar líne a áirithiú go ndéantar an comhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lena n-éascaítear comhlíontacht urraitheoirí, nó soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí, ba cheart é a bheith d’aidhm ag aon chóras a fhorbraítear a bheith soláimhsithe agus, a mhéid is féidir, cúnamh a thabhairt don urraitheoir freisin.

D’fhéadfadh na nithe seo a leanas, mar shampla, a bheith i gceist leis sin:

foirmeacha caighdeánaithe a sholáthar do na hurraitheoirí lena líonadh isteach (e.g. trí réimsí sonraí atá le líonadh isteach a réamhchinneadh nó trí thic a chur i mbosca);

i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, an deis a chur ar fáil faisnéis a chur isteach trí chomhéadan digiteach;

i gcás ina n-úsáidtear comhéadain dhigiteacha, na céimeanna nós imeachta a uathoibriú agus meastóireacht fíor-ama a sholáthar ar na hiontrálacha sonraí de réir mar a líontar isteach na foirmeacha (e.g. trí iontrálacha sonraí atá in easnamh a léiriú go huathoibríoch nó trí fhormáid earráideach, measúnú tosaigh ar iomláine na faisnéise a soláthraíodh nó fíorú an urraitheora a chros-seiceáil in aghaidh foirmeacha a cuireadh isteach roimhe sin leis an soláthraí);

i gcás ina n-úsáidtear comhéadain dhigiteacha, idirghníomhaíochtaí leantacha a éascú, lena n-áirítear an deis an dearbhú nó an fhaisnéis arna soláthar ag urraitheoirí a chomhlánú, a thabhairt cothrom le dáta nó a cheartú go díreach tríd an gcomhéadan;

rochtain dhíreach ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin a chumasú, trí hipearnasc nó trí fhoclaíocht na bhforálacha a ionchorprú go díreach (e.g. laistigh den dearbhú nó mar fhuinneog aníos);

a áirithiú go n-úsáidfear teanga chruinn chun an córas bailiúcháin a threorú ionas nach gcuirfear an t-urraitheoir ar míthreoir (e.g. gan raon feidhme leathnaithe an toirmisc a thabhairt le tuiscint thar sheirbhísí a bhaineann le toghcháin nó reifreann agus a sholáthraítear 3 mhí roimh thoghcháin nó reifreann).

3.2.4.3    Cruinneas faisnéise

Tá Rialachán (AE) 2024/900 bunaithe ar chóras maidir leis an bhfírinne a dhearbhú agus ar sholáthar faisnéise cruinne ón urraitheoir agus leagann sé freagracht ar an urraitheoir a mhéid a bhaineann leis na cineálacha faisnéise sin atá, a priori, lasmuigh de rialú an tsoláthraí.

Ní fhorchuirtear leis an Rialachán aon oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla faireachán a dhéanamh ar fhírinneacht na ndearbhuithe.

Ní cheanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear foilsitheoirí, na dearbhuithe nó an fhaisnéis a sholáthraítear a fhíorú, ach amháin má dhealraíonn sé go bhfuil sé earráideach go follasach gan gá le tuilleadh fíoruithe ná cleachtaí aimsithe fíoras. Ciallaíonn sé sin freisin nach gceanglaítear orthu a fhíorú an fógra polaitiúil atá san fhógra. Níor cheart dóibh a iarraidh ar urraitheoirí dearbhuithe nó faisnéis a cheartú ach amháin más follasach go bhfuil siad earráideach (e.g. is mian le hiarrthóir do thoghchán uachtaránachta feachtas polaitiúil a sheoladh agus chuir sé in iúl go hearráideach don soláthraí gur le haghaidh toghchán réigiúnach a bhí an feachtas sin, cé go dtagraíonn an fógrán go soiléir don toghchán uachtaránachta).

I gcás inar léir go bhfuil an dearbhú nó an fhaisnéis a sholáthraítear earráideach go follasach, rachaidh an soláthraí i dteagmháil leis an urraitheoir, nó leis an soláthraí atá ag gníomhú thar a cheann, agus iarrfaidh sé air an fhaisnéis ábhartha a cheartú.

Mínítear in Aithris 45 den Rialachán gur cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta a mheas go bhfuil dearbhú nó faisnéis earráideach go follasach más léir sin go díreach ó na doiciméid a soláthraíodh, ó inneachar an fhógra, ó chéannacht an urraitheora, nó ón gcomhthéacs ina soláthraítear an tseirbhís ábhartha, gan gá le tuilleadh measúnuithe a dhéanamh ná dul i mbun cleachtaí aimsithe fíoras (26).

3.2.5   Airteagal 9: Coimeád taifead

Mar chuid dá n-oibleagáidí díchill chuí, ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla píosaí sonracha faisnéise a bhailíonn siad a choimeád agus a seirbhísí á dtairiscint acu, de réir mar is gá chun oibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh.

Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sna taifid:

a)

an fógrán polaitiúil nó an feachtas fógraíochta polaitiúla a bhfuil baint ag an tseirbhís nó ag na seirbhísí leis;

b)

an tseirbhís shonrach nó na seirbhísí sonracha a chuir siad ar fáil i dtaca leis an bhfógraíocht pholaitiúil;

c)

na méideanna a sonrascadh agus luach na sochar eile a fuarthas don tseirbhís nó do na seirbhísí a cuireadh ar fáil;

d)

faisnéis faoi thionscnamh poiblí nó príobháideach na méideanna agus na sochar eile dá dtagraítear i bpointe (c), chomh maith le cé acu ar thosaigh siad laistigh nó lasmuigh den Aontas;

e)

céannacht agus sonraí teagmhála an urraitheora agus, i gcás inarb infheidhme, an eintitis a rialaíonn an t-urraitheoir ar deireadh agus, i gcás daoine dlítheanacha, áit a mbunaithe; agus

f)

i gcás inarb infheidhme, léiriú ar an toghchán, ar an reifreann, ar an bpróiseas reachtach nó rialála lena bhfuil nasc ag an bhfógrán polaitiúil.

Cé gur cheart do sholáthraithe iarrachtaí réasúnta a dhéanamh cruinneas agus iomláine na faisnéise sin a áirithiú, is é an t-urraitheoir atá freagrach as cruinneas phointí (a), (d), (e) agus (f). Dá bhrí sin, níl an soláthraí freagrach ach amháin as pointí atá faoina rialú díreach (i.e. a mhéid a bhaineann leis an tseirbhís shonrach a sholáthair siad agus na méideanna ar sheol siad sonrasc ina leith, nó luach sochar eile a fuarthas).

Is gá don soláthraí seirbhíse an fhaisnéis sin a choimeád ar feadh tréimhse 7 mbliana tar éis dheireadh an tsoláthair seirbhíse (i.e. ó dháta an ullmhaithe, an tsuímh, an chur chun cinn, an fhoilsithe, an tseachadta nó an scaipthe deiridh, de réir mar a bheidh). Cé gur féidir í a bhailiú i bhfoirm scríofa nó go leictreonach, ní mór í a choimeád i bhformáid mheaisín-inléite. A mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis faoin bhfógrán polaitiúil nó faoin bhfeachtas fógraíochta polaitiúla lena bhfuil an tseirbhís nó na seirbhísí nasctha, d’fhéadfadh soláthraithe na fógráin pholaitiúla a stóráil mar atá ach ní fhéadfaidís ach na meiteashonraí a choimeád maidir leis na fógráin pholaitiúla nó na feachtais pholaitiúla faoi seach fad is gur féidir sainaithint nó measúnú leordhóthanach a dhéanamh leis na meiteashonraí.

Níl feidhm ag an oibleagáid maidir le taifid a choimeád i gcás ina gcáilíonn soláthraí mar mhicreaghnóthas faoi Airteagal 3(1) de Threoir 2013/34/AE agus nach bhfuil i soláthar seirbhísí fógraíochta ach soláthar imeallach coimhdeach lena phríomhghníomhaíochtaí. Mar sin féin, beidh ar sholáthraithe na hoibleagáidí eile i gCaibidil II den Rialachán a chomhlíonadh fós i gcásanna den sórt sin. Dá bhrí sin, chun feabhas a chur ar chumas soláthraithe a dhearbhú go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí éagsúla, d’fhéadfaidís, ar bhonn deonach, taifead a choimeád ar na seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán a mhéid is féidir (e.g. gan ach taifid pháipéir a choimeád).

3.2.6   Airteagal 10: Faisnéis a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla

De bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/900, ceanglaítear ar sholáthraithe an fhaisnéis a bhailíonn siad i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán, le linn sholáthar na seirbhíse ábhartha, a tharchur ar bhealach tráthúil, iomlán agus cruinn chuig na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ionas gur féidir leis na foilsitheoirí a n-oibleagáidí faoin Rialachán a chomhlíonadh.

Má fhaigheann an soláthraí amach go bhfuil athrú tagtha ar an bhfaisnéis a tarchuireadh, ní mór dóibh an fhaisnéis nuashonraithe a sholáthar do na foilsitheoirí. Mar a leagtar amach i Roinn 3.2.3, d’fhéadfaí an fhreagracht sin a leithdháileadh ar urraitheoir nó ar sholáthraí atá ag gníomhú thar ceann an urraitheora.

3.2.7   Airteagal 16: Faisnéis a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta inniúla

De bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/900, féadfaidh údaráis náisiúnta inniúla faisnéis a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla chun comhlíonadh Airteagail 9, 11, 12 agus 14 den Rialachán a fhíorú (i.e. oibleagáidí maidir le taifid a choimeád, lipéadú agus fógraí trédhearcachta). I gcás ina n-iarrann na húdaráis an fhaisnéis ábhartha, ní mór dóibh ráiteas a chur isteach ina mínítear cuspóir na hiarrata, mura rud é go gcuirfí bac ar imscrúduithe coiriúla dá ndéanfaí amhlaidh, agus faisnéis maidir leis an sásamh atá ar fáil.

Chun idirghníomhú leis na húdaráis, ní mór do sholáthraithe pointe teagmhála a ainmniú, a d’fhéadfadh a bheith ina dhuine nádúrtha seachtrach i gcás micreaghnóthas nó gnóthais mheánmhéide. Sa chiall sin, cé nach gceanglaítear leis an Rialachán ach ‘ainmniú’ pointe teagmhála, ba cheart do sholáthraithe é a dhéanamh éasca rochtain a fháil ar an bpointe teagmhála sin (e.g. trí na sonraí a chur in iúl ar a suíomh gréasáin). I gcás foilsitheoirí, d’fhéadfadh dea-chleachtas breise a bheith ann freisin chun an pointe teagmhála a chur in iúl ar an gcomhéadan trína soláthraítear fógraí trédhearcachta, nuair a sholáthraítear ar leithligh ó na lipéid iad.

I gcás ina ndéantar iarrataí ó údaráis náisiúnta inniúla, ní mór do sholáthraithe iad a admháil laistigh de 2 lá oibre, an t-údarás a chur ar an eolas freisin faoi na bearta a rinneadh chun iad a chomhlíonadh, agus an fhaisnéis is gá a sholáthar laistigh de 8 lá oibre, cé nach gceanglaítear ar sholáthraithe meánmhéide ach iarrachtaí réasúnta a dhéanamh obair leantach a dhéanamh laistigh de 12 lá oibre. É sin ráite, le linn na míosa roimh thoghchán nó reifreann, ní mór faisnéis atá i seilbh an tsoláthraí cheana féin a sholáthar laistigh de 48 n-uair an chloig, agus ní cheanglaítear ar mhicreasholáthraithe nó ar sholáthraithe beaga ach go ndéanfaidh siad amhlaidh a luaithe is féidir agus, go hidéalach, roimh an toghchán nó an reifreann ábhartha.

3.2.8   Airteagal 17: Faisnéis a tharchur chuig eintitis leasmhara eile

Faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/900, tá eintitis leasmhara (i.e. taighdeoirí grinnfhiosraithe (27), iriseoirí, gníomhaithe polaitiúla, breathnóirí toghcháin náisiúnta nó idirnáisiúnta atá aitheanta i mBallstát agus comhaltaí d’eagraíochtaí sochaí sibhialta atá údaraithe faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais agus arb iad a gcuspóirí reachtúla leas an phobail a chosaint agus a chur chun cinn) i dteideal a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis a cheanglaítear orthu a bheith ina seilbh acu de bhun Airteagail 9, 11 agus 12 den Rialachán a chomhroinnt leo, lena n-áirítear faisnéis faoi Airteagal 19(1), pointe (c) maidir leis na príomhpharaiméadair a bhaineann le teicnící spriocdhírithe nó teicnící seachadta fógráin i gcás inarb infheidhme. Maidir le faisnéis airgeadais, féadfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla na méideanna ábhartha a chomhiomlánú nó iad a chur i raon, a mhéid is gá chun a leasanna tráchtála dlisteanacha a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 17(4) den Rialachán.

Go ginearálta, ní mór do sholáthraithe an fhaisnéis a iarradh a tharchur saor in aisce chuig an eintiteas leasmhar, agus i gcás inar féidir go teicniúil, i bhformáid mheaisín-inléite.

Féadfaidh na soláthraithe táille réasúnta agus chomhréireach a ghearradh, áfach, i gcás ina mbaineann costas suntasach le próiseáil na hiarrata ar fhaisnéis.

I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí den sórt sin doiléir, iomarcach nó go mbaineann siad le faisnéis nach bhfuil i seilbh na soláthraithe, féadfaidh siad diúltú an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar, ach ní mór dóibh freagairt réasúnaithe a thabhairt don eintiteas leasmhar ábhartha, ina leagtar amach freisin faisnéis maidir leis na féidearthachtaí le haghaidh sásaimh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, iad siúd atá ann faoi Threoir (AE) 2020/1828. (28)

In aon chás, is ar na soláthraithe atá an t-ualach aon cheann de na nithe thuas a léiriú agus ní mór dóibh an fhaisnéis a iarradh nó an freagra réasúnaithe a tharchur go pras agus tráth nach déanaí ná laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh.

3.2.9   Airteagal 21: Ionadaí dlíthiúil

De réir Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2024/900, ní mór do na soláthraithe seirbhíse sin a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta polaitiúla san Aontas ach nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas duine nádúrtha nó dlítheanach a ainmniú, i scríbhinn, mar a n-ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit ina dtairgeann siad seirbhísí. Ina theannta sin, ní mór an t-ionadaí dlíthiúil a chlárú go hoifigiúil freisin le húdarás inniúil ábhartha an Bhallstáit sin.

Chun críoch an chlárúcháin, ní mór don soláthraí seirbhíse tacar sonraí aitheantais a ionadaí dhlíthiúil (i.e. a ainm, a sheoladh poist, a sheoladh ríomhphoist agus a uimhir theileafóin) a chur isteach, i bhformáid mheaisín-inléite, agus ní mór dó a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis cruinn agus go gcoinnítear cothrom le dáta í.

Ceapfar an t-ionadaí dlíthiúil mar ionadaí amháin do na Ballstáit uile. Chun a chur ar a gcumas don ionadaí a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtúil, ní mór don soláthraí seirbhíse na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá a thabhairt dá ionadaí, ós rud é go mbeidh sé freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí an tsoláthraí seirbhíse a mbeidh ionadaíocht á déanamh air agus go bhféadfar iad a chur faoi dhliteanas i leith neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún tairseach a chur ar bun agus a choinneáil ar bun a bheidh ar fáil go poiblí, tairseach a nascfaidh le cláir ar líne na n-ionadaithe dlíthiúla uile atá cláraithe ar chríoch na mBallstát faoin Rialachán.

3.3   Oibleagáidí ar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla

3.3.1   Airteagail 11 agus 12: Fógraí lipéadaithe agus trédhearcachta

Tá foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, ar fothacar iad de sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, faoi réir oibleagáidí sonracha a leagtar síos i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2024/900, sa bhreis ar na hoibleagáidí trédhearcachta agus díchill chuí is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Ní mór d’fhoilsitheoirí den chineál sin a áirithiú go gcuirfear gach fógrán polaitiúil ar fáil in éineacht le lipéad agus fógra trédhearcachta, ar féidir é a sholáthar go díreach tríd an lipéad nó ar féidir é a fhoilsiú ar leithligh má tá léiriú soiléir ar an lipéad maidir leis an áit ar féidir é a aisghabháil go héasca agus go díreach. I gcás ina gcuirtear fógraíocht pholaitiúil ar fáil go leictreonach, ar a laghad, lena n-áirítear trí mheán ar líne, is gá an fógra trédhearcachta a ghabhann léi a bheith ar fáil go leictreonach agus i bhformáid mheaisín-inléite freisin.

Ní mór na fógraí trédhearcachta mar aon le haon mhodhnú orthu a choimeád ar feadh tréimhse 7 mbliana tar éis fhoilsiú deireanach an fhógráin pholaitiúil lena mbaineann. Is féidir gach fógra trédhearcachta a choimeád go leictreonach, i.e. gan gá le cruachóip shonrach a stóráil.

Leagtar amach formáid, teimpléad agus sonraíochtaí teicniúla lipéid agus fógraí trédhearcachta na bhfógrán polaitiúil i Rialachán Cur Chun Feidhme 2025/1410 (AE) ón gCoimisiún (29).

Cé nach bhfuil foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla freagrach ach as cruinneas faisnéise áirithe, go háirithe maidir leis an suíomh inar féidir an fógra trédhearcachta a aisghabháil (nuair nach cuid dhíreach den lipéad é) agus an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 12(1), pointí (d), (f), (i), (j) agus (m) de Rialachán (AE) 2024/900, tá siad freagrach as iomláine na faisnéise a liostaítear in Airteagal 12 den Rialachán (i.e. níor cheart fógráin pholaitiúla a chur ar fáil le haon chuid den fhaisnéis is gá atá in easnamh), agus ceanglaítear orthu gach iarracht a dhéanamh aon chuid den fhaisnéis sin a chomhlánú nó a cheartú gan moill mhíchuí má fhaigheann siad amach go bhfuil sí neamhiomlán nó míchruinn.

Mura féidir an fhaisnéis a chomhlánú nó a cheartú gan moill mhíchuí, níor cheart don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla an fógrán polaitiúil a chur ar fáil nó ní mór dó scor go pras dá fhoilsiú, dá sheachadadh nó dá scaipeadh. Más amhlaidh an cás, ní mór d’fhoilsitheoirí na hurraitheoirí nó na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach faoi aon chinneadh a dhéantar ina leith sin.

I bhfianaise an ghá a d’fhéadfadh a bheith ann an fhaisnéis is gá a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith leis na gnéithe amhairc nó teicniúla den chur i láthair fógraíochta polaitiúla agus an gá atá le soiléireacht an lipéid a áirithiú, d’fhéadfadh úsáid nasc tiomnaithe gréasáin nó cód QR chun tagairt a sholáthar ónar féidir an fógra trédhearcachta a aisghabháil a bheith níos éifeachtaí ná an fógra trédhearcachta a sholáthar mar chuid den lipéad. Sin é an fáth a ndéantar foráil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1410 ón gCoimisiún maidir le naisc thiomnaithe ghréasáin a úsáid, go háirithe i gcás fógráin pholaitiúla a chuirtear ar fáil tríd an teilifís agus trí na meáin dhigiteacha.

I bprionsabal, i gcás ina bhfoilsíonn, ina seachadann nó ina scaipeann foilsitheoir nó foilsitheoirí an fógrán polaitiúil céanna, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar é sin níos mó ná uair amháin nó trí mheáin éagsúla, níor cheart dóibh ach fógra trédhearcachta amháin a sholáthar.

Mar shampla:

51.

Má bhíonn fógrán polaitiúil amháin le feiceáil ar chláir fógraí na cuideachta foilsitheoireachta céanna ar fud na cathrach, ba cheart an fógra trédhearcachta a bheith mar an gcéanna le haghaidh gach clár fógraí a thaispeánann an fógrán céanna sin.

52.

Má dhéantar conradh le soláthraí nuachtáin chun an fógrán polaitiúil céanna a fhoilsiú ar an leagan clóite agus ar an leagan ar líne den nuachtán, ba cheart an fógra trédhearcachta a bheith mar an gcéanna i gcás gach láithrithe den fhógra polaitiúil sin.

53.

Má dhéantar feachtas fógraíochta polaitiúla a fhorghníomhú trí tháirgí fógraíochta éagsúla agus mura bhfuil an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí trédhearcachta éagsúil, d’fhéadfadh fógra trédhearcachta amháin a bheith ann le haghaidh na bhfógrán polaitiúil uile san fheachtas fógraíochta polaitiúla (e.g. bheadh an nasc gréasáin céanna leis an bhfógra trédhearcachta ar gach lipéad).

De réir Airteagal 12(1), pointe (d) de Rialachán (AE) 2024/900, is gá go léireofar san fhógra trédhearcachta na méideanna comhiomlánaithe a fuarthas don fhógrán polaitiúil lena mbaineann, agus don fheachtas fógraíochta polaitiúla ina iomláine. Mínítear é sin a thuilleadh in Aithris 57 den Rialachán. Ós rud é nach ndéantar na méideanna beachta le haghaidh fógrán polaitiúil sonrach a shonrascadh, a bhuiséadú ná a ghearradh go sainráite uaireanta, go háirithe i gcásanna feachtais fógraíochta polaitiúla, féadfaidh foilsitheoirí na méideanna comhiomlánaithe don fheachtas iomlán a sholáthar sna cásanna sin.

3.3.2   Airteagal 13: Stór Eorpach d’fhógráin pholaitiúla ar líne

De bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/900, ní mór d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar líne gach fógrán polaitiúil a scaipeann siad, agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 12(1) den Rialachán, a chur ar fáil sa stór Eorpach d’fhógráin pholaitiúla ar líne (‘an Stór’), atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Airteagal sin.

Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla atá ainmnithe mar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne faoi Rialachán (AE) 2022/2065, ní mór dóibh gach fógrán polaitiúil, mar aon leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi fhógraí trédhearcachta, a chur ar fáil sna stórtha a cheanglaítear orthu a thiomsú de bhun Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus rochtain ar an bhfaisnéis sin a chumasú tríd an stór Eorpach. Fad a chomhlíontar na hoibleagáidí ábhartha uile, tá saoirse ag na foilsitheoirí sin a chinneadh ansin an mian leo stór ar leith a bhunú a bheidh tiomnaithe d’fhógraíocht pholaitiúil amháin.

Ní bheidh na hoibleagáidí a bhaineann leis an Stór ábhartha go dtí dáta a chur in úsáid (30).

3.3.3   Airteagal 14: Tuairisciú tréimhsiúil

De bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/900, ní mór d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, cé is moite de mhicreaghnóthais agus gnóthais mheánmhéide, mionsonraí a chur i gceangal lena dtuarascáil bhainistíochta, mar chuid den tuairisciú airgeadais faoi Threoir 2013/34/AE (31), maidir leis an airgead nó luach na sochar eile a fuair siad, go hiomlán nó go páirteach, mar mhalairt ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, lena n-áirítear faisnéis faoi úsáid teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógráin, ar cheart iad a chomhiomlánú de réir feachtais.

Ina theannta sin, ní mór d’fhoilsitheoirí an fhaisnéis sin a sholáthar do na húdaráis ábhartha atá i gceannas ar iniúchadh nó formhaoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaithe polaitiúla, más ann d’údaráis den sórt sin faoin dlí náisiúnta.

3.3.4   Airteagal 15: Sásra um fhógra a thabhairt

De bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/900, ní mór d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla sásraí a chur chun feidhme lena gcuirtear ar a gcumas do dhaoine aonair agus páirtithe leasmhara eile fógra a thabhairt faoi fhógráin nach gcomhlíonann an Rialachán. Ní mór na sásraí sin a bheith inrochtana, soláimhsithe agus saor in aisce, agus i gcás inar féidir go teicniúil, ceanglaítear ar na foilsitheoirí sin freisin ríomhaighneachtaí a chumasú chun tacú le héascaíocht úsáide.

Mura bhfuil na sásraí sin ar fáil, ba cheart do dhaoine aonair a bheith in ann fógráin pholaitiúla den sórt sin a thuairisciú go díreach do na húdaráis inniúla.

Chun cuidiú le foilsitheoirí an fógrán polaitiúil lena mbaineann a shainaithint agus aghaidh a thabhairt air go tapa chomh maith leis an neamh-chomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ann, tá na sásraí fógra ann chun cur isteach fógraí mionsonraithe agus réasúnaithe a éascú, lena n-áirítear gach ceann de na gnéithe seo a leanas:

míniú cuí-réasúnaithe ar na cúiseanna a líomhnaíonn an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil an fógra á chur isteach aige nach bhfuil an fógrán polaitiúil atá i gceist ag comhlíonadh an Rialacháin;

faisnéis lena gcumasaítear an fógrán polaitiúil a shainaithint;

ainm agus seoladh ríomhphoist an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá ag tíolacadh an fhógra.

D’fhéadfadh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla smaoineamh ar níos mó réimsí sonraí a chur san áireamh ina sásraí chun cabhrú leo aghaidh a thabhairt i gceart ar aon neamh-chomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ann. Níor cheart na réimsí sonraí sin a chur i láthair, ar aon slí, mar réimsí éigeantacha le haghaidh na n-eintiteas a thugann fógra. Níor cheart an easpa faisnéise a cheanglaítear sna réimsí sonraí breise sin a léirmhíniú mar rud a chruthaíonn bacainní ar fhógra iomlán a phróiseáil, ar bhonn na faisnéise a áirítear san fhógra, de réir bhrí Airteagal 15(7) den Rialachán.

Níor cheart a mheas in aon chás maidir le cur chun feidhme na sásraí sin agus láimhseáil na bhfógraí a fhaightear tríd go gceanglaítear ar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear ardáin ar líne agus iad ag gníomhú amhlaidh, dul i mbun faireachán ginearálta.

A luaithe a fhaightear fógra, ní mór admháil fála a chur go pras chuig an bhfógróir. Ní mór d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ar soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór iad, gan moill mhíchuí, fógraí a scrúdú agus aghaidh a thabhairt orthu go dícheallach agus go hoibiachtúil, agus an fógróir a chur ar an eolas faoi na céimeanna a glacadh mar fhreagairt.

Os a choinne sin, ní cheanglaítear ar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla nach soláthraithe ardán an-mhór ar líne ná inneall cuardaigh an-mhór iad ach a ndícheall a dhéanamh na fógraí a scrúdú agus aghaidh a thabhairt orthu gan moill mhíchuí, agus iad ag gníomhú ar bhealach dícheallach agus oibiachtúil, agus, ar a laghad nuair a iarrtar sin go sonrach, ba cheart dóibh an fógróir a chur ar an eolas freisin faoin obair leantach a rinneadh ar an bhfógra.

Mar sin féin, tá feidhm ag sprioc-amanna sonracha chun aghaidh a thabhairt ar na fógraí, go háirithe le linn tréimhsí criticiúla amhail an mhí roimh thoghcháin nó reifrinn. Le linn an ama sin, ní mór d’fhoilsitheoirí fógraí a bhaineann leis na toghcháin nó reifrinn sin a phróiseáil laistigh de 48 n-uair an chloig (i.e. 2 lá féilire, gan beann ar an deireadh seachtaine nó ar laethanta saoire poiblí), ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis uile is gá san fhógra mar a cheanglaítear le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2024/900. Déanfaidh foilsitheoirí a cháilíonn mar mhicreaghnóthais nó gnóthais mheánmhéide a ndícheall fógraí a bhaineann leis na toghcháin nó na reifrinn a phróiseáil gan moill mhíchuí.

Chun an próiseas a chuíchóiriú, ceadaítear d’fhoilsitheoirí freagra a thabhairt ar fhógraí iolracha faoin bhfógrán polaitiúil nó faoin bhfeachtas polaitiúil céanna i dteannta a chéile, trí úsáid a bhaint as uirlisí uathoibrithe nó trí thagairt a dhéanamh don fhógra trí fhógra ar a suíomh gréasáin más gá.

I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/900, nuair a thagann an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla ar an eolas ar bhealach ar bith nach gcomhlíonann fógrán polaitiúil na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos sa Rialachán, lena n-áirítear tar éis fógra aonair a thabhairt, déantar foráil sa Rialachán maidir le cur chuige céim ar chéim.

I gcásanna den sórt sin, ba cheart don fhoilsitheoir sin a dhícheall a dhéanamh, lena n-áirítear trí theagmháil a dhéanamh leis an urraitheoir nó leis an soláthraí seirbhíse ábhartha nuair nach ón bhfoilsitheoir a thagann an neamhiomláine nó an míchruinneas, chun an fhaisnéis faoin bhfógrán polaitiúil a chomhlánú nó a cheartú. Ní cheanglaítear ar an bhfoilsitheoir stop a chur le foilsiú nó scaipeadh an fhógráin pholaitiúil ach amháin nuair nach féidir an fhaisnéis a chomhlánú ná a cheartú gan moill mhíchuí, agus aird á tabhairt ar imthosca ar leith gach cáis, lena n-áirítear tábhacht na faisnéise atá in easnamh.

Má dhéantar aon ghníomhaíocht a dhéanann difear d’infhaighteacht nó do chur i láthair an fhógráin pholaitiúil ar tugadh fógra ina leith, ní mór d’fhoilsitheoirí na hurraitheoirí nó na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach. Ní mór do gach foilsitheoir faisnéis shoiléir sholáimhsithe a sholáthar maidir le roghanna sásaimh a bhaineann leis an bhfógra atá i gceist agus aon phróiseáil uathoibrithe a nochtadh le linn do na fógraí a bheith á láimhseáil.

3.3.4.1    Idirghníomhaíocht leis an ‘sásra fógra agus gnímh’ faoi Rialachán (AE) 2022/2065 – an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD)

D’fhéadfadh sé nach measfaí i ngach cás gur foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla iad soláthraithe ar ardáin ar líne, lena n-áirítear soláthraithe ar ardáin an-mhór ar líne, amhail nuair a thagann siad faoin eisceacht do sholáthraithe seirbhísí idirmheánacha le haghaidh teachtaireachtaí a uaslódálann úsáideoirí go díreach gan breithniú breise a dhéanamh ar a bhfoilsiú, a seachadadh nó a scaipeadh. I gcásanna den sórt sin, níl soláthraithe ardán ar líne faoi réir oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán. Tá siad fós faoi réir oibleagáidí ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.

De bhun Airteagal 8 de GSD, ní fhorchuirfear aon oibleagáid faireacháin ghinearálta ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an ábhair a chomhroinneann daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar a seirbhísí, ná ní cheanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha bearta réamhghníomhacha a dhéanamh i ndáil le hinneachar neamhdhleathach.

De réir Airteagal 16 de GSD, d’fhéadfadh soláthraí seirbhíse gníomhú faoin ‘sásra fógra agus gnímh’ fós (32). Le hAirteagal 16 de DSA, ní chuirtear d’oibleagáid ar ardáin ar líne gníomhú de réir fógraí. Ní cheanglaítear leis ach fógraí a phróiseáil, agus go ndéanann an soláthraí cinneadh ina leith ar bhealach tráthúil, dícheallach, neamhthreallach agus oibiachtúil, i.e. beidh ar an soláthraí cinneadh a dhéanamh an aontaíonn siad le measúnú an duine nó an eintitis a thugann fógra faoi inneachar a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach.

I gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, d’fhéadfadh sé sin a fhágáil go dtugtar fógra de bhun Airteagal 16 de GSD do sholáthraithe ardán ar líne de réir bhrí GSD maidir le fógráin pholaitiúla neamhdhleathacha líomhnaithe, nach bhfuil siad ag gníomhú mar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ina leith. Más rud é, i gcás den sórt sin, go bhfaigheann an soláthraí eolas nó feasacht iarbhír ar fhógrán neamhdhleathach, ba cheart dóibh gníomhú go gasta chun rochtain ar an bhfógrán sin a bhaint nó a dhíchumasú más mian leo tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas i leith seirbhísí óstála de bhun Airteagal 6 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Chun eolas nó feasacht iarbhír a spreagadh de bhun Airteagal 6 GSD, ba cheart neamhdhleathacht an ábhair a bheith in-sainaitheanta ag ardán dícheallach ar líne gan scrúdú dlíthiúil mionsonraithe (mar shampla, i gcás ina soláthraítear cinneadh ó údarás náisiúnta inniúil don ardán lena gcinntear an t-inneachar, nó inneachar comhionann a scaiptear ar bhealaí eile, a bheith neamhdhleathach).

I gcás ina ndéanfaidh soláthraí ardáin ar líne rochtain ar fhógrán polaitiúil a bhaint nó a dhíchumasú ar an bhforas gur inneachar neamhdhleathach é an fógrán sin de bhun Airteagal 3(h) DSA, soláthróidh sé ráiteas soiléir sonrach chuig faighteoir a sheirbhíse a rinne an fógrán a uaslódáil ar chúiseanna de bhun Airteagal 17 de DSA, lena n-áirítear faisnéis shoiléir sholáimhsithe maidir leis na féidearthachtaí le haghaidh sásaimh atá ar fáil d’fhaighteoir na seirbhíse i leith an chinnidh, go háirithe, i gcás inarb infheidhme trí shásraí inmheánacha um láimhseáil gearán, réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus sásamh breithiúnach.

Is féidir an idirghníomhú sin a léiriú leis an sampla seo a leanas: Íocadh gníomhaireacht fógraíochta chun fógráin pholaitiúla chomhionanna a fhoilsiú d’urraitheoir ar roinnt ardán ar líne. Tar éis gearáin a fháil maidir le ceann de na fógráin, chinn údarás inniúil go raibh an fógrán neamhdhleathach, toisc go raibh sé á scaipeadh le linn conradh le hurraitheoir tríú tír nár chuir é féin in iúl amhlaidh, laistigh de 3 mhí roimh thoghchán, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2024/900. Tar éis an chinnidh sin, baineadh an fógrán d’ardán ar líne amháin. Féadfaidh aon saoránach nó eintiteas leasmhar a thagann ar an bhfógrán céanna úsáid a bhaint as an sásra fógra agus gnímh a cheanglaítear de bhun Airteagal 16 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, chun fógra a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne gur shainaithin údarás inniúil an fógrán sin mar fhógrán neamhdhleathach. Bheadh ar na hardáin ar líne an fógra a phróiseáil de réir an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha.

3.3.4.2    An coincheap maidir le ‘dícheall a dhéanamh’

Tagraíonn an coincheap maidir le ‘dícheall a dhéanamh’ a úsáidtear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/900 go ginearálta do mhodhanna ciallmhara agus do ghníomhaíochtaí ciallmhara chun cuspóir sonraithe a bhaint amach. Glactar leis go ngníomhóidh sé de mheon macánta agus go n-úsáidfear céimeanna loighciúla a bhféadfadh coinne a bheith leis go réasúnta go ndéanfaí iad in imthosca comhchosúla chun an toradh inmhianaithe a bhaint amach, gan gá toradh an phróisis a chinneadh.

I bprionsabal, maidir le fógraí a láimhseáil, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh leis sin:

prótacal soiléir nó sraith treoirlínte a chur chun feidhme a bheidh le leanúint ag an bhfoireann agus iad ag déileáil le fógraí;

oiliúint a chur ar bhaill foirne chun fógraí a bhaineann le comhlíonadh na rialacha maidir le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla a aithint agus tosaíocht a thabhairt dóibh;

foireann thiomnaithe a bhunú (le hacmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leordhóthanacha) nó pearsanra sonrach a shannadh chun na fógraí a láimhseáil agus tosaíocht a thabhairt dóibh;

teicneolaíocht nó bogearraí a úsáid chun fógraí a shórtáil nó a chatagóiriú;

teagmháil a dhéanamh leis an urraitheoir a luaithe is féidir nuair is gá.

Le linn na míosa deiridh roimh thoghchán nó reifreann, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh leis sin freisin:

acmhainní nó pearsanra breise a leithdháileadh;

sceideal tiomnaithe nó córas ragoibre a chur chun feidhme don fhoireann laistigh den tráthchlár 48 n-uair an chloig;

tosaíocht a thabhairt do na fógraí sin thar ábhair nach bhfuil chomh práinneach céanna.

In aon chás, chun a chinneadh an gcomhlíonann na gníomhaíochtaí a dhéanann soláthraí ceanglas maidir le ‘dícheall a dhéanamh’, ní mór é sin a shuí ar bhonn cás ar chás, toisc go bhfuil difríocht idir an comhthéacs (e.g. castacht, uainiú nó líon foriomlán na bhfógraí a fhaightear) nó na hacmhainní atá ar fáil do na soláthraithe i ngach cás ar leith. Mar shampla, is dócha go mbeidh ‘dícheall a dhéanamh’ le sonrú ar bhealach difriúil i gcás FBManna.

3.3.5   Oibleagáidí ar sholáthraithe teicneolaíochta fógraíochta

Déantar foráil i Rialachán (AE) 2024/900 maidir le freagracht chomhroinnte idir soláthraithe teicneolaíochta fógraíochta agus soláthraithe na gcomhéadan foilsitheoireachta (ar féidir leo a bheith ina suíomhanna gréasáin nó ina n-aipeanna móibíleacha, mar shampla).

Mínítear in Aithris 67 de Rialachán (AE) 2024/900, i gcás ina bhfuil soláthraithe na seirbhísí fógraíochta polaitiúla, a dhéanann inneachar fógrán polaitiúil a óstáil nó a stóráil agus a sholáthar ar bhealach eile, ar leithligh ó na soláthraithe seirbhíse sin a rialaíonn an comhéadan foilsitheoireachta, gur cheart na soláthraithe araon a mheas mar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla atá freagrach as an tseirbhís shonrach a sholáthraíonn siad chun a áirithiú go gcuirfear lipéadú ar fáil agus go gcuirfear an fógra trédhearcachta agus an fhaisnéis ábhartha ar fáil i gcomhréir leis an Rialachán (féach freisin Roinn 3.3).

Ba cheart leithdháileadh na bhfreagrachtaí a leagan amach le socruithe conarthacha agus níor cheart dúbailt na n-iarrachtaí lipéadaithe agus trédhearcachta a bheith mar thoradh air ar bhealach ar bith.

Fad a chomhlíontar na hoibleagáidí ábhartha uile, tugann Rialachán (AE) 2024/900 solúbthacht do sholáthraithe teicneolaíochta fógraíochta agus do sholáthraithe comhéadan foilsitheoireachta iad féin a chóiriú agus na freagrachtaí éagsúla a leithdháileadh, agus na seirbhísí ar leith a sholáthraítear á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart don dá sholáthraí a bheith in ann brath ar chaighdeáin tionscail atá ann cheana, ar chóid iompair nó ar aon mhodh éifeachtach eile chun soláthar na faisnéise is gá a threorú. É sin ráite, i bhfianaise go mbíonn fógrán á chur in iúl ag soláthraí teicneolaíochta fógraíochta, de ghnáth, ar líon mór comhéadan aonair, d’fhéadfadh lipéadú agus soláthar na bhfógraí trédhearcachta atá á n-áirithiú ag an soláthraí teicneolaíochta fógraíochta sin a bheith ar an socrú is éifeachtúla chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán. Thairis sin, den mheon céanna, bheadh sé ciallmhar go mbeadh na daoine a sholáthraíonn an lipéadú agus na fógraí trédhearcachta freagrach freisin as comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann leis an stór Eorpach faoi Airteagal 13 den Rialachán.

I gcás nach roghnaítear leithdháileadh freagrachtaí den sórt sin, bheadh ar na soláthraithe teicneolaíochta fógraíochta a áirithiú go ndéanfaí an fhaisnéis uile is gá a threorú ó urraitheoirí chuig soláthraithe comhéadan foilsitheoireachta nach dtéann i dteagmháil leis na hurraitheoirí ná nach mbíonn gaol conarthach acu leo, ná le soláthraithe atá ag gníomhú thar a gceann, agus dá bhrí sin níl sé d’acmhainn acu an fhaisnéis uile is gá a liostaítear in Airteagal 11(1) agus Airteagal 12(1) den Rialachán a bhailiú astu féin. I gcás inarb é soláthraí an chomhéadain foilsitheoireachta atá i gceannas ar na lipéid agus ar na fógraí trédhearcachta, ba cheart don soláthraí sin cur leis an bhfaisnéis a fhaightear agus í a oiriúnú i gcás inarb ábhartha, chun soláthar breise na seirbhíse a sholáthraíonn siad mar fhoilsitheoirí deiridh a léiriú, sula n-áireoidh siad san fhógra trédhearcachta í, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a liostaítear in Airteagal 12(1) den Rialachán.

D’áireofaí leis sin an fhaisnéis a liostaítear sna pointí seo a leanas d’Airteagal 12(1) den Rialachán:

(d)

méideanna comhiomlánaithe agus luach comhiomlánaithe na sochar eile a fhaigheann soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena n-áirítear iad sin a fhaigheann an foilsitheoir mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar na seirbhísí fógraíochta polaitiúla, agus i gcás inarb ábhartha, ar an bhfeachtas fógraíochta polaitiúla;

(f)

an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na méideanna agus an luach dá dtagraítear i bpointe (d) a ríomh;

(i)

i gcás inarb infheidhme, naisc chun stór Eorpach na bhfógrán polaitiúil ar líne dá dtagraítear in Airteagal 13;

(j)

faisnéis faoi na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 15(1);

(l)

i gcás gurb infheidhme, ráiteas ina luaitear go raibh an fógrán polaitiúil faoi réir teicnící spriocdhírithe nó teicnící seachadta fógráin ar bhonn úsáid sonraí pearsanta, lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 19(1), pointí (c) agus (e).

Ar deireadh, maidir le faisnéis atá in easnamh nó mícheart, ós rud é go nglactar leis sa Rialachán go ndéanann foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla gníomhaíochtaí spriocdhírithe a fhónann, thar aon ní eile, chun na cásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn a cheartú, agus mar rogha dheireanach amháin, chun deireadh a chur le foilsiú, seachadadh nó scaipeadh an fhógráin pholaitiúil, ba cheart socruithe iomchuí a dhéanamh chuige sin idir an soláthraí teicneolaíochta fógraíochta agus soláthraí an chomhéadain foilsitheoireachta, agus spiorad na bhforálacha a bunaíodh cheana faoin Rialachán á chur san áireamh.

Go háirithe, gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart modhanna éifeachtacha a bhunú chun a áirithiú, i gcás ina bhfaighidh ceann de na foilsitheoirí comhpháirteacha amach go bhfuil an fhaisnéis sna lipéid nó sna fógraí trédhearcachta neamhiomlán nó míchruinn, go n-áiritheofar go ndéanfar gach iarracht an fhaisnéis a chomhlánú nó a cheartú gan moill mhíchuí, mar a cheanglaítear le hAirteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/900, agus go ndéanfar teagmháil leis an urraitheoir nó go gcuirfear ar an eolas é de réir mar is gá.

Ar an gcuma chéanna, i gcás ina bhfuil níos mó foilsitheoirí rannpháirteach (e.g. i gcás ina gcuireann an soláthraí teicneolaíochta fógraíochta leagan amháin d’fhógrán polaitiúil ar chomhéadain éagsúla) agus i gcás ina bhfuil fógrán polaitiúil faoi réir tuilleadh ceartúchán, comhlánuithe nó scor, ba cheart don soláthraí teicneolaíochta fógraíochta a áirithiú go gcuirtear foilsitheoirí uile an fhógráin sin ar an eolas go leormhaith i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/900, lena n-áirítear chun gur féidir na fógraí trédhearcachta a oiriúnú a mhéid a bhaineann le pointe (k) d’Airteagal 12(1) den Rialachán sin más rud é gur cuireadh an fógra ar fionraí nó gur scoireadh de mar gheall ar shárú ar an Rialachán.

3.3.6 Oibleagáidí ar thionchairí

Ós rud é go mbíonn tionchairí rannpháirteach de ghnáth ag deireadh shlabhra táirgeachta na fógraíochta polaitiúla (e.g. ag gabháil d’fhoilsiú nó do scaipeadh na bhfógrán polaitiúil), ní mór dóibh na hoibleagáidí is infheidhme maidir le foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a chomhlíonadh i gcás ina bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir leo (i.e. oibleagáidí is coiteann do gach soláthraí seirbhíse fógraíochta polaitiúla agus iad siúd a bhaineann go sonrach le foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla).

Tá cásanna ann freisin nach bhfuil tionchairí bainteach leo ach le linn chéim ullmhúcháin an fhógráin pholaitiúil (e.g. trí chomhairleoireacht a sholáthar), agus sa chás sin ní bheadh feidhm ach ag na hoibleagáidí is infheidhme maidir le gach soláthraí fógraíochta polaitiúla maidir leo (féach Roinn 3.2).

Agus iad ag gníomhú mar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, ní mór do thionchairí an méid seo a leanas a dhéanamh:

a iarraidh ar an urraitheoir a dhearbhú cé acu an seirbhís fógraíochta polaitiúla atá sa tseirbhís a iarradh;

a iarraidh ar an urraitheoir a dhearbhú go bhfuil sé incháilithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a fháil, i gcomhréir leis na toirmisc i leith urraitheoirí tríú tír faoi Airteagal 5(2);

a iarraidh ar an urraitheoir an fhaisnéis ábhartha a sholáthar dóibh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí maidir le taifid a choimeád faoi Airteagal 9(1), chomh maith leis na ceanglais maidir le lipéadú agus trédhearcacht faoi Airteagal 11(1) agus Airteagal 12(1);

na fógráin pholaitiúla a lipéadú agus fógra trédhearcachta a chur ar fáil (nó é a dhéanamh soiléir ar na lipéid an áit ar féidir teacht orthu);

sásraí a chur ar bun d’úsáideoirí chun gur féidir fógra a thabhairt go bhféadfadh sé gur fhógraíocht pholaitiúil neamhchomhlíontach atá in inneachar an tionchaire;

an fógrán polaitiúil, mar aon leis an bhfógra trédhearcachta, a chur ar fáil sa stór Eorpach.

Mínítear in Aithris 55 de Rialachán (AE) 2024/900 go bhféadfadh tionchairí a bheith in ann brath ar uirlisí arna soláthar ag soláthraí an ardáin ar líne, amhail uirlisí chun ábhar a lipéadú mar fhógraíocht pholaitiúil, agus iad ag gabháil d’fhógraíocht pholaitiúil trí ardáin ar líne. Trí uirlisí den sórt sin a sholáthar, níor cheart a mheas gurb é soláthraí an ardáin ar líne foilsitheoir an fhógráin pholaitiúil seachas an tionchaire.

É sin ráite, ós rud é go n-oibríonn tionchairí de ghnáth mar dhaoine aonair nó laistigh d’fhoirne beaga, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag díolúintí áirithe maidir leo mar chuid de mhaolú an ualaigh do FBManna (féach Roinn 3.4), go háirithe a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

Airteagal 9(4): Oibleagáidí maidir le taifid a choimeád.

Airteagal 12(5): Fógraí trédhearcachta a choimeád ar feadh tréimhse 7 mbliana tar éis fhoilsiú deireanach an fhógráin pholaitiúil.

Airteagal 14(2): Tuairisciú bliantúil ar na méideanna a sonrascadh i leith a seirbhísí fógraíochta polaitiúla.

Airteagal 15(6)(b) agus (7): Aghaidh a thabhairt ar na fógraí maidir le fógráin pholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach.

Airteagal 16(3) agus (4): Faisnéis a sholáthar d’údaráis náisiúnta.

3.4   Na hualaí ar FBManna a íoslaghdú

Tá ról lárnach ag gníomhaithe beaga in éiceachóras na fógraíochta polaitiúla freisin. Cuirtear a sainiúlachtaí san áireamh i Rialachán (AE) 2024/900 agus déantar foráil ann maidir leis na ceanglais shaincheaptha seo a leanas:

i.

Micreaghnóthais nach bhfuil soláthar na seirbhísí fógraíochta (uile) ach imeallach agus coimhdeach lena bpríomhghníomhaíochtaí, tá siad díolmhaithe go hiomlán ó na hoibleagáidí maidir le taifid a choimeád, (33) agus ón gceanglas na fógraí trédhearcachta a choimeád mar aon le haon mhodhnú orthu ar feadh tréimhse 7 mbliana tar éis fhoilsiú deireanach na bhfógrán polaitiúil ábhartha (34).

ii.

FBManna ar foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla iad, ní gá dóibh tuairisciú go bliantúil ar na méideanna a sonrascadh i leith a seirbhísí fógraíochta polaitiúla (35). Sa mhí dheireanach roimh thoghchán nó reifreann, ní gá dóibh cloí leis an spriocdháta 48 n-uair an chloig ach an oiread chun fógraí a phróiseáil maidir le fógráin pholaitiúla a bhaineann leis an toghchán nó leis an reifreann sin agus a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach. Ba cheart dóibh, áfach, a ndícheall a dhéanamh an fógra a phróiseáil gan moill mhíchuí (36).

iii.

Le linn do mhicreaghnóthas fógraí a láimhseáil, déanfaidh sé a dhícheall chun a áirithiú, i gcás ina n-iarrfar sin, go bhfaighidh an duine a thugann fógra don fhoilsitheoir faoi fhógráin pholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach beart leantach a tugadh don fhógra (37).

iv.

Nuair a iarrann údaráis náisiúnta faisnéis chun comhlíonadh leis an Rialachán a fhíorú, tá feidhm ag sprioc-amanna sínte maidir le FBManna, a dhéanfaidh iarrachtaí réasúnta an fhaisnéis a iarradh a sholáthar laistigh de 12 lá oibre agus ina dhiaidh sin, gan moill mhíchuí (38).

v.

Nuair a iarrann údaráis náisiúnta faisnéis chun comhlíonadh leis an Rialachán a fhíorú sa mhí dheireanach roimh thoghchán nó reifreann, ba cheart do mhicreaghnóthais nó do ghnóthais bheaga an fhaisnéis a sholáthar gan moill mhíchuí agus, i gcás inar féidir, roimh dháta an toghcháin nó an reifrinn, i gcomparáid le soláthraithe eile a bhfuil feidhm ag sprioc-am 48 n-uair an chloig maidir leo (39).

vi.

Féadfaidh FBManna duine seachtrach a cheapadh mar a bpointe teagmhála don idirghníomhaíocht leis na húdaráis náisiúnta inniúla (40).


(1)  Léiriú a thabhairt ar na riachtanais a chuir na páirtithe leasmhara in iúl le linn na gcomhairliúchán tiomnaithe a bhí ar siúl idir mí na Nollag 2024 agus mí Aibreáin 2025, mar chuid den Ghlao ar Fhianaise, chomh maith leo siúd a cuireadh i dtábhacht sa staidéar a rinneadh chun tacú le hullmhú na Treorach seo.

(2)  Tá feidhm ag na rialacha speisialta maidir le teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin dá bhforáiltear i gCaibidil III maidir le húsáid sonraí pearsanta chun críocha fógráin pholaitiúla ar líne a spriocdhíriú nó a sheachadadh. Ciallaíonn sé sin go gcumhdaítear leis na ceanglais ábhartha freisin údaráis náisiúnta na mBallstát agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus iad i mbun gníomhaíochtaí den sórt sin mar rialaitheoirí.

(3)  Gníomhaithe (seachas iarrthóirí sna toghcháin) a aithnítear i ndlíthe toghcháin Ballstát áirithe mar ghníomhaithe a bhfuil cead acu a bhfeachtais toghcháin féin a reáchtáil, de ghnáth ar chlárú dóibh le húdarás formhaoirseachta.

(4)  Mar chuid den fhaisnéis is gá le haghaidh na bhfógraí trédhearcachta faoi Airteagal 12(1)(a) den Rialachán.

(5)  De réir Airteagal 2(3)(i) de Rialachán 2024/900), tá an Rialachán sin gan dochar do na rialacha maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha san Aontas a leagtar síos i Rialachán 2022/2065.

(6)  Fiú má dhéanann soláthraithe nach n-eisiatar ó raon feidhme Rialachán (AE) 2024/900 an rogha tráchtála gan fógraíocht pholaitiúil a sholáthar, beidh feidhm fós ag oibleagáidí sonracha maidir leo, amhail an oibleagáid na dearbhuithe ábhartha a iarraidh ar urraitheoirí faoi Airteagal 7(1) den Rialachán.

(7)  Leanann an fhoclaíocht seo an sainmhíniú ar sheirbhísí dá bhforáiltear in Airteagal 57 CFAE agus úsáidtear í freisin i reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais. Féach Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach nó Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise.

(8)  Féach, mar shampla, Breithiúnas an 27 Meán Fómhair 1988, Humbel, C-263/86, EU:C:1988:451, mír 17, agus an 22 Bealtaine 2003, Freskot, C-355/00, EU:C:2003:298, mír 55.

(9)  Féach, mar shampla, Breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2023, QB v an Coimisiún, C-88/22 P, EU:C:2023:792, mír 30.

(10)  I gcomhréir le hAirteagal 3(g) de Rialachán (AE) 2022/2065.

(11)  I Roinn 3.3.5 tugtar tuilleadh sonraí maidir le freagrachtaí sonracha na soláthraithe teicneolaíochta fógraíochta.

(12)  Mar shampla, Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach.

(13)  Treoir maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach.

(14)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc).

(15)  Ach amháin ar feadh 3 mhí roimh thoghchán nó reifreann i gcás, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2024/900, nach féidir seirbhísí fógraíochta polaitiúla a bhaineann leis an toghchán nó leis an reifreann sin a sholáthar d’urraitheoirí tríú tír gan beann ar inneachar sonrach an fhógráin.

(16)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(18)  Ní mór 1) go dtiocfadh an chumarsáid phoiblí ó údaráis phoiblí na mBallstát nó ón Aontas nó ó chomhaltaí rialtais na mBallstát, 2) go mbeadh sé d’aidhm aici faisnéis oifigiúil a sholáthar agus 3) nach ndlitear agus nach gceaptar í chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála.

(19)  Mar a deimhníodh le breithiúnas an 27 Meán Fómhair 1988, Humbel, C-263/86, EU:C:1988:451, míreanna 17 agus breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2023, QB v An Coimisiún, C-88/22 P, EU:C:2023:792, mír 30.

(20)  Na hoibleagáidí uile a leagtar síos i gCaibidil II, níl siad dírithe go heisiach ar fhoilsitheoirí.

(21)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

(22)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2, de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

(23)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

(24)  D’fhéadfadh an teanga a bheith ina táscaire tábhachtach maidir le teachtaireachtaí nach bhfuil dírithe ach ar phobal meáin roghnaithe (e.g. mionlaigh) nó ar limistéir gheografacha roghnaithe. Ba cheart a thuiscint go n-áirítear le teanga aon teanga a úsáidtear san Aontas, i.e. ní hamháin teangacha oifigiúla an Aontais, ach canúintí réigiúnacha, teanga chomharthaíochta nó teangacha nach teangacha de chuid an Aontais iad freisin, agus úsáid a bhaint as aon mhodh cumarsáide nó códúcháin, amhail braille nó modhanna eile.

(25)  Foráiltear le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2024/900 go soláthróidh urraitheoirí an fhaisnéis is gá do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla chun Airteagal 9(1), pointí (a), (d), (e) agus (f), Airteagal 11(1), pointí (a) go (d), agus Airteagal 12(1), pointí (a), (b), (c), (e), (h) agus (k) den Rialachán a chomhlíonadh, agus go n-áiritheoidh siad cruinneas na faisnéise sin, roimh thréimhse foilsithe, seachadta nó scaipthe an fhógráin pholaitiúil nó lena linn.

(26)  Féach freisin, mar shampla, Breithiúnas an 8 Márta 2016, an Ghréig v an Coimisiún Eorpach, Cás C-431/14 P, EU:C:2016:145, mír 32.

(27)  Deonaíodh an stádas sin dóibh i gcomhréir le hAirteagal 40(8) de Rialachán (AE) 2022/2065. Sonraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/900 cé na heintitis leasmhara ar féidir leo tarchur faisnéise a iarraidh agus conas is féidir leo a iarraidh. Sa chomhthéacs sin, tugtar de chumhacht leis do thaighdeoirí grinnfhiosraithe, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2065, i measc eile, faisnéis a iarraidh maidir le hAirteagail 9, 11 agus 12, Rialachán (AE) 2024/900.

(28)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint.

(29)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1410 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2025 maidir le formáid, teimpléad agus sonraíochtaí teicniúla lipéad agus fógraí trédhearcachta fógrán polaitiúil i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(30)  Faoin 10 Aibreán 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach an socrú maidir le feidhmiú an Stóir. Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh treorach a eisiúint maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí ábhartha mar aon le bunú an Stóir.

(31)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas.

(32)  Ar a bhféadfaidh siad brath freisin faoin Rialachán seo agus iad ag gníomhú mar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla.

(33)  Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2024/900.

(34)  Airteagal 12(5) de Rialachán (AE) 2024/900.

(35)  Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2024/900.

(36)  Airteagal 15(7) de Rialachán (AE) 2024/900.

(37)  Airteagal 15(6)(b) de Rialachán (AE) 2024/900.

(38)  Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2024/900.

(39)  Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2024/900.

(40)  Airteagal 16(5) de Rialachán (AE) 2024/900.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5514/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top