This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Ní mór do mhonaróirí feithiclí a dhearadh ionas gur féidir íostairseacha de chomhpháirteanna agus d’ábhair na bhfeithiclí a athúsáid, a athchúrsáil nó a athshlánú ag deireadh a saolré nádúrtha. Féachtar anseo le dramhaíl ó fheithiclí a bhfuil a ré caite, mar a dtugtar orthu, a laghdú.
Leagtar síos sa treoir rialacha riaracháin agus theicniúla chun a chinntiú go ndéanfar an chuid is mó de chomhpháirteanna agus d’ábhair feithicle a athúsáid, a athchúrsáil nó a athshlánú faoi dheireadh. Cinntíonn an treoir nach mbainfidh aon rioscaí sábháilteachta ná comhshaoil leis na comhpháirteanna athúsáidte.
Tá bearta leagtha amach i reachtaíocht ar leith chun dramhaíl ó fheithiclí a bhfuil a ré caite agus óna gcomhpháirteanna a chosc agus a theorannú, agus chun a chinntiú go ndéantar iad sin a athúsáid, a athchúrsáil nó a athshlánú más féidir.
Cruthaíonn feithiclí a bhfuil a ré caite idir 8 agus 9 milliún tonna de dhramhaíl gach bliain in AE.
Féach feithiclí a bhfuil a ré caite ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Treoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil leis na mótarfheithiclí sin a athúsáid, a athchúrsáil agus a athshlánú agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle
nuashonrú is deireanaí