Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An comhaontú eitlíochta Eora-Mheánmhara idir AE agus an Iordáin

 

ACHOIMRE AR:

An comhaontú eitlíochta Eora-Mheánmhara idir AE agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Iordáin, den pháirt eile

Cinneadh 2012/750/AE maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Iordáin, den pháirt eile

Cinneadh (AE) 2020/953 lena dtugtar i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, comhaontú eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Iordáin, den pháirt eile

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Leis an gcomhaontú osclaítear an margadh d’eitiltí díreacha d’aerlínte uile an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine idir an tAontas Eorpach (AE) agus an Iordáin.
  • Foráiltear leis creat rialála freisin agus leagtar amach leis caighdeáin do raon leathan saincheisteanna eitlíochta, amhail sábháilteacht eitlíochta, cearta slándála paisinéirí, bainistíocht aerthráchta, rialáil eacnamaíoch, saincheisteanna iomaíochta agus gnéithe sóisialta.
  • Le Cinneadh 2012/750/AE údaraíodh síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe.
  • Tugtar an comhaontú thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/953.

PRÍOMHPHOINTÍ

Clúdaítear 3 phríomhréimse comhair sa chomhaontú.

  • 1.

    Rialacha eacnamaíocha

    Leagtar amach sa chomhaontú rialacha maidir le roinnt gnéithe den chomhar eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an Iordáin, lena n–áirítear:

    • cearta tráchta — lena n–áirítear an ceart neamhtheoranta chun eitilt idir an tAontas Eorpach agus an Iordáin nó thar chríoch an pháirtí eile nó stop a dhéanamh i gcríoch an pháirtí eile chun cuspóirí neamhthráchta;
    • údaruithe — d’aeriompróirí gach páirtí chun oibriú i gcríoch an pháirtí eile;
    • aitheantas cómhalartach ar chinntí maidir le hoiriúnacht aeriompróra agus saoránacht;
    • rialacha chun iomaíocht chóir a áirithiú agus chun gníomhaíochtaí gnó a éascú;
    • rialacha maidir le muirir úsáideoirí as saoráidí agus seirbhísí aerfoirt agus eitlíochta.

    Ceadaítear leis an gcomhaontú do chánachas ar bhreosla le húsáid ar bhealaí laistigh den Aontas Eorpach agus laistigh den Iordáin.

  • 2.

    Comhar rialála (sábháilteacht eitlíochta, slándáil agus bainistíocht aerthráchta)

    Ní mór don dá pháirtí:

    • reachtaíocht áirithe sábháilteachta AE a chomhlíonadh, mar atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú;
    • comhoibriú ar shlándáil agus na caighdeáin atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú a chomhlíonadh;
    • comhoibriú i mbainistíocht aerthráchta d’fhonn an tAerspás Eorpach aonair a leathnú chun na hIordáine agus cloí le reachtaíocht AE maidir le bainistíocht aerthráchta, mar atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú.
  • 3.

    Rialacha institiúideacha (riarachán agus forfheidhmiú)

    • Tá gach páirtí freagrach as rialacha an chomhaontaithe ar a chríoch a fhorfheidhmiú.
    • comhchoiste ar a bhfuil ionadaithe ón dá pháirtí, agus a thagann le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad, freagrach as an gcomhaontú a riar agus as a chur chun feidhme go cuí.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 2 Lúnasa 2020.

CÚLRA

Tá sé seo ar cheann de roinnt comhaontuithe déthaobhacha lena neartaítear caidreamh aeir idir an tAontas Eorpach agus tíortha comharsanachta i gcomhthéacs theachtaireacht an Choimisiúin Eorpaigh maidir le forbairt an chláir oibre do bheartas eitlíochta seachtrach an Aontais Eorpaigh.

Féach chomh maith:

PRÍOMHDHOICIMÉID

An Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile (IO L 334, 6.12.2012, lgh. 3-30)

Cinneadh 2012/750/AE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais Bhallstát, ag teacht le chéile dóibh laistigh den Chomhairle an 15 Deireadh Fómhair 2010 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile (IO L 334, 6.12.2012, lgh. 1-2)

Cinneadh (AE) 2020/953 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2020 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile (IO L 212, 3.7.2020, lgh. 12-13)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 132, 21.5.2016, lgh. 81-84)

Cinneadh (AE) 2016/803 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 ar shíniú, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, agus cur i bhfeidhm sealadach Prótacail lena leasaítear Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 132, 21.5.2016, lgh. 79-80)

Cinneadh (AE) 2020/899 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2020 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 207, 30.6.2020, lgh. 1-2)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile (IO L 277, 26.8.2020, lch. 4)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Beartas Eitlíochta Seachtraí an Aontais Eorpaigh — Ag Tabhairt Aghaidh ar Dhúshláin sa Todhchaí (COM(2012) 556 críochnaitheach, 27.9.2012)

Teachtaireacht ón gCoimisiún — An clár oibre a fhorbairt do bheartas eitlíochta seachtrach an Chomhphobail (COM(2005) 79 críochnaitheach, 11.3.2005)

Nuashonraithe 26.10.2020

Top