This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XC05293
Notice of initiation of an expiry review of the anti-dumping measures applicable to imports of certain hot rolled stainless steel sheets and coils originating in Indonesia, the People’s Republic of China and Taiwan
Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine
Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine
C/2025/6616
IO C, C/2025/5293, 3.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5293/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5293 |
3.10.2025 |
Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine
(C/2025/5293)
Tar éis fógra a fhoilsiú maidir le dul in éag atá le tarlú (1) i dtaca leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm maidir le hallmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) agus na Téaváine (‘na tíortha lena mbaineann’), tá iarraidh ar athbhreithniú faighte ag an gCoimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (‘an bun-Rialachán’).
1. Iarraidh ar athbhreithniú
Is é an Comhlachas Eorpach Cruach, (‘Eurofer’, nó ‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh isteach an 4 Iúil 2025 thar ceann thionscal an Aontais i leith leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta, de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.
Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí an Aontais leis an iarraidh le fáil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.
2. An táirge faoi athbhreithniú
Is é atá sa táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo táirgí cothromrollta de chruach dhosmálta, bídís i gcornaí nó ná bídís (lena n-áirítear táirgí gearrtha san fhad iomchuí agus stiallacha cúnga), gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta agus cé is moite de tháirgí, nach bhfuil i gcornaí, ar leithead 600 mm nó níos mó agus ar thiús is mó ná 10 mm (‘an táirge faoi athbhreithniú’), atá faoi láthair faoi chóid AC 7219 11 00 , 7219 12 10 , 7219 12 90 , 7219 13 10 , 7219 13 90 , 7219 14 10 , 7219 14 90 , 7219 22 10 , 7219 22 90 , 7219 23 00 , 7219 24 00 , 7220 11 00 agus 7220 12 00 (cóid TARIC 7219 11 00 10, 7219 11 00 90, 7219 12 10 10, 7219 12 10 90, 7219 12 90 10, 7219 12 90 90, 7219 13 10 10, 7219 13 10 90, 7219 13 90 10, 7219 13 90 90, 7219 14 10 10, 7219 14 10 90, 7219 14 90 10, 7219 14 90 90, 7219 22 10 10, 7219 22 10 90, 7219 22 90 10, 7219 22 90 90, 7219 23 00 10, 7219 23 00 90, 7219 24 00 10, 7219 24 00 90, 7220 11 00 10, 7220 11 00 90, 7220 12 00 10 agus 7220 12 00 90). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.
3. Na bearta atá ann cheana
Is iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ón gCoimisiún (3), arna leasú go deireanach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1713 ón gCoimisiún (4), agus arna leathnú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/825 ón gCoimisiún (5) chun allmhairí arna gcur chun bealaigh ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh.
4. Foras an athbhreithnithe
Tá an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an dumpáil agus an díobháil do thionscal an Aontais an athuair.
4.1. An líomhain gur dócha go leanfar den dumpáil
4.1.1. An líomhain gur dócha go leanfar den dumpáil ón tSín
Mhaígh an t-iarratasóir nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid, i ngeall gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.
Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí an t-iarratasóir ag brath ar an bhfaisnéis a bhí sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála dar dáta an 10 Aibreán 2024 (6). Go háirithe, thagair an t-iarratasóir do shaobhadh i bhfoirm láithreacht an stáit i gcoitinne agus do shaobhadh a dhéanann difear níos sonraí don earnáil cruach, agus do chaibidlí maidir le soláthar poiblí, córas airgeadais, amhábhair agus ionchuir ábhartha eile. Ina theannta sin, bhí an t-iarratasóir ag brath ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí, go háirithe ar an 14ú Plean Cúig Bliana, lena sainaithnítear an tionscal cruach mar earnáil bhunúsach de gheilleagar na Síne.
Dá bhrí sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an líomhain go bhfuiltear ag dumpáil, tá sí bunaithe ar chomparáid idir an gnáthluach ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi imscrúdú (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) ón tír nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig an Aontas. Tugann an gearánach le fios go bhféadfadh an Bhrasaíl a bheith ina tír ionadaíoch iomchuí chun an gnáthluach a ríomh.
Ar a bhonn sin, ní beag iad na corrlaigh dhumpála a ríomhtar i gcás na Síne.
4.1.2. An líomhain gur dócha go leanfar den dumpáil ón Indinéis agus ón Téaváin
An líomhain gur dócha go leanfar den dumpáil i gcás na hIndinéise agus na Téaváine, tá sí bunaithe ar chomparáid idir an praghas intíre agus praghas onnmhairiúcháin (díreach ón monarcha) an táirge faoi athbhreithniú nuair a dhíoltar lena onnmhairiú chuig an Aontas é.
Ina theannta sin, tá an líomhain gur dócha go leanfar den dumpáil bunaithe freisin ar chomparáid idir an gnáthluach ríofa (costais mhonaraíochta, costais díola, ghinearálta agus riaracháin (SGA) agus brabús) san Indinéis agus sa Téaváin agus praghas onnmhairiúcháin (díreach ón monarcha) an táirge faoi athbhreithniú nuair a dhíoltar lena onnmhairiú chuig an Aontas é.
Ar a bhonn sin, ní beag iad na corrlaigh dhumpála a ríomhtar i gcás na hIndinéise agus na Téaváine.
4.2. An líomhain gur dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í
Líomhnaíonn an t-iarratasóir gur dócha go leanfar den díobháil. I ndáil leis sin, is leor an fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil gur mór fós é, i ndearbhthéarmaí agus ó thaobh sciartha den mhargadh de, an méid allmhairí i gcás an táirge faoi athbhreithniú ó na tíortha lena mbaineann chuig an Aontas.
Léirítear san fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil gur imir méideanna agus praghsanna an táirge onnmhairithe faoi athbhreithniú tionchar diúltach, i measc iarmhairtí eile, ar na cainníochtaí a dhíol tionscal an Aontais, ar leibhéal na bpraghsanna a ghearr sé agus ar an sciar den mhargadh a bhí aige, agus gurbh ann d’éifeachtaí díobhálacha substaintiúla ar fheidhmíocht fhoriomlán agus ar staid airgeadais thionscal an Aontais dá thoradh sin.
Líomhnaíonn an t-iarratasóir freisin gur dócha go ndéanfar tuilleadh díobhála. I ndáil leis sin, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil freisin gur dócha go dtiocfaidh méadú ar leibhéal allmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú ó na tíortha lena mbaineann chuig an Aontas, má ligtear do na bearta dul in éag, mar gheall ar an acmhainneacht neamhúsáidte atá ann agus an méid a d’fhéadfaí a tháirgeadh i saoráidí monaraíochta na dtáirgeoirí san Indinéis, sa tSín agus sa Téaváin.
Ina theannta sin, líomhnaíonn an t-iarratasóir, i gcás aon mhéadú mór eile ar allmhairí, ar phraghsanna dumpáilte, ó na tíortha lena mbaineann, gur dócha go ndéanfar tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais dá bharr má ligtear do na bearta dul in éag.
5. Nós imeachta
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise atá ann maidir le dóchúlacht na dumpála (7) agus na díobhála chun údar maith a thabhairt le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán.
Cinnfear leis an athbhreithniú éaga an dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar de dhumpáil an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na hIndinéise, na Síne agus na Téaváine agus an dócha go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go ndéanfar an athuair í.
5.1. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú
An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an ndéanfar an athuair í, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go deireadh thréimhse an imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).
5.2. Barúlacha maidir leis an iarraidh agus tionscnamh an imscrúdaithe
Gach páirtí leasmhar ar mian leis barúil a thabhairt maidir leis an iarraidh (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le leanúint nó atarlú na díobhála agus cúisíocht) nó maidir le haon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear a mhéid a thacaítear leis an ngearán), ní mór dó déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8).
Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.
5.3. Nós imeachta chun a chinneadh an dócha go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair í
In athbhreithniú éaga, déanann an Coimisiún scrúdú ar onnmhairí a cuireadh chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus, gan beann ar allmhairiú chuig an Aontas, measann sé an rud é, de thoradh staid na gcuideachtaí a tháirgeann agus a dhíolann an táirge faoi athbhreithniú sna tíortha lena mbaineann, gur dócha go leanfar den allmhairiú ar phraghsanna dumpáilte nó go gcuirfear tús leis arís má théann na bearta in éag.
Dá bhrí sin, táirgeoirí uile (9) an táirge faoi athbhreithniú ó na tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh leis an imscrúdú nó leis na himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh orthu, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.
5.3.1. Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí sna tíortha lena mbaineann
Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí san Indinéis, sa tSín agus sa Téaváin a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí atá le himscrúdú, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, faisnéis faoina gcuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi (‘TRON’) ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R843_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER. I ranna 5.6 agus 5.9 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar Tron.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, déanfaidh sé teagmháil le húdaráis na dtíortha lena mbaineann freisin agus féadfaidh sé teagmháil a dhéanamh le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí sna tíortha sin.
Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de tháirgeacht, díolacháin nó onnmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta laistigh den am atá ar fáil. Gach táirgeoir aitheanta sna tíortha lena mbaineann, údaráis na dtíortha lena mbaineann, agus na comhlachais de tháirgeoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis na dtíortha lena mbaineann más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.
Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis an dáta a thugtar fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá tar éis an dáta a fhógraítear an cinneadh faoin sampla.
Cuirfear cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara an dáta a fhógraítear an cinneadh faoin sampla ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2817.
Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu.
5.3.2. Nós imeachta breise maidir leis an tSín lena mbaineann saobhadh suntasach
Faoi réir fhorálacha an fhógra seo, leis seo, iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.
Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (CC) a sholáthraítear san iarraidh (10), tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.
De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e), den bhun-Rialachán, go luath tar éis dó an t-imscrúdú a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún na páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach sa tSín a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin nóta a chur leis an gcomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Cuimseoidh sé sin na foinsí uile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríú tír iomchuí a roghnú. Nuair a chuirfear an nóta leis an gcomhad sin, beidh 10 lá ón dáta sin ag na páirtithe san imscrúdú chun a gcuid barúlacha a chur isteach.
De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún d’fhéadfadh an Bhrasaíl a bheith ina tríú tír ionadaíoch don tSín sa chás seo. D’fhonn an tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú faoi dheireadh, scrúdóidh an Coimisiún an ann do thíortha ar comhchosúil a leibhéal forbartha eacnamaíche le leibhéal na Síne, tíortha inar ann do tháirgeadh agus díolacháin an táirge faoi athbhreithniú agus inar éasca teacht ar shonraí ábhartha. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu.
Maidir leis na foinsí ábhartha, iarrtar ar na táirgeoirí uile sa tSín faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hábhair (amh agus próiseáilte) agus an fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh agus sin a dhéanamh laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi (‘TRON’) ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R843_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM. I ranna 5.6 agus 5.9 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar Tron.
Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun Airteagal 2(6a), pointe (a), den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo. Ba cheart faisnéis fhíorasach den sórt sin a thógáil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, agus ó na foinsí sin amháin.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe i ndáil le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoir ar fáil do Rialtas na Síne freisin.
5.3.3. Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe (11) (12)
Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an táirge atá faoi athbhreithniú ón Indinéis, ón tSín agus ón Téaváin chuig an Aontas, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá i bhfeidhm ba thoradh air, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú sin.
Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar leis seo ar na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe uile, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin déanamh amhlaidh laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfógra seo a thabhairt don Choimisiún.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh sé teagmháil a dhéanamh le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí atá ann.
Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ón Indinéis, ón tSín agus ón Téaváin san Aontas ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta laistigh den am atá ar fáil. Gach allmhaireoir neamhchomhlachaithe aitheanta agus gach comhlachas d’allmhaireoirí, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.
Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá tar éis an dáta a fhógraítear an cinneadh faoin sampla.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí ar fáil do na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis an dáta a thugtar fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.
Beidh cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamhchomhlachaithe ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2817.
5.4. Nós imeachta chun a chinneadh an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í agus imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí an Aontais
Chun a chinneadh an dócha go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go ndéanfar an athuair í, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú san Aontas a bheith rannpháirteach san imscrúdú.
Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí san Aontas a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí san Aontas a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.
Roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara.
Leis seo, iarrtar ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Sa bhreis air sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-airítear táirgeoirí de chuid an Aontais nár chomhoibrigh san imscrúdú nó sna himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ba thoradh air, ar táirgeoirí iad a mheasann go bhfuil cúiseanna ann ar cheart dóibh a bheith sa sampla, ní mór dóibh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún laistigh de 7 tar éis dháta fhoilsithe an fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus/nó do gach comhlachas de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.
Beidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte san Aontas ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis an dáta a thugtar fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí an Aontais le fáil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: (https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2817).
5.5. Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais
Má dheimhnítear gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, maidir le cé acu a bheadh sé in aghaidh leas an Aontais nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála i bhfeidhm.
Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, iarrtar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.
Aon fhaisnéis a bhaineann leis an measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a sholáthar laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl i bhformáid shaor, sin nó trí cheistneoir arna ullmhú ag an gCoimisiún a líonadh isteach.
Tá cóip de na ceistneoirí, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, le fáil sa chomhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2817. In aon chás, aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag gabháil léi tráth a chuirtear isteach í, ar fianaise í a thugann bunús le bailíocht na faisnéise.
5.6. Páirtithe leasmhara
Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, páirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sna tíortha lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Táirgeoirí sna tíortha lena mbaineann, táirgeoirí an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.3 agus 5.4., measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.
Is féidir an comhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (13).
5.7. Aighneachtaí eile i scríbhinn
Faoi réir fhorálacha an fhógra seo, iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile, leis seo, a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.
5.8. An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin
Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.
I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar a iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur ar fáil tar éis na héisteachta.
5.9. Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘ Íogair ’ orthu (14). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi.
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘ Íogair ’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘ Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara ’. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach i modh rúin a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.
Iarrtar ar na páirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara agus cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhnithe. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do pháirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara.
Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Trade |
|
Directorate G |
|
Office: CHAR 04/039 |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
TRON.tdi:
https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi
Seoladh ríomhphoist maidir le gnéithe díobhála:
TRADE-R843-SSHR-INJURY@ec.europa.eu
Seoladh ríomhphoist maidir le gnéithe dumpála na Síne:
TRADE-R843-SSHR-DUMPING-CN@ec.europa.eu
Seoladh ríomhphoist maidir le gnéithe dumpála na hIndinéise:
TRADE-R843-SSHR-DUMPING-ID@ec.europa.eu
Seoladh ríomhphoist maidir le gnéithe dumpála na Téaváine:
TRADE-R843-SSHR-DUMPING-TW@ec.europa.eu
6. Sceideal an imscrúdaithe
De ghnáth, tabharfar an t-imscrúdú chun críche laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán.
7. Faisnéis a chur isteach
Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na tráthchláir a shonraítear i roinn 5 den fhógra seo.
Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.
8. An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile
Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.
Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt.
An tráthchlár arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
9. Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san fhógra seo
Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. In aon chás, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh an sprioc-ama chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta, ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh an síneadh thar 3 lá, mura léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla.
10. Neamh-chomhoibriú
I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.
I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.
Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh sé dá mbeadh sé tar éis comhoibriú.
Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagra a chur isteach de réir mar a iarradh. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.
11. Oifigeach Éisteachta
Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh leis na teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.
Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí de chuid an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.
Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus tionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en.
12. An deis athbhreithniú a iarraidh faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán
Ó tharla go dtionscnaítear an t-athbhreithniú éaga seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ní leasófar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i ngeall ar thorthaí an athbhreithnithe, ach déanfar na bearta sin a aisghairm nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 11(6) den bhun-Rialachán.
Má mheasann aon pháirtí leasmhar go bhfuil údar le hathbhreithniú ar na bearta ar dhóigh a d’fhágfadh go bhféadfaí na bearta a leasú, féadfaidh an páirtí sin athbhreithniú a iarraidh de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán.
Aon pháirtí ar mian leis athbhreithniú den sórt sin a iarraidh, ar athbhreithniú é a dhéanfaí go neamhspleách ar an athbhreithniú éaga a luaitear san fhógra seo, féadfaidh sé dul i dteagmháil leis an gCoimisiún ag an seoladh a shonraítear thuas.
13. Próiseáil sonraí pearsanta
Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
Tá fógra cosanta sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W.
(1) IO C, C/2025/462, 23.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/462/oj.
(2) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí leathán nó cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 325, 7.10.2020, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1408/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1713 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1382 lena leasaítear Rialacháin áirithe lena bhforchuirtear bearta frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais ar tháirgí áirithe cruach atá faoi réir bearta coimirce (IO L 384, 17.11.2020, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1713/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/825 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise chun allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta arna gcur chun bealaigh ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh (IO L 103, 18.4.2023, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/825/oj).
(6) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 10.4.2024 (SWD(2024) 91 final), atá le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2024)91&lang=ga.
(7) I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach ann a léiríonn go ginearálta nach iomchuí na praghsanna agus na costais intíre sa tír lena mbaineann a úsáid i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, agus, ó tharla sin amhlaidh, go bhfuil údar le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.
(8) Le tagairtí d’fhoilsiú an fhógra seo, is é foilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheidh i gceist mura sonraítear a mhalairt.
(9) Is éard is táirgeoir ann aon chuideachta sna tíortha lena mbaineann a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí comhlachaithe a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin intíre nó onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú.
(10) Tá faisnéis faoi chóid an Chórais Chomhchuibhithe le fáil freisin in achoimre feidhmiúcháin na hiarrata ar athbhreithniú, rud atá le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2817.
(11) Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil comhlachaithe leis na táirgeoirí sna tíortha lena mbaineann a shampláil. Allmhaireoirí atá comhlachaithe le táirgeoirí, ní mór dóibh Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith comhlachaithe sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála atá ag an mbeirt acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má rialaíonn duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).
(12) Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhchomhlachaithe ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le dumpáil a chinneadh.
(13) I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála ach ríomhphost a sheoladh chuig (trade-service-desk@ec.europa.eu) nó ar an nguthán (+32 22979797).
(14) Is doiciméad ‘ Íogair ’ doiciméad a mheastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).
(15) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN
|
☐ |
Leagan íogair |
|
☐ |
Leagan le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara |
|
(Cuir tic sa bhosca iomchuí) |
|
NÓS IMEACHTA FRITHDHUMPÁLA MAIDIR LE HALLMHAIRÍ LEATHÁN AGUS CORNAÍ TEOROLLTA ÁIRITHE DÉANTA AS CRUACH DHOSMÁLTA DE THIONSCNAMH NA HINDINÉISE, DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE AGUS NA TÉAVÁINE
FAISNÉIS MAIDIR LE ROGHNÚ SHAMPLA NA DTÁIRGEOIRÍ NEAMHCHOMHLACHAITHE
Tá an fhoirm seo ceaptha le cuidiú le hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus an iarraidh ar fhaisnéis samplála a rinneadh i bpointe 5.3.3 den fhógra tionscnamh á freagairt acu.
Ba cheart an leagan Íogair agus an leagan Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara a chur ar ais chuig an gCoimisiún de réir mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.
1. CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA
Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:
|
Ainm na cuideachta |
|
|
Seoladh |
|
|
Duine teagmhála |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
2. LÁIMHDEACHAS AGUS AN MÉID DÍOLACHÁN
Léirigh in euro (EUR) láimhdeachas iomlán na cuideachta, an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí le haghaidh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de réir mar a shainmhínítear san fhógra tionscnaimh, agus le haghaidh athdhíolacháin an táirge sin ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón Indinéis, ó Dhaon-Phoblacht na Síne (an tSín) agus ón Téaváin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.
|
|
Méid i dtonaí |
Luach in euro (EUR) |
|
Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (EUR) |
|
|
|
Allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na hIndinéise |
|
|
|
Allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
|
|
|
Allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Téaváine |
|
|
|
Allmhairí an táirge faoi imscrúdú (de gach áit tionscnamh) |
|
|
|
Athdhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón Indinéise |
|
|
|
Athdhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón tSín |
|
|
|
Athdhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ón Téaváin |
|
|
3. GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA AGUS NA GCUIDEACHTAÍ ATÁ COMHLACHAITHE LÉI (1)
Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta atá comhlachaithe léi (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi athbhreithniú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi athbhreithniú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.
|
Ainm agus suíomh na cuideachta |
Gníomhaíochtaí |
Gaol |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
4. FAISNÉIS EILE
Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.
5. DEIMHNIÚ
Tríd an bhfaisnéis thuas a sholáthar, aontaíonn an chuideachta gur féidir í a áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith sa sampla, beidh ar an gcuideachta sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagraí a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás allmhaireoirí neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheidís dá mbeadh sí tar éis comhoibriú.
Síniú an oifigigh údaraithe:
Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:
Dáta:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith comhlachaithe sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála atá ag an mbeirt acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má rialaíonn duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi rialú díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1408/oj). I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1713/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5293/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)