EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009PC0611

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) {SEC(2009) 1477} {SEC(2009) 1478}

/* COIM/2009/0611 leagan deireanach - COD 2009/0170 */

52009PC0611




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 29.10.2009

COIM(2009) 611 leagan deireanach

2009/0170 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) {SEC(2009) 1477} {SEC(2009) 1478}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

CÚLRA

Tá imscrúduithe neamhspleácha riachtanach ar mhaithe le sábháilteacht a fheabhsú i gcúrsaí iompair. Tar éis anailíse ar na cúinsí inar tharla tionóiscí, déantar moltaí d'fhonn a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís.

Cé nach bhfuil an eitlíocht shibhialta ar an bhfód ach le tréimhse réasúnta gear, tá na cleachtais i dtaobh tionóiscí a imscrúdú seanbhunaithe. Tá sé cumhdaithe sa Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta, a bhfuil gach Ballstát ina pháirtí de, go bhfuil sé de cheangal tionóiscí san eitlíocht shibhialta a imscrúdú. Sainítear na caighdeáin mhionsonraithe idirnáisiúnta agus na cleachtais atá molta ina thaobh sin in Iarscríbhinn 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago agus san ábhar treorach gaolmhar.

Mar aitheantas ar an tábhacht a bhaineann le tionóiscí a imscrúdú, ghlac an Comhphobal Eorpach cheana féin i 1980 Treoir 80/1266/CEE maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit i ndáil le tionóiscí aeir a imscrúdú[1]. Cuireadh Treoir 94/56/CE[2] in áit Threoir 1980 ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, glacadh Treoir 2003/42/CE maidir le tuairisciú teagmhas san eitlíocht shibhialta in 2003[3].

Faoi Threoir 94/56/CE tá sé de cheangal ar Bhallstáit a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht neamhspleách gach tionóisc nó tarlú tromchúiseach san eitlíocht shibhialta a imscrúdú agus nach mbeidh de chuspóir leis an imscrúdú ach tionóiscí amach anseo a chosc seachas milleán nó dliteanas a leagan ar dhuine ar bith. Tugtar cearta breise d'imscrúdaitheoirí chun gur féidir leo tabhairt faoina gcúraimí ar bhealach níos éifeachtúla, agus bunaítear na bunphrionsabail maidir le tuarascálacha a fhoilsiú agus moltaí sábháilteachta a scaipeadh.

Trí thacú le bunú na gcóras sábháilteachta um thuairisciú teagmhas, chuir Treoir 2003/42/CE go mór le cur chun cinn " Just Culture " (Cultúr Cothrom) san eitlíocht shibhialta san Eoraip. Tá sé de cheangal anois ar ghairmithe san eitlíocht teagmhais a thuairisciú san obair oibriúcháin laethúil agus tá foráil déanta chun a áirithiú gur féidir an fhaisnéis a thuairiscítear a mhalartú agus a scaipeadh, ionas gur féidir ceachtanna sábháilteachta a fhoghlaim. Tugann an Treoir tacaíocht agus spreagadh do bhunú córas deonach tuairiscithe freisin.

AN GÁ LE h ATHRÚ

Maidir leis an gcóras Comhphobail atá ann anois i ndáil le himscrúdú tionóiscí agus tuairisciú teagmhas san eitlíocht shibhialta, tá an córas sin ag feidhmiú faoi bhun a éifeachtúlachta barrmhaithe. Tá an creat rialúcháin atá ann faoi láthair agus a dhéileálann le himscrúdú tionóiscí, i.e. Treoir 94/56/CE, ann le cúig bliana déag, agus ní chomhlíonann sé ceanglais an Chomhphobail ná na mBallstát a thuilleadh. Baineann na pointí seo a leanas leis go háirithe:

- Tá i bhfad níos mó dibhéirseachta i gcumas imscrúdaithe na mBallstát i gcomparáid le cúrsaí mar a bhí i 1994. Go háirithe tar éis mhéadú an AE in 2004 agus 2007, tá formhór an chumais imscrúdaithe cruinnithe i líon beag Ballstát;

- Tá aerárthaí agus a gcórais ag éirí níos casta, rud a chiallaíonn go bhfuil saineolas agus acmhainní atá i bhfad níos éagsúlaithe ná mar a bhí deich mbliana ó shin ag teastáil chun tionóiscí eitlíochta a imscrúdú;

- Bhí fás mór ar chómhargadh eitlíochta an AE le deich mbliana anuas ó thaobh méide de (27 Ballstát san áireamh anois) agus ó thaobh castachta de (teacht chun cinn oibreoirí atá bunaithe in áiteanna éagsúla, tuilleadh spleáchais ar fhoinsiú allamuigh i ndáil le cúraimí cothabhála, dearadh ilnáisiúnta agus monaraíocht), agus tá dúshláin nua cruthaithe ó thaobh maoirseachta sabháilteachta de dá bharr;

- Leis an méadú ar mhéid agus ar chastacht an mhargaidh inmheánaigh eitlíochta, éilíodh freagracht mhéadaithe i leith an Chomhphobail ó thaobh sábháilteachta eitlíochta de chomh maith. Tháinig athrú suntasach ar chreat institiúideach agus dlíthiúil an AE ó glacadh Treoir 94/56/CE. Is ar leibhéal an AE a shainítear caighdeáin sábháilteachta ar bhonn beagnach ach mór eisiach anois, agus bunaíodh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, atá freagrach as deimhniúchán aerárthaí sa Chomhphobal ar son na mBallstát, in 2002 [4];

- Fuair an AE agus na Ballstáit taithí phraiticiúil shuntasach i gcur i bhfeidhm Threoir 94/56/CE. Ba cheart an taithí sin a úsáid chun éifeachtúlacht an chórais rialúcháin atá ann faoi láthair a neartú.

MIONSAINIÚ FADHBANNA

Sular tíolacadh an togra seo, thug an Coimisiún faoi mhionanailís ar staid reatha imscrúdaithe tionóiscí agus tuairiscithe teagmhas san eitlíocht shibhialta san AE, go háirithe trí bhíthin comhairliúcháin phoiblí leis na geallsealbhóirí leasmhara agus le húdaráis na mBallstát. D'aontaigh gach freagróir, i bpáirt nó go hiomlán, go mbaineann laigí le himscrúdú tionóiscí agus le tuairisciú teagmhas san eitlíocht shibhialta san Eoraip faoi láthair. Ag an am céanna, áfach, d'áitigh formhór na bhfreagróirí go raibh sé róluath athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar Threoir 2003/42/CE agus gur cheart díriú ar éifeachtúlacht an chreata rialúcháin a fheabhsú i gcomhair imscrúdú tionóiscí.

Ina theannta sin, bhí an Coimisiún ag brath ar thorthaí measúnaithe iarmharta a rinneadh go seachtrach in 2007, inar cuireadh san áireamh torthaí na gcomhairliúchán poiblí chomh maith leis an ionchur a fuarthas de bharr an méid seo a leanas:

1. Ceistneoir mionsonraithe a scaip comhairleoir seachtrach go díreach ar líon mór geallsealbhóirí leasmhara;

2. Roinnt agallamh a rinne comhairleoir seachtrach le líon srianta geallsealbhóirí leasmhara ar shampla ionadaíoch iad;

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún measúnú iarmharta iad féin, agus sonraíodh ann na réimsí sonracha seo a leanas a mbaineann fadhbanna leo:

3. Easpa cumais imscrúdaithe aonfhoirmigh san AE;

4. Teannas idir imscrúduithe sábháilteachta agus imeachtaí eile;

5. Ról míshoiléir an Chomhphobail in imscrúduithe sábháilteachta;

6. Laigí i gcur chun feidhme na moltaí sábháilteachta;

7. Easpa comhchaighdeán maidir le liostaí paisinéirí a bhainistiú agus le tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh tionóiscí aeir agus a muintir;

ROGHANNA FÉIDEARTHA BEARTAIS

D'fhonn aghaidh a thabhairt ar na mí-éifeachtúlachtaí reatha, rinne an Coimisiún anailís ar roinnt roghanna féideartha beartais:

8. Comhar deonach a chur chun cinn;

9. Líonra Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta;

10. Bord Sábháilteachta Eitlíochta Sibhialta na hEorpa;

Cuireadh na roghanna ar fad i gcomparáid le chéile agus i gcomparáid leis an rogha "dada a dhéanamh" mar thagarmharc chun a n-iarmhairtí sábháilteachta, eacnamaíochta, comhshaoil, sóisialta agus eile a anailísiú. Léiríodh go soiléir san anailís seo go mbainfí amach cuspóirí an Chomhphobail ar an mbealach is costéifeachtúla agus gan dul thar a mbeadh riachtanach ó thaobh na comhréireachta de, ach tacú le comhar deonach agus le líon áirithe prionsabal tábhachtach a bheadh cumhdaithe i gcreat atá ceangailteach go dlíthiúil, mar atá beartaithe leis an rogha beartais "Líonra Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta".

ÁBHAR AN TOGRA

Comhar deonach a chur chun cinn

Tá cur chun cinn an chomhair dheonaigh leagtha amach sa togra arna tíolacadh, togra a bhfuil a chuspóirí cumhdaithe i gcreat atá ceangailteach go dlíthiúil. Cuireann sé leis na hacmhainní atá ar fáil cheana féin sna Ballstáit agus leis an taithí atá faighte de thoradh an chomhair neamhoifigiúil atá ann cheana idir na hÚdaráis Náisiúnta um Imscrúdú Sábháilteachta. Faoin Rialachán atá beartaithe, aistreofar an comhar neamhoifigiúil sin go Líonra Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta (an Líonra).

Cuirfidh "an Líonra" le haonfhoirmeacht níos fearr agus le cur chun feidhme agus le forfheidmhiú níos fearr na reachtaíochta Comhphobail um imscrúdú tionóiscí san eitlíocht shibhialta. Neartóidh sé freisin cumas imscrúdaithe an AE agus feidhm choisctheach na n-imscrúduithe tionóiscí trí chomhar níos struchtúrtha a chur chun cinn idir na hÚdaráis náisiúnta um Imscrúdú Sábháilteachta, an Coimisiún agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, ach stádas neamhspleách a choinneáil ag an am céanna.

D'fhonn cruthú comhlachta nua Comhphobail a neamhniú, ní bheidh aon phearsantacht dhlíthiúil ag "an Líonra", agus beidh a shainordú, a bhfuil tuairisc shoiléir air sa Rialachán beartaithe, teoranta do thascanna comhairleacha agus comhordaithe. Is éard a bheidh sa "Líonra", comhlacht a bheidh dírithe ar leas ginearálta na hEorpa, laistigh de bhrí Airteagal 108 (1)b de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 (an Rialachán Airgeadais)[5], a cheadóidh don Chomhphobal tacú lena ghníomhaíochtaí trí dheontas bliantúil a thabhairt, ar bhonn clár oibre a shocrófar gach bliain.

Tacaíocht na n-oibleagáidí atá cumhdaithe sa dlí

Is í an phríomh-mhíbhuntáiste a bhainfeadh le rogha beartais nach mbeadh ach comhar deonach i gceist léi, go mbeadh easpa oibleagáide dlíthiúla ann maidir le feidhmiú laistigh de chreat sainordaithe a bheadh sainithe go soiléir. Níltear ag súil leis ach an oiread go réiteoidh comhar deonach saincheisteanna i gcásanna ina bhfuil gá le cinnteacht dhlíthiúil, amhail faisnéis íogair sábháilteachta a chosaint, comhchearta agus comhoibleagáidí Údarás Náisiúnta um Imscrúdú Sábháilteachta agus Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa a shainiú i gcás imscrúduithe sábháilteachta, nó ceanglais aonfhoirmeacha a bhunú i dtéarmaí moltaí sábháilteachta a phróiseáil.

Chun teacht timpeall ar na míbhuntáistí sin, atá mar chúis lárnach leis an bhfeabhas atá ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar mhí-éifeachtúlacht an chreata rialacháin atá ann faoi láthair, comhlánaíonn an Rialachán atá beartaithe an comhar deonach le roinnt oibleagáidí atá cumhdaithe i ndlí agus a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

- Príomhfhorálacha Threoir 94/56/CE a bhí ann roimhe seo a thabhairt cothrom le dáta agus a nuachoiriú;

- Éifeachtúlacht na n-imscrúduithe sábháilteachta a neartú trí na caighdeáin idirnáisúnta agus na cleachtais mholta a bhaineann le cosaint fianaise agus faisnéise íogair sábháilteachta a chur i bhfeidhm i ndlí an Chomhphobail, i gcomhréir le hIarscríbhinn 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago;

- Comhcheanglais a bhunú i dtéarmaí na nÚdarás Náisiúnta um Imscrúdú Sábháilteachta a eagrú, agus stádas neamhspleách na n-imscrúduithe sábháilteachta a neartú;

- Comhordú níos fearr a dhéanamh ar na fiosrúcháin éagsúla ar chúiseanna tionóiscí agus tarluithe, go háirithe trí shainordú a thabhairt do na hÚdaráis Náisiúnta um Imscrúdú Sábháilteachta socruithe iomchuí a chur i gcrích roimh ré le húdaráis eile (údaráis bhreithiúnacha, seirbhísí cuardaigh agus tarrthála) a bhféadfadh baint a bheith acu le himscrúdú tionóiscí;

- Comhchearta agus oibleagáidí Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa agus na nÚdarás Náisiúnta um Imscrúdú Sábháilteachta a shoiléiriú, gan cur isteach ar neamhspleáchas na n-imscrúduithe sábháilteachta, agus ag baint úsáide as Iarscríbhinn 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago mar bhonn tagartha.

- Na critéir a bheadh mar bhunús ag na hÚdaráis um Imscrúdú Sábháilteachta chun ionadaithe creidiúnaithe a cheapadh do "Stát an Deartha".

- Comhcheanglais a bhunú d'aerlínte an Chomhphobail maidir le liostaí paisinéirí agus maidir leis na sonraí atá ar na liostaí sin a chosaint;

- Cearta íospartach tionóiscí aeir agus a muintir a neartú;

- Anaithnideacht daoine a bhíonn i dtionóisc a chosaint níos fearr;

- Cur chun feidhme na moltaí sábháilteachta a neartú trí:

- bunachar sonraí lárnach de mholtaí sábháilteachta a bhunú;

- ceanglas dlíthiúil a bhunú a bhainfidh le gach eintiteas san AE a eisíonn moladh sábháilteachta nó a fhaigheann moladh, d'fhonn próiseas a bheith ann na freagairtí ar an moladh sábháilteachta a eisíodh a thaifead agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an ghnímh a rinneadh mar fhreagairt ar mholadh sábháilteachta;

COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Cé nár cheart bunú gníomhaireachta Eorpaí um imscrúdú tionóiscí san eitlíocht shibhialta a chur as an áireamh san fhadtéarma, de bharr a chomhtháite is atá an margadh aonair eitlíochta san AE, bheadh sé roimh am a leithéid a bhunú ag an bpointe seo. Dá réir sin, ní athraíonn an togra seo an tslí a bhfuil na freagrachtaí deighilte faoi láthair ó thaobh imscrúdú tionóiscí agus tarluithe san eitlíocht shibhialta de, agus fanfaidh na freagrachtaí sin le húdaráis inniúla na mBallstát.

I gcomparáid le roghanna ailtéarnacha beartais a ndéantar anailís orthu sa Mheasúnú Iarmharta a ghabhann leis an togra seo, baineann an breisluach is mó leis an Rialachán atá beartaithe ó thaobh an Chomhphobail de. Is é an rogha beartais is mó comhréire a cheadódh, agus prionsabal neamhspleáchais na n-imscrúduithe sábhailteachta á urramú ina iomlán, agus trí thacú le comhar deonach agus gan struchtúir nua a bhunú ar leibhéal an Chomhphobail, feabhsú suntasach ar éifeachtúlacht iomlán an chreata rialúcháin atá ann faoi láthair agus a bhaineann le tionóiscí eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc san AE.

2009/0170 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[6],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[7],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[8],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[9],

De bharr an méid seo a leanas:

11. Ba cheart leibhéal ard ginearálta sábháilteachta a áirithiú san eitlíocht shibhialta san Eoraip agus ba cheart gach iarracht a dhéanamh líon na dtionóiscí agus na dtarluithe a laghdú chun muinín tomhaltóirí as aeriompar a áirithiú.

12. Nuair a dhéantar imscrúduithe sabháilteachta gan mhoill ar thionóiscí agus ar tharluithe san eitlíocht shibhialta sábháilteacht eitlíochta agus cabhraítear chun tionóiscí agus tarluithe dá leithéid a chosc.

13. Ba cheart gan cuspóir a bheith le himscrúduithe sábháilteachta ach amháin tionóiscí agus tarluithe a chosc amach anseo gan milleán nó dliteanas a leagan ar dhuine ar bith.

14. Is gá rialachán a chur in áit Threoir 94/56/CE ón gComhairle an 21 Samhain 1994 lena mbunaítear na bunphrionsabail a rialaíonn imscrúdú tionóiscí agus tarluithe san eitlíocht shibhialta[10] d'fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú sna córais um thionóiscí agus tarluithe san eitlíocht shibhialta a imscrúdú agus a chosc, córais a raibh baint ag an Treoir sin lena mbunú sa Chomhphobal.

15. Ba cheart na hathruithe ar an gcreat institiúideach agus rialacháin a rialaíonn sábháilteacht na heitlíochta sibhialta sa Chomhphobal ó glacadh Treoir 94/56/CE a chur san áireamh, go háirithe bunú Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa.

16. Ba cheart an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta a chur san áireamh, Coinbhinsiún a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1994, ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na mbeart is gá chun oibriú sábháilte aerárthaí a áirithiú; ba cheart Iarscríbhinn 13, go háirithe, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a chur san áireamh, mar aon leis na leasuithe a rinneadh ina dhiaidh sin a leagann síos na caighdeáin mholta idirnáisiúnta agus na cleachtais maidir le tionóiscí agus tarluithe aerárthaí a imscrúdú.

17. Thar ceann na mBallstát, cuirfidh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa feidhmeanna agus cúraimí Stát an Deartha, Stá na Monaróireachta nó Stá an Chláraithe i gcrích nuair a bhaineann na feidhmeanna agus na cúraimí sin le dearadh a fhormheas, mar atá sonraithe i gCoinbhinsiún Chicago agus sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, agus ba cheart, dá bhrí sin, ionadaí a bheith ann thar a ceann le linn imscrúdaithe sábháilteachta d'fhonn cur lena héifeachtúlacht agus chun sábháilteacht i ndearadh aerárthaí a áirithiú, gan cur isteach ar stádas neamhspleách an imscrúdaithe.

18. I ngeall ar an méadú ar a cuid freagrachtaí sábháilteachta, ba cheart do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa páirt a ghlacadh freisin sa mhalartú sonraí faoi chuimsiú na gcóras tuairiscithe teagmhas; ba cheart cosaint leordhóthanach a thabhairt do na sonraí sin i gcoinne úsáide neamhúdaraithe nó i gcoinne nochtadh.

19. Ba cheart scóip na n-imscrúduithe a bheith ag brath ar na ceachtanna atá le foghlaim uathu maidir le sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú, ag cur san áireamh go háirithe an gá atá le húsáid chostéifeachtúil acmhainní imscrúduithe sa Chomhphobal.

20. Ba cheart d'údarás neamhspleách um imscrúdú sábháilteachta, imscrúdú sábháilteachta a dhéanamh ar thionóiscí agus ar tharluithe nó ba cheart é a dhéanamh faoi réir a rialaithe d'fhonn aon choimhlint leasa a sheachaint nó aon chur isteach féideartha ón taobh amuigh a sheachaint maidir le cúiseanna na dteagmhas atá á n-imscrúdú a chinneadh.

21. Ba cheart cumas údaráis um imscrúdú sábháilteachta na mBallstát a neartú agus beidh comhar eatarthu riachtanach chun éifeachtúlacht an imscrúdaithe a fheabhsú agus chun tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta sa Chomhphobal a chosc.

22. Ba cheart ról comhordaithe na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta a aithint i gcomhthéacs Eorpach, tríd an gcomhar atá ann cheana idir na húdaráis sin agus na hacmhainní imscrúdaithe atá ar fáil sna Ballstáit, ar cheart iad a úsáid ar an mbealach is costéifeachtúla is féidir, a chur san áireamh; ba é an bealach ab'fhearr chun é sin a bhaint amach, Líonra Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta ('an Líonra') a bhunú.

23. Ba cheart don líonra dul i mbun a ghníomhaíochtaí comhordaithe ar bhealach atá trédhearcach agus neamhspleách agus ba cheart tacaíocht ghníomhach a fháil ón gComhphobal.

24. Féadfar cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go héifeachtúil trí chomhar le tríú tíortha san Eoraip, ar cheart ligean dóibh bheith rannpháirteach in obair an Líonra.

25. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhlíonadh na reachtaíochta atá i bhfeidhm maidir le cumhachtaí na n-údarás atá freagrach as an bhfiosrúchán breithiúnach agus, nuair is iomchuí, i ndlúthchomhar leis na húdaráis sin, go ligfear do na húdaráis atá freagrach as imscrúduithe sábháilteachta ar thionóiscí agus ar tharluithe eitlíochta sibhialta a gcúraimí a dhéanamh sna dálaí is fearr is féidir; níor cheart go gcuirfí isteach ar chuspóirí fiosrúcháin bhreithiúnaigh ach oiread.

26. Níl imscrúdú éifeachtach sábháilteachta indéanta ach amháin má chaomhnaítear na píosaí tábhachtacha fianaise.

27. Tá córas sábháilteachta na heitlíochta sibhialta bunaithe ar aiseolas agus ar na ceachtanna a fhoghlaimítear ó thionóiscí agus ó tharluithe agus is gá an rúndacht a chur i bhfeidhm go docht chun a áirithiú go mbeidh fáil ar acmhainní luachmhara faisnéise amach anseo; sa chomhthéacs sin, níor cheart faisnéis íogair sábháilteachta a úsáid chun críocha ar bith eile seachas chun tionóiscí agus tarluithe a chosc, ach amháin dá mbeadh sár-leas ann don phobal í a nochtadh.

28. Ar mhaithe le tionóiscí a chosc, tá sé tábhachtach torthaí na n-imscrúduithe ar thionóiscí agus ar tharluithe a phoibliú laistigh den achar ama is giorra is féidir.

29. Ba cheart na moltaí sábháilteachta a eascraíonn as imscrúdú tionóiscí nó tarluithe a chur san áireamh i gcónaí, agus ba cheart feidhmiú dá réir más gá chun a áirithiú go ndéanfar an méid is féidir chun tionóiscí in eitlíocht shibhialta a chosc; ba cheart gné an Chomhphobail sna moltaí sábháilteachta a chur san áireamh freisin ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar rialáil sábháilteachta eitlíochta ar leibhéal Eorpach.

30. Is léir ó thaithí go bhfuil sé deacair uaireanta liostaí iontaofa de na daoine atá ar bord aerárthaigh a fháil go tapa, agus gur cheart na sonraí atá ar na liostaí sin a chosaint i gcoinne úsáide neamhúdaraithe nó i gcoinne nochtadh.

31. Ba cheart cearta íospartach tionóiscí aeir agus a muintir a chosaint go leormhaith.

32. Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir 95/46/CE i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi bhun an Rialacháin seo.

33. Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchoiteanna a bhunú i réimse an imscrúdaithe tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta, a bhaint amach go leordhóthanach agus dá bhrí sin, de bharr raon feidhme uile-Eorpach an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

34. Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[11]. Go háirithe, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis na rialacha nósanna imeachta agus le clár oibre an Líonra a bhunaítear faoin Rialachán seo.

35. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 94/56/CE a aisghairm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Is é is aidhm don Rialachán seo sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú trí leibhéal ard éifeachtúlachta agus cáilíochta a áirithiú in imscrúduithe sábháilteachta san eitlíocht shibhialta san Eoraip agus é mar phríomhchuspóir aige tionóiscí agus tarluithe amach anseo a chosc gan milleán nó dliteanas a leagan ar dhuine ar bith.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

36. ciallaíonn 'tionóisc' teagmhas a bhaineann le hoibríocht aerárthaigh a bhfuil a eitilt beartaithe a tharlaíonn, i gcás aerárthaigh a bhfuil píolóta ann, idir an t-am a thagann duine ar bord an aerárthaigh a bhfuil a eitilt beartaithe agus an t-am a imíonn gach duine ó bhord, nó i gcás aerárthaigh nach bhfuil píolóta ann, idir an t-am a bhfuil an t-aerárthach réidh chun bogtha chun críche eitilte agus an t-am a stopann sé ag deireadh na heitilte agus a mhúchtar an príomhchóras tiomána, ina dtarlaíonn ceann de na nithe seo a leanas:

37. gortaítear duine go marfach nó go tromchúiseach de thoradh:

38. a bheith san aerárthach, nó

39. teagmháil dhíreach a dhéanamh le cuid ar bith den aerárthach, lena n-áirítear codanna atá dícheangailte ón aerárthach, nó

40. nochtadh díreach do scairdsoinneán,

seachas nuair is gortú de bharr cúiseanna nádúrtha, féinghortú nó gortú ag daoine eile is cúis leis na gortuithe, nó nuair is iad folachánaithe atá i bhfolach lasmuigh de na limistéir ina mbíonn na paisinéirí nó an fhoireann go hiondúil, atá gortuithe; nó

41. déantar damáiste don aerárthach nó tarlaíonn cliseadh struchtúrtha dó a bhfuil drochthionchar aige ar an treise struchtúrtha, nó ar fheidhmíocht nó saintréithe eitilte an aerárthaigh, óna dteastódh mórdheisiú don chomhpháirt lena mbaineann nó comhpháirt nua go hiondúil,

seachas i gcás go gcliseann an t-inneall nó go ndéantar damáiste dó, nuair atá an damáiste teoranta d'aon inneall amháin, dá chochaill nó dá ghabhálais; nó i gcás damáiste atá teoranta do liáin, reanna sciatháin, aintéiní, toireadóirí, eití, boinn, coscáin, rotha, nó damáiste dromchlach do chosa tuirlingthe, slímithe, painéil, oscailt na gcos tuirlingthe nó gaothscáthanna a ndearnadh damáiste dóibh nó loig bheaga nó poill i gcraiceann an aerárthaigh nó miondamáiste ó chlocha sneachta nó ó imbhualadh éin (lena n-áirítear poill sa chón radair); nó

42. go bhfuil an t-aerárthach ar iarraidh nó nach bhfuil rochtain air in aon chor;

43. ciallaíonn 'ionadaí creidiúnaithe' duine arna ainmniú ag Stát, ar bhonn a cháilíochtaí/a cáilíochtaí, chun críche páirt a ghlacadh in imscrúdú arna reáchtáil ag Stát eile; de ghnáth, beidh an t-ionadaí creidiúnaithe ainmnithe mar bhall d'údarás um imscrúdú sábháilteachta;

44. ciallaíonn 'comhairleoir' duine arna cheapadh ag Stát, ar bhonn a cháilíochtaí/a cáilíochtaí, chun críche cabhrú leis an ionadaí creidiúnaithe le linn imscrúdú;

45. ciallaíonn 'cúiseanna' na gníomhaíochtaí, easnaimh, imeachtaí, dálaí nó meascán díobh sin, a chúisigh an tionóisc nó an tarlú; ní hionann na cúiseanna a aithint agus milleán a leagan ar dhuine éigin ná dliteanas riaracháin, sibhialta nó coiriúil a chinneadh;

46. ciallaíonn 'tionóisc agus tarlú eitlíochta sibhialta' tionóisc nó tarlú ar bith a bhaineann d'aerárthach nach bhfuil i mbun seirbhísí míleata, custaim, póilíneachta ná seirbhísí cosúla;

47. ciallaíonn 'gortú marfach' gortú a bhaineann do dhuine i dtionóisc agus gur trúig báis dó/di é laistigh de 30 lá ó dháta na tionóisce;

48. ciallaíonn 'taifeadán eitilte' taifeadán ar bith a shuiteáiltear san aerárthach chun críche imscrúduithe sábháilteachta ar thionóiscí/tarluithe a éascú;

49. ciallaíonn 'tarlú' teagmhas, nach timpiste é, a bhaineann le hoibríocht aerárthaigh agus a bhfuil tionchar aige nó a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar shábháilteacht na hoibríochta;

50. ciallaíonn 'imscrúdaitheoir i bhfeighil' duine atá freagrach, ar bhonn a cháilíochtaí/a cáilíochtaí, as imscrúdú sábháilteachta a eagrú, a dhéanamh agus a rialú;

51. ciallaíonn 'oibreoir' aon duine dlítheanach nó nádúrtha a oibríonn aerárthach amháin nó níos mó ná aerárthach amháin nó a bheartaíonn aerárthach amháin nó níos mó ná aerárthach amháin a oibriú;

52. ciallaíonn 'duine lena mbaineann' úinéir, duine d'fhoireann, nó oibreoir an aerárthaigh a bhaineann tionóisc nó tarlú dó/di, nó aon duine a bhfuil baint aige/aici le rialú aerthráchta, le faisnéis eitilte nó le seirbhísí aeradróim a sholáthar agus a bhfuil eolas aige/aici ar an tionóisc nó an tarlú a thit amach;

53. ciallaíonn 'imscrúdú sábháilteachta' próiseas a chuirtear i bhfeidhm chun críche tionóiscí agus tarluithe a chosc lena n-áirítear faisnéis a bhailiú agus a anailísiú, tátal a bhaint, lena n-áirítear an chúis/na cúiseanna leis an tionóisc nó an tarlú a chinneadh agus na fachtóirí a bhain leis sin agus, nuair is iomchuí, moltaí sábháilteachta a dhéanamh;

54. ciallaíonn 'moladh sábháilteachta' moladh a thagann ó údarás um imscrúdú sábháilteachta, bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear mar thoradh ar imscrúdú sábháilteachta nó ó fhoinsí eile amhail staidéir sábháilteachta, arna dhéanamh d'fhonn tionóiscí agus tarluithe a chosc;

55. ciallaíonn 'tarlú tromchúiseach' tarlú ar léir ina thaobh go raibh féidearthacht ard tionóisce bainteach le hoibriú aerárthaigh a raibh a eitilt beartaithe (tá liosta samplaí de tharluithe tromchúiseacha leagtha amach san Iarscríbhinn);

56. ciallaíonn 'gortú tromchúiseach' gortú a bhaineann do dhuine i dtionóisc agus a mbaineann ceann acu seo a leanas leis:

57. tréimhse san ospidéal ar feadh níos mó ná 48 uair an chloig agus tús na tréimhse sin laistigh de sheacht lá ón dáta ar bhain an gortú don duine;

58. briseadh cnáimhe ar bith (seachas bristeacha simplí sna méara, sna méara coise nó sa tsrón);

59. stolltaí arb iad is cúis le fuiliú trom nó le damáiste thromchúiseach do na néaróga, na matáin nó do na teannáin;

60. gortú ar orgán inmheánach ar bith;

61. baill dhóite den dara nó tríú grád, nó baill dhóite ar bith ar mó ná 5 % de dhromchla na colainne iad;

62. nochtadh fíoraithe do shubstaintí ionfhabhtaíocha nó do radaíocht dhíobhálach;

63. ciallaíonn 'gnóthas' aon duine dlítheanach nó aon duine nádúrtha, bíodh sé brabúsach nó neamhbhrabúsach, nó aon chomhlacht oifigiúil bíodh a phearsantacht dhlíthiúil féin aige nó ná bíodh;

Airteagal 3

Raon feidhme

64. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himscrúduithe sábháilteachta ar thionóiscí agus ar tharluithe eitlíochta sibhialta:

65. a thit amach i gcríoch an Chomhphobail, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta na mBallstát;

66. a bhaineann le haerárthach atá cláraithe i mBallstát nó atá á oibriú ag gnóthas atá bunaithe i mBallstát, agus a tharla lasmuigh de chríoch an Chomhphobail, i gcás nach ndéanfaidh Stát eile na himscrúduithe sin;

67. ina bhfuil Ballstát i dteideal, de réir caighdeán idirnáisiúnta sábháilteachta, ionadaí creidiúnaithe a cheapadh chun bheith rannpháirteach mar Stát an Chláraithe, Stát an Oibreora, Stát an Deartha, Stát na Monaróireachta nó an Stát a sholáthraíonn faisnéis, saoráidí nó saineolaithe, ar iarraidh ón Stát a dhéanann na himscrúdaithe;

68. ina bhfaigheann Ballstát, a bhfuil leas speisialta aige de bhua bás nó gortuithe tromchúiseacha a bhain dá shaoránaigh, cead ón Stát atá i bhfeighil an imscrúdaithe, saineolaí a cheapadh;

Airteagal 4

Dualgas imscrúdaithe

69. Beidh gach tionóisc eitlíochta sibhialta nó gach tarlú tromchúiseach a bhaineann d'aerárthach seachas na haerárthaí atá sonraithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[12], faoi réir imscrúdú sábháilteachta.

70. Cinnfidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta fairsinge na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 agus an nós imeachta a bheidh le leanúint agus na himscrúduithe sábháilteachta sin á ndéanamh, agus na ceachtanna a bhfuil sé ag súil a bhaint as na himscrúduithe sin á gcur san áireamh d'fhonn an tsábháilteacht a fheabhsú.

71. Féadfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta cinneadh a dhéanamh tarluithe seachas na tarluithe dá dtagraítear i mír 1 a imscrúdú, mar aon le tionóiscí nó tarluithe tromchúiseacha a bhaineann do chineálacha eile aerárthaí, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na mBallstát, nuair atáthar ag súil le ceachtanna sábháilteachta a bhaint astu.

72. Ní bhainfidh na himscrúduithe sábháilteachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 in aon chor le milleán nó le dliteanas a leagan ar dhuine ar bith. Beidh siad neamhspleách ó imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin chun milleán nó dliteanas a leagan ar dhuine éigin agus gan dochar do na himeachtaí sin.

Airteagal 5

Údarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta

73. Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh údarás buan um imscrúdú sábháilteachta san eitlíocht shibhialta (dá ngairfear 'údarás um imscrúdú sábháilteachta' anseo feasta) imscrúduithe sábháilteachta nó go ndéanfaidh sé maoirseacht ar an imscrúdú, gan cur isteach ón taobh amuigh.

74. Feidhmeoidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta go neamhspleách go háirithe ó na húdaráis eitlíochta atá freagrach as aerfhiúntas, deimhniúchán, oibríocht eitilte, cothabháil, ceadúnú, rialú aerthráchta nó oibríocht aerfoirt agus, go ginearálta, ó aon pháirtí eile a bhféadfadh a leasanna bheith i gcoinbhleacht leis an tasc atá de chúram ar an údarás um imscrúdú sábháilteachta nó a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar oibiachtúlacht an údaráis.

75. Ní lorgóidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta, i gcomhlíonadh a dhualgas, treoracha ó dhuine ar bith ná ní ghlacfaidh sé le treoracha ó dhuine ar bith agus beidh údarás neamhshrianta aige i dtaobh na n-imscrúduithe sábháilteachta.

76. Féadfar na gníomhaíochtaí atá de chúram ar an údarás um imscrúdú sábháilteachta a leathnú chun bailiú agus anailís sonraí a bhaineann le sábháilteacht eitlíochta a áireamh, go háirithe chun críocha tionóiscí a chosc, fad is nach gcuireann na gníomhaíochtaí sin isteach ar neamhspleáchas an údaráis agus nach mbaineann freagracht leo ó thaobh cúrsaí rialála, riaracháin nó caighdeán de.

77. Tabharfar na modhanna atá ag teastáil chun a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh go neamhspleách don údarás um imscrúdú sábháilteachta agus beidh sé in ann acmhainní leormhaithe a fháil chun an méid sin a dhéanamh. Go háirithe:

78. beidh taithí ag ceannaire an údaráis um imscrúdú sábháilteachta agus beidh sé/sí inniúil i gcúrsaí sábháilteachta i réimse na heitlíochta sibhialta agus, más féidir, in imscrúdú sábháilteachta;

79. tabharfar stádas do na himscrúdaitheoirí a thabharfaidh na ráthaíochtaí riachtanacha neamhspleáchais dóibh;

80. beidh ar a laghad imscrúdaitheoir amháin san údarás um imscrúdú sábháilteachta a bheidh in ann ról an imscrúdaitheora i bhfeighil a ghlacadh má tharlaíonn mórthionóisc aerárthaigh;

81. leithdháilfear buiséad feidhmiúcháin ar an údarás um imscrúdú sábháilteachta a chuirfidh ar a chumas íoc as scrúduithe teicniúla agus as costais taistil;

82. beidh fáil ag an údarás um imscrúdú sábháilteachta, go díreach nó trí shocruithe dá dtagraítear in Airteagal 6, ar phearsanra cáilithe agus ar shaoráidí leordhóthanacha, lena n-áirítear oifigí agus haingir, chun gur féidir an t-aerárthach, a bhfuil ann agus an raic a stóráil agus a scrúdú;

Airteagal 6

Comhar idir na hÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta

83. Féadfaidh údarás um imscrúdú sábháilteachta ó Bhallstát amháin cúnamh a iarraidh ar údaráis um imscrúdú sábháilteachta ó Bhallstáit eile. Beidh cúnamh den sórt sin, nuair a bheidh sé ar fáil, saor in aisce chomh fada agus is féidir.

84. Féadfaidh údarás um imscrúdú sábháilteachta cúram imscrúdaithe i dtaobh tionóisce nó tarlaithe a tharmligean chuig údarás um imscrúdú sábháilteachta eile agus éascóidh sé fiosrúcháin an údaráis sin.

85. Chun críche míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm, cabhróidh an Líonra dá dtagraítear in Airteagal 7 leis na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta.

Airteagal 7

Líonra Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta

86. Bunaítear leis seo Líonra Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta (dá ngairfear 'an Líonra' anseo feasta). Beidh an Líonra comhdhéanta de cheannairí na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta i ngach ceann de na Ballstát nó dá n-ionadaithe.

87. Déanfaidh an Líonra comhar agus malartú faisnéise a chomhordú agus a neartú idir údaráis um imscrúdú sábháilteachta na mBallstát, agus éascóidh sé comhar idir na húdaráis sin agus an Coimisiún agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa ('EASA' anseo feasta), trí mhéid áirithe feidhmeanna lárnacha a bhunú mar shampla.

88. Tabharfaidh an Líonra comhairle do na hinstitiúidí náisiúnta agus d'institiúidí an Chomhphobail agus féadfaidh sé moltaí a eisiúint maidir leis na gnéithe ar fad a bhaineann le beartas agus rialachán um imscrúdú tionóiscí eitlíochta sibhialta a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

89. Comhallfaidh an Líonra a shainordú ar bhealach trédhearcach agus neamhspleách. Ní lorgóidh na comhaltaí treoracha ó eintiteas poiblí nó príobháideach ar bith a bhféadfadh tionchar a imirt ar stádas neamhspleách na n-imscrúduithe sábháilteachta ná ní ghlacfaidh siad le treoracha dá leithéid.

90. Cuirfidh an Líonra tuarascáil bhliantúil maidir lena ghníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Poibleofar an tuarascáil.

Airteagal 8

Obair an Líonra a eagrú

91. Eagrófar obair an Líonra de réir a rialacha nós imeachta. Toghfaidh an Líonra Cathaoirleach as measc a chomhaltaí agus mairfidh téarma an chathaoirligh ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana. Beidh téarma oifige an chathaoirligh inathnuaite.

92. Iarrfar ar an gCoimisiún agus ar EASA freastal ar chruinnithe uile an Líonra agus a mheithleacha oibre de shaineolaithe agus féadfar ionadaithe a chur ann ar a shon, ach amháin má chinneann cathaoirleach an Líonra, ar bhonn na gcritéar a shonraítear sna rialacha nósanna imeachta, go gcruthódh rannpháirtíocht dá leithéid coinbhleacht leasa le cúraimí na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta.

93. Beidh an Líonra déanta de chomhlacht a bheidh dírithe ar leas ginearálta na hEorpa, laistigh de bhrí Airteagal 108(b) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle[13] agus beidh sé i dteideal tacaíochta i bhfoirm deontais ó bhuiséad an Chomhphobail.

94. Beidh na deontais atá le bronnadh ar an Líonra faoi mhír 3 faoi réir cláir oibre bhliantúil, agus poibleofar an clár sin.

95. Beidh údaráis um imscrúdú sábháilteachta san eitlíocht shibhialta ó thríú tíortha san Eoraip, a chuireann na prionsabail a leagtar síos sa Rialachán seo i bhfeidhm, i dteideal bheith rannpháirteach in obair an Líonra. Féadfaidh an Líonra freisin cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí ó údaráis um imscrúdú sábháilteachta san eitlíocht shibhialta i dtríú tíortha agus do shaineolaithe eile freastal ar a chruinnithe.

96. Malartóidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta a ghlacfaidh páirt in obair an Líonra faisnéis ar bith atá ar fáil dóibh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus déanfaidh siad na bearta is gá chun rúndacht chuí na faisnéise sin a áirithiú, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó Chomhphobail is infheidhme.

97. Gan dochar d'Airteagal 287 den Chonradh, i gcás go gcuirfidh an Coimisiún comhaltaí an Líonra mar aon le breathnóirí agus aon duine eile lena mbaineann ar an eolas go bhfuil an chomhairle arna hiarraidh nó an cheist arna hardú rúnda, beidh sé de cheangal ar na daoine sin gan an fhaisnéis arna fáil acu trí obair an Líonra nó trí chruinnithe eile arna n-eagrú ag an Líonra a nochtadh, de réir rialacha nósanna imeachta an Líonra. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh sna cásanna sin, nach bhfaighidh ach comhaltaí an Líonra faisnéis dá leithéid.

98. Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14].

99. Cinnfear rialacha nós imeachta an Líonra agus a chlár oibre i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24. Tabharfaidh cathaoirleach an Líonra dréacht de na rialacha nós imeachta agus den chlár oibre don Choimisiún.

Airteagal 9

Rannpháirtíocht EASA in imscrúduithe sábháilteachta

100. Iarrfaidh údaráis um imscrúdú sábháilteachta na mBallstát ar EASA ionadaíocht a chur chucu agus páirt a ghlacadh, laistigh de scóip a inniúlachta, sa mhéid seo a leanas:

101. imscrúdú sábháilteachta ar bith a dhéanfar i gcríoch Ballstáit; tabharfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i bhfeighil an imscrúdaithe an fhaisnéis atá ar fáil dó don EASA, i gcomhréir le mír 2;

102. mar shaineolaí in aon imscrúdú sábháilteachta a dhéantar i dtríú tír agus a n-iarrfar ar údarás um imscrúdú sábháilteachta Ballstáit ionadaí creidiúnaithe a ainmniú chuige; tabharfaidh an t-ionadaí creidiúnaithe an fhaisnéis atá ar fáil dó/di d'EASA, i gcomhréir le mír 2;

103. De réir chearta EASA dá dtagraítear i mír 1, beidh EASA i dteideal bheith rannpháirteach i ngach gné den imscrúdú, faoi rialú an imscrúdaitheora i bhfeighil, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

104. cuairt a thabhairt ar láthair na tionóisce agus scrúdú a dhéanamh ar an aerárthach, a bhfuil ann agus an raic;

105. moltaí a thabhairt maidir le hábhar na gceisteanna agus faisnéis a fháil ó fhinnéithe de réir mar atá sonraithe in Airteagal 15(1)(a), ar choinníoll go n-aontóidh an finné go n-eiseofar a ráitis;

106. rochtain iomlán ar an bhfianaise ábhartha ar fad agus cóipeanna a fháil de na doiciméid ábhartha ar fad, lena n-áirítear faisnéis ó thaifeadán sonraí eitilte, a luaithe agus is féidir, ach amháin faisnéis rúnda dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d'Airteagal 15(1);

107. páirt a ghlacadh i léamh na dtaifeadán eitilte, ach amháin taifeadáin gutha nó taifeadáin íomhá ó chró an phíolóta;

108. páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí imscrúdaithe nach imscrúduithe ar an láthair iad, amhail comhpháirteanna a scrúdú, tástálacha agus ionsamhaltaí, faisnéisiú teicniúil agus cruinnithe maidir le dul chun cinn an imscrúdaithe, ach amháin nuair a bhaineann siad leis na cúiseanna a chinneadh nó le moltaí sábháilteachta a dhéanamh;

109. tuairim a thabhairt ar an dréacht-tuarascáil deiridh ón imscrúdú sábháilteachta, agus a thuairimí a chur leis an tuarascáil deiridh arna iarraidh sin.

110. Tacóidh EASA leis an imscrúdú a bhfuil sé i dteideal páirt a ghlacadh ann tríd an bhfaisnéis, na saineolaithe agus an trealamh a iarrfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i bhfeighil an imscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1(a), nó an t-ionadaí creidiúnaithe dá dtagraítear i mír 1(b), a sholáthar.

Airteagal 10

Rannpháirtíocht Stát an Deartha in imscrúduithe sábháilteachta

Déanfaidh údarás um imscrúdú sábháilteachta an Bhallstáit ina bhfuil príomháit ghnó shealbhóir an deimhnithe do dhearadh cineáil an aerárthaigh nó an gléasra cumhachta, ionadaithe creidiúnaithe a cheapadh do Stát an Deartha, laistigh de raon feidhme Iarscríbhinn 13 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta.

Airteagal 11

Dualgas fógra a thabhairt faoi thionóiscí agus tarluithe tromchúiseacha

111. Déanfaidh aon duine lena mbaineann fógra a thabhairt gan mhoill don údarás um imscrúdú sábháilteachta inniúil i gcás tionóisce nó tarlú tromchúiseach a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

112. Tabharfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta fógra gan mhoill don Choimisiún, d'EASA agus do na Ballstáit lena mbaineann maidir leis na tionóiscí agus na tarluithe tromchúiseacha ar fad a thiteann amach agus a bhfuil fógra faighte aige ina dtaobh.

Airteagal 12

Stádas na n-imscrúdaitheoirí sábháilteachta

113. Nuair a cheapann údarás um imscrúdú sábháilteachta imscrúdaitheoir i bhfeighil agus d'ainneoin fiosrúcháin bhreithiúnaigh ar bith, beidh an t-imscrúdaitheoir freagrach as a áirithiú go láimhseofar go sábháilte an t-ábhar ar fad ar fianaise é agus go gcoimeádfar go sábháilte an t-aerárthach, a bhfuil ann agus an raic. Beidh sé d'údarás aige cúram rialaithe na láithreach a ghlacadh chuige féin agus na bearta is gá a ghlacadh chun ceanglais an imscrúdaithe sábháilteachta a chomhall.

114. Beidh na himscrúdaitheoirí a cheapfaidh údarás um imscrúdú sábháilteachta i dteideal an méid seo a leanas go háirithe:

115. rochtain neamhshrianta agus gan bhac ar láthair na tionóisce nó an tarluithe agus ar an aerárthach, a bhfuil ann nó an raic;

116. a áirithiú go liostófar an fhianaise gan mhoill agus go mbainfear bruscar nó comhpháirteanna ón láthair ar bhealach rialaithe chun críche scrúdaithe nó anailíse;

117. rochtain gan mhoill ar ábhar na dtaifeadán eitilte agus taifead ar bith eile agus bheith i gceannas ar an ábhar sin;

118. rochtain gan mhoill ar thórthaí scrúdú choirp na n-íospartach nó ar thorthaí tástálacha a dhéanfar ar shamplaí a bhainfear ó choirp na n-íospartach;

119. rochtain gan mhoill ar thorthaí scrúduithe na ndaoine a bhí bainteach le hoibriú an aerárthaigh nó ar thorthaí tástálacha arna ndéanamh ar shamplaí a baineadh ó na daoine sin;

120. glaoch ar fhinnéithe agus scrúdú a dhéanamh orthu chun a cheangal orthu faisnéis nó fianaise a bhaineann leis an imscrúdú sábháilteachta a chur ar fáil nó a sholáthar;

121. saor-rochtain ar aon fhaisnéis nó taifid ábhartha atá ag úinéir, ag oibreoir nó ag monaróir an aerárthaigh agus ag na húdaráis atá freagrach as eitlíocht shibhialta, as seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar nó as feidhmiú aeradróim.

122. Dáilfidh an t-imscrúdaitheoir i bhfeighil na teidlíochtaí a liostaítear i mír 2 ar a shaineolaithe agus a chomhairleoirí agus ar na hionadaithe creidiúnaithe agus a saineolaithe agus a gcomhairleoirí, chomh fada agus is gá chun rannpháirtíocht éifeachtach san imscrúdú sábháilteachta a éascú. Beidh sé seo gan dochar do chearta na n-imscrúdaitheoirí agus na saineolaithe arna n-ainmniú ag an údarás atá i bhfeighil an fhiosrúcháin bhreithiúnaigh.

Airteagal 13 Fiosrúcháin a chomhordú

123. Má chuirtear tús le fiosrúchán breithiúnach i dtaobh na tionóisce, áiritheoidh an t-imscrúdaitheoir i bhfeighil go gcoimeádfar na taifeadáin eitilte agus aon ábhar fianaise trína iarraidh ar oifigeach de chuid an údaráis bhreithiúnaigh dul in éineacht leis na taifeadáin eitilte nó leis an ábhar chuig an áit a léifear iad nó a ndéileálfar leo. Má tá scrúdú nó anailís ar a leithéid d'ábhar chun an t-ábhar sin a mhodhnú, a athrú nó a scriosadh, beidh cead na n-údarás breithiúnach ag teastáil roimh ré.

124. Má tá amhras ar an údarás um imscrúdú sábháilteachta, le linn an imscrúdaithe sábháilteachta, gur ghabh gníomh de chur isteach neamhdhleathach leis an tionóisc nó an tarlú, cuirfidh an t-imscrúdaitheoir i bhfeighil na húdaráis bhreithiúnacha ar an eolas gan mhoill faoin méid sin agus iarrfaidh na húdaráis sin go n-aistreofar cúram rialaithe láthair na tionóisce chucu. Faoi réir Airteagal 15 agus 16, aistreofar an fhaisnéis ábhartha a bailíodh san imscrúdú sábháilteachta chuig na húdaráis sin freisin, arna iarraidh sin dóibh. Beidh sé seo gan dochar do cheart an údaráis um imscrúdú sábháilteachta, i gcomhar leis na húdaráis a n-aistríodh cúram rialaithe na láithreach chucu, leanúint leis an imscrúdú sábháilteachta.

125. D'fhonn comhordú ceart na bhfiosrúchán faoi chúiseanna na dtionóiscí agus na dtarluithe a áirithiú, comhoibreoidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta le húdarais eile go háirithe trí shocruithe a dhéanamh roimh ré leis na húdaráis bhreithniúnacha, na húdaráis um eitlíocht shibhialta, na húdaráis chuardaigh agus tarrthála agus le húdaráis eile ar dócha go mbeidh baint acu leis an imscrúdú.

Airteagal 14

Fianaise a chaomhnú

126. Go dtí go dtiocfaidh na himscrúdaitheoirí sábháilteachta, ní athróidh duine ar bith staid láthair na tionóisce, ná ní bhainfear samplaí ón láthair nó ní bhogfar an t-aerárthach, a bhfuil san aerárthach ná an raic ná ní thógfar aon sampla uathu, ná ní bhainfear ón láthair iad ach amháin i gcás go mbeadh a leithéid riachtanach ar chúiseanna sábháilteachta nó chun cúnamh a thabhairt do dhaoine gortaithe.

127. Déanfaidh aon duine lena mbaineann gach rud is gá chun doiciméid, ábhar agus taifid a bhaineann leis an eachtra a chaomhnú, go háirithe ionas nach scriosfar taifid chomhráite agus aláraim tar éis na heitilte.

Airteagal 15

Faisnéis íogair sábháilteachta a chosaint

128. Gan dochar do Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15], ní chuirfear na taifid seo a leanas ar fáil ná ní úsáidfear iad chun críocha seachas chun críocha imscrúdaithe sábháilteachta:

129. fianaise ar fad na bhfinnéithe agus ráitis, cuntais agus nótaí eile a ghlac an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta nó a fuair sé le linn an imscrúdaithe sábháilteachta, ar choinníoll go n-aontóidh an finné go n-eiseofar a ráitis;;

130. taifid a nochtann céannacht na ndaoine a thug fianaise i gcomhthéacs an imscrúdaithe sábháilteachta;

131. faisnéis íogair agus phríobháideach a bhailigh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta agus a bhaineann leis na daoine ar bhain tionóisc nó tarlú dóibh, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann lena sláinte;

132. ábhar a soláthraíodh ina dhiaidh sin le linn an imscrúdaithe amhail nótaí, dréachtaí, tuairimí a scríobh na himscrúdaitheoirí, tuairimí a cuireadh in iúl in anailís na faisnéise, lena n-áirítear faisnéis ó na taifeadáin eitilte;

133. faisnéis agus fianaise a sholáthar imscrúdaitheoirí eachtracha i gcomhréir le forálacha caighdeán idirnáisiúnta agus le cleachtais mholta i gcás imscrúdaithe tionóiscí agus tarluithe aerárthaí, má iarrann an t-údarás eachtrach um imscrúdú sábháilteachta sin;

134. dréachtaí na dtuarascálacha deiridh.

135. Gan dochar do Threoir 95/46/CE, ní chuirfear na taifid seo a leanas ar fáil ná ní úsáidfear iad chun críoch seachas chun críoch imscrúdaithe sábháilteachta, nó chun críocha eile a dhíríonn ar shábháilteacht eitlíochta a fheabhsú:

136. cumarsáid idir dhaoine a raibh baint acu le hoibriú an aerárthaigh;

137. taifid agus trascríobh taifead ó aonaid rialaithe aerthráchta;

138. litreacha cumhdaigh chun moltaí sábháilteachta a tharchur ón údarás um imscrúdú sábháilteachta chuig an seolaí, ar iarraidh ón údarás um imscrúdú sábháilteachta a eisíonn na moltaí sin;

139. tuairiscithe teagmhas comhdaithe faoi Threoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16].

Féadfaidh an t-údarás inniúil atá i mbun riaracháin ceartais i mBallstát an cinneadh a dhéanamh gur mó iad na sochair a bhainfeadh leis na taifid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a nochtadh chun críoch ar bith eile a cheadaítear le dlí ná an drochiarmhairt a bheadh ag gníomh den sórt sin sa bhaile agus go hidirnáisiúnta ar an imscrúdú sin nó ar imscrúdú eile amach anseo agus ar bhainistíocht sábháilteachta eitlíochta sibhialta, agus go mbeadh sé go mór chun leasa an phobail na taifid sin a nochtadh.

140. Beidh EASA rannpháirteach i malartú agus in anailís faisnéise atá cumhdaithe faoi Threoir 2003/42/CE agus beidh rochtain arlíne aige ar an bhfaisnéis ar fad atá sa stór lárnach a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún[17]. Cumhdóidh an rochtain sin faisnéis a aithníonn go díreach an t-oibreoir agus an t-aerárthach atá faoi réir tuairisce teagmhas. Áiritheoidh EASA rúndacht na faisnéise sin, agus cuirfidh sé teorainn lena húsáid ionas nach n-úsáidfear ach an fhaisnéis is gá chun a dhualgais sábháilteachta a chomhall.

Airteagal 16

Taifid a úsáid

141. Ní chuirfear taifid ghutha ná taifid íomhá ó chró an phíolóta, ná na trascríbhinní, ar fáil agus ní úsáidfear iad chun críoch seachas chun críoch imscrúdaithe sábháilteachta, ach amháin le toiliú chomhaltaí ar fad na foirne lena mbaineann.

142. Ní chuirfear taifid an taifeadáin sonraí eitilte ar fáil ná ní úsáidfear iad chun críoch seachas chun críoch an imscrúdaithe sábháilteachta, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

143. má úsáidtear iad chun críocha aerfhiúntais nó cothabhála amháin; nó

144. má tá na taifid gan ainm; nó

145. má nochtar iad faoi nósanna imeachta slána.

Airteagal 17

Faisnéis a fhoilsiú

Áireofar an fhaisnéis atá cumhdaithe faoi Airteagal 15 agus Airteagal 16 i dtuarascáil deiridh an imscrúdaithe sábháilteachta nuair a bhaineann sé le hanailís na tionóisce nó an tarlaithe, agus sa chás sin amháin. Ní nochtfar an fhaisnéis nó na codanna den fhaisnéis nach bhfuil ábhartha don anailís.

Airteagal 18

Faisnéis a chur in iúl

146. Beidh foireann an údaráis um imscrúdú sábháilteachta, nó saineolaí nó comhairleoir ar bith eile a n-iarrfar orthu bheith rannpháirteach nó cur leis an imscrúdú sábháilteachta, faoi cheangal rúndachta gairmiúla faoin reachtaíocht ábhartha is infheidhme.

147. Cuirfidh ceannaire an údaráis um imscrúdú sábháilteachta atá i bhfeighil an imscrúdaithe sábháilteachta faisnéis a mbeadh tábhacht leis ó thaobh tionóisc nó tarlú tromchúiseach a chosc chuig na húdaráis atá freagrach as sábháilteacht eitlíochta sibhialta, chuig na daoine atá freagrach as monarú nó cothabháil aerárthaí nó trealamh aerárthaí, agus chuig na daoine nó na heintitis dhlíthiúla atá freagrach as aerárthaí a oibriú nó as oiliúint na foirne.

148. Tá sé d'údarás ag ceannaire an údaráis um imscrúdú sábháilteachta scéal a thabhairt d'íospartaigh agus dá muintir nó do na cumainn a bhaineann leo, nó fianaise ar bith ar na barúlacha fíorasacha agus imeachtaí an imscrúdaithe sábháilteachta agus b'fhéidir ar réamhchonclúidí agus/nó moltaí a phoibliú, ar choinníoll nach gcuirfidh an méid sin isteach ar chuspóirí an imscrúdaithe.

Airteagal 19

Tuarascáil imscrúdaithe

149. Déanfar tuarascáil ar gach imscrúdú sábháilteachta a bheidh i bhfoirm a oirfidh do chineál agus do thromchúis na tionóisce nó an tarlaithe. Beidh sé ráite sa tuarascáil gurb é príomhchuspóir an imscrúdaithe sábháilteachta tionóiscí agus tarluithe amach anseo a chosc, gan milleán nó dliteanas a leagan ar dhuine ar bith. Áireofar moltaí sábháilteachta sa tuarascáil, nuair is iomchuí.

150. Déanfaidh an tuarascáil anaithnideacht na ndaoine ar bhain an tionóisc nó an tarlú dóibh a chosaint.

151. Sula bhfoilseofar an tuarascáil, iarrfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta barúlacha ar na gnóthais lena mbaineann, agus beidh rialacha na rúndachta gairmiúla ina gceangal ar na gnóthais sin, maidir le hábhar an chomhairliúcháin. Agus na barúlacha sin á n-iarraidh, beidh na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta is infheidhme maidir le himscrúdú tionóiscí agus tarluithe á leanúint ag an údarás um imscrúdú sábháilteachta.

152. Ní nochtfaidh duine ar bith an fhaisnéis nó ní cheadóidh duine ar bith nochtadh na faisnéise atá sa tuarascáil a nochtadh do dhuine ar bith eile roimh don údarás um imscrúdú sábháilteachta í a fhoilsiú, gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ó cheannaire an údaráis um imscrúdú sábháilteachta lena mbaineann.

153. Poibleoidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta an tuarascáil deiridh chomh tapa agus is féidir agus laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta na tionsóisce ar a dhéanaí, más féidir.

154. Murar féidir an tuarascáil a eisiúint faoi cheann dhá mhí dhéag, eiseoidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta tuarascáil eatramhach ar a laghad gach bliain ar chothrom lae na tionóisce, tuarascáil ina mbeidh mionsonraí faoi dhul chun cinn an imscrúdaithe agus faoi aon saincheist sábháilteachta a thiocfaidh chun cinn.

155. Cuirfidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta cóip de na tuarascálacha agus de na moltaí sábháilteachta ar aghaidh a luaithe agus is féidir chuig an gCoimisiún agus chuig EASA, ach amháin má tá siad ar fáil go poiblí trí mheán leictreonach. Sa chás sin cuirfidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta fógra chucu ina thaobh sin.

Airteagal 20

Moltaí sábháilteachta

156. Ag céim ar bith den imscrúdú sábháilteachta, féadfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta aon ghníomh coisctheach a mheasann sé is gá a dhéanamh gan mhoill, a mholadh i litir tharchuir dhátaithe chuig na gnóthais lena mbaineann, lena n-áirítear na gnóthais sin atá i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha,.

157. Féadfaidh údarás um imscrúdú sábháilteachta moltaí sábháilteachta a eisiúint freisin ar bhonn staidéar nó anailíse ar shraith d'imscrúduithe nó de ghníomhaíochtaí eile a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

158. Ní hionann moladh sábháilteachta i gcás ar bith agus milleán nó dliteanas a leagan ar dhuine ar bith i dtaobh tionóisce nó tarlaithe.

Airteagal 21

Gníomhartha ag leanúint as moltaí sábháilteachta agus bunachar sonraí um moltaí sábháilteachta

159. Admhóidh an seolaí an moladh sábháilteachta nuair a gheobhaidh sé é agus cuirfidh sé an t-údarás um imscrúdú sábhailteachta a d'eisigh an moladh ar an eolas laistigh de 90 lá ón dáta ar a bhfaighidh sé an litir tharchuir faoi na gníomhartha atá beartaithe aige agus, nuair is iomchuí, faoin am is gá chun iad a chur i gcrích.

160. Laistigh de 60 lá ón dáta ar a bhfaighfear an freagra, cuirfidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta an seolaí ar an eolas an measann sé go bhfuil an freagra sásúil nó nach bhfuil agus tabharfar an chúis leis an gcinneadh sin.

161. Cuirfidh gach údarás um imscrúdú sábháilteachta nósanna imeachta chun feidhme chun na freagairtí ar an moladh sábháilteachta a eisíodh a thaifeadadh.

162. Maidir le gach eintiteas a fhaigheann moltaí sábháilteachta, lena n-áirítear na húdaráis atá freagrach as sábháilteacht eitlíochta sibhialta ar leibhéal na mBallstát agus an Chomhphobail, cuirfidh siad nósanna imeachta chun feidhme chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an ghnímh a ghlactar mar fhreagra ar na moltaí sábháilteachta faighte.

163. Déanfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta taifead sa stór lárnach a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ar na moltaí sábháilteachta ar fad a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (2) mar aon leis na freagairtí orthu sin. Ar an mbealach céanna, déanfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta taifead sa stór lárnach ar na moltaí sábháilteachta ar fad a gheofar ó thríú tíortha.

Airteagal 22

Fáil ar liostaí paisinéirí

164. Cuirfidh aerlínte de chuid an Chomhphobail agus aerlínte a imíonn ó aerfort atá lonnaithe i gcríoch Ballstáit ina bhfuil feidhm ag an Conradh, nósanna imeachta i bhfeidhm lena gceadófar liosta a sholáthar de na daoine ar fad atá ar bord aerárthaigh laistigh d'uair an chloig ón uair a fhógraítear gur bhain tionóisc don aerárthach sin.

165. Beidh an liosta ar fáil don údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i bhfeighil an imscrúdaithe, don údarás a ainmníonn gach Ballstát chun teagmháil a dhéanamh le muintir na bpaisinéirí agus, más gá, do na haonaid leighis a bhféadfadh an fhaisnéis a bheith uathu chun cóireáil a thabhairt d'íospartaigh.

166. Ní bheidh an liosta ar fáil go poiblí go dtí go gcuireann na húdaráis inniúla muintir na bpaisinéirí ar fad ar an eolas. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an liosta a choinneáil faoi rún.

167. Beidh próiseáil na sonraí atá ar an liosta gan dochar do Threoir 95/46/CE.

Airteagal 23

Cúnamh d'íospartaigh tionóiscí aeir agus dá muintir

168. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar plean ar leibhéal náisiúnta chun cúnamh a thabhairt d'íospartaigh tionóiscí eitlíochta sibhialta agus dá muintir.

169. Beidh Ballstát nó tríú tír, a mbaineann tionóisc a thit amach i gcríoch an Chomhphobail go speisialta leis toisc gur bhain báis nó gortuithe tromchúiseacha dá shaoránaigh, i dteideal saineolaí a cheapadh a mbeidh na cearta seo a leanas aige/aici:

170. cuairt a thabhairt ar láthair na tionóisce;

171. rochtain ar an bhfaisnéis fhíorasach ábhartha, a bhfuil a heisiúint phoiblí faofa ag an údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i bhfeighil an imscrúdaithe, agus ar fhaisnéis a bhaineann le dul chun cinn an imscrúdaithe;

172. cóip den tuarascáil deiridh a fháil.

173. Féadfaidh saineolaí a cheapfar i gcomhréir le mír 2, faoi réir na reachtaíochta is infheidhme atá i bhfeidhm, cabhrú chun na híospartaigh a aithint agus le linn cruinnithe leis na marthanóirí óna Stát féin.

Airteagal 24

Coiste

174. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

175. I gcás go ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 25

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit na rialacha síos maidir le pionóis a bhfuil feidhm acu i ndáil le sárú fhorálacha an Rialacháin seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus ceadóidh siad, go háirithe, sainordú a bhronnadh ar dhuine ar bith a sháraíonn an Rialachán seo ar cheann de na bealaí seo thíos:

- trí fhaisnéis atá á cosaint ag an Rialachán seo a eisiúint;

- trí bhac a chur le gníomhartha údaráis um imscrúdú sábháilteachta, go háirithe trí chosc a chur leis na himscrúdaitheoirí a ndualgais a chur i gcrích nó trí dhiúltiú taifid, doiciméid, ábhar agus faisnéis atá fóinteach a sholáthar nó trí na rudaí sin a chur i bhfolach, a athrú nó a scriosadh;

- trí eolas a bheith aige/aici gur thit tionóisc nó tarlú amach ach gan na húdaráis ábhartha a chur ar an eolas faoin méid sin.

Airteagal 26

Aisghairmeacha

Aisghairtear Treoir Uimh. 94/56/CE ón gComhairle.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

LIOSTA SAMPLAÍ DE THARLUITHE TROMCHÚISEACHA

Is samplaí tipiciúla iad na tarluithe atá liostaithe thíos den chineál tarlaithe a d'fhéadfadh bheith tromchúiseach. Ní liosta uileghabhálach é seo agus níl ann ach treoir maidir leis an sainmhíniú atá ar 'tarlú tromchúiseach':

- Gar-imbhualadh a éilíonn ainliú chun imbhualadh nó cor míshábháilte a sheachaint nó i gcás ina mbeadh gníomh seachanta oiriúnach.

- Imbhualadh in aghaidh na talún arna sheachaint ar éigin gan rialú na heitilte a chailleadh.

- Tobscoradh éirí de thalamh ar rúidbhealach dúnta nó gafa.

- Éirí de thalamh ó rúidbhealach dúnta nó gafa i gcás nach bhfuil ach achar imeallach idir an t-eitleán agus constaic(í).

- Tuirlingt nó iarracht ar thuirlingt ar rúidbhealach dúnta nó gafa.

- Mórchlistí na feidhmíochta a bhí tuartha a bhaint amach le linn éirí de thalamh nó le linn an dreaptha tosaigh.

- Tinte agus deatach in urrann na bpaisinéirí, in urranna an lasta nó tinte san inneall, in ainneoin na tinte sin a mhúchadh le hoibreáin múchta.

- Imeachtaí a éilíonn úsáid éigeandála ocsaigine ag an bhfoireann eitilte.

- Cliseadh struchtúrtha an aerárthaigh nó díscaoileadh an innill, lena n-áirítear clistí a bhaineann don inneall tuirbín agus nach sriantar, ach nach bhféachtar orthu mar thionóisc.

- Iliomad mífheidhmeanna i gcóras amháin nó níos mó den aerárthach a bhfuil tionchar tromchúiseach acu ar oibríocht an aerárthaigh.

- An fhoireann eitilte a bheith éagumasaithe le linn eitilte.

- Leibhéal íseal breosla a chuireann ar an bpíolóta éigeandáil a fhógairt.

- Tarluithe le linn éirí de thalamh nó tuirlingthe. Tarluithe amhail gan rúidbhealach a aimsiú trí eitilt rófhada thairis nó gan é a shroicheadh in aon chor, nó imeacht ó thaobh an rúidbhealaigh.

- Clistí córas, feiniméan aimsire, oibríocht lasmuigh den imchlúdach formheasta eitilte nó teagmhais eile a d'fhéadfadh deacrachtaí a spreagadh i rialú an aerárthaigh.

- Cliseadh níos mó ná córas amháin i gcóras iomarcaíochta atá éigeantach le haghaidh treorú agus loingseoireachta eitilte.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc.

2. CREAT "ABM/ABB" (BAINISTIÚ/BUNÚ AN BHUISÉID DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTAÍ)

06: Fuinneamh agus Iompar

06 02: Iompar Intíre, Aeriompar agus Iompar ar Muir

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A)) agus na ceannteidil seo a leanas:

06 02 03: Gníomhaíochtaí tacaíochta a bhaineann le beartas iompair na hEorpa agus le cearta paisinéirí

3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais:

Tús: 2010 deireadh: gan chinneadh

3.3. Saintréithe buiséadacha

Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais |

06 02 03 | Neamhéigeantach | LD | Ní hea | Níl | Níl | Uimh. [1a] |

4. ACHOIMRE AR NA h ACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. coda | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

Caiteachas oibríochtúil[18] |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 3.6 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 3.6 |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[19] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 3.6 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 3.6 |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[20] |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d |

Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 3.6 |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 3.6 |

Sonraí an Chómhaoinithe

Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú):

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

Na Ballstáit ar fad (iomlán) | f | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 0.6 | 3.6 |

LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f | 1.2 | 1.2 | 1.2 | 1.2 | 1.2 | 1.2 | 7.2 |

4.1.2. Comhoiriúnacht don Chlárú Airgeadais

( Tá an togra comhoiriúnach don chlárú airgeadais atá ann cheana.

( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[21] a chur i bhfeidhm (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

( Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo – is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh an ngníomh [Bliain n-1] | Staid tar éis an ghnímh |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Beidh "Líonra Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta" atá le bunú faoin Rialachán beartaithe, freagrach as comhar praiticiúil i measc na mBallstát agus idir na Ballstáit, an Coimisiún agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa a éascú, a chomhordú agus a neartú maidir le tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta a chosc agus a imscrúdú.

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Is freagra é an togra seo ar mholtaí an Ghrúpa Saineolaithe comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le straitéis chun déileáil le tionóiscí san earnáil iompair, agus tá sé ag teacht le cuspóirí bheartas iompair an Chomhphobail mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún é. "Coinnímis an Eoraip sa siúl – Soghluaisteacht inbhuanaithe dár n-ilchríoch" (Athbhreithniú meántéarma ar an bPáipéar Bán um Iompar ón gCoimisiún Eorpach 2001)".

I gcomparáid le roghanna ailtéarnacha beartais eile ar a ndéantar anailís sa Mheasúnú Iarmharta a ghabhann leis an togra seo, tá an breisluach is mó ag an Rialachán atá beartaithe ó thaobh an Chomhphobail de. Is é an rogha beartais is mó comhréire a cheadódh, agus prionsabal neamhspleáchais na n-imscrúduithe sábhailteachta á urramú ina iomlán, trí thacú le comhar deonach agus gan struchtúir nua a bhunú ar leibhéal an Chomhphobail, feabhsú suntasach ar éifeachtúlacht iomlán an chreata rialúcháin atá ann faoi láthair agus a bhaineann le tionóiscí eitlíochta sibhialta a imscrúdú san AE.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí gaolmhara an togra i gcomhthéacs an chreat le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

Is é is aidhm don togra seo creat an Chomhphobail a neartú maidir le tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc. Déanfar é sin trí reachtaíocht nua agus cothrom le dáta a chur in áit na reachtaíochta atá ann faoi láthair agus trí thacú leis an gcomhar deonach idir na Ballstáit ar an ábhar sin.

Beidh an iarmhairt airgeadais is mó ag an dara cuspóir sin agus beidh tacaíocht ón gComhphobal mar chuid de, tacaíocht do Líonra chomhlachtaí náisiúnta na mBallstát atá freagrach as tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta a imscrúdú. Déanfar an méid sin trí dheontas bliantúil a shannfar don Líonra agus a úsáidfear chun méid áirithe gníomhartha, arna socrú leis an gCoimisiún, a chur chun feidhme i gclár oibre bliantúil.

Mar chuid de ghníomhaíochtaí an Líonra a dtabharfar tacaíocht dóibh faoin togra seo beidh comhordú gníomhaíochtaí oiliúna le haghaidh na n-imscrúdaitheoirí náisiúnta agus meicníocht a fhorbairt d'fhonn acmhainní imscrúdaithe a roinnt idir na Ballstáit.

5.4. Modhanna don Chur Chun Feidhme (táscach)

( Bainistiú láraithe

( ag an gCoimisiún go díreach

( go hindíreach trína tharmligean chuig:

( Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu

( Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

( leis na Ballstáit

( le Tríú tíortha

( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

Barúlacha ábhartha:

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Cuirfidh "Líonra Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteacht san Eitlíocht Shibhialta" tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le forghníomhú an chláir oibre atá beartaithe.

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Meastóireacht ex-ante

Rinneadh an mheastóireacht ex-ante mar chuid den tuarascáil ar an measúnú iarmharta.

6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

Cuirfidh Líonra Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteacht san Eitlíocht Shibhialta tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le forghníomhú an chláir oibre atá beartaithe.

7. BEARTA FRITH-CHALAOISE

Luafar go sainráite i gconarthaí deontais a thacaíonn le Líonra Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta go bhféadfaidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus OLAF seiceálacha ar an toirt a chur i gcrích, más gá, ar fhaighteoirí an mhaoinithe agus na gníomhairí atá freagrach as an maoiniú a leithdháileadh.

8. SONRAÍ NA n ACHMHAINNÍ

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 |

Oifigigh nó foireann shealadach[24] (XX 01 01) | A*/AD |

B*, C*/AST |

Foireann arna maoiniú[25] ag Airteagal XX 01 02 |

Foireann eile[26] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 |

IOMLÁN |

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh

( Poist leithdháilte laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

( Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach)

( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a áirítear sa mhéid tagartha ( XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin )

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile |

- intra muros |

- extra muros |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán |

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas acmhainní daonna | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) |

Foireann arna maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, SNI, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne buiséid) |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) |

Ríomh –Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha |

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 |

8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) |

Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

XX 01 02 11 01 – Misin |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha |

XX 01 02 11 03 - Coistí[28] |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise |

2. Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) |

3. Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) |

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) |

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha |

[1] Treoir 80/1266/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1980 maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach amach anseo idir na Ballstáit i ndáil le tionóiscí aeir a imscrúdú (IO L 375, 31.12.1980, lch 32)

[2] Treoir 94/56/CE ón gComhairle an 21 Samhain 1994 lena mbunaítear na bunphrionsabail a rialaíonn imscrúdú tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta (IO L 319, 12.12.1994, lch 14)

[3] Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le tuairisciú teagmhas san eitlíocht shibhialta (IO L 167, 4.7.2003, lch 23)

[4] Measúnú Iarmharta ar mhodhnú Threoracha 94/56/CE agus 2003/42/CE (Creatchonradh le haghaidh meastóireachtaí ex-ante agus Measúnaithe Iarmharta, TREN/A1/46-2005), Tuarascáil Deiridh. Rotterdam, 20 Iúil 2007

[5] IO L 248, 16.9.2002, lch 1.

[6] IO C , , lch .

[7] IO C , , lch .

[8] IO C , , lch .

[9] IO C , , lch .

[10] IO L 319, 12.12.1994, lch. 14.

[11] IO L 184, 17.7.1999, lch 23.

[12] IO L 79, 19.3.2008, lch 1.

[13] IO L 248, 16.9.2002, lch 1.

[14] IO L 145, 31.5.2001, lch 43.

[15] IO L 281, 23.11.1995, lch 31.

[16] IO L 167, 4.7.2003, lch 23.

[17] IO L 294, 13.11.2007, lch 3.

[18] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann.

[19] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

[20] Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01 seachas Airteagal xx 01 04 nó Airteagal xx 01 05.

[21] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[22] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse an ghnímh thar 6 bliana.

[23] Mar a thuairiscítear i Mír 5.3.

[24] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha

[25] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha

[26] Costas atá clúdaithe laistigh den mhéid tagartha

[27] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

[28] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.

Top