Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sláinte ar mhaithe le Fás: Clár sláinte an AE (2014-20)

In 2014 sheol an tAontas Eorpach (AE) an tríú clár sláinte dá chuid. Is é is cuspóir don gclár ná an tsláinte a chothú san Eoraip trí comhar a spreagadh idir Ballstáit an AE chun beartais sláinte a fheabhsú a théann chun tairbhe a gcuid saoránach agus a spreagann iad chun acmhainní a chur le chéile áit a bhfuil ar chumas barainneachtaí scála na réitigh is fearr a thabhairt.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle um bhunú an tríú Chláir do ghníomh an Aontais i réimse na sláinte (2014-20) lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE.

ACHOIMRE

Is é is cuspóir don gclár sláinte ná sláinte na nEorpach a fheabhsú agus míchothromaíochtaí sláinte a laghdú trí beartais sláinte na mBallstát a chomhlánú ar cheithre shlí. Tá sé ceaptha chun:

  • sláinte mhaith a chur chun cinn agus galar a chosc:ag an bpointe seo dhéanfadh tíortha faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le dul i ngleic le rudaí éagsúla atá ina rioscaí, mar shampla caitheamh tobac, drugaí, mí-úsáid alcóil, cothú míshláintiúil agus stíl bheatha neamhghníomhach;
  • a chinntiú go bhfuil saoránaigh á gcosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann:mar thoradh ar thaisteal agus trádáil idirnáisiúnta d’fhéadfaimis a bheith nochta do réimse níos mó bagairtí sláinte ná mar a bhímis fadó. Tá mearfhreagrairt chomhordaithe ag teastáil chun déileáil lena leithéid ;
  • tacú le nuálaíocht agus inmharthanacht i gcórais sláinte Ballstáit AE:féachann an clár le cabhrú chun inniúlacht a chothú in earnáil na sláinte, na slite is fearr a aimsiú chun níos mó leasa a bhaint as gannacmhainní agus iad siúd lena mbaineann a spreagadh chun glacadh le nuálacha i gcur chuige, cleachtais oibre agus i dteicneolaíochtaí;
  • rochtain ar chúram sláinte ardcháilíochta sábháilte a fheabhsú: ciallaíonn seo mar shampla, go gcinntítear go bhfuil saineolas leighis ar fáil laistiar de theorainneacha náisiúnta trí bhunú líonraí ionad saineolais a spreagadh ar fud an AE.

Gníomhartha a mhaoineofar

Tá cineálacha agus leibhéil éagsúla maoinithe ar fáil faoin rialachán (Airteagal 7). Ní mór do thograí an luach soiléir a thaispeáint a ghabhann le hidirghabháil AE thar caitheamh a dhéanfadh na tíortha aonair (breisluach AE).

Lena chois sin tá rialacha ann do thograí a bhfuil áisiúlacht eisceachtúil acu. Sa chás seo leithdháiltear 30 % ar a laghad de bhuiséad an ghnímh bheartaithe ar na Ballstáit a bhfuil a n-ollioncam náisiúnta in aghaidh an duine níos lú ná 90 % de mheánioncam AE agus má bhíonn 14 thír ar a laghad rannpháirteach sa ghníomh. Ina leithéid de chásanna d’fhéadfadh an AE oiread is 80 % de na costais incháilithe a chur leis.

Níor chóir go sáródh tacaíocht ón AE 60% de chostais incháilithe gnímh a bhaineann le cuspóir an chláir nó atá ar fheidhmiú eagraíochta neamhrialtasaí.

Incháilitheacht

Is féidir le tíortha eile, tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch nó tíortha is iarrthóirí nó iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht den AE chomh maith le tíortha comharsanachta áirithe páirt a ghlacadh sa chlár (féach Airteagal 6).

Buiséad

Don tréimhse 2014-20 beidh maoiniú EUR 450 milliún nach mór ar fáil do thograí incháilithe.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 282/2014

1.1.2014

-

IO L 86 an 21.3.2014

Nuashonrú is déanaí: 28.07.2014

Top