This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 lena gcruthaítear líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Tá sé mar aidhm leis comhar foirmiúil a bhunú trí líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce (ILOanna)* a chur ar bun.
PRÍOMHPHOINTÍ
Úsáideann go leor tíortha AE ILOanna lena n-údaráis chonsalacha i dtíortha neamh-AE. Le ról an ILO áirítear teagmhálacha díreacha a choimeád leis na húdaráis sa tír aíochta chun malartuithe faisnéise a éascú maidir le:
Ní mór do thíortha AE a chéile a chur ar an eolas, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas maidir lena n-iasachtaí d’oifigigh idirchaidrimh inimirce.
Cruthaíonn ILOanna a imscartar chuig an tír chéanna líonraí áitiúla ina ndéanann siad an méid a leanas, go sonrach:
Tionóltar cruinnithe ar thionscnamh thír AE a bhfuil uachtaránacht na Comhairle aici nó ar thionscnamh thíortha eile AE. Bíonn ionadaithe ón gCoimisiún agus ón nGarda Teorann agus Cósta Eorpach rannpháirteach iontu ach amháin má éilítear go ndéantar cruinnithe a thionól gan iad a bheith i láthair de bharr nithe a bhaineann le cúrsaí oibriúcháin.
Féadfaidh tíortha AE a aontú go déthaobhach nó go hiltaobhach go dtugann ILOanna atá curtha ar post ag tír AE aire do leasanna thír AE amháin nó níos mó chomh maith. Féadfaidh siad a chinneadh freisin tascanna áirithe a chomhroinnt eatarthu féin.
Ag deireadh gach seimeastair, dréachtaíonn tír AE ina bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh á sealbhú tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún ar ghníomhaíochtaí na ILOanna sna tíortha agus sna réigiúin a bhfuil suim ar leith ag an Aontas Eorpach iontu maidir le hinimirce. Déantar an tuarascáil sin a dhréachtú de réir samhla a chuirtear ar fáil i gCinneadh 2005/687/CE ón gCoimisiún. Ar bhonn na tuarascála sin, dréachtaíonn an Coimisiún achoimre bhliantúil ansin ar fhorbairt na líonraí ILO.
Measúnú agus athmhúnlú beartaithe ar an rialachán
I dteachtaireacht 2017 ón gCoimisiún i ndáil le Seachadadh an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce dearbhaíodh an gá leis an rialachán a athbhreithniú. Bhí sé sin mar thoradh ar mheasúnú arna dhéanamh ag comhairleoirí seachtracha a sholáthair a thuarascáil deiridh i mí Lúnasa 2017. Baineadh an méid seo a leanas de thátal as an measúnú:
Moladh ann freisin nach raibh breisluach na ILOanna ar an leibhéal Eorpach a imscaradh i dtíortha neamh-AE bainte amach go hiomlán.
Dá bhrí sin, d’eisigh an Coimisiún togra chun an rialachán a athmhúnlú i mí na Bealtaine 2018.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 5 Eanáir 2004.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 an 19 Feabhra 2004 ón gComhairle maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 64, 2.3.2004, lgh. 1-4)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 377/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le líonra Eorpach d’oifigigh idirchaidrimh inimirce a chruthú (athmhúnla) (COM (2018) 303 críochnaitheach, 16.5.2018)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Seachadadh an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce (COM(2017) 558 críochnaitheach, 27.9.2017)
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lgh. 1-76)
Cinneadh 2005/687/CE ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2005 maidir le formáid na tuarascála i ndáil le gníomhaíochtaí na líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce agus ar an staid sa tír aíochta i gcúrsaí a bhaineann le hinimirce neamhdhleathach (IO L 264, 8.10.2005, lgh. 8-15)
Nuashonraithe 16.01.2019