Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026PC0124

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i ndáil le treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme árachais taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann, agus trédhearcacht

COM/2026/124 final

An Bhruiséil,6.3.2026

COM(2026) 124 final

2023/0115(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis an

seasamh ón gComhairle i ndáil le treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme árachais taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann, agus trédhearcacht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


2023/0115 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis an

seasamh ón gComhairle i ndáil le treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme árachais taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann, agus trédhearcacht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1.Cúlra

An dáta a tarchuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2023) 228 final – 2023/0115 COD):

An 19 Aibreán 2023.

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

An 13 Iúil 2023.

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

An 24 Aibreán 2024.

An dáta a tarchuireadh an togra leasaithe:

Neamhbhainteach.

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

An 5 Márta 2026.

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Mhol an Coimisiún pacáiste ceithre ghníomh leasaitheacha chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat Bainistíochta Géarchéime Banc agus Árachais Taiscí. Ghlac na comhreachtóirí ar leithligh na leasuithe atá beartaithe ar Threoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe den íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (COM/2023/229 final) mar Threoir (AE) 2024/1174. Leis na trí ghníomh eile moladh leasuithe ar Threoir 2014/59/AE, ar Rialachán (AE) 806/2014 agus ar Threoir 2014/49/AE, faoi seach.

Is iad cuspóirí uileghabhálacha an togra bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí cobhsaíocht airgeadais agus airgead na gcáiníocóirí a chosaint ar bhealach níos fearr, an fíorgheilleagar a chosaint ar thionchar theipeanna na mbanc agus cosaint taisceoirí a fheabhsú a thuilleadh. Tá sé d’aidhm ag an togra na cuspóirí sin a bhaint amach trí fheabhas a chur ar na huirlisí bainistithe géarchéime a úsáidtear chun teip na mbanc beag agus meánmhéide a bhainistiú. Is é an phríomhuirlis chun an sprioc sin a bhaint amach é a chur ar a gcumas do na húdaráis réitigh cistí ó scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid chun cur chun feidhme straitéise aistrithe a mhaoiniú i gcásanna nach leor cumas ionsúcháin caillteanais inmheánach an bhainc sin chun rochtain a fháil ar an gciste réitigh.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

Leis an seasamh ón gComhairle maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar Threoir 2014/49/AE, a glacadh ar an gcéad léamh, léirítear go hiomlán an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air an 25 Meitheamh 2025. Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú sin. Seo a leanas príomhphointí an chomhaontaithe sin maidir le Treoir 2014/49/AE:

·Leis na leasuithe a comhaontaíodh, leagtar amach a thuilleadh úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí lasmuigh de réiteach. Tá úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí le haghaidh bearta coisctheacha fós roghnach le haghaidh na mBallstát ach tagann a núsáid faoi réir coinníollacha agus coimircí breise, go háirithe an tástáil ar an gcostas is lú atá mar an gcéanna le húsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí i gcás réitigh, i.e. uasteorainn a chur leis an idirghabháil ag an ollmhéid taiscí faoi chumhdach.

·Ar an gcuma chéanna, tagann úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí le haghaidh bearta malartacha i gcás dócmhainneachta faoi réir na tástála ar an gcostas is lú céanna agus rialacha breise lena rialaítear na cineálacha aistrithe ón mbanc anásta is féidir le scéimeanna ráthaithe taiscí a mhaoiniú mar chuid de na bearta sin.

·Ceanglaítear ar scéimeanna cosanta institiúideacha (SCInna) atá aitheanta mar scéimeanna ráthaithe taiscí spriocleibhéal ex-ante a choinneáil ar bun ag 0.8 % de thaiscí cumhdaithe. Tá cead acu cistí a aistriú go sealadach chun tacú le leachtacht agus sócmhainneacht institiúidí cleamhnaithe suas le teorainn áirithe agus faoi réir coimircí. Ba cheart na cistí sin a aisíoc laistigh de 7 lá oibre i gcás íocaíochta amach nó ranníocaíocht le réiteach institiúide creidmheasa atá cleamhnaithe leis an scéim cosanta institiúideach sin a aithnítear mar scéim ráthaithe taiscí.

4.Conclúid

Tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.

Top