Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AE1257

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, Rialachán (AE) 2021/2115 agus Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha margaidh áirithe agus bearta tacaíochta earnála áirithe in earnáil an fhíona agus le haghaidh táirgí fíona cumhraithe

EESC 2025/01257

IO C, C/2025/5161, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5161/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5161/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5161

28.10.2025

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, Rialachán (AE) 2021/2115 agus Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha margaidh áirithe agus bearta tacaíochta earnála áirithe in earnáil an fhíona agus le haghaidh táirgí fíona cumhraithe

(COM(2025) 137 final — 2025/0071 (COD))

(C/2025/5161)

Rapóirtéir:

Josep PUXEU ROCAMORA

Comhairleoir

Ignacio SÁNCHEZ RECARTE (thar ceann an rapóirtéara)

Nós imeachta reachtach

EU Law Tracker

Comhairliúcháin

Parlaimint na hEorpa, 5.5.2025

An Chomhairle, 8.5.2025

Bunús dlí

Airteagal 43(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Doiciméid an Choimisiúin Eorpaigh

COM(2025) 137 final

Na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna) lena mbaineann

SFI 12 — Patrúin tomhaltais agus táirgthe inbhuanaithe a chinntiú

An rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

25.6.2025

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

17.7.2025

Seisiún iomlánach Uimh.

598

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

153/3/2

1.   MOLTAÍ

Seo seasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

1.1.

Cuireann sé i dtreis an tábhacht shocheacnamaíoch a bhaineann le hearnáil an fhíona don Aontas Eorpach (1).

(i)

Is é EUR 100 billiún luach margaidh na hearnála, agus is fiú EUR 130 billiún a rannchuidiú le OTI an Aontais. Onnmhairíodh fíonta Eorpacha go 194 thír éagsúla in 2022, agus b’fhiú EUR 17,9 billiún a luach onnmhairiúcháin iomlán, agus bhí ról ríthábhachtach aige sin sa mhéid gur tháinig laghdú 3,7 % ar an easnamh i gcomhardú trádála an Aontais a bhuí leis na honnmhairí fíona amháin.

(ii)

Cuireann sí freisin le tacaíocht shóisialta trí 2,9 milliún post a ghiniúint, lena ndéantar athbheochan ar cheantair thuaithe atá ag tabhairt aghaidh ar dhídhaonrú. Léiríonn an earnáil sin táirgiúlacht eisceachtúil, rud a thugann breisluach níos airde in aghaidh an fhostaí i gcomparáid le gníomhaíochtaí comhchosúla in earnálacha eile ag gach céim den slabhra luacha (+ 90 % le haghaidh fás fíonchaor i gcomparáid le táirgeadh barr agus ainmhithe; + 16 % le haghaidh fíonóireachta vs monaraíocht; agus + 5 % le haghaidh tráchtálú fíona vs gníomhaíochtaí bia agus dí). Ina theannta sin, tá feirmeacha fíona 15 % níos brabúsaí ná an mheánfheirm san Aontas, rud a chuireann rogha eacnamaíoch inmharthana ar fáil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe.

(iii)

Agus níos mó ná 3,1 milliún heicteár d’fhíniúnacha i limistéir nach mbíonn aon rogha eacnamaíoch eile iontu go minic, tá ról ríthábhachtach ag earnáil an fhíona maidir leis an daonra a chothabháil i gceantair thuaithe. Is oibríochtaí ar mionscála iad formhór na 2,2 milliún gabháltas fíona san Aontas ach, d’ainneoin a méide, cuireann na fíonghoirt sin go mór le geilleagair thuaithe agus le táirgeadh fíona an Aontais. Na réigiúin thuaithe ina bhfuil forás ar na fíonghoirt, is ar éigean atá athrú ar leibhéal an daonra iontu, óir níor tháinig ach laghdú beag 0,4 % orthu. I gcodarsnacht leis sin, tháinig laghdú i bhfad ní ba mhó (laghdú 2,6 %) — 6,5 oiread — ar mhéid a ndaonraí i limistéir ina bhfuil fíonghoirt ag laghdú.

(iv)

Bhí ranníocaíocht fhioscach iomlán earnáil an fhíona cothrom le beagnach EUR 52 bhilliún in 2022 agus ba ranníocaíochtaí sóisialta iad os cionn 57 % di, rud is ionann agus thart ar 0,7 % de chaiteachas rialtais ghinearálta an Aontais.

(v)

Sa bhreis ar na himpleachtaí eacnamaíocha díreacha a bhaineann léi, traidisiún cultúrtha is ea earnáil fíona na hEorpa atá fréamhaithe go domhain sa tírdhreach sochaíoch. Is léiriú í an earnáil seo ar oidhreacht éagsúil, oidhreacht atá á múnlú de thoradh na gcéadta bliain den stair agus den nuálaíocht, áit a rannchuidíonn gach terroir le fíor-mhósáic de réigiúin táirgthe a chruthú. Ní le táirgeadh fíona amháin a bhaineann an fíonsaothrú óir is léiriú é freisin ar shlí bheatha, ar fhéiniúlacht chomhchoiteann agus ar nasc le tír. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag pacáiste fíona an Aontais an t-iomaíochas a dhaingniú agus an infheistíocht a spreagadh, agus anuas air sin an chreatlach shóisialta agus chultúrtha seo a thugann saoránaigh le chéile a chaomhnú, trí bhéim a leagan ar na sineirgí idir an geilleagar, an comhshaol agus an cultúr. Cuideoidh sé sin le spiorad na réigiún fíona a neartú agus todhchaí inbhuanaithe a áirithiú don earnáil aitheanta sin.

1.2.

Tugann CESE dá aire an tábhacht chultúrtha a bhaineann le fíon san Aontas agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach cultúr an fhíona a chosaint trí thacú go héifeachtach le cur chun feidhme na gclár a chuidíonn le feasacht tomhaltóirí a mhéadú maidir le tomhaltas fíona feasach agus freagrach.

1.3.

Tacaíonn sé leis an togra ón gCoimisiún Eorpach, arb é is aidhm dó uirlisí níos fearr a chur ar fáil d’earnáil fíona na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin iomadúla a shainaithin an Grúpa Ardleibhéil um an mBeartas Fíona.

1.4.

Tá sé ag iarraidh go gcuirfí tacaíocht bheartais ar fáil bonn ar bhonn le buiséad uaillmhianach le haghaidh idirghabhálacha sonracha in earnáil an fhíona.

1.5.

Cuireann sé chun suntais a thábhachtaí atá forbairt na gclár oideachais, chomh maith le tionscadail taighde agus forbartha, a chuideoidh le tionscnaimh na gcuideachtaí fíona agus na n-oibrithe fíona atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do chuideachtaí fíona agus d’oibrithe fíona in aistriú leanúnach na hearnála.

1.6.

Cuireann sé i bhfios go láidir gur ullmhaíodh na moltaí ón nGrúpa Ardleibhéil agus an togra ón gCoimisiún Eorpach sular tháinig an meath mór ar na margaí idirnáisiúnta fíona tar éis chinneadh rialtas na Stát Aontaithe taraifí breise a chur i bhfeidhm ar fhíonta an Aontais; creideann sé go mb’fhéidir go mbeadh gá le tuilleadh tacaíochta amach anseo chun tacú le hiomaíochas idirnáisiúnta fhíonta an Aontais.

1.7.

Molann sé go ndéanfaí feabhsuithe breise ar an togra ón gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh earnáil fíona an Aontais agus chun geilleagar fíona sláintiúil, inbhuanaithe agus iomaíoch a áirithiú san fhadtéarma.

1.8.

Cé go n-aontaíonn sé gur cheart go gcabhródh straitéisí um plandú amach anseo leis an acmhainneacht táirgthe a chur in oiriúint d’éileamh an mhargaidh, measann sé go bhfuil liosta na dteorainneacha a shonraítear sa togra ón gCoimisiún Eorpach róshriantach agus go mb’fhéidir nach mbeadh sé oiriúnach do gach cás.

1.9.

Cuireann sé in iúl gur maith ann, dar leis, an togra ón gCoimisiún maidir le síneadh a chur le bailíocht na n-údaruithe a dheonaítear le haghaidh athphlanduithe, ach molann sé go ndéanfaí a mbailíocht a theorannú go 6 bliana chun pleanáil shoiléir a cheadú d’fhonn acmhainneacht a bhainistiú i limistéir an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint aonair agus i limistéir na dTásc Geografach faoi Chosaint.

1.10.

Cuireann sé in iúl gur maith leis gur údaraíodh íocaíochtaí náisiúnta le haghaidh glasbhuaint dheonach agus grafadh deonach na bhfíonghort táirgiúil mar uirlisí breise bainistithe soláthair, ós rud é go bhfuil sé costéifeachtach farasbarr fíona a bhaint den mhargadh sula dtáirgtear é.

1.11.

Is mian leis a chur in iúl gur maith ann, dar leis, an togra chun úsáid téarmaí áirithe a úsáidtear go forleathan, agus a thuigeann tomhaltóirí go maith dá bhrí sin, a rialáil ar leibhéal an Aontais maidir le táirgí ina bhfuil cion alcóil laghdaithe a chur i láthair; molann sé an togra sin a fhorlíonadh le roinnt téarmaí agus coinníollacha eile, rud a leagtar amach i leasú 1 agus i leasú 3 (thíos).

1.12.

Ní thacaíonn sé leis an nath ‘arna dtáirgeadh trí dhí-alcólú’ a bheith éigeantach i gcur i láthair fíonta dí-alcólaithe agus fíonta atá páirt-dhí-alcólaithe.

1.13.

Molann sé, faoi mar a leagtar amach i leasú 2, go n-áireofaí sa rialachán tagairt don tsiombail nó don phicteagram atá ann cheana a úsáidfear d’fhonn na modhanna leictreonacha chun faisnéis a sholáthar a úsáidtear ar an lipéad a shainaithint saor ó theanga. Ina theannta sin, ar mhaithe le tuiscint níos fearr a bheith ag na tomhaltóirí, molann CESE go mbeadh an luach fuinnimh le feiceáil an-ghar do na modhanna leictreonacha sin.

1.14.

Molann sé go gcuirfí deireadh leis an léiriú éigeantach ar liosta na gcomhábhar agus leis an dearbhú cothúcháin nuair a onnmhairítear fíonta an Aontais lasmuigh den Aontas, ós rud é go bhfuil na ceanglais sin éagsúil ó thír go chéile.

1.15.

Molann sé go méadófaí raon feidhme na gcumhachtaí a thugtar don Choimisiún Eorpach ionas go mbeidh an Coimisiún in ann, tar éis dó dul i gcomhairle go críochnúil leis na heagraíochtaí gairmiúla agus na grúpaí saineolaithe ábhartha, rialacha breise a fhorbairt trí ghníomhartha tarmligthe maidir le (i) modhanna leictreonacha a úsáid chun faisnéis éigeantach agus dheonach a sholáthar agus (ii) foirm agus leagan amach na faisnéise a chuirtear ar fáil trí mheán leictreonach.

1.16.

Molann sé nach mbeadh feidhm ag na forálacha lena sonraítear na mionsonraí éigeantacha atá le léiriú sa réimse radhairc céanna ach aon uair amháin, d’fhonn cosc a chur ar chás inar gá na téarmaí éigeantacha uile a mhacasamhlú ar an lipéad tosaigh nuair a léirítear ann na téarmaí ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’ nó tráth a léirítear ainm an ATFC/TGFC ansin.

1.17.

Molann sé nach mbeadh méid foriomlán na n-íocaíochtaí atá ar fáil i mBallstát in aon bhliain ar leith le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta don driogadh agus don ghlasbhuaint níos mó ná 15 %, seachas 20 %, mar atá beartaithe. Ina theannta sin, molann CESE grafadh deonach a áireamh sna bearta a chumhdaítear leis na teorainneacha sin.

1.18.

Molann sé nach mbeadh tairbhithe íocaíochtaí na géarchéime driogtha incháilithe faoi aon tacaíocht fíona eile ar feadh tréimhse 1,5 bliain.

1.19.

Molann sé go gcuirfí na rialacha céanna maidir leis na modhanna leictreonacha a úsáidtear ar lipéid i bhfeidhm maidir le táirgí fíona cumhraithe agus na rialacha a mholtar d’fhíonta.

1.20.

Molann sé, i gcás táirgí fíona cumhraithe dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe, go mbeadh forálacha ann a thabharfadh le fios go bhféadfadh saintréithe orgánaileipteacha atá cosúil le saintréithe fíona a bheith ag an mblaiseadh, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na táirgí nua sin.

1.21.

Is díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le turasóireacht fíona a chur chun cinn, ach molann sé an tacaíocht sin a leathnú go cuideachtaí fíona ionas go bhféadfaidh siad a saoráidí a chur in oiriúint do chuairteanna turasóireachta fíona agus iad a chur chun cinn, sin agus ar mhaithe le cláir lena nasctar fíon agus gastranamaíocht. I gcás tacaíocht AE do chuideachtaí fíona, ba cheart treisiú féiniúlachta fíonsaothraithe áitiúla nó réigiúnaí a chothú agus na sineirgí a eascraíonn as an gcomhar idir cuideachtaí fíona áitiúla a neartú.

1.22.

Molann sé go mbainfí an teorainn ama maidir le gníomhaíochtaí cur chun cinn atá dírithe ar sciar den mhargadh a chomhdhlúthú.

1.23.

Molann sé, i gcás gníomhaíochtaí cur chun cinn agus cumarsáide i dtríú tíortha, go ndéanfaí athbhreithniú chun nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm agus bonn cirt a shimpliú, d’fhonn rochtain ar chabhair a éascú, an t-ualach riaracháin a laghdú agus éifeachtúlacht a fheabhsú maidir leis na bearta lena mbaineann a chur chun feidhme.

1.24.

Cuireann sé in iúl gur maith ann, dar leis, an méadú féideartha suas le 80 % ar chúnamh airgeadais an Aontais do chostais infheistíochta a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin.

1.25.

Molann sé, i gcás imthosca eisceachtúla i margaí onnmhairiúcháin ar fud an domhain nó i gcás géarchéime a dhéanann difear do mhargaí tríú tíortha atá cothrom le níos mó ná 15 % d’onnmhairí fíonta an Aontais, go bhféadfaí cúnamh airgeadais an Aontais le haghaidh idirghabhálacha cur chun cinn agus cumarsáide a mhéadú go dtí suas le 80 % den chaiteachas incháilithe.

2.   NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN

Argóintí a thacaíonn le moltaí 1.1 go 1.7 maidir leis an ngá atá le togra le haghaidh pacáiste fíona agus a ábhar ginearálta

2.1.

Tacaíonn CESE leis an togra le haghaidh pacáiste fíona arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo a leanas atá le sárú ag earnáil fíona an Aontais: ar thaobh an éilimh, treocht leanúnach fhadtéarmach maidir le laghdú suntasach ar thomhaltas agus athrú ar roghanna na dtomhaltóirí mar gheall ar athruithe sochaíocha; agus, ar thaobh an táirgthe, an éiginnteacht atá ag dul i méid maidir le táirgeadh idirbhliantúil i ngeall ar an athrú aeráide agus ar theagmhais adhaimsire a bheith ag éirí níos minice agus níos déine.

2.2.

Ó foilsíodh an togra ón gCoimisiún Eorpach, tá staid earnáil an fhíona tar éis dul in olcas arís eile. Ón 5 Aibreán, tá táirgí fíona faoi réir taraifí breise ar mhargadh na Stát Aontaithe, arb é an cliant is mó le haghaidh fhíonta an Aontais é go mór fada, óir is ionann agus 28 % d’onnmhairí domhanda fíona an Aontais an trádáil sin. Lasmuigh de mhargadh na Stát Aontaithe, tá tionchar diúltach ag an méadú tobann ar theannas agus ar bhacainní trádála ar fud an domhain ar ionchais eacnamaíocha agus tomhaltais i margaí tríú tír eile agus tá éiginnteacht ollmhór ann do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí araon, rud a mbeidh tionchar diúltach aige ar infheistíocht agus ar iomaíochas chuideachtaí fíona an Aontais.

2.3.

I bhfianaise thionchar socheacnamaíoch earnáil fíona an Aontais agus an róil ríthábhachtaigh atá aici maidir le ceantair thuaithe an Aontais a athbheochan, ba ríthábhachtach a hinbhuanaitheacht fhadtéarmach a fheabhsú.

2.4.

Ós rud é go bhfuil tomhaltas freagrach agus measartha an fhíona — an chaoi a n-ólann formhór mór na dtomhaltóirí a gcuid fíona — á stiogmatú trí dheireadh a chur leis an idirdhealú idir mí-úsáid alcóil ar thaobh amháin, agus tomhaltas feasach agus freagrach fíona ar an taobh eile, measann CESE gur gá cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha (2) a chur chun cinn, ar bearta iad a chuidíonn le feasacht tomhaltóirí a mhúscailt maidir le tomhaltas freagrach fíona.

2.5.

Is díol sásaimh do CESE an togra a chuir an Coimisiún ar aghaidh, ach creideann sé go bhféadfaí an ‘pacáiste fíona’ a leasú chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an gcomhthéacs sin, ós amhlaidh atá sé ag dul in olcas, d’fhonn faoiseamh agus tacaíocht shubstaintiúil láithreach a áirithiú d’earnáil fíona an Aontais.

Argóintí a thacaíonn le moltaí 1.8 go 1.10 agus 1.17 go 1.18 maidir le hacmhainneacht táirgthe a rialú

2.6.

Tacaíonn CESE leis an togra chun bailíocht na n-údaruithe athphlanduithe a mhéadú, ach measann sé gur tábhachtach gan foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama rófhada a d’fhéadfadh bainistiú agus pleanáil mheántéarmach na hacmhainneachta táirgthe in ainmníochtaí tionscnaimh faoi chosaint agus i dtásc geografach faoi chosaint a dhéanamh ní ba chasta.

2.7.

Creideann CESE go bhféadfadh cuid de na srianta atá beartaithe a bheith ina mbacainn ar an aidhm acmhainneacht táirgthe a chur in oiriúint d’éileamh an mhargaidh, faoi mar a leagtar síos sa togra le haghaidh Airteagal 63(3), ós rud é go bhféadfadh cásanna a bheith éagsúil i ‘réigiún táirgthe’ nó i ‘limistéar geografach’, ag brath ar chríocha fo-réigiúin agus/nó ar chineálacha táirgí (e.g. fíonta geala nó fíonta dearga). Ina theannta sin, is rud neamhoibríoch coincheap na ‘meántáirgeachta’ agus d’fhéadfadh léirmhínithe agus modhanna ríofa an-éagsúil a bheith mar thoradh air ó Bhallstát go Ballstát nó ó oibreoir go hoibreoir. Cé go gceadaítear roinnt srianta cheana féin le hAirteagal 66(3), d’fhéadfadh srianta fairsinge díréireacha a bheith mar thoradh ar thogra den sórt sin maidir leis an gcaoi a gcuirtear an t-údarú athphlanduithe i bhfeidhm. Ar an dul céanna, dá gcuirfí srian ar athphlanduithe sa limistéar geografach céanna nó leis an gcineál nó modh táirgthe céanna nó leis an réigiún táirgthe céanna, d’fhéadfaí difear a dhéanamh do sholúbthacht agus do roghanna cuideachtaí aonair maidir le hoiriúnú d’éileamh an mhargaidh, go háirithe a mhéid a bhaineann le táirgí nua. Ar an taobh eile den scéal, molann CESE teorainn a leagan síos ionas nach mbeidh tairbhithe íocaíochtaí na géarchéime driogtha incháilithe faoi aon chlár tacaíochta fíona eile go ceann tréimhse 1.5 bliain.

2.8.

Tacaíonn CESE leis an mbéim shonrach a leagtar ar an nglasbhuaint dheonach i gcásanna géarchéime a bhfuil údar cuí leo, mar bheart costéifeachtach chun an acmhainneacht táirgthe a rialú.

Argóintí a thacaíonn le moltaí 1.11 go 1.12 maidir le cur i láthair táirgí dí-alcólaithe agus páirt-dhí-alcólaithe

2.9.

Tacaíonn CESE leis na rialacha maidir le cur i láthair le haghaidh táirgí fíona dí-alcólaithe agus páirt-dhí-alcólaithe a fhorlíonadh chun úsáid téarmaí a úsáidtear go forleathan le haghaidh táirgí fíona íseal-alcólacha agus neamh-alcólacha eile a bhfuil tuiscint éasca ag tomhaltóirí orthu a údarú agus a chomhchuibhiú (i gcás fíonta).

Argóintí a thacaíonn le moltaí 1.13 go 1.16 maidir le rialacha lipéadaithe fíona

2.10.

Is céim sa treo ceart é a bheith de rún ag an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go mbeidh na rialacha atá ann faoi láthair maidir le lipéadú leictreonach i ndáil leis na modhanna leictreonacha faisnéise a shainaithint curtha i gcrích; tagann sé sin sna sála ar an moladh a d’eisigh an Grúpa Ardleibhéil cead a thabhairt do na hoibreoirí uile am agus costais a shábháil ar lipéid fhisiceacha, agus ar an gcaoi sin trádáil agus onnmhairí a éascú, agus na tomhaltóirí á gcosaint agus a gceart chun rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis atá éigeantach á chinntiú ag an am céanna. Mar sin féin:

mar gheall ar an easpa cur chuige comhchuibhithe agus an gá atá leis an Margadh Aonair a chosaint, tá géarghá le córas saor ó theanga a shainaithint bunaithe ar phicteagram nó ar shiombail chun na modhanna leictreonacha a shainaithint. Ba ríthábhachtach, dá bhrí sin, na módúlachtaí nithiúla comhchuibhithe a bhaineann le réiteach saor ó theanga a thabhairt isteach go díreach sa bhunghníomh.

toisc a dheacra a bhíonn sé ar chuideachtaí fíona a shainaithint cathain agus cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear le reachtaíocht tríú tír forálacha an Aontais maidir le liosta na gcomhábhar a léiriú agus an dearbhú cothúcháin, nó cé acu a imíonn nó nach n-imíonn reachtaíocht tríú tír ó na forálacha sin, b’fhearr deireadh a chur leis an gceanglas na sonraí sin a léiriú nuair a onnmhairítear fíonta an Aontais chuig tríú tíortha.

Argóintí a thacaíonn le moltaí 1.19 agus 1.20 i ndáil le táirgí fíona cumhraithe

2.11.

Ba cheart na rialacha maidir le táirgeadh agus cur i láthair táirgí fíona cumhraithe a bheith ar aon dul le chéile agus a bheith ag teacht le forbairtí sna rialacha maidir le táirgeadh agus cur i láthair fíonta, i gcás inarb iomchuí sin.

Argóintí a thacaíonn le moltaí 1.21 go 1.25 maidir le feabhsuithe ar na rialacha i ndáil le hidirghabhálacha in earnáil an fhíona

2.12.

Cé go bhfuil idirghabhálacha cur chun cinn agus cumarsáide ar chuid de na príomhuirlisí chun déileáil le géarchéim fíona an lae inniu, níl oibreoirí fíona in ann an leas is fearr is féidir a bhaint astu mar gheall ar an gcreat rialála casta lena rialaítear í. Molann CESE cur chun feidhme an bhirt sin a éascú a thuilleadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

deireadh a chur le ceann de na príomhbhacainní ar éifeachtúlacht iomlán an bhirt, is é sin an teorainn ama a fhorchuirtear le haghaidh gníomhaíochtaí cur chun cinn atá dírithe ar sciar den mhargadh a chomhdhlúthú. An tréimhse tacaíochta atá beartaithe do ghníomhaíochtaí cur chun cinn atá dírithe ar asraonta margaidh i dtríú tíortha a chomhdhlúthú, tá sí fós an-sriantach; agus

togra a mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar na rialacha a fhágann go bhfuil sé casta d’oibreoirí fíona cláir chur chun cinn a chur chun feidhme.

2.13.

Ós iad na fíonlanna an nasc deiridh sa slabhra táirgthe agus na háiteanna a dtugann turasóirí cuairt orthu i ndáiríre, ba thábhachtach go dtiocfadh bearta a dhéanann cuideachtaí fíona chun a saoráidí a oiriúnú ar mhaithe le turasóireacht fíona a chur chun feidhme agus/nó a chur chun cinn faoi raon feidhme na mbeart a fhaigheann tacaíocht ón Aontas. Mar sin féin, ba cheart féachaint ar an tacaíocht ar bhealach iomlánaíoch, ós rud é gur gá scileanna nua a fhorbairt sna cuideachtaí fíona ar mhaithe leis an turasóireacht fíona, go háirithe sna hoibríochtaí teaghlaigh. Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar scileanna úinéirí agus fostaithe fíonghort trí bhíthin cláir oideachais atá bunaithe ar a bhfuil de dhea-chleachtais ann. I bhfianaise na héifeachta iolraitheora dearfaí is féidir a chruthú nuair a bhíonn gníomhaíochtaí turasóireachta fíona mar chuid de líonra comhordaithe, tá sé ríthábhachtach forbairtí pobalbhunaithe a ionchorprú lena ndéantar fíonlanna tarraingteach do thomhaltóirí ar scála an réigiúin fíona. Dá bhrí sin, ba cheart na gnéithe sin a chur san áireamh i gcur chuige tacaíochta an Aontais chun fíorshineirgí a chumasú ar an leibhéal áitiúil agus chun tarraingteacht na turasóireachta fíona a fheabhsú, agus barántúlacht na réigiún fíona á caomhnú ag an am céanna.

3.   NA LEASUITHE ATÁ BEARTAITHE AR AN TOGRA REACHTACH ÓN gCOIMISIÚN EORPACH

Leasú 1

nasctha le moladh 1.9 — [Airteagal 119.1(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, Airteagal 1, pointe 5 de COM(2025) 137 final]

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

(i)

an téarma ‘saor ó alcól’ murar mó ná 0,5 % de réir toirte neart alcóil iarbhír an táirge; beidh an nath ‘0,0 %’ ag gabháil leis murar mó ná 0,05 % de réir toirte neart alcóil iarbhír an táirge;

(i)

na téarmaí ‘dí-alcólaithe’, ‘gan alcól’ nó ‘saor ó alcól’murar mó ná 0,5 % de réir toirte neart alcóil iarbhír an táirge; de rogha air sin, féadfaidh an nath ‘0,0 %’ a bheith ag gabháil leis murar mó ná 0,05 % de réir toirte neart alcóil iarbhír an táirge;

(ii)

an téarma ‘alcól éadrom’ mura bhfuil neart alcóil iarbhír an táirge os cionn 0,5 % de réir toirte, agus é 30 % ar a laghad faoi bhun neart alcóil iarbhír íosta na catagóire roimh dhí-alcólú.

(ii)

na téarmaí ‘páirt-dhí-alcólaithe’, ‘alcól íseal’ nó ‘alcól laghdaithe’ má tá neart alcóil iarbhír an táirge os cionn 0,5 % de réir toirte, agus é faoi bhun neart alcóil iarbhír íosta na catagóire roimh dhí-alcólú

Cúis

Is éard is aidhm don leasú seo an tsolúbthacht is gá a chinntiú ionas gur féidir na táirgí ‘nua’ sin a chur i láthair agus a mhargú; baineann sé na critéir ‘30 %’ nach bhfuil gá leo i dtreo nach gcruthófaí lúb ar lár dlíthiúil i gcás táirgí fíona.

Aon mhearbhall a d’fhéadfaí a chur ar thomhaltóirí, tá sé faoi réir rialacha an Aontais cheana féin maidir le cumarsáid mhíthreorach agus fógraíocht mhíthreorach.

Leasú 2

nasctha le moladh 1.11 — [Airteagal 119 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013]

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

 

6 (nua).

Nuair a bheidh an dearbhú cothúcháin agus/nó liosta na gcomhábhar á gcur ar fáil nó á chur ar fáil i gcomhréir le mír (4) agus mír (5) den Airteagal seo, agus tásca éigeantacha nó deonacha eile a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta, is mar a leanas a bheidh na modhanna leictreonacha:

 

i.

beidh siad saor ó theanga agus sainaithneofar iad trí mheán picteagram idirnáisiúnta nó siombail ISO atá ann cheana; agus

 

ii.

beidh siad le feiceáil an-ghar don áit a bhfuil an luach fuinnimh luaite.

 

Féadfar leanúint de lipéid fíona a úsáideann módúlachtaí eile chun na modhanna leictreonacha a chur i láthair a chur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

Cúis

Soiléirítear leis an leasú seo gur gá sainaithint na modhanna digiteacha a bheith bunaithe ar réiteach comhchuibhithe saor ó theanga chun saorghluaiseacht táirgí fíona a áirithiú.

Leasú 3

baineann an leasú seo le moladh 1.9

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Féadfar táirgí fíniúna de na catagóirí a leagtar amach i bpointí (4) agus (7) a fháil freisin , faoi seach, tríd an dara coipeadh ar fhíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe dá dtagraítear i bpointe (1) nó trí dhé-ocsaíd charbóin a chur isteach.

Féadfar táirgí fíniúna de na catagóirí a leagtar amach i bpointí (4) , (5), (6), (7) , (8) agus (9) a fháil freisin tríd an dara coipeadh ar fhíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe dá dtagraítear i bpointe (1) nó trí dhé-ocsaíd charbóin a chur isteach.

Cúis

Is éard is aidhm don leasú seo a shoiléiriú go gcumhdaíonn an tsolúbthacht theicneolaíoch, a bhfuil feidhm aici maidir le fíonta súilíneacha dí-alcólaithe agus fíonta súilíneacha aeraithe, fíonta leathshúilíneacha, fíonta leathshúilíneacha aeraithe agus fíonta aramatacha ar ardchaighdeán freisin.

An Bhruiséil, an 17 Iúil 2025.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tuarascáil 2024 ó PwC le haghaidh CEEV dar teideal Economic, social and environmental importance of the wine sector in the EU [Tábhacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil earnáil an fhíona san Aontas]: https://www.dropbox.com/scl/fi/m0780by1gj1vnzfl1qo4n/Report-PwC-on-EU-wine-sector_full_032024.pdf?rlkey=dui2nddbh4mxtj8q942x78q99&e=1&dl=0.

(2)   Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5161/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top