Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024AP0302

P9_TA(2024)0302 — Rialachán maidir le bearta allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin agus idirthurais le haghaidh airm thine, a gcomhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin (athmhúnlú) — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin agus idirthurais le haghaidh airm thine, a gcomhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú aindleathach agus gáinneáil arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireacht eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) (athmhúnlú) (COM(2022)0480 – C9-0365/2022 – 2022/0288(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach - athmhúnlú)

IO C, C/2025/3729, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3729/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3729/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3729

17.9.2025

P9_TA(2024)0302

Rialachán maidir le bearta allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin agus idirthurais le haghaidh airm thine, a gcomhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin (athmhúnlú)

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin agus idirthurais le haghaidh airm thine, a gcomhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú aindleathach agus gáinneáil arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireacht eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) (athmhúnlú) (COM(2022)0480 – C9-0365/2022 – 2022/0288(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach - athmhúnlú)

(C/2025/3729)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0480),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 33 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0365/2022),

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá molta,

ag féachaint d'Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha (1),

ag féachaint do litir an 11 Meán Fómhair 2023 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta i gcomhréir le Riail 110(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialacha 110 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0312/2023),

A.

de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.


P9_TC1-COD(2022)0288

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Aibreán 2024 d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta allmhairiúcháin, onnmhairiúcháin agus idirthurais le haghaidh airm thine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n-armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) (athmhúnlú)

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/41.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3729/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top