Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0436

Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip

COM/2023/436 final

An Bhruiséil,13.7.2023

COM(2023) 436 final

2023/0285(NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Is iad taighdeoirí croí an chórais taighde agus nuálaíochta san Eoraip. Is gá gairmeacha taighde a neartú chun tallann a mhealladh agus a choinneáil agus chun an córas foriomlán a dhéanamh níos láidre agus níos iomaíche. Tá sé seo thar a bheith ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus dúshláin sochaí atá roimh an Eoraip, lena n‑áirítear an claochlú digiteach agus an claochlú glas.

Tá dul chun cinn suntasach déanta le haghaidh taighdeoirí ó seoladh an Limistéar Eorpach Taighde in 2000 1 . Tá saincheisteanna fós ann, áfach, cinn nach mór aghaidh a thabhairt orthu le bearta spriocdhírithe éifeachtacha.

Admhaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘LET Nua don Taighde agus don Nuálaíocht’ 2 go bhfuil gá le dálaí forbartha gairme chun na taighdeoirí is fearr san Eoraip a mhealladh agus a choinneáil sa rás domhanda le haghaidh daoine tréitheacha, agus nach bhfuil feabhas leordhóthanach tagtha ar an bhfostaíocht fhorbhásach le blianta beaga anuas, go háirithe i gcás taighdeoirí luathghairme. Déantar foráil ann maidir le cur chuige cuimsitheach i leith gairmeacha taighde san Eoraip, trí bhíthin bosca uirlisí beart arb é is aidhm dóibh aitheantas a thabhairt do ghairm agus do scileanna taighdeoirí, Creat Inniúlachta do Thaighdeoirí a fhorbairt, soghluaisteacht agus malartuithe feabhsaithe idir an saol acadúil agus an tionscal, deiseanna oiliúna spriocdhírithe, agus tairseach ilfhreastail ar ar féidir le taighdeoirí rochtain a fháil le haghaidh réimse leathan seirbhísí tacaíochta.

Sna Conclúidí ón gComhairle maidir leis an ‘Limistéar Eorpach Taighde Nua a Dhoimhniú: Gairmeacha agus dálaí oibre tarraingteacha inbhuanaithe a chur ar fáil do thaighdeoirí agus cúrsaíocht daoine oilte a fhíorú’ ó Bhealtaine 2021 3 , léiríodh go raibh gá le gníomhaíocht níos comhordaithe ar leibhéal na hEorpa chun na dúshláin atá roimh thaighdeoirí cheana a shárú agus gairmeacha taighde leordhóthanacha agus inbhuanaithe a bheith ann, cúrsaíocht chothrom tallainne a spreagadh, agus ceann scríbe tarraingteach do thaighdeoirí a dhéanamh den Eoraip. Moltar gur cheart dul i dtreo creat aonair cuimsitheach, lena dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin uile a bhaineann le gairmeacha taighde sna réimsí fostaíochta taighde féideartha uile.

Maidir leis an ngá chun gairmeacha taighde san Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí, cuirtear é sin i dtábhacht freisin i Moladh ón gComhairle maidir le ‘Comhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip’ an 26 Samhain 2021 4 , agus Clár Oibre Beartais LET atá i gceangal leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde amach anseo’ an 26 Samhain 2021 5 , lena n‑áirítear gníomhaíocht chun ‘4. Gairmeacha taighde tarraingteacha agus inbhuanaithe, cúrsaíocht chothrom tallainne agus soghluaisteacht idirnáisiúnta, trasdisciplíneach agus idirearnálach ar fud LET a chur chun cinn’. Déantar foráil leis an ngníomhaíocht maidir le forbairt creata Eorpaigh le haghaidh gairmeacha taighde, agus cruthú nó uasghrádú ionstraimí atá ann cheana chun tacú le gairmeacha taighde.

Is minic a fhaigheann taighdeoirí, ar fud na hEorpa, go bhfuil cúrsaí maidir lena gcoinníollacha fostaíochta agus oibre míshocair. Is amhlaidh an cás i gcás taighdeoirí luathghairme go háirithe. Cé go mbíonn an taighdeoir fostaithe ag ollscoil nó eagraíocht taighde de ghnáth, tagann an cistiú go díreach (trí chomhaltachtaí) nó go hindíreach (trí thionscadail taighde) ó eagraíochtaí cistiúcháin náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is gnách go mbíonn conarthaí gearrthéarmacha ag taighdeoirí a chistítear le deontais agus is minic nach mbíonn aon dóchúlacht ann go mbeidh cobhsaíocht fostaíochta acu.

Is féidir tuarastail, cosaint shóisialta agus dálaí oibre a bheith an‑éagsúil ag brath ar an gcomhlacht cistiúcháin is urraitheoir. Leis an uirlis Straitéis Acmhainní Daonna do Thaighdeoirí (HRS4R) 6 cuireadh ar chumas fostóirí agus cisteoirí prionsabail na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí 7 a chur i bhfeidhm. Cuireann Gníomhaíochtaí Marie Sklodowska Curie (MSCA) 8 an Chairt agus an Cód chun cinn, trí bhíthin iad a chur mar choinníoll chun bheith rannpháirteach sa chlár. Rinneadh an Chairt agus an Cód in 2005, áfach, agus ní mór iad a athbhreithniú chun freagairt don réaltacht nua agus do na dúshláin nua, lena n‑áirítear Eolaíocht Oscailte agus comhionannas inscne, i measc nithe eile. Maidir leis an leagan athbhreithnithe, ba cheart iarracht a dhéanamh leis go mbeadh feidhm aige i réimsí lasmuigh den saol acadúil freisin. Leanann tairseacha agus seirbhísí EURAXESS 9 de bheith ag soláthar faisnéis fhíor‑riachtanach phraiticiúil do thaighdeoirí soghluaiste agus rochtain ar dheiseanna fostaíochta ar fud na hEorpa. Tá scéim pinsin RESAVER 10 tar éis cabhrú ina leith sin ach tá cumhdach teoranta aici faoi láthair. D’fhéadfaí na seirbhísí agus uirlisí sin a leathnú.

Rinneadh easpa dul chun cinn suntasach maidir le tacaíocht a thabhairt d’aistriú taighdeoirí go hearnálacha fostaíochta níos leithne lasmuigh den saol acadúil, nó i dtreo gnólachtaí nuathionscanta a chruthú agus i dtreo na nuálaíochta. Ar cheann de na príomhchúiseanna den easpa dul chun cinn thuasluaite tá an modh an‑chúng chun measúnú a dhéanamh ar thaighdeoirí bunaithe ar fhoilseacháin a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu go heisiach, chomh maith le méadracht chúng Fhachtóir Thionchar na hIrise. Is é an iarmhairt air sin ná nach mbíonn taighdeoirí sásta a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí amhail eolaíocht oscailte, soghluaisteacht idirearnálach agus fiontraíocht, eolaíocht saoránach agus for‑rochtain toisc nach dócha go mbeidh tairbhe ag baint leo i ndáil le gairm acadúil. Ina theannta sin, cuirtear lagmhisneach ar thaighdeoirí in dáil le taighde idirdhisciplíneach mar gheall ar an easpa irisí lena mbaineann fachtóirí ard‑tionchair.

Toisc eile a chuireann isteach ar aistriú gairme lasmuigh den saol acadúil ná go gcuirtear oiliúint ar iarrthóirí PhD i dtimpeallacht acadúil amháin. Mar gheall ar an gcineál seo printíseachta acadúla, fágtar iad gan na scileanna is gá le haghaidh gairmeacha eile in earnálacha eile. Deirtear i dTuarascáil Eolaíochta UNESCO, 2021 11 go bhfuil 8,85 milliún taighdeoirí ann ar fud an domhain. Ó 2007 i leith, tá méadú nach mór 30 % tagtha ar an líon taighdeoirí. Tá níos mó taighdeoirí sa tSín ná sna Stáit Aontaithe anois (21.1 % agus 16.2 % faoi seach). Tá an líon is mó taighdeoirí san Aontas Eorpach fós, sciar de 23.5 %. Níl méadú cosúil leis sin tagtha ar líon na bpost acadúil, áfach, agus an fhírinne ná nach bhfaighidh ach céatadán an‑bheag de chéimithe PhD post san earnáil acadúil nó in earnáil an taighde phoiblí. Dá bhrí sin, ní mór dóibh fostaíocht a lorg lasmuigh de na hearnálacha sin 12 . Go deimhin, mar gheall ar an líon beag taighdeoirí a éiríonn ina n‑acadóirí, is é an saol acadúil an ghairm eile. Toisc nach mbeidh gairm acadúil ag formhór na dtaighdeoirí, ní mór dóibh na scileanna a theastaíonn chun bheith fostaithe in earnálacha neamhacadúla a fhorbairt nó a ngníomhaíochtaí fiontraíochta féin a bhunú.

Is ann do shoghluaisteacht neamhshiméadrach taighdeoirí fós idir Oirthear agus Iarthar, Deisceart agus Tuaisceart. Rinneadh idirghabhálacha thar na blianta, amhail an fhéidearthacht cistí Beartais Chomhtháthaithe a úsáid le haghaidh taighde, nó bearta sonracha le haghaidh na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú faoi na Cláir Réime don taighde agus nuálaíocht 13 . Cé gur chabhraigh siad sin chun cúrsaíocht níos cothroime tallainne a spreagadh, ní raibh na tionscnaimh sin leordhóthanach chun éifeachtaí fadtéarmacha a chruthú, áfach.

Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i ndáil le comhionannas inscne, tá saincheisteanna fós ann. Is gá aghaidh a thabhairt ar neamhionannais inscne mharthanacha i ngairmeacha taighde go héifeachtach – lena n‑áirítear bearna phá idir na hinscní, forbairt gairmeacha, laofachtaí inscne i ndáil le measúnú, saincheisteanna maidir le cothromaíocht oibre is saoil chomh maith le foréigean inscnebhunaithe, ar saincheisteanna iad uile a dhéanann difear do rannpháirtíocht agus forbairt gairmeacha. Thairis sin, tá gá le hiarrachtaí sonracha chun aghaidh a thabhairt ar ghann‑ionadaíocht na mban san eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (ETIM).

Ar leibhéal níos bunúsaí, ní mór amharc arís ar an sainmhíniú ar thaighdeoir chun a áirithiú go gcuimsítear leis an réimse leathan roghanna gairme. Ní mór a admháil go bhfuil páirt shuntasach ag gníomhaíochtaí eile lasmuigh den taighde, amhail an teagasc, maoirseacht agus meantóireacht, rannpháirtíocht leis an tionscal agus leis an tsochaí. Thairis sin, ní mór a admháil go n‑éilítear le taighde agus nuálaíocht ardleibhéil tacaíocht ón iliomad ról bainistíochta taighde, a dhéanann taighdeoirí nó gairmithe eile.

De bharr thábhacht na ngairmeacha taighde, ní mór córas faireacháin leordhóthanach rialta a bheith ann in éineacht leis na creatdálaí agus bearta tacaíochta, lenar féidir sonraí ábhartha a bhailiú is féidir tacú le páirtithe leasmhara taighde agus nuálaíochta chomh maith le lucht ceaptha beartas.

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm don togra reatha le haghaidh Moladh ón gComhairle freagairt d’ábhair imní agus moltaí a d’ardaigh an Coimisiún agus an Chomhairle 14 agus cuirtear chun feidhme leis ceann de na torthaí a bhfuil coinne leis ó ghníomhaíocht 4 de Chlár Oibre LET, go háirithe forbairt creata Eorpaigh le haghaidh gairmeacha taighde. Soláthraítear leis na caighdeáin lenar féidir na Ballstáit, eagraíochtaí taighde, cisteoirí agus páirtithe leasmhara a stiúradh chun cobhsaíocht agus mealltacht gairmeacha taighde a mhéadú. Is é is cuspóir dó taighdeoirí na hEorpa a choinneáil, agus ceann scríbe atá tarraingteach do dhaoine tréitheacha eachtracha a dhéanamh den Eoraip.

Soláthraítear sainmhíniú soiléir ar ‘taighdeoir’ 15 , ionas go mbeidh aitheantas ceart ann don ghairm san Eoraip. Soláthraítear freisin gur féidir réimse éagsúil gairmeacha taighde a bheith ag taighdeoirí sna hearnálacha ábhartha uile, lena n‑áirítear an saol acadúil, saol an ghnó, riarachán poiblí agus an earnáil neamhbhrabúis. Aithnítear sa togra an éagsúlacht ról bainistíochta taighde a dhéanann taighdeoirí nó gairmithe eile, agus cuirtear i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le tuilleadh anailís agus ailíniú na ngairmeacha sin ar leibhéal na hEorpa.

Dálaí oibre a fheabhsú, cothromaíocht oibre is saoil a áirithiú, agus éiginnteacht a chomhrac, lena n‑áirítear srian a chur ar chonarthaí ar théarma seasta agus sásraí cistiúcháin níos inbhuanaithe a chothú le haghaidh eagraíochtaí taighde, beidh na gníomhaíochtaí sin ina ngnéithe bunúsacha le haghaidh gairmeacha taighde níos tarraingtí. Comhlánófar é sin le bearta chun bearta cosanta sóisialta leordhóthanacha agus inaistritheacht ceart pinsin thar theorainneacha a áirithiú. Dírítear go sonrach ar thaighdeoirí luathghairme, le dreasachtaí tiomnaithe.

Cuirfear Cairt nua do Thaighdeoirí in ionad na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí, 2005 16 , tacóidh se le soláthar dálaí maithe oibre agus timpeallachtaí taighde maithe in eagraíochtaí ábhartha. Doiciméad aonair a bheidh ann a bhainfidh le taighdeoirí, fostóirí, cisteoirí agus an lucht ceaptha beartas, agus beidh prionsabail níos cuíchóirithe ann 17 chun a cur chun feidhme a éascú sna hearnálacha uile. Is féidir leis an gCairt nua a bheith ina deis chun an próiseas a sheoladh le haghaidh an athbhreithnithe ar shásra reatha cur chun feidhme na Straitéise Acmhainní Daonna do Thaighdeoirí (HRS4R).

Le neartú scileanna taighdeoirí, go háirithe scileanna inaistrithe trí úsáid a bhaint as an gCreat Inniúlachta Eorpach do Thaighdeoirí (ResearchComp) 18  agus le tacaíocht micridhintiúr 19 , cothófar soghluaisteacht idirearnálach agus aistriú ceart tallainne idir earnálacha. Beidh sé sin mar bhonn taca faoi chúrsaíocht eolais, agus cabhróidh sé leis an mbearna idir taighdeoirí agus éileamh an mhargaidh saothair ar thallann ardoilte a laghdú.

Tá an tallann ag croílár na nuálaíochta. Tá sé ríthábhachtach dálaí a chruthú chun tréshreabhadh tallainne ardoilte láidre atá in ann cur le téarnamh agus cumhacht iomaíochta na hEorpa a sheachadadh agus a áirithiú. Cuimsítear leis sin ceangail níos láidre idir an saol acadúil agus an tionscal, chomh maith le cultúr fiontraíochta agus nuálaíochta, inar féidir le tallann na smaointe a fhorbróidh siad a thabhairt chuig an margadh.

Fad a chothaíonn sé soghluaisteacht idirearnálach agus na cineálacha uile eile soghluaisteachta 20 , agus taighdeoirí a bheadh ag bunú gnólachtaí nuathionscanta, aithníonn an togra na conairí gairme éagsúla, chun a chinntiú go gcuirtear a mbreisluach san áireamh go leordhóthanach i ndáil le hearcaíocht, forbairt gairmeacha, agus measúnú ar thaighdeoirí. Comhlánaítear é sin leis an tacaíocht do sheirbhísí comhairleachta agus tacaíochta gairme, chun cabhrú le taighdeoirí an chonair is oiriúnaí dóibh a aimsiú agus chun forbairt gairme a chothú.

Tugtar na próifílí R1‑R4 do thaighdeoirí a tugadh isteach in 2011 21 cothrom le dáta agus comhlánaítear iad le samplaí de ghairmeacha beatha le haghaidh gach leibhéil agus ar fud na n‑earnálacha chun gairmeacha taighdeoirí a dhéanamh níos inchomparáide agus níos idir‑inoibrithí ar fud na n‑earnálacha fostaíochta agus tíortha 22 .

Le cur chun feidhme caighdeán nua agus moltaí, feabhsófar córais fhoriomlána taighde agus nuálaíochta na hEorpa, chomh maith leis na córais náisiúnta, lena gcuirfear leis an iarracht aghaidh a thabhairt go struchtúrach ar chásanna a bhaineann le cúrsaíocht éagothrom tallainne.

Soláthraítear tacaíocht do chur chun feidhme agus tuilleadh forbartha uirlisí atá ann cheana agus uirlisí nua chun a thacaíonn le gairmeacha taighde (e.g. EURAXESS, RESAVER, ResearchComp). Beidh feidhm acu go léir san ardán nua, Ardán Tallainne LET, ardán ilfhreastail le haghaidh taighdeoirí agus ardán lena dtabharfar tacaíocht d’eagraíochtaí taighde freisin.

Le faireachlann gairmeacha taighde ceadófar faireachán ar chur chun feidhme an togra reatha, trí tháscairí maidir leis na gnéithe éagsúla a chumhdaítear a bhailiú. Ar bhonn na sonraí sin, beidh páirtithe leasmhara agus lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach in ann gníomhaíocht fianaisebhunaithe a dhéanamh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra reatha i gcomhréir le forálacha beartais atá ann cheana, go háirithe:

An Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht’, a glacadh an 1 Iúil 2020 23 , lena gcuirtear i dtábhacht go bhfuil taighdeoirí ar thús cadhnaíochta san eolaíocht agus sa nuálaíocht, agus go dteastaíonn tacair shonracha scileanna uathu chun gairmeacha rathúla a bheith acu sa saol acadúil agus lasmuigh de. I measc nithe eile, déantar foráil sa Chlár Oibre Scileanna maidir le sainmhíniú ar thacsanomaíocht scileanna le haghaidh taighdeoirí, forbairt Creata Inniúlachta Eorpaigh do Thaighdeoirí, agus tacaíocht chun na scileanna a theastaíonn ó thaighdeoirí le haghaidh na soghluaisteachta idirearnálaí a thabhairt dóibh. Leis an gcéad ghníomhaíocht shuaitheanta sa Chlár Oibre Scileanna, Comhshocrú an Aontais um Scileanna, tacaítear le huas‑sciliú agus athsciliú trí chomhar idir an tionscal, soláthraithe oideachais agus oiliúna, comhpháirtithe sóisialta agus údaráis phoiblí i gcomhpháirtíochtaí scileanna ar mórscála.

An Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna’ 24 , a glacadh an 18 Eanáir 2022, ina ndéantar foráil maidir le forbairt creata le haghaidh gairmeacha taighde, i gcomhar le creat Eorpach le haghaidh gairmeacha mealltacha inbhuanaithe san ardoideachas.

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht’, a glacadh an 5 Iúil 2022 25 , admhaítear go mbraitheann an nuálaíocht ar chothú, mealladh agus coinneáil daoine aonair a bhfuil tallann acu agus réimse éagsúil scileanna, agus cuirtear i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le gluaisteacht idirearnálach.

An Moladh ón gComhairle ‘maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais’ 26 , a glacadh an 2 Nollaig 2022, is é is aidhm dó líne choiteann a ghlacadh maidir le prionsabail bheartais agus bearta le haghaidh an lucht ceaptha beartas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun claochlú torthaí taighde agus nuálaíochta ina réitigh, a dtairbhíonn an tsochaí díobh, a uasmhéadú. I measc nithe eile, cuireann na Treoirphrionsabail chun cinn creat chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna agus inniúlachtaí, córas dreasachtaí, agus méadrachtaí, faireachán agus meastóireacht.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra reatha i gcomhréir le beartais eile an Aontais, go háirithe:

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, arna fhógairt ag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i Samhain 2017 agus lena socraítear na prionsabail agus cearta fíor‑riachtanacha le haghaidh margaí saothair agus córais leasa shóisialta chothroma a fheidhmíonn go maith san 21ú céad, agus forálacha Aontais gaolmhara i réimse na ndálaí oibre agus na cosanta sóisialta, lena n‑áirítear an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Tionscnamh chun tacú leis an gcóimheá oibre agus saoil do thuismitheoirí agus cúramóirí’ 27 a glacadh an 26 Aibreán 2017; an Treoir maidir le ‘Dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach’ 28 , agus an Treoir maidir le ‘Cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí’ 29 , a glacadh an 20 Meitheamh 2019; an Moladh ón gComhairle maidir le ‘Rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe’ 30 , a glacadh an 8 Samhain 2019. Maidir leis an Moladh ón gComhairle maidir le Rochtain ar Chosaint Shóisialta, go háirithe, is é is aidhm dó a áirithiú gur féidir le hoibrithe agus daoine féinfhostaithe araon, faoi dhálaí inchomparáide, cloí le córais cosanta sóisialta, teidlíochtaí leordhóthanacha a charnadh agus a éileamh, teidlíochtaí cosanta sóisialta a aistriú go héasca ó phost amháin go dtí an chéad phost eile, agus faisnéis thrédhearcach a bheith acu maidir lena dteidlíochtaí agus oibleagáidí cosanta sóisialta.

An Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach’ 31 , a glacadh an 27 Aibreán 2022, aithnítear ann an tábhacht agus an gá a bhaineann le háit a dhéanamh den Aontas atá níos mealltaí don tallann ar fud an domhain. Sa chomhthéacs sin, leis an Treoir maidir le Mic Léinn agus Taighdeoirí 32 agus leis an leagan is déanaí den Treoir maidir le Cárta Gorm AE 33 , cuirtear leis na cuspóirí sin trí bhíthin é a dhéanamh níos éasca agus níos tarraingtí do thaighdeoirí agus d’oibrithe ardoilte teacht chuig an Aontas, agus trí chúrsaíocht eolais agus scileanna a chur chun cinn trína bheith ag aistriú idir na Ballstáit trí chearta soghluaisteachta feabhsaithe laistigh den Aontas.

An Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa’ 34 , a glacadh an 17 Eanáir 2023, lena ndírítear ar na dúshláin a bhaineann le gaiste forbartha tallainne sna réigiúin san Aontas atá nasctha leis an meath déimeagrafach, sciar íseal marbhánta de dhaoine a bhfuil oideachas treasach acu, agus imeacht mór daoine óga.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is iad Airteagail 182(5) agus 292 CFAE bunús dlí an tionscnaimh seo. I gcomhréir le hAirteagal 292 CFAE, féadfaidh an Chomhairle moltaí a ghlacadh agus gníomhóidh sí ar thogra ón gCoimisiún sna cásanna uile ina ndéantar foráil sna Conarthaí nach mór di gníomhartha a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún.

I gcomhréir le hAirteagal 179 CFAE, beidh sé de chuspóir ag an Aontas a bhunúis eolaíocha agus theicneolaíocha a neartú trí limistéar Eorpach taighde a bhaint amach ina mbeidh taighdeoirí, eolas eolaíoch agus teicneolaíocht ag gluaiseacht faoi shaoirse, agus é a spreagadh le bheith níos iomaíche, lena n‑áirítear ina chúrsaí tionscail, agus na gníomhaíochtaí taighde go léir a mheastar a bheith riachtanach de bhua Chaibidlí eile na gConarthaí á gcur chun cinn.

I gcomhréir le hAirteagal 181 CFAE, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit a ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha teicneolaíche a chomhordú lena áirithiú go mbeidh beartais náisiúnta agus beartas AE comhsheasmhach lena chéile. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh a bhfuil sé mar aidhm leo treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na gnéithe is gá a ullmhú le haghaidh faireachán agus meastóireacht thréimhsiúil. Ní mór Parlaimint na hEorpa a choinneáil go hiomlán ar an eolas.

Le hAirteagal 182(5) CFAE cuirtear an deis ar fáil na gníomhaíochtaí atá beartaithe leis an gclár réime ilbhliantúil a chomhlíonadh, trína chur ar chumas Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus i ndiaidh dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, na bearta is gá a bhunú chun an Limistéar Eorpach Taighde a chur chun feidhme.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá dúshláin shonracha roimh thaighdeoirí agus gairmeacha taighde, agus tá riachtanais shonracha acu freisin, amhail aitheantas na gairme agus sainmhínithe coiteanna ar leibhéal an Aontais ar ‘taighdeoir’ agus ar na gairmeacha taighde chun idir‑inoibritheacht agus inchomparáideacht a chothú ar fud na mBallstát agus ar fud na n‑earnálacha; comhthuiscint ar an tacar scileanna atá de dhíth ar thaighdeoirí; cur chun cinn soghluaisteachta cothroime geografaí, idirearnálaí agus idirdhisciplíní; córas feabhsaithe comhordaithe le haghaidh forbairt gairme, dul chun cinn agus measúnú ar thaighdeoirí; ionstraimí tacaíochta an Aontais le haghaidh gairmeacha taighde, lena n‑áirítear córas faireacháin Eorpach cuimsitheach. Mar gheall ar chineál na riachtanas sin, ní féidir iad a bhaint amach go héifeachtach ach ar a dtionscnamh ag leibhéal an Aontais.

Tá beart déanta ag an gCoimisiún san am atá caite, go háirithe leis an Moladh ón gCoimisiún an 11 Márta 2005 ‘maidir leis an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus maidir le Cód Iompair le haghaidh Earcaíocht Taighdeoirí’ 35 , ach tá gá le tionscnamh nua cothrom le dáta chun freagairt do dhúshláin nua agus don chomhthéacs nua.

D’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún beart a dhéanamh sna Conclúidí ón gComhairle an 28 Bealtaine 2021 maidir le ‘Limistéar Eorpach Taighde Nua a Dhoimhniú: Gairmeacha agus dálaí oibre tarraingteacha inbhuanaithe a chur ar fáil do thaighdeoirí agus cúrsaíocht daoine oilte a fhíorú’, agus i Clár Oibre Beartais LET atá i gceangal leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde amach anseo’ an 26 Samhain 2021. Sa Mholadh ón gComhairle maidir le ‘Comhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip’ an 26 Samhain 2021 cuimsítear gairmeacha taighde agus soghluaisteacht taighdeoirí, chomh maith le measúnú taighde agus córas luaíochtaí, mar réimsí tábhachtacha gníomhaíochta i gcomhthéacs na réimsí le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach ón Aontas agus ó na Ballstáit chun tacú leis an Limistéar Eorpach Taighde.

Ba cheart a chur san áireamh go bhfuil an‑tábhacht ag baint le tionscnamh den sórt sin chun gairmeacha taighde san Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí, ag cur ar bhealach cinntitheach leis an gcuspóir a bhaineann le tallann taighde a choinneáil san Eoraip agus ceann scríbe mealltach a dhéanamh di do thallann eachtrach.

Comhréireacht

Tá an togra reatha i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ní mó ábhar ná foirm an mholta seo ón gComhairle atá beartaithe ná an méid is gá chun a chuspóirí a bhaint amach. Ní bheidh na gealltanais a dhéanfaidh na Ballstáit ceangailteach agus tá sé de shaoirse ag gach Ballstát cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige a úsáidfidh sé.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá an togra seo bunaithe ar fhianaise a bailíodh agus ionchur a fuarthas i gcomhthéacs staidéar arna gcoimisiúnú ag an gCoimisiún, lenar bhain idirghníomhaíochtaí fada le páirtithe leasmhara.

An staidéar ‘Taking stock, evaluating the achievements and identifying the way forward for the ERA Priority 3 policy measures’ [Machnamh a dhéanamh, meastóireacht a dhéanamh ar an méid atá bainte amach agus aithint an bhealaigh chun cinn le haghaidh bhearta beartais Thosaíocht 3 LET] a foilsíodh i Nollaig 2021 36 , rinneadh machnamh ar na bearta beartais a bhí ann cheana chun tacú leis an tosaíocht LET a bhí ann ‘Margadh saothair oscailte do thaighdeoirí’, go háirithe an Chairt do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair le haghaidh Earcaíocht Taighdeoirí, an Straitéis Acmhainní Daonna do Thaighdeoirí (HRS4R), agus líonra seirbhísí EURAXESS. Rinneadh meastóireacht ann ar an méid a bhí bainte amach, sonraíodh na riachtanais agus cuireadh moltaí ar fáil maidir le bearta beartais nua nó athbhreithnithe chun réimse acmhainní daonna an LET nua a chur chun cinn. Bhí baint ag roinnt gníomhaíochtaí comhairliúcháin, lena n‑áirítear 3 cheardlann ar líne (Aibreán, Bealtaine agus Iúil 2021) le páirtithe leasmhara agus eagraíochtaí taighde (e.g. ollscoileanna agus brateagraíochtaí RPO eile, eagraíochtaí taighdeoirí, comhghuaillíochtaí Ollscoileanna Eorpacha, cisteoirí taighde, líonra EURAXESS, Ballstáit), suirbhé ar eagraíochtaí a bhaineann leis an bpróiseas HRS4R, agus suirbhé ar líonra seirbhíse EURAXESS.

Is féidir achoimre a thabhairt na príomhghnéithe a tháinig as an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhthéacs an staidéir mar a leanas:

Tá glactha go forleathan leis an gCairt do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair le haghaidh Earcaíocht Taighdeoirí ar an leibhéal institiúideach laistigh den Aontas agus lasmuigh de, ach is gá iad a thabhairt cothrom le dáta chun freagairt don réaltacht nua (Eolaíocht Oscailte, sláine taighde, comhionannas inscne, éagsúlacht agus cuimsiú, eolaíocht foirne, soghluaisteacht idirearnálach agus idirdhisciplíneach, measúnú taighde), agus ba cheart a nglacadh a chur chun cinn lasmuigh den earnáil acadúil freisin;

Le próiseas HRS4R agus an dámhachtain gaolmhar, cabhraíodh le hathrú dearfach a dhéanamh ar chleachtais acmhainní daonna in eagraíochtaí ina ndéantar taighde, d’ainneoin an dearcaidh atá ag roinnt eagraíochtaí go bhfuil gá leis an iomarca iarrachta chun an dámhachtain a fháil;

Maidir le glacadh agus éifeachtacht na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí agus HRS4R, imrítear tionchar láidir orthu leis an gcomhthéacs náisiúnta agus le beartais náisiúnta;

Tá líon criticiúil taighdeoirí agus eagraíochtaí taighde sroichte ag EURAXESS laistigh den Aontas agus lasmuigh de, as ar eascair méadú seasta ar an méid agus déine úsáide. Tá tairbhí éagsúla faighte ag taighdeoirí de bharr EURAXESS, go háirithe maidir le tacaíocht do shoghluaisteacht idirnáisiúnta, fad atá rochtain níos fearr faighte ag eagraíochtaí taighde ar thallann taighde. Is gá tairiscint seirbhíse EURAXESS a leathnú, áfach, chun tacú le forbairt tallainne taighde ar bhonn níos leithne, agus ba ghá an múnla rialachais reatha a neartú dá réir sin;

Tugtar le fios leis na dúshláin margaidh saothair atá roimh thaighdeoirí go bhfuil gá le foirmeacha nua difriúla tacaíochta do ghairmeacha taighde, má táthar chun uaillmhianta LET nua a bhaint amach. Anuas air sin, chun toilmhianta an LET nua a bhaineann le gairmeacha taighde a chomhlíonadh, ba cheart na uirlisí uile atá ann cheana a thabhairt le chéile i gcreat foriomlán.

Ar bhonn na ngnéithe sin, bhain na príomh‑mholtaí leis an ngá leis an méid seo a leanas:

Creat beartais aonair le haghaidh gairmeacha taighde, lena gcuimseofaí cur chuige iomlánaíoch lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin uile, agus é ag díriú ar na hearnálacha uile den tsochaí ina ndéanann taighdeoirí a ngníomhaíochtaí;

Cairt agus Cód nuashonraithe do Thaighdeoirí lena léireofaí na dúshláin reatha agus na deiseanna sa mhargadh saothair le haghaidh taighdeoirí, agus formhuiniú agus cur chun feidhme níos leithne, lena n‑áirítear tríd an earnáil phríobháideach, mar chuid lárnach den LET foriomlán;

Claochlú EURAXESS ina Ardán Tallainne LET lena soláthrófaí tacaíocht níos iomlánaíche do thaighdeoirí agus a bheadh bunaithe ar mhúnla rialachais feabhsaithe;

Dul i ngleic le saincheisteanna sa mhargadh saothair a bhí roimh thaighdeoirí, amhail cosaint shóisialta nó teidlíochtaí pinsin;

Tacaíocht don fhoghlaim fhrithpháirteach agus malartú taithí a bhaineann le gairmeacha taighde.

Ina theannta sin, chuathas i gcomhairle le hearnáil an ardoideachais chun creat a fhorbairt chun a misean taighde agus nuálaíochta a neartú i gcomhar leis an misean oideachais, as ar eascair moltaí ‘Towards a 2030 vision on the future of universities in Europe’ [I dtreo fís 2030 ar thodhchaí na n‑ollscoileanna san Eoraip] (Deireadh Fómhair 2020) 37 , lena n‑áirítear moltaí maidir le caipiteal daonna a chothú agus forbairt gairme. Is mar seo a leanas a bhí na príomhthorthaí i ndáil leis sin:

Córais agus struchtúir ollscoileanna i ndáil le forbairt gairme, oiliúint agus measúnú, aitheantas agus dreasachtaí a athchóiriú chun múnla meastóireachta níos iomlánaíche, atá bunaithe ar cháilíocht in áit cainníochta a bhaint amach;

Measúnú gairme taighdeoirí a athchóiriú, i dtreo córas níos cothroime atá bunaithe ar speictream iomlán cumas taighdeoirí ar bhealach atá ábhartha dá gcéim gairme, don phost atá uathu agus fachtóirí comhthéacsúla ábhartha eile, ag seachaint cur chuige ‘an cheap a dhéanann gach uile bhróg’. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú aschur taighde, dul chun taighde, seirbhís agus ceannaireacht, tionchar taighde, teagasc agus maoirseacht, agus taithí ghairmiúil eile;

Oiliúint scileanna agus forbairt ghairmiúil a leabú do thaighdeoirí ar gach leibhéal, lena n‑éileofaí infheistíocht san oiliúint agus forbairt ghairmiúil do thaighdeoirí ar gach leibhéal (R1-R4), ag díriú go sonrach ar thaighdeoirí ar leibhéil R1 agus R2 (PhD agus iardhochtúireacht), taighdeoirí nach mbeidh fostaíocht bhuan san earnáil acadúil ag a bhformhór;

Oiliúint a sholáthar do thaighdeoirí ar gach leibhéal (R1-R4) i gcleachtas na hEolaíochta Oscailte;

Coincheap na soghluaisteachta geografaí a leathnú chun soghluaisteacht fhíorúil a chuimsiú;

An Chairt Eorpach do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair dá nEarcaíocht a thabhairt cothrom le dáta, bunaithe ar chúrsaí taighde agus nuálaíochta atá athraithe san Eoraip, agus an plé reatha laistigh den earnáil acadúil a léiriú. Leis sin, ba cheart a chur san áireamh freisin Eolaíocht Oscailte, cleachtais nuálaíochta oscailte fhreagracha, éagsúlacht, sláine taighde, eolaíocht saoránach agus i‑gluaisteacht cheathrúil (trasnáisiúnta, idirearnálach, idirdhisciplíneach agus fíorúil) i bhforbairt gairme;

Idirghníomhaíocht idir earnálacha acadúla agus neamhacadúla a neartú chun ról ollscoileanna mar ghníomhaithe lárnacha ag croí na n‑éiceachóras nuálaíochta a athneartú.

Sa staidéar ‘Knowledge Ecosystems in the new ERA’ [Éiceachórais Eolais sa LET nua], a chríochnaigh in 2022, cuimsíodh anailís ar ghnéithe a bhaineann le gairmeacha taighde, go háirithe scileanna 38 , dálaí fostaíochta agus oibre, agus an feiniméan a bhaineann le himirce daoine oilte agus cúrsaíocht tallainne 39 . Dhírigh sé freisin ar fhorbairt modheolaíochta le haghaidh faireachlann ar ghairmeacha taighde. Rinne an staidéar bearta soghluaisteacht idirearnálacha ar fud na hEorpa a mhapáil agus a shamhaltú, ag forbairt staidéar eile ón gCoimisiún ‘Fostering industrial talents in research at European level’ [Tallann thionsclaíoch a chothú sa taighde ar an leibhéal Eorpach] (Eanáir 2018) 40 . Rinneadh roinnt mhaith gníomhaíochtaí comhairliúcháin i ndáil leis an staidéar sin, lena n‑áirítear:

Suirbhé ar líne (Aibreán-Bealtaine 2021) i measc taighdeoirí chun léargas a fháil ar scileanna, cosaint shóisialta agus dálaí oibre a bhaineann le poist i réimse an taighde, chomh maith le 3 chruinniú meithleacha i mBealtaine 2021 chun torthaí na n‑agallamh a bhailíochtú agus a bheachtú;

Suirbhé ar líne (Bealtaine-Meitheamh 2021) chun an tacar scileanna atá fíor‑riachtanach do phoist taighdeoirí san earnáil acadúil agus phríobháideach a bhailíochtú;

Agallaimh le taighdeoirí (R2 2021) ag céimeanna gairme éagsúla a oibríonn sa saol acadúil agus in earnálacha eile, ag díriú ar inniúlachtaí, deiseanna oiliúna scileanna, agus soghluaisteacht idirearnálach;

Agallaimh le hionadaithe ó bhrateagraíochtaí ardoideachais, comhlachais eagraíochtaí taighde, ionadaithe ó Bhallstáit agus ionadaithe gnó (R2 2021), ag díriú ar nuashonrú ar an Aicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO), Creat Inniúlachta Eorpach do Thaighdeoirí a fhorbairt, todhchaí cinnteachta tionachta agus éagsúlú gairmeacha taighde;

Grúpa fócais (Meán Fómhair 2021) le bratchomhlachais an Aontais a bhaineann leis an taighde (ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, RTOanna, etc.), comhlachais tionscail, agus lucht ceaptha beartas an Aontais agus lucht ceaptha beartas náisiúnta chun an obair ar Dhréachtchreat Inniúlachta Eorpach do Thaighdeoirí a bhailíochtú;

Ceardlann (Deireadh Fómhair 2021) ina raibh breis agus 450 rannpháirtí i measc páirtithe leasmhara ó na hearnálacha uile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le gairmeacha taighde, go háirithe i réimse na n‑inniúlachtaí;

Ceardlann (Márta 2022) le réimse páirtithe leasmhara ó na hearnálacha uile, ag tabhairt aghaidh ar scileanna taighdeoirí agus dálaí fostaíochta, saincheisteanna cosanta sóisialta na dtaighdeoirí soghluaiste idirnáisiúnta, agus coincheap na faireachlainne do ghairmeacha taighde;

Ceardlann dheireanach (Meán Fómhair 2022) maidir le hinniúlachtaí, cúrsaíocht chothrom tallainne agus soghluaisteacht idirearnálach.

Is féidir achoimre a dhéanamh ar phríomhthorthaí an staidéir mar a leanas:

Tá an‑tábhacht ag baint le taighdeoirí don chóras taighde agus nuálaíochta san Eoraip, agus tá sé tábhachtach a ngairmeacha a neartú, agus iad a dhéanamh níos mealltaí agus níos inbhuanaithe. An chéad ghné nach mór aghaidh a thabhairt uirthi ná sainmhíniú coiteann ar ‘taighdeoir’ ar an leibhéal Eorpach;

Na tuairisceoirí próifíle R1-R4 a tugadh isteach in 2011, úsáidtear iad go minic agus déantar tagairt dóibh nuair a earcaítear taighdeoirí san earnáil acadúil, ach tá gá le tuilleadh soiléireachta, lena n‑áirítear úsáid na dtuairisceoirí lasmuigh den saol acadúil a chothú agus chun idir‑inoibritheacht agus inchomparáideacht i ndáil le róil taighdeoirí ar fud earnálacha agus ar fud na mBallstát a dhéanamh níos éasca;

Measann taighdeoirí go bhfuil scileanna idirdhisciplíneacha tábhachtach i ndáil le hearcaíocht agus dul chun cinn gairme, ach measann mionlach na n‑iarrthóirí PhD san Aontas go bhfuair siad scileanna idirdhisciplíneacha ar leibhéal leordhóthanach le linn na hoiliúna a fuarthas le linn a gcuid oiliúna dochtúireachta. Tá páirtithe leasmhara ag tnúth go mór le rolladh amach Creata Inniúlachta Eorpaigh do Thaighdeoirí, níor cheart dó a bheith ceangailteach agus ba cheart solúbthacht a bheith ann do na húsáideoirí i ndáil lena chur chun feidhme;

Tá scileanna bunúsach le haghaidh shoghluaisteacht idirearnálach na dtaighdeoirí, agus ba cheart fáil a bheith ar oiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil indheimhnithe, lena n‑áirítear oiliúint a bhaineann le comhordú agus comhar leis an ngnó agus gníomhaithe ábhartha eile sa mhargadh saothair chun an bhearna idir éileamh agus soláthar na dtaighdeoirí a laghdú. Tá sé a thábhachtaí céanna, áfach, tacaíocht agus treoraíocht a sholáthar do thaighdeoirí maidir le deiseanna gairme lasmuigh den saol acadúil, lena n‑áirítear trí sheirbhísí meantóireachta agus forbartha gairme;

Is ionann an easpa earcaíochta oscailte trédhearcaí atá bunaithe ar fhiúntas a bhíonn ann go minic, chomh maith leis na dálaí oibre míshocra agus éagobhsaíocht conairí gairme, agus bacainn ar an bhforbairt is fearr ar an gcaipiteal daonna taighde. Tá gá le tionscnaimh, lena n‑áirítear samhail de chóras cinnteachta tionachta a chur san áireamh ar leibhéal an Aontais nó aon chóras trédhearcach aontachais agus dul chun cinn eile maidir le gairmeacha;

Na príomhchúiseanna a chuireann le himirce daoine oilte a bhaineann leis an leibhéal córais, timpeallacht taighde, earcaíocht agus dálaí oibre, agus sármhaitheas taighde a mhapáil, agus ag moladh dálaí le haghaidh soghluaisteacht níos cothroime. In éineacht leis an mapáil tá sainaithint na gconairí chuig cúrsaíocht tallainne níos cothroime ar leibhéal na mBallstát ar bhonn na gcleachtas atá ann cheana nó cleachtais atá le teacht sna Ballstáit nó eagraíochtaí taighde, agus conairí ar leibhéal an Aontais, atá struchtúrtha timpeall na dtosca d’ailíniú, spreagadh agus tacaíocht;

Múnlaí, dea‑chleachtais agus moltaí a shainaithint chun soghluaisteacht idirearnálach a chur chun cinn i dtrí chatagóir: (i) comhar idir an saol acadúil agus saol an ghnó a neartú, (ii) tallann a uas‑sciliú agus a athsciliú chun éileamh an ghnó a chomhlíonadh nó acmhainneacht a fhorbairt i dtacaíocht taighde agus nuálaíochta, (iii) fiontraíocht agus cruthú gnó;

Is féidir le cosaint shóisialta agus a hinaistritheacht soghluaisteacht taighde idirnáisiúnta a dhíspreagadh nó a dhéanamh níos casta. Bíonn cineálacha éagsúla bearnaí cosanta sóisialta ann de bharr soghluaisteachta agus déantar an difear is mó do thaighdeoirí soghluaiste. An chéad bhearna mhór ná na stádais fostaíochta éagsúla agus an tionchar a bhíonn acu ar chosaint shóisialta. Féadann teidlíochtaí cosanta sóisialta difriúla a bheith ann nuair a athraítear an stádas fostaíochta nuair a aistrítear idir tíortha. Mar shampla, nuair a aicmítear taighdeoirí PhD mar mhic léinn in ionad fostaithe, féadfaidh cumhdach cosanta sóisialta teoranta a bheith acu nó cumhdach cosanta sóisialta ar bith. Anuas air sin, is minic a bhíonn teorainn leis an bhfaisnéis a sholáthraítear do thaighdeoirí soghluaiste agus is minic go mbíonn teorainn le cáilíocht na faisnéise sin. Is ann do bhearnaí sonracha i ndáil le cineálacha sonracha cosanta sóisialta. Is é an pinsean, go háirithe an pinsean forlíontach, an t‑ábhar imní is mó gan amhras toisc go bhféadfar nach mbainfeadh taighdeoirí soghluaiste ag a bhfuil conarthaí gearrthéarmacha minice acu na tréimhsí dílseacháin a shainítear do na scéimeanna pinsin fhorlíontaigh amach. I gcás na dífhostaíochta, cuirtear an taifead fostaíochta roimhe sin, gan beann ar an tír, san áireamh nuair a dhéantar cinneadh maidir le rochtain ar shochair dífhostaíochta agus méid na sochar dífhostaíochta.

Modheolaíocht agus táscairí chun faireachán a dhéanamh ar ghairmeacha taighde ar bhonn sonraí atá ann cheana in éineacht le cur chuige bunaithe ar shuirbhé i gceithre ghné: poist, dálaí, scileanna agus soghluaisteacht (réamhobair le haghaidh faireachlann gairmeacha taighde).

Reáchtáladh gníomhaíochtaí comhairliúcháin breise le Ballstáit, Tíortha Comhlachaithe Fís Eorpach, agus páirtithe leasmhara, i gcomhthéacs na hoibre ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Moladh ón gComhairle ‘maidir le Comhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip’ 41 , agus ar Chláir Oibre Beartais LET, go háirithe Gníomhaíocht 4 arb é is aidhm di ‘Gairmeacha taighde tarraingteacha agus inbhuanaithe, cúrsaíocht chothrom tallainne agus soghluaisteacht idirnáisiúnta, trasdisciplíneach agus idirearnálach ar fud LET a chur chun cinn’.

Cuirtear san áireamh sa togra seo freisin obair Thascfhórsa Thriantán CLETN maidir leis an athbhreithniú ar an gCairt agus ar an gCód do Thaighdeoirí, an t‑ionchur a fuarthas i gcomhthéacs na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara don Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna, agus faisnéis nó staidéir ó thríú páirtithe, lena n‑áirítear ECFE. Anuas air sin, comheagraíodh ceardlann thiomnaithe CLETN maidir le taighdeoirí i mí na Nollag 2020 le Tascfhórsa Thriantán CLETN agus leis na Trí Uachtaránacht.

2023/0285 (NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 182(5) agus Airteagal 292, an chéad abairt agus an dara habairt de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Sonraítear in Airteagal 179 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh sé de chuspóir ag an Aontas a bhoinn eolaíochta agus teicneolaíochta a neartú trí Limistéar Eorpach Taighde a ghnóthú ina mbeidh saorchúrsaíocht ag taighdeoirí, eolas eolaíoch agus teicneolaíocht. I ndáil leis sin, luaitear in Airteagal 180 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go ndéanfaidh an tAontas roinnt gníomhaíochtaí chun na gníomhaíochtaí a dhéantar sna Ballstáit a chomhlánú, lena n‑áirítear spreagadh oiliúint agus shoghluaisteacht na dtaighdeoirí san Aontas, agus scaipeadh agus barrfheabhsú thorthaí na ngníomhaíochtaí taighde san Aontas.

(2)Bhí ról tábhachtach ag Moladh 2005/251/CE ón gCoimisiún 42 maidir le tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí agus do ghairmeacha taighde san Aontas. Tá an Chairt do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair le haghaidh Earcaíocht Taighdeoirí (‘Cairt agus Cód do Thaighdeoirí’) ina bpointí tagartha do thaighdeoirí agus d’fhostóirí nó do chisteoirí taighdeoirí, rud a rannchuidíonn le neartú an Limistéir Eorpaigh Taighde agus a thacaíonn le margadh saothair Eorpach atá níos tarraingtí, níos oscailte agus níos inbhuanaithe a fhorbairt do thaighdeoirí. Tá nós imeachta Eorpach lena ndeimhnítear gealltanas agus dul chun cinn institiúide i ndáil le cur chun feidhme phrionsabail na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí, an Straitéis Acmhainní Daonna do Thaighdeoirí (HRS4R), i bhfeidhm ó bhí 2008 ann.

(3)Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht’, a glacadh an 1 Iúil 2020 43 , cuirtear i dtábhacht go bhfuil taighdeoirí ar thús cadhnaíochta san eolaíocht agus sa nuálaíocht, agus go dteastaíonn tacair shonracha scileanna uathu chun gairmeacha rathúla a bheith acu sa saol acadúil agus lasmuigh de. Déantar foráil ann maidir le sainmhíniú ar thacsanomaíocht scileanna le haghaidh taighdeoirí, lena n‑áirítear faireachán staidrimh ar chúrsaíocht daoine oilte, forbairt Creata Eorpaigh Inniúlachta do Thaighdeoirí, agus tacaíocht a thabhairt chun na scileanna is gá le haghaidh na soghluaisteachta idirearnálaí a thabhairt do thaighdeoirí. Leis an gcéad ghníomhaíocht shuaitheanta sa Chlár Oibre Scileanna, Comhshocrú an Aontais um Scileanna, tacaítear le huas‑sciliú agus athsciliú trí chomhar idir an tionscal, soláthraithe oideachais agus oiliúna, comhpháirtithe sóisialta agus údaráis phoiblí i gcomhpháirtíochtaí scileanna ar mórscála.

(4)Admhaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘LET Nua don Taighde agus don Nuálaíocht’, a glacadh an 30 Meán Fómhair 2020 44 , go bhfuil gá le dálaí forbartha gairme chun na taighdeoirí is fearr san Eoraip a mhealladh agus a choinneáil sa rás domhanda le haghaidh daoine tréitheacha, agus nach bhfuil feabhas leordhóthanach tagtha ar an bhfostaíocht fhorbhásach le blianta beaga anuas, go háirithe i gcás taighdeoirí luathghairme. Cuirtear i dtábhacht leis freisin an mí‑ailíniú a dhéantar go minic idir scileanna taighdeoirí agus riachtanais na sochaí agus an gheilleagair, go háirithe riachtanais an tionscail agus gnólachtaí, agus a thábhachtaí atá sé taighdeoirí a dhreasú chun gairm bheatha lasmuigh den saol acadúil a shaothrú. Chun gairmeacha taighde san Eoraip a neartú, tugtar le fios sa Teachtaireacht go bhfuil gá le bosca uirlisí beart arb é is aidhm dóibh aitheantas a thabhairt do scileanna taighdeoirí, Creat Inniúlachta do Thaighdeoirí a fhorbairt, soghluaisteacht agus malartuithe feabhsaithe idir an saol acadúil agus an tionscal, deiseanna oiliúna spriocdhírithe, agus tairseach ilfhreastail ar ar féidir le taighdeoirí rochtain a fháil le haghaidh réimse leathan seirbhísí tacaíochta. Déantar foráil sa Teachtaireacht freisin maidir le feabhsú an chórais measúnaithe taighde.

(5)Cuirtear i dtábhacht sna Conclúidí ón gComhairle maidir leis an ‘Limistéar Eorpach Taighde Nua’ an 1 Nollaig 2020 45 gur gnéithe ríthábhachtacha den Limistéar Eorpach Taighde nua iad dálaí oibre tarraingteacha sábháilte a chruthú, agus tarraingteacht gairmeacha taighde a fheabhsú, ar gnéithe iad a chuireann le mealladh agus coinneáil taighdeoirí den scoth, agus eolaíocht oscailte, comhionannas inscne, scileanna digiteacha, measúnú taighde, éagsúlú gairmeacha taighde agus conairí gairme iomadúla á gcur san áireamh.

(6)Sna Conclúidí ón gComhairle maidir leis an ‘Limistéar Eorpach Taighde Nua a Dhoimhniú: Gairmeacha agus dálaí oibre tarraingteacha inbhuanaithe a chur ar fáil do thaighdeoirí agus cúrsaíocht daoine oilte a fhíorú’ an 28 Bealtaine 2021 46 , admhaítear go bhfuil taighdeoirí ag croí chóras taighde agus nuálaíochta na hEorpa, agus go bhfuil gá le gníomhaíocht níos comhordaithe ar an leibhéal Eorpachchun na dúshláin atá roimh thaighdeoirí cheana a shárú d’fhonn gairmeacha taighde leordhóthanacha agus inbhuanaithe a bheith acu, cúrsaíocht chothrom daoine tréitheacha a spreagadh, agus ceann scríbe tarraingteach do thaighdeoirí a dhéanamh den Eoraip. Moltar iontu anailís a dhéanamh ar an bhforbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gCairt agus ar an gCód do Thaighdeoirí i dtreo creat aonair cuimsitheach, lena dtabharfar aghaidh ar na dúshláin uile a bhaineann le gairmeacha taighde thar luachanna agus prionsabail, agus lena ndíreofar ar na réimsí fostaíochta taighde uile a d’fhéadfadh a bheith ann, agus iarrtar ar an gCoimisiún togra a dhéanamh in 2022. Gnéithe amhail earcaíocht, dreasachtaí do thaighdeoirí luathghairme, éagsúlú gairme agus dul chun cinn gairme, idir‑inoibritheacht le hearnálacha uile na sochaí lena n‑áirítear an tionscal, measúnú ar thaighdeoirí, comhionannas inscne, cothromaíocht oibre is saoil, agus rialachas agus seirbhísí feabhsaithe le haghaidh EURAXESS, moltar iad mar ghnéithe atá le cur san áireamh sa togra.

(7)I Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle 47 áirítear gairmeacha taighde agus soghluaisteacht taighdeoirí, chomh maith le measúnú ar thaighde, ar thaighdeoirí agus ar institiúidí, mar réimsí tábhachtacha gníomhaíochta i gcomhthéacs na réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach ón Aontas agus ó na Ballstáit chun tacú leis an Limistéar Eorpach Taighde, agus sonraítear ann tacar coiteann prionsabal agus luachanna chun bonn taca a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht san Eoraip. Cuirtear i dtábhacht ann freisin an gá le haird níos mó a thabhairt ar ghairmeacha taighdeoirí luathchéime agus meánchéime, lena n‑áirítear bacainní sonracha atá roimh mhná sna céimeanna sin.

(8)I gClár Oibre Beartais LET atá i gceangal leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde amach anseo’ an 26 Samhain 2021 48 , áirítear gníomhaíochtaí tiomnaithe chun ‘Dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an athchóiriú ar an gcóras measúnaithe le haghaidh taighde, taighdeoirí agus institiúidí chun feabhas a chur ar a gcáilíocht, ar a bhfeidhmíocht agus ar a dtionchar’, agus chun ‘Gairmeacha taighde tarraingteacha inbhuanaithe, cúrsaíocht chothrom tallainne, agus soghluaisteacht idirnáisiúnta thrasdisciplíneach idirearnálach a chur chun cinn ar fud LET’. Déantar foráil sa ghníomhaíocht dheireanach a luaitear maidir le forbairt creata Eorpaigh le haghaidh gairmeacha taighde, chomh maith le huasghrádú na nionstraimí agus na dtionscnamh atá ann cheana, agus cinn nua a chruthú. Áirítear leis sin faireachlann um ghairmeacha taighde a sheoladh; forbairt ar an gCairt agus ar an gCód do Thaighdeoirí; Ardán Tallainne LET a bhunú mar thairseach ilfhreastail ar líne chuig seirbhísí, líonra agus tairseacha EURAXESS lena n‑áirítear HRS4R, agus RESAVER; tionscnamh ERA4You a sheoladh chun cúrsaíocht tallainne idir earnálacha agus ar fud an Aontais a chur chun cinn; dea‑chleachtais a mhalartú i ndáil le córais taighde agus nuálaíochta chun tacú le cúrsaíocht chothrom daoine oilte; agus creat nua do ghairmeacha taighde a phíolótú le comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha.

(9)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna’, a glacadh an 18 Eanáir 2022 49 , déantar foráil maidir le forbairt creata le haghaidh gairmeacha taighde, i sineirgíocht le creat Eorpach le haghaidh gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas atá le moladh faoi 2023.

(10)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht’, a glacadh an 5 Iúil 2022 50 , aithnítear go mbraitheann an nuálaíocht ar dhaoine tréitheacha a chothú, a mhealladh agus a choinneáil go rathúil agus ar réimse éagsúil scileanna, agus cuirtear i dtábhacht a thábhachtaí atá an tsoghluaisteacht idirearnálach.

(11)I Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle 51 cuirtear i dtábhacht a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i gcultúr, cleachtais, scileanna agus inniúlachtaí fiontraíochta a fhorbairt le haghaidh taighdeoirí agus gníomhaithe taighde agus nuálaíochta eile, lena n‑áirítear idirghabhálaithe, a bhfuil a ngairmiúlú leanúnach fíor‑riachtanach, chun uasmhéadú a dhéanamh ar chlaochlú na dtorthaí taighde agus nuálaíochta ina réitigh a rachaidh chun tairbhe don tsochaí. Tacóidh Cód Cleachtais maidir le comhar idir an tionscal agus an saol acadúil le cur chun feidhme an Mholta.

(12)Is acmhainn bhunúsach don tsochaí iad taighdeoirí. Déanann siad taighde, cothaíonn siad an nuálaíocht, cuireann siad le réitigh ar dhúshláin shochaíocha, lena n‑áirítear an t‑aistriú digiteach agus an t‑aistriú glas, rud a rannchuidíonn le tosaíochtaí uileghabhálacha an Choimisiúin le haghaidh ‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’, agus ‘Comhaontú Glas don Eoraip’. Is daoine tréitheacha ardoilte iad taighdeoirí a bhfuil an-acmhainneacht acu freastal ar éileamh mhargadh an tsaothair, rud a rannchuidíonn leis an tosaíocht uileghabhálach ‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’. Tá sé ríthábhachtach a dtimpeallacht oibre fhoriomlán a fheabhsú trí ghairmeacha taighde agus a n‑éifeachtúlacht a neartú, agus iad a dhéanamh idir‑inoibritheach idir earnálacha.

(13)Príomhghné den Limistéar Eorpach Taighde is ea tarraingteacht agus cobhsaíocht gairmeacha taighde a fheabhsú ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, tá gá soiléir le gairmeacha taighde a dhéanamh níos tarraingtí d’fhágálaithe scoile, agus creatdálaí a chur i bhfeidhm chun taighdeoirí tréitheacha a choinneáil san Aontas, chomh maith le ceann scríbe tarraingteach iomaíoch a dhéanamh den Aontas do thaighdeoirí idirnáisiúnta.

(14)Tá an tallann i gcroílár na nuálaíochta. Tá sé fíor‑riachtanach, dá réir sin, dálaí a chruthú chun sreabhadh daoine tréitheacha ardoilte athléimneacha a sheachadadh agus a áirithiú, ar daoine iad a bheidh in ann rannchuidiú le téarnamh agus buntáiste iomaíoch na hEorpa. Cuimsítear leis sin naisc níos láidre idir an saol acadúil agus an tionscal, chomh maith le cultúr fiontraíochta agus nuálaíochta, inar féidir le daoine tréitheacha na smaointe a fhorbróidh siad a thabhairt chuig an margadh.

(15)Le breis agus 25 bliana, mar chuid de na Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, tá Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska‑Curie (MSCA) ag tacú le taighdeoirí ó gach cearn den domhan, ar gach céim dá ngairmeacha, agus dírítear go sonrach ar oiliúint, scileanna agus forbairt gairme. Bhí tionchar struchtúraithe ag an gclár ar eagraíochtaí (ollscoileanna, ionaid taighde, fiontair, etc.) freisin trí dhea‑chleachtais a scaipeadh agus a mealltacht agus infheictheacht idirnáisiúnta a mhéadú, go háirithe trí chláir dochtúireachta den scoth a fhorbairt. Is sampla den dea‑chleachtas é MSCA i ndáil le rannchuidiú le soghluaisteacht idirearnálach, idirdhisciplíneach agus gheografach, forbairt scileanna taighdeoirí, agus aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí inscne, taighdeoirí tréitheacha a choinneáil agus tallann nua a mhealladh chuig an Eoraip. I dtaca le cláir Dochtúireachta MSCA sa Tionsclaíocht, ina ndéantar taithí taighde, suíomh agus maoirseacht iarrthóra dochtúireachta a chomhroinnt go cothrom idir bunaíocht acadúil agus neamhacadúil, is sampla tábhachtach iad den idirghníomhaíocht agus den chomhar idir gníomhaithe éiceachórais, lena gcothaítear scileanna idirdhisciplíneacha agus soghluaisteacht idirearnálach, agus lena gcabhraítear le riachtanais na hearnála tionsclaíochta maidir le daoine ardoilte tréitheacha.

(16)Léiríonn sonraí Eurostat go bhfuil méadú ag teacht ar an líon taighdeoirí san Eoraip. In 2021, bhí 2 mhilliún taighdeoir ( i gcoibhéis lánaimseartha) ag obair sna Ballstáit, 627 míle sa bhreis ar an líon a bhí ann in 2011. Oibríonn formhór na dtaighdeoirí san earnáil fiontraíochta (56 %) agus in earnáil an ardoideachais (32 %), agus ina dhiaidh sin in earnáil an rialtais (11 %). Tá sé tábhachtach an treocht mhéadaitheach sin a chothú le hinfheistíochtaí, bonneagar agus beartais leordhóthanacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais lena dtacófar le tarraingteacht gairmeacha taighde, lena n‑áirítear i ndáil le héagsúlacht agus comhionannas inscne, agus chun cultúr de luach agus luaíocht chothrom do ghairmeacha taighde a chur chun cinn in earnálacha uile na sochaí.

(17)Tá gá le sainmhíniú soiléir coiteann maidir le ‘taighdeoir’ ar an leibhéal Eorpach, amhail, mar shampla, an sainmhíniú ar Lámhleabhar Frascati a bhfuil glacadh forleathan leis, agus le comhthuiscint ar ghairmeacha taighde. Ba cheart na gairmeacha taighde a bheith beartaithe mar ghairmeacha ar féidir le taighdeoirí dul iontu i ngach earnáil ábhartha, ina gcuimsítear an saol acadúil (ollscoileanna, polaiteicnicí agus institiúidí taighde), gnó (lena náirítear saotharlanna tionsclaíocha, gnólachtaí nuathionscanta, seach-chuideachtaí nó fiontair bheaga agus mheánmhéide), comhlachtaí riaracháin phoiblí (lena náirítear saotharlanna poiblí agus an córas cúraim sláinte), agus an earnáil neamhbhrabúis. Tá gá le hiarrachtaí chun aitheantas iomlán a thabhairt do ghairm an taighde, agus chun díriú ar inchomparáideacht na ngairmeacha taighde ar fud na mBallstát agus na nearnálacha, lena náirítear trí phróifílí thaighdeoirí R1-R4 a tugadh isteach in 2011 a thabhairt cothrom le dáta agus trí úsáid níos leithne a bhaint astu i bhfolúntais do thaighdeoirí.

(18)Chun taighde agus nuálaíocht ardleibhéil a dhéanamh, ní mór tacú leis an iliomad ról bainistíochta taighde, arna ndéanamh ag taighdeoirí nó ag gairmithe eile. Ní mór aitheantas cuí a thabhairt do na gairmeacha fíorluachmhara sin, lena náirítear trí bhíthin tuilleadh anailíse agus ailínithe ar leibhéal an Aontais, d’fhonn a nacmhainneacht a neartú, oiliúint ábhartha a fhorbairt, inchomparáideacht a chothú, agus cur ar a gcumas dóibh an taighde agus an nuálaíocht a bhainistiú go héifeachtach agus tacú leo.

(19)Tugadh an tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO) cothrom le dáta in 2022 chun tacsanomaíochtaí feabhsaithe scileanna agus gairmeacha do thaighdeoirí a áireamh, agus ar an gcaoi sin na gairmeacha atá ábhartha do thaighdeoirí ar fud earnálacha mhargadh an tsaothair a shonrú, chomh maith leis na scileanna idirdhisciplíneacha a theastaíonn ó thaighdeoirí chun go mbeidh rath orthu. Le cur chun feidhme aicmiú ESCO in EUROPASS agus sa líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), éascaítear glacadh na téarmaíochta feabhsaithe sin sa mhargadh saothair. Tá gá le hidirghníomhaíocht idir an Coimisiún agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair chun an chatagóir shonrach le haghaidh ‘taighdeoir’ a áireamh sna hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an Aicmiú Caighdeánach Idirnáisiúnta Gairmeacha (ISCO), an t‑aicmiú ar a bhfuil aicmiú ESCO bunaithe.

(20)Mar a aithnítear in Airteagal 13 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus mar a luiatear i nDearbhú Bonn maidir le Saoirse an Taighde Eolaíoch an 20 Deireadh Fómhair 2020, i Communiqué na Róimhe maidir le Limistéar Eorpach an Ardoideachais an 19 Samhain 2020, agus i Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle, ní mór saoirse acadúil agus saoirse an taighde eolaíoch a chosaint mar réamhriachtanais fhíor‑riachtanacha le haghaidh taighdeoirí chun taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn. I ndáil leis sin, d’fhoilsigh an Coimisiún Doiciméad Inmheánach Oibre in Eanáir 2021 maidir leis an mbealach chun an cur isteach eachtrach ar thaighde agus ar nuálaíocht a mhaolú. Leagtar amach san fhoilseachán na dea‑chleachtais chun tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus taighde a mbunluachanna a chosaint, lena n‑áirítear an tsaoirse acadúil, an tsláine agus neamhspleáchas institiúideach, chomh maith lena bhfoireann, mic léinn, torthaí taighde agus sócmhainní a chosaint.

(21)Tá mná fós faoi ghannionadaíocht i measc taighdeoirí, arb ionann iad agus 33 % de dhaonra iomlán na dtaighdeoirí san Aontas. Léirítear sna sonraí freisin go bhfuil céatadán níos airde de thaighdeoirí ban fostaithe in earnáil an ardoideachais, i gcomparáid le taighdeoirí fir, ach go bhfuil a gcéatadán níos ísle in earnáil an rialtais agus in earnáil an ghnó. Ar fud an Aontais, tá sciar níos airde de thaighdeoirí ban, i gcomparáid le fir, ag obair go páirtaimseartha agus faoi chonarthaí forbhásacha san ardoideachas (11 % do mhná agus 7 % d’fhir) agus níl ach 26 % de na poist acadúla is fearr ag mná (ollúnacht iomlán nó post taighdeora coibhéiseach). Is gá aghaidh a thabhairt ar neamhionannais inscne mharthanacha i ngairmeacha taighde go héifeachtach – lena n‑áirítear bearna phá idir na hinscní, claontachtaí inscne i ndáil le measúnú, saincheisteanna maidir le cothromaíocht oibre is saoil chomh maith le foréigean inscnebhunaithe, ar saincheisteanna iad uile a dhéanann difear do rannpháirtíocht agus forbairt gairmeacha – trí athrú institiúideach, lena n‑áirítear trí ionstraim na bpleananna cuimsitheacha um chomhionannas inscne. Thairis sin, tá gá le hiarrachtaí sonracha chun aghaidh a thabhairt ar ghannionadaíocht na mban i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEM) sa taighde agus sa nuálaíocht, chomh maith le hearnáil an ardoideachais, mar a chuirtear i dtábhacht sa straitéis Eorpach d’ollscoileanna ina moltar forógra ó ollscoileanna atá dírithe ar STE(A)M maidir le hoideachas STE(A)M atá inscne‑chuimsitheach.

(22)Chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt iomlán phearsanta agus ghairmiúil taighdeoirí san Aontas, agus taighdeoirí luathghairme go háirithe, tá sé fíor‑riachtanach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann cheana a bhfuil iarmhairtí diúltacha acu ar chóras foriomlán an taighde agus na nuálaíochta san Aontas, agus ar an margadh inmheánach le haghaidh taighde. Áirítear ar na dúshláin sin gnéithe den fhostaíocht agus de dhálaí oibre, amhail stádas difriúil mac léinn/fostaithe i measc iarrthóirí dochtúireachta ar fud na mBallstát, an easpa earcaíochta oscailte, trédhearcacha agus bunaithe ar fhiúntas a bhíonn ann go minic, éiginnteacht a bhaineann le conarthaí gearrthéarmacha tionscadalbhunaithe, comhionannas deiseanna míshásúla, cothromaíocht oibre is saoil agus bearta folláine, agus laigí in uirlisí cosanta sóisialta, lena náirítear deacrachtaí maidir le hinaistritheacht teidlíochtaí idir earnálacha agus na Ballstáit.

(23)Maidir le hinfhostaitheacht agus forbairt gairme taighdeoirí luathghairme, thairbheoidís de dhreasachtaí tiomnaithe i ndáil lena n‑earcaíocht, amhail dreasachtaí airgeadais agus cosanta sóisialta, lena n‑áirítear deiseanna le haghaidh conarthaí buana nó neamhiata i gcomhréir le rún Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcomhaontú réime maidir le hobair théarma shocraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP i gcrích 52 . I ndáil leis sin, d’fhéadfaí úsáid níos leithne de chistiú bonnlíne nó de chistiú taighde saolré a chur chun cinn in éineacht le cistiú tionscadalbhunaithe. Le cistiú bonnlíne, soláthraítear réamh‑mheastachán ar thacaíocht airgeadais ráthaithe d’ollscoileanna nó d’ionaid taighde mar chúiteamh ar chomhlíonadh spriocanna insoláthartha agus caighdeán cáilíochta; is saintréith de chistiú saolré é comórtas tosaigh le haghaidh cistiú a dhéantar a athnuachan má dhéantar measúnú dearfach air tar éis próiseas faireacháin. Leis sin, ligtear d’eagraíochtaí taighde straitéisí taighde níos fadtéarmaí a fhorbairt agus tabhairt faoi ghealltanais inbhuanaithe i leith fostaithe, agus cistiú tionscadalbhunaithe á úsáid chun leanúint de chláir oibre nua a fhiosrú.

(24)Mar a dhearbhaítear in Airteagal 22 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, tá sé de cheart ag cách, mar bhall den tsochaí, cosaint shóisialta a bheith acu agus tá siad i dteideal na cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha atá fíor‑riachtanach don dínit agus d’fhorbairt shaor pearsantachta a fhíorú. Luaitear in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach mór an ráthaíocht maidir le cosaint shóisialta leordhóthanach a chur san áireamh agus beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais á sainiú agus á gcur chun feidhme. Luaitear i bPrionsabal 15 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag oibrithe agus ag daoine féinfhostaithe ar scor araon pinsean a fháil atá i gcomhréir lena ranníocaíochtaí agus ioncam leordhóthanach a áirithiú. Mar sin féin, bíonn deacrachtaí ag taighdeoirí soghluaiste pinsin fhorlíontacha leordhóthanacha a charnadh mar thoradh ar thréimhsí dílseacháin, ardtáillí aistrithe, litearthacht airgeadais theoranta agus ualach riaracháin ag aois scoir. Dá bhrí sin, ba cheart na coimircí atá bunaithe ar an Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le ‘Rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe’ 53 a áirithiú do thaighdeoirí.

(25)I daca le RESAVER, an institiúid uile-Eorpach a fhaigheann tacaíocht ón gCoimisiún a dhéileálann le soláthairtí pinsean ceirde d’eagraíochtaí a dhéanann taighde agus a bheidh ar cheann de na comhpháirteanna d’Ardán Tallainne LET atá ar na bacáin, tá an acmhainneacht iomlán ann chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cosanta sóisialta na dtaighdeoirí soghluaiste, ach cuirtear bac ar a ghlacadh mar gheall ar fheasacht theoranta agus constaicí substaintiúla riaracháin agus dlíthiúla. D’fhonn cearta pinsin ceirde taighdeoirí soghluaiste a chosaint, ba cheart faisnéis faoin gcaoi a bhféadfadh soghluaisteacht fhéideartha difear a dhéanamh do chearta pinsin a chur ar fáil, agus ba cheart rannpháirtíocht eagraíochtaí taighde in RESAVER a chur chun cinn.

(26)Tá soghluaisteacht idirearnálach, idirdhisciplíneach agus chothrom ó thaobh na geografaíochta fíor-riachtanach chun gairmeacha taighde san Aontas a dhéanamh níos éifeachtaí, níos inbhuanaithe agus níos tarraingtí. Leis an tsoghluaisteacht sin, éiríonn an córas foriomlán taighde agus nuálaíochta níos iomaíche, agus cothaíonn sé táirgeadh, cúrsaíocht agus úsáid eolais níos fearr. Ba cheart na cineálacha soghluaisteachta sin a chur chun cinn, a dhreasú agus a chomhtháthú go leordhóthanach i bhforbairt ghairmiúil na dtaighdeoirí, agus ba cheart gníomhaíocht a dhéanamh chun díothú bacainní de chineál ar bith a atá ann cheana a chur chun cinn, lena náirítear e.g. inaistritheacht theoranta deontas.

(27)Bheadh gá le hathrú cur chuige ón saol acadúil agus ó thaighdeoirí, lena measfaí gairmeacha taighde a bheith go hiomlán idir‑inoibritheach agus idirearnálach, lena ngabhfadh luach cothrom sa chóras luaíochta maidir le gairmeacha a dhéantar sna hearnálacha uile agus nach ndéanfaí soghluaisteacht gheografach, idirdhisciplíneach agus idirearnálach nó sosanna gairme a phionósú, lena n‑áirítear saoire shabóideach nó saoire tuismitheora, agus lena gcuirfeadh taighdeoirí gairmeacha sa saol acadúil agus lasmuigh de san áireamh gan idirdhealú.

(28)I gcásanna áirithe, tá oiliúint dochtúireachta dírithe go príomha ar ghairm sa saol acadúil amach anseo, agus ní chuirtear san áireamh go leordhóthanach leis an oiliúint sin an réimse leathan gairmeacha atá ábhartha do thaighdeoirí ar fud na nearnálacha, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le fiontraíocht taighdeoirí a chothú. Tá sé thar a bheith tábhachtach scileanna idirdhisciplíneacha a thabhairt do thaighdeoirí trí oiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, chomh maith le scileanna taighde láidre, le haghaidh deiseanna gairme, soghluaisteacht idirearnálach agus nuálaíocht níos fearr, agus chun gairmeacha taighde san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí. Thairis sin, bheadh sé tábhachtach go mbeadh tuiscint shoiléir ag taighdeoirí ar an bhfreagracht shochaíoch atá acu agus ar thionchar sochaíoch a dtaighde, lena n‑áirítear gnéithe a bhaineann leis an inbhuanaitheacht.

(29)Beidh ról lárnach ag an gCreat Eorpach Inniúlachta do Thaighdeoirí (ResearchComp) a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí i dtaca le tacar leathan scileanna idirdhisciplíneacha a thabhairt do thaighdeoirí agus an bhearna scileanna idir an saol acadúil agus gach earnáil ábhartha eile a dhúnadh. Ba cheart oiliúint dochtúireachta, agus deiseanna oiliúna spriocdhírithe, a fhorbairt de réir na ninniúlachtaí a dtugtar tuairisc orthu ann, lena náirítear bunaithe ar mhalartú dea-chleachtas, chun go bhféadfar taighdeoirí a uas-sciliú agus a athsciliú ó thaobh dearcadh fadsaoil de. Ba cheart sásraí leordhóthanacha aitheantais agus bailíochtaithe le haghaidh deiseanna oiliúna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla a áirithiú, lena n‑áirítear oiliúint le linn na hoibre.

(30)Chun a áirithiú go ndéanfar oiliúint taighdeoirí a fhorbairt nó a chomhfhorbairt ar bhonn riachtanais scileanna iarbhír, idirghníomhaíocht agus comhar idir an saol acadúil, gnó, riarachán poiblí, an earnáil neamhbhrabúis, agus gach gníomhaí ábhartha eile san éiceachóras, ba cheart í a chur chun cinn, lena náirítear mar shampla i ndáil le hintéirneachtaí, tréimhsí oiliúna nó scáthfhoghlaim.

(31)Tá sé ríthábhachtach meon fiontraíochta agus na hinniúlachtaí gaolmhara i dtaighdeoirí a chothú, lena náirítear inniúlachtaí chun infheisteoirí agus caipiteal a lorg, chun feabhas a chur ar luachshocrú eolais agus ar smaointe nuálacha a chlaochlú ina seirbhísí agus ina dtáirgí nua a bhfuil acmhainneacht níos airde iontu maidir le glacadh sa mhargadh, fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus sochair shochaíocha. Chun go néireoidh le conair fiontraíochta, ba cheart sócmhainní intleachtúla amhail foilseacháin, sonraí, fios gnó agus maoin intleachtúil a thuiscint go cuí agus a bhainistiú go héifeachtúil dá dtagraítear i Moladh 2008/416/CE ón gComhairle 54 .

(32)Le cúrsaíocht tallainne trasearnála, idir‑inoibritheacht fheabhsaithe post taighde agus nuálaíochta idir earnálacha, agus comhar neartaithe idir an saol acadúil agus saol an ghnó le haghaidh aistriú eolais agus tallainne araon, éilítear meascán de bhearta éagsúla agus de bhearta comhlántacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear athchóiriú córais. Le cur chuige beartais lena mbaineann foghlaim fhrithpháirteach ar bhonn samhlacha rathúla do scéimeanna soghluaisteachta idirearnálacha, is féidir rannchuidiú le (i) comhar idir lucht acadúil/neamhacadúil a neartú, agus éiceachórais nuálaíochta a threisiú, (ii) feabhas a chur ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil do thaighdeoirí, do nuálaithe, agus do dhaoine tréitheacha eile sa taighde agus sa nuálaíocht, lena náirítear uas-sciliú chun acmhainneacht tacaíochta a fhorbairt, agus (iii) borradh a chur faoi fhorbairt scileanna fiontraíochta do thaighdeoirí.

(33)Ba cheart taighdeoirí a chur ar an eolas faoina ríthábhachtaí atá ceapadh beartais agus bearta beartais i réimse an taighde, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar ghairmeacha taighde foriomlána agus ar an gcóras taighde agus nuálaíochta. Bheadh sé tábhachtach go náireofaí an tuiscint sin san oiliúint dochtúireachta agus go gcothófaí í, d’fhonn níos mó rannpháirtíochta ag taighdeoirí a áirithiú i ngníomhaíochtaí ceaptha beartais a bhaineann leis an réimse taighde.

(34)Ba cheart taighdeoirí, go háirithe taighdeoirí luathghairme, a chur ar an eolas faoi na hionchais atá ar fáil i ngach earnáil agus faoin bhféidearthacht na deiseanna sin a shaothrú chun a speictream forbartha pearsanta agus gairmiúla a leathnú. Tá ról tábhachtach ag seirbhísí comhairleachta agus tacaíochta gairme, atá saincheaptha do riachtanais na dtaighdeoirí, chun soghluaisteacht idirearnálach, idirdhisciplíneach, gheografach agus fhíorúil a spreagadh, agus maidir leis an bhféidearthacht gníomhaíochtaí fiontraíochta a fhorbairt. Ba cheart soghluaisteacht idirinstitiúideach a chur chun cinn, go háirithe idir próifílí éagsúla institiúidí ardoideachais agus taighde agus feadh conairí acadúla éagsúla agus solúbtha, lena náirítear trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní a bhaineann leis na hinniúlachtaí a forbraíodh san institiúid roimhe sin, agus leis na bacainní a éilítear sa cheann nua.

(35)Le measúnú taighde, ba cheart go mbeifí in ann meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht taighdeoirí agus taighde chun an cháilíocht agus an tionchar is airde a bhaint amach. Mar a léiríodh i nglao Pháras 2022 maidir le measúnú taighde, sa tuarascáil scóipe ‘I dtreo athchóiriú ar an gcóras measúnaithe taighde’ a d’fhoilsigh an Coimisiún in 2021 agus bunaithe ar chomhairliúchán leathan leis na páirtithe leasmhara, sna Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Measúnú taighde agus cur chun feidhme na hEolaíochta Oscailte’ an 10 Meitheamh 2022 55 , agus sa Chomhaontú maidir le Measúnú Taighde a Athchóiriú a foilsíodh i mí Iúil 2022, chun meastóireacht chuí a dhéanamh ar fheidhmíocht, ní mór aitheantas a thabhairt d’aschuir, gníomhaíochtaí agus cleachtais taighde atá ag éirí níos éagsúla, lena náirítear comhar agus comhroinnt oscailte aschur, agus lena náirithítear ardchaighdeáin sláine taighde. Ba cheart, dá bhrí sin, measúnú ar thaighdeoirí a aistriú go cur chuige níos cothroime idir meastóireacht chainníochtúil agus meastóireacht cháilíochtúil ar thaighde, trí mheasúnú cáilíochtúil le hathbhreithniú piaraí a roghnú, agus úsáid fhreagrach táscairí cainníochtúla mar thaca leis sin.

(36)Leis an measúnú ar thaighdeoirí ba cheart cothromaíocht idir aitheantas agus luaíocht do ghairmeacha taighdeoirí a chur chun cinn, gan beann ar earnáil na fostaíochta nó na gníomhaíochta, agus ba cheart dó a bheith bunaithe ar chur chuige neamhchlaonta bunaithe ar thallann. Ní mór aitheantas iomlán agus breithniú iomlán a thabhairt ar chonair ghairme iolrach, arb é is príomhthréith di soghluaisteacht gheografach, earnálach agus idir-eagraíochta, nó ar chonairí hibrideacha arb é is príomhthréith dóibh an cumasc comhuaineach d’earnálacha, agus é sin ar aon dul le conair ghairme líneach.

(37)Chun gairmeacha sa saol acadúil a athneartú, tá gá le poist ‘suas go dtí an barr’ agus córas aontachais agus dul chun cinn trédhearcach, struchtúrtha, cuimsitheach agus comhionann ó thaobh na hinscne de. D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh chun na críche sin ar leibhéal na mBallstát agus na neagraíochtaí déanta taighde ar chórais atá cosúil le conair na tionachta, atá le ceapadh mar chonradh ar théarma seasta lena ngabhfadh dul chun cinn chuig post buan faoi réir meastóireacht dhearfach.

(38)D’ainneoin iarrachtaí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, tá saincheist na himirce tallainne ó réigiúin bheagfhorbartha san Aontas fós ann, mar a léiríodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Leas a bhaint as tallann i réigiúin na hEorpa’ 56 , agus tá gá le bearta breise chun soghluaisteacht gheografach níos cothroime a bhaint amach do thaighdeoirí. Léiríonn anailísí 2021-2022 an Choimisiúin maidir le cúrsaíocht tallainne rannchuidiú dearfach na ngníomhaíochtaí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais chun cúrsaíocht tallainne níos cothroime a spreagadh, ach ina theannta sin, sainaithnítear iontu dúshláin leanúnacha agus soláthraítear leo bealaí le haghaidh inimirce daoine oilte. Sa chomhthéacs sin, tá ról an-tábhachtach ag timpeallachtaí taighde den scoth, ag dálaí oibre tarraingteacha agus ag luach saothair atá i gcomhréir le cáilíochtaí gairmiúla agus leis na gníomhaíochtaí a dhéantar, ach is minic a bhíonn gá le hathchóiriú ar na córais náisiúnta taighde agus nuálaíochta. Ba cheart cur chuige beartais, arb é is aidhm dó tacaíocht a thabhairt do chlaochluithe córais den sórt sin agus iad a dhreasú, a shaothrú, lena náirítear cleachtaí foghlama frithpháirtí ar bhonn conairí rathúla lenar féidir cúrsaíocht tallann níos cothroime a bhunú sna Ballstáit.

(39)I dtaca le EURAXESS, tionscnamh uathúil uile-Eorpach lena gcuirtear faisnéis agus seirbhísí tacaíochta saor in aisce ar fáil do thaighdeoirí agus dá dteaghlaigh, is é is príomhchuspóir dó tacú le soghluaisteacht agus forbairt gairme taighdeoirí, agus píblíne tallann inbhuanaithe a áirithiú do réimse an taighde agus na nuálaíochta agus an comhar eolaíoch idir an tAontas agus an domhan a fheabhsú. Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don chuspóir sin, ba cheart do EURAXESS a fhaisnéis a leathnú, ar faisnéis í lena soláthraítear agus lena dtacaítear le gníomhaíochtaí do thaighdeoirí agus d’institiúidí ardoideachais agus taighde, le struchtúr barrfheabhsaithe seirbhísí agus rialachais, le heispéireas feabhsaithe digiteach agus úsáideoirí agus le hidir-inoibritheacht le tionscnaimh eile de chuid an Aontais amhail Europass agus EURES. Thairbheodh éifeachtacht agus comhleanúnachas thairseacha faisnéise agus sheirbhísí EURAXESS d’acmhainní airgeadais agus d’acmhainní daonna neartaithe na neagraíochtaí náisiúnta cinn droichid, go háirithe i ndáil le cur chun feidhme tionscnamh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, lena ngiarálfar an bonn saineolais agus dáileadh na gcúraimí i measc eintitis EURAXESS ar an leibhéal náisiúnta agus faireachán á dhéanamh ar fheidhmíocht agus torthaí á dtomhas san am céanna.

(40)Chun go bhfanfaidh an tAontas iomaíoch ar fud an domhain, ní mór dó a bheith níos tarraingtí do dhaoine tréitheacha ó gach cearn den domhan. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach’, a glacadh an 27 Aibreán 2022 57 cuirtear i dtábhacht gur gá don Aontas feabhas a chur ar a tharraingtí atá sé do thallann dhomhanda, go háirithe tríd an nuálaíocht agus tríd an bhfiontraíocht a chur chun cinn san Aontas agus trí fhéachaint ar bhealaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le himirce dhleathach chuig an Aontas sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Ba chéim thábhachtach é an tathbhreithniú ar Threoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 chun tarraingteacht an Aontais a fheabhsú ionas gur féidir le himircigh ardcháilithe tairbhiú de chearta feabhsaithe chomh maith le nósanna imeachta níos tapúla agus cuíchóirithe. Le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 , rannchuidítear freisin leis na cuspóirí sin trína dhéanamh níos éasca agus níos tarraingtí do mhic léinn agus do thaighdeoirí teacht chuig an Aontas Eorpach agus, an tráth céanna, cúrsaíocht eolais agus scileanna a chur chun cinn trí chearta feabhsaithe soghluaisteachta laistigh den Aontas.

(41)Ní mór an Chairt agus an Cód do Thaighdeoirí a athbhreithniú chun freagairt don réaltacht nua agus do na dúshláin reatha atá roimh thaighdeoirí agus institiúidí, lena n‑áirítear comhionannas inscne agus cuimsitheacht a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, chomh maith le cleachtais Eolaíochta Oscailte. Ba cheart an leagan nua a chuíchóiriú chun a chur chun feidhme a shimpliú agus ba cheart a ghlacadh lasmuigh den earnáil acadúil a chur chun cinn. Leis an athbhreithniú, níor cheart dochar a dhéanamh do na hinstitiúidí a d’fhormhuinigh prionsabail na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí atá ann cheana. Ba cheart a mheas go leanann siad de bheith ag formhuiniú na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí sa leagan nua. Ba cheart feidhm a bheith aige sin go háirithe maidir leis na hinstitiúidí atá i bpróiseas HRS4R, arb é formhuiniú na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí an chéad chéim.

(42)Tá gá le faireachlann maidir le gairmeacha taighde, ina gcomhcheanglófar in aon áit amháin na sonraí is fearr de shonraí an Aontais atá ann faoi láthair, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme beart chun gairmeacha taighde agus athchóirithe córais a neartú. Ba cheart di tacú le riachtanais sonraí na mBallstát agus na neagraíochtaí a dhéanann taighde atá ábhartha chun beartais le haghaidh gairmeacha taighde a oiriúnú a fhorbairt. Ba cheart di tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí chun go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar dhúshláin agus ar dheiseanna agus tarraingteacht eagraíochtaí na hEorpa a dhéanann taighde a chur chun cinn le haghaidh na ndaoine tréitheacha is fearr. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar naisc ábhartha leis an bhFaireachlann Eorpach um Earnáil an Ardoideachais a mholtar sa Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna. D’fhéadfaí sonraí arna mbailiú i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 a oiriúnú chun freagairt do riachtanais úsáideoirí na bhfaireachlann um ghairmeacha taighde.

(43)Ionas go mbeidh rath ar an gcreat Eorpach chun tallanna taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip, tá gá le gealltanas ó na Ballstáit agus ó na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Go háirithe, maidir le comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais, amhail na cinn a bunaíodh faoi Thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha agus a fhaigheann tacaíocht ó Chlár Erasmus+ agus ó na Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, chomh maith leis an earnáil ardoideachais i gcoitinne agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile, d’fhéadfaí iad a spreagadh ar bhonn deonach agus de réir cur chuige ó bhun aníos, chun cur le cur chun feidhme leathan an chreata trí ghníomhachtaí ábhartha a phíolótú.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH: 

Sainmhíniú ar thaighdeoirí sa Limistéar Eorpach Taighde, agus ar na gairmeacha taighde

1.Chun críocha an Mholta seo:

Ciallaíonn ‘taighdeoirí’ gairmithe atá ag gabháil d’eolas nua a cheapadh nó a chruthú. Déanann siad taighde agus déanann siad coincheapa, teoiricí, samhaltacha, ionstraimiú teicnící, bogearraí nó modhanna oibríochtúla a fheabhsú nó a fhorbairt. Féadfaidh taighdeoirí a bheith páirteach, go hiomlán nó go páirteach, i gcineálacha éagsúla gníomhaíochtaí (mar shampla taighde bunúsach nó taighde feidhmeach, forbairt thurgnamhach, oibriú trealaimh taighde, bainistíocht tionscadal) in aon earnáil den gheilleagar nó den tsochaí. Sainaithníonn taighdeoirí roghanna le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus forbartha nua, agus déanann siad pleananna ina leith agus bainistíonn siad iad trí úsáid a bhaint as scileanna agus eolas ardleibhéil a fhorbraítear trí oideachas agus oiliúint fhoirmiúil nó trí thaithí phraiticiúil ar thaighde a dhéanamh.

2.Is féidir na gairmeacha taighde a dhéanamh, le luach cothrom, i ngach earnáil a dhéanann taighde agus nuálaíocht, lena náirítear an saol acadúil, gnó, saotharlanna rialtais agus an riarachán poiblí, agus an earnáil neamhbhrabúis, inar féidir le scileanna, eolas agus dearcthaí taighdeoirí dul chun tairbhe do shochaí na hEorpa, don chóras taighde agus nuálaíochta, agus don gheilleagar.

3.Áirítear ar ghairmeacha taighde gairmeacha i mbainistíocht taighde, gairm a fhéadann taighdeoirí agus gairmithe eile a dhéanamh chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhainistiú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Féadfaidh aon cheann de na cúraimí neamh-uileghabhálacha seo a leanas a bheith i gceist leo:

(a)pleanáil, forbairt, bainistiú, riar, cumarsáid agus luachshocrú taighde agus nuálaíochta a chuíchóiriú nó a éascú;

(b)comhlíonadh cuspóirí beartais, riachtanas clár cistiúcháin, rialacha airgeadais agus rialachán dlí a áirithiú;

(c)éifeachtúlacht agus éifeachtacht tionscadal/córas taighde agus nuálaíochta a fheabhsú;

(d)tionchar an taighde agus na nuálaíochta ar an tsochaí a fheabhsú.

4.Ba cheart na taighdeoirí uile, gan beann ar a stádas agus ar a nearnáil fostaíochta iarbhír, ar taighdeoirí iad a dhéanann gníomhaíocht taighde, a aicmiú de réir na bpróifílí seo a leanas:

(a)R1 - Taighdeoir na Chéad Chéime: Taighdeoirí a dhéanann taighde faoi mhaoirseacht suas go dtí PhD nó leibhéal coibhéiseach inniúlachta agus taithí.

(b)R2 - Taighdeoir Aitheanta: Taighdeoirí ag a bhfuil PhD nó leibhéal coibhéiseach inniúlachta agus taithí nach bhfuil go hiomlán neamhspleách fós i ndáil leis an gcumas atá acu a gcuid taighde féin a fhorbairt, cistiú a mhealladh nó grúpa taighde a stiúradh.

(c)R3 - Taighdeoir Bunaithe: Taighdeoirí ag a bhfuil PhD nó leibhéal coibhéiseach inniúlachta agus taithí a bhfuil leibhéal neamhspleáchais bainte amach acu i ndáil leis an gcumas atá acu a gcuid taighde féin a fhorbairt, cistiú a mhealladh nó grúpa taighde a stiúradh.

(d)R4 - Príomhthaighdeoir: Taighdeoirí ag a bhfuil PhD nó leibhéal coibhéiseach inniúlachta agus taithí a aithnítear i measc a bpiaraí mar dhuine atá ar thús cadhnaíochta ina réimse taighde.

5.Chun críocha an Mholta seo, ba cheart próifílí R1 agus R2 a mheas mar thaighdeoirí luathghairme, agus ba cheart próifílí R3 agus R4 a mheas mar thaighdeoirí sinsearacha.

Moltar do na Ballstáit úsáid na dtagairtí do na próifílí a spreagadh sna folúntais uile atá dírithe go sonrach ar thaighdeoirí.

Seachas Taighdeoir na Chéad Chéime, níor cheart na próifílí a mheas mar chéimeanna ar chonair ghairme inar féidir dul chun cinn a dhéanamh.

Leagtar amach liosta neamh-uileghabhálach de shamplaí in Iarscríbhinn I.

Aitheantas gairmeacha taighde, agus idir‑inoibritheacht agus inchomparáideacht gairmeacha taighde

6.Moltar do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar aitheantas iomlán do na gairmeacha taighde, chun meas agus luaíocht chothrom i ndáil leis na conairí éagsúla gairmeacha taighde a chur chun cinn gan beann ar earnáil na fostaíochta nó na gníomhaíochta, agus bearta a dhéanamh chun idir‑inoibritheacht agus inchomparáideacht iomlán gairmeacha taighde a cheadú ar fud na mBallstát, na n‑earnálacha agus na n‑institiúidí.

7.Ba cheart gairmeacha bainistíochta taighde a leagan amach agus a aithint go leordhóthanach ar leibhéal an Aontais chun a nacmhainneacht a neartú, oiliúint ábhartha a fhorbairt agus inchomparáideacht a chothú.

8.Maidir le conairí neamhlíneacha agus ilghairme, atá beartaithe mar chonairí arb é is saintréith dóibh soghluaisteacht gheografach, dhisciplíneach, idirearnálach agus idir‑eagraíochta, nó conairí hibrideacha lena gcomhcheanglaítear earnálacha éagsúla go comhuaineach, ba cheart do na Ballstáit iad a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh, agus ba cheart iad a aithint ar aon dul le conair ghairme líneach lena ngabhann iliomad torthaí gairmiúla. Ba cheart an córas luaíochta a oiriúnú dá réir.

9.Moltar do na Ballstáit leaganacha agus nuashonruithe nua ar an Aicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha a chur chun feidhme, agus aird shonrach á tabhairt ar ghairmeacha beatha agus scileanna taighdeoirí.

10.Moltar do na Ballstáit oifigí acmhainní daonna i ngach earnáil a spreagadh chun struchtúir ghairme do thaighdeoirí a mhapáil de réir na bpróifílí dá dtagraítear i bpointe 4 den Mholadh seo.

Earcaíocht agus dálaí oibre

11.Moltar do na Ballstáit nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta taighdeoirí, atá oscailte, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas a chur chun cinn agus tacú leo, gan pionós a ghearradh ar shosanna gairme ná ar shoghluaisteacht idirearnálacha.

12.Moltar do na Ballstáit a áirithiú go nurramófar comhaontuithe comhchoiteanna agus idirphlé sóisialta éifeachtach, agus go ndéanfar gach beart is gá ionas go ráthóidh fostóirí agus/nó cisteoirí taighdeoirí dálaí tarraingteacha iomaíocha taighde agus oibre, ina dtabharfar luach, spreagadh agus tacaíocht do thaighdeoirí ag gach céim den ghairm agus gan beann ar chineál a gconartha, is é sin conradh buan nó conradh ar théarma seasta. Ba cheart a áirithiú leis sin:

(a)luach saothair comhréireach, cothromaíocht oibre is saoil agus dálaí solúbthachta oibre a ráthú chun an saol pearsanta, an teaghlach, leanaí agus gairmeacha a chomhcheangal, agus an fholláine fhoriomlán a ráthú, gan dochar do ghairmeacha;

(b)comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus cuimsitheacht a áirithiú do thaighdeoirí ó gach cúlra lena náirítear grúpaí atá faoi ghannionadaíocht agus imeallaithe, agus úsáid na nionstraimí um athrú institiúideach a chur chun cinn i measc eagraíochtaí a dhéanann taighde agus eagraíochtaí cistiúcháin, amhail pleananna cuimsitheacha um comhionannas inscne atá oscailte do thrasnuithe idir inscne agus catagóirí sóisialta eile, i gcomhréir leis an gcreat nua don Limistéar Eorpach Taighde agus leis an Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna;

(c)saoirse an taighde eolaíoch a chosaint ar aon teorannú nó cur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann, lena náirítear ó ghníomhaithe eachtracha;

(d)tacaíocht thiomnaithe a thairiscint do thaighdeoirí ar an leibhéal institiúideach i ndáil le dualgais riaracháin a chomhlíonadh;

(e)gníomhaíochtaí daingne a dhéanamh chun cur i gcoinne fheiniméan na neamhchinnteachta agus chun tacú le slándáil post agus le cobhsaíocht. Ba cheart go náireofaí leis sin uastréimhse iomlán na gceapachán ar théarma seasta, agus uastairseach d’aon trian de chonarthaí ar théarma seasta a dhreasú in acmhainní daonna foriomlána na dtaighdeoirí atá ag fostóir ar leith. Moltar tairseach níos ísle mar sprioc d’fhostóirí atá faoin tairseach d’aon trian cheana féin tráth ghlacadh an Mholta seo. Nuair a bhíonn cúraimí taighde buana nó fadtéarmacha nó cúraimí taighde athfhillteacha á gcomhlíonadh, is iad na conarthaí buana nó na conarthaí neamhiata an ionstraim iomchuí;

(f)úsáid níos leithne de chistiú bonnlíne nó de chistiú taighde saolré a chur chun cinn in éineacht le cistiú tionscadalbhunaithe, ionas go mbeidh eagraíochtaí taighde in ann straitéisí taighde níos fadtéarmaí a fhorbairt agus tabhairt faoi ghealltanais inbhuanaithe i leith fostaithe;

(g)rochtain ar chosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú gan beann ar chineál na fostaíochta (e.g. conradh buan, neamhiata, téarma seasta nó deontasbhunaithe), gan dochar do cheart na mBallstát prionsabail bhunúsacha a gcóras slándála sóisialta a shainiú. Ba cheart do na bearta sin a bheith bainteach leis na réimsí seo a leanas, a mhéid a sholáthraítear iad sna Ballstáit:

(1)sochair dhífhostaíochta;

(2)sochair bhreoiteachta agus cúram sláinte;

(3)saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire tuismitheora, agus sochair ghaolmhara;

(4)sochair easláine;

(5)sochair seanaoise agus sochair mharthanóra;

(6)sochair i leith tionóiscí ag an obair agus galar ceirde.

13.Moltar do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag taighdeoirí ar fhaisnéis atá cothrom le dáta, cuimsitheach, soláimhsithe agus sothuigthe maidir lena gcearta agus lena noibleagáidí cosanta sóisialta, agus chun a áirithiú go gcaomhnófar agus go gcarnfar teidlíochtaí — cibé acu a fhaightear iad trí scéimeanna sainordaitheacha nó deonacha — agus go mbeidh siad inaistrithe thar gach cineál stádas fostaíochta agus féinfhostaíochta agus thar theorainneacha geografacha, earnálacha eacnamaíocha, ar feadh shaol oibre an duine agus idir scéimeanna éagsúla laistigh de bhrainse cosanta sóisialta ar leith.

14.Maidir leis na Ballstáit arb é is aidhm dóibh coigilteas i scéimeanna forlíontacha lena ngabhann ranníocaíochtaí sainithe a fheabhsú, moltar dóibh úsáid na réiteach a sholáthraítear le ciste pinsin RESAVER a chur chun cinn, lena ráthaítear nach mbeidh tréimhse dílseacháin ná táillí aistrithe sócmhainní ann.

15.Moltar do na Ballstáit bearta sonracha a ráthú chun tacú le taighdeoirí luathghairme, a chomhfhreagraíonn do phróifílí R1 agus R2 dá dtagraítear i bpointe 4 den Mholadh seo. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna bearta sin:

(a)dálaí oibre, ioncam agus cearta cosanta sóisialta is infheidhme maidir le taighdeoirí ag céimeanna gairme eile a sholáthar d’iarrthóirí dochtúireachta;

(b)úsáid na ndreasachtaí do thaighdeoirí luathghairme a chur chun cinn agus tacú leo, lena náirítear dreasachtaí airgeadais agus cosanta sóisialta;

(c)úsáid na ndreasachtaí d’earcaíocht taighdeoirí luathghairme ag fostóirí sna hearnálacha uile a chur chun cinn agus tacú leo, go háirithe conarthaí buana nó conarthaí neamhiata;

(d)soghluaisteacht idirinstitiúideach, idirearnálach, idirdhisciplíneach agus gheografach a chur chun cinn agus a luacháil, lena náirítear soghluaisteacht fhíorúil;

(e)comhar a chur chun cinn idir institiúidí ardoideachais, cisteoirí taighde agus gníomhaithe ábhartha eile san éiceachóras, go háirithe an tionscal agus gnólachtaí eile, maidir le riachtanais scileanna agus soláthar scileanna, ionas go gcothófar earcú taighdeoirí ardoilte agus sainoilte sna hearnálacha lena mbaineann.

Taighdeoirí a bhfuil na scileanna acu do ghairmeacha idirearnálacha agus idirdhisciplíneacha agus don fhiontraíocht agus don nuálaíocht

16.Moltar do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a spreagadh go ndéanfar an oiliúint dochtúireachta a oiriúnú do ghairmeacha idir-inoibritheacha i ngach earnáil ábhartha agus do chleachtas na hEolaíochta Oscailte, lena náirítear trí úsáid a bhaint as an gCreat Eorpach Inniúlachta do Thaighdeoirí (ResearchComp), as na Prionsabail um Oiliúint Nuálach Dochtúireachta, agus as aon tionscnaimh eile a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo chun scileanna idirdhisciplíneacha taighdeoirí a neartú.

17.Moltar don Choimisiún beart a dhéanamh chun tacú le húsáid an Chreata Eorpaigh Inniúlachta do Thaighdeoirí (ResearchComp) agus an úsáid sin a éascú, malartú dea‑chleachtas a chur chun cinn, agus breithniú a dhéanamh ar athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an gCreat Inniúlachta i gcás inar gá ar bhonn fhorbairt an chórais taighde agus nuálaíochta agus an mhargaidh saothair.

18.Moltar do na Ballstáit aird shonrach a thabhairt ar scéimeanna arb é is aidhm dóibh na scileanna a theastaíonn ó thaighdeoirí go luath ina ngairmeacha a neartú chun bheith páirteach i ngníomhaíochtaí luachshocraithe eolais. Ba cheart a áireamh ar na scéimeanna sin gníomhaíochtaí agus oiliúint múscailte feasachta maidir le hábhair ábhartha, lena n‑áirítear bainistíocht sócmhainní intleachtúla, caighdeánú, comhar idir an tionscal agus an saol acadúil agus rannpháirtíocht leis an tsochaí.

19.Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún idirghníomhaíocht agus comhar a spreagadh, lena n‑áirítear comhpháirtíochtaí idir an saol acadúil, an tionscal, gnólachtaí eile, riarachán poiblí, an earnáil neamhbhrabúis, agus gníomhaithe ábhartha uile eile an éiceachórais, agus a áirithiú go ndéantar oiliúint dochtúireachta agus oiliúint spriocdhírithe a fhorbairt nó a chomhfhorbairt ar bhonn riachtanais scileanna iarbhír na bpáirtithe lena mbaineann, lena n‑áirítear forbairt a dhéanamh ar shamplaí de dhea‑chleachtais a chuirtear chun feidhme faoi chláir atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát.

Ba cheart tacú leis an idirghníomhaíocht agus leis an gcomhar sin go háirithe i réimsí ina bhfuil gá le scileanna sonracha chun oibriú le bonneagair thaighde agus theicneolaíochta úrscothacha.

20.Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún gníomhaíocht a dhéanamh chun meon na nuálaíochta agus na fiontraíochta a chothú i dtaighdeoirí, lena náirítear na scileanna is gá chun infheistíocht a lorg, agus é de chuspóir acu deis a thabhairt dóibh siúd a thugann faoi ghairm na fiontraíochta a gcumais táirgthe eolais a nascadh le hoilteacht sa luachshocrú eolais, agus smaointe nuálacha a iompú ina ngnó agus nuálaíocht agus dul chun cinn a chothú.

Ba cheart béim ar leith a leagan ar fhiontraíocht agus ar nuálaíocht na mban a chur chun cinn, agus ar chruthú seach-chuideachtaí ollscoile faoi stiúir ban.

Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhearta chun na rioscaí a bhaineann le taighdeoirí atá i mbun gairm fiontraíochta a mhaolú, lena n‑áirítear tríd an bhféidearthacht filleadh ar an gconair ghairme a bhí acu roimhe sin.

21.Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún gníomhaíocht a dhéanamh chun tacú le forbairt agus soláthar oiliúna spriocdhírithe, lena náirítear oiliúint as a dtiocfaidh micridhintiúir 61 agus le tacaíocht ó Chuntais Foghlama Aonair 62 , i gcás ina mbeidh fáil orthu, chun deiseanna uas-scilithe agus athscilithe a áirithiú do thaighdeoirí ó thaobh dearcadh fadsaoil de agus chun soghluaisteacht idirearnálach agus idirdhisciplíneach a chothú. Moltar freisin do na Ballstáit agus don Choimisiún gach beart is gá a dhéanamh chun nós imeachta bailíochtaithe atá cothrom agus trédhearcach a áirithiú, bunaithe ar chritéir chomhchuibhithe, maidir le deiseanna oiliúna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, lena náirítear oiliúint sa láthair oibre.

22.Moltar don Choimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh i gcomhthéacs tionscnaimh a fhorbairt lena gcothófar cúrsaíocht trasearnála tallann:

(a)tacú le foghlaim fhrithpháirteach do na Ballstáit ar bhonn samhlacha de scéimeanna soghluaisteachta idirearnálacha arna mbunú ag an gCoimisiún, i dtrí réimse tosaíochta:

(1)comhar acadúil agus neamhacadúil a neartú;

(2)oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú do thaighdeoirí, do nuálaithe, agus do dhaoine tréitheacha eile sa taighde agus sa nuálaíocht;

(3)borradh a chur faoi fhiontraíocht taighdeoirí.

(b)comhpháirteanna den tsoghluaisteacht idirearnálach a threisiú sna hionstraimí atá ann cheana maidir le soghluaisteacht taighdeoirí, agus iad a chomhlánú le hionstraimí nua, i gcás ina meastar gur gá sin;

(c)feasacht a chruthú maidir le scéimeanna soghluaisteachta idirearnálacha, trí bhrainse d’Ardán Tallainne LET dá dtagraítear i bpointe 32 den Mholadh seo.

23.Moltar do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar scéimeanna náisiúnta a bhunú lena gcuirfear soghluaisteacht idirearnálach chun cinn i gceann amháin nó níos mó de na trí réimse tosaíochta dá dtagraítear i bpointe 22 den Mholadh seo.

24.Moltar do na Ballstáit gach iarracht is gá a dhéanamh chun díothú na mbacainní struchtúracha agus riaracháin atá ann cheana a chur chun cinn, ar bacainní iad a d’fhéadfadh bac a chur ar an tsoghluaisteacht idir earnálacha nó a d’fhéadfadh deacracht a chur leis an tsoghluaisteacht sin, lena náirítear trí thacú le hidir-inoibritheacht gairmeacha idir earnálacha, agus trí shoghluaisteacht shealadach nó bhuan a éascú.

Forbairt agus dul chun cinn gairme

25.Moltar do na Ballstáit tacú le haitheantas a thabhairt don luach a bhaineann le soghluaisteacht gheografach, idirearnálach, idirinstitiúideach, idirdhisciplíneach agus fhíorúil mar mhodhanna tábhachtacha chun eolas eolaíoch agus forbairt ghairmiúil a fheabhsú ag céim ar bith de ghairm an taighdeora.

26.Moltar do na Ballstáit bearta a chur chun cinn lena gcuirfear taighdeoirí, go háirithe taighdeoirí luathghairme, ar an eolas faoi na deiseanna atá ar fáil i ngach earnáil ábhartha agus chun cultúr d’éagsúlú gairmeacha a chur chun cinn le haghaidh forbairt phearsanta agus ghairmiúil níos fearr. I ndáil leis an méid sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún tacú le soláthar seirbhísí comhairleacha agus tacaíochta gairme chun soghluaisteacht idirearnálach, idirdhisciplíneach agus gheografach a spreagadh, chomh maith le gníomhaíochtaí fiontraíochta a chruthú agus a fhorbairt.

27.Moltar do na Ballstáit córais le haghaidh mheasúnú agus luaíocht taighdeoirí a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh, ar córais iad:

(a)atá bunaithe ar bhreithiúnas cáilíochtúil a sholáthraíonn piaraí, le tacaíocht ó úsáid fhreagrach táscairí cainníochtúla;

(b)lena dtugtar luach saothair don cháilíocht agus do na tionchair éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ag a gcuid taighde ar an tsochaí, an eolaíocht agus an nuálaíocht;

(c)lena sainaithnítear éagsúlacht aschur (inter alia foilseacháin, tacair sonraí, bogearraí, modheolaíochtaí, prótacail, paitinní), gníomhaíochtaí (inter alia meantóireacht, maoirseacht taighde, róil cheannaireachta, fiontraíocht, bainistiú sonraí, athbhreithniú piaraí, teagasc, luachshocrú eolais, comhar idir an tionscal agus an saol acadúil, tacaíocht do cheapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise, idirghníomhaíocht leis an tsochaí) agus cleachtais (inter alia comhroinnt luath eolais agus sonraí, comhar oscailte), chomh maith le gach taithí soghluaisteachta dá dtagraítear i bpointe 25 den Mholadh seo;

(d)lena n‑áirithítear go gcomhlíonann gníomhaíocht ghairmiúil an taighdeora ardchaighdeáin eitice agus sláine, go dtugann sí luach saothair do dhéanamh iomchuí taighde agus go gcuireann sí luach ar dhea‑chleachtais, go háirithe cleachtais oscailte le haghaidh torthaí agus modheolaíochtaí taighde a chomhroinnt, aon uair is féidir;

(e)lena n‑úsáidtear critéir agus próisis mheasúnaithe lena nurramaítear éagsúlacht na ndisciplíní taighde agus na gcomhthéacsanna náisiúnta;

(f)lena dtacaítear le héagsúlacht próifílí taighdeoirí agus conairí gairme, agus lena gcuirtear luach ar rannchuidithe daoine aonair, ach freisin ar ról na bhfoirne, ar an obair chomhoibríoch, agus ar an trasdisciplíneacht;

(g)lena n‑áirithítear an comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus cuimsitheacht.

Chun comhleanúnachas a áirithiú i ndáil le cur chun feidhme na moltaí seo, moltar do na Ballstáit oiliúint leanúnach a chothú do na gníomhaithe atá páirteach sa phróiseas measúnaithe agus luaíochta.

28.Iarrtar ar na Ballstáit eagraíochtaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna comhghuaillíochtaí, sna comhaontais nó sna tionscnaimh a bhunaítear chun córais mheasúnaithe a fhorbairt i gcomhréir leis na moltaí a liostaítear i bpointe 27 den Mholadh seo. Moltar do na Ballstáit freisin aghaidh a thabhairt ar bhacainní náisiúnta ar an bhforbairt sin ar mheasúnú taighde agus cúnamh a thabhairt chun aon chontrárthacht nó aon neamh-chomhoiriúnacht a d’fhéadfadh a bheith i gcur i bhfeidhm na moltaí a liostaítear i bpointe 27 den Mholadh seo a chosc, idir an measúnú ar thaighde, ar thaighdeoirí agus ar institiúidí taighde.

29.Moltar do na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun córas aontachais agus dul chun cinn atá cóir, cothrom, cuimsitheach, trédhearcach, struchtúrtha agus cothrom ó thaobh inscne de a áirithiú do thaighdeoirí sa saol acadúil, suas go dtí na poist is fearr. I ndáil leis an méid sin, moltar do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chóras le haghaidh chonair na tionachta a ghlacadh, atá le ceapadh mar chonradh ar théarma seasta lena ngabhfadh dul chun cinn chuig post buan, faoi réir meastóireacht dhearfach.

Cúrsaíocht chothrom na dtallann agus ceann scríbe tarraingteach a dhéanamh den Aontas

30.Moltar do na Ballstáit gníomhaíocht dhaingean a dhéanamh chun dálaí fabhracha, tarraingteacha agus iomaíocha a chur i bhfeidhm chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanamh, agus chun taighdeoirí atá ag gabháil d’eispéiris ar an gcoigríoch a thabhairt ar ais chuig a dtír bhaile. D’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a)dreasachtaí chun gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh níos tarraingtí, agus an gá le hiomaíocht chóir do dhaoine tréitheacha á chur san áireamh;

(b)simpliú na gceanglas dlíthiúil agus riaracháin do thaighdeoirí;

(c)infheistíochtaí sa chóras taighde agus nuálaíochta, lena náirítear tacaíocht do líonrú laistigh den Aontas agus lasmuigh de, chun na córais náisiúnta taighde agus nuálaíochta a nascadh agus a chomhtháthú le líonraí taighde Eorpacha agus chun infheictheacht níos airde ar chumais náisiúnta agus ar bhonneagair ardleibhéil a sholáthar;

(d)malartú dea-chleachtas i ndáil le timpeallacht taighde agus nuálaíochta atá tarraingteach agus iomaíoch a chruthú, lena náirítear maidir le luach saothair, dálaí oibre agus seirbhísí a fheabhsú, agus bacainní riaracháin agus teanga do thaighdeoirí eachtracha agus idirnáisiúnta a laghdú;

(e)deontais fillte agus poist tharraingteacha do thaighdeoirí atá ag filleadh;

(f)an fhéidearthacht dhá phost a bheith acu in institiúidí atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, agus ar an gcaoi sin aistriú eolais agus comhar a chothú agus imirce daoine tréitheacha a chosc.

Moltar don Choimisiún tacú leis na Ballstáit ina gcuid iarrachtaí, lena n‑áirítear trí shineirgí a chur chun cinn idir cláir an Aontais, agus cláir an Aontais agus cláir náisiúnta.

31.Moltar don Choimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh chun cúrsaíocht tallann níos cothroime a chothú:

(a)tacú le foghlaim fhrithpháirteach do na Ballstáit i bhfianaise an athchóirithe ar a gcórais taighde agus nuálaíochta, lena náirítear trí ghlaonna ar léiriú spéise chun pobal cleachtais a chruthú ina mbeidh oiliúint agus treoir do na Ballstáit ar bhonn conairí agus réitigh rathúla lena gcumasófar cúrsaíocht tallainne níos cothroime;

(b)faireachán a dhéanamh ar shreafaí soghluaisteachta, trí léarscáil idirghníomhach cúrsaíochta tallainne san fhaireachlann maidir le gairmeacha taighde dá dtagraítear i bpointe 39 den Mholadh seo;

(c)naisc thrasnáisiúnta le pobail an diaspóra eolaíochta a éascú agus mealladh nó filleadh daoine tréitheacha a éascú, trí bhrainse d’Ardán Tallainne LET dá dtagraítear i bpointe 32 den Mholadh seo;

(d)cúrsaíocht chothrom tallainne a chur chun cinn do thaighdeoirí luathghairme trí ionstraimí nua ar leibhéal an Aontais lena neartaítear bonn an chaipitil dhaonna i dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú, le taighdeoirí agus nuálaithe atá níos fiontraíche, níos bainistiúla agus níos oilte.

Bearta tacaíochta do ghairmeacha taighde

32.Moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun tairseacha agus seirbhísí EURAXESS a neartú, chomh maith leis an ngné idirnáisiúnta, agus Ardán Tallainne LET a fhorbairt mar ionad ilfhreastail ar líne do thaighdeoirí agus d’institiúidí sna hearnálacha uile, le creat rialachais nua ina mbeidh gealltanais cheangailteacha agus ról comhordúcháin na gcomhlachtaí agus na ninstitiúidí náisiúnta ábhartha atá páirteach i soláthar seirbhísí.

Le hArdán Tallainne LET, ba cheart:

(a)é a chur ar a gcumas do thaighdeoirí a ndeiseanna foghlama agus oiliúna agus a ngairmeacha a bhainistiú;

(b)é a chur ar a gcumas d’institiúidí taighde agus nuálaíochta, d’fhostóirí agus do chisteoirí gníomhaíochtaí líonraithe a dhéanamh, bainistiú níos fearr a dhéanamh ar a linnte tallann, oibriú i gcomhar agus dea‑chleachtais a mhalartú, agus mealladh agus coinneáil daoine tréitheacha a éascú agus sonraí a fheabhsú san am céanna ar mhaithe le tuiscint níos fearr a fháil ar threochtaí soghluaisteachta ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Ba cheart seirbhísí a leathnú chun seirbhísí forbartha tallainne agus bainistíochta gairmeacha a áireamh, agus béim á leagan ar thaighdeoirí sna hearnálacha ábhartha uile den tsochaí, lena n‑áirítear an saol acadúil.

33.Moltar don Choimisiún naisc agus idir-inoibritheacht a áirithiú idir Ardán Tallainne LET agus tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais agus tionscnaimh ábhartha náisiúnta, lena náirítear Europass, ESCO agus EURES, chun córas logála isteach an Aontais le haghaidh fíordheimhniúcháin a chur chun feidhme, agus chun foráil a dhéanamh maidir le samhail rialachais fheabhsaithe ar an ardán agus ar an mbunlíonra d’ionaid seirbhíse chun freastal níos fearr ar riachtanais taighdeoirí agus na neagraíochtaí a dhéanann taighde.

34.Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le formhuiniú agus cur chun feidhme na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí, agus na Cairte do Thaighdeoirí dá dtagraítear i bpointe 35 den Mholadh seo.

35.Ba cheart an Chairt nua do Thaighdeoirí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo a chur in ionad na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2005/251/CE. Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún formhuiniú agus cur chun feidhme na Cairte nua do Thaighdeoirí ag fostóirí taighde agus ag cisteoirí ó na hearnálacha uile a spreagadh, lena n‑áirítear trí dhreasachtaí tiomnaithe, ionas go mbeidh sí ina huirlis struchtúrach chun tacú le taighdeoirí agus le gairmeacha taighde.

36.Moltar don Choimisiún an Straitéis Acmhainní Daonna do Thaighdeoirí, nó aon sásra cur chun feidhme den chineál sin a bheidh ann amach anseo, a oiriúnú don Chairt nua do Thaighdeoirí, agus leanúnachas a áirithiú i ndáil leis na hinstitiúidí a d’fhormhuinigh prionsabail na Seanchairte agus an tSeanchóid do Thaighdeoirí agus a chloígh leis an Straitéis Acmhainní Daonna do Thaighdeoirí, go háirithe trína meas go leanann siad de bheith ag formhuiniú na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo. Moltar don Choimisiún na bearta idirthréimhseacha céanna a chur i bhfeidhm maidir leis na hinstitiúidí a thosaigh an próiseas maidir leis an Straitéis Acmhainní Daonna do Thaighdeoirí faoin tSeanchairt agus faoin Seanchód do Thaighdeoirí.

37.Moltar don Choimisiún na huirlisí uile a athbhreithniú agus a oiriúnú go tráthrialta chun tacú le gairmeacha taighde, bunaithe ar riachtanais iarbhír taighdeoirí, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

38.Moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais a spreagadh agus tacú leo, amhail comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha, earnáil ardoideachais iomlán na hEorpa agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile, chun gníomhaíochtaí ábhartha dá bhforáiltear leis an Moladh seo a phíolótú ar bhonn cur chuige deonach agus cur chuige ó bhun aníos.

Faireachán a dhéanamh ar ghairmeacha taighde

39.Anuas ar chórais faireacháin uileghabhálacha an Limistéir Eorpaigh Taighde, moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar ghairmeacha taighde san Aontas agus ar chur chun feidhme an Mholta seo trí fhaireachlann thiomnaithe maidir le gairmeacha taighde, rud a rachaidh chun tairbhe do lucht ceaptha beartas, d’eagraíochtaí, do riaracháin phoiblí agus do thaighdeoirí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don fhaireachlann tacú le riachtanais sonraí na mBallstát agus na neagraíochtaí a dhéanann taighde atá ábhartha chun beartais le haghaidh gairmeacha taighde a oiriúnú agus a fhorbairt. Ina theannta sin, ba cheart di tacú le taighdeoirí tuiscint níos fearr a bheith acu ar dhúshláin agus ar dheiseanna, agus tarraingteacht eagraíochtaí an Aontais a dhéanann taighde a chur chun cinn le haghaidh na ndaoine tréitheacha is fearr.

40.Moltar do na Ballstáit oibriú i gcomhar chun sonraí atá ábhartha do chur chun feidhme na faireachlainne a bhailiú ar bhealach éifeachtúil agus inbhuanaithe.

41.Moltar don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar naisc ábhartha leis an bhFaireachlann Eorpach um Earnáil an Ardoideachais a mholtar sa Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna agus, ar an gcaoi sin, sineirgí idir an Limistéar Eorpach Taighde agus an Limistéar Eorpach Oideachais a fheabhsú.

42.Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar na sonraí arna mbailiú i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2019/1700 a oiriúnú do riachtanais sonraí na faireachlainne dá dtagraítear i bpointe 39 den Mholadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE, PARLAIMINT NA hEORPA, COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS COISTE NA RÉIGIÚN I dtreo réimse taighde Eorpach, an Bhruiséil, COIM(2000) 6 final.
(2)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN LET nua don Taighde agus don Nuálaíocht, COM(2020) 628 final.
(3)    Doiciméad 9138/21 ón gComhairle.
(4)    Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir leis an gComhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip, (IO L 431, 2.12.2021, lch. 1).
(5)    Doiciméad 14308/21 ón gComhairle.
(6)    https://euraxess.ec.europa.eu/jobs/hrs4r
(7)    https://euraxess.ec.europa.eu/jobs/charter
(8)    https://marie-sklodowska-curie-actions.ec.europa.eu/
(9)    https://euraxess.ec.europa.eu/
(10)    https://www.resaver.eu/
(11)    UNESCO (2021) UNESCO Science Report - The race against time for smarter development [Tuarascáil Eolaíochta UNESCO - Rás in aghaidh an chloig le haghaidh forbairt níos cliste], ISBN: 978-92-3-100450-6. Ar fáil ar https://unesdoc.unesco.org/ark:/48223/pf0000377433 (Ceadaithe an 31 Márta 2023).
(12)    De réir Eurostat, in 2021 d’oibrigh formhór na dtaighdeoirí san Aontas in earnáil an fhiontair gnó (56 %) agus in earnáil an ardoideachais (32 %), agus ansin earnáil an rialtais (11 %). Féach https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/w/ddn-20221206-1.
(13)    Is éard atá sna tíortha a thagann faoin bhfairsingiú na cinn lena mbaineann rannpháirtíocht íseal i gcláir réime don taighde agus nuálaíocht roimhe seo.
(14)    Féach an roinn roimhe seo.
(15)    Agus úsáid á baint as an sainmhíniú ó Lámhleabhar Frascati a nglactar go forleathan leis, https://www.oecd.org/sti/inno/frascati-manual.htm.
(16)    Moladh ón gCoimisiún an 11 Márta 2005 maidir leis an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus maidir le Cód Iompair le haghaidh Earcaíocht Taighdeoirí 2005/251/CE (IO L 75, 22.3.2005, lch. 67).
(17)    Tacar 20 prionsabal in ionad na 40 prionsabal atá sa Chairt agus Cód reatha do Thaighdeoirí.
(18)    Féach https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/8d536780-3025-11ed-975d-01aa75ed71a1/language-en.
(19)    Moladh 2022/C 243/02 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (IO C 243, 27.6.2022, lch. 10).
(20)    Soghluaisteacht gheografach, idirinstitiúideach, idirdhisciplíneach, fhíorúil.
(21)    https://cdn5.euraxess.org/sites/default/files/policy_library/towards_a_european_framework_for_research_careers_final.pdf
(22)    Nochtar in anailís ar na 79 285 folúntas a foilsíodh i mbunachar sonraí Euraxess 2020 i gcás leath de na folúntais nach raibh siad nasctha le céim ghairme amháin ar leith. Thairis sin, nochtar san anailís freisin go bhfuil a théarmaíocht féin ag gach fostóir chun post a shonrú, rud a chuireann i dtábhacht an gá maidir le foclaíocht choiteann a fhorbairt.
(23)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht COM(2020) 274 final.
(24)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN maidir le Straitéis Eorpach d’ollscoileanna, COM(2022) 16 final.
(25)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht, COM/2022/332 final.
(26)    Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle an 2 Nollaig 2022 maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais (IO L 317, 9.12.2022, lch. 141).
(27)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Tionscnamh chun tacú leis an gcóimheá oibre agus saoil do thuismitheoirí agus cúramóirí, COM(2017) 252 final.
(28)    Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach, (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).
(29)    Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil le haghaidh tuismitheoirí agus le haghaidh cúramóirí agus lena naisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).
(30)    Moladh 2019/C 387/01 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
(31)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas Eorpach, COM/2022/657 final.
(32)    Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016, maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).
(33)    Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta ardcháilíochta, agus lena naisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle (IO L 382, 28.10.2021, lch. 1).
(34)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa, COM(2023) 32 final.
(35)    Moladh ón gCoimisiún an 11 Márta 2005 maidir leis an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus maidir le Cód Iompair le haghaidh Earcaíocht Taighdeoirí 2005/251/CE (IO L 75, 22.3.2005, lch. 67).
(36)    https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/40089aaa-57dc-11ec-91ac-01aa75ed71a1.
(37)    https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/a3cde934-12a0-11eb-9a54-01aa75ed71a1/
(38)    https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/8d536780-3025-11ed-975d-01aa75ed71a1/language-en
(39)    https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/94a6a2ca-00c1-11ed-b94a-01aa75ed71a1/language-en agus https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/ec09bd95-00c2-11ed-b94a-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-search
(40)    https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/a33eb97c-437d-11e8-a9f4-01aa75ed71a1
(41)    Bailíodh tuairimí páirtithe leasmhara iomadúla ag roinnt imeachtaí. Go sonrach, sholáthar Fóram LET um Aistriú (arna bhunú mar shainghrúpa neamhfhoirmiúil den Choimisiún) comhairle don Choimisiún, agus bhíothas in ann tuairimí na mBallstát agus páirtithe leasmhara a chur san áireamh ar bhealach struchtúrtha dá bharr. Iarradh ar pháirtithe leasmhara agus ar bhrateagraíochtaí ábhartha a gcuid tuairimí a roinnt (e.g. ag ceardlanna an 20 Aibreán agus an 25 Bealtaine 2021). Reáchtáladh comhairliúchán poiblí idir an 15 Aibreán agus an 13 Bealtaine 2021 freisin chun tuairimí an mhórphobail a bhailiú.
(42)    Moladh 2005/251/CE ón gCoimisiún an 11 Márta 2005 maidir leis an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus maidir le Cód Iompair le haghaidh Earcaíocht Taighdeoirí (IO L 75, 22.3.2005, lch. 67).
(43)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN dar teideal An Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht COM(2020) 274 final.
(44)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN LET nua don Taighde agus don Nuálaíocht, COM(2020) 628 final.
(45)    Doiciméad 13567/20 ón gComhairle.
(46)    Doiciméad 9138/21 ón gComhairle.
(47)    Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir leis an gComhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip, (IO L 431, 2.12.2021, lch. 1).
(48)    Doiciméad 14308/21 ón gComhairle.
(49)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN maidir le Straitéis Eorpach d’ollscoileanna, COM(2022) 16 final.
(50)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht COM/2022/332 final.
(51)    Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle an 2 Nollaig 2022 maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais (IO L 317, 9.12.2022, lch. 141).
(52)    Treoir 1999/70/CE ón gComhairle, an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcomhaontú réime maidir le hobair théarma shocraithe a thug ETUC, UNICE agus CEEP i gcrích (IO L 175, 10.7.1999, lch. 43).
(53)    Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019/C 387/01) (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
(54)    Moladh 2008/416/CE ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2008 maidir le maoin intleachtúil i ngníomhaíochtaí aistrithe eolais a bhainistiú agus Cód Cleachtais d’ollscoileanna agus d’eagraíochtaí taighde poiblí eile (IO L 146, 5.6.2008, lch. 19).
(55)    Doiciméad 10126/22 ón gComhairle.
(56)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa, an 17 Eanáir 2023, COM(2023) 32 final.
(57)    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN dar teideal Scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas Eorpach, COM/2022/657 final.
(58)    Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta ardcháilíochta, agus lena naisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle (IO L 382, 28.10.2021, lch. 1).
(59)    Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016, maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).
(60)    Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261I, 14.10.2019, lch. 1).
(61)    Moladh 2022/C 243/02 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (IO C 243, 27.6.2022, lch. 10).
(62)    Moladh 2022/C 243/03 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (IO C 243, 27.6.2022, lch. 26).
Top

An Bhruiséil,13.7.2023

COM(2023) 436 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip


IARSCRÍBHINN I

Samplaí de ghairmeacha le haghaidh taighdeoirí in earnálacha éagsúla feadh phróifílí R1-R4 1  

R1 - First Stage Researcher (Taighdeoir na Chéad Chéime)

R2 - Recognised Researcher (Taighdeoir Aitheanta)

doctoral candidate

junior academic

junior consultant

junior policy adviser/officer

junior research analyst

junior research engineer

junior researcher/scientist

junior scientific officer

research apprentice/intern

research assistant/technician

junior academic

junior consultant

junior policy adviser/officer

junior lecturer

junior research analyst

junior research engineer

junior researcher/scientist

junior scientific officer

postdoctoral researcher

research assistant/technician

R3 - Established Researcher (Taighdeoir Bunaithe)

R4 - Leading Researcher (Príomhthaighdeoir)

accredited researcher

assistant professor

associate professor

associate researcher

principal consultant

principal investigator

principal researcher/scientist

reader

research fellow

research specialist

scientific councillor

senior academic

senior consultant

senior lecturer

senior policy adviser/officer

senior research and development associate

senior research engineer

senior researcher/scientist

senior scientific officer

chief scientific officer

distinguished professor

full professor

principal consultant

principal investigator

principal researcher/scientist

reader

research fellow

research professor

research specialist

scientific councillor

senior academic

senior consultant

senior lecturer

senior policy adviser/officer

senior research and development associate senior research engineer

senior researcher/scientist

senior scientific officer

IARSCRÍBHINN II

An Chairt Eorpach do Thaighdeoirí

Is sraith prionsabal é an Chairt Eorpach do Thaighdeoirí atá mar bhonn taca faoi fhorbairt gairmeacha taighde tarraingteacha chun tacú le barr feabhais sa taighde agus sa nuálaíocht ar fud na hEorpa. Is é fócas na Cairte do Thaighdeoirí cearta agus freagrachtaí taighdeoirí, fostóirí, cisteoirí agus luchta ceaptha beartas ina bhfuil 20 príomhphrionsabal. Aicmítear iad sin faoi na ceithre cholún seo a leanas,

(a)An Eitic, an tSláine, Inscne agus an Eolaíocht Oscailte

(b)Measúnú, Earcaíocht agus Dul Chun Cinn na dTaighdeoirí

(c)Dálaí agus Cleachtais Oibre

(d)Gairmeacha Taighde agus Forbairt Tallainne

Tá an Chairt do Thaighdeoirí dírithe ar thaighdeoirí uile, ar earnálacha ina ndéantar taighde agus ar bhrateagraíochtaí faoi seach (páirtithe leasmhara),

(a)Taighdeoirí i ngach earnáil (an saol acadúil, eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a dhéanann taighde).

(b)Fostóirí taighdeoirí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha

(c)Cisteoirí taighde agus taighdeoirí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha

(d)Lucht ceaptha beartas a bhfuil baint acu le beartais atá ábhartha don Chairt

Tugtar aghaidh leis ar thaighdeoirí ar fud na ndisciplíní uile, lena n‑áirítear Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (STEM), Eolaíochtaí Sóisialta agus Daonnachtaí (SSH), lena n‑áirítear na hEalaíona. Cumhdaítear leis cineálacha uile an taighde ó thaighde ar thús cadhnaíochta, taighde spriocdhírithe, taighde straitéiseach, taighde feidhmeach agus taighde gar don mhargadh.



COLÚN 1 – AN EITIC, AN tSLÁINE, INSCNE AGUS AN EOLAÍOCHT OSCAILTE

1.AN EITIC AGUS AN tSLÁINE TAIGHDE

2.SAOIRSE AN TAIGHDE EOLAÍOCH

3.AN EOLAÍOCHT OSCAILTE

4.AN COMHIONANNAS INSCNE

5.GLACADH LEIS AN ÉAGSÚLACHT

6.GAIRM AN TAIGHDEORA

7.SAORCHÚRSAÍOCHT TAIGHDEOIRÍ

8.INBHUANAITHEACHT AN TAIGHDE

Bailítear leis an gcolún seo bunphrionsabail na Cairte do Thaighdeoirí agus a gealltanas chun tacú le barr feabhais sa taighde, a thuigtear sa chomhthéacs sin mar na foirne agus na tionscadail taighde is fearr is féidir a chothú, saor ó chlaontacht inscne agus ó chlaontachtaí eile. Meastar go gcuirfidh na prionsabail faoin gcolún seo le bunchloch na físe maidir le Limistéar Eorpach Taighde a athbheochan, agus chun taighdeoirí, fostóirí taighde, cisteoirí agus lucht ceaptha beartas na hEorpa a spreagadh. Mar gheall ar chineál trasnaí na luachanna sin uile, meastar go ndéanfar iad a phríomhshruthú agus a chur san áireamh agus an chuid eile de na prionsabail á n‑úsáid.

(1)An Eitic agus an tSláine Taighde 2

Ba cheart do thaighdeoirí rialacha dochta eitice a chomhlíonadh agus dul i ngleic lena gcuid oibre le macántacht; iontaofacht; oibiachtúlacht; neamhchlaontacht agus neamhspleáchas; cumarsáid oscailte; dualgas cúraim; cothroime agus freagracht as na glúnta eolaíochta a bheidh ann amach anseo. Is bunchlocha iad sin do thaighde freagrach iontaofa atá saor ó thionchar míchuí (lena náirítear an cur isteach eachtrach 3 agus coinbhleacht leasa), réamhriachtanas chun barr feabhais a bhaint amach, agus tá siad mar bhonn taca faoi fhreagracht taighdeoirí chun cosaint a thabhairt in aghaidh claontachtaí agus aicearraí modheolaíochta.

Ba cheart do thaighdeoirí cloí leis na cleachtais eitice aitheanta agus leis na bunphrionsabail eiticiúla 4 atá iomchuí dá ndisciplín nó dá ndisciplíní chomh maith le caighdeáin eiticiúla mar atá doiciméadaithe sna Cóid Eitice náisiúnta, earnála nó institiúideacha éagsúla.

Is ar na taighdeoirí iad féin atá an phríomhfhreagracht as an tsláine taighde. Ba cheart do chultúr institiúideach de shláine taighde tacú le taighdeoirí chun rialacha, nósanna imeachta agus treoirlínte a chruthú agus a urramú chomh maith le hoiliúint agus meantóireacht bunaithe ar mhalartú dea‑chleachtas.

Chun dea‑chleachtais taighde agus cultúr sláine taighde a chothú, ní mór do na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann roinnt gnéithe a mheas, amhail an tsláine taighde i dtimpeallachtaí taighde; oiliúint agus fothú acmhainneachta maidir leis an tsláine taighde; próisis taighde agus beartais a leabaíonn an tsláine taighde; beartais sonraí, foilsitheoireachta, scaipthe, athbhreithnithe, mheastóireachta agus eagarthóireachta. Ar an gcaoi chéanna, ní mór sásraí a chur i bhfeidhm chun mí‑iompar taighde a shainaithint, a thuairisciú agus a láimhseáil.

Ní mór do thaighdeoirí bradaíl d’aon chineál a sheachaint agus cloí leis na rialacha maidir le maoin intleachtúil agus leis na prionsabail maidir le comhúinéireacht i gcás taighde a dhéantar i gcomhar le stiúrthóir nó stiúrthóirí agus/nó le taighdeoirí eile (de réir mar is iomchuí i ndáil leis an disciplín). Ba cheart feidhm a bheith aige sin ag céimeanna uile an phróisis taighde lena n‑áirítear bunsmaoineamh, ullmhú iarratas ar chistiú, forbairt agus seachadadh torthaí. An gá le barúlacha a bhailíochtú trína léiriú go bhfuil na torthaí in‑atáirgthe, níor cheart é a léirmhíniú mar bhradaíl, ar choinníoll go ndéantar tagairt go sainráite do na sonraí atá le deimhniú.

(2)Saoirse an Taighde Eolaíoch

Is bunluach agus prionsabal coiteann í saoirse an taighde eolaíoch le haghaidh comhar taighde laistigh den Limistéar Eorpach Taighde agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta 5 . Ba cheart do thaighdeoirí a gcuid taighde a dhíriú ar mhaithe leis an gcine daonna agus chun teorainneacha an eolais dhaonna a leathnú, agus leas a bhaint as an tsaoirse smaointeoireachta, an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh, an tsaoirse chun ceisteanna taighde a shainiú, an tsaoirse modhanna a shainaithint trína réitítear fadhbanna, an tsaoirse chun teoiricí a roghnú agus a fhorbairt, an tsaoirse chun eagna inghlactha a cheistiú agus smaointe nua a thabhairt chun cinn agus an tsaoirse a bheith rannpháirteach i gcomhlachtaí acadúla gairmiúla nó ionadaíocha. Ba cheart ceart a bheith ag taighdeoirí torthaí a gcuid taighde a scaipeadh agus a fhoilsiú lena náirítear trí oiliúint agus trí theagasc. Ba cheart do thaighdeoirí, áfach, aitheantas a thabhairt do na teorainneacha leis an tsaoirse sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar imthosca áirithe taighde (lena náirítear maoirseacht/treoraíocht/bainistíocht) nó srianta dlíthiúla nó oibríochtúla, e.g. ar chúiseanna a bhaineann le cearta maoine intleachtúla, buiséad nó bonneagar.

(3)An Eolaíocht Oscailte

Ba cheart do thaighdeoirí díriú ar rannpháirtíocht i ngach gné den Eolaíocht Oscailte 6 agus go néascódh a bhfostóirí agus a gcisteoirí iad i ndáil leis sin. Ba cheart dóibh a dtorthaí a roinnt go hoscailte, e.g. trí shonraí oscailte agus FAIR, foilseacháin rochtana oscailte, bogearraí oscailte, samhlacha agus algartaim. Ba cheart dóibh bearta a dhéanamh chun inatáirgtheacht na dtorthaí taighde a áirithiú. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm acu modheolaíochtaí Eolaíochta Oscailte a chleachtadh agus a bheith páirteach in athbhreithniú oscailte piaraí. Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí tacú le fíorchultúr na hEolaíochta Oscailte agus é a chúiteamh ar fud an Aontais, lena náirítear rochtain oscailte ar fhoilseacháin léannta, ar shonraí taighde agus ar aschuir taighde eile a phríomhshruthú (i.e. de réir an phrionsabail “a oscailte is féidir, a iata is gá”) agus scaipeadh agus glacadh phrionsabail agus chleachtais na hEolaíochta Oscailte, agus breithniú á dhéanamh san am céanna ar dhifríochtaí idir disciplíní agus difríochtaí cultúrtha, lena náirítear ilteangachas, tacú le forbairt scileanna Eolaíochta Oscailte, agus an bonneagar digiteach agus an tseirbhís dhigiteach atá mar bhonn taca a fhorbairt agus a chomhtháthú a thuilleadh.

Eolaíocht na Saoránach

Ba cheart do thaighdeoirí eolaíocht na saoránach a ionchorprú ina dtionscadail a mhéid is féidir agus i gcás inarb ábhartha. Ciallaíonn sé sin go mbeidh saoránaigh páirteach i gcoincheap, i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm tionscadal taighde san Eolaíocht, sa Teicneolaíocht, san Innealtóireacht, sna hEalaíona, sa Mhatamaitic (STEAM), sna hEolaíochtaí Sóisialta agus sna Daonnachtaí (SSH). Is bealach idéalach é seo chun an eolaíocht a dhaonlathú, muinín a chothú san eolaíocht, agus an fhaisnéis agus na cumais shochaíocha ollmhóra a ghiaráil chun taighde agus nuálaíocht den scoth a dhéanamh.

(4)An Comhionannas Inscne

Ba cheart do na páirtithe leasmhara uile cothromaíocht inscne a chothú i bhfoirne taighde, i gcomhlachtaí bainistíochta, cinnteoireachta, i gcoistí earcaíochta agus ardaithe céime, agus i ngrúpaí comhairleacha. Áirítear leis sin comhtháthú ghné na hinscne a chothú in ábhar an taighde, an teagaisc agus na nuálaíochta chun feabhas a chur ar cháilíocht eolaíoch, ar bharr feabhais agus ar ábharthacht shochaíoch an eolais arna tháirgeadh. Tá sé d’aidhm ag an gComhionannas Inscne freisin foréigean inscnebhunaithe agus gnéaschiapadh a chomhrac. Tuigfear Comhionannas Inscne ó dhearcadh trasnach, i gcás ina dtrasnaíonn córais chumhachta éagsúla idir inscne agus catagóirí agus féiniúlachtaí sóisialta eile agus ina dtreisíonn siad a chéile. Athruithe institiúideacha inbhuanaithe, a chuirtear trí phleananna Comhionannais Inscne 7 nó a leithéidí, lena mbeifear in ann sáruithe a thuairisciú go cuí, agus lena náirítear córais faireacháin agus mheastóireachta, is sásraí oiriúnacha iad chun Comhionannas Inscne a chur chun cinn.

(5)Glacadh leis an Éagsúlacht

Is croíphrionsabal den Limistéar Eorpach Taighde é éagsúlacht a chur san áireamh sa chiall leathan, lena n‑áirítear, inter alia, inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, éagsúlacht shóisialta, míchumas, aois, gnéaschlaonadh agus idirdhealú ar gach foras a chomhrac. Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí glacadh leis an éagsúlacht ina dtaighdeoirí toisc go gcuireann taithí éagsúil saoil peirspictíochtaí luachmhara le tionscadail taighde. Ina theannta sin, is féidir le héagsúlacht rannpháirtithe bonn eolais a thabhairt do thorthaí taighde a bhfuil feidhm acu maidir leis na sochaithe éagsúla ina bhfuil cónaí orainn agus a shaibhríonn na sochaithe sin. Tá gá freisin le claontachtaí neamh-chomhfhiosacha a aithint, mar shampla maidir le cúraimí a fhostú, a chur chun cinn agus a athbhreithniú, agus cúiteamh a thabhairt dóibh nuair is féidir, go háirithe i réimse na heolaíochta.

(6)Gairm an Taighde

Ba cheart gach taighdeoir atá ag gabháil d’eolas nua a cheapadh nó a chruthú a aithint mar ghairmithe agus ba cheart caitheamh leo dá réir sin. Ba cheart é sin a thosú ag tús a ngairme, neamhspleách ar an earnáil ina n‑oibríonn siad, is é sin ag leibhéal iarchéime, agus ba cheart gach leibhéal a chur san áireamh, gan beann ar a n‑aicmiú ar an leibhéal náisiúnta (e.g., fostaí, mac léinn iarchéime, iarrthóir dochtúireachta, comhalta iardhochtúireachta, státseirbhísigh).

Ba cheart d’fhostóirí agus dio chisteoirí conairí neamhlíneacha agus ilghairme a spreagadh agus tacú leo, atá beartaithe mar chonairí a bhaineann go sonrach le soghluaisteacht gheografach, dhisciplíneach, earnála agus idir‑eagraíochta (iasachtaí). Ba cheart dóibh spreagadh a thabhairt do chonairí hibrideacha freisin lena gcomhcheanglaítear earnálacha éagsúla go comhuaineach, ar cheart iad a mheas ar aon dul le conairí gairme líneacha.

Dearcadh Gairmiúil

Ba cheart eolas a bheith ag taighdeoirí ar na spriocanna straitéiseacha lena rialaítear a dtimpeallacht taighde agus sásraí cistiúcháin agus ba cheart dóibh gach formheas is gá a lorg sula dtosóidh siad a gcuid taighde nó sula bhfaighidh siad rochtain ar na hacmhainní a sholáthraítear. Ba cheart do thaighdeoirí a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil a gcuid taighde ábhartha don tsochaí agus ní dhúblálann sé, gan gá, taighde a rinneadh áit éigin eile roimhe seo.

Ba cheart cumarsáid shoiléir a bheith ann idir taighdeoirí agus fostóirí, cisteoirí nó stiúrthóirí nuair a chuirtear moill ar thionscadal taighde, nuair a athshainítear é nó nuair a thugtar i gcrích é; ba cheart fógra a thabhairt má tá tionscadal taighde le foirceannadh níos luaithe nó le cur ar fionraí ar chúis ar bith.

Cuntasacht

Is éard atá i gceist le bheith cuntasach go nglacann duine freagracht as a ghníomhaíochtaí agus taighde á dhéanamh aige. Ní mór do thaighdeoirí a bheith ar an eolas go bhfuil siad freagrach i leith a bhfostóirí, a gcisteoirí nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha gaolmhara eile agus, ar fhorais níos eiticiúla, i leith na sochaí. Taighdeoirí a fhaigheann cistiú ó chistí poiblí, tá siad cuntasach faoi úsáid éifeachtúil airgead na gcáiníocóirí freisin. Dá réir sin, ba cheart dóibh cloí le prionsabail na bainistíochta fónta, trédhearcaí agus éifeachtúla airgeadais agus dul i gcomhar le haon iniúchadh údaraithe ar a dtaighde, cé acu arb iad a bhfostóirí/a gcisteoirí nó coistí eitice a dhéanann iad. Éilítear leis an ionchas sin iad a bheith ina samplaí d’iompar eiticiúil dá bpiaraí agus don tsochaí i gcoitinne.

Ba cheart modhanna bailiúcháin agus anailíse, na haschuir agus, i gcás inarb infheidhme, mionsonraí na sonraí a bheith oscailte i gcomhair grinnscrúdú inmheánach agus seachtrach, aon uair is gá agus de réir mar a iarrann na húdaráis iomchuí. Tá sé sin tábhachtach freisin chun na sonraí a dhéanamh oscailte agus chun cuidiú le hin‑atáirgtheacht na dtorthaí a áirithiú.

(7)Saorchúrsaíocht taighdeoirí

Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí saorchúrsaíocht taighdeoirí agus gairmithe taighde eile, eolas eolaíoch agus teicneolaíocht a chur chun cinn, agus daoine tréitheacha a mhealladh agus imirce daoine tréitheacha a sheachaint san am céanna. Ba cheart dóibh aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann le soghluaisteacht gheografach, idirinstitiúideach, idirearnálach, idirdhisciplíneach agus thrasdisciplíneach agus fhíorúil 8 mar bhealaí tábhachtacha chun eolas agus forbairt ghairmiúil a fheabhsú ag aon chéim de ghairm an taighdeora agus luach agus aitheantas iomlán a thabhairt d’aon taithí soghluaisteachta laistigh dá gcóras dul chun cinn/breithmheasa gairme. Ceanglaítear leis sin go gcuirfear na hionstraimí riaracháin is gá i bhfeidhm chun inaistritheacht na ndeontas agus na bhforálacha slándála sóisialta araon a cheadú, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

(8)Inbhuanaitheacht an Taighde

Ba cheart do thaighdeoirí, fostóirí agus cisteoirí cur chun feidhme inbhuanaithe gníomhaíochtaí taighde a chur chun cinn i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí trí chultúr institiúideach maidir le bainistiú inbhuanaithe taighde, chomh maith le hoiliúint agus meantóireacht bunaithe ar mhalartú dea-chleachtas. Ba cheart dóibh a bheith ar thús cadhnaíochta maidir lena n‑astaíochtaí carbóin a laghdú ar bhealach lena dtugtar dea‑shampla do dhaoine eile laistigh den phobal taighde.

Is féidir “Cairt Ghlas MSCA” an Choimisiúin Eorpaigh 9 , a forbraíodh faoi chuimsiú Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska‑Curie, a úsáid mar phointe tagartha.



COLÚN 2 – MEASÚNÚ, EARCAÍOCHT AGUS DUL CHUN CINN TAIGHDEOIRÍ

1.MEASÚNÚ TAIGHDEOIRÍ

2.EARCAÍOCHT

3.ROGHNÚ

4.DUL CHUN CINN GAIRME

Le measúnú taighde, ba cheart a áirithiú go dtabharfar aitheantas agus luaíocht chothrom do ghairmeacha taighdeoirí gan beann ar earnáil na fostaíochta nó na gníomhaíochta agus ba cheart go leanfadh sé cur chuige neamhchlaonta bunaithe ar thallann. Tá beartais maidir le hearcaíocht agus roghnú cothrom taighdeoirí ríthábhachtach chun margadh saothair oscailte le haghaidh taighdeoirí a bhaint amach, rud a chuideoidh leis an Limistéar Eorpach Taighde a chur chun cinn.

(1)Measúnú Taighdeoirí 10  

Le measúnú taighde, ba cheart go mbeifí in ann meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht taighdeoirí agus taighde chun an cháilíocht agus an tionchar is airde a bhaint amach. Chuige sin, ní mór aitheantas a thabhairt d’aischuir, gníomhaíochtaí agus cleachtais taighde atá ag éirí níos éagsúla, lena n‑áirítear comhar, comhroinnt oscailte aischur, agus ardchaighdeáin sláine taighde a áirithiú. Dá ráir sin, ba cheart an measúnú a bheith bunaithe ar bhreithiúnas cáilíochtúil go príomha, a bhfuil athbhreithniú piaraí lárnach ina leith, agus úsáid fhreagrach táscairí cainníochtúla mar thaca leis. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú freisin réimse níos leithne critéar meastóireachta, amhail teagasc, bainistíocht agus ceannaireacht, maoirseacht, meantóireacht, luachshocrú eolais, fiontraíocht agus comhar le hearnáil na tionsclaíochta, obair foirne, seirbhísí don tsochaí, cumarsáid eolaíochta agus idirghníomhaíocht leis an tsochaí, agus déine mhodheolaíochta agus cleachtais Eolaíochta Oscailte. Ba cheart aitheantas a thabhairt do rannchuidithe leis an nuálaíocht trí aireagáin nó trí fhorbairt freisin, go háirithe le haghaidh iarrthóirí ó chúlra tionsclaíochta.

Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí tacú le córas le haghaidh mheasúnú agus luaíocht na dtaighdeoirí lena meastar cáilíocht uile thionchar na dtaighdeoirí ar an tsochaí, eolaíocht agus nuálaíocht, éagsúlacht na ngníomhaíochtaí a dhéantar, cleachtais Eolaíochta Oscailte, agus luach na soghluaisteachta geografaí, idirdhisciplíní agus idirearnálaí. Ba cheart do chóras den sórt sin an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)a bheith bunaithe ar bhreithiúnas cáilíochtúil a sholáthraíonn piaraí, le tacaíocht ó úsáid fhreagrach táscairí cainníochtúla;

(b)luach saothair a thabhairt don cháilíocht agus do na tionchair éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ag a gcuid taighde ar an tsochaí, an eolaíocht agus an nuálaíocht;

(c)aitheantas a thabhairt d’éagsúlacht aschur (inter alia foilseacháin, tacair sonraí, bogearraí, modheolaíochtaí, prótacail, paitinní), gníomhaíochtaí (inter alia meantóireacht, maoirseacht taighde, róil cheannaireachta, fiontraíocht, bainistíocht sonraí, athbhreithniú piaraí, teagasc, luachshocrú eolais, comhar idir earnáil na tionsclaíochta agus an saol acadúil, tacaíocht do cheapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise, idirghníomhaíocht leis an tsochaí) agus cleachtais (inter alia comhroinnt luath eolais agus sonraí, comhar oscailte), chomh maith le gach taithí soghluaisteachta;

(d)a áirithiú go gcomhlíonann gníomhaíocht ghairmiúil an taighdeora ardchaighdeáin eitice agus sláine, go dtugann sí luach saothair do dhéanamh iomchuí taighde agus go gcuireann sí luach ar dhea‑chleachtais, go háirithe cleachtais oscailte le haghaidh torthaí agus modheolaíochtaí taighde a chomhroinnt, aon uair is féidir;

(e)úsáid a bhaint as critéir agus próisis mheasúnaithe lena nurramaítear éagsúlacht na ndisciplíní taighde agus na gcomhthéacsanna náisiúnta;

(f)tacú le héagsúlacht próifílí taighdeoirí agus conairí gairme, agus luach a chur ar rannchuidithe daoine aonair, ach freisin ar ról na bhfoirne, ar an obair chomhoibríoch, agus ar an trasdisciplíneacht;

(g)comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus cuimsitheacht a áirithiú.

Chun comhleanúnachas a áirithiú i ndáil le cur chun feidhme na bprionsabal sin, ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí oiliúint leanúnach a chothú do na gníomhaithe atá páirteach sa phróiseas measúnaithe agus luaíochta.

(2)Earcaíocht

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí nósanna imeachta earcaíochta agus roghnúcháin a bhunú, atá oscailte 11 , trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas, gan aon phionós a ghearradh ar shosanna gairme ná ar shoghluaisteacht idirearnálach. Ba cheart dóibh barr feabhais, comhionannas inscne agus éagsúlacht a lorg, agus a bheith oiriúnaithe don chineál poist a fhógraítear. Ba cheart go náireofaí i bhfógraí tuairisc chuimsitheach ar eolas agus ar na hinniúlachtaí a éilítear, lena náirítear tuairisc ar na dálaí oibre agus na teidlíochtaí, na hionchais forbartha gairme agus forbhreathnú ar an amlíne. Ba cheart na hiarrthóirí a chur ar an eolas, roimh an roghnú, faoin bpróiseas earcaíochta agus faoi na critéir roghnúcháin, faoin líon post atá ar fáil agus faoi na hionchais forbartha gairme.

Athruithe in ord croineolaíoch CVanna

Níor cheart pionós a ghearradh ar shosanna nó ar athruithe in ord croineolaíoch CVanna, ach ba cheart iad a mheas mar fhorbairt gairme, agus dá dheasca sin, mar rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith luachmhar d’fhorbairt ghairmiúil na dtaighdeoirí i dtreo conair ghairme iltoiseach. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag iarrthóirí CVanna fianaisebhunaithe a chur isteach, lena léirítear réimse ionadaíoch éachtaí agus cáilíochtaí atá iomchuí don phost dá ndéantar iarratas ina leith.

Sinsearacht

Ba cheart na leibhéil cáilíochtaí is gá a bheith i gcomhréir le riachtanais an phoist agus níor cheart iad a shocrú mar bhacainn ar iontráil. Sa mheastóireacht ar cháilíochtaí, ba cheart díriú ar bhreithiúnas a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag an duine seachas ar a gcúinsí nó ar chlú na hinstitiúide ina bhfuarthas na cáilíochtaí. Ós rud é gur féidir cáilíochtaí gairmiúla a bhaint amach céim luath de ghairm fhada, ba cheart patrún na forbartha gairmiúla ar feadh an tsaoil a spreagadh agus a aithint freisin.

(3)Roghnú

Mar chuid den earcaíocht, ba cheart réimse iomlán taithí na n‑iarrthóirí a chur san áireamh sa phróiseas roghnúcháin. Agus béim á leagan ar a n‑acmhainneacht fhoriomlán mar thaighdeoirí, ba cheart breithniú a dhéanamh ar a gcruthaitheacht agus ar a leibhéal neamhspleáchais freisin. Ba cheart do na coistí roghnúcháin saineolas, inniúlachtaí agus taithí éagsúil a thabhairt le chéile atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an iarrthóir. Ba cheart cothromaíocht inscne leordhóthanach a bheith ann agus, i gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta, ba cheart go n‑áireofaí ann comhaltaí ó earnálacha éagsúla (poiblí agus príobháideach) agus ó dhisciplíní éagsúla, agus ó thíortha eile. Nuair is féidir, ba cheart raon leathan cleachtas roghnúcháin a úsáid, amhail measúnú saineolaithe seachtracha agus agallaimh aghaidh ar aghaidh agus ar líne. Ba cheart oiliúint leordhóthanach a chur ar chomhaltaí na bpainéal roghnúcháin go háirithe chun inscne nó aon chlaontacht neamh-chomhfhiosach eile a d’fhéadfadh a bheith ann a íoslaghdú. Ba cheart gach iarrthóir a chur ar an eolas i ndiaidh an phróisis roghnúcháin faoi láidreachtaí agus laigí a n‑iarratas.

Neamh‑idirdhealú

Níor cheart d’fhostóirí ná do chisteoirí idirdhealú a dhéanamh in aghaidh taighdeoirí ar aon bhealach bunaithe ar inscne, aois, bunadh eitneach, náisiúnta nó sóisialta, reiligiún nó creideamh, gnéaschlaonadh, teanga, míchumas, tuairim pholaitiúil, dáil shóisialta nó eacnamaíoch.

(4)Dul chun cinn gairme

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí córais mheastóireachta/mheasúnaithe a thabhairt isteach do gach taighdeoir, lena n‑áirítear taighdeoirí sinsearacha, chun measúnú a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht ghairmiúil ar bhonn tráthrialta agus ar bhealach trédhearcach ag coiste neamhspleách (agus, i gcás taighdeoirí sinsearacha, coiste idirnáisiúnta más féidir). Ní mór aitheantas iomlán agus breithniú iomlán a thabhairt ar chonair ghairme iolrach, arb é is príomhthréith di soghluaisteacht gheografach, earnálach agus idir-eagraíochta (iasachtaí), nó conairí hibrideacha arb é is príomhthréith di an cumasc comhuaineach d’earnálacha, agus é sin ar aon dul le conair ghairme líneach.

Ba cheart aird chuí a thabhairt sna nósanna imeachta meastóireachta agus breithmheasa sin ar acmhainneacht fhoriomlán na dtaighdeoirí, ar a gcruthaitheacht taighde, ar a dtorthaí taighde (e.g. foilseacháin, sonraí, bogearraí, samhlacha, algartaim, modhanna, prótacail, paitinní, rannchuidithe beartais), a ngníomhaíochtaí (e.g. bainistíocht agus ceannaireacht, teagasc/léachtóireacht, athbhreithniú piaraí, maoirseacht, meantóireacht, fiontraíocht, luachshocrú eolais, comhar náisiúnta nó idirnáisiúnta, dualgais riaracháin, seirbhís don tsochaí, cumarsáid eolaíochta agus idirghníomhaíocht leis an tsochaí), a n‑iompar taighde (e.g. cleachtas eitice agus sláine, déine mhodheolaíochta, comhroinnt luath eolais agus sonraí, comhar oscailte) agus a soghluaisteacht, agus ba cheart iad a chur san áireamh i gcomhthéacs dul chun cinn gairme.

Tá gá le córas gairme aontachais agus dul chun cinn atá trédhearcach, struchtúrtha, cuimsitheach agus comhionann ó thaobh inscne de chun gairmeacha sa saol acadúil a threisiú, suas go dtí na poist is airde 12 . D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh chun na críche sin ar leibhéal na mBallstát agus na neagraíochtaí déanta taighde ar chórais atá cosúil le conair na tionachta, atá le ceapadh mar chonradh ar théarma seasta lena ngabhfadh dul chun cinn chuig post buan faoi réir meastóireacht dhearfach.

Comhúdarthacht

Ba cheart d’institiúidí comhúdarthacht a mheas ar bhealach dearfach agus meastóireacht á déanamh ar an bhfoireann, mar fhianaise ar chur chuige cuiditheach i leith taighde a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí straitéisí, cleachtais agus nósanna imeachta a fhorbairt chun na creatdálaí is gá a chur ar fáil do thaighdeoirí, lena n‑áirítear iad siúd ag tús a ngairmeacha taighde, ionas gur féidir leo leas a bhaint as an gceart chun bheith aitheanta agus liostaithe agus/nó luaite, i gcomhthéacs a ranníocaíochtaí iarbhír, mar chomhúdair páipéar, mar chomhcheapadóirí paitinní, etc, nó chun a dtorthaí taighde féin a fhoilsiú go neamhspleách ar a stiúrthóir nó a stiúrthóirí.

Aitheantas a thabhairt do thaithí shoghluaisteachta

Aon taithí shoghluaisteachta, e.g.fanacht i dtír/réigiún eile nó i dtimpeallacht taighde eile (poiblí nó príobháideach) nó athrú ó dhisciplín nó ó earnáil amháin go disciplín nó earnáil eile, bíodh sin mar chuid den oiliúint taighde tosaigh nó ag céim níos déanaí den ghairm taighde, nó mar thaithí ar shoghluaisteacht fhíorúil, ba cheart í a mheas mar rannchuidiú luachmhar le forbairt ghairmiúil taighdeora.



COLÚN 3 - DÁLAÍ OIBRE AGUS CLEACHTAIS

1.DÁLAÍ OIBRE, CISTIÚ AGUS TUARASTAIL

2.COBHSAÍOCHT FOSTAÍOCHTA

3.OIBLEAGÁIDÍ CONARTHACHA AGUS DLÍTHIÚLA

4.SCAIPEADH AGUS SAOTHRÚ TORTHAÍ

Feabhas a chur ar dhálaí oibre taighdeoirí, ba cheart é a bheith i gcroílár chreat beartais an Aontais do ghairmeacha taighde. Sa réimse seo, moltar roinnt gníomhaíochtaí chun rannchuidiú le cobhsaíocht na fostaíochta, le sainiú chearta agus oibleagáidí saothair na dtaighdeoirí agus leis an ngá d’fhostóirí agus do chisteoirí cultúr taighde a fhorbairt le haghaidh barr feabhais taighde agus pobal taighde a bhfuil rath air a éascú.

(1)Dálaí oibre, cistiú agus tuarastail

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí a áirithiú go soláthrófar leis na dálaí oibre do thaighdeoirí, lena náirítear iad siúd atá faoi mhíchumas, i gcás inarb iomchuí, an tsolúbthacht agus an inrochtaineacht a mheastar a bheith fíor-riachtanach le haghaidh feidhmíocht rathúil taighde i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana agus le comhaontuithe cómhargála náisiúnta nó earnálacha. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm acu dálaí oibre a chur ar fáil a chuirfidh ar a gcumas do na taighdeoirí uile saol pearsanta agus gairmiúil a chur le chéile 13 . Ba cheart aird ar leith a thabhairt, inter alia, ar uaireanta oibre solúbtha, ar obair pháirtaimseartha, ar chianobair agus ar shaoire shabóideach, agus ar na forálacha airgeadais agus riaracháin is gá lena rialaítear na socruithe sin. Ba cheart d’fhostóirí timpeallacht oibre a sholáthar ina gcuirtear meabhairshláinte agus folláine taighdeoirí chun cinn, lena náirítear nósanna imeachta iomchuí chun foréigean inscnebhunaithe, lena náirítear gnéaschiapadh, a chosc agus a chomhrac.

Timpeallacht taighde

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí taighdeoirí a áirithiú go gcruthófar an timpeallacht taighde nó oiliúna taighde is spreagúla ina gcuirtear ar fáil trealamh, saoráidí agus deiseanna iomchuí, lena n‑áirítear le haghaidh cian‑chomhoibriú thar líonraí taighde, agus an leibhéal sláinte agus sábháilteachta is airde i gcomhréir le rialacháin an Aontais, náisiúnta nó earnálacha. Ba cheart do chisteoirí a áirithiú go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun tacú leis an gclár oibre comhaontaithe. Go háirithe, tá sé tábhachtach foireann tacaíochta cáilithe a bheith ann (e.g. gairmithe, lena n‑áirítear bainisteoirí taighde agus riarthóirí).

Gearáin/achomhairc

Ba cheart d‘fhostóirí agus/nó do chisteoirí taighdeoirí, i gcomhréir le rialacha agus rialacháin ábhartha an dlí náisiúnta, dhlí an Aontais nó an dlí idirnáisiúnta, nósanna imeachta iomchuí a bhunú, i bhfoirm ombudsman neamhchlaonta b’fhéidir, chun déileáil le gearáin/achomhairc taighdeoirí, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le coinbhleachtaí idir stiúrthóirí agus taighdeoirí na Chéad Chéime (R1)/taighdeoirí Aitheanta (R2). Leis na nósanna imeachta sin, ba cheart cúnamh rúnda agus neamhfhoirmiúil a chur ar fáil do gach ball foirne taighde chun coinbhleachtaí, díospóidí agus casaoidí a bhaineann leis an obair a réiteach, agus é d’aidhm acu cóir chothrom agus chomhionann a chur chun cinn laistigh den institiúid agus feabhas a chur ar cháilíocht fhoriomlán na timpeallachta oibre.

Rannpháirtíocht i rialachas eagraíochta

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí a aithint go bhfuil sé cuí agus cóir, agus go deimhin inmhianaithe, ionadaíocht a bheith ag taighdeoirí i gcomhlachtaí ábhartha faisnéise, comhairliúcháin agus cinnteoireachta na ninstitiúidí lena noibríonn siad, chun a leasanna aonair agus comhchoiteanna mar ghairmithe a chosaint agus a chur chun cinn agus chun rannchuidiú go gníomhach le feidhmiú na hinstitiúide 14 .

Cistiú agus tuarastail

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí taighdeoirí a áirithiú go bhfuil taighdeoirí, gan beann ar a stádas, ag teacht ar dhálaí luacha saothair atá cóir agus tarraingteach (cistiú agus/nó tuarastail) ag a bhfuil forálacha slándála sóisialta oiriúnacha agus cothromasacha (lena n‑áirítear sochair bhreoiteachta agus thuismitheora, cearta pinsin agus sochair dhífhostaíochta, sochair easláine agus sochair i leith tionóiscí ag an obair agus galar ceirde) i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana agus le comhaontuithe cómhargála náisiúnta nó earnálacha. Ní mór taighdeoirí ag gach céim den ghairm a bheith san áireamh leis sin, lena n‑áirítear taighdeoirí na Chéad Chéime (R1), i gcomhréir lena stádas dlíthiúil, lena bhfeidhmíocht agus lena leibhéal cáilíochtaí agus/nó freagrachtaí. Ba cheart taighdeoirí a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n‑oibleagáidí maidir le tuiscint a fháil ar conas a ghearrtar cáin ar a dtuarastail, agus ba cheart faisnéis thrédhearcach a chur ar fáil dóibh maidir le cearta cosanta sóisialta amhail cearta pinsin náisiúnta.

(2)Cobhsaíocht fostaíochta

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí gníomhaíochtaí daingne a dhéanamh chun feiniméan na héiginnteachta a chomhrac agus chun tacú le slándáil agus cobhsaíocht post lena n‑áirítear trí bhíthin uastréimhse theoranta iomlán le haghaidh ceapacháin ar théarma seasta, agus uastairseach molta d’aon trian de chonarthaí ar théarma seasta in acmhainní daonna uile na dtaighdeoirí d’fhostóir ar leith. Nuair a bhíonn cúraimí taighde buana nó fadtéarmacha nó cúraimí taighde athfhillteacha á gcomhlíonadh, is iad na conarthaí buana nó na conarthaí neamhiata an ionstraim iomchuí.

Poist iardhochtúireachta (R2)

Is ceist ar leith sa saol acadúil í éiginnteacht na fostaíochta. Chun an staid sin a chomhrac agus chun tacú le slándáil agus cobhsaíocht post, ba cheart do na hinstitiúidí a cheapann taighdeoirí iardhochtúireachta rialacha soiléire agus treoirlínte sainráite a bhunú maidir le hearcú agus ceapadh taighdeoirí iardhochtúireachta (R2), lena n‑áirítear fad uasta agus cuspóirí na gceapachán sin. Ba cheart go mbreithneofaí sna treoirlínte sin am a caitheadh i gceapacháin iardhochtúireachta roimhe sin in institiúidí eile agus a chur san áireamh gur cheart an stádas iardhochtúireachta a bheith idirthréimhseach, agus é mar phríomhchuspóir deiseanna breise forbartha gairmiúla a chur ar fáil do ghairm sa taighde i gcomhthéacs ionchais ghairme fhadtéarmacha ag a bhfuil conradh seasta nó tionacht.

(3)Oibleagáidí conarthacha agus dlíthiúla

Ní mór do thaighdeoirí ar gach leibhéal a bheith eolach ar na rialacháin náisiúnta, earnála nó institiúideacha lena rialaítear oiliúint agus/nó dálaí oibre. Áirítear leis sin rialacháin maidir le Cearta Maoine Intleachtúla, agus ceanglais agus coinníollacha aon urraitheora nó cisteoirí, go neamhspleách ar chineál a gconartha. Ba chóir d’fhostóirí agus cisteoirí cóipeanna de na doiciméid seo a sholáthar i mBéarla. Ba cheart do thaighdeoirí cloí leis na rialacháin sin trí na torthaí a cheanglaítear a sheachadadh (e.g. tráchtas, foilseacháin, paitinní, tuarascálacha, forbairt táirgí nua, etc.) mar a leagtar amach i dtéarmaí agus i gcoinníollacha an chonartha nó an doiciméid choibhéisigh.

Ba cheart do thaighdeoirí cleachtais oibre shábháilte a ghlacadh i gcónaí, i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus le reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n‑áirítear na réamhchúraimí is gá a dhéanamh maidir le sláinte agus sábháilteacht agus maidir le téarnamh ó ionsaithe cibearshlándála, tubaistí teicneolaíochta faisnéise, e.g., trí straitéisí cúltaca cuí a ullmhú. Ba cheart dóibh a bheith eolach freisin ar na ceanglais dlí náisiúnta agus ar cheanglais dlí an Aontais atá ann faoi láthair maidir leis na ceanglais i dtaca le cosaint sonraí agus i dtaca le cosaint rúndachta agus ba cheart dóibh na bearta is gá a dhéanamh chun iad a chomhlíonadh i gcónaí.

(4)Scaipeadh agus saothrú torthaí

Ba cheart do gach taighdeoir an Eolaíocht Oscailte a chleachtadh chun a áirithiú, i gcomhréir lena socruithe conarthacha, go ndéanfar torthaí a dtaighde a scaipeadh, a chur ar fáil go hoscailte agus a shaothrú, e.g. na torthaí a chur in iúl, a aistriú go suíomhanna taighde eile agus, más iomchuí, a thráchtálú. Meastar go mbeidh taighdeoirí sinsearacha ar thús cadhnaíochta chun a áirithiú go bhfuil an taighde torthúil agus go ndéantar na torthaí a shaothrú ar bhonn tráchtála nó go gcuirtear ar fáil don phobal iad (nó an dá rud) aon uair a thagann an deis chun cinn.

Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí na dtaighdeoirí iad a éascú i ndáil leis sin tríd an oiliúint ábhartha scileanna agus trí rochtain ar an gcistiú, ar an mbonneagar agus ar an tacaíocht iomchuí. Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí rannpháirtíocht na dtaighdeoirí san Eolaíocht Oscailte a aithint, a dhreasú agus a chúiteamh i dtaca le hearcaíocht, dul chun cinn gairme agus measúnú ar chlár cistiúcháin.

Sócmhainní Intleachtúla lena n‑áirítear Cearta Maoine Intleachtúla

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí a áirithiú go gcúitítear taighdeoirí ag gach céim den ghairm go leordhóthanach as na tairbhí a eascraíonn as saothrú (más ann dóibh) thorthaí a ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, i gcás inarb iomchuí trí chomhúinéireacht na gceart maoine intleachtúla a ráthú amhail cóipcheart. Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí aghaidh a thabhairt air sin go sainráite ina straitéis bhainistíochta um shócmhainní intleachtúla agus ba cheart dóibh an straitéis sin a chur ar fáil go poiblí. Leis an straitéis bhainistíochta um shócmhainní intleachtúla, ba cheart cruthú, bainistiú, úinéireacht agus úsáid gach cineáil sócmhainní intleachtúla a chumhdach (lena n‑áirítear sonraí, fios gnó, caighdeáin), agus tacú leis an Eolaíocht Oscailte.

Ba cheart tagairt shainráite a dhéanamh sa straitéis d‘fhorálacha úinéireachta agus do chearta rochtana do thaighdeoirí agus/nó, i gcás inarb infheidhme, dá bhfostóirí nó dá bpáirtithe eile, lena náirítear comhpháirtithe tionscail, mar a fhoráiltear dó sin faoi chomhaontuithe comhair sonracha nó faoi chineálacha eile comhaontaithe 15 .

Rannpháirtíocht an Phobail

Ba cheart do thaighdeoirí a áirithiú go gcuirtear a ngníomhaíochtaí taighde in iúl don phobail i gcoitinne ar bhealach gur féidir le neamhspeisialtóirí iad a thuiscint, lena gcuirfí feabhas ar thuiscint an phobail ar an eolaíocht. Le rannpháirtíocht dhíreach leis an tsochaí shibhialta agus leis na saoránaigh, cuideofar le taighdeoirí tuiscint níos fearr a fháil ar leas an phobail i dtosaíochtaí don taighde agus ar ábhair imní an phobail, agus leas a bhaint as acmhainneacht an chomhdhearaidh agus an chomhchruthaithe leis an tsochaí i gcás inarb ábhartha.



COLÚN 4 -GAIRMEACHA TAIGHDE AGUS FORBAIRT TALLAINNE

1.GAIRMEACHA ÉAGSÚLA TAIGHDE A LUACHÁIL

2.FORBAIRT GAIRME AGUS COMHAIRLE

3.FORBAIRT GHAIRMIÚIL LEANÚNACH

4.MAOIRSEACHT AGUS MEANTÓIREACHT

Tá an pobal taighde éagsúil ó thaobh tallann, scileanna, acmhainní, agus inniúlachtaí agus ról de. Dá mhéad a chothaítear agus a fhorbraítear na daoine tréitheacha sin, is ea is fearr cáilíocht an taighde, agus ábharthacht shochaíoch an eolais a tháirgtear. Tá gá le forbairt ghairmiúil leanúnach mar aon le hoiliúint scileanna a spreagadh chun inniúlacht a choinneáil ar bun agus raon leathan deiseanna gairme a chur ar fáil do thaighdeoirí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.

(1)Gairmeacha Éagsúla Taighde a Luacháil

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí a aithint go bhféadfadh gairmeacha éagsúla a bheith ag taighdeoirí sa taighde agus i bhfeidhmeanna eile. Is iondúil go n‑áirítear le héagsúlú soghluaisteacht de gach cineál: soghluaisteacht idirnáisiúnta, idirearnálach, idirinstitiúideach, idirdhisciplíneach agus thrasdisciplíneach agus fhíorúil. Chuige sin, tá gá le measúnú cáilíochta atá bunaithe níos mó ar thallann agus atá níos íogaire ó thaobh éagsúlachta de, lena gcothaítear úsáid fhreagrach na méadrachta, agus breithniú á dhéanamh ar rannchuidithe éagsúla agus ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu, ar ghníomhaíochtaí agus ar chleachtais éagsúla amhail teagasc agus scileanna, athbhreithniú piaraí, bainistiú taighde agus ceannaireacht, maoirseacht, meantóireacht, luachshocrú eolais, fiontraíocht agus comhar leis an tionscal, seirbhísí don tsochaí, cumarsáid eolaíochta agus idirghníomhaíocht leis an tsochaí, déine mhodheolaíoch agus cleachtais Eolaíochta Oscailte, eolaíocht foirne, i measc nithe eile chomh maith leis an tsoghluaisteacht.

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí bearta a chur i bhfeidhm chun taighdeoirí, go háirithe taighdeoirí luathghairme, a chur ar an eolas maidir leis na deiseanna atá ar fáil i ngach earnáil ábhartha agus chun cultúr d’éagsúlú gairmeacha a chur chun cinn le haghaidh forbairt phearsanta agus ghairmiúil níos fearr. Chuige sin, beidh gá le seirbhísí comhairleacha agus tacaíochta gairme chun soghluaisteacht idirearnálach, idirdhisciplíneach agus gheografach a spreagadh, chomh maith le gníomhaíochtaí fiontraíochta a chruthú agus a fhorbairt.

(2)Forbairt Gairme agus Comhairle

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí taighdeoirí, faoi chuimsiú a mbainistíochta acmhainní daonna más féidir, straitéis shonrach forbartha gairme a tharraingt suas do thaighdeoirí ag gach céim dá ngairm, gan beann ar a staid chonarthach, lena n‑áirítear do thaighdeoirí ar chonarthaí ar théarma seasta. Sa chomhthéacs seo, ba cheart tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí chun plean gairme aonair a fhorbairt chun an oiliúint agus an taighde is gá a shainaithint chun a spriocanna gairme a bhaint amach. Ba cheart go n‑áireofaí ann infhaighteacht meantóirí a bhfuil baint acu le tacaíocht agus treoir a chur ar fáil d’fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil taighdeoirí, agus ar an gcaoi sin iad a spreagadh agus rannchuidiú le haon éiginnteacht ina dtodhchaí ghairmiúil a laghdú. Ba cheart gach taighdeoir a chur ar an eolas maidir leis na forálacha agus na socruithe sin agus a bheith réamhghníomhach agus freagrach as a bhforbairt ghairme.

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí gairmthreoir agus cúnamh socrúcháin fostaíochta atá inrochtana agus cothrom le dáta a áirithiú sna hinstitiúidí lena mbaineann, nó trí chomhar le struchtúir eile, lena soláthraítear faisnéis, treoraíocht agus tacaíocht maidir le forbairt gairme laistigh den institiúid lena mbaineann agus lasmuigh di. Déanfar é sin a thairiscint do thaighdeoirí ag gach céim dá ngairm, gan beann ar a staid chonarthach

(3)Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Ba cheart do thaighdeoirí ag gach céim dá ngairm deiseanna a lorg go réamhghníomhach agus ba cheart dá bhfostóir/dá gcisteoir deiseanna a thabhairt dóibh chun feabhas a chur orthu féin go leanúnach trína scileanna agus trína ninniúlachtaí a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú go tráthrialta. Féadfar é sin a bhaint amach trí bhealaí éagsúla, lena náirítear oiliúint fhoirmiúil, ceardlanna, comhdhálacha agus ríomhfhoghlaim nó comhar laistigh d’fhoireann agus de na líonraí faoi seach, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an oiliúint do Thaighdeoirí na Chéad Chéime (R1), ar iarrthóirí PhD ag tús dá ngairm sa taighde a bhformhór 16 .

Rochtain ar oiliúint taighde agus forbairt leanúnach

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí a áirithiú go dtabharfar an deis do thaighdeoirí ag gach céim dá ngairmeacha, gan beann ar a staid chonarthach, chun forbairt ghairmiúil a dhéanamh agus chun feabhas a chur a n‑infhostaitheacht trí rochtain a fháil ar bhearta chun scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt go leanúnach. Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí gníomhaíocht a dhéanamh chun tacú le forbairt agus soláthar oiliúna spriocdhírithe, lena n‑áirítear i bhfoirm micridhintiúr, chun deiseanna uas‑scilithe agus athscilithe a áirithiú do thaighdeoirí ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil agus chun soghluaisteacht idirearnálach agus idirdhisciplíneach a chothú. Ba cheart measúnú tráthrialta a dhéanamh ar na bearta sin i dtaca lena n‑inrochtaineacht, a nglacadh agus a n‑éifeachtacht chun feabhas a chur ar inniúlachtaí, ar scileanna agus ar infhostaitheacht.

Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí ábharthacht leordhóthanach a shannadh don ghá atá le hinniúlachtaí fiontraíochta a chothú i dtaighdeoirí, agus é de chuspóir acu ligean dóibh siúd a thugann faoi chonair ghairme fiontraíochta a gcumas táirgthe eolais a nascadh le hoilteacht sa luachshocrú eolais, agus smaointe nuálacha a iompú ina ngnó agus nuálaíocht agus dul chun cinn a chothú.

Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí bearta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar oiliúint dochtúireachta a oirúnú do ghairmeacha idir-inoibritheacha i ngach earnáil ábhartha agus do chleachtas na hEolaíochta Oscailte, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as an gCreat Eorpach Inniúlachta do Thaighdeoirí (ResearchComp) agus as aon tionscnamh eile a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo chun scileanna idirdhisciplíneacha taighdeoirí a neartú.

Bailíochtú scileanna

Mar chuid de thacair scileanna taighdeoirí a leathnú, ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí foráil a dhéanamh maidir le measúnú agus meastóireacht iomchuí a dhéanamh ar oiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil lena n‑áirítear scileanna agus oiliúint sa láthair oibre, go háirithe i gcomhthéacs na soghluaisteachta idirnáisiúnta agus gairmiúla. Ba cheart an measúnú a dhéanamh ar chritéir chomhchuibhithe, ar bhealach cothrom agus trédhearcach laistigh de thréimhse ama réasúnach.

Teagasc

Is modh fíor-riachtanach é an teagasc chun eolas a struchtúrú agus a scaipeadh agus is rogha luachmhar é laistigh de chonair gairme an taighdeora. Ba chóir don teagasc tairbhiú den eolas eolaíochta agus úsáid a bhaint as an eolas sin agus spéis taighde a chur chun cinn i measc mac léinn. Ba cheart tacaíocht agus aitheantas iomlán a thabhairt do rannpháirtíocht taighdeoirí sa teagasc, agus d’fhéadfadh sé a bheith éagsúil ag tráthanna éagsúla laistigh de ghairm. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thaighdeoirí ag tús a ngairmeacha, lena n‑áirithítear go dtugtar tacaíocht cheart dóibh agus go bhfuil freagrachtaí teagaisc (lena n‑áirítear léachtóireacht, teagasc, maoirseacht agus meantóireacht) comhoiriúnach lena ngníomhaíochtaí taighde nó lena n‑oiliúint taighde.

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí a áirithiú go dtugtar luach saothair leordhóthanach do dhualgais teagaisc agus go gcuirtear san áireamh iad sna córais mheastóireachta/bhreithmheasa ó chéim luath de ghairmeacha taighdeoirí. Ba cheart a áirithiú freisin go n‑áireofar mar chuid dá ngealltanas teagaisc an t‑am a chaitheann baill foirne shinsearacha ar oiliúint agus ar mheantóireacht thaighdeoirí na Chéad Chéime agus an Dara Céim (R1, R2). Ba cheart oiliúint oiriúnach a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí teagaisc agus cóitseála mar chuid d’oiliúint tosaigh agus d’fhorbairt ghairmiúil taighdeoirí.

(4)Maoirseacht agus Meantóireacht

Tá bainistíocht chuí daoine agus foirne ríthábhachtach i dtimpeallachtaí oibre taighde toisc gur iarracht chomhpháirteach í an eolaíocht, de réir sainmhínithe. Ba cheart an oiliúint, na huirlisí agus na sásraí meastóireachta is gá a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh taighdeoirí sinsearacha agus príomhthaighdeoirí in ann a bhfoireann agus a bhfoirne a bhainistiú ar bhealach cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, saor ó chlaontacht inscne agus ó chineálacha eile claontachtaí, agus go mbeidh siad in ann caidreamh tairbheach agus comhoibríoch a bhunú lena bpiaraí. Ba cheart go rannchuideodh an méid sin le timpeallachtaí a chruthú atá sláintiúil, cothrom agus cruthaitheach ina dtugtar meas do chách, ina bhfuil gach duine spreagtha mar is cóir, ina dtugtar aitheantas dóibh agus ina gcothaítear a bhfolláine.

Ba cheart d’fhostóirí agus/nó do chisteoirí a áirithiú go n‑aithnítear go soiléir duine nó grúpa daoine ar féidir le taighdeoirí na Chéad Chéime (R1) agus taighdeoirí Aitheanta (R2) dul i gcomhairle leo maidir le feidhmíocht a ndualgas gairmiúil agus ba cheart dóibh na taighdeoirí a chur ar an eolas da réir.

Ba cheart a shainiú go soiléir sna socruithe sin go bhfuil leibhéal leordhóthanach saineolais ag an stiúrthóir nó ag na stiúrthóirí atá beartaithe maidir le taighde a stiúradh agus go mbeidh an t‑am agus an gealltanas acu chun bheith in ann tacaíocht iomchuí a thabhairt don oiliúnaí taighde agus foráil a dhéanamh maidir leis na nósanna imeachta dul chun cinn agus athbhreithnithe is gá, chomh maith leis na sásraí aiseolais is gá.

I dTreoirlínte Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA) i dtaca le Maoirseacht 17 , soláthraítear forálacha sonracha maidir le comhtháthú, tacaíocht taighde agus forbairt ghairme taighdeoirí, maidir lena meantóireacht agus maidir lena bhfolláine, maidir le cumarsáid agus maidir le réiteach coinbhleachtaí, chomh maith le hoiliúint agus forbairt ghairmiúil stiúrthóirí. Is sraith moltaí le haghaidh daoine aonair agus institiúidí a fhaigheann cistiú MSCA.iad Treoirlínte MSCA maidir le Maoirseacht. Cuirtear chun cinn leis na Treoirlínte maoirseacht éifeachtach, meantóireacht agus gairmthreoir iomchuí.

Caidreamh le stiúrthóirí

Ba cheart caidreamh struchtúrtha agus tráthrialta a bheith ag taighdeoirí lena stiúrthóirí agus lena n‑ionadaithe dáimhe/roinne le linn a gcéime oiliúna agus ba cheart dóibh a bheith in ann leas iomlán a bhaint as an gcaidreamh atá acu leo. Ba cheart do stiúrthóirí tacú go gníomhach freisin go háirithe le taighdeoirí luathchéime trí chruinnithe aiseolais a eagrú leo agus trí ghníomhaíochtaí oiliúna atá ábhartha dá gcuid oibre a chur chun cinn.

Áirítear leis sin taifid a choimeád ar gach dul chun cinn oibre agus ar gach toradh taighde, aiseolas a fháil trí bhíthin tuarascálacha agus seimineáir, aiseolas den sórt sin a chur i bhfeidhm agus oibriú i gcomhréir le sceidil, garspriocanna, táirgí insoláthartha agus/nó aschuir taighde arna gcomhaontú.

Taighdeoirí sinsearacha

Ba cheart do thaighdeoirí sinsearacha (R3 agus R4) aird ar leith a thabhairt ar a ról ilghnéitheach mar stiúrthóirí, mar mheantóirí, mar chomhairleoirí gairme, mar cheannairí, mar chomhordaitheoirí tionscadail, mar bhainisteoirí nó mar chumarsáidithe eolaíochta. Ba cheart dóibh na cúraimí sin a dhéanamh de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde agus rochtain a bheith acu ar an oiliúint iomchuí. Maidir lena ról mar stiúrthóirí nó mar mheantóirí ar thaighdeoirí, ba cheart do thaighdeoirí sinsearacha caidreamh cuiditheach agus dearfach a fhorbairt le taighdeoirí na Chéad Chéime (R1) agus le taighdeoirí Aitheanta (R2), chun na dálaí a leagan síos maidir le haistriú éifeachtúil eolais agus chun forbairt rathúil bhreise a dhéanamh ar a ngairmeacha. Tá an‑chuid freagrachta ag baint leis an ról seo chun tacú le forbairt gairme na dtaighdeoirí R1 agus R2 agus taithí agus luachanna á gcur in iúl acu i dtimpeallacht iontaofa rúnda.

(1)    Ní bheartaítear go mbeadh na samplaí uileghabhálach ach léiríonn siad cineálacha na dteideal le haghaidh taighdeoirí ar fud phróifílí R1-R4 agus ar fud na n‑earnálacha uile. D’fhéadfadh roinnt gairmeacha taighdeora a bheith le feiceáil i níos mó ná R1-R4 amháin i gcás ina gcinnteofar cinneadh na próifíle cás ar chás agus braithfidh sé ar leibhéal an neamhspleáchais, taithí, agus aitheantais. Áirítear cuid de na samplaí (amhail sainchomhairleoir agus comhairleoir/oifigeach beartais) ag glacadh leis go gcuimsítear leis an ngairm gníomhaíochtaí taighde iarbhír.Tá na próifílí R1-R4 ábhartha maidir le taighdeoirí amháin agus níl siad ábhartha maidir le bainistíocht taighde. D’fhéadfaí cineálacha comhchosúla próifílí a mheas le haghaidh bainistíocht taighde nuair a leagfar amach an catagóir go leordhóthanach.
(2)    Conclúidí ón gComhairle maidir le Sláine Taighde 14853/15 (2015), https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-14853-2015-INIT/en/pdf.
(3)    Dul i nGleic leis an gCur Isteach Eachtrach ar Thaigdhe agus ar Nuálaíocht, an Coimisiún Eorpach (Doiciméad Inmheánach Oibre), 2022, doi:10.2777/513746.
(4)    Mar shampla, an Cód Eorpach le haghaidh Sláine Taighde ALLEA (2017), https://allea.org/code-of-conduct/.
(5)    Féach airteagal 13 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Dearbhú Bonn maidir le Saoirse an Taighde Eolaíoch, a Glacadh ag an gComhdháil Aireachta maidir leis an Limistéar Eorpach Taighde an 20 Deireadh Fómhair 2020 in Bonn, https://www.bmbf.de/bmbf/shareddocs/downloads/files/_drp-efr-bonner_erklaerung_en_with-signatures_maerz_2021.pdf?__blob=publicationFile&v=1.
(6)    Conclúidí ón gComhairle, An t‑aistriú i dtreo córas Eolaíochta Oscailte, 9526/16 27 Bealtaine 2016.
(7)    Féach https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/policies/justice-and-fundamental-rights/gender-equality/gender-equality-strategy_ga agus   https://eige.europa.eu/gender-mainstreaming/toolkits/gear/what-gender-equality-plan-gep .
(8)    i.e., cian-chomhoibriú thar líonraí agus thar bhonneagair leictreonacha.
(9)    Cairt Ghlas Ghníomhaíochtaí Marie Sklodowska Curie, https://marie-sklodowska-curie-actions.ec.europa.eu/about-msca/msca-green-charter.
(10)    Comhaontú maidir le Measúnú Taighde a Athchóiriú (2022) https://coara.eu/app/uploads/2022/09/2022_07_19_rra_agreement_final.pdf.
(11)    Ba cheart na hionstraimí uile atá ar fáil a úsáid, acmhainní gréasánbhunaithe atá inrochtana go hidirnáisiúnta nó ar fud an domhain amhail an Tairseach EURAXESS: https://euraxess.ec.europa.eu.
(12)    Féach staidéar MORE 4 (2021) - https://cdn5.euraxess.org/sites/default/files/policy_library/more4_final_report.pdf.
(13)

   Féach SEC(2005) 260, Mná agus an Eolaíocht: Barr Feabhais agus Nuálaíocht – An Comhionannas Inscne san Eolaíocht.

(14)

   Sa chomhthéacs sin féach freisin Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo - Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe, (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).

(15)    Tá tuilleadh moltaí le fáil sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le Cód Cleachtais le haghaidh Bainistiú Sócmhainní Intleachtúla, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32008H0416.
(16)    Mar shampla, féach Prionsabail maidir le hoiliúint nuálach dochtúireachta (2011) https://euraxess.ec.europa.eu/sites/default/files/policy_library/principles_for_innovative_doctoral_training.pdf, Prionsabail Salzburg (2016) https://www.eua-cde.org/downloads/publications/2016_euacde_doctoral-salzburg-implementation-new-challenges.pdf, Prionsabail Hannover (2022) https://www.uclpress.co.uk/products/176626?_pos=1&_sid=d5bf44607&_ss=r.
(17)    https://marie-sklodowska-curie-actions.ec.europa.eu/about-msca/msca-guidelines-on-supervision.
Top