EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021DC0811

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Creat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí

COM/2021/811 final

Strasbourg, 14.12.2021

COM(2021) 811 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Creat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí

{SWD(2021) 470 final}


Réamhrá

1.Tá an Eoraip ar cheann de na réigiúin is uirbithe ar domhan 1 , réigiún ina bhfuil éagsúlacht mhór bailte agus cathracha atá ina moil thábhachtacha don ghníomhaíocht eacnamaíoch agus shóisialta. Maidir le pleanáil uirbeach agus an caighdeán maireachtála uirbeach, is minic dar leis an gcuid eile den domhan gur áiteanna tarraingteacha iad ar chathracha na hEorpa chun cuairt a thabhairt orthu, chun cónaí agus staidéar, obair agus gnó a dhéanamh iontu, cathracha arb iad an tsoghluaisteacht agus an córas iompair na príomhchumasóirí atá iontu. Mar phríomhphointí nasc, tá na cathracha ar na príomhchodanna den ghréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T), is é sin cnámh droma an Limistéir Iompair Eorpaigh Aonair, agus iad ríthábhachtach i margadh aonair atá ag feidhmiú go maith. Is iomaí cathair san Eoraip atá chun cinn ar chathracha an domhain ó thaobh nuálaíocht iompair de, sin agus pleanáil maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe, mar aon le spriocanna uaillmhianacha i dtaobh leis an tsábháilteacht ar na bóithre a chur chun feidhme.

2.Mar sin féin, tá dúshláin mhóra fós le sárú ag na cathracha chun a gcóras soghluaisteachta agus iompair a fheabhsú tuilleadh. San am céanna, ní mór dóibh dul i ngleic go hiomlán leis na hiarmhairtí diúltacha a bhaineann leis an iompar ar an tsochaí, ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol, eadhon cruthú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailliú an aeir, fadhb an torann, brú tráchta agus timpistí marfacha ar na bóithre. Is dúshláin iad seo – maille leis an bhfís i leith an bhealaigh atá romhainn – a cuireadh i bhfios sa Mhargadh Glas don Eoraip 2 an Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú, sa an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (SSMS) 3 , pacáiste Fit for 55 4 , agus Plean na hEorpa 5 chun an Ailse a Shárú 6 .

3.Tharraing Comhdháil na bPáirtithe i gComhaontú Pháras (COP26) aird ar chur chun feidhme na ngealltanas idirnáisiúnta maidir leis an aeráid, rud atá a dhéanamh ag an Aontas sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Is féidir don tsoghluaisteacht uirbeach cuidiú leis an scéal go mór, ní hamháin tríd an méid mór astaíochtaí gás ceaptha teasa atá mar thoradh uirthi a laghdú, ach freisin trí laghdú a chur ar an méid den truailliú, den bhrú tráchta, agus den chontúirt arb í is údar leo. Faoi mar a dhearbhaítear le Plean an Aontais um Sprioc Aeráide 2030 7 , ní bhainfear amach ach cuid de na cuspóirí sin má úsáidtear feithiclí atá saor ó astaíochtaí sa chomhthéacs uirbeach. Ba cheart tosaíocht shoiléir a thabhairt ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil don iompar poiblí, siúl agus rothaíocht a fhorbairt, chomh maith le seirbhísí soghluaisteachta a bheadh comhroinnte nasctha.

4.Is gné ríthábhachtach den chuimsiú sóisialta í an tsoghluaisteacht, agus is tábhachtach an eilimint chinntitheach í i gcás folláine an duine, go háirithe i gcás grúpaí faoi mhíbhuntáiste. Aithníonn Colún Eorpach na gCeart Sóisialta gur seirbhís riachtanach atá san iompar, agus is bunriachtanas é chun na saoránaigh a chumasú agus iad féin a lánpháirtiú sa tsochaí agus sa mhargadh saothair, ach is rud é a gcaitheann an teaghlach airgead mór air freisin. Tá nascacht fheabhsaithe agus oscailt an mhargaidh tar éis cabhrú le líonraí iompair a nascadh, an tAontas Eorpach a thabhairt le chéile agus é a dhéanamh níos inláimhsithe agus níos inrochtana don taistealaí. Leagtar béim chomh maith ar na cuspóirí sin sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo na neodrachta 8 aeráide a áirithiú, lena gcuirtear creat coiteann ar fáil agus comhthuiscint ar bheartais chuimsitheacha agus ar infheistíochtaí cuimsitheacha a bhfuil gá leo chun a áirithiú gur aistriú cothrom é, an t-iompar san áireamh.

5.Ar thaobh amháin, den scéal, chuir paindéim COVID-19 isteach go mór ar shoghluaisteacht agus iompar. Ar an taobh eile den scéal, tá cathracha á múnlú ag an bpaindéim chun feabhas a chur ar bhonneagar na soghluaisteachta gníomhaí. Dá bhrí sin, tá géarghá i ndeireadh na paindéime le córas soghluaisteachta uirbí a bheidh níos athléimní, níos cliste agus níos inbhuanaithe, rud atá an-tábhachtach freisin d’athléimneacht fhoriomlán an chórais iompair agus an gheilleagair. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, geallfar go mbeidh nóid uirbeacha níos inbhuanaithe ann, nóid ina mbeidh caighdeán saoil níos fearr ag na daoine, sin agus nascacht níos fearr, inacmhainneacht agus inrochtaineacht ar sheirbhísí soghluaisteachta do cheantair uirbeacha agus do na ceantair tuaithe máguaird. Chun an t-athrú mór a bhaint amach i dtaca le soghluaisteacht uirbeach, tá gá le gníomhaíocht agus infheistíocht mhór go luath ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus go háirithe ar an leibhéal áitiúil.

6.Dhírigh pacáiste 9 na soghluaisteachta uirbí 2013 ar ghníomhaíocht chomhpháirteach áitiúil, náisiúnta agus Eorpach a spreagadh chun freagairt do na dúshláin shochaíocha sin. Leagadh béim sa mheastóireacht 10 ar roinnt mhaith saincheisteanna, go háirithe an easpa glactha ar fud an Aontais le pleananna 11 maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe (SUMPanna), ós gné lárnach den chur chuige iad. I measc na saincheisteanna eile, bhí easpa sonraí maidir le soghluaisteacht uirbeach a bhailiú go comhsheasmhach agus an gá atá le creat rialachais AE níos fearr a mbeadh baint níos iomláine leis ag na Ballstáit, ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla. Ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil d’údaráis áitiúla chun straitéisí iompair trasteorann a nascadh ar bhealach níos fearr le pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe, fothú acmhainneachta agus oiliúint, agus pleanáil uirbeach níb fhearr. Dá bhrí sin, tá gá le tuilleadh díchill ionas go n-éireoidh le bailte agus cathracha na hEorpa laghdú a chur ar na gáis cheaptha teasa, ar astaíochtaí truaillithe an aeir, ar an mbrú tráchta, sin agus ar líon na dtimpistí bóthair.

7.Braitheann an Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) ar shoghluaisteacht uirbeach do nasc ‘an chéad mhíle’ agus nasc an mhíle dheireanaigh’ i gcás paisinéirí agus lasta araon. Ní mór do na cathracha agus na réigiúin ról níos mó fós a bheith acu sa TEN-T amach anseo chun feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht agus ar an sreabhadh iompair. Is féidir sin a bhaint amach má áirithítear go bhfeidhmeoidh nóid uirbeacha ar bhealach níos fearr sa chreat foriomlán, agus má áirithítear gur fearr an bhaint a bheidh ag na húdaráis áitiúla le rialachas an TEN-T.

8.Dá bhrí sin, d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí aeráide, comhshaoil, digiteacha, sláinte agus sochaíocha an Aontais, cuspóirí atá ag éirí níos uaillmhianaí de réir a chéile, ní mór don Aontas gníomhú ar bhealach níos cinntithí maidir le soghluaisteacht uirbeach chun an t-aistriú ón gcur chuige atá ann faoi láthair, rud atá bunaithe ar an sreabhadh tráchta, chuig cur chuige atá bunaithe ar dhaoine agus ar earraí a iompar  ó áit go chéile ar bhealach níos inbhuanaithe. Ciallaíonn sé sin go mbeidh cnámh droma níos láidre i gcomhar/iompar poiblí, roghanna soghluaisteachta gníomhaí níos fearr (e.g. siúl, rothaíocht) agus lóistíocht uirbeach éifeachtach atá saor ó astaíochtaí agus seachadadh ar feadh an mhíle dheiridh. Cé gur cheart go mbeadh an ilmhódúlacht sin mar threoirphrionsabail againn maidir leis an tsoghluaisteacht uirbeach, beidh an tsoghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe ina príomhchuid den aistriú chuig todhchaí uirbeach a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de agus a chuirfidh ar chumas na gceantar tuaithe agus fo-uirbeacha ceangal inbhuanaithe a dhéanamh leis na cathracha. Tá gá le bainistiú níos fearr ar an iompar agus ar an tsoghluaisteacht trí úsáid a bhaint as moil ilmhódacha agus réitigh dhigiteacha chun éifeachtúlacht ar fud an chórais a mhéadú.

creat nua an Aontais don tsoghluaisteacht uirbeach 

9.Chun an t-aistriú chuig soghluaisteacht uirbeach a bheidh sábháilte, inrochtana, cuimsitheach, cliste, athléimneach agus saor ó astaíochtaí a bhaint amach, ní mór díriú go soiléir ar shoghluaisteacht ghníomhach, chomhchoiteann agus chomhroinnte a mbeidh réitigh astaíochtaí ísle agus saor ó astaíochtaí mar bhonn faoi mar aistriú. Dá bhrí sin, caithfear dlús a chur le gníomhaíocht mhéadaithe agus bhrostaithe agus le hinfheistíochtaí nua; Agus ní mór díriú go háirithe ar iompar poiblí, ar an ilmhódúlacht agus ar bhonneagar na soghluaisteachta gníomhaí. Bainfear é sin amach ach na huirlisí atá ann cheana a neartú, agus iad a chomhlánú maille le huirlisí nua. Bunaithe ar anailís chríochnúil, tá creat nua de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh soghluaisteacht uirbeach á chur i láthair anseo chun tacú le Ballstáit, réigiúin, cathracha agus páirtithe leasmhara eile an claochlú is gá a dhéanamh.

1.1Cur chuige treisithe i leith nóid uirbeacha TEN-T

10.Is gnéithe tábhachtacha de ghréasán TEN-T dea-fheidhmiúil iad na cathracha. Mar sin féin, scrogaill ghréasáin, naisc atá in easnamh agus drochnaisc, sin trí dhúshláin mhóra i gcomhtháthú na nód uirbeacha i ngréasán TEN-T.

Paisinéirí

11.An tábhacht a bhaineann leis na nóid uirbeacha, ní rud é do na daoine nach bhfuil cónaí orthu i mbailte agus i gcathracha freisin. Tá thart ar aon trian den daonra ina gcónaí i sráidbhailte, i mbailte beaga agus i gceantair fho-uirbeacha ar imeall na gcathracha, agus is minic iad ag brath ar charranna príobháideacha chun teacht ar nóid uirbeacha in aice láimhe chun dul ag obair nó dul ar scoil, ar ócáidí sóisialta, nó chun taisteal nó siopadóireacht a dhéanamh. Ciallaíonn sé sin, áfach, go mbíonn brú tráchta agus truailliú leanúnach i ndán do chathracha, agus go bhfuil líon mór gluaisteán ag teacht isteach agus ag fágáil gach lá, rud a mbíonn droch-iarmhairtí aige ar shábháilteacht na mbóithre. Ar an gcuma chéanna, tá dúshláin roimh an iompar poiblí chun dul i ngleic leis an éileamh mór le linn buaicuaireanta, agus d’fhéadfadh bacainní a bheith ann do na gréasáin iarnróid agus bóithre, traenacha, tramanna, busanna agus an meitreo atá plódaithe, rud a chuireann bac ní hamháin ar shreabhadh an tráchta sa nód uirbeach ach ar ghréasán iomlán TEN-T.

12.Aithníodh ar leibhéal an Aontais go bhfuil gá le nascacht éifeachtúil chuimsitheach idir ceantair tuaithe, fho-uirbeacha agus uirbeacha trí roghanna soghluaisteachta inbhuanaithe 12 . Áirítear leis sin naisc chomhtháite idir limistéir thuaithe, fho-uirbeacha agus uirbeacha i bpleanáil an ghréasáin TEN-T agus naisc idir na ceantair sin agus na cathracha sin. Tá gá le bonneagar níos oiriúnaí chun sciar an iompair phoiblí a mhéadú. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbeidh moil ilmhódacha ann le stáisiúin/stopanna atá idirnasctha go héifeachtach le hiarnróid uirbeacha, an meitreo, tram, bus, cóistí, seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte agus saoráidí páirceála agus marcaíochta níos fearr agus níos mó, iad níos feistithe le páirceanna rothar iomchuí agus pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe inrochtana go poiblí d’fheithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha 13 . Chun na saoráidí sin go léir a dhearadh, ní mór díriú níos mó ar dhaoine atá faoi mhíchumas.

Lastas

13.Tá idirnascacht idir naisc achair fhada agus ‘an chéad mhíle agus an mhíle dheireanaigh’ d’iompar éifeachtúil lasta ríthábhachtach d’fheidhmiú rianúil TEN-T agus ba cheart iad a léiriú níb fhearr sa phleanáil uirbeach agus réigiúnach. Mar shampla, chun tacú le lóistíocht astaíochtaí nialasacha níos tapúla agus níos éifeachtúla i nóid uirbeacha, tá gá le líon leordhóthanach críochfort ilmhódach agus ionad comhdhlúthaithe lasta.

14.Is tábhachtach, go háirithe, go mbainfí leas as bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha sna hionaid sin agus sna moil lóistíochta ar mhaithe le feithiclí seachadta agus trucailí cianaistir 14 . Ba cheart réitigh seachadta mhalartacha, mar rothair lasta agus uiscebhealaí intíre, a mheas agus a úsáid ar bhealach níos fearr i lóistíocht uirbeach, agus úsáid níos mó á baint as seachadadh agus ladrainn uathoibrithe (aerárthaí gan foireann) amach anseo, i gcás inarb iomchuí.

15.Chun dul i ngleic leis na heasnaimh sin maidir le hiompar paisinéirí agus lasta, ní mór Rialachán TEN-T a neartú chun an tsoghluaisteacht uirbeach a áireamh, rud atá riachtanach le haghaidh dhea-fheidhmiú an ghréasáin ina iomláine. Fós féin, ní mór do chathracha leibhéal leordhóthanach solúbthachta a choinneáil i gcomhréir iomlán leis an gcoimhdeacht. Dá bhrí sin, leis an athbhreithniú atá beartaithe ar Rialachán TEN-T, foráiltear do chur chuige treisithe i leith méadú ar líon na nód uirbeach 15 . Is iad na nóid uirbeacha sin na pointí tosaigh agus na cinn scríbe deiridh (‘an chéad mhíle agus an míle deireanach’) do phaisinéirí agus do lasta a ghluaiseann ar TEN-T mar aon le pointí aistrithe laistigh de mhodhanna éagsúla iompair nó eatarthu, agus béim láidir ar iompar poiblí. Tugtar aghaidh san athbhreithniú freisin ar na heasnaimh a shainaithin an Chúirt Iniúchóirí ina tuarascáil speisialta 16 in 2020, tá obair leantach á déanamh ar na moltaí atá inti.

Tá an Coimisiún ag moladh go ndéanfar athbhreithniú ar Rialachán TEN-T molann sé agus go n-éileofaí an méid seo a leanas go háirithe maidir le nóid uirbeacha:

-pleananna maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a ghlacadh, ag cur san áireamh an tábhacht fhoriomlán a bhaineann le sreabhadh iompair tras-Eorpacha níos faide a éascú, iompar a laghdú go suntasach sna cathracha, soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a dhreasú, lena n-áirítear an tsoghluaisteacht ghníomhach, chomhchoiteann agus chomhroinnte, agus déine fuinnimh an iompair a laghdú;

-sonraí maidir leis an tsoghluaisteacht uirbeach a bhailiú agus a chur isteach, sonraí lena gcumhdaítear ar a laghad astaíochtaí gás ceaptha teasa, brú tráchta, básanna agus gortuithe tromchúiseacha de dheasca tuairteanna bóthair, a chion módach féin le haghaidh gach modha, agus rochtain ar sheirbhísí soghluaisteachta 17 chomh maith le sonraí maidir le truailliú aeir agus torainn i gcathracha;

-moil ilmhódacha paisinéirí a fhorbairt, lena n-áirítear saoráidí páirce agus marcaíochta, chun naisc chéad mhíle agus naisc an mhíle dheireanaigh a fheabhsú agus chun feabhas a chur ar na hacmhainní is gá le haghaidh nascachta fadraoin i nóid uirbeacha agus eatarthu;

-críochfoirt lasta ilmhódacha a fhorbairt chun lóistíocht uirbeach inbhuanaithe a áirithiú bunaithe ar anailís chuimsitheach ar leibhéal na mBallstát.

1.2Cur chuige treisithe i leith Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe agus pleananna bainistíochta soghluaisteachta

16.Tugadh seo isteach in 2013, agus is bunchloch é faoi shoghluaisteacht uirbeach an Aontais iad Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe. Cuidíonn pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe (SUMPanna) le dul i ngleic le dúshláin na soghluaisteachta sa limistéar uirbeach feidhmiúil ina iomláine, lena n-áirítear sineirgí le pleananna spáis, fuinnimh agus aeráide. Le blianta beaga anuas, forbraíodh coimre ollmhór comhairle agus treorach leis an bpobal, agus cuireadh sraith treoirlínte ina dhiaidh sin ar fáil do chathracha agus do pháirtithe leasmhara maidir le faireachlann AE um shoghluaisteacht uirbeach 18 . Tá uirlis féinmheasúnaithe ann freisin a chuideoidh le cathracha láidreachtaí agus laigí a gcuid SUMPanna a thuiscint 19 .

17.Mar sin féin, fuarthas amach sa mheastóireacht a rinneadh ar Phacáiste na Soghluaisteachta Uirbí 2013 go raibh roinnt easnamh ann lena gcuirtear cosc ar SUMPanna rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí le cuspóirí agus gealltanais iompair, aeráide, sláinte agus sochaíocha an Aontais atá ag éirí níos uaillmhianaí, faoi mar atá leagtha síos i mBás Glas na hEorpa agus sa Straitéis um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste. Tá cur chun feidhme neamhchothrom na SUMPanna idir na Ballstáit agus laistigh díobh: go leor bailte agus cathracha nach bhfuil SUMP acu fós, agus dóibh siúd a bhfuil SUMP acu, tá éagsúlachtaí móra iontu ó thaobh na cáilíochta de. Rud eile de, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun a áirithiú gur fearr a bheidh na pleananna inbhuanaithe lóistíochta uirbí atá ann cheana i gcreat SUMP agus go ndéanfar iad a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh ar fud an Aontais. Den chuid is mó, bíonn baint ag na heasnaimh sin le cur chuige a bhí neamhcheangailteach go nuige seo agus ní mór aghaidh a thabhairt air.

18.Bhainfeadh na húdaráis áitiúla agus cleachtóirí pleanála tairbhe as uirlisí pleanála comhlántacha lena dtabharfaí aghaidh ar ghnéithe sistéamacha den tsoghluaisteacht, den fhuinneamh agus den inbhuanaitheacht. Déanfar athbhreithniú ar na deiseanna chun comhéadain den sórt sin a neartú idir SUMPanna agus pleananna uirbeacha ábhartha eile lena gcumhdaítear fuinneamh (go háirithe na Pleananna Gníomhaíochta Fuinnimh Inbhuanaithe agus Aeráide (SECAP)) agus inbhuanaitheacht.

19.Faoin Rialachán athbhreithnithe TEN-T, moltar oibleagáidí maidir le SUMPanna i gcás na nód uirbeacha seanbhunaithe. Ag an am céanna, ba cheart raon feidhme SUMPanna a chomhlánú agus a fheabhsú a thuilleadh, agus naisc leis na limistéir thuaithe máguaird a chur san áireamh, mar aon leis an ngá atá le táscairí agus ceanglais shonracha maidir le SUMPanna le nóid uirbeacha TEN-T a réamh-mheas chomh maith.

20.Ina theannta sin, iarrann an Coimisiún ar gach Ballstát clár tacaíochta náisiúnta fadtéarmach SUMP a chur ar bun, clár a mbeidh le bainisteoir náisiúnta i bhfeighil air. D’fhéadfadh bearta dlíthiúla, airgeadais agus eagraíochtúla a bheith sa chlár sin chun cuidiú le hacmhainneacht a fhorbairt agus le SUMPanna a chur chun feidhme i gcomhréir leis na treoirlínte Eorpacha maidir le SUMPanna 20 .

21.Ag an am céanna, ba cheart eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha, mar shampla cuideachtaí, ospidéil, scoileanna nó nithe is díol spéise do thurasóirí a spreagadh chun pleananna bainistíochta soghluaisteachta a fhorbairt mar aon le gníomhaíochtaí lena gcuirtear modhanna soghluaisteachta astaíochtaí ísle agus saor ó astaíochtaí amhail iompar poiblí, soghluaisteacht ghníomhach nó soghluaisteacht chomhroinnte chun cinn.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

-Faoi dheireadh 2022, moladh ón gCoimisiún do na Ballstáit a fhoilsiú maidir leis an gclár náisiúnta chun tacú le réigiúin agus le cathracha pleananna éifeachtacha inbhuanaithe maidir le soghluaisteacht uirbeach a chur i bhfeidhm. Áireofar leis sin coincheap SUMP uasghrádaithe, tosaíochtaí soiléire a leagan síos chun tús áite a thabhairt do réitigh inbhuanaithe lena n-áirítear iompar gníomhach, comhchoiteann agus poiblí agus soghluaisteacht chomhroinnte (lena n-áirítear le haghaidh naisc uirbeacha-thuaithe), gnéithe athléimneachta a chomhtháthú go hiomlán mar aon le Pleananna Inbhuanaithe don Lóistíochta Uirbeach (SULP), iad bunaithe ar fheithiclí agus ar réitigh atá saor ó astaíochtaí;

-comhar a spreagadh le Cúnant Eorpach na Méaraí maidir le hailíniú ionstraimí SUMP agus ionstraimí na bPleananna Gníomhaíochta don Aeráid agus don Fhuinneamh Inbhuanaithe (SECAPanna);

-sraith na treorach SUMP a chomhlánú agus a chuíchóiriú.

1.3Faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn – táscairí maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe

22.Chun tuiscint a fháil ar an dul chun cinn atá déanta agus chun feabhas a chur ar na pleananna atá ann cheana, ní mór sonraí cuimsitheacha a bheith ar fáil. De réir mar a dhéanann údaráis áitiúla gníomhaíochtaí aonair chun spriocanna beartais a bhaint amach, is léir anois nach ann do chur chuige coiteann maidir le faireachán agus soláthar faisnéise. Dhéanfadh táscairí caighdeánaithe ar fud an Aontais Eorpaigh éascaíocht freisin do chathracha le dea-chleachtais a chomhroinnt. D’fhéadfadh an bunachar coiteann eolais sin ligean dóibh dul i mbun cur chuige comhleanúnach ar an leibhéal Eorpach chun pleananna maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a chur chun feidhme.

23.I dtreoirthionscadal i roinnt cathracha san Aontas, tá tástáil déanta ag an gCoimisiún ar shraith táscairí maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe – amhail inacmhainneacht an iompair phoiblí, básanna agus gortuithe ar na bóithre, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleán aeir, plódú tráchta agus scoilt mhódúil – agus chuir sé uirlis tagarmharcála ábhartha ar fáil 21 . Thug an t-aiseolas a fuarthas treoir maidir le conas feabhas a chur ar an táscaire atá leagtha síos go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar a mhodheolaíocht a shimpliú agus go dtairbhíonn sé de thacaíocht fhadtéarmach agus de thiomantas fadtéarmach. Aithníodh ann freisin an gá atá le tacaíocht a thabhairt do chathracha, acmhainní ábhartha a mhéadú, rud a dhéanfadh na húdaráis áitiúla, agus tacú le sonraí a fháil.

24.Ina theannta sin, aithníodh gur gá páirt níos fónta a thabhairt do na Ballstáit sa phróiseas, toisc nach ndéanann roinnt Ballstát sonraí ábhartha a bhailiú go córasach. Is saincheist thábhachtach í seo do nóid uirbeacha TEN-T, ós rud é gur codanna ríthábhachtacha iad den ghréasán TEN-T.

25.Bunaithe ar an méid thuas, is cur chuige ullmhúcháin céimneach atá á mholadh. Cuirfear tús le beachtú na dtáscairí, agus ina dhiaidh sin tabharfar tacaíocht do chathracha agus do Bhallstáit chun na sonraí is gá a bhailiú, i bhfianaise na gceanglas atá beartaithe maidir le bailiú sonraí sna nóid uirbeacha faoin TEN-T.

Dá bhrí sin, chun glacadh na dtáscairí a mhéadú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

-an tacar de 19 dtáscaire maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a sainaithníodh cheana chomh maith leis an uirlis tagarmharcála ghaolmhar a fheabhsú agus a chuíchóiriú faoi dheireadh 2022;

-in 2023, seoladh gníomhaíocht chun tacú le clár faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa chuig na Ballstáit chun sonraí a bhailiú le haghaidh táscairí soghluaisteachta comhchuibhithe d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá bainte amach ag nóid uirbeacha TEN-T i dtreo na soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe.

1.4Seirbhísí iompair phoiblí tarraingteacha a mbeidh cur chuige ilmhódach agus digitiú mar thaca leo

26. An t-iompar poiblí, idir na hiarnróid uirbeacha, an meitreo, na tramanna, na busanna, bhusanna uisce, bháid farantóireachta agus ghluaisteáin chábla, sin iad na bealaí is sábháilte, is éifeachtúla agus is inbhuanaithe le líon mór daoine a chur ag taisteal. Cuireann an t-iompar poiblí roghanna soghluaisteachta cuimsitheacha ar fáil ar phraghas réasúnta freisin, rud a chumasaíonn an comhtháthú sóisialta agus an fhorbairt eacnamaíoch go háitiúil. Sin é an fáth a molann an Coimisiún inniu go bhforbrófaí nóid uirbeacha i ngréasán TEN-T pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe arb é is aidhm dóibh úsáid an iompair phoiblí a mhéadú, agus a bhfuil sé d’aidhm aige neartú na foirme iompair sin ar fud cathracha agus réigiún a chur chun cinn i gCreat nua an Aontais maidir leis an tSoghluaisteacht Uirbeach.

27.Mar sin féin, léiríodh sa mheastóireacht a rinneadh ar chreat beartais 2013 nár tháinig méadú beag ar úsáid an iompair phoiblí i gcathracha na hEorpa ó 2013 i leith, agus gur láidir a bhuail paindéim COVID-19 oibríochtaí iompair phoiblí agus líon na bpaisinéirí. Léirigh roinnt cathracha éifeachtúlacht na n-údarás áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, poiblí agus iompair, atá ag gabháil d’fheachtais chun muinín an phobail a ghnóthú arís, sin agus chun daoine a mhealladh ar ais leis na córais iompair phoiblí a úsáid arís. Is gá níos mó a dhéanamh ar son an iompair phoiblí agus ar son gnéithe gaolmhara eile, na córais faisnéise ilmhódacha agus an ticéadú cliste, mar shampla. Ba cheart an méid sin a léiriú mar is ceart, go háirithe sa chreat neartaithe maidir le SUMP.

28.Cruthaíonn an t-iompar poiblí poist, cuireann sé an inrochtaineacht chríochach agus an cuimsiú sóisialta chun cinn, agus is mór a thábhacht don nascacht le ceantair thuaithe agus fho-uirbeacha. I ndáil leis sin, tá an t-iompar d’iarnród in ann a chion módúil a leathnú, lena n-áirítear i gceantair uirbeacha agus ina dtimpeallacht. Ba dheis mhaith í Bliain Eorpach na nIarnród in 2021  chun tús a chur leis an bpróiseas seo.

29.Mar chuid d’athrú níos leithne i dtreo soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí, is sciar den fhlít iompair phoiblí ar fud an Aontais atá ag fás leis go tapa iad na busanna hidrigin agus na busanna cadhnra leictreacha go mór mór. Sa reachtaíocht maidir le bonneagar breoslaí malartacha 22 , atá á hathbhreithniú faoi láthair mar chuid de phacáiste Fit for 55 23 , leagtar amach creat chun caighdeánú an bhonneagair athluchtaithe ar leibhéal an Aontais a chur i gcrích, agus leagtar síos sa Treoir athbhreithnithe maidir le Feithiclí Glana 24 spriocanna náisiúnta do sholáthar poiblí busanna, trucailí, gluaisteáin agus veaineanna glana le haghaidh seirbhísí mar iompar poiblí, bailiú dramhaíola nó iompar an phoist agus na mbeartán. Tá tús áite tugtha ag an gCoimisiún do thacaíocht, go háirithe chun an bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe is gá a úsáid d’fhonn aistriú rianúil chuig feithiclí atá saor ó astaíochtaí a chur ar bun. Tá Ardán Busanna Glana na hEorpa Glana 25 curtha ar bun ag an gCoimisiún freisin chun cabhrú le cathracha an t-aistriú i dtreo flíteanna bus glana a dhéanamh.

30.Tá feabhas tagtha ar chumhdach agus ar inrochtaineacht an iompair phoiblí laistigh de na cathracha 26 . Ach is gá níos mó a dhéanamh chun a cháilíocht a mhéadú, inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas agus comhtháthú níos fearr a áirithiú idir seirbhísí iompair phoiblí agus seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte agus soghluaisteacht ghníomhach, lena n-áirítear seirbhísí micrea-shoghluaisteachta chun an míle deireanach a chumhdach ag a bhfuil na pointí rochtana i bhfad nó ag minicíocht an iompair phoiblí íseal. Cuideoidh sé sin freisin le laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le mótarfheithiclí a úsáid agus, ar an gcaoi sin, féadfar an brú tráchta a laghdú. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfadh seirbhísí iompair phoiblí agus seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte comhlánú ar a chéile. I roinnt cásanna, d‘fhéadfadh soghluaisteacht chomhroinnte agus soghluaisteacht ar éileamh a bheith mar chuid den iompar poiblí, go háirithe i gceantair thuaithe, rud a d’fhéadfaí a chomhtháthú faoin tSoghluaisteacht mar mhúnlaí Seirbhíse.

31.Fónann an t-iompar poiblí ar ardchaighdeán do chomaitéirí agus do thaistealaithe, do theaghlaigh ar ioncam ard agus íseal, do dhaoine aosta agus óga, do na mná agus do na fir araon. Ní mór dúinn an bonneagar agus na seirbhísí iompair phoiblí uirbigh a oiriúnú chun inrochtaineacht níos fearr a chinntiú, i measc nithe eile 27 , lena n-áirítear freastal níos fearr a dhéanamh ar dhaonra atá ag dul in aois in a lán cathracha chomh maith le daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe orthu.

32.Chun é sin a bhaint amach, caithfidh an t-iompar poiblí a bheith i gcroílár na pleanála maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe, ní mór dó a bheith ar fáil agus é tarraingteach do chách agus rochtain saor ó bhacainní a chur ar fáil. Ba cheart go gcothódh sé cultúr ardsábháilteachta chun an pobal i gcoitinne, leanaí agus úsáideoirí leochaileacha a chosaint, agus chun grúpaí nua daoine a mhealladh. Nuair atá an t-iompar poiblí á phleanáil, ba cheart díriú freisin ar naisc leis na limistéir lasmuigh de lár na cathrach, lena n-áirítear naisc leis na bruachbhailte agus le limistéir thuaithe lasmuigh den chathair.

33.Ní mór freisin díriú níos mó ar dhigitiú agus uathoibriú seirbhísí tram, bus, iarnróid uirbigh agus an meitreo; D’fhéadfadh sé sin minicíocht na seirbhísí a mhéadú agus na costais oibriúcháin a laghdú. Ina theannta sin, tá gá le tuilleadh sonraí maidir leis an sreabhadh tráchta iarbhír atá ag daoine chun acmhainn iompair phoiblí, bealaí agus amchláir arna mbunú go forleathan ar fud na cathrach a oiriúnú go dinimiciúil, seachas leanúint de thairiscintí seasta iompair a bunaíodh san am atá caite.

34.Ar bhonn níos leithne, tá ról lárnach ag réitigh ilmhódacha dhigiteacha freisin chun an t-iompar poiblí a dhéanamh níos tarraingtí. Dá bhrí sin, is gá aipeanna na Seirbhíse (MaaS) a fhorbairt le hiompar poiblí mar chnámh droma. Ní mór d’údaráis iompair phoiblí a áirithiú go gcuirfear amchláir iompair phoiblí agus roghanna ilmhódacha ar fáil do phaisinéirí i bhfíor-am. Chuige sin, ní mór do na páirtithe leasmhara go léir oibriú le chéile chun leasanna tráchtála agus poiblí a réiteach i ndearadh agus in oibriú aipeanna MaaS. Ina theannta sin, chabhródh tairiscint chomhtháite lena n-áirítear ticéad aonair le naisc gan mhoill a dhéanamh le taisteal iarnróid níos faide agus leis na roghanna soghluaisteachta a mhéadú do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta, do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus do chomaitéirí, lena n-áirítear ó limistéir thuaithe agus fho-uirbeacha.

35.Thairis sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfidh soláthraithe seirbhísí iompair uirbeacha faisnéis inrochtana ar fáil ionas go mbeidh a gcuid suíomhanna gréasáin, aipeanna móibíleacha, seirbhísí ticéadaithe leictreonacha, seirbhísí faisnéise taistil fíor-ama, meaisíní ticéadaithe agus seiceála isteach i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta ar fud an Aontais 28 .

36.Fós féin, beidh dúshláin ag baint leis na hathruithe a bhaineann leis an uathoibriú agus leis an digitiú, lena n-áirítear dá chuid oibrithe. Is iad poist na dtiománaithe is mó atá i mbaol a n-uathoibrithe 29 . Dá bhrí sin, ní mór don athoiliúint agus don uasoiliúint ról suntasach a bheith aige san aistriú chuig iompar poiblí astaíochtaí nialasacha amach anseo, agus ní mór bearta eile a oibriú amach i gcomhphlé leis na comhpháirtithe sóisialta. Cabhróidh an Comhaontú Eorpach um Scileanna 30 le geallsealbhóirí a shlógadh agus beidh sé ina dhreasacht dóibh gníomhaíocht a dhéanamh maidir le huasoiliúint agus athoiliúint.

37.Na gnéithe sin go léir, gnéithe a bunaíodh go daingean faoi chreat SUMP, ba cheart go gcuirfidís le hiompar poiblí níos fearr, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé níos tarraingtí agus ar an gcaoi sin an úsáid a bhaintear as a mhéadú do na grúpaí déimeagrafacha uile, lena n-áirítear dóibh siúd ó na limistéir pheirea-uirbeacha agus tuaithe. Is tábhachtach an ról atá ag rialacha soláthair phoiblí i soláthar éifeachtúil seirbhísí soghluaisteachta uirbí. Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit a nósanna imeachta soláthair gaolmhara a riar chun tús áite a thabhairt do réitigh nuálacha, dhigiteacha, inrochtana, inbhuanaithe agus ilmhódacha.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

-a chuid maoinithe (féach roinn 5) agus a chuid tacaíochta beartais (e.g. coincheap athneartaithe SFI) don iompar poiblí a atreisiú, agus oibriú i gcomhar le riaracháin náisiúnta agus áitiúla agus leis na geallsealbhóirí uile chun a áirithiú go mbeidh an cineál sin iompair ina bhunchloch faoin tsoghluaisteacht uirbeach chun dul i ngleic le neamhionannais rochtana ar an ngréasán iompair phoiblí, lena n-áirítear an rochtain ar stáisiúin traenach a fheabhsú;

-machnamh a dhéanamh ar sholáthar éigeantach sonraí fíor-ama na n-oibreoirí (e.g. faisnéis maidir le hamchlár agus le cur isteach), lena n-áirítear ón iompar poiblí, trí phointí rochtana náisiúnta (sonraí), ina athbhreithniú ar Rialachán Tarmligthe 2017/1926 maidir le seirbhísí faisnéise taistil ilmhódach atá le glacadh in 2022;

-a mholadh, mar chuid de TEN-T, go mbeidh gá le nóid uirbeacha ionas go mbeidh paisinéirí in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis, faisnéis a chur in áirithe, íoc as an turas, agus a dticéad a aisghabháil trí sheirbhísí ilmhódacha soghluaisteachta digití, lena gceadófar don iompar poiblí a bheith ina chnámh droma don tsoghluaisteacht choiteann sna nóid uirbeacha faoi 2030.

1.5Soghluaisteacht níos sláintiúla agus níos sábháilte: Fócas athnuaite ar an siúl, an rothaíocht agus ar an micrea-shoghluaisteacht

38.Modhanna soghluaisteachta ar chostas íseal agus saor ó astaíochtaí, sin é atá sna modhanna soghluaisteachta gníomhacha, siúl agus rothaíocht, cuir i gcás, rud a d’fhéadfadh comhthairbhe sláinte a bhaineann le stíleanna maireachtála níos gníomhaí a chruthú. D’fhonn a n-acmhainneacht iomlán a fhorbairt, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu, mar is ceart i mbeartais maidir le soghluaisteacht uirbeach ar gach leibhéal rialachais agus maoinithe, i bpleanáil iompair, i múscailt na feasachta, i leithdháileadh an spáis, i rialacháin sábháilteachta agus i mbonneagar leordhóthanach, lena n-áirítear béim ar leith ar dhaoine a bhfuil a gcuid soghluaisteachta laghdaithe. Tacóidh sé sin freisin le Plean na hEorpa chun an Ailse a Shárú a chur chun feidhme. Sin cúis eile go molann an Coimisiún inniu go bhforbrófaí nóid uirbeacha i ngréasán TEN-T pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe arb é is aidhm dóibh freisin cur le húsáid na soghluaisteachta gníomhaí, agus iarracht a dhéanamh neartú an chineáil sin soghluaisteachta ar fud na gcathracha agus na réigiún a chur chun cinn i gCreat nua an Aontais maidir le Soghluaisteacht Uirbeach.

39.Is féidir le fostóirí sláinte fostaithe a spreagadh ar bhealach níos fearr tríd an tsoghluaisteacht ghníomhach. Feachtais chur chun cinn agus scéimeanna dreasachta san ionad oibre, le tacaíocht ón infheistíocht sa bhonneagar is gá chun siúl agus rothaíocht chun na hoibre a éascú, rud a chuireann feabhas ar shláinte agus ar fholláine na bhfostaithe.

40. Ó eipidéim COVID-19 i leith, tá bearta á ndéanamh ag a lán údarás áitiúil amhail spásanna páirceála a chlaochlú nó pábhála le haghaidh coisithe a leathnú chun níos mó spáis phoiblí a ath-leithdháileadh chuig modhanna inbhuanaithe amhail siúl agus rothaíocht. Is cuid den spás poiblí atá i mbonneagar na mbóithre, spás is féidir a chur in oiriúint don úsáid shábháilte a bhainfidh an saol mór as.

41.Is féidir modhanna soghluaisteachta gníomhacha a bheith mar chuid de thurais ilmhódacha (go háirithe don chéad mhíle agus don mhíle deiridh) agus is féidir leo réiteach soghluaisteachta ó dhoras go doras a thairiscint iontu féin freisin. Tá an-acmhainneacht acu sláinte an duine a fheabhsú a bhuí le gníomhaíocht choirp agus an brú tráchta a mhaolú, rud a laghdóidh astaíochtaí agus astaíochtaí carbóin, truailliú an aeir agus an truailliú de dheasca an torann. Má dhéantar infheistíocht i mbonneagar na soghluaisteachta gníomhaí, beidh buntáistí eacnamaíocha inbhraite ann freisin 31 .

42.Osclaíonn e-rothair an rothaíocht dóibh siúd atá ina gcónaí sna cnoic nó sna bruachbhailte, sin agus do dhaoine aosta agus do dhaoine áirithe a bhfuil a gcuid soghluaisteachta laghdaithe, rud a chuireann ar chumas níos mó daoine taisteal, agus dul níos faide, ar an rothar. Tá méadú ag teacht ar líon na seirbhísí seachadta tráchtála atá ag dul i méid i réimse na rothar leictreach freisin. Is iad na rothair leictreonacha an earnáil soghluaisteachta leictreonach is mó fás san Eoraip anois, le méadú 52 % ar an díolachán in 2020. Leis an treocht atá ann faoi láthair, tá bonn tionsclaíoch níos láidre á fhorbairt ag an Aontas sa rothaíocht agus i dteicneolaíochtaí an dá roth. Tá siad ag éirí níos cliste, agus is gá níos mó a dhéanamh chun feabhas a chur ar infheistíochtaí sa bhonneagar rothaíochta chun leas a bhaint as acmhainneacht an digitithe agus na sonraí chun glacadh rothaíochta agus a chomhtháthú i meascán ilmhódach a mhéadú. 

43.Ciallaíonn líon méadaithe daoine atá ag siúl agus ag rothaíocht, mar aon le scútair leictreacha agus cineálacha nua micrea-shoghluaisteachta eile atá ag teacht chun cinn go tapa, go mbeidh líon níos mó úsáideoirí soghonta bóthair 32 ar shráideanna na cathrach. Ní mór do gach úsáideoir bóthair, lena n-áirítear úsáideoirí bóithre innealta, oiriúnú don tírdhreach nua, trí fheasacht agus oideachas méadaithe ar shábháilteacht ar na bóithre. Úsáideoirí soghonta bóthair is cúis le 70 % de na básanna uirbeacha ar na bóithre, agus ba cheart, dá bhrí sin, níos mó airde a thabhairt ar an ngrúpa sin, go háirithe má tá an tAontas chun sprioc na ‘físe nialais’ 33 a bhaint amach chun líon na mbásanna agus na ngortuithe ar na bóithre a laghdú go nialas nach mór. Ba cheart aird bhreise a thabhairt ar ghnéithe den tsábháilteacht ar na bóithre, agus ba cheart go mbeidís ina bpríomhchuid de gach leibhéal den phleanáil maidir leis an tsoghluaisteacht uirbeach. Ba cheart dóthain spáis a thabhairt d’úsáideoirí soghonta bóthair; e.g. trí chosáin rothaíochta, rothaíochta/micrea-shoghluaisteachta a scaradh go fisiceach ó thrácht na mótar nuair is féidir. Ba cheart go n-éileodh maoiniú AE do thionscadail soghluaisteachta uirbí agus do thionscadail bonneagair uirbigh go leanfadh na tionscadail an cur chuige ‘córas sábháilte’. Tá bearta á gcur chun feidhme cheana ag cathracha na hEorpa chun an riosca a bhaineann leis an luas a laghdú trí na huasteorainneacha a oiriúnú agus leanúint den obair i dtaca le bainistiú luais níos fearr.

44.Roimh phaindéim COVID-19, thosaigh a lán oibreoirí ag soláthar seirbhísí nua micrea-shoghluaisteachta – amhail dérothaigh nó dhá roth (leictreach) atá lonnaithe ar stáisiún (rothair, scútair nó móipéidí leictreacha) agus gléasanna soghluaisteachta pearsanta eile – in a lán cathracha san Aontas. Mar sin féin, cuirtear rialacha éagsúla i bhfeidhm go náisiúnta agus go háitiúil, go minic fiú laistigh de Bhallstát amháin, rud a fhágann go mbíonn sé deacair do chuairteoirí na rialacha áitiúla a leanúint i gceart agus cuireann siad bac ar ghnó na n-oibreoirí scéimeanna comhroinnte ar mian leo oibriú i níos mó ná tír amháin.

45.Dá bhrí sin, tá treoir á foilsiú inniu do na húdaráis ábhartha, í bunaithe ar dhlúthchomhairle leis na páirtithe leasmhara ar fad, maidir le húsáid shábháilte gléasanna micrea-shoghluaiseachta, i bhFaireachlann AE um shoghluaisteacht uirbeach. Cuirtear an dea-chleachtas agus moltaí tábhachtacha ar fáil sa Treoirleabhar ábhair seo maidir le feistí micrea-shoghluaisteachta a chomhtháthú i bpleanáil na soghluaisteachta uirbí, agus tá sé d’aidhm leis úsáid níos sábháilte a bhaint amach i gceantair uirbeacha. Cabhróidh sé leis an micrea-shoghluaisteacht a chomhtháthú le cur chuige na físe nialasach, sin agus le sprioc fhadtéarmach an Aontais a bhaint amach, is é sin le rá, aistriú i dtreo básanna nialasacha agus gortuithe thromchúiseacha nialasacha san iompar de bhóthar.

Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

-ceanglais athbhreithnithe a mholadh i Rialachán TEN-T maidir le moil ilmhódacha paisinéirí i nóid uirbeacha chun modhanna agus ceanglais iompair ghníomhacha a chomhtháthú níos fearr chun leanúnachas agus inrochtaineacht bealaí rothaíochta a chothabháil d’fhonn na modhanna gníomhacha iompair a chur chun cinn;

-ról na siúlóide agus na rothaíochta a mhéadú sna treoirdhoiciméid nuashonraithe SUMP;

-Treoir shainiúil faoi na hábhair atá i SUMP a fhoilsiú inniu, maidir le Faireachlann an Aontais Eorpaigh um shoghluaisteacht uirbeach, maidir le húsáid shábháilte gléasanna micrea-shoghluaisteachta chun cabhrú le pleanálaithe na soghluaisteachta uirbí agus le húdaráis áitiúla gléasanna nua a imscaradh go sábháilte ar shráideanna na cathrach;

-cur leis an taithí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil maidir le ceanglais sábháilteachta, rialacha a ullmhú maidir le sábháilteacht feistí micrea-shoghluaisteachta;

-Treoir a chur ar fáil, faoi dheireadh 2022, maidir le ceanglais cháilíochta i leith an bhonneagair d’úsáideoirí soghonta bóthair san iniúchadh tosaigh ar chéim an deartha faoi Threoir 2008/96/CE 34 maidir le sábháilteacht bhonneagar na mbóithre a bhainistiú.

1.6Lóistíocht lasta na cathrach atá saor ó astaíochtaí agus seachadadh an mhíle dheiridh

46.Iompar lasta sa chathair, sin nó lóistíocht, is rud é atá riachtanach d’fheidhmiú na ngeilleagar uirbeach, níos mó fós le linn phaindéim COVID-19 agus ina diaidh, rud a fhágann go bhfuil méadú ar ghníomhaíocht ríomhthráchtála agus ar an seachadadh baile. D’fhás seachadadh r-thráchtála na dtomhaltóirí 25 % i 2020 mar gheall ar an bpaindéim, agus is dócha go leanfaidh an méadú ar sheachadadh an mhíle deiridh 35 .

47.Sa bhreis ar na gnéithe atá beartaithe maidir le nóid uirbeacha san athbhreithniú ar Rialachán TEN-T, ní mór, dá bhrí sin, dlús a chur le húsáid réiteach inbhuanaithe atá ag forbairt go gasta, amhail rothair lasta, trí úsáid a bhaint as samhlacha nua dáileacháin, ródú dinimiciúil, agus úsáid ilmhódach níos fearr ar an iarnród uirbeach agus ar na huiscebhealaí intíre. Thacódh sé sin leis an leas is fearr is féidir a bhaint as feithiclí agus as an mbonneagar, agus laghdódh sé an gá atá le turais fholmha nach bhfuil riachtanach.

48.Thairis sin, ba cheart go mbeadh gné an lasta go mór i bpleanáil na soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe chun dlús a chur lena n-imscaradh. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun a áirithiú go mbeidh na pleananna inbhuanaithe lóistíochta uirbí (SULPanna) 36 atá ann faoi láthair leabaithe ar bhealach níos fearr i gcreat SFI agus go ndéanfar iad a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme ar fud an Aontais 37 . Cabhróidh sé sin chun an sprioc maidir le lóistíocht uirbeach atá saor ó astaíochtaí a bhaint amach faoi 2030.

49.Díreoidh gníomhaíochtaí san fhearann seo ar úsáid réiteach, teicneolaíochtaí agus feithiclí atá saor ó astaíochtaí le haghaidh na lóistíochta uirbí. Déanfaidh an Coimisiún na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair a athbhreithniú chun dul i dtreo feithiclí astaíochtaí nialasacha san earnáil sin. Leis an togra ón gCoimisiún maidir le caighdeáin níos uaillmhianaí d’astaíochtaí CO2 d’fheithiclí 38 saothair éadroim, tiocfaidh méadú suntasach ar leathadh amach veaineanna gan astaíochtaí a úsáidtear le haghaidh lóistíochta uirbí.

50.Is mór is tábhachtach rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha a áirithiú chun lóistíocht uirbeach agus seachadadh míle deireanach a optamú i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil. An comhoibriú idir údaráis áitiúla agus geallsealbhóirí príobháideacha, idirphlé rialta i measc na bpáirtithe go léir, líonrú agus malartuithe i measc pleanálaithe cathracha ina bpríomhghníomhaíochtaí atá luaite ag údaráis áitiúla agus ag geallsealbhóirí príobháideacha 39 araon, is gníomhaíochtaí príomha iad chun eolas a fhorbairt maidir le bainistíocht agus pleanáil inbhuanaithe lóistíochta uirbí. Ina theannta sin, tá gá le tuilleadh oibre ar leibhéal an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le níos mó sonraí lasta uirbigh a bhailiú agus a roinnt 40 .

Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

-togra a dhéanamh faoi dheireadh 2022 chun athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair chun dul i dtreo feithiclí astaíochtaí nialasacha san earnáil sin;

-a áirithiú go mbeidh na pleananna inbhuanaithe lóistíochta uirbí (SULPanna) atá ann cheana comhtháite go hiomlán i gcreat SFI;

-tacú leis an idirphlé agus leis an gcomhar idir na páirtithe uile, líonrú agus malartuithe i measc pleanálaithe cathracha;

-tacú le comhroinnt dheonach sonraí idir gach cineál geallsealbhóir chun iompar lasta uirbeach a dhéanamh níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche 41 .

1.7Digitiú, nuálaíocht agus seirbhísí nua soghluaisteachta

51.Is rud é at digitiú a bhfuil poitéinseal neamhshaothraithe ann: Maidir le teicneolaíochtaí mar an intleacht shaorga, na cúplaí digiteacha, na blocshlabhraí, idirlíon na nithe, réitigh Eorpacha le haghaidh na loingseoireachta satailíte, agus le haghaidh fhaire na cruinne, tá gealltanas tugtha acu an tsoghluaisteacht uirbeach a dhéanamh níos cliste, níos athléimní agus níos inbhuanaithe.

52.A bhuí le feidhmchláir agus ardáin nua, is féidir le fóin chliste rochtain a thabhairt ar raon leathan seirbhísí. Mar shampla, is féidir le haipeanna ‘Soghluaisteacht mar Sheirbhís’ cabhrú chun ticéid a chur in áirithe agus a íoc do gach tairiscint soghluaisteachta. Dá rianúla dar féidir linn turais ilmhódacha a dhéanamh, is ea mó úsáideoirí a chuirfidh fáilte roimh na turais sin agus a ghlacfaidh leo. Amach anseo, beidh an deis ag oibreoirí iompair agus ag paisinéirí araon úsáid a bhaint as Tiachóga Céannachta Digití Eorpacha 42 a eiseoidh na Ballstáit chun cead a thabhairt do shaoránaigh, do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí dintiúir a mhalartú le chéile agus a chur i láthair, lena n-áirítear maidir le soghluaisteacht uirbeach.

53.Ina theannta sin, is féidir le huirlisí bainistithe soghluaisteachta digití cabhrú le húdaráis iompair phoiblí tuiscint chruinn a fháil ar úsáid an spáis phoiblí, infheistíochtaí níos fearr a dhéanamh i mbonneagar ilmhódach agus i bhfeithiclí ilmhódacha agus comhlíonadh na rialacha a dhearadh agus faireachán a dhéanamh orthu go héifeachtach.

54.Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do bhainistiú tráchta agus soghluaisteachta níos fearr, déanfaidh an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir CCI 43 agus ar an Rialachán Tarmligthe athbhreithnithe maidir le seirbhísí faisnéise 44 tráchta fíor-ama ar fud an Aontais Eorpaigh atreisiú ar fhaisnéis fíor-ama faoi thrácht agus ar sheirbhísí soghluaisteachta digití ilmhódacha.

55.Cuireann an digitiú bealach ar fáil freisin chun dúshláin áirithe a bhaineann le rialacháin maidir le rochtain ar fheithiclí uirbeacha (UVARanna) a réiteach. San Eoraip, baineann formhór na UVARanna (73 %) le criosanna astaíochtaí ísle (agus astaíochtaí nialasacha). Is féidir le limistéir astaíochtaí ísle a bheith ina n-uirlis éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le cáilíocht an aeir go háitiúil, go háirithe i gcás limistéir ina bhfuil an trácht ina phríomhfhoinse truaillithe aeir ar an iomlán. Ina theannta sin, tá scéimeanna truaillithe éigeandála nó scéimeanna táillí bóthair á mbreithniú ag roinnt údarás áitiúil chun dul i ngleic le saincheisteanna eile amhail brú tráchta 45 . Go deimhin, tá go leor cathracha ag streachailt le fadhbanna a bhaineann le brú tráchta áitiúil ar bhóithre agus le cáilíocht an aeir de bharr iompair, agus is minic a sháraíonn siad caighdeáin an AE maidir le cáilíocht an aeir agus tairseacha truaillithe 46 . Go háirithe, ba cheart nach mbeadh an t-iompar de bhóthar chomh truaillithe céanna, go háirithe sna cathracha. Cabhróidh an togra atá beartaithe le haghaidh caighdeáin níos déine maidir le hastaíochtaí truailleán aeir d’fheithiclí (Euro 7) le cathracha agus iad ag aistriú chuig soghluaisteacht ghlan. Ina theannta sin, is féidir le UVARanna a bheith ina mbeart chun caighdeáin cáilíochta aeir an Aontais a chomhlíonadh agus chun brú tráchta agus astaíochtaí tráchta a theorannú. Ina theannta sin, dreasaíonn siad úsáid iompair phoiblí agus soghluaisteacht ghníomhach, rud a laghdaíonn an rochtain atá ag feithiclí níos truaillithe ar cheantair uirbeacha íogaire.

56.Is tábhachtach an rud, i gcás ina gcuirtear UVAR ar fáil, go bhféadfaí taisteal gan mhoill agus go soláimhsithe ar fud an mhargaidh aonair, gan idirdhealú a dhéanamh ar thiománaithe neamhchónaitheacha. Cé gur cúram do na húdaráis inniúla náisiúnta agus áitiúla é UVARanna sonracha a thabhairt isteach, tá dúshláin nua ag baint leis an éagsúlacht UVARanna éagsúla san Aontas Eorpach ó thaobh iompar paisinéirí agus lasta de. Tá rochtain níos fearr ar fhaisnéis de dhíth ar úsáideoirí bóithre le go mbeidh siad ar an eolas faoi na rialacháin sin agus le go mbeidh siad in ann iad a chomhlíonadh; agus is minic nach mbíonn cathracha in ann scéimeanna éifeachtacha feidhmiúla a chur ar bun agus a fhorfheidhmiú mar is ceart. Tá na dúshláin sin an-tromchúiseach d’fheithiclí eachtrannacha, fiú nuair atá siad gan astaíochtaí. Tá modh caighdeánaithe éifeachtach chun faisnéis agus sonraí faoi rialacha UVAR a thabhairt do thiománaithe in easnamh. Ar an gcuma chéanna, ní raibh na sonraí is gá chun forfheidhmiú trasteorann a dhéanamh in easnamh ar údaráis cathrach.

57.Tá iarrachtaí an Choimisiúin dírithe go dtí seo ar fheabhas a chur ar sholáthar faisnéise agus ar chomhroinnt sonraí tríd an méid seo a leanas:

a.cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1724 maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach 47 , lena gceanglaítear ar údaráis phoiblí faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí bóithre tríd an Tairseach;

b.athbhreithniú 48 ar an Rialachán Tarmligthe maidir le faisnéis faoi thrácht fíor-ama 49   a ullmhú lena gceanglaítear ar na Ballstáit rochtain a thabhairt ar raon leathan sonraí statacha agus dinimiciúla chun tacair nua sonraí a áireamh, amhail na cinn a bhaineann le UVARanna;

c. An tionscadal ‘UVARbox 50 ’ a bhfuil sé mar aidhm leis cabhrú le cathracha uirlis sholáimhsithe a fhorbairt chun sonraí a sholáthar i bhformáid chaighdeánaithe ar scéimeanna UVAR uirbeacha agus réigiúnacha;

d. an tionscadal ‘malartú UVAR 51 ’, a bhfuil sé d’aidhm aige feabhas a chur ar chur in iúl faisnéise do thiománaithe atá cóngarach do chriosanna UVAR agus feabhas a chur ar rochtain na n-údarás áitiúil ar fhaisnéis, go háirithe maidir le feithiclí agus tiománaithe eachtracha, chun go bhféadfaidh údaráis áitiúla taisteal gan uaim agus forfheidhmiú UVARanna.

58.Is gá tuilleadh oibre a dhéanamh ar mhaithe le réitigh éifeachtacha, cost-éifeachtacha, soláimhsithe agus chothroma a rachaidh chun tairbhe na n-údarás poiblí agus na dtiománaithe agus na n-úinéirí feithiclí araon agus a chuideoidh leo oibriú agus UVARanna a chur i bhfeidhm.

59.Leis an digitiú is féidir seirbhísí nua soghluaisteachtaa chur ar fáil freisin, amhail carranna agus rothair a roinnt saor in aisce, seirbhísí taistil agus seirbhísí nuálacha tacsaí, nó seirbhísí seachadta, a thairgtear trí aipeanna móibíleacha den chuid is mó. Ina theannta sin, is deis mhór iad na seirbhísí sin do ghnólachtaí Eorpacha.

60.Is féidir le cuideachtaí ‘carr ar ordú’ an cluiche a athrú trí sheirbhísí ar cíos príobháideacha le tiománaithe (PHV) a thairiscint a théann in iomaíocht le seirbhísí tacsaí bunaithe. Is minic a bhraitheann tiománaithe tacsaí go bhfuil an iomaíocht ó chuideachtaí ‘carr ar ordú’ éagórach, más rud é nach gá dóibh cloí leis na rialacha céanna is atá ag tacsaithe. Ag an am céanna, braitheann cuideachtaí ‘carr ar ordú’ agus oibreoirí PHV go bhfuil na rialacha le haghaidh PHV as dáta faoi mar atá siad. Cuirfidh an Coimisiún treoir spriocdhírithe ar fáil in 2022 maidir leis na rialacha a bhaineann le seirbhísí tacsaí agus PHV. Comhlánaíonn an treoir seo na tograí is déanaí ón gCoimisiún maidir le dálaí oibre cothroma i ngeilleagar na n-ardán. D’fhonn forbairt na seirbhísí sin a áirithiú i gcomhréir le Beart Glas na hEorpa, foráiltear sa togra inniu le haghaidh na dTreoirlínte TEN-T athbhreithnithe gur cheart go gcumhdódh SUMPanna i nóid uirbeacha pleananna chun athrú i dtreo flíteanna gluaisteán astaíochtaí nialasacha.

61.Tá seirbhísí nua soghluaisteachta agus iompair ag teacht chun cinn, agus is minic a fhaigheann siad tacaíocht ó chistiú AE le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta.  Seirbhísí soghluaisteachta uathoibrithe comhoibrithe nasctha (CCAM) agus aer-shoghluaisteacht uirbeach (UAM) 52 , ag sin péire de na seirbhísí céanna. Chun an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith acu le soghluaisteacht uirbeach a uasmhéadú, níor mhór iad a chomhtháthú i gcreat SFI go luath.

62. Ar bhonn is leithne ná sin, tá go leor cathracha Eorpacha chun tosaigh ar fud an domhain cheana féin ó thaobh nuálaíocht iompair, pleanáil maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe agus spriocanna uaillmhianacha maidir leis an aeráid agus sábháilteacht ar bhóithre a chur chun feidhme. Is minic gurb iad ár gcathracha na ‘saotharlanna maireachtála’ is fearr ina ndéantar réitigh nua ar dhúshláin choitianta a dhearadh, a thástáil agus a chur chun feidhme, lena gcuirtear ní hamháin le soghluaisteacht uirbeach níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe ach lena méadaítear cáilíocht na beatha i gcathracha na hEorpa do na daoine a chónaíonn iontu. Chomh maith leis sin, tá cathracha ag déanamh turgnaimh ar úsáid na gCúplaí Digiteacha Áitiúla, ina gcomhcheanglaítear sonraí ó réimsí éagsúla (lena n-áirítear an tsoghluaisteacht) agus ina n-úsáidtear léirshamhlú, samhaltú agus ionsamhlú chun tacú leis an gcinnteoireacht ar bhealach comhtháite.

63.Tá plé poiblí agus ‘comhchruthú’ na gcoincheap nua soghluaisteachta ríthábhachtach chun go nglacfadh an pobal leo. Chuige sin agus ó 2002 i leith, fuair Tionscnamh CIVITAS tacaíocht ó na Creatchláir R&I i ndiaidh a chéile agus tá gníomhartha nuálacha á gcur ar fáil aige chuig leibhéil áitiúla agus réigiúnacha, rud a chuireann ar chumas na n-údarás poiblí an nuálaíocht a bhainistiú níos fearr agus uirlisí, réitigh nó próisis nua a ghlacadh. Cuidíonn sé sin le réitigh inbhuanaithe agus chliste maidir le soghluaisteacht uirbeach a chur in úsáid agus a mhacasamhlú ar fud na hEorpa – agus níos faide i gcéin.

64.Thairis sin, tá go leor tionscnamh taighde agus nuálaíochta de chuid an Aontais ann a bhfuil nasc acu leis an tsoghluaisteacht uirbeach, lena n-áirítear 2ZERO (I dtreo iompar de bhóthar ar astaíochtaí nialasacha) agus CCAM (Soghluaisteacht Nasctha, Comharchumainn agus Uathoibrithe), comhpháirtíochtaí comhchláraithe, Hidrigin Ghlan agus Comhpháirtíochtaí Iarnróid na hEorpa comhpháirtíochtaí cómhaoinithe DUT (An tAistriú Uirbeach a Bhrú Chun Cinn,an tionscnamh um Ghníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha, Pobal Eolais agus Nuálaíochta EIT ar an tSoghluaisteacht Uirbeach, an Margadh Cliste agus an Margadh Cliste. Comhlánaíonn na tionscnaimh sin a chéile agus tá acmhainneacht mhór acu maidir le sineirgí chun dlús a chur leis an nuálaíocht i dtreo cathracha agus spásanna uirbeacha atá níos inbhuanaithe agus níos inláimhsithe. Is bealach é an misean Cathracha Aeráid-Neodrach agus Cliste (féach thíos) chun comhordú éifeachtach idir tionscnaimh i gcúrsaí uirbeacha a bhaint amach.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

-tionscnamh reachtach a mholadh faoi 2022 maidir le sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de a sholáthar agus a úsáid le haghaidh seirbhísí ilmhódacha soghluaisteachta digití, agus feabhas a chur freisin ar inrochtaineacht do dhaoine a bhfuil a gcuid soghluaisteachta laghdaithe;

-gníomhaíochtaí a chur i láthair chun spás coiteann sonraí soghluaisteachta Eorpach a fhorbairt chun rochtain ar shonraí soghluaisteachta agus comhroinnt sonraí soghluaisteachta a éascú, lena n-áirítear ar an leibhéal uirbeach, in 2022;

-le tacaíocht ón gClár don Eoraip Dhigiteach 53 , bosca uirlisí de chuid an Aontais Eorpaigh a chruthú maidir le Cúpla Digiteach Áitiúil chun cabhrú le cathracha, ina gcomhthéacs áitiúil féin, sonraí ó réimsí éagsúla, amhail soghluaisteacht, a chomhcheangal, agus leas a bhaint as léirshamhlú agus as ionsamhlú chun tacú leis an gcinnteoireacht;

-staidéar tiomnaithe a sheoladh in 2022, lena ndéanfar na réitigh dhigiteacha agus theicniúla a bheadh ar fáil a mhapáil agus a shoiléiriú chun UVARanna níos éifeachtaí agus níos soláimhsithe a chumasú, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú san am céanna;

-Treoir a eisiúint maidir le hiompar áitiúil ar éileamh: i.e. tacsaithe, feithiclí fruilithe príobháideacha le tiománaithe agus carranna ar ordú;

-tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Thionscnamh CIVITAS faoin gclár Fís Eorpach agus ar an gcomhar a bhaineann leis le tionscnaimh ábhartha atá á maoiniú ag an Aontas, tríd an misean Cathracha atá Aeráid-Neodrach agus Cliste;

-tacú le gníomhartha nuálaíochta laistigh den chlár Fís Eorpach T&I trí na comhpháirtíochtaí atá ábhartha do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta uirbí (DEUT comhpháirtíocht comhchistithe, comhpháirtíochtaí comhchláraithe 2ZERO agus CCAM, Hidrigin Ghlan agus comhpháirtíochtaí institiúideacha iarnróid na hEorpa).

1.8I dtreo cathracha atá neodrach ó thaobh na haeráide de: Iompar uirbeach atá athléimneach, neamhdhíobhálach don chomhshaol agus é tíosach ar fhuinneamh

65.Is príomhsprioc de chuid na Straitéise Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste 100 chathair san Eoraip ar a laghad atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de a bheith ann faoi 2030. Ós rud é go bhfuil réitigh oiriúnacha theicneolaíocha agus beartais eile ar fáil do shoghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí, ba cheart do na cathracha bearta a dhéanamh chun an t-aistriú glas a éascú agus ar deireadh thiar a áirithiú go mbeidh an tsoghluaisteacht uirbeach agus an t-iompar neodrach ó thaobh na haeráide a luaithe is féidir. Ba cheart go n-áireofaí air sin sineirgí le comhphobail giniúna, stórála agus fuinnimh in-athnuaite. Go háirithe, ba cheart d’údaráis na gcathracha na cumhachtaí atá ar fáil dóibh a úsáid, lena n-áirítear i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, lamháltais nó dámhachtana ceadúnas, agus nósanna imeachta dámhachtana deontais chun glasú an iompair phoiblí agus flíteanna a luathú amhail comh-shoghluaisteacht agus feithiclí cíosa, feithiclí seachadta agus seirbhísí tacsaí agus PHV.

66.Ba cheart d’údaráis phoiblí a áirithiú go mbeidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe breoslaí malartacha éifeachtúil, idir-inoibritheach agus soláimhsithe don úsáideoir ar fáil. Chun na críche sin, tá sraith moltaí dréachtaithe cheana féin ag an bhFóram um Iompar Inbhuanaithe d’údaráis phoiblí maidir le soláthar, dámhachtain lamháltas, ceadúnas agus/nó tacaíocht a dheonú do bhonneagar athluchtaithe leictrigh do ghluaisteáin phaisinéirí agus veaineanna 54 . Ina theannta sin, tá sé beartaithe Treoir a fhoilsiú in 2022 maidir le nósanna imeachta um nascadh eangaí a cheadú agus a cheangal leis an eangach i dtaca le bonneagar athluchtaithe chomh maith le Moltaí chun dlús a chur le leictriú flíteanna speisialaithe agus faoi chuing.

67.Na cathracha a bhfuil baint acu leis an misean maidir leis an Cathracha atá Aeráid-Neodrach agus Cliste, sin iad a dhéanfaidh an t-aistriú chuig neodracht aeráide a fhorbairt agus a léiriú go praiticiúil 55 . Is é is aidhm don mhisean 100 chathair Eorpacha atá cliste agus neodrach ó thaobh na haeráide de a chur i gcrích faoi 2030, agus an bhunchloch a leagan síos ionas go mbeidh na cathracha uile neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Beidh an tsoghluaisteacht uirbeach i gcroílár an dúshláin sin. I dtéarmaí R&I, sa chéad chlár oibre Fís Eorpach do 2021-2022 áirítear sraith gníomhartha a chuidíonn leis an mbonn a leagan síos chun an misean a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i roinnt príomhréimsí amhail iompar poiblí.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

-a mholadh go n-áireofaí sa Rialachán TEN-T oibleagáidí maidir le hinfhaighteacht bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe, a eascraíonn ón togra ón gCoimisiún maidir le Rialachán maidir le bonneagar na mbreoslaí malartacha a úsáid 56 , lena n-áirítear i nóid uirbeacha;

-topaicí a chur san áireamh i gcláir oibre Fhís Eorpach R&I chun cabhrú le cathracha infheistíocht a dhéanamh i nuálaíocht soghluaisteachta uirbí laistigh de Mhisean na gCathracha agus béim á leagan ar iompar poiblí agus ar shoghluaisteacht ghníomhach agus laistigh de na comhpháirtíochtaí iompair chun tacú le feithiclí uathoibríocha, cliste agus saor ó astaíochtaí agus lena gcomhtháthú leis na córais mhuirearaithe i gceantair uirbeacha;

-EUR 359.3 milliún a chur ar fáil faoin gclár Fís Eorpach le linn na tréimhse 2021-2023 don chéad chéim cur chun feidhme den mhisean Cathracha atá neodrach ó thaobh Aeráide agus Cliste de;

-tuilleadh sineirgí a fhorbairt le cistiú agus maoiniú ó chláir eile de chuid an Aontais (amhail Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht), foinsí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus na hearnála príobháidí chun tacú le húsáid na soghluaisteachta saor ó astaíochtaí, feithiclí agus a gcuid cumasóirí. 

1.9Ardú feasachta agus fothú acmhainní

68.Tá Seachtain Shoghluaisteachta na hEorpa (16-22 Meán Fómhair) 57 – feachtas an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhar le líonra comhordaitheoirí náisiúnta – ag cur athrú iompraíochta i dtreo na soghluaisteachta inbhuanaithe chun cinn ó 2002 i leith ar mhaithe le soghluaisteacht ghníomhach, iompar poiblí, agus réitigh iompair chliste agus inbhuanaithe eile. Cé go mbíonn an feachtas ar siúl ó cheann ceann na bliana, is é an phríomhimeacht dhíláraithe i mí Mheán Fómhair ná an uair a eagraíonn bailte agus cathracha imeachtaí atá nasctha leis an téama bliantúil, amhail ‘laethanta saor ó charranna’ a bhfuil tóir orthu agus fás ar an tóir sin. Is éard ba théama don 20úeagrán ‘Bímis Slán Sábháilte leis an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe’, agus ghlac 3200 baile agus cathair páirt ann ar fud an domhain, an líon ba mhó fós.  Tá cuspóir comhchosúil le himeachtaí bliantúla amhail mór-chomhdhálacha AE 58 agus dámhachtainí a bhaineann le soghluaisteacht uirbeach ar leibhéal an Aontais, agus cuireann siad ar chumas rannpháirtithe dea-chleachtais a líonrú agus a roinnt.  Cuireann an Chomhdháil leanúnach ar Thodhchaí na hEorpa fóram den scoth ar fáil freisin chun idirchaidreamh idirghníomhach a dhéanamh le saoránaigh maidir le réitigh iompair inbhuanaithe.

69.Leis an nGradam bliantúil don Chathair Rochtana 59 , rud a sheol an Coimisiún Eorpach in 2010, tugtar aitheantas do chathracha Eorpacha as a n-iarrachtaí a bheith níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear i réimse an iompair agus an bhonneagair a ghabhann leis sin. Tá tagairt ar leith sa 12a heagrán den Ghradam do Chathair Rochtana maidir le stáisiúin traenach a dhéanamh níos inrochtana chun Bliain Eorpach na nIarnród (2021) a cheiliúradh. Spreagann an Gradam gach cathair san Aontas chun rochtain chothrom ar an saol uirbeach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta. Thairis sin, cuireann sé ar chumas cathracha spreagadh a thabhairt dá chéile agus samplaí de dhea-chleachtais a roinnt.

70.Bord ar bhord leis an ardú feasachta, is gá freisin cabhrú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le hoibrithe iompair uirbeacha a n-acmhainneacht a fhorbairt ionas gur féidir leo a ndualgas a fheidhmiú go héifeachtach ar shoghluaisteacht uirbeach atá inbhuanaithe agus cliste. Tá an tAontas ag tacú le fothú acmhainní, go háirithe do phleanáil na soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe, trí chúnamh teicniúil agus oiliúint agus trí roinnt mhaith tionscadal agus trí threoirdhoiciméid a chur ar fáil.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

-leanúint lena gníomhaíochtaí múscailte feasachta atá dírithe ar Sheachtain Soghluaisteachta na hEorpa agus ar dhámhachtainí agus ar imeachtaí maidir le soghluaisteacht uirbeach AE;

-leanúint de chúnamh teicniúil a chur ar fáil, agus go háirithe gníomhaíochtaí chun acmhainn na n-údarás áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a fhorbairt chun bearta agus straitéisí maidir le soghluaisteacht uirbeach a ullmhú agus a chur chun feidhme.

 rialachas agus comhordú

71.Tá gach leibhéal beartais (údaráis AE, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla) bainteach le saincheisteanna soghluaisteachta. Tá gá le cur chuige rialachais comhtháite il-leibhéil chun an tsoghluaisteacht uirbeach a bhainistiú, mar aon le hearnálacha ábhartha eile amhail earnáil an fhuinnimh, mar chuid den iarracht neodracht aeráide a bhaint amach, tríd an misean Aeráid-Neodracht agus Cathracha Cliste, cuir i gcás. I ndáil leis sin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh cathracha iomlán rannpháirteach chun tacú le cuspóirí Eorpacha a bhaint amach. Agus prionsabail na coimhdeachta á n-urramú, ba cheart dó tacú le húdaráis náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha ina gcuid oibre agus cur chuige comhleanúnach a chumasú ar fud an Aontais.

72.Tá gá le clár atreisithe le haghaidh idirphlé agus le haghaidh comhchruthú gníomhaíochtaí nua chun creat nua an Aontais maidir le soghluaisteacht uirbeach a chur chun feidhme le rannpháirtíocht níos láidre ó na Ballstáit agus idirphlé níos fearr le cathracha, le réigiúin agus le geallsealbhóirí maidir le saincheisteanna uile na soghluaisteachta uirbí. Chuige sin, ba cheart na struchtúir atá ann cheana a úsáid agus a oiriúnú a mhéid is féidir 60 .

73.Is féidir le Grúpa Saineolaithe athchóirithe maidir leis an tSoghluaisteacht Uirbeach 61 ról lárnach a imirt i ndearadh agus i gcur chun feidhme an chur chuige nua rialachais seo. An toradh a bhí air go nuige seo, is toradh é nach raibh de réir na dtuar, agus léirigh na comhairliúcháin phoiblí agus na ceardlanna an gá le feabhas a chur ar a struchtúr agus ar a chuid socruithe oibre. Ba cheart go n-áireofaí leis sin rannpháirtíocht a oscailt d’údaráis áitiúla, do líonraí cathrach agus do chomhpháirtithe sóisialta, agus cuspóirí oibre agus spriocanna insoláthartha soiléire a leagan amach. Ba cheart go dtacódh foghrúpaí leis an nGrúpa Saineolaithe ina chuid oibríochtaí, nuair is tairbhiúil sin a dhéanamh.

74.Ba cheart don Sainghrúpa oibriú go háirithe ar iompar poiblí, ar shoghluaisteacht chomhroinnte agus ghníomhach, ar fhlíteanna astaíochtaí nialasacha, ar lóistíocht uirbeach agus ar sheachadadh an chéad mhíle agus an mhíle deiridh, lena n-áirítear i gceantair uirbeacha trasteorann, agus naisc idir na ceantair uirbeacha agus ceantair na tuaithe. Ba cheart dó freisin comhordú a dhéanamh ar ullmhacht le haghaidh teagmhais iompair uirbigh idir na Ballstáit 62 agus idir bainisteoirí cláir náisiúnta SFI agus Grúpa Comhordaithe Ardáin SUMP. 

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

-athbhreithniú faoi 2022 ar shainordú agus ar oibriú Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir leis an tSoghluaisteacht Uirbeach.

gnéithe idirnáisiúnta

75.Tá an tsoghluaisteacht uirbeach ar cheann de na gnéithe a chumhdaítear le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 11 maidir le cathracha agus pobail inbhuanaithe, agus leis an gClár Oibre Uirbeach Nua. Tá na doiciméid chreata dhomhanda sin ina dtreoir ag an Aontas Eorpach maidir le comhar iltaobhach agus déthaobhach, chomh maith le gníomhaíochtaí eile a seoladh chun tacú le húsáid cleachtas agus réiteach lasmuigh den Aontas.

76.Chuidigh an Clár um Chomhar Uirbeach Idirnáisiúnta 63 2017-2020 le hidirphlé a chruthú idir cathracha ar fud an domhain faoi shaincheisteanna soghluaisteachta trí phéirí agus trí chomhphleananna gníomhaíochta a dhearadh.  I measc na samplaí, tá comhar idir Torino (an Iodáil) agus São Paolo (an Bhrasaíl) chun soghluaisteacht uirbeach ilmhódach a thabhairt i gcrích i gcórais mhóra idirbhardasacha, mar aon le hobair Nagpur (an India) agus Karlsruhe (an Ghearmáin) chun machnamh a dhéanamh ar shoghluaisteacht atá dírithe ar dhaoine agus ar roinnt na rothar poiblí.

77.Faoin gClár nua um Chomhar Uirbeach agus Réigiúnach 64 (IURC) don tréimhse 2021-2024, léiríodh gur spéis le 44 cathair ó thíortha an Aontais agus ó thíortha nach bhfuil san Aontas oibriú ar líonra téamach maidir le hathnuachan uirbeach agus réigiúnach agus comhtháthú sóisialta, lena gcumhdaítear go háirithe saincheisteanna soghluaisteachta inbhuanaithe agus iompair.  

78.Tá go leor gníomhaíochtaí idirnáisiúnta eile ar siúl chun borradh a chur faoi réitigh soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus chun iad a chur chun feidhme, rud a thacóidh le comhar agus comhpháirtíochtaí forbartha an Aontais ar fud na réigiún geografach éagsúil. Cumhdaítear leis na gníomhaíochtaí sin gnéithe infheistíochta agus coincheap an rialachais soghluaisteachta straitéisí ar leibhéil bhardasacha don phleanáil inbhuanaithe maidir le soghluaisteacht uirbeach i gcás ina bhfuil coincheap agus treoirlínte SUMP AE ina bpointe tagartha ginearálta. Cuireadh in oiriúint iad ar fud an domhain do chomhthéacsanna geografacha agus do shainiúlachtaí geografacha.

79.Chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, ba ríthábhachtach úinéireacht pholaitiúil áitiúil ar chuspóirí soghluaisteachta inbhuanaithe a bhaint amach. Is éard a dhéanfaidh an Coimisiún agus é ag tógáil leis ar mhisean na gCathracha Eorpacha atá Cliste agus Neodrach ó thaobh na hAeráide de an comhar idirnáisiúnta a neartú sa chur chuige trasearnála ar mhaithe le comhtháthú ar réitigh fuinnimh atá iontaofa, inacmhainne agus glan, faoi scáth an iompair uirbigh, cuir i gcás, agus sin trí bhíthin thogra domhanda an Mhisin um Nuálaíocht (MI) i réimse na nAistrithe Uirbeacha 65 .

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

-comhar a spreagadh le Cúnant Domhanda na Méaraí maidir le cúrsaí a bhaineann leis an tsoghluaisteacht uirbeach;

-comhar níos dlúithe a fhorbairt maidir le soghluaisteacht uirbeach le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha eile amhail an Fóram Idirnáisiúnta Iompair (ITF);

-leanúint de chur chuige inbhuanaithe maidir leis an tsoghluaisteacht uirbeach a chur chun cinn lasmuigh den Aontas, e.g. mar chuid de chur chun feidhme na bPleananna Eacnamaíocha agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar 66 , do Chomhpháirtíocht 67 an Oirthir, agus do Chomharsanacht an Deiscirt 68   69 .

Tionscadail soghluaisteachta uirbeacha a mhaoiniú agus a airgeadú

80. Chun an tsoghluaisteacht uirbeach a dhícharbónú, a ghlanadh, a dhigitiú agus a nuachóiriú, is gá iarrachtaí suntasacha a dhéanamh chun réitigh nua a fhorbairt agus a thástáil chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh i sócmhainní agus i mbonneagair mhóibíleacha.

81.Sa tréimhse maoiniúcháin 2021-2027, tá roinnt ionstraimí maoinithe agus airgeadaithe ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta, amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, InvestEU, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, Fís Eorpach, Clár Réime na hEorpa um Thaighde agus um Nuálaíocht, an Clár don Eoraip Dhigiteach agus an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht, ar fáil chun tacú leis an aistriú i dtreo soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe; Agus an Ionstraim maidir le an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) agus Cúnamh Réamhaontachais (IPA III) i réigiún an mhéadaithe.

82.Caitheadh céimeanna móra freisin chun an córas airgeadais a dhéanamh níos inbhuanaithe, go háirithe nuair a glacadh an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht in 2020, rud a chruthaíonn córas aicmithe le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha glasa. Éascófar leis sin méadú ar tháirgí airgeadais glasa a bheidh oiriúnach chun infheistíocht sa tsoghluaisteacht uirbeach, sin agus in úsáid breoslaí malartacha a chur chun cinn. Tacóidh an misean maidir le Cathracha Aeráid-Neodracha agus Cliste leis an bpróiseas sin trí shineirgí agus comhlántachtaí níos fearr le cláir eile de chuid an Aontais a áirithiú agus, ag an am céanna, cabhrófar le cathracha an dé-aistriú digiteach glas a bhaint amach trína gConarthaí Aeráide a ullmhú agus a chur chun feidhme, conarthaí ina n-áireofar freisin pleananna infheistíochta a mbeidh tacaíocht maoinithe AE leo, mar aon le tacaíocht náisiúnta agus réigiúnach, pleananna ina leagtar amach conas atá sé i gceist acu rochtain a fháil ar mhaoiniú ó fhoinsí eile, mar aon le méadú agus cur chun feidhme a dhéanamh ar réitigh nuálacha chun a ngealltanais a chomhlíonadh.

83.Tríd an Ionstraim 70 um Thacaíocht Theicniúil, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme a bheidh dírithe ar an mbearna infheistíochta a shárú agus dlús a chur leis an dé-aistriú. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a iarraidh tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chun bearta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm chun a gcuid rannpháirtíochta san athchóiriú agus san infheistiú éifeachtach agus inbhuanaithe a chumasú le haghaidh soghluaisteacht uirbeach a bheidh níos glaine, níos cliste agus níos comhtháite agus chun an t-aistriú i dtreo na soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a éascú.

84.Cuirfear níos mó tacaíochta comhairlí agus cúnaimh theicniúil ar fáil trí mhol comhairleach InvestEU, le saoráidí tiomnaithe, go háirithe ELENA, URBIS agus SIA/JASPERS agus trí Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise an Choimisiúin Eorpaigh (TAIEX) nó trí thionscadail nasctha a bhfuil tríú tíortha páirteach iontu. Cuideoidh sé sin freisin le hionsú agus le tionchar chistí an Aontais a uasmhéadú.

85.Is féidir le straitéis chomhtháite um shoghluaisteacht uirbeach (Plean don tSoghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe nó a choibhéis) dearbhú breise a thabhairt maidir le héifeachtacht agus éifeachtúlacht infheistíochtaí mar chuid de chur chuige sistéamach.

Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

-nasc níos láidre a fhorbairt idir SUMPanna agus ionstraimí cistithe agus, mar shampla, tosaíocht a thabhairt i gcláir oibre na Saoráide um Chónascadh na hEorpa do thionscadail soghluaisteachta uirbí a fhaigheann tacaíocht ó SUMPanna nó ó phleananna coibhéiseacha, agus tosaíocht a thabhairt d’iarratasóirí le SUMPanna in Fís Eorpach;

-leanúint de thacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’infheistíochtaí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe san Aontas agus níos faide i gcéin, lena n-áirítear tionscadail soghluaisteachta uirbí chliste agus inbhuanaithe i gcathracha trí bhíthin Chlár Taighde agus Nuálaíochta an Aontais, Clár Nuálaíochta Fís Eorpach (2021-2027).

Conclúidí

86.Leis an Teachtaireacht sin, iarrtar gníomhaíocht a ghiaráil ar fud gach leibhéil rialachais chun dul i ngleic leis na dúshláin soghluaisteachta atá roimh na limistéir uirbeacha: Cuirfidh an Coimisiún dlús lena thacaíocht i réimsí ina bhfuil breisluach AE bunaithe (go háirithe maidir le nóid uirbeacha maidir le TEN-T agus Moltaí do na Ballstáitmaidir le pleananna éifeachtacha maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe), agus san am céanna cruthóidh sé creat coiteann do chathracha uile an Aontais chun aistriú i dtreo soghluaisteacht uirbeach níos inbhuanaithe agus níos cliste. Iarrtar ar na Ballstáit tacú le hiarrachtaí méadaithe na n-údarás áitiúil chun an tsoghluaisteacht uirbeach a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos cliste agus níos athléimní. Ní hamháin gur mór an dúshlán dlús a chur leis an aistriú i dtreo soghluaisteacht uirbeach atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus í glan, ach cuirtear deiseanna ollmhóra ar fáil do chathracha agus do réigiúin chomh maith leis an tionsclaíocht ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Sa deireadh, cuireann sé toradh ar ionchais na saoránach le haer níos glaine, níos lú brú tráchta agus torainn, chomh maith le méadú ar shábháilteacht ar na bóithre agus sláinte níos fearr, rudaí atá i gcomhréir go hiomlán leis an straitéis fáis nua don Eoraip.

(1) Is sna ceantair uirbeacha atá cónaí ar 70 % díobh https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/edn-20200207-1
(2) COM (2019) 640 final
(3)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020DC0789  
(4)   https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/IP_21_3541
(5)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021DC0400&qid=1623311742827  
(6)   https://ec.europa.eu/health/sites/default/files/non_communicable_diseases/docs/eu_cancer-plan_en.pdf/ .
Cuireann sé i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé iompar agus sláinte a nascadh.
(7) Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030; https://ec.europa.eu/clima/eu-action/european-green-deal/2030-climate-target-plan_en  
(8) COM (2021)801
(9)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/TXT/?uri=CELEX:52021SC0047  
(10)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/TXT/?uri=CELEX:52021SC0047
(11) Féach iarscríbhinn https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:82155e82-67ca-11e3-a7e4-01aa75ed71a1.0011.02/DOC_4&format=PDF agus https://www.eltis.org/mobility-plans/sump-guidelines
(12) Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/new-push-european-democracy/long-term-vision-rural-areas_en  
(13)    An Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha a úsáid (an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIR)): https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/TXT/?uri=CELEX%3A52021PC0559  
(14) Tabharfar aghaidh ar an méid sin sa Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha freisin.
(15) Leis an togra ón gCoimisiún, méadófar a líon go dtí 424, lena gcumhdaítear na cathracha go léir ina bhfuil níos mó ná 100 000 áitritheoir (nó, mura bhfuil nód uirbeach den sórt sin ina bhfuil daonra os cionn 100 000 áitritheoir, príomhnód NUTS 2 i réigiún NUTS 2).
(16)   https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=53246  
(17) An sciar den daonra ag a bhfuil an rochtain iomchuí ar sheirbhísí soghluaisteachta (e.g. iompar poiblí).
(18)   https://www.eltis.org/mobility-plans/sump-guidelines  
(19)   https://www.eltis.org/resources/tools/sump-self-assessment-tool  
(20)   https://www.eltis.org/mobility-plans/sump-guidelines  
(21)       https://ec.europa.eu/transport/themes/urban/urban_mobility/sumi_en  
(22) Treoir 2014/94/AE maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid.
(23) Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021PC0559  
(24) Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan a chur chun cinn chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02009L0033-20190801  
(25)   https://cleanbusplatform.eu/  
(26)   https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=53246
(27) I ndáil leis sin, tá feidhm ag Rialachán 2021/782 maidir le cearta paisinéirí iarnróid agus ag Rialachán 181/2011 maidir le cearta paisinéirí bus agus cóiste.
(28) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (tiocfaidh sé i bhfeidhm in 2025). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A32019L0882  
(29)    Tá anailís níos doimhne ar na dúshláin a bhaineann le poist agus scileanna san iompar ar áireamh i ndoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin a ghabhann leis an straitéis soghluaisteachta inbhuanaithe agus chliste ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020SC0331 )
(30)   https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1517&langId=en  
(31)    Níl €1 dá n-infheistítear sa rothaíocht i príomhbhealaí taistil Heilsincí nach mbíonn brabús €3.6 air [ an chéad anailís i Heilsincí ar gheilleagar na rothaíochta CIVITAS Handshake (handshakecycling.eu) ] .
(32) Is minic a labhraíonn lucht molta na gcineálacha soghluaisteachta seo faoi ‘úsáideoirí bóithre luachmhara’ agus iad ag laghdú brú tráchta agus ag cur feabhas ar cháilíocht an aeir do chách.
(33)    Creat Beartais AE um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – Na chéad chéimeanna eile i dtreo ‘Fís Nialais’, https://ec.europa.eu/transport/road_safety/sites/default/files/move-2019-01178-01-00-en-tra-00_3.pdf  
(34)       https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=celex%3A32008L0096  
(35)       https://www.weforum.org/press/2021/04/covid-19-has-reshaped-last-mile-logistics-with-e-commerce-deliveries-rising-25-in-2020/
(36)

 Foilsíodh treoir thiomnaithe i gcomhthéacs SFI i mí Dheireadh Fómhair 2019: https://www.eltis.org/sites/default/files/sustainable_urban_logistics_planning_0.pdf

(37)    Fuarthas amach i staidéar aimsithe fíricí in 2021, cé gur sampláladh 68 % de chathracha an Aontais ar an eolas faoi na treoirlínte maidir le pleananna inbhuanaithe lóistíochta uirbí (SULP), nach bhfuil ach 13 % díobh tiomanta do SULP, agus go bhfuil gnéithe lóistíochta ag 58 % díobh ina bpleananna maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe.
(38)    Togra le haghaidh Rialachán lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52017PC0676R(01)
(39)    idem
(40)    De réir an staidéir aimsithe fíricí, níor bhailigh ach 29 % de chathracha an Aontais sonraí faoi lóistíocht uirbeach agus ní raibh creat meastóireachta ach ag 32 % díobh.
(41)    Agus an aird chuí á tabhairt ar na réitigh atá á bhforbairt san Fhóram maidir le hIompar Digiteach agus Lóistíocht Dhigiteach (DTLF).
(42)    An 3 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir le creat a bhunú le haghaidh Céannacht Dhigiteach Eorpach i gcomhar le Moladh ón gCoimisiún an 3.6.2021 maidir le Bosca Uirlisí comhchoiteann de chuid an Aontais le haghaidh cur chuige comhordaithe i dtreo Creat Eorpach um Fhéiniúlacht Dhigiteach. Dá bhféadfaí an plé reachtach a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2022, d’eiseodh na Ballstáit Tiachóga Céannachta Digití in 2024.
(43)   https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12534-Intelligent-transport-systems-review-of-EU-rules-_en  
(44)       https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32015R0962  
(45)    An 21 Deireadh Fómhair 2021, bhí baint ag na UVARanna atá i bhfeidhm nó atá beartaithe le 328 limistéar astaíochtaí ísle, 130 scéim um thruailliú éigeandála, 36 limistéar astaíochtaí nialasacha agus 6 dhola uirbeacha. Foinse: https://urbanaccessregulations.eu/  
(46) Treoir 2008/50/CE maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1486474738782&uri=CELEX:02008L0050-20150918
(47)    Feidhmíonn an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach mar phointe iontrála aonair do dhaoine agus do ghnólachtaí chun rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi na rialacha agus na ceanglais nach mór dóibh a chomhlíonadh de bharr rialacháin AE, rialacháin náisiúnta, rialacháin réigiúnacha nó rialacháin áitiúla. I measc na gceanglas eile, tá sé de cheangal ar údaráis phoiblí faisnéis faoi UVARanna a chur ar fáil d’úsáideoirí bóthair tríd an tairseach. Maidir leis an nós imeachta chun greamáin astaíochtaí a fháil, sonraítear sa Rialachán nach mór na greamáin sin a eisíonn comhlacht poiblí nó institiúid phoiblí a bheith ar fáil go hiomlán ar líne faoin 12 Nollaig 2023.
(48)    Táthar ag súil leis go nglacfar an gníomh tarmligthe do Q1 2022
(49)       https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32015R0962  
(50) Gníomhaíocht ullmhúcháin arna maoiniú ag Parlaimint na hEorpa arna bainistiú ag seirbhísí an Choimisiúin ( https://uvarbox.eu).  
(51) Gníomhaíocht ullmhúcháin á chistiú ag Parlaimint na hEorpa arna bainistiú ag seirbhísí an Choimisiúin ( https://www.eltis.org/in-brief/news/uvarexchange-project-kicks )
(52)    A shainmhínítear mar a leanas: Airde an-íseal aerthráchta os cionn limistéar daonra ar scála.
(53)    Clár Oibre don Eoraip Dhigiteach 2021-2021, C(2021) 7914 final, Iarscríbhinn. Oscailt glaonna táscacha 2022.
(54)   https://transport.ec.europa.eu/document/download/5bcffc0b-d1fe-468e-9f2c-04026629c907_en  
(55)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021DC0609&qid=1633352046497  
(56)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021PC0559
(57)   https://mobilityweek.eu/home/  
(58) Go háirithe Fóram Civitas, Comhdháil SUMP agus Laethanta na Soghluaisteachta Uirbí.
(59)   https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1141  
(60) D’fhéadfaí scrúdú a dhéanamh san athbhreithniú ar an gClár Oibre Uirbeach atá beartaithe do 2023 ar shineirgí idir an t-idirphlé rialachais il-leibhéil a dhéanann sé agus pobal na soghluaisteachta uirbí agus geallsealbhóirí.
(61)

  https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?do=groupDetail.groupDetail&groupID=3165&NewSearch=1&NewSearch=1 .

(62) Is féidir le Pointe Fócais Teorann an Choimisiúin ina bhfuil saineolaithe ar shaincheisteanna trasteorann cur leis an Sainghrúpa freisin (e.g. aghaidh a thabhairt ar bhacainní teorann dlíthiúla agus riaracháin).
(63)   https://ec.europa.eu/regional_policy/en/policy/cooperation/international/urban/  
(64)   https://www.iurc.eu
(65)   http://mission-innovation.net/missions/urban-transitions-mission
(66) Teachtaireacht dar teideal ‘Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar’ COM(2020) 641 final.
(67) Teachtaireacht Chomhpháirteach ‘Athléimneacht a Neartú: Comhpháirtíocht an Oirthir a dhéanann beart do chách’, JOIN(2020) 7 final agus Doiciméad Inmheánach Oibre Comhpháirteach ‘Téarnamh, buanseasmhacht agus athchóiriú: tosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020,' SWD(2021) 186 final.
(68) Teachtaireacht Chomhpháirteach ‘Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt: Clár Oibre nua don Mheánmhuir’, JOIN(2021) 2 final, agus Doiciméad Inmheánach Oibre Comhpháirteach ‘Comhpháirtíocht Athnuaite le Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta Chomharsanacht an Deiscirt do chomharsana an Deiscirt’ SWD(2021) 23 final.
(69)  Maoineofar na gníomhaíochtaí agus na cláir sin ón Ionstraim nua maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt Idirnáisiúnta don Chomhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda.
(70)   https://ec.europa.eu/info/overview-funding-programmes/technical-support-instrument-tsi_en  
Top