Choisissez les fonctionnalités expérimentales que vous souhaitez essayer

Ce document est extrait du site web EUR-Lex

Document 52025XC05009

Foilsiú iarratais ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint in earnáil an fhíona de bhun Airteagal 97(3) i gcomhar le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/5972

IO C, C/2025/5009, 12.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5009/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5009/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5009

12.9.2025

Foilsiú iarratais ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint in earnáil an fhíona de bhun Airteagal 97(3) i gcomhar le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(C/2025/5009)

Laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

IARRATAS AR LEASÚ AR LEIBHÉAL AN AONTAIS AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

‘Mátra/Mátrai’

PDO-HU-A1368-AM03

Dáta an iarratais: 15.2.2020

1.   Iarratasóir agus leas dlisteanach

Mátrai Borvidék Hegyközségi Tanácsa

(Comhairle Phobail Fíona Réigiún Fíona Mátra)

2.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge dá ndéanann an leasú (nó na leasuithe) difear

Ainm an táirge

Catagóir an táirge fíniúna

Nasc

Srianta margaíochta

3.   Tuairisc agus cúiseanna leis an leasú

1.   Catagóir nua táirge fíniúna, fíon leathshúilíneach aeraithe, a áireamh sa tsonraíocht táirge

(a)

Ceannteidil sa tsonraíocht táirge a ndéantar difear dóibh:

II. Tuairisc ar na fíonta

III. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

V. Uastáirgeacht

VI. Cineálacha fíniúna atá ceadaithe

VII. Nasc leis an limistéar geografach

VIII. Coinníollacha breise

(b)

Na ranna den doiciméad aonair a ndéantar difear dóibh:

Catagóirí an táirge fíniúna

Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

Cleachtais fhíoneolaíocha

Nasc leis an limistéar geografach

Coinníollacha breise

(c)

Réasúnú:

Tá toighis tomhaltóirí tar éis éileamh méadaithe a chruthú ar fhíonta úra carbónáitithe. Tá airíonna an limistéir táirgeachta, struchtúr an chineáil agus cleachtais fíonsaothrúcháin réigiún fíona Mátra an-fhabhrach do tháirgeadh na gcineálacha fíona sin lena ngabhann saintréithe an chineáil den chuid is mó, ach, freisin, ag a bhfuil aigéadacht úr, chothromaithe agus torthaíocht atá ina saintréith de chuid an limistéir táirgeachta. Dá bhrí sin, cuireann fíonta leathshúilíneacha aeraithe le héagsúlacht an réigiúin fíona agus le leathnú a fhíonghort de réir a chéile agus le fás an mhargaidh ina dhiaidh sin.

2.   Leasú agus géarú na rialacha maidir le táirgeadh an táirge lasmuigh den limistéar táirgeachta críochaithe

(a)

Ceannteidil sa tsonraíocht táirge a ndéantar difear dóibh:

VIII. Coinníollacha breise

(b)

Na ranna den doiciméad aonair a ndéantar difear dóibh:

Coinníollacha breise

(c)

Réasúnú:

Is é is cuspóir don leasú táirgeadh an ATFC ‘Mátra’ a shrianadh do réigiún fíona Mátra ó bhliain fíona 2019/2020 ar aghaidh d’fhonn an t-ainmnúchán tionscnaimh a neartú.

Faoi na rialacha atá ann faoi láthair, féadfar fíonchaora a onnmhairiú ó réigiún fíona Mátra chuig na limistéir shainithe chun fíon an ATFC ‘Mátra’ a tháirgeadh. Fágann sé sin go bhfuil na rialacha, an faireachán agus an dearcadh sóisialta i leith an chaighdeáin beagáinín níos scaoilte. Ós rud é gur féidir le haon duine fíonta an ATFC ‘Mátra’ a tháirgeadh ina siléir féin, níor tháinig infheisteoirí ‘seachtracha’ chuig an réigiún fíona. Mar thoradh air sin, níor cruthaíodh aon fhíonlann nua.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

‘Mátra/Mátrai’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC — Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

9.

Fíon leathshúilíneach aeraithe

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR

2204 — Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

1.   Fíon – geal

Bíonn dath glas éadrom, idir dath buí éadrom na tuí agus dath buí domhain na tuí ar na fíonta geala.

Is iad torthaí citris agus clochthorthaí is mó a bhíonn le brath ar an gcumhracht a bhaineann leo, gan dea-bholaithe bairille darach i gceist.

Ó thaobh blais de, chomh maith le haigéid éadroma agus le halcól, bíonn torthaí cloiche úra ceannasach, agus iad cumaiscthe go minic le blasanna citris.

Comhfhreagraíonn an neart alcóil iomlán uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 9,5

Aigéadacht iomlán íosta: 4 g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

2.   Fíon – Rosé:

Bíonn dath bándearg éadrom, idir bándearg agus dath corcairghorm éadrom ar na fíonta rosé.

Is iad caora dearga, gan bolaithe bairille i gceist, is mó a bhíonn le brath ar an gcumhracht óg a bhaineann leo.

Is fíonta tathagacha éadroma iad, agus is caora dearga is mó a bhíonn le brath ar a mblas chomh maith le haigéid bheoga.

Comhfhreagraíonn an neart alcóil iomlán uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 9,5

Aigéadacht iomlán íosta: 4 g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

3.   Fíon – Dearg

Bíonn dath an rúibín, idir domhain agus an-dorcha, ar na fíonta dearga.

Bíonn caora dearga, blasanna caora dubha agus spíosraí séimhe milse le brath ar a gcumhracht, gan dea-bholadh darach ceannasach i gceist.

Is saintréithe dá gcuid iad aigéid mheasartha, uigeacht mhín, tathag meánach agus alcól.

Comhfhreagraíonn an neart alcóil iomlán uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 9,5

Aigéadacht iomlán íosta: 4 g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 20

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

4.   Fíon – Muskotály [Muscat]

Bíonn dath idir buí éadrom agus buí domhain na tuí ar na fíonta Muscat.

Is blasanna aramatacha cumhra is mó a bhíonn le brath ar an gcumhracht (bláth agus cumhracht na fíniúna) a bhaineann leo mar aon le toin chitris.

Chomh maith le haigéid mheasartha (ceadaítear roinnt siúcra iarmharach fiú), is iad blasanna citris, cumhráin agus bláthanna fíniúna is mó a bhíonn le brath ar a mblas.

Comhfhreagraíonn an neart alcóil iomlán uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 9,5

Aigéadacht iomlán íosta: 4 g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

5.   Fíon – ‘Késői szüretelésű’ [Buaint dhéanach]

Bíonn dath órga ar na fíonta a bhuaintear go déanach, agus bíonn cumhracht chasta, uigeacht láidir, olúil, blasanna agus dea-bholaithe saibhre, blasanna a dhíorthaítear ó aosú i mbairillí adhmaid nó i mbuidéil, braistint aigéadach agus neart alcóil taitneamhach i gceist leo, agus is minic a bhíonn méid siúcra iarmharaigh iontu.

Comhfhreagraíonn an neart alcóil iomlán uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 9

Aigéadacht iomlán íosta: 4 g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

6.   Fíon - Siller

Bíonn dath idir dearg éadrom agus dearg dian ar fhíonta Siller, ar a mbíonn cumhracht silíní nó silíní searbha, mar aon le braistint éadrom bhríomhar aigéid, carachtar cineálach, agus cumhracht agus blas nach ngabhann aon rian d’aosú i mbairillí leis.

Comhfhreagraíonn an neart alcóil iomlán uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 9,5

Aigéadacht iomlán íosta: 4 g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

7.   Fíon – ‘Superior fehér’ [fíon geal Superior]

Bíonn dath glasbhán nó glasbhuí, mar aon le toin líomóide dhoimhne, ar na fíonta geala Superior.

Bíonn blasanna clochthorthaí aibí agus rianta mianraí le brath ar gcumhracht a bhaineann leo.

Bíonn an blas tirim nó leath-thirim, agus blasanna de chlochthorthaí aibí agus roinnt mianrachta orthu. Tathag agus neart alcóil meánach, mar aon le hiarbhlas fada, is mó a bhaineann lena struchtúr.

Comhfhreagraíonn an neart alcóil iomlán uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 12

Aigéadacht iomlán íosta: 5 g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 13,33

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

8.   Fíon – ‘Superior vörös’ [fíon dearg Superior]

Bíonn dath na bhfíonta dearga Superior sa raon ó dhath dearg an ghairnéid go dtí imir dhomhain an rúibín.

Bíonn blasanna caor dearg agus dubh, luibheanna, chomh maith le spíosraí milse a leanann as aosú le brath ar an gcumracht a bhaineann leo. Saintréith den dea-bholadh is ea blasanna silíní, silíní searbha, sútha craobh, cuiríní dearga, cainéil, fanaile, seacláide agus tobac.

Bíonn blas torthaíoch cumhachtach caor dearg agus caor dubh aibí i gceist leo. Is saintréithe dá gcuid iad aigéid mheasartha, mhaolaitheacha agus tainniní measartha, maolaitheacha. Bíonn iarbhlas fada ag na fíonta, lena mbaineann ruainnín mianrachta go minic.

Comhfhreagraíonn an neart alcóil iomlán uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 12

Aigéadacht iomlán íosta: 5 g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 15

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

9.   Fíon leathshúilíneach aeraithe – geal

Bíonn dath na bhfíonta sa raon ó scothghlas geal go buí órga.

Bíonn blasanna torthaí citris agus torthaí glasa le brath ar an gcumhracht a bhaineann leo.

Tagann blasanna torthaí citris agus aigéad úr agus galánta chun cinn sa bhlas. Cuireann an dé-ocsaíd charbóin thuaslagtha atá curtha leis go mór le cumhráin agus le blasanna an fhíona.

Comhfhreagraíonn an neart alcóil iomlán uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 9,5

Aigéadacht iomlán íosta: 4 g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

10.   Fíon leathshúilíneach aeraithe – rosé

Bíonn dath na bhfíonta rosé sa raon dathanna ó dhath craicinn oinniúin éadroim go dearg éadrom.

Léiríonn a gcumhracht carachtar bríomhar, úr agus óg, mar aon le blasanna caor dearg go príomha.

Bíonn an blas bríomhar agus úr, agus is caora dearga is mó a bhíonn le brath air. Cuireann an dé-ocsaíd charbóin thuaslagtha atá curtha leis go mór le cumhráin agus le blasanna an fhíona.

Comhfhreagraíonn an neart alcóil iomlán uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 9,5

Aigéadacht iomlán íosta: 4 g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

11.   Fíon leathshúilíneach aeraithe – dearg

Bíonn dath na bhfíonta dearga sa raon ó dhath éadrom an rúibín go dath measartha domhain an rúibín.

Is caora dearga is mó a bhíonn le brath ar an gcumhracht a bhaineann leo mar aon le carachtar éadrom, óg.

Bíonn uigeacht mhín agus dea-bholaithe caor dearg i gceist leis na fíonta dearga sin. Mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin, cuirtear le cumhracht agus blasanna na bhfíonta.

Comhfhreagraíonn an neart alcóil iomlán uasta agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán uasta do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta:

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte): —

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte): 9,5

Aigéadacht iomlán íosta: 4 g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir): 20

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir): —

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.a.    Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Fíon geal

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

SAINORDAITHEACH:

ní mór na fíonchaora a phróiseáil laistigh de 24 huaire an chloig tar éis iad a bhuaint

glanadh an úrfhíona

2.   Fíon rosé

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

SAINORDAITHEACH:

ní mór na fíonchaora a phróiseáil laistigh de 24 huaire an chloig tar éis iad a bhuaint

ní fhéadfar fáscadh a dhéanamh ach amháin i bhfáisceáin bhaisce

glanadh an úrfhíona

3.   Fíon dearg

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

SAINORDAITHEACH:

déantar an fíon dearg a tháirgeadh trí choipeadh dhéanamh ar na craicne nó trí théamh

ní fhéadfar fáscadh a dhéanamh ach amháin i bhfáisceáin bhaisce

4.   Fíon Muskotály [Muscat]

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

SAINORDAITHEACH:

ní mór na fíonchaora a phróiseáil laistigh de 24 huaire an chloig tar éis iad a bhuaint

ní fhéadfar fáscadh a dhéanamh ach amháin i bhfáisceáin bhaisce

glanadh an úrfhíona

an riail maidir le cumasc: ní mór 85 % ar a laghad de chineálacha Cserszegi fűszeres, Irsai Olivér, Ottonel muskotály nó Sárga muskotály a bheith san fhíon

5.   Fíon Késői szüretelésű [Buaint dhéanach]

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

SAINORDAITHEACH:

ní mór na fíonchaora a phróiseáil laistigh de 24 huaire an chloig tar éis iad a bhuaint

ní fhéadfar fáscadh a dhéanamh ach amháin i bhfáisceáin bhaisce

glanadh an úrfhíona

d’fhéadfaí an fíon a chur i mbuidéil an 1 Márta ar a luaithe den bhliain tar éis na buainte

is gá an fíon a aosú mbuidéil ar feadh 3 mhí sula gcuirtear ar an margadh iad

6.   Siller

Srian ábhartha ar dhéanamh na bhfíonta

SAINORDAITHEACH:

ní mór na fíonchaora a phróiseáil laistigh de 24 huaire an chloig tar éis iad a bhuaint

ní fhéadfar fáscadh a dhéanamh ach amháin i bhfáisceáin bhaisce

7.   Fíon Superior fehér [fíon geal Superior] agus fíon Superior vörös [fíon dearg Superior]

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

SAINORDAITHEACH:

ní mór na fíonchaora a phróiseáil laistigh de 24 huaire an chloig tar éis iad a bhuaint

ní fhéadfar fáscadh a dhéanamh ach amháin i bhfáisceáin bhaisce

ní ceadmhach iad a chur ar an margadh níos luaithe ná an 1 Márta sa bhliain tar éis na buainte

ní mór an chainníocht iomlán a dheimhniú agus a bhuidéalú mar bhaisc aonair

8.   Cleachtais fhíoneolaíocha thoirmiscthe

Srian ábhartha ar dhéanamh na bhfíonta

I gcás fhíon Késői szüretelésű [Buaint dhéanach]:

TOIRMISCTHE: milsiú agus saibhriú

I gcás fíonta geala agus fíonta dearga Superior:

TOIRMISCTHE:

milsiú

saibhriú

aigéadú

dí-aigéadú

sliseanna darach a úsáid

cúlosmóis

9.   Fíon leathshúilíneach aeraithe

Srian ábhartha ar dhéanamh na bhfíonta

Geal:

SAINORDAITHEACH:

ní mór na fíonchaora a phróiseáil laistigh de 24 huaire an chloig tar éis iad a bhuaint

glanadh an úrfhíona

Rosé:

SAINORDAITHEACH:

ní mór na fíonchaora a phróiseáil laistigh de 24 huaire an chloig tar éis iad a bhuaint

ní fhéadfar fáscadh a dhéanamh ach amháin i bhfáisceáin bhaisce

glanadh an úrfhíona

Dearg:

SAINORDAITHEACH:

déantar an fíon dearg a tháirgeadh trí choipeadh a dhéanamh ar na craicne nó trí théamh

ní fhéadfar fáscadh a dhéanamh ach amháin i bhfáisceáin bhaisce

10.   Rialacha maidir le fíonsaothrú

Cleachtas saothraithe

1.

Modh saothraithe agus dlús plandaithe: Ní féidir ach fíonchaora de thionscnamh fíonghort ag a bhfuil caillteanas fíniúna 25 % nó níos lú a úsáid chun fíonta an ATFC ‘Mátra’ a tháirgeadh.

2.

Ualach bachlóg in aghaidh na fíniúna: Agus ualach na fíniúna á chinneadh, ní ceadmhach líon na mbachlóg éadrom beo atá fágtha ar gach fíniúin a bheith níos mó ná 16 in aghaidh an mhéadair chearnaigh, gan beann ar an modh saothraithe. Tá eisceacht ann i gcás fhíonta Mátra Superior, ar ina leith nach ceadmhach líon na mbachlóg éadrom beo atá fágtha ar gach fíniúin a bheith níos mó ná 12 in aghaidh an mhéadair chearnaigh.

3.

Rialacha maidir le fáschoillte a bunaíodh tar éis an 1 Eanáir 2012:

(a)

modh saothraithe:

(i)

Scáth

(ii)

Moser

(iii)

Cuirtín aonair

(iv)

Sylvoz

(v)

Tródam íseal agus meánairde

(b)

Dlús plandaithe: 3 530 fíniúin in aghaidh an heicteáir ar a laghad. Agus an t-achar idir sraitheanna agus idir fíniúnacha á chinneadh, seachas spásáil sraithe agus fíniúna chothrom, tá sé inghlactha sraitheanna dúbailte agus/nó fíniúnacha dúbailte a phlandáil.

(c)

achar idir sraitheanna: gan bheith níos lú ná 1,00 m, gan bheith níos mó ná 3,260 m

(d)

achar idir fíniúnacha: gan bheith níos lú ná 0,60 m, gan bheith níos mó ná 1,20 m I gcás fíniúnacha nasctha, is é an fachtóir cinntitheach an meánachar idir na fíniúnacha.

4.

I gcás fhíonta Mátra Superior, ní mór cainníocht na dtorthaí a laghdú ionas nach mó ná 1 kg in aghaidh na fíniúna í.

11.   Méid íosta siúcra na bhfíonchaor tráth na buainte

Cleachtas saothraithe

Socraíonn comhairle inniúil an phobail fíona an dáta ar a gcuirtear tús leis an mbuaint gach bliain. Foilsítear dáta na buainte i bhfoirm fógra a dhéanann na pobail fíona.

Méid íosta siúcra na bhfíonchaor

FÍON

Geal: 9,0 % de réir toirte (15 ° de réir ghrád úrfhíona na hUngáire)

Rosé: 9,0 % de réir toirte (15 ° de réir ghrád úrfhíona na hUngáire)

Dearg: 9,0 % de réir toirte (15 ° de réir ghrád úrfhíona na hUngáire)

Muskotály [Muscat]: 9,0 % de réir toirte (15 ° de réir ghrád úrfhíona na hUngáire)

Fíon Késői szüretelésű [Fíon buainte déanaí]: 12,08 % de réir toirte (19 ° de réir ghrád úrfhíona na hUngáire)

Siller: 9,0 % de réir toirte (15 ° de réir ghrád úrfhíona na hUngáire)

Superior fehér [fíon geal Superior]: 12,45 % de réir toirte (19,5 ° de réir ghrád úrfhíona na hUngáire)

Superior vörös [fíon dearg Superior]: 12,45 % de réir toirte (19,5 ° de réir ghrád úrfhíona na hUngáire)

FÍON LEATHSHÚILÍNEACH AERAITHE:

Geal: 9,0 % de réir toirte (15 ° de réir ghrád úrfhíona na hUngáire)

Rosé: 9,0 % de réir toirte (15 ° de réir ghrád úrfhíona na hUngáire)

Dearg: 9,0 % de réir toirte (15 ° de réir ghrád úrfhíona na hUngáire)

Modh buainte: de láimh nó go meicniúil (késői szüretelésű [buaint dhéanach], superior fehér [fíon geal Superior] agus vörös [fíon dearg Superior]: buaint de láimh amháin)

5.b.    Uastáirgeacht

1.   Fíon – Geal, rosé, dearg agus Siller – má chuirtear ainm an bhardais in iúl

100 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Fíon – Geal, rosé, dearg agus Siller – má chuirtear ainm an bhardais in iúl

14 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

3.   Fíon – Geal, rosé, dearg agus Siller – má chuirtear ainm an fhíonghoirt in iúl

56 heictilítear in aghaidh an heicteáir

4.   Fíon – Geal, rosé, dearg agus Siller – má chuirtear ainm an fhíonghoirt in iúl

8 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

5.   Fíon – Muskotály [Muscat] – má chuirtear ainm an bhardais in iúl

12 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.   Fíon – Muskotály [Muscat] – má chuirtear ainm an fhíonghoirt in iúl

56 heictilítear in aghaidh an heicteáir

7.   Fíon – Muskotály [Muscat] – má chuirtear ainm an fhíonghoirt in iúl

8 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

8.   Fíon – Geal, rosé, dearg, Siller agus Muskotály

100 heictilítear in aghaidh an heicteáir

9.   Fíon – Geal, rosé, dearg, Siller agus Muskotály

14 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

10.   Fíon – Késői szüretelésű [Buaint dhéanach] – má chuirtear ainm an bhardais in iúl

56 heictilítear in aghaidh an heicteáir

11.   Fíon — Késői szüretelésű [Buaint dhéanach] – má chuirtear ainm an bhardais in iúl

8 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

12.   Fíon – Késői szüretelésű [Buaint dhéanach] – má chuirtear ainm an fhíonghoirt in iúl

40 heictilítear in aghaidh an heicteáir

13.   Fíon — Késői szüretelésű [Buaint dhéanach] – má chuirtear ainm an bhardais in iúl

6 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

14.   Fíon – Késői szüretelésű [Buaint dhéanach]

70 heictilítear in aghaidh an heicteáir

15.   Fíon — Késői szüretelésű [Buaint dhéanach]

10 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

16.   Fíon – Superior fehér [fíon geal Superior] agus Superior vörös [fíon dearg Superior]

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

17.   Fíon – Superior fehér [fíon geal Superior] agus Superior vörös [fíon dearg Superior]

8 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

18.   Fíon leathshúilíneach aeraithe

100 heictilítear in aghaidh an heicteáir

19.   Fíon leathshúilíneach aeraithe

14 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

20.   Fíon leathshúilíneach aeraithe – má chuirtear ainm an bhardais in iúl

84 heictilítear in aghaidh an heicteáir

21.   Fíon leathshúilíneach aeraithe – má chuirtear ainm an bhardais in iúl

12 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

22.   Fíon leathshúilíneach aeraithe – má chuirtear ainm an fhíonghoirt in iúl

56 heictilítear in aghaidh an heicteáir

23.   Fíon leathshúilíneach aeraithe – má chuirtear ainm an bhardais in iúl

80 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Limistéir na mbardas seo a leanas a aicmítear mar Aicme I nó II i gclár na bhfíonghort: Abasár, Apc, Atkár, Budapest-Rákosliget, Detk, Domoszló, Ecséd, Gyöngyös, Gyöngyöshalász, Gyöngyösoroszi, Gyöngyöspata, Gyöngyössolymos, Gyöngyöstarján, Halmajugra, Hatvan, Heves, Karácsond, Kerepes, Kisnána, Kisnémedi, Markaz, Mogyoród, Nagyréde, Őrbottyán, Pálosvörösmart, Pásztó, Rózsaszentmárton, Szada, Szendehely, Szücsi, Vác, Vácegres, Vácrátót, Vécs, Veresegyház agus Visonta.

7.   Cineál (nó cineálacha) fíonchaor

blauburger

cabernet franc – cabernet

cabernet franc – carbonet

cabernet franc – carmenet

cabernet franc – gros cabernet

cabernet franc – gros vidur

cabernet franc – kaberne fran

cabernet sauvignon

chardonnay – chardonnay blanc

chardonnay – kereklevelű

chardonnay – morillon blanc

chardonnay – ronci bilé

chasselas – chasselas blanc

chasselas – chasselas dorato

chasselas – chasselas doré

chasselas – chrupka belia

chasselas – fehér fábiánszőlő

chasselas – fehér gyöngyszőlő

chasselas – fendant blanc

chasselas – saszla belaja

chasselas – weisser gutedel

cserszegi fűszeres

furmint – furmint bianco

furmint – moslavac bijeli

furmint – mosler

furmint – posipel

furmint – som

furmint – szigeti

furmint – zapfner

hárslevelű – feuilles de tilleul

hárslevelű – garszleveljü

hárslevelű – lindeblättrige

hárslevelű – lipovina

irsai olivér – irsai

irsai olivér – muskat olivér

irsai olivér – zolotis

irsai olivér – zolotisztüj rannüj

kadarka – csetereska

kadarka – fekete budai

kadarka – gamza

kadarka – jenei fekete

kadarka – kadar

kadarka – kadarka negra

kadarka – negru moale

kadarka – szkadarka

kadarka – törökszőlő

királyleányka – dánosi leányka

királyleányka – erdei sárga

királyleányka – feteasca regale

királyleányka – galbena de ardeal

királyleányka – königliche mädchentraube

királyleányka – königstochter

királyleányka – little princess

kékfrankos – blauer lemberger

kékfrankos – blauer limberger

kékfrankos – blaufränkisch

kékfrankos – limberger

kékfrankos – moravka

kéknyelű – blaustängler

leányka – dievcenske hrozno

leányka – feteasca alba

leányka – leányszőlő

leányka – mädchentraube

merlot

olasz rizling – grasevina

olasz rizling – nemes rizling

olasz rizling – olaszrizling

olasz rizling – riesling italien

olasz rizling – risling vlassky

olasz rizling – taljanska grasevina

olasz rizling – welschrieslig

ottonel muskotály – miszket otonel

ottonel muskotály – muscat ottonel

ottonel muskotály – muskat ottonel

pinot blanc – fehér burgundi

pinot blanc – pinot beluj

pinot blanc – pinot bianco

pinot blanc – weissburgunder

pinot noir – blauer burgunder

pinot noir – kisburgundi kék

pinot noir – kék burgundi

pinot noir – kék rulandi

pinot noir – pignula

pinot noir – pino csernüj

pinot noir – pinot cernii

pinot noir – pinot nero

pinot noir – pinot tinto

pinot noir – rulandski modre

pinot noir – savagnin noir

pinot noir – spätburgunder

rajnai rizling – johannisberger

rajnai rizling – rheinriesling

rajnai rizling – rhine riesling

rajnai rizling – riesling

rajnai rizling – riesling blanc

rajnai rizling – weisser riesling

rizlingszilváni – müller thurgau

rizlingszilváni – müller thurgau bijeli

rizlingszilváni – müller thurgau blanc

rizlingszilváni – rivaner

rizlingszilváni – rizvanac

sauvignon – sauvignon bianco

sauvignon – sauvignon bijeli

sauvignon – sauvignon blanc

sauvignon – sovinjon

syrah – blauer syrah

syrah – marsanne noir

syrah – serine noir

syrah – shiraz

syrah – sirac

szürkebarát – auvergans gris

szürkebarát – grauburgunder

szürkebarát – graumönch

szürkebarát – pinot grigio

szürkebarát – pinot gris

szürkebarát – ruländer

sárga muskotály – moscato bianco

sárga muskotály – muscat blanc

sárga muskotály – muscat bélüj

sárga muskotály – muscat de frontignan

sárga muskotály – muscat de lunel

sárga muskotály – muscat lunel

sárga muskotály – muscat sylvaner

sárga muskotály – muscat zlty

sárga muskotály – muskat weisser

sárga muskotály – weiler

sárga muskotály – weisser

tramini – gewürtztraminer

tramini – roter traminer

tramini – savagnin rose

tramini – tramin cervené

tramini – traminer

tramini – traminer rosso

zenit

zweigelt – blauer zweigeltrebe

zweigelt – rotburger

zweigelt – zweigeltrebe

zöld veltelíni – grüner muskateller

zöld veltelíni – grüner veltliner

zöld veltelíni – veltlinské zelené

zöld veltelíni – zöldveltelíni

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

(1)   Fíon

(a)   Tosca nádúrtha

Tá an limistéar atá críochaithe chun fíonta a tháirgeadh faoi ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Mátra’ suite sa chuid tuaisceartach den Ungáir. Is é Mátra an cnocraon is airde sa tír, a shíneann ón oirthear go dtí an t-iarthar, agus tá a fhánaí deisceartacha ar mhórán gréine lonnaithe sa réigiún fíona cnocach is mó sa tír. Is féidir fíonchaora fíona ardcháilíochta a fhás sna hithreacha páirtbholcánacha, páirt-ilchothaitheacha dríodair atá cosanta ar na gaotha aduaidh.

Tá dhá mhórghrúpa ann a mhéid a bhaineann le hithreacha an réigiúin fíona: ithreacha talaimh féaraigh agus ithreacha foraoise. Foirmíodh ithreacha talaimh féaraigh sa chuid íochtarach den réigiún fíona ach foirmíodh ithreacha foraoise sa chuid uachtarach, i limistéir foraoise a raibh na crainn glanta astu.

Is í an aeráid ilchríochach is mó a chinneann dálaí aeráide an limistéir táirgeachta, ar aeráid í atá ceannasach san Ungáir agus arb iad samhraí teo agus geimhrí fuara is príomh-shaintréithe di. Is planda í an fhíniúin a dtaitníonn solas léi agus éilíonn sí déine lonrúil 20 000-30 000 lux le haghaidh asamhlaithe. Is fearr a fhásann sí in áiteanna ina mbíonn líon uaireanta an chloig gréine, le linn an tséasúir fáis, idir 1 250 agus 1 500. Faigheann an Mátraalja [na fánaí is ísle de Chnoic Mátra] an méid sin beagnach gach bliain. Bíonn idir 1 900 agus 2 000 uair an chloig de sholas na gréine ann in aghaidh na bliana. D’fhéadfadh na figiúirí sin a bheith an-éagsúil ó bhliain go bliain, ach is annamh, i Mátraalja, a thiteann siad faoi bhun an íosmhéid is gá chun fíniúnacha a fhás go rathúil. Is féidir an teorainn teochta is ísle don táirgeadh a tharraingt ag an isiteirm 9-10 °C. Is é 10,5 °C an meán 5 bliana sa réigiún fíona, agus sa séasúr fáis is féidir leis 17 °C a bhaint amach. I roinnt mhaith blianta, sáraíonn an meán bliantúil 11 °C, ar marcóir tábhachtach é de bhlianta fíona maithe. Is é 356-903 mm an méid báistí in Mátraalja. Tá tionchar dearfach ag an meán báistí i mí an Mheithimh, i mí Iúil agus i mí Lúnasa ar cháilíocht agus ar chainníocht. Bíonn tionchar dearfach ag éifeacht dídine Mátra ar theochtaí freisin.

(b)   Tosca daonna

De bharr a mhéid gheografach mhór, tá traidisiúin saothraithe fíniúnacha agus fíonóireachta saibhre ag an limistéar táirgeachta. Téann fás fíniúnacha in Mátraalja chomh fada siar le tús an dara mílaois.

Tá ról lárnach ag réigiún fíona Mátra in earnálacha fíonsaothraithe agus fíonóireachta na hUngáire. De bhreis ar an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann leis, tá ról tábhachtach sóisialta ag táirgeadh fíonchaor freisin trí ioncam a ghiniúint agus a fhorlíonadh agus trí chuidiú leis an bpobal áitiúil a choinneáil. Cuidíonn éifeacht an saothraithe fíniúnacha trína gcruthaítear an tír-raon leis an réigiún a dhéanamh níos tarraingtí. Maidir le cineálacha sonracha a roghnú le linn saothrú fíonchaor chun cáilíocht an táirge deiridh a áirithiú, tá na rialacha go léir maidir le rialú táirgeachta, maidir le cinneadh aibíocht oiriúnach na bhfíonchaor tráth na buainte, agus – i gcás roinnt cineálacha fíona – maidir le haosú, bunaithe ar eolas agus ar shaineolas daonna. Príomhthoisc dhaonna is ea an bonn eolais, agus is toisc chinntitheach í próiseáil thapa an amhábhair i gcás fíonta úra (geal, rosé agus stíl Muscat). Ní cheadaítear ach buaint de láimh i gcás fíonta geala superior agus fíonta dearga superior. Féadfar na fíonta dearga a tháirgeadh trí choipeadh a dhéanamh ar na craicne nó trí théamh.

Tuairisc ar na fíonta:

Tá ATFC Mátra bunaithe ar fhíonta Muscat níos éadroime, torthaíocha agus aramatacha. Is díol suntais ar leith é an cineál fíona ‘muskotály’ (Muscat), lena ngabhann blasanna an-aramatach cumhra. I gcás an chineáil fíona sin, cuirtear béim ar leith ar chineálacha aramatacha an limistéir táirgeachta.

Leis an bpróiseas fíonóireachta, ceadaítear teicneolaíocht laghdaitheach a úsáid le haghaidh na bhfíonta geala agus na bhfíona rosé agus le linn na fíonta dearga úra a tháirgeadh leagtar béim ar chineál torthaíoch na bhfíonchaor (e.g. ní fhéadfar fáscadh a dhéanamh ach amháin i bhfáisceáin bhaisce). Is féidir fíonta úra, torthaíocha, agus fíonta láidre, lántathagacha geala agus dearga a aimsiú freisin, ar fíonta iad a bhféadfadh mianracht de chineál éigin a bheith le brath orthu.

An nasc idir an limistéar táirgeachta, tosca daonna agus na táirgí:

Tá tionchar suntasach ag an timpeallacht éiceolaíoch ar shaintréithe na bhfíonta. Ní féidir na saintréithe sin a atáirgeadh i réigiúin eile fíonsaothrúcháin. Léirítear an tsainiúlacht sin thar aon ní eile i bhfíonta a fhorbraíonn go tapa, fíonta éadrom i gcoitinne, bog, a aigéadaíonn go tapa, agus roinnt blianta fíona láidir ó thaobh alcóil de. Mar thoradh ar na dálaí ithreach agus aeráide, bíonn cumhracht dhian ag na fíonta geala agus rosé agus bíonn blas saibhir orthu. Is iondúil go mbíonn dath torthaíoch, níos éadroime ar na fíonta dearga agus nach mbíonn siad chomh domhain céanna; forbraíonn a gcuid aigéad tainneach go tapa freisin. Meastar fíonta an limistéir táirgeachta go príomha mar fhíonta gearraosaithe lena gcaitheamh go tapa. Tá iomadú na gcineálacha traidisiúnta a bhaineann leis an limistéar táirgeachta sin mar thoradh ar an timpeallacht éiceolaíoch.

De bhreis ar na fíonta níos éadroime, tá roinnt limistéar táirgeachta i réigiún fíona Mátra freisin inar féidir na torthaí a fhástar sna fíonghoirt a úsáid chun fíonta nádúrtha barántúla a tháirgeadh. Tá cáilíocht iontach ag baint leis na fíonta sin, lena n-áirítear i dtéarmaí a bparaiméadar anailíseach, a bhuí le luachanna a léiríonn blasanna réigiún fíona Mátra agus an leis an gcóras tionscnaimh faoi chosaint.

Bíonn fíonta torthaíocha mar thoradh ar ghlanadh éigeantach an úrfhíona agus ar an bpróiseáil thapa, rud a léirítear freisin i saintréithe orgánaileipteacha an chineáil fíona ar leith.

Is féidir tionchar tosca daonna ar an limistéar táirgeachta a fheiceáil sna réimsí seo a leanas:

struchtúir chineálacha a bhunú go comhfhiosach (lena n-áirítear cineálacha traidisiúnta agus cineálacha nua araon) atá ag teacht le hacmhainneacht éiceolaíoch an limistéir;

forbairt teicnící saothraithe fíniúnacha agus táirgthe fíona atá oiriúnach do dhálaí éiceolaíochta, agus go páirteach do dhálaí margaidh;

struchtúr táirgthe agus comhtháthaithe a fhorbairt a oireann do dhálaí éiceolaíocha agus do dhálaí margaidh.

I gcás fhíon Mátra Superior, creidimid gur féidir leis an limistéar saintréithe sonracha an chineáil fíniúna a shárú má tháirgeann an déantóir fíona an fíon le cúram cuí, agus modhanna saothraithe a rialáiltear go hoiriúnach á n-úsáid. Is é is cuspóir don amhábhar uathúil sin fíonta nádúrtha barántúla a tháirgeadh.

(2)   Fíon leathshúilíneach aeraithe

1.   Tuairisc ar an limistéar críochaithe

(a)   Tosca nádúrtha

Tá an limistéar atá críochaithe chun fíonta a tháirgeadh faoin ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Mátra’ suite sa chuid thuaisceartach den Ungáir. Is é Mátra an cnocraon is airde sa tír, a shíneann ón oirthear go dtí an t-iarthar, agus tá a fhánaí deisceartacha ar mhórán gréine lonnaithe sa réigiún fíona cnocach is mó sa tír. Is féidir fíonchaora fíona ardcháilíochta a fhás sna hithreacha páirtbholcánacha, páirt-ilchothaitheacha dríodair atá cosanta ar na gaotha aduaidh.

Tagann ithreacha an réigiúin fíona faoi dhá mhórghrúpa: ithreacha talaimh féaraigh agus ithreacha foraoise. Foirmíodh ithreacha talaimh féaraigh sa chuid íochtarach den réigiún fíona, ach foirmíodh ithreacha foraoise sa chuid uachtarach, i limistéir foraoise a raibh na crainn glanta astu.

Is í an aeráid ilchríochach is mó a chinneann dálaí aeráide an limistéir táirgeachta, ar aeráid í atá ceannasach san Ungáir agus arb iad samhraí teo agus geimhrí fuara is príomh-shaintréithe di. Is planda í an fhíniúin a dtaitníonn solas léi agus éilíonn sí déine lonrúil 20 000-30 000 lux le haghaidh asamhlaithe. Is fearr a fhásann sí in áiteanna ina mbíonn líon uaireanta an chloig gréine, le linn an tséasúir fáis, idir 1 250 agus 1 500. Faigheann an Mátraalja [na fánaí is ísle de Chnoic Mátra] an méid sin beagnach gach bliain. Bíonn idir 1 900 agus 2 000 uair an chloig de sholas na gréine ann in aghaidh na bliana. D’fhéadfadh na figiúirí sin a bheith an-éagsúil ó bhliain go bliain, ach is annamh, i Mátraalja, a thiteann siad faoi bhun an íosmhéid is gá chun fíniúnacha a fhás go rathúil. Is féidir an teorainn teochta is ísle don táirgeadh a tharraingt ag an isiteirm 9-10 °C. Is é 10,5 °C an meán 5 bliana sa réigiún fíona, agus sa séasúr fáis is féidir leis 17 °C a bhaint amach. I roinnt mhaith blianta, sáraíonn an meán bliantúil 11 °C, ar marcóir tábhachtach é de bhlianta fíona maithe. Is é 356-903 mm an méid báistí in Mátraalja. Bíonn tionchar dearfach ag an meán báistí i mí an Mheithimh, i mí Iúil agus i mí Lúnasa ar cháilíocht agus ar chainníocht. Bíonn tionchar dearfach ag éifeacht dídine Mátra ar theochtaí freisin.

(b)   Tosca daonna

De bharr a mhéid gheografach mhór, tá traidisiúin saothraithe fíniúnacha agus fíonóireachta saibhre ag an limistéar táirgeachta. Téann fás fíniúnacha in Mátraalja chomh fada siar le tús an dara mílaois. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, tháinig deireadh leis na siléir fíona bheaga agus ghlac comharchumainn mhórscála a n-ionad. Tháinig méadú ar ráta plandaithe na bhfíniúnacha, agus bhí méid an réigiúin fíona ag druidim le 8 000 heicteár. In 1990, rinneadh athchóiriú ar chearta maoine, agus rinneadh maoin phríobháideach den chuid is mó de na fíonghoirt. Bunaíodh siléir fíona teaghlaigh – eastáit a shainíonn fós an réigiún fíona sa lá atá inniu ann.

Tá ról lárnach ag réigiún fíona Mátra in earnálacha fíonsaothraithe agus fíonóireachta na hUngáire. De bhreis ar an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann leis, tá ról tábhachtach sóisialta ag táirgeadh fíonchaor freisin trí ioncam a ghiniúint agus a fhorlíonadh agus trí chuidiú leis an bpobal áitiúil a choinneáil. Cuidíonn éifeacht an saothraithe fíniúnacha trína gcruthaítear an tír-raon leis an réigiún a dhéanamh níos tarraingtí.

Ó bhí tús na 2000í ann, mar thoradh ar dhul chun cinn maidir le saineolas na saothróirí áitiúla fíona agus na ndéantóirí áitiúla fíona – agus cabhair mhór á fáil acu óna macasamhlacha oilte níos óige, ar thug cuid mhór acu cuairt ar thíortha eile ar fud an domhain – agus mar thoradh ar theacht chun cinn teicneolaíochtaí nua fíonóireachta, tá níos mó táirgeoirí ná riamh tar éis tosú ar fhíonta leathshúilíneacha aeraithe a dhéanamh. Le himeacht aimsire, d’aithin déantóirí áitiúla fíona go n-áirithíonn aeráid ilchríochach an limistéir táirgeachta, atá níos fionnuaire den chuid is mó, go gcoimeádtar aigéadacht ard, rud a fhágann gur féidir an chumhracht agus na dea-bholaithe úra a chaomhnú agus is féidir leis sin a bheith an-soiléir sna fíonta leathshúilíneacha aeraithe.

2.   Tuairisc ar na fíonta

Saintréithe de chuid fhíonta Mátra is ea a saibhreas i dtaca le cumhracht agus dea-bholadh. Cuireann an blas agus an chumhracht araon béim ar charachtar torthaíoch na bhfíonchaor úr. Bíonn aigéadacht aibí úr ag na fíonta sin. Agus iad cumaiscthe le dé-ocsaíd charbóin, fágann na saintréithe comhchoiteanna sin go mbíonn fíonta leathshúilíneacha aeraithe níos beo, níos úire agus níos torthaíche fós.

3.   An nasc idir an limistéar táirgeachta, tosca daonna agus na táirgí

Tá airíonna an limistéir táirgeachta, struchtúr an chineáil agus cleachtais fíonsaothrúcháin réigiún fíona Mátra an-fhabhrach do tháirgeadh fíonta leathshúilíneacha aeraithe, lena ngabhann saintréithe an chineáil den chuid is mó, ach, freisin, ag a bhfuil aigéadacht úr, chothromaithe agus torthaíocht atá ina saintréith de chuid an limistéir táirgeachta. Dá bhrí sin, cuireann fíonta leathshúilíneacha aeraithe le héagsúlacht an réigiúin fíona agus le leathnú a fhíonghort de réir a chéile agus le fás an mhargaidh ina dhiaidh sin.

Tá tionchar suntasach ag an timpeallacht éiceolaíoch ar shaintréithe na bhfíonta. Ní féidir na saintréithe sin a atáirgeadh i réigiúin eile fíonsaothrúcháin. A bhuí leis an dé-ocsaíd charbóin, cuireann na fíonta leathshúilíneacha aeraithe tuilleadh feabhais ar an úire atá ann cheana agus tugann sí léiriú níos fearr ar na dea-bholaithe príomha a dhíorthaítear ó na fíonchaora.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

1.   Rialacha maidir le cur in iúl

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

(a)

Ní féidir ainmneacha cineálacha, téarmaí traidisiúnta, nathanna a thagraíonn do dhath an fhíona nó do nathanna srianta eile a chur in iúl ach amháin mura seasann siad amach níos mó ná an t-ainmniúchán tionscnaimh i dtéarmaí a gcineáil cló, a gclómhéide nó dhath a gcló.

(b)

Rialacha maidir le fíonta a chumasc:

(i)

Féadfar na téarmaí ‘küvé’ agus ‘cuvée’ a úsáid, nó féadfar an téarma ‘házasítás’ [coupage] a úsáid mar chomhchiallach.

(ii)

Ní féidir ainm cineáil a chur in iúl ach amháin má tá cion 5 % ar a laghad de chineál sa chumasc. Sa chás sin, ní mór ainm an chineáil a bheith i gclómhéid nach mó ná 50 % den chlómhéid a úsáidtear chun an t-ainmniúchán tionscnaimh a léiriú.

c)

Moltar lógó réigiún fíona Mátra a bheith ar an lipéad. Toisí íosta: 1,5×1,5 cm

2.   Rialacha maidir le cur in iúl

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

(a)

Rialacha maidir le haonaid gheografacha níos lú a chur in iúl:

(i)

Ní fhéadfar ainm aonaid gheografaigh níos lú (amhail bardas nó fíonghort) a bheith ar an lipéad ach amháin más rud é gur táirgeadh 100 % den táirge laistigh den aonad geografach níos lú sin nó den fhíonghort sin. Ní fhéadfar ainm fíonghoirt a bheith ann ach amháin in éineacht leis an ainmniúchán tionscnaimh ‘Mátra’ agus le hainm an bhardais.

(ii)

Ainmneacha na mbardas a fhéadfar a chur in iúl: Abasár, Apc, Atkár, Detk, Domoszló, Ecséd, Gyöngyös, Gyöngyöshalász, Gyöngyösoroszi, Gyöngyöspata, Gyöngyössolymos, Gyöngyöstarján, Hatvan, Halmajugra, Heves, Karácsond, Kisnána, Markaz, Mogyoród, Nagyréde, Rózsaszentmárton, Szücsi, Vécs, Visonta, Pásztó, Szendehely, Budapest-Rákosliget, Kerepes, Kisnémedi, Mogyoród, Őrbottyán, Szada, Vác, Vácegres, Vácrátót agus Veresegyház. Críochú: teorainneacha riaracháin

(iii)

Féadfar na hainmneacha fíonghort seo a leanas a chur in iúl:

Abasár: Bánya úti, Egytagos, Első-dűlő, Galagonyás, Hanáké, Kendertábla, Középső-dűlő, Külső-dűlő, Veres úti, Meddőhányó, Réti-dűlő, Rókus, Rózsás, Sár-hegy: Bika-halom, Cibike, Dobóczi-lapos, Jóvilág, Liba-hegy, Pusztaparlag, Vízi-máj

Apc: Cseri

Atkár: Bánya-tábla, Cseplye, Himfli, Homokosi-tábla

Detk: Rákos, Rozmaring

Domoszló: Domoszlai-Tag-tető

Ecséd: Agrária, Engli, Fáy-szőlők, Gárdony, Homoki-dűlő, Jaj-hegy, Meggyes, Nyárjas, Öreg-hegy, Szent-lapos, Varjas

Gyöngyös: Farkasmály, Magdalaki, Érseké, Aranysas, Bene-hát, Sár-hegy, Szurdok-part, Lencse-máj, Rózsa-máj, Kármélus,

Gyöngyöshalász: Alecki, Baktai, Csala, Eb-hát, Gyalog-földek, Jeges, Kármélusi Kis-Halászi, Kis-Nagy völgy, Kotyolló, Nagy-völgy, Öreg-Encsi, Öreg-hegy, Papjussi, Ravasz-part, Rókalyuk

Gyöngyösoroszi: Epres, Hagyóka, Képesfa, Mély-kúti, Mencses, Öreg-hegy, Száraz-völgy, Úrerdő, Veres-kút

Gyöngyöspata: Acélos, Bódics, Borsos, Bőr-kúti tábla, Csák-berek, Csász-berek, Cserepes, Dobogó, Előmáj, ereszvény, Fajzati-út, Fencel, Gereg, Hajmal, Hótó, Kopár-hegy, Közép-bérc, Labodás-oldal, Meggyes, Ördöngős-tető, Peres, Póc-tető, Rédei-határ, Szaló, Szedres, Szoros, Szúri, Tamás-hegy, Tehéntánc, Úrráteszi, Vármege, Virág-domb

Gyöngyössolymos: Toka, Zsobrák, Ereszvény, Kis-hegy, Nagy-mál, Paskom, Széles-mező, Körtés, Rózsás, Bába-haraszt, Mérges, Bába-kő

Gyöngyöstarján: Barnatanya, Csipkés, Deli-dűlő, diós, Fajzat, Fáy-domb, Hajnal-hegy, Halyagos, Király-berek, Lógi, Papjuss, Paskom, Puskor, Puttonyos, Rétföld, Száraz-völgy, Szili-dűlő

Hatvan: Cigány-hegy, Fancsali, Gombospuszta, Kócos-dűlő, Peres, Strázsa-hegy

Heves: Ötödrész, Bernáthegy, Sárgapuszta: Rigó-telep, Juhásztanya, Anna-telep

Markaz: Alsó-Dolina, Alsótanya, Baksa: Papé, Birka-part, Fehér kereszti dűlő, Felső-Dolina, Galambos, Homok-tető, Humnyiszka, Meddőhányó, Nyiged, Öreg-hegy, Paskom, Plága, Sári-szőlők, Töviskes, Ubocs, Veres-haraszt

Nagyréde: Anna-hegy, Belső-puszta, Csárda-dűlő, Csász-berek, Dejcs, Delijuss, Fáy-birtok, Ferenc-hegy, Fűzi-oldal, Kajnár, Koncó, Külső-puszta, Lajos-hegy, Lubyé, Manósi, Nyúzó, Öreg-hegy, Pirító, Rózsás, Sáros-berek, Új-hegy, Vadalmás-lapos, Vajsz, Zsolca

Rózsaszentmárton: Cser, Felső-cser, Hangács, Homok-dűlő, Körtefa, Tarcód

Szücsi: Galagonyás, Gyémánté, Katona-berek, Kecske-kő, Rózsi-oldal, Tangó, Tavasz-föld, Vitéz-föld, Zsolca

Visonta: Csárdai-csücskő, Csókás, Rókus, Sár-hegy

3.   Rialacha maidir le cur in iúl

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Úsáid nathanna srianta eile le haghaidh cineálacha áirithe fíona:

FÍON

‘barrique’, ‘barrique-ban erjesztett’ [barrique-choipthe] nó ‘hordóban erjesztett’ [coipthe i mbairillí], ‘barrique-ban érlelt’ [aosaithe in barrique] nó ‘hordóban érlelt’ [aosaithe i mbairillí]: féadfar é a chur in iúl i gcás gach cineáil fíona

‘első szüret’ [an chéad bhuaint], ‘bliain fíona óighe’ nó ‘szűztermés’ [barr óighe]: féadfar é a chur in iúl i gcás na gcineálacha fíona geala, rosé, dearga, Muscat agus Siller

‘újbor’ [fíon nua] nó ‘primőr’ [primeur]: féadfar é a chur in iúl i gcás na gcineálacha fíona geala, rosé, dearga, Muscat agus Siller

‘szűretlen’ [neamhscagtha]: féadfar é a chur in iúl i gcás na gcineálacha fíona geala, dearga, Muscat, i gcás fíon buainte déanaí, agus i gcás cineálacha fíonta geala Superior agus fíonta dearga Superior

‘töppedt szőlőből készült bor’ [fíon a dhéantar as fíonchaora rísínithe] féadfar é a chur in iúl i gcás na gcineálacha fíona geala, Muscat, Siller agus buainte déanaí

‘jégbor’ [oighearfhíon]: féadfar é a chur in iúl i gcás na gcineálacha fíona geala, Muscat agus buainte déanaí

‘küvé’ nó ‘cuvée’: gach cineál fíona

an téarma traidisiúnta faoi chosaint ‘muzeális bor’ [fíon stairiúil]: féadfar é a chur in iúl i gcás na gcineálacha fíona geala, dearga, Muscat agus buainte déanaí

‘főbor’ [scothfhíon]: féadfar é a chur in iúl i gcás na gcineálacha fíona geala, Muscat, geala Superior agus dearga Superior

FÍON LEATHSHÚILÍNEACH AERAITHE

‘Első szüret’ [an chéad bhuaint], ‘bliain fíona óighe’ nó ‘szűztermés’ [barr óighe]: féadfar é a chur in iúl i gcás na gcineálacha fíona geala, rosé agus dearga

‘újbor’ [fíon nua] nó ‘primőr’ [primeur]: geal, rosé, dearg

an téarma traidisiúnta faoi chosaint ‘válogatott szüretelésű bor’ [fíon buainte roghnaithe]: geal, rosé, dearg

‘küvé’ nó ‘cuvée’: geal, rosé, dearg

4.   Téarmaí traidisiúnta faoi chosaint

Creat dlíthiúil:

I reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar an téarma traidisiúnta seo a leanas a úsáid mar chomhchiallach leis an téarma ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’: ‘védett eredetű bor’ [fíon de thionscnamh faoi chosaint]

Tuairisc ar shaintréithe an táirge:

‘Késői szüretelésű bor’ [Fíon buainte déanaí], ‘válogatott szüretelésű bor’ [fíon buainte roghnaithe], ‘muzeális bor’ [fíon stairiúil], Siller

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://boraszat.kormany.hu/download/c/e8/b2000/Matra%20OEM_v2_korr.pdf


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5009/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Haut