Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/125/CE maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar síos léi rialacha comhchuibhithe maidir le comhdhéanamh agus lipéadú bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin1 agus leanaí óga2.
  • Déantar faireachán cúramach ar na táirgí sin toisc go bhféadfadh iarmhair lotnaidicídí3 a bheith iontu a d’fhéadfadh sláinte an ghrúpa leochailigh sin sa daonra a chur i mbaol. Toirmisctear nó rialaítear iarmhair lotnaidicídí ar bhonn na gcainníochtaí uasta incheadaithe nach sáraíonn na luachanna iontógála laethúla inghlactha.
  • Is treoir shonrach í de réir bhrí Threoir 89/398/CEE, treoir ar cuireadh ina hionad Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú (féach an achoimre).
  • Códaítear léi treoracha a bhí ann roimhe sin (96/5/CE, 98/36/CE, 1999/39/CE agus 2003/13/CE).

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cumhdaítear faoin treoir seo bia–ábhair a cheaptar lena n–úsáid chun riachtanais áirithe chothaitheacha naíonán agus leanaí óga a bhfuil sláinte mhaith acu a chomhlíonadh agus atá ceaptha lena n–úsáid ag naíonán le linn iad a scoitheadh den chíoch, agus ag leanaí óga mar fhorlíonadh lena mbia agus/nó dá n–oiriúnú de réir a chéile do ghnáthbhia.

Cuimsítear iontu sin:

  • bianna gránachbhunaithe próiseáilte, atá roinnte sna ceithre chatagóir a leanas:
    • gránaigh shimplí a dhéantar a fhliuchadh nó is gá a fhliuchadh le bainne nó le leachtanna scamhardacha iomchuí eile;
    • gránaigh a bhfuil bia ardphróitéine curtha leo a dhéantar a fhliuchadh nó is gá a fhliuchadh le huisce nó le leacht eile atá saor ó phróitéin;
    • pasta atá le húsáid tar éis cócaireachta in uisce beirithe nó i leachtanna iomchuí eile;
    • roscaí agus brioscaí atá le húsáid go díreach nó, tar éis a bpúdraithe, ach uisce, bainne nó leachtanna eile oiriúnacha a chur leo;
  • bia do naíonáin seachas bianna gránachbhunaithe próiseáilte.

Níl feidhm ag an treoir seo maidir le bainne atá beartaithe do leanaí óga.

Oibleagáid ghinearálta

Ní mór do thíortha AE a áirithiú nach ndíolfar ach táirgí a chomhlíonann an treoir seo.

Comhdhéanamh

  • Ní féidir ach comhábhair atá oiriúnach le haghaidh úsáid chothaitheach ar leith do naíonáin agus do leanaí óga (rud a thagann le sonraí eolaíocha) a úsáid chun na bianna lena mbaineann a mhonarú.
  • Ní mór bianna gránachbhunaithe próiseáilte na critéir maidir le ceanglais chomhdhéanaimh a shonraítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
  • Ní mór bianna do naíonáin a ndéantar cur síos orthu in Iarscríbhinn II na critéir maidir le ceanglais chomhdhéanaimh a shonraítear inti a chomhlíonadh.
  • Ní fhéadfar ach na substaintí cothaitheacha atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a chur leo i monarú bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin laistigh de na huasteorainneacha atá leagtha síos sa treoir. Ní mór na critéir íonachta do na substaintí sin a leagan síos tráth níos déanaí.
  • Ní fhéadfaidh aon substaint a bheith i mbianna gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbia do naíonáin lena gcuirfí sláinte naíonán agus leanaí óga i mbaol (féach Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006) (féach an achoimre).

Lipéadú

I dteannta leis na sonraí sainordaitheacha a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 (féach an achoimre), ní mór an fhaisnéis seo a leanas bheith sa lipéadú:

  • an aois ónar féidir an táirge a úsáid, nach lú é ná 4 mhí. Féadfaidh táirgí a mholtar le húsáid ó 4 mhí d’aois a léiriú go bhfuil siad oiriúnach lena gcaitheamh ón aois sin mura dtugann daoine a bhfuil cáilíochtaí acu sa leigheas, sa chothú etc. a mhalairt de chomhairle;
  • láithreacht nó neamhláithreacht glútain má tá an aois shonraithe óna bhféadfar an táirge a úsáid faoi bhun 6 mhí;
  • an luach fuinnimh infhaighte (i kJ agus kcal) agus an cion próitéine, carbaihiodráite agus lipide (i bhfoirm uimhriúil) in aghaidh 100 g nó 100 ml den táirge mar a dhíoltar é agus, nuair is iomchuí, in aghaidh chainníocht shonraithe an táirge mar a mholtar lena chaitheamh;
  • meánchainníocht gach substainte mianraí agus gach vitimín á rialú le leibhéal sonrach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II faoi seach, arna shloinneadh i bhfoirm uimhriúil, in aghaidh an 100 g nó 100 ml den táirge mar a dhíoltar é agus, nuair is iomchuí, in aghaidh chainníocht shonraithe an táirge mar a mholtar lena chaitheamh;
  • treoracha maidir le hullmhú cuí, nuair is gá, agus ráiteas maidir leis an tábhacht a bhaineann leis na dtreoracha sin a leanúint.

Féadfaidh sonraí neamh-shainordaitheacha a bheith san áireamh sa lipéadú sin:

  • méanchainníocht na gcothaitheach arna leagan amach in Iarscríbhinn IV (i bhfoirm uimhriúil) in aghaidh 100 g nó 100 ml den táirge mar a dhíoltar é agus, nuair is iomchuí, in aghaidh chainníocht shonraithe an táirge mar a mholtar lena chaitheamh;
  • faisnéis faoi vitimíní agus mianraí a thaispeántar in Iarscríbhinn V (mar chéatadán de na luachanna tagartha a thugtar ann) in aghaidh an 100 g nó 100 ml den táirge mar a dhíoltar é, agus nuair is iomchuí, in aghaidh chainníocht shonraithe an táirge mar a mholtar lena chaitheamh, ar an gcoinníoll go bhfuil na cainníochtaí atá ann cothrom le 15 % ar a laghad de na luachanna tagartha.

Uasleibhéil lotnaidicídí

  • Leagtar síos sa Treoir seo an t–uasleibhéal iarmhair lotnaidicídí incheadaithe i mbianna gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbianna do naíonáin ag 0.01 mg/kg, ach amháin i gcás substaintí áirithe a bhfuil a dteorainn leagtha síos in Iarscríbhinn VI.
  • Ní mór modhanna anailíse caighdeánaithe a úsáid chun láithreacht iarmhair lotnaidicídí a fháil amach.

Lotnaidicídí toirmiscthe

  • Toirmisctear leis an treoir seo lotnaidicídí áirithe a úsáid i dtáirgí talmhaíochta atá ceaptha do bhianna do naíonáin (liosta in Iarscríbhinn VII).
  • Maidir le lotnaidicídí nó meitibilítí lotnaidicídí ar an liosta sin, d’fhéadfadh an leibhéal uasta 0.01 mg/kg a bheith iomarcach do naíonáin agus do leanaí óga. Is amhlaidh atá i gcás lotnaidicídí nó meitibilítí lotnaidicídí a bhfuil iontógáil laethúil inghlactha níos ísle ná meáchan coirp 0.0005 mg/kg acu.
  • Is é 0.003 mg/kg teorainn chainníochtú na modhanna anailíse. Ag an leibhéal sin, meastar nár úsáideadh lotnaidicídí. Féadfar an teorainn sin a athrú i bhfianaise an dul chun cinn sa teicniúil nó sonraí ar éilliú comhshaoil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Naíonáin: leanaí faoi bhun 12 mhí d’aois.
  2. Leanaí óga: leanaí idir 1 agus 3 bliana d’aois.
  3. Iarmhair lotnaidicídí: iarmhair táirge cosanta plandaí i mbianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna naíonán, lena n–áirítear a meitibilítí (táirgí idirmheánacha a cruthaíodh le linn meitibileacht ceall) agus táirgí a bhíonn mar thoradh ar a dhíghrádú nó a imoibriú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún an maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga (Leagan códaithe) (IO L 339, , lgh. 16-35)

nuashonrú is deireanaí

Top