This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D05174
Council Decision of 18 September 2025 replacing an alternate member of the Management Board of the European Foundation for the improvement of living and working conditions for Spain
Cinneadh ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2025 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú thar ceann na Spáinne
Cinneadh ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2025 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú thar ceann na Spáinne
ST/12251/2025/INIT
IO C, C/2025/5174, 23.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5174/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5174 |
23.9.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Meán Fómhair 2025
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú thar ceann na Spáinne
(C/2025/5174)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh i gcatagóir na n-ionadaithe rialtais tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Laurentina DÍAZ GIL a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas na Spáinne don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Jorge MARTÍN GONZÁLEZ ina chomhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú in ionad Laurentina DÍAZ GIL, go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. AAGAARD
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 74.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 23).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5174/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)