Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024AP0310

P9_TA(2024)0310 — Leasú ar Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus lena híospartaigh a chosaint — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint (COM(2022)0732 – C9-0431/2022 – 2022/0426(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2025/3737, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3737/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3737/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3737

17.9.2025

P9_TA(2024)0310

Leasú ar Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus lena híospartaigh a chosaint

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint (COM(2022)0732 – C9-0431/2022 – 2022/0426(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/3737)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0732),

ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 82(2) agus d’Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa (C9-0431/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2023  (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0285/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C 228, 29.6.2023, lch. 108.


P9_TC1-COD(2022)0426

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Aibreán 2024 d’fhonn go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir lena híospartaigh a chosaint

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/1712.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3737/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top