Conradh Amstardam
ACHOIMRE AR:
Conradh Amstardam lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach
CAD IS AIDHM LEIS AN GCONRADH?
PRÍOMHPHOINTÍ
Leagtar síos leis an gconradh na haidhmeanna a leanas do AE:
- dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn, mar aon le leibhéal ard fostaíochta agus forbairt inbhuanaithe agus chothrom;
- féiniúlacht AE a dhearbhú ar an ardán idirnáisiúnta;
- cearta agus leasanna náisiúnaigh AE a threisiú;
- AE a choinneáil agus a fhorbairt mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais;
- corpas dlí AE (ar a dtugtar an acquis communautaire) a choinneáil agus a fhorbairt.
Comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES)
- Déantar é sin a threisiú ar na bealaí a leanas:
- comhstraitéisí, gníomhaíochtaí comhpháirteacha, comhsheasaimh agus comhar níos córasaí a éascú idir thíortha AE;
- na saincheisteanna uile a bhaineann le slándáil AE a chuimsiú, lena n-áirítear forbairt fhorchéimnitheach comhbheartais chosanta, laistigh den CBES;
- naisc níos dlúithe a fhorbairt leis an eagraíocht cosanta, Aontas Iarthar na hEorpa;
- ceanglas a chur ar Bhallstáit a seasaimh in eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhordú, go háirithe na Náisiúin Aontaithe;
- post a chruthú mar Ard-Ionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála — ról a tugadh d’Ard-Rúnaí na Comhairle;
- aonad réamhrabhaidh agus pleanála beartais a chur ar bun.
Comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla
- áirítear an méid a leanas le comhar póilíneachta:
- cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;
- faisnéis ábhartha a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú, agus a mhalartú;
- comhthionscnaimh oiliúna agus malartuithe oifigeach a eagrú;
- teicnící imscrúdaithe a mheasúnú, go háirithe chun coireacht eagraithe a bhrath;
- leas a bhaint as acmhainní Europol i réimsí amhail idirchaidreamh idir ionchúisitheoirí agus imscrúdaitheoirí agus líonra taighde, doiciméadúcháin agus staidrimh a chur ar bun maidir le coireacht laistigh de AE.
- áirítear an méid a leanas le comhar breithiúnach:
- eiseachadadh (an mheicníocht trína n-iarrann stáit go gcuirfí daoine ar ais ó stáit eile nuair a chuirtear cionta coiriúla ina leith nó go bhfuil siad ag teastáil chun pianbhreith a chomhlíonadh) idir thíortha AE a éascú;
- comhoiriúnacht idir rialacha náisiúnta a áirithiú;
- easaontachtaí dlínse a chosc;
- íosrialacha a chur ar bun maidir le gníomhartha coiriúla agus pionóis i leith coireacht eagraithe, sceimhlitheoireachta agus gáinneáil aindleathach ar dhrugaí.
Comhar níos dlúithe
Féadfaidh rialtais AE ar mian leo oibriú níos dlúithe le chéile i réimsí áirithe beartais é sin a dhéanamh, ar an gcoinníoll go mbaineann na nithe a leanas leis an gcomhar sin:
- cuirtear aidhmeanna agus leasanna AE chun cinn leis agus tugtar aird ar a phrionsabail;
- úsáidtear é mar rogha dheireanach;
- tá tromlach na dtíortha ar a laghad ina dtíortha AE;
- níl tionchar aige ar chorpas dlí AE;
- tugtar meas ar inniúlachtaí, cearta, oibleagáidí agus leasanna tíortha neamh-rannpháirteacha ann.
Víosaí, tearmann, inimirce agus beartais eile a bhaineann le saorghluaiseacht daoine
- Aistrítear na beartais sin ó chomhar idir-rialtais i dtreo is go mbeidh siad ina gcuid de ghnáth-chinnteoireacht AE. Ní mór do rialtais AE bearta a ghlacadh, laistigh de 5 bliana, chun an méid a leanas a bhaint amach:
- dul i ngleic le coireacht agus í a chosc, fad is a ndéantar cearta náisiúnaigh neamh-AE a chosaint;
- comhar riaracháin agus breithiúnach a threisiú;
- caighdeáin agus nósanna imeachta le haghaidh seiceálacha ag teorainneacha seachtracha AE;
- rialacha a chur ar bun le haghaidh víosaí;
- na critéir agus meicníochtaí a chinneadh chun plé le hiarratais ar thearmann.
- Tá Comhaontú Schengen ar thaisteal gan phas laistigh den AE corpraithe i gcóras dlí AE (cé nach bhfuil an Ríocht Aontaithe (1) ná Éire rannpháirteach sna socruithe sin).
Fostaíocht
- Déantar tiomantas AE d’ardleibhéal fostaíochta a threisiú ar na bealaí seo a leanas:
- an aidhm sin a chur san áireamh agus gníomhaíochtaí agus beartais uile AE á ndréachtú agus á gcur chun feidhme;
- tuarascáil bhliantúil a chur isteach lena measúnú ag ceannairí AE;
- ceanglas a chur ar gach rialtas faisnéis a chur ar fáil uair sa bhliain maidir leis an ngníomh a ghlac sé ar mhaithe le hardleibhéal fostaíochta;
- coiste fostaíochta comhairleach a chruthú.
Saincheisteanna institiúideacha
- Nós imeachta reachtach
- rinneadh nós imeachta na comhchinnteoireachta, ina ndéanann rialtais AE, trí vótáil tromlaigh cháilithe, agus Parlaimint na hEorpa reachtaíocht a ghlacadh go comhpháirteach, a leathnú go tromlach na réimsí beartais agus tá rialacha soiléire curtha ar bun chun plé le haon díospóidí trí choiste idir-réitigh.
- Parlaimint na hEorpa
- tá uasteorainn de 700 feisire ann;
- dréachtaíonn sí tograí le haghaidh nós imeachta aonfhoirmeach maidir le toghcháin Eorpacha;
- cuireann sí rialacháin agus coinníollacha ginearálta ar bun maidir le dualgais a bhfeisirí;
- vótálann sí chun ceapadh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus an Choimisiúin féin mar chomhlacht a fhaomhadh.
- An Coimisiún Eorpach
- in AE ina bhfuil suas le 20 ball, bheadh Coimisinéir ag gach tír, ar an gcoinníoll gur comhaontaíodh ualú náisiúnta na vótaí sa Chomhairle;
- ní mór athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar leagan amach institiúideach AE bliain amháin ar a laghad sula dtagann an 21ú Ballstát isteach.
Smachtbhannaí
Féadfaidh rialtais AE na cearta atá ag Ballstát de réir an chonartha a bhaint, lena n-áirítear an ceart chun vótála maidir le dréachtreachtaíocht, má mheastar go ndearna sé “sárú tromchúiseach agus leanúnach” ar bhunphrionsabail AE.
Simpliú
Déantar conarthaí éagsúla AE a shimpliú leis an gconradh trí bhreis agus 50 alt atá as feidhm a leasú nó a scriosadh agus athuimhriú a dhéanamh ar an gcuid eile díobh i dtreo is go mbeadh siad níos inléite.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?
Síníodh é an 2 Deireadh Fómhair 1997 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 1999.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Conradh Amstardam lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach, na Conarthaí lena mbunaítear na Comhphobail Eorpacha agus gníomhartha gaolmhara áirithe (IO C 340, 10.11.1997, lgh. 1-144)
Nuashonraithe 04.04.2018
Top