Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cáilíocht breoslaí peitril agus díosail: sulfar agus luaidhe

ACHOIMRE AR:

Treoir 98/70/CE maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar síos léi caighdeáin ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh peitril agus díosail a úsáidtear i gcarranna, trucailí agus feithiclí eile easbhóthair chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, lena n–áirítear cosc ar luaidhe i bpeitreal agus teorainn ar an gcion sulfair i mbreoslaí díosail.
  • Éilítear léi ar sholáthraithe breosla laghdú 6% a dhéanamh de réir a chéile ar shaolré astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreosla nó ó fhuinneamh a sholáthraítear faoi 2020 i gcomparáid le bunlíne breosla iontaise 2010.
  • Téann sí i gcion ar chumasc breoslaí malartacha de bhunadh neamh-iontaise i gcumaisc pheitril agus díosail a úsáidtear in iompar de bhóthar, chomh maith le holaí gáis a úsáidtear in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é1, tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, árthaí intíre uisce-iompartha agus árthaí áineasa nuair nach bhfuil siad ar muir.

PRÍOMHPHOINTÍ

Peitreal

  • Ní féidir le tíortha AE peitreal a chur ar an margadh ach amháin peitreal a chomhlíonann na sonraíochtaí in Iarscríbhinn I den treoir. Úsáidtear na sonraíochtaí sin agus peitreal a dhíoltar in AE á mhargú.
  • Ní féidir le tíortha AE ach peitreal nach bhfuil ann ach méid beag luaidhe nach féidir é a úsáid ach i sean-fheithiclí a chur ar an margadh. Ní féidir an cion luaidhe a bheith níos airde ná 0.15g/l, agus ní féidir iomlán na ndíolachán a bheith níos mó ná 0.03%.
  • Tá rogha ag roinnt tíortha AE peitreal a chur ar an margadh lena bhfuil brú gaile níos airde i rith an tsamhraidh má tá an teocht chomhthimpeallach íseal nó má tá cumaisc níos airde eatánóil sa pheitreal (a mbíonn brú gaile níos ísle mar thoradh air). Ní mór don Choimisiún Eorpach fad agus inmhianaitheacht na n–eisceachtaí sin a mheas.

Díosal

  • Ní féidir le tíortha AE ach díosal a cloíonn le hIarscríbhinn II a chur ar an margadh. Úsáidtear na sonraíochtaí sin agus díosal a dhíoltar in AE á mhargú.
  • Má chomhlíontar na ceanglais eile go léir in Iarscríbhinn II, beidh tíortha AE ábalta díosal a thabhairt isteach a mbeidh eistir mheitile aigéid shailligh (FAME) níos airde ann, arb iad sin na príomhmhóilíní sa bhreosla bithdhíosail.
  • Níor cheart go mbeadh níos mó ná 10mg/kg sulfair i ndíosal.
  • D’fhéadfadh eisceachtaí áirithe a bheith ag baint leis an riail seo i réigiúin iargúlta agus i dtíortha AE a mbíonn drochaimsir iontu sa gheimhreadh.

Laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa

  • Ceapann tíortha AE an fhreagracht ar sholáthraithe breosla as faireachán agus tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar shaolré astaíochtaí gás ceaptha teasa2 ó bhreosla.
  • Ní mór do sholáthraithe breosla laghdú suas le 10% a dhéanamh ar shaolré astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin , i gcomparáid leis an gcaighdeán bunlíne breosla (atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle). Is éard atá sa laghdú sin sprioc éigeantach 6% de laghdú faoin , sprioc bhreise tháscach de 2% faoin atá le baint amach tríd an gcineál fuinnimh a sholáthraítear le haghaidh iompair agus/nó úsáid aon teicneolaíochta (lena n–áirítear gabháil agus stóráil carbóin) atá in ann saolré na n–astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in aghaidh an aonaid fuinnimh ó bhreosla nó fuinneamh a sholáthraítear; agus sprioc bhreise tháscach de 2% faoin dáta céanna atá le baint amach trí úsáid a bhaint as creidmheasanna a ceannaíodh trí Mheicníocht Ghlanfhorbraíochta Phrótacal Kyoto.

Tuairisciú

  • Gach bliain, faoin 31 Lúnasa, ní mór do thíortha AE faisnéis a thíolacadh maidir le cáilíocht náisiúnta an bhreosla agus maidir leis an laghdú ar dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa bhreoslaí peitril agus díosail a sholáthraítear d’iompar de bhóthar, d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i dtuarascáil ina mbailítear na sonraí ábhartha uile ón mbliain féilire roimhe sin. Ní mór na sonraí a bhailiú ó chóras faireacháin ar cháilíocht an bhreosla i gcomhréir le caighdeáin ábhartha AE. Faoin 31 Lúnasa gach bliain, ní mór do gach tír AE faisnéis a thíolacadh de réir Airteagal 8(1) agus Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE (arna leasú). Éilítear le hAirteagal 8(1) achoimre ar shonraí faireacháin ar cháilíocht an bhreosla a bhailítear le linn na tréimhse ó mhí Eanáir go mí na Nollag den bhliain féilire roimhe sin.Forchuirtear le hAirteagal 7a ceanglais ar sholáthraithe breosla chun déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a sholáthraítear le haghaidh iompair de bhóthar a laghdú.
  • Gach bliain faoin 31 Nollaig, ní mór do thíortha AE faisnéis a thíolacadh maidir lena ndul chun cinn.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin . B’éigean do thíortha AE na rialacha a chur i bhfeidhm ón i leith.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Innealra soghluaiste nach innealra bóthair é: líon mór suiteálacha innill i meaisíní a úsáidtear chun críocha seachas earraí nó paisinéirí a iompar, amhail ollscartairí, comhbhrúiteoirí, lódairí cúil, nó lódairí tosaigh.
  2. tuairisciú ar shaolré astaíochtaí gás ceaptha teasa: tuairisciú ar astaíochtaí CO2, CH4 agus N2O ó eastóscadh, próiseáil agus dáileadh na mbreoslaí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, , lgh. 58-68)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 98/70/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top