This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XC05018
Notice of the impending expiry of certain anti-subsidy measures
Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frith-fhóirdheontais áirithe
Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frith-fhóirdheontais áirithe
C/2025/6195
IO C, C/2025/5018, 16.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5018/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5018 |
16.9.2025 |
Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frith-fhóirdheontais áirithe
(C/2025/5018)
1. Mar a fhoráiltear in Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithchúitimh a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.
2. Nós imeachta
Féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú éaga. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar den fhóirdheonú agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí an Aontais a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis na hábhair a leagtar amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó cur leis na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.
3. Teorainn ama
Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach ag an seoladh seo: European Commission, Directorate-General for Trade (Unit G-1), CHAR 4/39, 1049 an Bhruiséil (2) tráth ar bith tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.
4. Foilsítear an fógra seo i gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2016/1037.
|
Táirge |
Tír/tíortha tionscnaimh nó tír/tíortha is onnmhaireoir(í) |
Bearta |
Tagairt |
Dáta éaga (3) |
|
Breac dea-dhathach áirithe |
An Tuirc |
Dleacht frithchúitimh |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 183, 25.5.2021, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/823/oj) |
26.5.2026 |
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1037/oj.
(2) TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu.
(3) Rachaidh an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5018/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)