Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XG05411

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise

IO C, C/2025/5411, 6.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5411/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5411/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5411

6.10.2025

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise

(C/2025/5411)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2019 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2021 ón gComhairle (5).

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh – agus Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Chaidreamh Seachtrach (RELEX) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son – rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo; agus is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2024/2643, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2019 agus Rialachán (AE) 2024/2642, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2021.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2024/2643 agus i Rialachán (AE) 2024/2642.

Áirítear ar na sonraí pearsanta a bhailítear na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis an gcúis atá leis an liostú.

Is iad is bunúis dlí don láimhseáil sonraí pearsanta na Cinntí ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 29 CAE agus na Rialacháin ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus srianta taistil.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus chun na hoibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos i ngníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta na n-ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a fhaigheann na sonraí pearsanta.

Coinneofar na sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs bhearta sriantacha uathrialacha an Aontais go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir an reo sócmhainní nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coinníonn an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid atá cláraithe ag an gComhairle chun críoch cartlannú a dhéanamh ar leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725.

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe a bheith á dhéanamh ag an gComhairle, nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta maidir le beartas an Aontais i ndáil le bearta sriantacha.

In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó in éagmais coimircí iomchuí, tá aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta bunaithe ar an gcoinníoll nó ar na coinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:

gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail;

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Níl baint ag aon chinnteoireacht uathoibrithe le sonraí pearsanta an ábhair sonraí a phróiseáil.

Tá an ceart chun faisnéise ag na hábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á láimhseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an láimhseáil sin a shrianadh.

Is féidir le hábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a chur chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar atá luaite thuas.

I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad céannachta a sholáthar chun a gcéannacht a dhearbhú (cárta aitheantais nó pas). Ba cheart uimhir aitheantais, ainm na tíre a d’eisigh, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad céannachta, mar shampla, grianghraf nó saintréithe pearsanta eile.

Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725(edps@edps.europa.eu).

Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús le leigheas a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh na hábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)   IO L, 2024/2643, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2643/oj.

(3)   IO L, 2025/2019, 6.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2019/oj.

(4)   IO L, 2024/2642, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2642/oj.

(5)   IO L, 2025/2021, 6.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2021/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5411/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top