Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C:2022:004A:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, CA 4, 5 Eanáir 2022


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 4A

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
5 Eanáir 2022


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Chomhairle

2022/C 4 A/01

Fógra Folúntais CONS/AD/177/22

1


GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Chomhairle

5.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 4/1


Fógra Folúntais CONS/AD/177/22

(2022/C 4 A/01)

 

EOLAS GINEARÁLTA

Roinn

Oifig Phríobháideach an Ardrúnaí – CAB

Ionad oibre

An Bhruiséil, Áras Europa

Teideal an phoist

Stiúrthóir

Feidhmghrúpa agus grád

AD 14

An t-imréiteach slándála atá riachtanach

SECRET UE/EU SECRET

SPRIOC-AM LE hAGHAIDH IARRATAS

21 Eanáir 2022 – 12.00 meán lae (am na Bruiséile)

Cé sinne?

Cuidíonn Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) leis an gComhairle Eorpach, le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus lena gcomhlachtaí ullmhúcháin i ngach réimse a bhaineann lena ngníomhaíochtaí. Cuireann sí comhairle agus tacaíocht ar fáil do chomhaltaí na Comhairle Eorpaí agus don Chomhairle agus dá nUachtaráin i ngach réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear comhairle faoi bheartais agus comhairle dhlíthiúil, comhordú le hinstitiúidí eile, comhréitigh a fhorbairt, dréachtú chomh maith leis na nithe uile is gá chun dea-ullmhúchán a dhéanamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle agus chun go mbeidh siad á reáchtáil mar is cuí.

Is é an tArdrúnaí atá i gceannas ar Ardrúnaíocht na Comhairle. Is é atá freagrach as eagrú agus feidhmiú na seirbhísí a chuireann an Ardrúnaíocht ar fáil d’uachtaránachtaí na Comhairle agus d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí. Tá sé freagrach freisin as bainistiú riaracháin na hArdrúnaíochta ó thaobh acmhainní daonna agus airgeadais de.

Freastalaíonn an tArdrúnaí ar chruinnithe na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle, áirithíonn sé dea-fheidhmiú na hArdrúnaíochta agus riar an bhuiséid, déanann sé ionadaíocht don Chomhairle os comhair Pharlaimint na hEorpa agus is é údarás slándála na hArdrúnaíochta.

Tacaíonn an Oifig Phríobháideach leis an Ardrúnaí agus é i mbun a dhualgas: ag cabhrú leis an gComhairle Eorpach agus leis an gComhairle, ag bainistiú na hArdrúnaíochta agus ag áirithiú comhordú cothrománach idir na hArd-Stiúrthóireachtaí.

Tá Oifig Phríobháideach an Ard-Rúnaí comhdhéanta den Cheann Oifige, beirt chomhaltaí (oifigigh AD) agus triúr cúntóirí.

Ár dtairiscint

Is post an-dúshlánach é post Cheann Oifig Phríobháideach an Ardrúnaí i dtimpeallacht atá spéisiúil ó thaobh na polaitíochta de.

Cuirfidh tú comhairle agus tacaíocht ar fáil don Ardrúnaí agus é i mbun a chuid dualgas, go háirithe trí thacú le hUachtarán na Comhairle Eorpaí agus le hOifig Phríobháideach Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus le teagmháil a dhéanamh leis an Uachtaránacht agus le hinstitiúidí eile.

Tacóidh tú leis an Ardrúnaí chun an Ardrúnaíocht a bhainistiú agus a fhorbairt tuilleadh, inter alia ina cháil mar Údarás Ceapacháin agus Oifigeach Údarúcháin, agus chun comhordú cothrománach a áirithiú idir na hArd-Stiúrthóireachtaí, go háirithe ag cruinnithe na nArd-Stiúrthóirí.

Beidh sé de chúram ort na seirbhísí a ghabhann go díreach leis an Ard-Rúnaí a bhainistiú: an tAonad um Iniúchóireacht Inmheánach, an Oifig um Chosaint Sonraí, an Fhoireann Anailíse agus Taighde agus bainistiú riaracháin Oifig an Chomhordaitheora Frithsceimhlitheoireachta.

Beidh tú freagrach as bainistiú agus comhordú foriomlán na hOifige Príobháidí agus a cuid acmhainní.

Beidh tú i do chomhalta de na comhlachtaí seo a leanas: an Bord Bainistíochta Comhairleach, an Coiste Iniúchóireachta, an Fhoireann Bainistithe Géarchéime agus an Coiste Stiúrtha um Pleanáil Leanúnachais Gnó.

Bíonn uaireanta oibre neamhthipiciúla i gceist leis an bpost seo. Tairbheoidh tú agus d’fhoireann ó shocruithe oibre solúbtha na hArdrúnaíochta, lena n-áirítear teilea-obair ócáideach.

An té atá uainn

Tá bainisteoir dinimiciúil an-tiomanta á lorg againn a mbeidh ardleibhéal dílseachta agus discréide acu, a bhfuil taithí shuntasach acu ar cheapadh beartais an Aontais agus ar phróiseas reachtach an Aontais agus eolas cuimsitheach ar struchtúr inmheánach agus ar fheidhmiú na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí agus ar shaincheisteanna institiúideacha an Aontais.

Beidh léargas maith polaitiúil agus tuiscint mhaith agat ar na dúshláin atá os comhair an Aontais faoi láthair agus ar na héilimh a chuireann siad ar an Ardrúnaíocht.

I bhfianaise an réimse leathain saincheisteanna atá le cumhdach, ba cheart ardleibhéal feasachta agus spéise a bheith agat i bhforbairt eagraíochta.

De bharr chineál na ndualgas, ba cheart duit a bheith athléimneach solúbtha agus toilteanach obair a dhéanamh lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre nuair is gá.

Beifear ag súil go gcuirfidh bainisteoirí uile na hArdrúnaíochta comhairle orthu siúd atá i gceannas agus ar na geallsealbhóirí, go ndéanfaidh siad an fhoireann agus na hacmhainní airgeadais a bhainistiú, agus go ndéanfaidh siad ionadaíocht don Ardrúnaíocht. Leagtar amach an méid sin sa phróifíl chothrománach do bhainisteoirí na hArdrúnaíochta (1).

Ina theannta sin, beidh an méid a leanas ag teastáil ón té a cheapfar:

meoin na taidhleoireachta, feasach ar an uair is gá a bheith solúbtha agus ar an uair is gá a bheith dian agus aird mhór a choinneáil ar an méid sin gan dearmad a dhéanamh ar an bpictiúr foriomlán;

cumas dea-chaidrimh oibre a chur chun cinn agus a chothabháil le raon d’idirghabhálaithe ardleibhéil inmheánacha agus seachtracha;

scileanna ceannaireachta agus a bheith in ann treoir a thabhairt, foireann a spreagadh agus a chumhachtú i dtimpeallacht ilchultúrtha éagsúil ina leagtar béim láidir ar fhorbairt na foirne;

cumas smaoineamh agus pleanáil go straitéiseach, fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn a thuar agus a shainaithint, agus réitigh agus comhréitigh inoibrithe a mholadh;

cumas comhaontuithe nó spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach trí chomhairle spriocdhírithe a chur ar fáil do gheallsealbhóirí agus trí éascú éifeachtach agus cuiditheach a dhéanamh ar phléití;

cumas obair fhoriomlán na hOifige Príobháidí a eagrú chun spriocdhátaí criticiúla a bhaint amach agus chun a áirithiú go roinnfear an t-ualach oibre laistigh den fhoireann go cothrom mar aon le pleanáil maidir le comharbas;

a bheith in ann athrú a bhainistiú agus tacú leis an bhfoireann le linn athruithe;

sárscileanna cumarsáide, lena n-áirítear scileanna cumarsáide idirphearsanta.

Ós rud é go bhfuil beartas soghluaisteachta ag an Ardrúnaíocht dá bainisteoirí, ar cheart dóibh taithí leathan a bheith acu, ba cheart go mbeadh na hiarrthóirí toilteanach agus ábalta dul i mbun oibre i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn a ngairmréimeanna san Ardrúnaíocht.

BEARTAS EARCAÍOCHTA

Caithfidh na coinníollacha iontrála a leanas a bheith á gcomhlíonadh ag na hiarratasóirí tráth a bheidh an t-iarratas á dhéanamh:

a)

Coinníollacha ginearálta

caithfidh siad a bheith ina náisiúnaigh de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

caithfidh a gcearta iomlána mar shaoránaigh a bheith á dteachtadh acu;

caithfidh gach oibleagáid a chuirtear orthu faoi na dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu.

b)

Coinníollacha sonracha

is gá céim ollscoile a bheith acu (2);

taithí ghairmiúil ábhartha 15 bliana, ar a laghad, agus freagrachtaí bainistithe agus eagrúcháin á bhfeidhmiú go hiarbhír ar feadh 3 bliana, ar a laghad, as sin. Mheasfaí 3 bliana a bheith caite i bpost a raibh freagrachtaí suntasacha comhordúcháin ag dul leis a bheith coibhéiseach leis an taithí bhainistíochta;

ós rud é gurb iad an Béarla agus an Fhraincis a úsáidtear go forleathan don chumarsáid laistigh den Ardrúnaíocht agus le hinstitiúidí eile, tá eolas sármhaith ar cheann den dá theanga sin agus eolas maith ar an teanga eile ag teastáil. Bheadh eolas ar theangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais ina bhuntáiste.

NB:

(1)

Tá gá le himréiteach slándála don phost seo, lena gceadaítear rochtain ar dhoiciméid rúnaicmithe (go dtí leibhéal SECRET UE/EU SECRET). Caithfidh na hiarrthóirí a chuirfidh isteach ar an bpost seo a bheith toilteanach dul faoi scagadh slándála faoi Chinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (3). Ní chuirfear ceapachán chun an phoist i bhfeidhm ach ar choinníoll go bhfuair an t-iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí ar imréiteach slándála. Déanfar conradh sealadach a thairiscint d’iarrthóir gan imréiteach slándála go dtí go bhfaighfear toradh an nós imeachta maidir le himréiteach slándála.

(2)

Ní mór don iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi a bheith sásta páirt a ghlacadh in oiliúint bhainistíochta na hArdrúnaíochta.

AN NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

Agus an t-iarrthóir rathúil á roghnú, cabhróidh coiste comhairleach roghnúcháin leis an Údarás Ceapacháin. Beidh ionad measúnaithe ag an gcoiste comhairleach roghnúcháin, a bheidh á reáchtáil ag comhairleoirí seachtracha earcaíochta. Na tuarascálacha i dtaca le poist den chineál céanna a chuirfidh an t-ionad measúnaithe le chéile, scoirfidh siad de bheith bailí 2 bhliain tar éis an dáta a ndearnadh na cleachtaí ábhartha nó ar críochnaíodh an creatchonradh idir an Ardrúnaíocht agus an t-ionad measúnaithe atá i gceist – cibé dáta is luaithe.

Déanfaidh an coiste comhairleach roghnúcháin cáilíochtaí, taithí agus spreagthacht na n-iarratasóirí go léir a mheas agus a chur i gcomparáid le chéile ar dtús, ar bhonn a n-iarratas. Bunaithe ar an measúnú comparáideach sin agus ar an tuarascáil ón ionad measúnaithe, déanfaidh an coiste comhairleach roghnúcháin gearrliosta de na hiarrthóirí is oiriúnaí, dar leis, chun cuireadh a fháil chuig agallamh. Toisc gur ar mheasúnú comparáideach na n-iarratas a bhíonn an chéad roghnú sin bunaithe, ní hionann ceanglais an fholúntais seo a chomhlíonadh agus ráthaíocht go bhfaighfear cuireadh chuig an agallamh.

Seo a leanas an phleanáil shealadach maidir le hiarrthóirí a roghnú:

táthar ag súil go gcuirfear ar an eolas sa dara leath de mhí Eanáir 2022 na hiarrthóirí a roghnófar le freastal ar an ionad measúnaithe;

táthar ag súil go mbeidh imeachtaí an ionaid measúnaithe ar siúl ag tús mhí Feabhra 2022;

táthar ag súil go mbeidh na hagallaimh ar siúl sa dara leath de mhí Feabhra 2022.

NB: Is sceideal táscach amháin é an sceideal thuas agus tá sé faoi réir, go háirithe, impleachtaí na mbeart sriantach a chuir rialtas na Beilge i bhfeidhm chun déileáil le paindéim COVID-19.

AN BUNÚS DLÍ

Foilsítear an post seo in institiúidí uile an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na hinstitiúidí, i gcomhréir le hAirteagal 29, mír (1) agus mír (2), de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

CONAS IARRATAS A DHÉANAMH

Is é an 21 Eanáir 2022, 12.00 meán lae (am na Bruiséile), an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.

Ní ghlacfar le hiarratais ach le ríomhphost agus ní mór iad a sheoladh chuig: applications.management@consilium.europa.eu (4) tráth nach déanaí ná an dáta deiridh. Ní chuirfear aon iarratas déanach san áireamh.

Ní mór an seoladh ríomhphoist thuasluaite a úsáid i gcás aon chomhfhreagras a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin (ní mór an teideal seo a leanas a bheith luaite sa bhosca ina luaitear ábhar an ríomhphoist: CONS/AD/177/22 CAB).

Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart do na hiarrthóirí a sheiceáil go grinn an gcomhlíonann siad na ceanglais a liostaítear faoi “Beartas Earcaíochta” thuas, chun nach n-eisiafar as an nós imeachta roghnúcháin go huathoibríoch iad.

Chun go mbeidh an t-iarratas bailí, ní mór na doiciméid seo a leanas a bheith sa chomhad iarratais, i bhfoirm pdf (NB: ní ghlacfar le doiciméid faoi ghlas, le doiciméid atá cosanta ag pasfhocal ná le doiciméid a shínítear go leictreonach):

(a)

an fhoirm iarratais agus í comhlánaithe go cuí (i mBéarla nó i bhFraincis) agus dáta léi. is féidir teacht ar an bhfoirm ar shuíomh gréasáin na Comhairle faoin nasc seo a leanas: http://www.consilium.europa.eu/ga/general-secretariat/jobs/job-opportunities/ (an comhad le hainmniú “XXX (DO SHLOINNE) – Application form.pdf”) (5);

(b)

curriculum vitae mionsonraithe (6), i mBéarla nó i bhFraincis, de rogha i bhformáid an Europass (http://europass.cedefop.europa.eu), lena gcumhdófar gairmréim iomlán an iarratasóra agus ina sonrófar, inter alia, cáilíochtaí an iarratasóra, cur amach an iarratasóra ar theangacha, taithí an iarratasóra agus na cúraimí atá air nó uirthi faoi láthair (an comhad le hainmniú “XXX (DO SHLOINNE) – CV.pdf”);

(c)

litir inspreagtha, i mBéarla nó i bhFraincis (an comhad le hainmniú “XXX (DO SHLOINNE) – Motivation letter.pdf”);

(d)

le chéile in aon doiciméad pdf amháin, cóipeanna de dhioplómaí lena ndeimhnítear oideachas, agus cóipeanna na gcáilíochtaí agus na dteastas maidir leis an taithí ghairmiúil. Ní leor an curriculum vitae a luaitear faoi (b) amháin a chur isteach. Ní mór gur tríú páirtí a d’eisigh na doiciméid tacaíochta (an comhad le hainmniú “XXX (DO SHLOINNE) – Supporting documents.pdf”).

Mura gcuirtear na doiciméid sin san áireamh, beidh an t-iarratas neamhbhailí.

Ní mór gach doiciméad tacaíochta a luaitear faoi (d), a uimhriú i seicheamh (Iarscríbhinn 1, Iarscríbhinn 2, etc.) agus a ghrúpáil mar a luaitear thuas.

Ní fhéachfar ar aon iarratas a gheofar tríd an bpost, nó trí réitigh stórála sonraí néalbhunaithe nó trí ardán comhroinnte comhad.

Na hiarrthóirí a chuirfear ar an ngearrliosta, iarrfar orthu bundoiciméid na gcóipeanna thuasluaite a thabhairt ar láimh.

Cuirfear ríomhphost chuig iarrthóirí lena dheimhniú go bhfuarthas a n-iarratas. Tabhair faoi deara, mar sin féin, nach féidir deacrachtaí teicniúla a bhaineann le tarchur ríomhphost a chur as an áireamh go hiomlán choíche. Dá bhrí sin, mura bhfaigheann iarrthóir ríomhphost lena n-aithnítear go bhfuil an t-iarratas faighte, moltar d’iarrthóirí teagmháil a dhéanamh le applications.management@consilium.europa.eu. Ós rud é go dtosóidh an coiste comhairleach roghnúcháin ar a chuid oibre go luath i ndiaidh dháta deiridh na n-iarratas, ba cheart aon fhíorú riachtanach i leith an iarratais a bheith faighte a dhéanamh an tseachtain tar éis an dáta sin.

CUIMSIÚ AGUS ÉAGSÚLACHT

Tá an Ardrúnaíocht tiomanta don chuimsiú agus don éagsúlacht. Tá tuilleadh eolais le fáil agat ach féachaint ar an ráiteas ábhartha anseo: https://www.consilium.europa.eu/ga/general-secretariat/jobs/diversity-and-inclusion/

ATHSCRÚDÚ AR IARRATAIS

Is in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo a leagtar amach na nósanna imeachta maidir le gearáin, achomhairc agus tarchuir chuig an Ombudsman Eorpach.

COSAINT SONRAÍ

Leagtar amach na rialacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin seo in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo.


(1)  https://www.consilium.europa.eu/media/53261/gsc-manager-profile-ga.pdf

(2)  Ceanglaítear le hAirteagal 5(3)(c) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) nach mór do na hiarratasóirí an méid seo a leanas a bheith acu ar a laghad:

(i)

leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma nuair is 4 bliana nó níos mó atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile, nó

(ii)

leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana ar a laghad nuair is 3 bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile.

(3)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(4)  Tá an seoladh ríomhphoist nasctha le bosca ríomhphoist feidhmiúil nach féidir leis ach teachtaireachtaí ag a bhfuil an rogha íogaireachta “Normal” a phróiseáil; ní féidir ríomhphoist a sheoltar, ag a bhfuil roghanna eile íogaireachta (e.g. “Personal”, “Private”, “Confidential”), a phróiseáil. Dá bhrí sin, roghnaigh an rogha íogaireachta “Normal”, le do thoil. Ní ceart go rachadh do ríomhphost thar 25 MB. Má sháraíonn do ríomhphost, mar aon leis na ceangaltáin, an t-uasmhéid sin, déan na ceangaltáin a roinnt agus a sheoladh i gcúpla ríomhphost, le do thoil.

(5)  https://www.consilium.europa.eu/media/53249/gsc-application_form_senior_management_en.docx

https://www.consilium.europa.eu/media/53248/gsc-application_form_senior_management_fr.docx

(6)  Iarrtar ar na hiarrthóirí gan grianghraif a chur leis an CV.


IARSCRÍBHINN I

GEARÁN INMHEÁNACH – ACHOMHARC BREITHIÚNACH – GEARÁN LEIS AN OMBUDSMAN EORPACH

Más rud é, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, go bhfuil tú míshásta leis an gcaoi a láimhseáiltear d’iarratas, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh.

Gearán inmheánach

I gcás ina bhfaighidh tú cinneadh lena bhfuil tú míshásta, féadfaidh tú, laistigh de 3 mhí tar éis an cinneadh a fháil, gearán a thaisceadh faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Comhairleoirí Dlí an Aonaid Riaracháin, ORG 1.F

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 BRUXELLES/BRUSSEL

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: legal.advisersHR@consilium.europa.eu

Tabharfaidh an tÚdarás Ceapacháin freagra i scríbhinn ar na gearáin sin laistigh de 4 mhí ón ngearán a fháil. Más rud é go dtagann do ghearán luath go leor, áfach, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh an coiste comhairleach roghnúcháin athbhreithniú ar an gcinneadh is cuspóir do do ghearán agus freagra a thabhairt ort ar an mbonn sin.

Achomharc breithiúnach

Má bhíonn tú míshásta leis an bhfreagra a gheobhaidh tú ón Údarás Ceapacháin faoin nós imeachta maidir le gearáin inmheánacha, féadfaidh tú achomharc breithiúnach a chur isteach faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne chuig:

Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh

Rue du Fort Niedergrünewald

L-2925 Lucsamburg

LUCSAMBURG

Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

Tar éis gach féidearthacht maidir le sásamh a fháil ag an Ardrúnaíocht, go háirithe an nós imeachta inmheánach maidir le gearáin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, féadfaidh tú, ar nós aon saoránach eile den Aontas, gearán a thaisceadh ag an seoladh seo a leanas:

An tOmbudsman Eorpach

1 avenue du Président Robert Schuman – BP 403

67001 Strasbourg Cedex

AN FHRAINC

faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i gCinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (1).

Tabhair faoi deara, maidir le gearáin a thaiscfear leis an Ombudsman Eorpach, nach mbeidh éifeacht fionraíochta ar bith acu maidir leis an tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne i ndáil le gearáin nó le hachomhairc a thaisceadh le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 113, 4.5.1994, lch. 15.


IARSCRÍBHINN II

COSAINT SONRAÍ

Ós í Ardrúnaíocht na Comhairle an institiúid a bhfuil freagracht uirthi as an nós imeachta roghnúcháin a eagrú, áirithíonn sí go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarratasóirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1).

Is é an bunús dlí don nós imeachta roghnúcháin Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (2). Is faoi fhreagracht Aonad Foirne agus Soghluaisteachta na Stiúrthóireachta Acmhainní Daonna (ORG.1), a dhéantar an nós imeachta roghnúcháin a reáchtáil, agus is é ceann an aonaid sin an rialaitheoir. Beidh rochtain ag comhaltaí na hoifige um roghnú oifigeach agus ag a n-oifigigh uachtaracha, ag comhaltaí an Choiste Chomhairligh Roghnúcháin agus, más gá, ag comhaltaí Aonad na gComhairleoirí Dlí, ar an bhfaisnéis a chuireann iarrthóirí ar fáil. An fhaisnéis riaracháin lena sainaithnítear iarrthóir agus/nó atá riachtanach d’eagrú praiticiúil an nós imeachta féin, féadfar í a sheachadadh chuig ionad measúnaithe.

Is é an cuspóir atá leis an oibríocht phróiseála, sonraí a bhailiú lena sainaithneofar gach iarrthóir ar phost le hArdrúnaíocht na Comhairle agus duine a roghnú as measc na n-iarrthóirí sin.

Seo a leanas na sonraí atá i gceist:

sonraí pearsanta lena bhféadfar na hiarrthóirí a shainaithint (sloinne, céadainm, dáta breithe, inscne, náisiúntacht);

faisnéis a chuireann na hiarrthóirí ar fáil chun eagrú praiticiúil an nós imeachta a éascú (seoladh poist, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin);

faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun go mbeifear in ann a mheas an gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála a leagtar síos i bhfógra an fholúntais (náisiúntacht; teangacha; cáilíochtaí na n-iarratasóirí agus an bhliain ar bronnadh iad, an cineál dioplóma/céime, ainm na hinstitiúide bronnta, taithí ghairmiúil);

más infheidhme, faisnéis faoi chineál agus faoi fhad ama imréiteach slándála na n-iarrthóirí;

torthaí na scrúduithe a rinne na hiarratasóirí, lena n-áirítear na meastóireachtaí a rinne comhairleoirí an ionaid measúnaithe a chur le chéile thar ceann an choiste roghnúcháin.

Cuirtear tús leis an bpróiseáil an dáta a fhaightear an t-iarratas. Cuirtear na hiarratais i gcomhad agus stóráiltear sa chartlann go ceann 2 bhliain iad.

Féadfaidh gach iarrthóir a cheart nó a ceart rochtana ar na sonraí pearsanta a fheidhmiú chomh maith leis an gceart chun na sonraí sin a cheartú. Ba cheart achainíocha réasúnaithe a sheoladh tríd an ríomhphost chuig an Oifig um Roghnú Oifigeach ag selection.officials@consilium.europa.eu.

Féadfaidh iarrthóirí dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí aon tráth (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 274, 15.10.2013, lch. 1.


Top