Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AE1374

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta Tionsclaíoch um an tionscal gluaisteán Eorpach (COM (2025) 95 final)

EESC 2025/01374

IO C, C/2025/5158, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5158/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5158/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5158

28.10.2025

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta Tionsclaíoch um an tionscal gluaisteán Eorpach

(COM (2025) 95 final)

(C/2025/5158)

Rapóirtéir:

Gonçalo LOBO XAVIER (PT-I)

Comhrapóirtéir:

Guido NELISSEN (BE-2)

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach (13.5.2025)

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

10.7.2025

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

16.7.2025

Seisiún iomlánach Uimh.

598

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

186/4/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Aithníonn Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a ríthábhachtaí atá tionscal na mótarfheithiclí mar cholún straitéiseach de gheilleagar na hEorpa, ó thaobh na fostaíochta agus an bhreisluacha thionsclaíoch de araon, agus cuireann sé i bhfios go láidir gur gá todhchaí iomaíoch inbhuanaithe a áirithiú don earnáil.

1.2.

Tacaíonn an Coiste le cuspóirí aeráide an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus leis an aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, ach cuireann sé i bhfáth nach mór bearta láidre sóisialta agus eacnamaíocha a bheith ag gabháil leis an gclaochlú sin ionas nach gcuirfear leis an neamhionannas idir réigiúin agus grúpaí sóisialta laistigh den Aontas.

1.3.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh straitéis chuimsitheach Eorpach um aistriú cóir agus iomaíoch ann san earnáil mótarfheithiclí, atá bunaithe ar infheistíocht i scileanna, nuálaíocht, bonneagar agus an geilleagar ciorclach mar aon le béim ar leith ar na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

1.4.

Creideann an Coiste go mbeidh an t-idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach oibrithe ríthábhachtach chun go n-éireoidh le próiseas an chlaochlaithe agus iarrann sé go dtabharfaí tacaíocht níos láidre don chómhargáil, d’oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, agus don idirphlé earnála, agus go mbeadh torthaí tairbheacha ag gabháil leis sin go léir.

1.5.

Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá tacú leis na réigiúin is mó atá buailte agus leis na hoibrithe is leochailí, go háirithe iad siúd ar cuid de FBManna agus líonraí fochonraitheoireachta iad i mBallstáit go leor, trí chláir spriocdhírithe athscilithe, trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach, agus trí chistí an Aontais a shlógadh.

1.6.

Tathantaíonn CESE ar an gCoimisiún Eorpach an chothromaíocht chuí a áirithiú idir an chobhsaíocht agus an comhleanúnachas rialála agus an tsolúbthacht spriocdhírithe, go háirithe i réimsí amhail na spriocanna CO2 agus na breoslaí inbhuanaithe, agus an uathriail straitéiseach a mhéadú ar bhonn práinne i réimse na n-amhábhar criticiúil, d’fhonn an phleanáil fhadtéarmach a chothú agus muinín an tionscail a chaomhnú.

1.7.

Leagann CESE béim freisin ar an ngá atá le straitéis thionsclaíoch chomhordaithe don Eoraip chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin struchtúracha atá roimh iomlán shlabhra soláthair na mótarfheithiclí, lena n-áirítear spleáchas ar amhábhair chriticiúla, iomaíocht éagórach ón tSín — rud a bhaineann ní hamháin le scéimeanna allmhairiúcháin dhírigh na bhfeithiclí ach leis na córais táirgthe freisin — agus an teannas geopholaitiúil a dhéanann difear do shlabhraí soláthair.

1.8.

Molann sé go gcuirfí dlús le cur chun úsáide bonneagair luchtaithe d’fheithiclí leictreacha, rud lena n-áiritheofar cumhdach cothrom ar fud réigiúin uile an Aontais chun éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar shoghluaisteacht inbhuanaithe a chosc.

1.9.

Cuireann sé i bhfáth a thábhachtaí atá infheistíocht san oideachas, agus sa taighde agus an fhorbairt (T&F), go háirithe i dteicneolaíochtaí ceallraí agus i mbogearraí mótarfheithiclí, chun ceannaireacht na hEorpa a athbhunú sna príomhréimsí sin.

1.10.

Iarrann sé go ndéanfaí caighdeáin agus rialacháin a bhaineann le feithiclí uathrialaitheacha agus nasctha a chomhchuibhiú, chun tacú lena dtástáil agus lena n-úsáid ar na bóithre poiblí agus chun sábháilteacht agus muinín na dtomhaltóirí a áirithiú.

1.11.

Spreagann sé éagsúlú comhpháirtíochtaí trádála agus an caidreamh le tríú tíortha a neartú, d’fhonn spleáchas ar mhargaí sonracha a laghdú agus athléimneacht na hearnála a fheabhsú.

1.12.

Molann sé go mbunófaí cláir tacaíochta spriocdhírithe do FBManna san earnáil mótarfheithiclí, chun feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar mhaoiniú, ar nuálaíocht agus ar mhargaí idirnáisiúnta agus, mar a luadh cheana, chun cláir um sciliú agus athsciliú a éascú.

1.13.

Ós rud é nach dtugtar aghaidh leis an gclár gníomhaíochta ach ar an earnáil réamhtheachtach amháin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh clár gníomhaíochta ann don earnáil iartheachtach ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag an margadh iardhíola freisin i ndícharbónú an iompair agus aghaidh á tabhairt aige ar na dúshláin chéanna atá roimh na codanna eile de shlabhra luacha na mótarfheithiclí.

1.14.

Ar deireadh, éilíonn CESE an dea-chleachtas a chomhordú agus a mhalartú níos fearr i gcás na dtionscnamh uile a thacaíonn le leictriú an iompair, idir thionscnaimh airgeadais agus neamhairgeadais (‘cathracha cliste’, cuir i gcás).

2.   Dúshláin atá le teacht

2.1

Le blianta fada anuas, tá tionscal mótarfheithiclí an Aontais, arna spreagadh ag innealtóireacht den chéad scoth agus lucht saothair ardoilte, ag dul chun cinn ar chonair rathúil. Bhí sé ar cheann de na príomhearnálacha le linn an dara réabhlóid thionsclaíoch agus tháinig sé chun bheith ina cheannaire domhanda agus ina spreagadh do phoist agus don fhás eacnamaíoch.

2.2

Sa lá atá inniu ann, tá tionscal na mótarfheithiclí agus a shlabhra soláthair ollmhór fós ina bpríomhláidreacht de chreatlach thionsclaíoch na hEorpa. Tá tionscal na mótarfheithiclí i gcroílár an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais freisin. Fostaíonn an earnáil 3,5 milliún duine (breis agus 11 % d’fhostaíocht déantúsaíochta na hEorpa), lena n-áirítear 2,4 milliún i dtáirgeadh gluaisteán agus i soláthróirí mótarfheithiclí, agus an chuid eile in earnálacha eile amhail ceimiceáin agus teicstílí. Tá éiceachóras ollmhór iartheachtach nasctha le táirgeadh mótarfheithiclí ina bhfostaítear 4,5 milliún duine i gcothabháil, deisiúcháin, gnólachtaí díoltóireachta, stáisiúin seirbhíse, agus tástáil ródacmhainneachta. Tá déine T&F thar a bheith ard ag an earnáil toisc go gcaitheann sí 15 % dá holl-bhreisluach (OBL) ar T&F — is é sin 32 % den chaiteachas iomlán ar thaighde agus forbairt san Aontas — agus bhí barrachas suntasach trádála EUR 89.3 billiún aici in 2024. Ach tá ré shuaiteach roimh thionscal na mótarfheithiclí, a bhfuil claochlú mór ag teacht air. Tá an tIarthar tar éis ‘buaicphointe díolachán mótarfheithiclí’ a bhaint amach agus, an tráth céanna, glacann iontrálaithe nua (ó réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, ó na Stáit Aontaithe agus ón earnáil TF) sciar den mhargadh ó ghníomhaithe seanbhunaithe. Tá méadú ag teacht ar an teannas geopholaitiúil, rud atá ag cur isteach ar shlabhraí soláthair agus ar thrádáil idirnáisiúnta. Tá teicneolaíocht feithiclí ag athrú ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus tá samhlacha gnó digiteacha ag cur isteach ar an margadh iardhíola.

Beidh ceithre mheigithreocht ann a mhúnlóidh todhchaí an tionscail:

(a)

Ó dhomhandú go réigiúnú: tá moill ag teacht ar an treocht níos leithne i dtreo an domhandaithe ó na scórtha de bhlianta roimhe seo mar gheall ar theannas geopholaitiúil, bearta cosantacha, agus giorrú na slabhraí soláthair, agus is í an tSín atá ag teacht chun cinn mar inneall fáis le haghaidh feithiclí leictreacha agus ceallraí. Mar gheall ar na forbairtí sin, tá na straitéisí domhandaithe níos casta agus cruthaítear timpeallacht atá níos fabhraí do threocht i dtreo táirgí de chineál ‘táirgeadh áitiúil do riachtanais áitiúla’.

(b)

Ón intleacht dhaonna go dtí an intleacht shaorga: tá an líon ACCTanna (ardchórais cúnta tiománaí) ag dul i méid agus tá sé sin dár dtabhairt ar aistear i dtreo gluaisteáin féintiomána ar éileamh. Tacófar leis an treocht sin le teicneolaíocht na hintleachta saorga

(c)

Ó chrua-earraí go bogearraí: is mó a thógfar gluaisteáin bunaithe ar ardáin bogearraí, agus is dócha gurb iad na critéir cheannaigh is mó a bheidh ann amach anseo gnéithe atá cumasaithe le bogearraí. Áirítear leis sin freisin digitiú an mhargaidh iardhíola (an chaoi a n-eagraítear é agus an chaoi a ndéantar gluaisteáin a chothabháil).

(d)

Ó innill dóchain inmheánaigh go dtí na feithiclí leictreacha. Tá athruithe struchtúracha ar feadh an tslabhra luacha mar thoradh ar sciar méadaitheach na bhfeithiclí leictreacha, lena n-áirítear comhtháthú sa chóras fuinnimh.

2.3.

Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, thug an Coimisiún Eorpach isteach Plean Gníomhaíochta Tionsclaíoch um an tionscal gluaisteán Eorpach an 5 Márta 2025. Cuireann an plean le tionscnaimh amhail an Chonair um an Aistriú Soghluaisteachta agus tuarascáil Draghi tá sé bunaithe ar thoradh an Idirphlé Straitéisigh maidir le Todhchaí Thionscal Mótarfheithiclí na hEorpa.

Plean gníomhaíochta an-chuimsitheach atá ann agus tá 41 ghníomhaíocht ann. Ós rud é gur fógraí agus rúin iad go leor de na hionstraimí atá beartaithe, beidh gá le tiomantas láidir ó chinnteoirí agus ó pháirtithe leasmhara ar gach leibhéal chun é a chur chun feidhme, agus beidh an chaoi a n-oiriúnaíonn an tionscal do thimpeallacht na mótarfheithiclí atá ag athrú go tapa ríthábhachtach freisin.

3.   Digitiú: an bealach go dtí an chéad pharaidím mótarfheithiclí eile

3.1.

Tá an earnáil mótarfheithiclí ag aistriú ó chrua-earraí go bogearraí, agus ó mheicnic go leictreonaic. Tá méadú ag teacht ar an tábhacht a bhaineann le sonraí agus leis an nuálaíocht shonraíbhunaithe, agus is féidir tairbhí suntasacha (éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht) a ghiniúint leo: uathoibriú na tiomána, éifeachtúlacht mhéadaithe na lóistíochta agus an tslabhra luacha ina iomláine, optamú próiseas (táirgthe), cothabháil thuarthach le leathchúplaí digiteacha, agus digitiú an phróisis deiridh ré. Mar thoradh air sin, tá méadú ag teacht ar líon na gcuideachtaí digiteacha agus teicneolaíochta a mheallann éiceachóras na soghluaisteachta. Ach chomh maith leis sin, tá sé dúshlánach do mhonaróirí traidisiúnta mótarfheithiclí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíocht bogearraí mótarfheithiclí, rud atá ag athmhúnlú an tionscail agus arb é a bheidh mar thoradh air sa deireadh go gcuirfear chun úsáide feithiclí nasctha agus uathrialaitheacha atá cumhachtaithe ag an intleacht shaorga.

3.2.

Cé go bhfuil tionscal mótarfheithiclí na hEorpa ar thús cadhnaíochta i dtéarmaí T&F foriomlán, tá sé chun deiridh maidir le taighde agus forbairt in TFC. Tá ganntanas gníomhaithe digiteacha móra ag an Aontas (i gcomparáid leis na Stát Aontaithe) agus tá ganntanas iontrálaithe nua sa tionscal (i gcomparáid leis an tSín). Tá tionchar aige sin ar sheasamh ceannaireachta an Aontais sa tionscal.

3.3.

Ba cheart an claochlú digiteach a bheith ina bhuntáiste iomaíoch do thionscal mótarfheithiclí na hEorpa. Chun an bhearna atá ann faoi láthair maidir le taighde agus forbairt in TFC a laghdú agus chun leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht a bhaineann le soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe, ba cheart don Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh:

treochláir agus cláir infheistíochta a fhorbairt chun spreagadh a thabhairt don chás gnó maidir leis an tionscal a aistriú ó fheithiclí ina bhfuil gnéithe cúnta tiománaí go feithiclí atá nasctha agus uathoibrithe go hiomlán;

comhar tionsclaíoch a eagrú (amhail an Chomhghuaillíocht Eorpach um Fheithiclí Nasctha agus Uathrialaitheacha atá beartaithe) ar fud an éiceachórais (lena n-áirítear an earnáil iartheachtach) ionas go mbeidh sé i gcomhréir le hardáin ríomhaireachta, réitigh intleachta saorga, caighdeáin agus bogearraí foinse oscailte coiteanna agus chun na nithe sin a fhorbairt, chun an spleáchas ar mhórchuideachtaí teicneolaíochta a laghdú agus chun ilroinnt chostasach a sheachaint;

dálaí fabhracha éilimh a chruthú le haghaidh feithiclí nasctha agus uathoibrithe. Cé go gcruthaíonn feithiclí nasctha agus uathoibrithe luach d’úsáideoirí deiridh (nascacht rianúil, cothabháil thuarthach, nuashonruithe uathoibríocha, timpistí nialasacha, faisnéis shiamsúil), tá easpa glactha ag tomhaltóirí maidir le hábhair imní sábháilteachta, iontaofacht bogearraí agus an praghas atá ar ghnéithe feithiclí nasctha agus uathoibrithe;

creat rialála (comhchuibhithe) a bhunú chun tacaíocht rialála a chur ar fáil chun feithiclí atá nasctha agus uathoibrithe a thástáil ar mórscála; chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú ar mhaithe leis na cuideachtaí, na tomhaltóirí agus an tsochaí (e.g. dliteanas a shainiú i gcás timpistí); agus chun tacú le húsáid na bhfeithiclí nasctha agus uathoibrithe a chur chun cinn;

measúnú a dhéanamh ar an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch níos leithne ar chóras soghluaisteachta feithiclí nasctha agus uathoibrithe agus ar choincheapa nua soghluaisteachta (soghluaisteacht ar éileamh, soghluaisteacht mar sheirbhís, comhtháthú an ghluaisteáin san eangach, iompar comhchoiteann agus príobháideach a chomhtháthú); samhlacha gnó malartacha a chur chun cinn amhail comharchumainn ardán le haghaidh seirbhísí soghluaisteachta uirbí;

aird chuí a thabhairt ar thionchar na dteicneolaíochtaí digiteacha ar phróisis táirgthe agus eagrú na hoibre;

bonneagair dhigiteacha chriticiúla a fhorbairt/a chur chun úsáide a thuilleadh lena ndéanfar sonraí agus faisnéis fíor-ama agus ardcháilíochta a mhalartú le feithiclí chun leibhéil níos airde uathoibrithe, sábháilteachta agus éifeachtúlachta a chumasú;

cur chuige comhchuibhithe agus amlíne shoiléir a fhorbairt maidir le cineálcheadú feithiclí uathrialaitheacha;

dlús a chur le reachtaíocht shonrach lena n-osclófar rochtain ar shonraí infheithicle ar bhealach cothrom, slán agus éifeachtach do gach gníomhaí in éiceachóras na mótarfheithiclí (Gníomh um Shonraí Mótarfheithiclí);

infheistíocht a dhéanamh sa simpliú gan ceannródaíocht an Aontais a ghéilleadh i dtaca leis an inbhuanaitheacht.

4.   Teacht chun cinn na soghluaisteachta glaine

4.1.

In 2023, feithiclí leictreacha a bhí in 22,3 % d’fheithiclí nua a cláraíodh san Eoraip (14,6 % ina bhfeithiclí ceallra-leictreacha, 7,7 % ina bhfeithiclí hibrideacha inluchtaithe). I measc na bpríomhdhúshlán tá an praghas atá níos airde i dtéarmaí coibhneasta le haghaidh feithiclí leictreacha, an easpa acmhainneachta eangaí, brabúsacht íseal feithiclí ceallra-leictreacha, éiginnteacht maidir le hindeisitheacht feithiclí leictreacha, luach iarmharach íseal feithiclí leictreacha (mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíochta tapa), agus leathadh míchothrom an bhonneagair luchtaithe. Tá monaróirí agus soláthróirí buntrealaimh na hEorpa ag brath go mór freisin ar theicneolaíocht feithiclí hibrideacha inluchtaithe, ar teicneolaíocht idirthréimhseach í a bhfuil ionchais fhadtéarmacha níos laige aici i gcomparáid le feithiclí ceallra-leictreacha.

4.2.

Dar le CESE, ní mór don Aontas feabhas a chur ar an aistriú i dtreo na soghluaisteachta glaine tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Aghaidh a thabhairt ar an drogall atá ar thomhaltóirí tríd an bpréimh ghlas ar fheithiclí leictreacha a laghdú trí bhíthin dreasachtaí airgeadais agus neamhairgeadais araon, agus deimhneacht dhlíthiúil agus ráthaíochtaí dlíthiúla á dtairiscint ag an am céanna.

Cur chuige aontaithe a chruthú i leith na leictrea-shoghluaisteachta chun aghaidh a thabhairt ar an deighilt atá ag dul i méid idir margaí atá ag gluaiseacht go tapa agus margaí atá ag titim ar gcúl. Má dhéantar na dreasachtaí éilimh a chomhordú, ba cheart gur shoiléire don earnáil cén t-éileamh a bheidh ann amach anseo.

Deighilt a sheachaint idir na saoránaigh sin a bhfuil sé d’acmhainn acu gluaisteán leictreach a thiomáint/a shealbhú agus iad siúd a mbeidh orthu cloí le hinneall dócháin inmheánaigh atá ag dul in aois agus a ngearrfar pionós agus cáin níos mó air. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt air sin trí úsáid a bhaint as an ioncam ón gCiste Aeráide Sóisialta agus as córas trádála astaíochtaí nua an Aontais (CTA2) chun scéimeanna léasaithe shóisialta a fhorbairt.

Réiteach eile is ea ardán um fheithiclí leictreacha inacmhainne de chuid an Aontais a fhorbairt chun an t-éileamh ar fheithiclí leictreacha beaga de dhéantús an Aontais a chomhiomlánú.

Infheistíocht ollmhór a dhéanamh i mbonneagar luchtaithe. Leis an gcéad Phlean Infheistíochta um Iompar Inbhuanaithe eile, ba cheart gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun an maoiniú le haghaidh bonneagar luchtaithe a uas-scálú. Le cur chun feidhme tapa an Rialacháin maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, ní mór an uaillmhian a bhaint amach maidir le stáisiúin mhearluchtaithe a shuiteáil do thrucailí gach 60 km feadh phríomhchonairí iompair an Aontais.

Trí fhlíteanna corparáideacha a dhícharbónú, tugtar deis mhear chun dlús a chur le glacadh feithiclí leictreacha, ós rud é gur feithiclí leictreacha atá i 60 % de na gluaisteáin nua a chláraítear san Eoraip.

Córais phraghsála atá cothrom, trédhearcach agus léirithe go soiléir a fhorbairt do stáisiúin athluchtaithe phoiblí agus a n-idir-inoibritheacht a fheabhsú ag an am céanna.

Bonneagar eangaí (eangacha cliste) a threisiú agus a dhigitiú chun maolú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann leis an lód méadaitheach ó athluchtú feithiclí leictreacha atá iomarcach don bhonneagar fuinnimh atá ann cheana, lena n-áirítear teicneolaíochtaí athluchtaithe chliste (V1G) agus teicneolaíochtaí ‘ó fheithicil go heangach’ (V2G).

An geilleagar ciorclach a fhorbairt mar cholún lárnach den aistriú mótarfheithiclí. Áirítear leis sin feithiclí agus comhpháirteanna a dhearadh lena n-athúsáid, lena ndeisiú agus lena n-athchúrsáil (éicidhearthóireacht), an lúb éiceolaíoch a dhúnadh (athchúrsáil) agus measúnú saolré (MSR) a phríomhshruthú i scéimeanna soláthair phoiblí agus dreasachta.

Cuidiú le tomhaltóirí cinntí eolasacha a dhéanamh, e.g. trí éiceaphas gluaisteáin nó innéacs indeisitheachta a thabhairt isteach le haghaidh gluaisteán, agus an ‘ceart chun deisiúcháin’ a aithint.

Measúnú saolré iomlán a dhéanamh ar thionchar comhshaoil feithiclí leictreacha agus na bpróiseas tionsclaíoch atá nasctha lena dtáirgeadh, chun a áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna dícharbónaithe gan dochar níos mó a dhéanamh don chomhshaol áiteanna eile sa slabhra luacha, lena n-áirítear lasmuigh den Aontas.

Sócmhainní tréigthe a sheachaint (lena n-áirítear caipiteal daonna agus cumais theicneolaíocha) trí chláir a fhorbairt (lena n-áirítear tacaíocht a chur ar fáil do cheannach thar barr amach ag oibrithe) le haghaidh an aistrithe chuig teicneolaíochtaí glana an iliomad soláthróirí atá ag brath ar oibríochtaí atá dírithe ar innill dócháin inmheánaigh, go háirithe i réigiúin atá leochaileach ó thaobh an gheilleagair de.

5.   Aghaidh a thabhairt ar aistriú an lucht saothair

5.1.

Beidh tionchar mór ag claochlú na bpróiseas táirgthe agus na slabhraí soláthair ar struchtúr fostaíochta thionscal na mótarfheithiclí. Tá an baol ann go gcruthóidh an claochlú dífhostaíocht i réigiúin an tionscail mótarfheithiclí, agus go ndéanfar na FBManna ar cuid de shlabhra soláthair na n-inneall dóchain inmheánaigh iad a chur as gnó. Go deimhin, níl feithiclí ceallra-leictreacha chomh dian céanna ar shaothar toisc go bhfuil níos lú comhpháirteanna acu ná feithiclí innill dócháin inmheánaigh. De bhreis air sin, tá an t-éileamh ar ghluisteáin ag éirí marbhánta. Dá bhrí sin, tiocfaidh laghdú ar an éileamh ar oibrithe miotail agus innealra. In 2024, chláraigh an Fhaireachlann Eorpach um Athstruchtúrú de chuid Eurofound 104 fhógra athstruchtúrúcháin a dhéanann difear do 94 597 n-oibrí (a raibh 35 000 díobh in VW).

5.2.

Ag an am céanna, tá easpa lucht saothair a bhfuil scileanna digiteacha acu ann ar gach leibhéal de thionscal na mótarfheithiclí.

Mar sin féin, cruthófar poist nua i slabhra luacha na leictrea-shoghluaisteachta (leictreonaic, ceallraí, eangacha, seirbhísí soghluaisteachta, teicneolaíochtaí digiteacha, an intleacht shaorga) ach is dócha go gcruthófar iad in áit eile, ag am eile agus le haghaidh tacair scileanna atá go hiomlán difriúil.

5.3.

Chun nach bhfágfar go leor oibrithe ar lár agus chun claochlú thionscal na mótarfheithiclí a chumasú, tá gá le pleananna tacaíochta spriocdhírithe ar mórscála chun cabhrú le hoibrithe iad féin a chur in oiriúint do na teicneolaíochtaí nua agus chun aistriú rianúil ó phost go post a áirithiú do gach oibrí a ndéantar difear dó. Tá sé sin ríthábhachtach freisin chun teannas sóisialta a sheachaint agus chun cobhsaíocht pholaitiúil a choinneáil.

5.4.

Chun an lucht saothair a ullmhú le haghaidh chlaochlú glas agus digiteach na hearnála, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach an méid seo a leanas a dhéanamh:

athruithe a thuar agus a bhainistiú go tráthúil (e.g. tríd an bhFaireachlann Eorpach um Aistriú Cóir atá beartaithe agus na hathruithe ar CED);

cláir athscilithe agus uas-scilithe trasearnála uile-Aontais a bhunú agus béim ar leith á leagan ar réigiúin atá ag brath go mór ar thionscal na mótarfheithiclí (tríd an gCiste Aeráide Sóisialta, tionscnamh de chineál an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta le haghaidh ceallraí, nó Ciste um Aistriú Cóir 2.0 don tionscal mótarfheithiclí). Méadófar éifeachtúlacht na gclár oiliúna trí dhea-chomhordú na n-iarrachtaí athscilithe uile ar fud shlabhra soláthair na mótarfheithiclí, comhar le tionscail eile agus na margaí saothair náisiúnta éagsúla. Tá gá le hobair leantach a dhéanamh ar thionscnaimh amhail DRIVES, an Comhaontas Scileanna in Earnáil na Mótarfheithiclí agus Aontas na Scileanna a fógraíodh le déanaí chun tacú le forbairt ghairmiúil leanúnach;

aghaidh a thabhairt ar an nganntanas oibrithe a bhfuil scileanna digiteacha oiriúnacha acu (agus béim ar leith á leagan ar mhíchothromaíochtaí inscne) trí, mar shampla, sineirgí níos fearr a fhorbairt idir an tionscal agus ollscoileanna teicniúla, oideachas/oiliúint a bhaineann le ETIM a chur chun cinn, scéimeanna oiliúna san obair a leathnú agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn;

aird ar leith a thabhairt ar an iliomad FBManna neamhspleácha sna hearnálacha iartheachtacha trí uirlisí oiliúna atá cothrom le dáta a chur ar fáil agus trí thacú le córais phrintíseachta, ina bhfuil traidisiún fada ag an earnáil;

pas scileanna AE a fhorbairt agus scéimeanna deimhniúcháin an Aontais a chomhchuibhiú (lena n-áirítear micridhintiúir agus inniúlachtaí a fuarthas go neamhfhoirmiúil) chun a áirithiú go ndéanfar scileanna a dhoiciméadú agus a aistriú go cuí laistigh den Aontas;

idirphlé sóisialta fóinteach agus faisnéis/comhairliúchán tráthúil a bhunú ar gach leibhéal chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe agus chun teacht ar réitigh chuiditheacha;

aghaidh a thabhairt ar an ngné réigiúnach trí na páirtithe leasmhara uile a shlógadh ar bhealach comhordaithe (na comhpháirtithe sóisialta, institiúidí taighde, gníomhaireachtaí forbartha réigiúnaí, soláthraithe oiliúna, braislí mótarfheithiclí, srl.);

aghaidh a thabhairt ar rioscaí nua sláinte agus sábháilteachta ag an obair mar gheall ar ghuaiseacha leictreacha agus truailleáin nua;

Ciste SURE 2.0 a chruthú chun tacú le scéimeanna scoir shealadaigh chun oibrithe a choinneáil ar bord le linn tréimhsí neamhfhónaimh.

6.   Iomaíochas

Tá dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo roimh thionscal mótarfheithiclí an Aontais maidir lena iomaíochas. Tá monaróirí buntrealaimh Eorpacha ag brath le fada ar an tSín mar inneall fáis, ach tá laghdú tagtha ar onnmhairí chuig an tSín agus tá méadú ag teacht ar allmhairí ón tSín (lena n-áirítear allmhairí ó tháirgeoirí gluisteán an Oirthir atá lonnaithe sa tSín). Roimh an Aontas anois, tá easnamh i gcomhordú na trádála atá ag dul i méid go tapa maidir le páirteanna agus comhpháirteanna. Tá na taraifí a d’fhorchuir Trump ag cur i mbaol onnmhairí Eorpacha de 750 000 gluaisteán chuig na Stáit Aontaithe. Baineann tionscal mótarfheithiclí na Stát Aontaithe tairbhe freisin as príomhchuideachtaí teicneolaíochta a spreagann dul chun cinn san intleacht shaorga, sa tiomáint uathrialaitheach agus sa nascacht. Thairis sin, bhí déantóirí gluaisteán na hEorpa níos moille ná formhór iomaitheoirí na Síne maidir le haistriú chuig teicneolaíochtaí feithiclí leictreacha, agus tá an tSeapáin agus an Chóiré Theas chun tosaigh cheana féin i réimse na teicneolaíochta ceallraí.

Ar deireadh, tá éiceachóras mótarfheithiclí na hEorpa fós ag brath go mór ar thríú tíortha le haghaidh comhpháirteanna agus teicneolaíochtaí bunriachtanacha amhail ceallraí, leathsheoltóirí, tearc-chré agus bonneagar digiteach criticiúil.

6.1.

Chun iomaíochas thionscal mótarfheithiclí na hEorpa a athbhunú, beidh sé tábhachtach gníomhaíochtaí a fhorbairt maidir leis an méid seo a leanas:

aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála trí úsáid láidir réamhghníomhach a bhaint as ionstraimí cosanta trádála. Tá gá freisin le seiceálacha níos déine ar allmhairí comhpháirteanna mótarfheithiclí chun a mheas an gcomhlíonann siad caighdeáin Eorpacha amhail REACH (an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán);

éiceachórais thionsclaíocha réigiúnacha a neartú le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí (e.g. ceallraí, sliseanna, bogearraí, an intleacht shaorga);

úsáid a bhaint as ionstraimí amhail Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne, an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus an Banc Eorpach Infheistíochta chun tacú le hinfheistíochtaí mórscála uile-Eorpacha i nuálaíocht mótarfheithiclí agus i gcur chun úsáide tionsclaíoch;

an beartas iomaíochta a athchóiriú chun comhghuaillíochtaí agus cumaisc straitéiseacha a cheadú, ar comhghuaillíochtaí agus cumaisc iad lena gcruthófar gníomhaithe Eorpacha ar scála leordhóthanach chun dul san iomaíocht ar fud an domhain, go háirithe i dteicneolaíochtaí digiteacha agus glasa mótarfheithiclí;

onnmhairí a chur chun cinn. Ní mór comhaontuithe trádála nua a thabhairt i gcrích, agus ní mór dlús a chur leis an gcaibidlíocht atá ann cheana, lena n-áirítear an comhaontú idir an tAontas agus Mercosur a dhaingniú (agus caibidlí láidre inbhuanaitheachta mar chuid de);

an bhearna chostais leis an tSín a laghdú trí ardáin chaighdeánaithe crua-earraí agus bogearraí agus pacáistí ceallraí atá caighdeánaithe go mór a úsáid, chomh maith le costais fuinnimh a chur i gcomhréir lenár bpríomhiomaitheoirí;

trí infheistíocht dhíreach choigríche a mhealladh, is féidir rannchuidiú le héiceachóras na mótarfheithiclí a neartú. Mar sin féin, ní mór na hinfheistíochtaí sin a bheith faoi choinníoll aistriú teicneolaíochta, comhtháthú i slabhraí luacha áitiúla, agus cruthú T&F nó ionad dearthóireachta;

feabhas a chur ar an éifeachtúlacht agus an simpliú riaracháin, agus aird ar leith a thabhairt ar na FBManna. Agaí tionscanta a chur ar fáil le haghaidh rialacháin nua atá i gcomhréir le timthriall táirgí gluaisteán nua. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar chomhordú rialála laistigh den Aontas ós rud é go bhfuil neamhéifeachtúlachtaí agus rialachas níos casta mar thoradh ar chastacht phróisis chinnteoireachta an Aontais;

tacú le straitéisí chun poist san earnáil a chur ar bun sa bhaile an athuair agus le straitéisí um chomharbhunú le haghaidh slabhraí soláthair criticiúla, e.g. trí bheartas cuimsitheach maidir le hábhar áitiúil a fhorbairt don earnáil mótarfheithiclí agus dá comhpháirteanna straitéiseacha. Le creat na rialacha tionscnaimh, cuirtear ionstraim láidir ar fáil lena húsáid ní hamháin sna beartais trádála ach freisin sa soláthar poiblí, i scéimeanna dreasachta (léasú sóisialta), agus sa scagadh a dhéantar ar infheistíocht dhíreach choigríche (IDC). Ba cheart go bhfágfadh na rialacha maidir le hábhair logánta nárbh fhéidir dul timpeall ar tharaifí trí mhonarchana a chur ar bun nach ndéantar iontu ach comhpháirteanna a cruthaíodh cheana féin a chur le chéile.

An Bhruiséil, an 16 Iúil 2025.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5158/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top