Cúnamh airgeadais sa Phortaingéil
ACHOIMRE AR:
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/344/AE — Cúnamh airgeadais AE don Phortaingéil
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
D’fhaomh sé an clár coigeartaithe eacnamaíoch don Phortaingéil. Áiríodh leis sin pacáiste airgeadais 3 bliana d’iasachtaí suas le EUR 78 billiún ó phunann deontóirí, lena n–áirítear an tAontas Eorpach (AE).
PRÍOMHPHOINTÍ
- Ar an 17 Bealtaine 2011, d’aontaigh AE gur theastaigh €78 billiún i gcúnamh airgeadais ón bPortaingéil idir 2011 agus lár 2014. Bhí an cistiú le cur ar fáil ina 14 thráthchuid ar a mhéad trí:
- Le linn shaolré an chláir, soláthraíodh €24.3 billiún tríd ón Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach, €26 billiún ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíochta Airgeadais agus €26.5 billiún ó CAI.
- Éilíodh sa chomhaontú airgeadais a leagadh síos sa chlár coigeartaithe eacnamaíoch don Phortaingéil ar an rialtas na rudaí seo a leanas a chur i bhfeidhm:
- athchóirithe struchtúracha d’fhonn borradh a chur faoi fhás féideartha, poist a chruthú agus iomaíochas a fheabhsú;
- straitéis comhdhlúthaithe fioscaigh inchreidte agus cothrom le smacht níos fearr ar chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus ar fhiontair faoi úinéireacht stáit d’fhonn easnamh na tíre a laghdú go dtí 3% den olltáirgeacht intíre faoin mbliain 2013;
- straitéis don earnáil airgeadais bunaithe ar athchaipitliú* agus díghiaráil*.
- I mí an Mheithimh 2014, tháinig deireadh leis an gclár cúnaimh.
- Tá an Phortaingéil faoi réir fhaireachas iarchláir AE anois. Faoin bhfaireachas sin, déanfaidh an Coimisiún Eorpach, ag obair leis an mBanc Ceannais Eorpach, an méid seo a leanas:
- cuairteanna rialta ar an tír chun measúnú a dhéanamh ar a sláinte eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais;
- ullmhóidh sé tuarascálacha leathbhliantúla chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus cinneadh cibé an bhfuil gá le bearta breise.
- Leanfar den fhaireachas go dtí go mbeidh 75 % ar a laghad de na hiasachtaí a fuair sí íoctha ar ais ag an bPortaingéil. Leanfar den fhaireachas iarchláir go dtí 2026 ar a laghad.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tá sé i bhfeidhm ón 24 Bealtaine 2011.
CÚLRA
- Ar an 11 Bealtaine 2010, d’aontaigh an tAontas Eorpach sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach a chruthú — an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (Rialachán (AE) Uimh. 407/2010). Cuireann sé sin ar chumas an Choimisiúin iasachtaí a fháil ar na margaí airgeadais agus na fáltais a thabhairt ar iasacht do thír thairbhíoch óna dteastaíonn tacaíocht airgeadais.
- D’iarr an Phortaingéil, i ndiaidh di íosghrádú a fháil ó ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus gan í in ann airgead a chruinniú ag rátaí inbhuanaithe, cúnamh ón Aontas Eorpach agus ó CAI an 7 Aibreán 2011.
- Baineadh leas as an sásra freisin chun cuidiú le hÉire agus leis an gGréig.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Athchaipitliú. Fiachas agus cothromas cuideachta a athstruchtúrú, d’fhonn a struchtúr caipitiúil a dhéanamh níos cobhsaí.
Díghiaráil. An leibhéal fiachais a laghdú trí shócmhainní a dhíol.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/344/AE ón gComhairle an 30 Bealtaine 2011 maidir le cúnamh airgeadais an Aontais a dheonú don Phortaingéil (IO L 159, 17.6.2011, lgh 88-92).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh Cur Chun Feidhme 2011/344/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (IO L 118, 12.5.2010, lgh 1-4).
Féach an leagan comhdhlúite
Nuashonraithe 02.06.2022
Top