EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0438

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014

COM/2018/438 final

An Bhruiséil,6.6.2018

COM(2018) 438 final

2018/0228(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2018) 292 final}
{SWD(2018) 312 final}
{SWD(2018) 313 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Is é is aidhm don togra seo an bunús dlí don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) a bhunú don tréimhse tar éis 2020. Foráiltear leis gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á chur i láthair le haghaidh Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as Euratom ar bhonn Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, fógra a fuair Comhairle na hEorpa an 29 Márta 2017.

Forais agus cuspóirí an togra

Thíolaic an Coimisiún togra an 2 Bealtaine 2018 a thogra 1 maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil tar éis 2020, inar cuireadh san áireamh EUR 42,265 milliún don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Chun cruthú post a spreagadh agus fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach, tá bonneagar ardfheidhmíochta atá cothrom le dáta de dhíth ar an Aontas chun an tAontas agus a réigiúin uile a nascadh agus a chomhtháthú in earnáil an iompair, in earnáil na teileachumarsáide agus in earnáil an fhuinnimh. Tá na naisc sin ríthábhachtach i dtaca le saorghluaiseacht daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí. Déanann na gréasáin thras-Eorpacha naisc thrasteorann a éascú agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chothú, chomh maith le cur le geilleagar margaidh shóisialta níos iomaíche agus an tathrú aeráide a chomhrac.

Is é an fhís ná go rachadh an Eoraip i dtreo gan aon bhás eile, gan aon astaíochtaí, agus soghluaisteacht gan aon pháipéar, le bheith ina cheannaire domhanda maidir le fuinneamh in-athnuaite agus a bheith ar thús cadhnaíochta a fhad a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach. A bhuí le bonneagar atá nua-aimseartha, glan, inbhuanaithe, cuimsitheach, sábháilte agus slán cuirfear sochair inbhraite ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na hEorpa, ionas gur féidir leo taisteal, earraí a loingsiú, agus rochtain a bheith acu ar fhuinneamh agus ar sheirbhísí digiteacha d’ardchaighdeán ar bhealach éifeachtúil.

Chuige sin, tacaíonn an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le hinfheistíocht i mbonneagar iompair, fuinnimh agus digiteach trí na gréasáin thras-Eorpacha a fhorbairt (TEN). Sa tréimhse 2021-2027, tá sé beartaithe freisin go gcuirfeadh sé le comhar trasteorann maidir le giniúint fuinnimh in-athnuaite chun cinn freisin.

Díríonn an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ar na tionscadail ag a bhfuil an breisluach Eorpach is airde, agus ar na hinfheistíochtaí i dtreo tionscadal a bhfuil tionchar trasteorann acu agus córais agus seirbhísí idir-inoibritheacha uile-Eorpacha, a bhfuil an leanúnachas maidir le maoiniú ina leith tar éis 2020 ríthábhachtach. Lena modus operandi éifeachtúil, tugann SCE aghaidh ar theipeanna margaidh agus cabhraíonn sé le hinfheistíocht bhreise ó fhoinsí eile a ghiaráil, go háirithe ón earnáil phríobháideach, ar bhonn sineirgíochta agus i gcomhlántacht le InvestEU agus cláir eile de chuid an Aontais.

Tá an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa “ceaptha infheistíocht a chothú sna gréasáin thras-Eorpacha. Tá na gréasáin trasteorann agus na comhar trasteorann sin ríthábhachtach ní hamháin d’fheidhmiú an mhargaidh aonair, ach tá siad straitéiseach chomh maith chun an tAontas Fuinnimh agus an Margadh Aonair Digiteach a chur chun feidhme agus modhanna iompair inbhuanaithe a fhorbairt. Gan idirghabháil ón Aontas, níl aon dreasacht leordhóthanach ann d’oibreoirí príobháideacha agus d’údaráis náisiúnta infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail bhonneagair trasteorann . 2

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir leis an Athrú Aeráide a chur chun feidhme, chomh maith leis an tiomantas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, leagan togra an Choimisiúin do Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 sprioc níos uaillmhianaí síos le haghaidh príomhshruthú aeráide i ngach clár AE, maille le sprioc foriomlán 25 % de chaiteachas AE a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Táthar ag súil go gcuirfidh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa go mór chun an sprioc sin a bhaint amach, agus sprioc go mbeadh 60 % dá imchlúdach ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Déanfar rannchuidiú an Chláir seo le gnóthú an chuspóra fhoriomlán sin a rianú le córas marcóirí aeráide de chuid an Aontais ar leibhéal iomchuí imdhealaithe, lena náirítear modheolaíochtaí níos cruinne a úsáid má tá fáil orthu. Leanfaidh an Coimisiún den fhaisnéis a chur i láthair go bliantúil i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i gcomhthéacs an dréachtbhuiséid bhliantúil.

Chun gur fusa lánleas a bhaint as poitéinseal an chláir rannchuidiú le cuspóirí aeráide, féachfaidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint i rith phróisis ullmhúcháin, cur chun feidhme, athbhreithnithe agus meastóireachta an chláir.

Na riachtanais a bheidh ann amach anseo dícharbónú agus digitiú a dhéanamh ar gheilleagar an Aontais, fágann siad go mbeidh cóineasú níos mó ar an earnáil iompair, an earnáil fuinnimh agus an earnáil dhigiteach. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbainfí leas iomlán as sineirgíochtaí idir na trí earnáil, agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht thacaíocht an Aontais a uasmhéadú. I measc na samplaí de réimsí sineirgíochta, tá soghluaisteacht nasctha agus uathrialach, soghluaisteacht ghlan bunaithe ar bhreoslaí malartacha, stóráil fuinnimh agus eangacha cliste. D’fhonn tionscadail a chuimsíonn níos mó ná earnáil amháin a chur chun cinn, beidh deis ann an ráta cómhaoinithe is airde atá ag na hearnálacha lena mbaineann a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, beidh gach earnáil in ann glacadh le costais choimhdeacha a bhaineann le hearnáil eile a mar chostais incháilithe, mar shampla giniúint fuinnimh in-athnuaite laistigh de thionscadal iompair. D’fhonn tograí trasearnála a dhreasú agus a chur in ord tosaíochta, déanfar gné sineirgíochta na gníomhaíochta atá beartaithe a mheas faoi na critéir dámhachtana. Cuirfear sineirgíochtaí chun feidhme trí chomhchláir oibre agus trí chómhaoiniú a bhfuil baint ag na hearnálacha ábhartha leo.

I gcás iompair, tá sé d’aidhm ag an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa rannchuidiú chun an dá shraith de TEN-T a chur i gcrích: an cnámh droma straitéiseach (i.e. an croíghréasán) faoi 2030 agus an tsraith níos fairsinge (i.e. an gréasán cuimsitheach) faoi 2050. Lena chois sin, tacaíonn sé le húsáid córas Eorpach um bainistiú tráchta, go háirithe maidir le haeriompar agus ar iarnróid, agus cuidítear le haistriú an Aontais chuig soghluaisteacht atá cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach, sábháilte agus slán (e.g. gréasán Eorpach de bhonneagar luchtaithe le haghaidh breoslaí malartacha a bhunú, mar shampla). Meastar go gcruthófar 7.5 milliún post in aghaidh na bliana idir 2017 agus 2030 chun an croíghréasán TEN-T a chur i gcrích faoi 2030 agus go mbeidh méadú 1.6 % ar olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais in 2030.

Ina theannta sin, tar éis Theachtaireacht Chomhpháirteach na Samhna 2017 maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata a fheabhsú san Aontas Eorpach 3 agus Phlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata a ghlac an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 28 Márta 2018 4 , ba cheart cistiú ón Aontas chun tionscadail iompair déúsáide shibhialta/mhíleata a chur chun feidhme trí SCE.

I dtaca le fuinneamh, táthar ag díriú ar na gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha a chríochnú trí thionscadail leasa choitinn a fhorbairt maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh a chomhtháthú tuilleadh agus le hidir-inoibritheacht na ngréasán thar theorainneacha agus earnálacha; forbairt inbhuanaithe trí dhícharbónú a chumasú, go háirithe trí fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú; agus slándáil an tsoláthair inter alia trí an mbonneagar a dhéanamh níos cliste agus a dhigitiú. Cuidíonn sé freisin le cuspóirí Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, chomh maith le cuspóirí fuinnimh agus aeráide 2030 agus cuspóirí fadtéarmacha dícharbónaithe, a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú trí bhonneagar iomchuí a fhorbairt agus trí thacú le líon teoranta tionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite.

San earnáil dhigiteach, leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, is féidir le saoránaigh, gnólachtaí agus riaracháin phoiblí an leas is mó is féidir a bhaint as an Margadh Aonair Digiteach. Tacaíonn úsáid líonraí digiteacha ard-acmhainneachta ina bhfuil leibhéal ard slándála le gach seirbhís nuálach dhigiteach, lena náirítear soghluaisteacht cheangailte agus seirbhísí eile a bhaineann le leas an phobail. Ina theannta sin, cuidíonn sé chun a áirithiú go mbeidh naisc leathanbhanda atá dírithe ar an todhchaí (1 Gbit/soicind) ag na príomhspreagthóirí socheacnamaíocha ar fad amhail scoileanna, ospidéil, moil iompair, príomhsholáthraithe seirbhísí poiblí agus fiontair dhlúthdhigiteacha faoi 2025. Cuireann sé le nascacht fhoriomlán leis an Idirlíon na gcríoch Eorpach uile, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

Is é cuspóir ginearálta SCE tacú le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach san earnáil iompair, san earnáil fuinnimh agus sa earnáil dhigiteach, ó thaobh na ngréasán tras-Eorpach, trí infheistíochtaí i dtionscadail leasa choitinn a chumasú nó a luathú, agus chun tacú le comhar trasteorann ar ghiniúint fuinnimh in-athnuaite. Beidh sé d’aidhm aige an tairbhe is fearr a bhaint as sineirgíochtaí idir na hearnálacha a chumhdaítear leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus le cláir eile an Aontais.

In earnáil an iompair, rannchuidíonn an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le cuspóirí fadtéarmacha an Aontais Eorpaigh i dtaca le croíghréasán TEN-T a chur i gcrích faoi 2030 5 agus dul chun cinn a dhéanamh chun an gréasán cuimsitheach TEN-T a chur i gcrích faoi 2050. Ar áireamh sa mhéid sin tá an taistriú i dtreo soghluaisteacht ghlan , iomaíoch agus nasctha 6 , SESAR agus an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) a chur in úsáid agus an taistriú ísealcharbóin trí bhonneagar nuálach lena náirítear cnámh droma bonneagair an Aontais faoi 2025.

In earnáil an fhuinnimh, rannchuidíonn SCE le cur i gcrích na gconairí agus le réimsí téamacha 7 , i gcomhréir le cuspóirí “Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar fad” 8 , chun feidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais um fhuinneamh a áirithiú sholáthróidh cinnteacht an tsoláthair (inter alia, trí bhíthin an bonneagar a dhéanamh níos cliste agus a dhigitiú) agus rannchuidiú le cuspóirí na forbartha inbhuanaithe agus leis an aeráid trí fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú.

I gcás foinsí fuinnimh in-athnuaite, rannchuideoidh an SCE le sprioc 2030 an Aontais atá beartaithe a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, i dtaca leis an aistriú fuinnimh agus le príomhshruthú na mbeartas um fhuinneamh in-athnuaite lena náirítear cúpláil na hearnála.

San earnáil dhigiteach, rannchuidíonn SCE le bonneagar na sochaí ghigighiotáin 9 a bhaint amach , mar atá an bhunchoinníoll a bhaineann le bonneagar digiteach aonair 10 a bhaint amach don earnáil dhigiteach , agus an bonneagar is gá a chur ar fáil chun tacú go cuí le hathrú aeráide an gheilleagair agus na sochaí ar fud an Aontais Eorpaigh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tabharfar méideanna éagsúla tacaíochta don bhonneagar iompair, fuinnimh agus digiteach ó roinnt clár agus ionstraimí éagsúla de chuid AE, lena náirítear, SCE, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe, Fís Eorpach, InvestEU agus LIFE. Tá sé tábhachtach an úsáid is éifeachtúla a bhaint as cláir agus ionstraimí maoinithe éagsúla an Aontais agus, ar an gcaoi sin, comhlántacht agus breisluach na ninfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas a uasmhéadú. Bhainfí é sin amach trí phróiseas infheistíochta cuíchóirithe lena gcumasófar léargas ar na bacáin i réimse an iompair agus comhsheasmhacht i gcláir ábhartha de chuid an Aontais, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

Ba cheart bearta an Chláir a úsáid chun dul i ngleic le teipeanna margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamacha, ar bhealach comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú agus ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith acu. Áiritheoidh sin comhsheasmhacht idir gníomhaíochtaí an chláir agus rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair, agus seachnófar saobhadh míchuí iomaíochta sa mhargadh inmheánach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá gréasáin thras-Eorpacha cumhdaithe faoi Airteagal 170 CFAE, Airteagal a shonraíonn: “Rannchuideoidh an tAontas le gréasáin thras-Eorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh”. Tá ceart AE chun gníomhú i réimse an mhaoinithe bhonneagair leagtha amach in Airteagal 171, Airteagal a fhorálann go bhféadfaidh an tAontas "tacú le tionscadail chomhleasa lena dtacaíonn na Ballstáit (...)go háirithe trí bhíthin staidéar indéantachta, ráthaíochtaí iasachta nó fóirdheontas úis". Sonraíonn Airteagal 172 CFAE go "nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, na treoirlínte agus na bearta eile dá dtagraítear in Airteagal 171(1)".

Tá cur chun cinn na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite cumhdaithe faoi Airteagal 194 CFAE, ina liostaítear go sainráite é mar cheann de chuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais. Ós rud é go gcuireann tionscadail in-athnuaite a bhfuil gné thrasteorann acu le gnóthú sprioc an Aontais, sprioc atá beartaithe don bhliain 2030, ba cheart an ionstraim reachtach a bhunú freisin ar Airteagal 194 CFAE.

Sainítear an ionstraim reachtach, agus an cineál tomhais (i.e. cistiú) araon in CFAE, a sholáthraíonn an bunús dlí do SCE, agus a shonraíonn gur féidir na cúraimí, na cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na ngréasán tras-Eorpach a shainiú i rialacháin.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá gníomhaíocht ón Aontas Eorpach ag teastáil go sonrach i ngeall ar scála na bhfadhbanna a ndíríonn SCE orthu toisc go bhfuil gné Eorpach i gceist leo agus is éifeachtúla is féidir déileáil leo ar leibhéal an Aontais, rud a fhágann sochair níos mó ar an iomlán, cur chun feidhme níos gasta agus laghdú ar na costais má oibríonn na Ballstáit le chéile. Tá an gá le hinfheistíocht i ngréasáin TEN thar 2020 an-mhór, agus níos mó ná na hacmhainní atá ar fáil ar leibhéal na mBallstát.

Táthar ag súil leis go mbeidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite á maoiniú tuilleadh ag an margadh amach anseo. Ní dhéanfaí a chúiteamh leis an tacaíocht a d’fhéadfaí a thabhairt sa réimse seo ach an costas a bhaineann leis na bacainní agus easpa dreasachtaí i dtaca leis an gcomhar thar theorainneacha idir Ballstáit, agus/nó na bacainní ar chomhtháthú na hearnála, a shárú. Féadfaidh comhordú den sórt sin idir na Ballstáit barainneachtaí scála a bhaint amach, dúbláil na mbonneagar a sheachaint, cur le húsáid fud fad na hEorpa, cur leis an acmhainneacht atá ar fáil, rannchuidiú le cóineasú beartais agus, dá bharr sin, feabhas a chur ar chomhtháthú breise a dhéanamh ar mhargaí, aistriú eolais agus glacadh agus macasamhlú teicneolaíochtaí nuálacha i margadh baile na hEorpa.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta agus tagann sé faoi raon feidhme na ngníomhaíochtaí i réimse na ngréasán tras-Eorpach, mar atá sainmhínithe in Airteagal 170 CFAE agus in Airteagal 194 CFAE le haghaidh tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite. Tá an ghníomhaíocht a bheartaítear leis an togra seo teoranta go sonrach do ghné Eorpach an iompair, an fhuinnimh agus an bhonneagair dhigitigh agus imlonnú trasteorann foinsí fuinnimh in-athnuaite.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

I gcomhréir le Rialachán SCE reatha 11 , bhí ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na tairbhithe lena mbaineann, tuarascáil 12 a thíolacadh maidir le meastóireacht mheántéarmach na Saoráide um Chónascadh na hEorpa agus maidir leis an gComhairle. Ghlac an Coimisiún an tuarascáil sin an 13 Feabhra 2018 agus bhí doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ag gabháil leis. Sa mheastóireacht rinneadh measúnú ar fheidhmíocht fhoriomlán an Chláir i bhfianaise a chuspóirí ginearálta agus earnálacha, chomh maith leis an méid a baineadh amach mar thoradh ar ghníomhaíocht náisiúnta nó ar ghníomhaíocht an Aontais. I gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr, rinneadh an mheastóireacht de réir cúig chritéar: éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE.

Tríd is tríd, ba mar seo a leanas a bhí conclúidí an mheasúnaithe meántéarma ar SCE:

“Léiríodh sa mheastóireacht, tar éis na chéad trí bliana go leith de chur chun feidhme an chláir SCE, tá ag éirigh go maith leis an gclár, cé go bhfuil sé róluath na torthaí a thomhas mar go bhfuil cur chun feidhme an chláir fós ina thús. Thairis sin, tá sé cruthaithe nach bhfuil táscairí feidhmíochta atá dea-shainithe go leor ná dian go leor sa chreat feidhmíochta dá bhforáiltear sa Rialachán. Agus an tagús seo i gcuimhne, léirigh an mheastóireacht an méid seo a leanas:

·Is ionstraim éifeachtach spriocdhírithe é SCE chun infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar tras-Eorpach (TEN) in earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha. Ón mbliain 2014, tá EUR 25 billiún infheistithe ag an Aontas Eorpach, agus mar thoradh air sin tá isteach is amach le EUR 50 billiún d’infheistíocht fhoriomlán déanta san Aontas Eorpach. Cuireann SCE le cuspóirí an Choimisiúin i ndáil le poist, fás agus infheistíocht, leis an margadh inmheánach, leis an Aontas Fuinnimh, leis an aeráid agus leis an Margadh Aonair Digiteach. Tríd an méid sin a dhéanamh, tá iomaíochas agus nuachóiriú gheilleagar an Aontais Eorpaigh á neartú aige.

·Cruthaíonn SCE luach breise ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit go léir trí thacú le tionscadail nascachta a bhfuil gné thrasteorann i gceist leo. Bronntar an chuid is mó ar na tionscadail seo: naisc atá in easnamh agus deireadh a chur le scrogaill, d’fhonn dea-fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais agus comhtháthú críochach a áirithiú idir na Ballstáit sna hearnálacha iompair, fuinnimh agus dhigiteacha. Fágann na tionscadail fuinnimh go gcuirtear le slándáil an tsoláthair agus le dícharbónú costéifeachtach agus nuachóiriú an gheilleagair freisin. Tá ról lárnach ag SCE freisin chun córais nua uile-Aontais a chur á núsáid sa bhainistíocht agus sábháilteacht tráchta, (e.g. SESAR san eitlíocht, ERTMS i gcomhair iarnród), línte leictreachais ardfheidhmíochta agus eangacha cliste atá riachtanach tosú ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a úsáid go tapa, agus i gcur in úsáid na seirbhísí digiteacha leathanbhanda agus na seirbhísí digiteacha idirnasctha (amhail Sonraí Oscailte, ríomhsheirbhísí Sláinte, ríomhsheirbhísí soláthair, r-Shainaitheantas agus r-Shíniú).

·Tá sé cruthaithe go bhfuil an bhainistíocht dhíreach a dhéantar ar dheontais SCE an-éifeachtúil agus go bhfuil líon mór tionscadal ar na bacáin, mar aon le próiseas roghnúcháin iomaíoch, fócas ar chuspóir beartais an Aontais, cur chun feidhme comhordaithe agus rannpháirtíocht iomlán na mBallstát. Tá teist an-mhaith ag ngníomhaireacht feidhmiúcháin INEA ar bhainistíocht airgeadais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa agus ar an mbuiséad a bharrfheabhsú, go háirithe a bhuí lena solúbthacht ó thaobh airgead nár caitheadh faoi ghníomhaíochtaí áirithe a atreorú go maoiniú ar chinn nua.

·Den chéad uair riamh, rinneadh sciar den bhuiséad le haghaidh an chomhtháthaithe (EUR 11,3 billiún don iompar) a chur i ngníomh faoin gcóras bainistíochta dírí faoi chuimsiú SCE. Rinneadh 100 % den chlúdach airgeadais a leithdháileadh sa chéad leath de thréimhse an chláir, ar chóracha iompair inbhuanaithe, den chuid is mó, beagnach. Cúnamh teicniúil spriocdhírithe, costais riaracháin níos ísle do Bhallstáit, tosaíochtaí cistithe soiléire agus líon iomchuí tionscadal a bheith ar na bacáin a eascraíonn as leanúnachas tionscadal agus staidéar a rinneadh mar thaca le Clár TEN-T nó le hionstraimí um Beartas Comhtháthaithe a rannchuidigh le leithdháileadh gasta cistí.

·Faoi SCE, rinneadh ionstraimí airgeadais nuálacha a úsáid agus a fhorbairt. Níor baineadh an leas céanna astu, áfach, de bharr na ndeiseanna nua atá ann faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha. Tá súil go ndéanfar níos mó d’ionstraimí airgeadais SCE a úsáid sa dara leath den chlár toisc go náiritheofar comhlántacht idir ionstraimí airgeadais sonracha CES agus CEIS sa tréimhse sin.” Táthar ag súil leis go mbeidh Ciste Leathanbhanda na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, a thógann ar ranníocaíochtaí ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus ó CEIS, ag feidhmiú in 2018 agus go maoineoidh sé cur in úsáid céimneach líonraí an ardtoillte i limistéir nach bhfuil seirbhís mar is ceart iontu faoi láthair, rud a fhágann go bhfuil éifeacht ghiarála thábhachtach ag gabháil leo. 

·Fuarthas taithí an-dearfach in 2017 ar dheontais a mheascadh le hionstraimí airgeadais in earnáil an iompair, inar iarraidh maoiniú EUR 2,2 billiún le haghaidh glao ag a raibh buiséad táscach EUR 1 bhilliún, rud a d’fhág gurbh fhéidir deontais a úsáid chun giaráil na gcistí príobháideacha agus poiblí a uasmhéadú.

·Cuireann an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa go mór le sprioc an Aontais 20 % ar a laghad de bhuiséad iomlán an Aontais Eorpaigh a dhíriú ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid.” I réimse an fhuinnimh bhí breis is 50 % de bhuiséad fuinnimh an SCE leithroinnte ar tharchur leictreachais agus eangacha cliste ag rannchuidiú dá bhrí sin leis an aistriú fuinnimh.

·In earnáil na teileachumarsáide, tá sé léirithe tríd an bhfócas a thugann SCE ar sheirbhísí trasteorann le leas an phobail, ar thaobh amháin, agus ar bhonneagar teileachumarsáide agus ríomhaireachta, ar an taobh eile, go bhfuil tionchar tábhachtach ag an gclár chun spriocanna an Aontais maidir le margadh aonair digiteach a bhaint amach, a fhágann gur féidir le saoránaigh agus gnólachtaí rochtain a fháil ar sheirbhísí digiteacha ar ardchaighdeán ar fud na hEorpa. Chuidigh sé chun comhbheartais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm d’fhonn dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, mar shampla claochlú digiteach ar chúram sláinte, cibearshlándáil agus digitiú na rialtas. Mar sin féin, de bharr acmhainní teoranta, ní raibh an ghné theileachumarsáide de SCE in ann tacaíocht a chur ar fáil ach do na chéad chéimeanna maidir le bonneagar digiteach trasteorann iomlán a chur ar fáil i réimsí le leas an phobail.” I bhfianaise an clúdach teoranta a leithdháileadh do leathanbhanda faoi SCE i dtaca le méid na bearna infheistíochta, ba ghá é a chur chun feidhme ar bhealach nuálach agus é a bheith mar aidhm aige an ghiaráil a uasmhéadú d’fhonn éifeachtacht a áirithiú. Mar sin féin, i ngeall ar chastacht na nionstraimí airgeadais, ní bheidh na hinfheistíochtaí ar an láthair le fáil ach ag céim dheireanach i gcur chun feidhme an chláir.

·“Rinneadh sineirgíochtaí trasearnála a thástáil freisin faoi SCE, ach chuir an creat dlíthiúil/buiséadach reatha srian ar an méid a d’fhéadfaí a bhaint amach. Bheadh gá na treoirlínte a bhaineann le gach earnáil faoi seach agus ionstraim SCE a dhéanamh níos solúbtha chun sineirgíochtaí a éascú agus le bheith níos sofhreagraí d’fhorbairtí teicneolaíochta nua agus do chuspóirí amhail digitiú, agus ag an am céanna dícharbónú a luathú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha choiteanna amhail an chibearshlándáil.

·Chun na gréasáin thras-Eorpacha atá sainithe i dtosaíochtaí beartais an Aontais a chríochnú, beidh gá go fóill le hinfheistíocht mhór, agus beidh cuid den infheistíocht sin ag brath ar thacaíocht leanúnach an Aontais Eorpaigh. Faoi láthair, fágann méid na Saoráide um Chónascadh na hEorpa nach féidir dul i ngleic le roinnt de na teipeanna margaidh a aithníodh sna trí earnáil. Dá bhrí sin, tá deis ann tuilleadh infheistíochta poiblí agus príobháidí a scaoileadh má chuireann an tAontas airgead breise ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh.”

Is éard is toradh ar an togra chun comhar trasteorann a dhéanamh ar fhuinneamh in-athnuaite atá incháilithe chun maoiniú a fháil ó SCE, torthaí ábhartha maidir le meastóireacht TF ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, 2016 13 . 

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Seoladh comhairliúchán poiblí ar líne mar chuid de shraith comhairliúchán poiblí a chumhdaíonn réimse iomlán an chistithe ó AE amach anseo an 10 Eanáir 2018 agus bhí sé oscailte ar feadh 8 sheachtain go dtí an 9 Márta 2018. Cé gur chumhdaigh ábhar an chomhairliúcháin phoiblí le maoiniú bonneagair straitéisigh (a chuimsíonn SCE, Galileo agus ITER), bhain breis is 96 % de na freagraí leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Ar an iomlán, d’athdhearbhaigh na páirtithe leasmhara gur thacaigh siad le clár SCE agus leag sé béim ar an ról tábhachtach atá leis maidir le cuspóirí an Aontais a bhaint amach i réimsí amhail cur i gcrích na ngréasán TEN, fás eacnamaíoch agus poist a chur chun cinn ar fud an Aontais Eorpaigh agus an taistriú go geilleagar agus go sochaí ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh aeráide de. Mhol na páirtithe leasmhara go mbeadh solúbthacht bhreise sa chlár nua chun tuilleadh sineirgíochtaí a spreagadh sna trí earnáil.

In earnáil an iompair, leag na freagróirí béim ar an tábhacht a bhaineann le SCE i dtaca le tionscadail trasteorann a éascú chomh maith le deireadh a chur le scrogaill agus naisc atá in easnamh.

I ngeall ar na freagairtí a bhaineann le fuinneamh, d’athdhearbhaigh sí go mór mór an méid a chuidíonn SCE leis chun an gréasán tras-Eorpach bonneagair fuinnimh a chur i gcrích agus trí shíneadh a chur le spriocanna an Aontais Fuinnimh a chomhlíonadh arb é an tairbhe atá ann do gach saoránach Eorpach, agus an taistriú go geilleagar ísealcharbóin ab airde de bharr na ndúshlán a bheidh ann amach anseo.

D’iarr páirtithe leasmhara buiséad méadaithe d’fhonn dícharbónú agus digitiú na hearnála fuinnimh agus earnáil an iompair araon a luathú agus, san am céanna, nascacht idirlín fud fad an Aontais a mhéadú.

Léiríonn na freagróirí digiteacha an ról lárnach atá ag nascacht leathanbhanda mar chatalaíoch maidir leis an bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta ar fud na sochaí agus na nearnálacha. Chun iomaíochas an Aontais Eorpaigh a mhéadú, d’iarr siad infheistíochtaí méadaithe i nascacht agus in 5G, rud a chuideodh le feidhmíocht eacnamaíoch a fheabhsú, chun poist a chruthú san Aontas Eorpach agus chun léim cáilíochtúil a chur chun cinn le linn an aistrithe go dtí an tSochaí Dhigiteach.

Ag an am céanna, thug na páirtithe leasmhara aiseolas úsáideach ar na réimsí ar gá feabhas nó forbairt bhreise a dhéanamh orthu. Tugtar sonraí breise air sin sa tuarascáil ar an gcomhairliúchán in Iarscríbhinn 2 sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis seo.

Measúnú tionchair

Tá an togra ón gCoimisiún bunaithe ar Mheasúnú Tionchair a cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 21 Márta 2018 agus inar eisigh an Bord tuairim dhearfach (uimhir thagartha “CAI – SCE”) a raibh agúis áirithe ag dul léi. Mhol an Bord, go háirithe, go háirithe, cur síos ar na socruithe maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gClár, agus míniú níos fearr a thabhairt ar chomhchuibheas le cláir eile AE agus chun míniú níos mionsonraithe a thabhairt ar an gcaoi a neartaíonn síntí an Chláir gné thrasteorann na Saoráide um Chónascadh na hEorpa. Tá na moltaí a sholáthair an Bord ina thuairim le feiceáil sa leagan deireanach den tuarascáil ar an measúnú tionchair 14 .

I gcomhréir leis an gcur chuige ginearálta a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na measúnuithe tionchair a bhaineann le CAI uile, díríodh sa Mheasúnú Tionchair ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ar na hathruithe agus na roghanna beartais dá bhforáiltear sa togra reachtach. Míníodh sa tuarascáil go háirithe an struchtúr agus na tosaíochtaí maidir le leanúint ar aghaidh de chlár SCE agus breathnaíodh ar na roghanna chun an é a bhaint amach ar an mbealach is fearr is féidir. Is é a bhí sa tuarascáil ar an measúnú tionchair ar cheachtanna a foghlaimíodh agus ar thaithí ó SCE reatha atá in úsáid mar fhoinse phrionsabal na sonraí (sa bhreis ar na torthaí ón gcomhairliúchán oscailte poiblí a eagraíodh mar chuid de shraith comhairliúchán poiblí a eagraíodh mar chuid de shraith comhairliúchán poiblí lena gcumhdaítear réimse iomlán chistiú ó AE sa todhchaí agus malartuithe níos spriocdhírithe le geallsealbhóirí i gcás sineirgíochtaí agus fuinnimh in-athnuaite).

Trí bhíthin na ceachtanna a foghlaimíodh agus na dúshláin agus na forbairtí nua (go háirithe i réimse na hearnála digití) á gcur san áireamh, measadh féachaint an bhfuil na cuspóirí is gá a choigeartú don chlár leanúnach. Leagadh amach na dúshláin chun aghaidh a thabhairt ar an gclár nua SCE agus rinneadh measúnú ar an gcaoi a bhféadfadh SCE cuspóirí coiteanna CAI a bhaint amach, amhail simpliú, tuilleadh solúbthachta agus feidhmíocht fheabhsaithe. Maidir leis an struchtúr agus leis na tosaíochtaí, rinneadh tuilleadh plé ar an gcalabrú leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa reatha mar aon leis an sásra seachadta a mheastar a bheidh ar an gclár nua seo maidir leis an gClár a bhaint amach go héifeachtach maidir leis na cuspóirí socraithe a bhaint amach go héifeachtach. Rinneadh measúnú ar na roghanna cur chun feidhme eile go háirithe maidir le síneadh ar raon feidhme na hidirghabhála sa Chlár, sa cholún digiteach agus i gcomhair tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite araon.

Breathnaíodh sa Mheasúnú Tionchair freisin ar roghanna agus ar inniúlachtaí chun sineirgíochtaí idir na hearnálacha faoin gClár a threisiú. Rinneadh measúnú air go háirithe maidir le cláir oibre chomhpháirteacha a ghlacadh ina gcuimsítear tosaíochtaí sonracha in roinnt earnálacha agus deireadh a chur leis na bacainní a chuir isteach ar shineirgíochtaí sa tréimhse reatha, go háirithe ó thaobh na rialacha incháilitheachta.

Freagraíonn an togra ón gCoimisiún don rogha beartais tosaíochta a aithníodh sa mheasúnú.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

I gcreat na mbeart um shimpliú an Choimisiúin faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil tar éis 2020, beidh tionchar ag na hiarrachtaí simpliúcháin foriomlána ar sheachadadh an chláir SCE. Sheol an Coimisiún an chéad CAI eile nuair a d’fhoilsigh sé an Páipéar Bán maidir le Todhchaí na hEorpa i Márta 2017. Ba é an chéad chéim eile gur foilsíodh an Páipéar machnaimh ar a bhfuil i ndán do bheartas airgeadais an Aontais Eorpaigh i Meitheamh 2017 mar aon leis na doiciméid treorach maidir le bunghníomhartha simplithe do na cláir a sholáthair AS BUDG i Samhain/Nollaig 2017. Chuir torthaí an phróisis pholaitiúil sin amach an treoir ón mbarr anuas don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a mbeidh tionchar acu ar fhoirm na clárthréimhse tar éis 2020 maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Rinneadh na hiarrachtaí simplithe foriomlána don Rialachán maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa tar éis 2020 i gcomhréir leis an treoir chothrománach atá luaite thuas. Tá an méid sin ag teacht leis na cláir chistiúcháin eile ar fad agus mar thoradh air sin, beidh tionchar aige sin ar SCE nua, go háirithe maidir le roghanna costais, rátaí cómhaoinithe, rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a shimpliú agus i ndáil le cuspóirí, faireachán agus tuairisciú a fhorbairt. Ina theannta sin, beidh foráil ann maidir le creat dlí simplithe breise le haghaidh na Saoráide um Chónascadh na hEorpa trí Rialachán cuíchóirithe maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus an fhéidearthacht forálacha agus coinníollacha a tharmligean do chláir oibre, rud a éascóidh tuilleadh sineirgíochtaí idir na trí earnáil agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa do riachtanais sa todhchaí a éascú.

Fágfaidh simpliú an chláir go laghdófar an tualach rialála agus na costais chomhlíonta do na geallsealbhóirí atá rannpháirteach sa Chlár, agus beidh tionchar dearfach aige ar iomaíochas AE sna hearnálacha lena mbaineann. Fairis sin, beifear in ann iarrachtaí breise digitiú a dhéanamh de bhun na dTreoirlínte maidir le rialáil níos fearr agus i gcomhréir leis na seirbhísí tacaíochta digiteacha atá i bhfeidhm cheana do chur chun feidhme an Chláir (e.g. an córas faisnéise TENtec).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Áirítear na méideanna seo a leanas i dtogra an Choimisiúin don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa:

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) 2021-2027

(figiúirí i bpraghsanna reatha – EUR)

Iompar:

Áirítear orthu sin:

An timchlúdach ginearálta

Ranníocaíocht ón gCiste Comhtháthaithe:

Tacaíocht do shoghluaisteacht an lucht míleata:

30,615,493,000

12,830,000,000

11,285,493,000

6,500,000,000

Fuinneamh

8,650,000,000

An earnáil dhigiteach

3,000,000,000

Iomlán

42,265,493,000

Bunaithe ar an taithí dhearfach ó chur chun feidhme an chláir SCE atá ann faoi láthair, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint ar aghaidh le cur chun feidhme an chláir nua, do na trí earnáil de SCE, le bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún Eorpach agus ag a Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin (INEA).

Mar atá leagtha amach sa Ráiteas Airgeadais Reachtach, cumhdófar sa bhuiséad atá beartaithe an caiteachas oibríochtúil go léir is gá do chur chun feidhme an Chláir, mar aon le costas acmhainní daonna agus caiteachas riaracháin eile i ndáil le bainistiú an Chláir.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar cur chun feidhme an Chláir a tharmligean chuig INEA, cé is moite de ghníomhaíochtaí tacaíochta cláir áirithe a bheidh á mbainistiú go díreach ag na máthair-Ard-Stiúrthóireachtaí.

Sa mheastóireacht mheántéarma 15 ar SCE reatha 2014-2020, tugadh le fios go bhfuil “sé cruthaithe go bhfuil an bhainistíocht dhíreach a dhéantar ar dheontais SCE an-éifeachtúil agus go bhfuil líon mór tionscadal ar na bacáin, mar aon le próiseas roghnúcháin iomaíoch, fócas ar chuspóir beartais an Aontais, cur chun feidhme comhordaithe agus rannpháirtíocht iomlán na mBallstát. Tá teist an-mhaith ag INEA ar bhainistíocht airgeadais SCE agus ar an mbuiséad a bharrfheabhsú, go háirithe a bhuí lena solúbthacht ó thaobh airgead nár caitheadh faoi ghníomhaíochtaí áirithe a atreorú go maoiniú ar chinn nua.

Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, an mheicníocht seachadta reatha a chothabháil. Déanfar feabhsuithe a thabhairt isteach, áfach, maidir le simpliú agus solúbthacht.

I gcomparáid le SCE 2014-2020, cuirfear creat feidhmíochta níos simplí, ach níos stóinsithe, i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú chuspóirí an Chláir agus ar an méid a chuireann sé le cuspóirí beartais an Aontais. Bainfidh na táscairí lena ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn an Chláir leo seo a leanas:

·Líonraí agus bonneagar atá éifeachtúil agus idirnasctha le haghaidh soghluaisteacht cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach, sábháilte agus slán chomh maith le hoiriúnú do na ceanglais maidir le soghluaisteacht mhíleata;

·Rannchuidiú le idirnascthacht agus comhtháthú na margaí, slándáil an tsoláthair fuinnimh agus forbairt inbhuanaithe trí bhíthin an dícharbónú a chumasú; rannchuidiú le comhar trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite

·Rannchuidiú le bonneagar nascacht dhigiteacha a chur á úsáid ar fud an Aontais Eorpaigh

Baileoidh INEA na sonraí riachtanacha le linn chur chun feidhme agus meastóireacht ar ghníomhaíochtaí a dtacaítear leo. Chuige sin, sna coinníollacha chun iarratas a dhéanamh ar dheontas agus sa chomhaontú deontais samplach beidh ceanglais chomhréireacha ar iarratasóirí agus ar thairbhithe na sonraí is gá a chur ar fáil.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach agus ex-post ar an gClár chun a éifeachtúlacht, a éifeachtacht, a ábharthacht, a chomhleanúnachas agus a bhreisluach a mheas, i gcomhréir le Airteagal 34, mír 3 den Rialachán Airgeadais.

Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1 – Ábhar

Tugtar isteach leis an Airteagal seo ábhar an Rialacháin, is é sin an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a bhunú.

Airteagal 2 – Sainmhínithe

Leis an Airteagal seo, leagtar amach na sainmhínithe a bhaineann leis an Rialachán.

Airteagal 3 – Cuspóirí

Bunaítear leis an Airteagal seo cuspóir ginearálta an Chláir, agus béim ann ar shineirgíochtaí idir earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus an earnáil dhigiteach agus na cuspóirí sonracha do gach earnáil.

Airteagal 4 – Buiséad

Leis an Airteagal seo leagtar amach an buiséad iomlán don Chlár. Tá an buiséad roinnte idir iompar (lena náirítear aistriú ón gCiste Comhtháthaithe agus tacaíocht do shoghluaisteacht mhíleata ón gcnuasach Cosanta), fuinnimh agus seirbhísí digiteacha.

Áirítear san Airteagal sin foráil maidir leis na costais uile a bhaineann leis na gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta, meastóireachta agus gníomhaíochtaí eile a chumhdach; staidéir riachtanacha, cruinnithe saineolaithe, uirlisí TF corparáideacha agus aon chúnamh teicniúil agus riaracháin eile a theastaíonn i ndáil le bainistiú an Chláir.

Luaitear san Airteagal freisin go bhféadfadh caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021 do na chéad chláir oibre.

Dearbhaíonn an tAirteagal sin, i gcás aistriú an Chiste Comhtháthaithe san earnáil iompair, beidh 70 % den aistriú iomlán ina leithdháiltí náisiúnta agus go dtabharfar aird air go dtí an 31 Nollaig 2023. Ina theannta sin, dearbhaítear ann go bhféadfaidh Ballstáit a iarraidh go ndéanfar acmhainní a leithdháiltear orthu faoi bhainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig SCE.

Airteagal 5 – Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Leis an Airteagal seo, bunaítear na coinníollacha faoinar féidir le tríú tíortha a bheith rannpháirteach sa Chlár.

Airteagal 6 – Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

San Airteagal seo, sainmhínítear modh bainistíochta SCE mar bhainistíocht dhíreach, i bhfoirm deontas agus soláthair go háirithe, agus i bhfoirm ionstraimí airgeadais a dhéantar laistigh d’oibríochtaí measctha chomh maith. Féadfar cur chun feidhme an Chláir a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin.

Airteagal 7 – Tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite

Baineann an tAirteagal seo le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite a shainaithint agus leis na critéir shonracha incháilitheachta is infheidhme dóibh siúd.

Airteagal 8 – Tionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair nascachta digití

Baineann an tAirteagal seo le tionscadail bhonneagair leasa choitinn nascachta digití a shainaithint agus leis na critéir shonracha incháilitheachta agus tosaíochta is infheidhme i bhfianaise tacú leo tríd an gClár.

Airteagal 9 – Gníomhaíochtaí incháilithe

San Airteagal seo tugtar sonraí faoi na gníomhaíochtaí faoi gach cuspóir sonrach atá incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais faoin Rialachán.

San Airteagal seo tá foráil lena gceadaítear cur chuige solúbtha maidir le gníomhartha a rannchuidíonn le sineirgíochtaí a éascú i measc na nearnálacha iompair, fuinnimh nó digiteacha, sa bhreis ar aghaidh a thabhairt ar chuspóir sonrach an Chláir.

Airteagal 10 – Sineirgíochtaí

San Airteagal seo leagtar amach na forálacha is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí sineirgíochta idir earnálacha an Chláir trí chláir oibre trasearnála nó trí eilimintí coimhdeacha a chómhaoiniú ar ghníomhaíocht lena bhforáiltear go gcomhlíontar coinníollacha áirithe mar atá leagtha amach san Airteagal.

Airteagal 11 – Eintitis incháilithe

San Airteagal seo leagtar amach na critéir do dhaoine agus d’eintitis le bheith incháilithe don Chlár. Luaitear ann go bhféadfaidh cláir oibre foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha breise amhail comhaontú Ballstáit maidir leis an togra.

Airteagal 12 – Deontais

Bunaítear leis an Airteagal seo go ndámhfar deontais de chuid na Saoráide um Chónascadh na hEorpa agus go ndéanfar iad a bhainistiú i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Airteagal 13 – Critéir dhámhachtana

Déantar foráil san Airteagal seo maidir le tagairt choiteann do na trí earnáil i dtaca leis na critéir dhámhachtana, ó thaobh measúnaithe ar thogra de.

Tugtar isteach leis ceanglais shonracha lena bhféadfar an cur chuige conaire sin a chur san áireamh ar bhealach níos fearr san earnáil iompair, go háirithe i gcás inarb infheidhme, maidir leis na pleananna oibre conaire agus gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus tuairim an Chomhordaitheora Eorpaigh fhreagraigh de bhun Airteagal 45(8) den Rialachán céanna.

Airteagal 14 – Rátaí cómhaoinithe

Leagtar síos san Airteagal seo na huasrátaí cómhaoinithe is infheidhme maidir le gach earnáil. Déantar foráil ann freisin maidir leis na huasrátaí cómhaoinithe i gcás clár oibre trasearnála lena gcumhdaítear níos mó ná earnáil amháin d’fhonn sineirgíochtaí a éascú.

Tugtar isteach freisin maolú a bhaineann leis na méideanna a aistrítear ón gCiste Comhtháthaithe.

Airteagal 15 – Costais incháilithe

San airteagal seo leagtar síos na critéir maidir le costais incháilithe a mbeidh feidhm leo anuas ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 16 – Comhcheangal de dheontais agus d’fhoinsí eile maoinithe

Sa Airteagal seo áirithítear go bhféadfar deontais a úsáid i gcomhcheangal le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ó bhainc náisiúnta le haghaidh spreagtha, ó institiúidí airgeadais forbartha agus phoiblí eile, ó institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus ó infheisteoirí san earnáil phríobháideach, lena náirítear Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí.

Airteagal 17 – Na deontais a laghdú nó a fhoirceannadh

Chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun na rioscaí ó thaobh moilleanna móra a d’fhéadfadh a bheith atá ann i gcás mórthionscadal bonneagair a mhaolú, sainítear leis an Airteagal seo na coinníollacha chun laghdú a dhéanamh ar fhoirceannadh na ndeontas. Bunaítear leis go bhféadfar deontais a laghdú nó a fhoirceannadh más rud é nár tosaíodh an ghníomhaíocht laistigh d’aon bhliain amháin tar éis an dáta tosaigh a shonraítear sa chomhaontú deontais; nó más rud é, tar éis athbhreithniú ar dhul chun cinn na gníomhaíochta, go suífear go bhfuil moilleanna chomh mór sin le cur chun feidhme na gníomhaíochta gur dócha nach mbainfí amach cuspóirí na gníomhaíochta.

Airteagal 18 – Cistiú carnach, comhlántach agus comhcheangailte

Áirithíonn an tAirteagal go bhféadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí sin na costais chéanna.

Déantar foráil san Airteagal go bhféadfar gníomhaíocht atá beartaithe, a measadh go dearfach faoi SCE ach nach bhféadfar a mhaoiniú mar gheall ar shrianta buiséadacha, go bhféadfar é a mhaoiniú ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) nó ón gCiste Comhtháthaithe.

Airteagal 19 – Cláir oibre

Bunaítear leis an Airteagal seo go gcuirfear an Clár chun feidhme trí chláir oibre arna nglacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gnímh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin.

Airteagal 20 – Faireachán agus tuairisciú

Soláthraíonn an tAirteagal seo nasc leis an Iarscríbhinn inar féidir na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar chlár na saoráide um Chónascadh na hEorpa a fháil. Leis an Airteagal seo ceadaítear na táscairí a leasú le gníomh tarmligthe. Ina theannta sin, forbrófar creat faireacháin agus meastóireachta chun go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an chláir maidir lena chuspóirí a bhaint amach.

Airteagal 21 – Meastóireacht

Faoin Airteagal seo ceanglaítear ar an gCoimisiún meastóireacht eatramhach agus meastóireacht ex post a dhéanamh ar an gClár agus conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 22 – Nós imeachta coiste

Leis an Airteagal seo bunaítear Coiste Comhordúcháin SCE réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Sonraítear ann go mbeidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 23 – Gníomhartha Tarmligthe

San Airteagal seo, tugtar cead don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ar gníomhartha iad a bhaineann le codanna I, II, III, IV agus V den Iarscríbhinn.

Airteagal 24 – An tarmligean a fheidhmiú

San Airteagal seo tá forálacha caighdeánacha maidir le tarmligean cumhachtaí.

Airteagal 25 – Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

Leis an Airteagal seo, cuirtear d’oibleagáid ar na daoine a fhaigheann maoiniú ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa féachaint chuige go mbeidh an cistiú ó AE le haghaidh a ngníomhaíochtaí le feiceáil, chomh maith le ceangal a chur ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí agus torthaí CSE a chur in iúl.

Airteagal 26 – Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

Baineann an tAirteagal seo le hinniúlacht na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i dtaca le tríú tíortha a bhfuil baint acu leis an gClár.

Airteagal 27 – Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

Leis an Airteagal seo aisghairtear an Rialachán SCE roimhe (Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013) agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasáin thras-Eorpacha i réimse an bhonneagair teileachumarsáide.

Áirítear freisin forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le gníomhaíochtaí SCE agus cúnamh teicniúil agus riaracháin.

Airteagal 28 – Teacht i bhfeidhm

Luaitear san Airteagal seo go mbeidh feidhm ag an Rialachán ón 1 Eanáir 2021.

Iarscríbhinn – Cuid I – Táscairí

Tugtar le fios sa Chuid seo den Iarscríbhinn na táscairí a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir i dtaca lena chuspóirí ginearálta agus sonracha.

Iarscríbhinn – Cuid II – Céatadáin tháscacha don earnáil iompair

Sa Chuid seo den Iarscríbhinn tá na céatadáin tháscacha chun acmhainní buiséadacha in earnáil an iompair a dháileadh.

Iarscríbhinn – Cuid III – Conairí an chroíghréasáin iompair agus na gcodanna réamh-shainaitheanta; Codanna réamh-shainaitheanta den ghréasán cuimsitheach

Leis an gCuid seo den Iarscríbhinn, sainmhínítear ailíniú chonairí an chroíghréasáin, lena náirítear a gcodanna réamh-shainaitheanta, agus tugtar liosta táscach de chodanna trasteorann ar an ngréasán cuimsitheach.

Iarscríbhinn – Cuid IV – Tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite a shainaithint

Sa Chuid seo den Iarscríbhinn, tugtar sainmhíniú ar na critéir agus ar an nós imeachta chun tionscadail trasteorann a shainaithint i réimse an fhuinnimh in-athnuaite.

Iarscríbhinn – Cuid V – Tionscadail leasa choitinn maidir leis an mbonneagar nascachta digití

Sa Chuid seo den Iarscríbhinn, tugtar liosta táscach de thionscadail dhigiteacha réamh-shainaitheanta a bhfuil leas coiteann ag baint leo.

2018/0228 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 agus Airteagal 194 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 17 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Chun fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimhsitheach a bhaint amach agus chun cruthú post a spreagadh, tá bonneagar ardfheidhmíochta atá cothrom le dáta de dhíth ar an Aontas chun an tAontas agus a réigiúin uile a nascadh agus a chomhtháthú in earnáil an iompair, in earnáil na teileachumarsáide agus in earnáil an fhuinnimh. Ba cheart do na naisc sin cabhrú le saorghluaiseacht daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí. Ba cheart do na gréasáin thras-Eorpacha cabhrú le naisc thrasteorann a éascú, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chothú, cur le geilleagar margaidh shóisialta níos iomaíche agus an tathrú aeráide a chomhrac.

(2)Is é is aidhm don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (an “Clár’) dlús a chur leis an infheistíocht sna gréasáin thras-Eorpacha agus maoiniú a ghiaráil ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon, agus an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus an prionsabal maidir le neodracht na teicneolaíochta a urramú ag an am céanna. Ba cheart a áirithiú leis an gClár go bhféadfar lántairbhe a bhaint as na sineirgíochtaí idir earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha, agus, ar an gcaoi sin, cur le héifeachtacht bhearta an Aontais agus costais cur chun feidhme a bharrfheabhsú.

(3)Ba cheart don Chlár a bheith dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil don athrú aeráide, do thionscadail atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de agus, i gcás inarb iomchuí, do bhearta chun an tathrú aeráide a mhaolú agus chun oiriúnú dó. Ba cheart, go háirithe, an méid a chuireann an Clár le gnóthú spriocanna agus chuspóirí Chomhaontú Pháras, agus na spriocanna aeráide agus fuinnimh atá beartaithe do 2030, agus chuspóir fadtéarmach an dícharbónaithe, a neartú.

(4)Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, agus leis an ngealltanas maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart don Rialachán seo, dá bhrí sin, an gníomhú ar son na haeráide a phríomhshruthú agus sprioc fhoriomlán 25 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a ghnóthú maidir leis an tacaíocht do chuspóirí aeráide 18 . Leis na bearta faoin gClár seo, meastar go gcaithfear 60 % d’imchlúdach airgeadais foriomlán an Chláir ar chuspóirí aeráide, atá bunaithe, inter alia, ar na “marcóirí Rio” seo a leanas: i) 100 % maidir leis an gcaiteachas a bhaineann le bonneagar iarnróid, breoslaí malartacha, iompar uirbeach glan, tarchur leictreachais, stóráil leictreachais, greillí cliste, iompar CO2 agus fuinneamh in-athnuaite; ii) 40 % maidir le huiscebhealaí intíre agus iompar ilmhódach, agus bonneagar gáis – dá mba é an toradh air sin méadú ar úsáid na hidrigine in-athnuaite nó an bhithmheatáin. Sainaithneofar bearta ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na bearta sin mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha. D’fhonn a sheachaint go mbeadh an bonneagar sin i mbaol de thoradh tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag athrú aeráide fadtéarmach agus chun a áirithiú go mbeidh an costas a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann as an tionscadal san áireamh sa mheastóireacht eacnamaíoch ar an tionscadal, ba cheart do na tionscadail a fhaigheann tacaíocht faoin gClár a bheith faoi réir díonadh ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le treoir a chaithfidh an Coimisiún a fhorbairt i gcomhréir leis an treoir atá forbartha le haghaidh cláir eile de chuid an Aontais i gcás inarb ábhartha.

(5)D’fhonn cloí leis na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 11(c) de Threoir 2016/2284/AE maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena naisghairtear Treoir 2001/81/CE, déanfar an caiteachas a bhaineann le laghdú astaíochtaí nó truailleán aeir faoin Treoir sin a rianú a fhad a bhaineann sé leis an úsáid a bhainfear as cistí an Aontais chun tacú leis na bearta a rinneadh d’fhonn cloí le cuspóirí na Treorach sin.

(6)Cuspóir tábhachtach de chuid an Chláir seo is ea sineirgíochtaí breise a chruthú idir earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha. Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chlár maidir le cláir oibre thrasearnála a ghlacadh a d’fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar réimsí idirghabhála sonracha, mar shampla maidir le soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe nó breoslaí malartacha. Lena chois sin, ba cheart don Chlár an deis a thabhairt, i ngach earnáil ar leith, a mheas go bhfuil comhpháirteanna coimhdeacha áirithe a bhaineann le hearnáil eile incháilithe, i gcás ina gcuirfeadh cur chuige den sórt sin le sochar socheacnamaíoch na hinfheistíochta. Ba cheart sineirgíochtaí idir na hearnálacha a spreagadh leis na critéir dhámhachtana maidir le roghnú na mbeart.

(7)I dtreoirlínte an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 (dá ngairtear “treoirlínte TEN-T” ina dhiaidh seo), déantar bonneagar TEN-T a shainaithint, na ceanglais atá le comhlíonadh ag an mbonneagar sin a shonrú agus déantar foráil maidir le bearta do chur chun feidhme na gceanglas sin. Tá sé beartaithe go háirithe sna treoirlínte sin go gcríochnófar an croíghréasán faoi 2030 trí bhonneagar nua a chruthú agus tríd an mbonneagar atá ann cheana a uasghrádú agus a athchóiriú go mór.

(8)D’fhonn na cuspóirí a leagtar síos i dtreoirlínte TEN-T a ghnóthú, is gá tacaíocht a thabhairt mar thosaíocht do na naisc thrasteorann agus na naisc atá in easnamh lena áirithiú, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil na bearta a fhaigheann tacaíocht comhsheasmhach le pleananna oibre na gconairí a bhunaítear de bhun Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus le forbairt iomlán na ngréasán maidir le feidhmíocht agus idir-inoibritheacht de.

(9)D’fhonn na sreafaí iompair atá ag dul i méid agus an tathrú atá ag teacht ar an ngréasán a léiriú, ba cheart cúrsa chonairí an chroíghréasáin agus na gcodanna réamhshainithe a oiriúnú. Oiriúnuithe comhréireacha ba cheart a bheith sna hoiriúnuithe sin le nach mbainfear de chomhsheasmhacht ná d’éifeachtúlacht fhorbairt agus chomhordú na gconairí. Ar an gcúis sin, níor cheart ach méadú 15 %, ar a mhéid, a chur le fad chonairí an chroíghréasáin.

(10)Is gá infheistíochtaí ar mhaithe le soghluaisteacht chliste, inbhuanaithe, chuimsitheach, shábháilte agus shlán ar fud an Aontais a spreagadh. In 2017, thíolaic an Coimisiún an pacáiste “Europe on the move 20 , foireann leathan tionscnamh lena ndéanfar an trácht ar bhóithre níos sábháilte, muirearú cliste a chur chun cinn ar bhóithre, astaíochtaí CO2, truailliú aeir agus brú tráchta a laghdú, soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe a chur chun cinn agus dálaí oibre cuí agus uaireanta scíthe cuí a áirithiú d’oibrithe. Ba cheart tacaíocht airgeadais ón Aontas, i gcás inarb ábhartha, a chur ar fáil tríd an gClár seo do na tionscnaimh sin.

(11)Is é a cheanglaítear le treoirlínte TEN-T, i gcás teicneolaíochtaí nua agus na nuálaíochta, go bhfágfaidh TEN-T go bhféadfar na córacha iompair uile a dhícharbónú tríd an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus breoslaí malartacha a úsáid. Le Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 , bunaítear creat coiteann de bhearta chun bonneagar breoslaí malartacha a imlonnú san Aontas d’fhonn an spleáchas ar ola a íoslaghdú agus an tionchar a bhíonn ag an iompar ar an gcomhshaol a mhaolú agus cuirtear ceangal ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe a bheidh inrochtana ag an bpobal a chur ar fáil faoin 31 Nollaig 2025. Mar a tugadh le fios i dtograí na Samhna 2017 22 ón gCoimisiún, is gá foireann chuimsitheach beart chun an tsoghluaisteacht íseal-astaíochtaí a chur chun cinn, lena náirítear tacaíocht airgeadais sna cásanna sin nach leor an dreasacht a thugann dálaí an mhargaidh.

(12)I gcomhthéacs na Teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal “Sustainable Mobility for Europe: safe, connected, and clean 23 [Soghluaisteacht inbhuanaithe don Eoraip: nasctha, sábháilte, glan], chuir an Coimisiún chun suntais go bhfágfaidh feithiclí uathoibrithe agus córais ardnascachta go mbeidh feithiclí níos sábháilte, níos éasca a roinnt agus níos inrochtana don saoránach, lena náirítear na saoránaigh sin nach bhfuil seirbhísí iompair le fáil go héasca acu faoi láthair, amhail daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas. Sa chomhthéacs sin, mhol an gCoimisiún “Plean Gníomhaíochta Straitéiseach maidir leis an tSábháilteacht ar Bhóithre” agus athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2008/096 maidir le bainistiú a dhéanamh ar shábháilteacht an bhonneagair bóithre.

(13)D’fhonn críochnú na dtionscadal iompair a fheabhsú i gcodanna den ghréasán nach bhfuil chomh forbartha sin, ba cheart leithdháileadh ón gCiste Comhtháthaithe a aistriú chuig an gClár chun tionscadail iompair atá incháilithe chun maoiniú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe a mhaoiniú sna Ballstáit. I gcéim thosaigh agus faoi réir 70 %, ar a mhéid, den imchlúdach aistrithe, ba cheart na leithdháiltí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe a urramú agus tionscadail atá incháilithe don mhaoiniú á roghnú. Ba cheart an 30 % den imchlúdach aistrithe a leithdháileadh ar bhonn iomaíoch ar thionscadail sna Ballstáit ar tionscadail iad atá incháilithe chun maoiniú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe agus tabharfar tosaíocht do naisc thrasteorann agus do naisc atá in easnamh. Ba cheart don Choimisiún cuidiú le Ballstáit atá incháilithe chun maoiniú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe líon iomchuí tionscadal a bheith acu ar na bacáin, go háirithe trí acmhainneacht institiúideach na riarachán poiblí lena mbaineann a neartú.

(14)Tar éis Theachtaireacht Chomhpháirteach na Samhna 2017 maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata a fheabhsú san Aontas Eorpach 24 , cuireadh béim air sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata a ghlac an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 28 Márta 2018 25 go dtugann an beartas maidir le bonneagar iompair deis mhaith cur leis na sineirgíochtaí idir riachtanais ó thaobh na cosanta de agus TEN-T. Tugtar le fios sa Phlean Gníomhaíochta go dtabharfar cuireadh don Chomhairle, faoi lár 2018, na riachtanais mhíleata maidir le bonneagar iompair a mheas agus a dheimhniú agus go ndéanfaidh seirbhísí an Choimisiúin na codanna sin den ghréasán tras-Eorpach iompair atá feiliúnach d’iompar míleata, lena náirítear aon uasghrádú is gá ar an mbonneagar atá ann faoi láthair, a shainaithint faoi 2019. Ba cheart an cistiú ón Aontas le haghaidh chur chun feidhme tionscadal déúsáide a chur chun feidhme leis an gClár ar bhonn cláir oibre shonracha ina sonraítear na ceanglais is infheidhme mar a shainítear i gcomhthéacs an Phlean Gníomhaíochta.

(15)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions 26 [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas], chuir an Coimisiún chun suntais na riachtanais iompair shonracha atá ag na réigiúin is forimeallaí agus an gá cistiú ón Aontas a chur ar fáil atá inchurtha leis na riachtanais sin, lena náirítear na cistí a thugtar leis an gClár.

(16)I bhfianaise na ninfheistíochtaí móra a theastaíonn chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le croíghréasán TEN-T a chríochnú faoi 2030 (meastachán EUR 350 billiún sa tréimhse 2021-2027), maidir le gréasán cuimsitheach TEN-T a chríochnú faoi 2050 agus maidir le hinfheistíochtaí sa dícharbónú, sa digitiú agus san iompar uirbeach (meastachán EUR 700 billiún sa tréimhse 2021-2027), is iomchuí an úsáid is éifeachtúla agus is féidir a bhaint as na cláir agus na hionstraimí éagsúla maoinithe atá ag an Aontas agus, ar an gcaoi sin, cur leis an mbreisluach a bhaineann le hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas. D’áiritheofaí an éifeachtúlacht sin le próiseas infheistíochta cuíchóirithe a d’fhágfadh go mbeadh léargas ar na tionscadail sin atá ar na bacáin i réimse an iompair agus go mbeadh leanúnachas ann idir na cláir ábhartha uile atá ag an Aontas, go háirithe an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe agus clár InvestEU. Ba cheart a chur san áireamh, go háirithe, na coinníollacha cumasúcháin a mhionsonraítear in Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) XXX [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim Bainistithe Teorainneacha agus um Víosaí (“Rialachán na bhForálacha Coiteanna”)].

(17)Le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 déantar na tosaíochtaí tras-Eorpacha i ndáil le bonneagar fuinnimh a shainaithint ar cheart iad a chur chun feidhme chun cuspóirí bheartas fuinnimh agus aeráide an Aontais a ghnóthú, tionscadail leasa choitinn a bhfuil gá leo do chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin a shainaithint, agus bearta a leagan síos maidir le ceadanna a dheonú, maidir leis an rannpháirtíocht phoiblí agus maidir le rialáil chun cur chun feidhme na dtionscadal sin a luathú agus/nó a éascú, lena náirítear critéir maidir le hincháilitheacht na dtionscadal sin do chúnamh airgeadais ón Aontas.

(18)Sa Treoir [Treoir athmhúnlaithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite] cuirtear béim ar an ngá le creat cumasúcháin a bhunú le húsáid níos fearr a bhaint as cistí an Aontais, agus déantar tagairt shainráite do bhearta cumasúcháin a thacóidh le comhar trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite.

(19)Cé gurb é críochnú bhonneagar an ghréasáin an tosaíocht chun gur féidir foinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt, is léargas é comhtháthú an chomhair trasteorann sa réimse seo ar an gcur chuige a glacadh faoin tionscnamh “Fuinneamh Glan do mhuintir na hEorpa ar fad”, is é sin an fhreagracht choiteann maidir leis an sprioc uaillmhianach i leith an fhuinnimh in-athnuaite a bhaint amach in 2030 agus an tathrú ar chomhthéacs an bheartais ina bhfuil cuspóirí uaillmhianacha fadtéarmacha maidir leis an dícharbónú anois.

(20)I bhfianaise chlár oibre an Aontais maidir leis an dícharbónú, tá géarghá le teicneolaíochtaí nuálacha i réimse an bhonneagair a chabhróidh leis an aistriú go córais fuinnimh agus soghluaisteachta ísealcharbóin agus le slándáil an tsoláthair a fheabhsú. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 dar teideal Communication on strengthening Europe's energy networks 28 [Teachtaireacht maidir le líonraí fuinnimh na hEorpa a neartú], chuir an Coimisiún béim, go háirithe, ar ról an leictreachais, i gcás inar fuinneamh in-athnuaite a bheidh i leath den leictreachas a ghinfear faoi 2030, rud a bhrúfaidh chun cinn dícharbónú na nearnálacha ar breoslaí iontaise is mó atá in úsáid iontu faoi láthair, amhail an tiompar, an tionsclaíocht agus téamh agus fuarú agus gur ar thionscadail maidir le hidirnaisc leictreachais, stóráil leictreachais agus gréillí cliste is mó atá an bhéim sa bheartas maidir leis an mbonneagar tras-Eorpach fuinnimh. Chun tacú le cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú, ba cheart aird chuí agus tosaíocht a thabhairt do theicneolaíochtaí agus do thionscadail a chuireann leis an aistriú go geilleagar ísealcharbóin. Díreoidh an Coimisiún ar líon na dtionsadal trasteorann a ardú maidir le greillí cliste, stóráil nuálach agus iompar déocsaíde carbóin a mbeidh tacaíocht ar fáil dóibh faoin gClár.

(21)Braithfidh cur i gcrích an mhargaidh aonair dhigitigh ar an mbonneagar nascachta digití bunaidh. Tá digitiú na tionsclaíochta Eorpaí agus nuachóiriú earnálacha ar nós earnálacha an iompair, an fhuinnimh, an chúraim sláinte agus an riaracháin phoiblí ag brath ar rochtain uilíoch ar líonraí ardtoille agus an-ardtoillte inacmhainne agus iontaofa. Tá an nascacht dhigiteach ar cheann de na tosca cinntitheacha maidir le bearnaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha a dhúnadh, trí thacú le nuachóiriú geilleagar áitiúil agus bonn daingean a chur faoi éagsúlú gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Ba cheart raon feidhme an Chláir i réimse an bhonneagair nascachta digití a oiriúnú chun tábhacht mhéadaitheach an réimse sin don gheilleagar agus don tsochaí i gcoitinne a léiriú. Is gá, dá bhrí sin, na tionscadail leasa choitinn maidir leis an mbonneagar nascachta digití a theastóidh chun cuspóirí an Aontais maidir leis an margadh aonair digiteach a ghnóthú a leagan amach, agus is gá Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 a aisghairm.

Sa Teachtaireacht dar teideal “Connectivity for a Competitive Digital Single Market - Towards a European Gigabit Society 30 [Nascacht le haghaidh Margadh Aonair Digiteach Iomaíoch – I dtreo Sochaí Ghigighiotáin Eorpach] (an Straitéis maidir le Sochaí Ghigighiotáin) leagtar amach na cuspóirí straitéiseacha le haghaidh 2025, d’fhonn an infheistíocht sa bhonneagar nascachta digití a bharrfheabhsú. Tá Treoir (AE) 2018/XXX [an Cód Eorpach don Chumarsáid Leictreonach] dírithe, inter alia, ar thimpeallacht rialála a chruthú a dhreasaíonn infheistíochtaí príobháideacha i líonraí nascachta digití. Tá sé soiléir, mar sin féin, nach mbeidh imlonnú líonraí inmharthana ó thaobh na tráchtála de in a lán ceantar ar fud an Aontais, de bharr tosca éagsúla ar nós iargúltacht agus saintréithe críochacha nó geografacha, dlús íseal daonra agus tosca éagsúla socheacnamaíocha. Ba cheart an Clár a oiriúnú, dá bhrí sin, le go gcuirfidh sé le gnóthú na gcuspóirí straitéiseacha sin a leagtar amach sa Straitéis maidir le Sochaí Ghigighiotáin, rud a chomhlánóidh an tacaíocht a thugtar i gcláir eile maidir le líonraí an-ardtoillte a imlonnú, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe agus an ciste InvestEU. 

(22)Cé gur gréasáin thras-Eorpacha, go bunúsach, na líonraí nascachta digití uile atá nasctha leis an Idirlíon, de bharr, go príomha, fheidhmiú na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí a ndéanann na líonraí sin iad a chumasú, ba cheart tosaíocht tríd an gClár a thabhairt do bhearta a bhfuil súil go mbeidh an tionchar is mó acu ar an Margadh Aonair Digiteach, inter alia trí iad a chur ag luí le cuspóirí na Teachtaireachta um Straitéis maidir le Sochaí Ghigighiotáin, agus ar chlaochlú digiteach an gheilleagair agus na sochaí, ag féachaint do theipeanna margaidh agus do chur chun feidhme na mbacainní a tugadh faoi deara.

(23)Is eintitis agus ionaid ar féidir tionchar mór a bheith acu ar fhorbairtí socheacnamaíocha sa cheantar ina bhfuil siad lonnaithe iad scoileanna, ollscoileanna, leabharlanna, údaráis réigiúnacha nó náisiúnta, príomhsholáthraithe seirbhísí poiblí, ospidéil agus ionaid leighis, moil iompair agus fiontair dhlúthdhigiteacha. Ní mór do na gníomhaithe socheacnamaíocha sin a bheith ceannródaíoch i réimse na nascachta gigighiotáin d’fhonn rochtain ar na seirbhísí agus na feidhmchláir is fearr is féidir a thabhairt do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla na hEorpa. Ba cheart don Chlár tacú leis an rochtain atá ag na gníomhaithe socheacnamaíocha sin ar an nascacht ghigighiotáin d’fhonn na héifeachtaí dearfacha a bheidh acu ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí i gcoitinne a uasmhéadú, lena náirítear trí éileamh níos leithne ar nascacht agus ar sheirbhísí a spreagadh.

(24)Lena chois sin, mar bharr ar an rath a bhí ar an tionscnamh WiFi4EU, ba cheart don Chlár tacú le nascacht áitiúil idirlín gan sreang ar ardcháilíocht agus saor in aisce a chur ar fáil i lárionaid an tsaoil phoiblí áitiúil, lena náirítear eintitis a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, amhail údaráis phoiblí agus soláthraithe seirbhísí poiblí agus ionaid amuigh faoin aer a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne orthu, d’fhonn fís dhigiteach an Aontais a chur chun cinn i bpobail áitiúla.

(25)Maidir le hinmharthanacht na chéad ghlúine eile de sheirbhísí digiteacha, amhail seirbhísí agus feidhmchláir Idirlíon na Rudaí Nithiúla a bhfuil súil go gcruthóidh siad sochair mhóra in earnálacha éagsúla agus sa tsochaí ina hiomláine, beidh gá le cuimsiú líonraí 5G trasteorann gan bhriseadh, go háirithe le go bhféadfaidh úsáideoirí agus oibiachtaí bheith nasctha fiú agus iad ag bogadh ó áit go háit. Níl na cásanna roinnte costais maidir le himlonnú 5G idir na hearnálacha sin soiléir go fóill, áfach, agus tá sé tuartha go mbeidh rioscaí an-ard i gceist le himlonnú tráchtála i roinnt réimsí tábhachtacha. Tá súil go mbeidh conairí bóthair agus naisc iarnróid ríthábhachtach sa chéad chéim d’iarratais nua i réimse na soghluaisteachta nasctha agus is tionscadail trasteorann ríthábhachtacha a bheidh iontu, dá bhrí sin, maidir le cistiú a fháil faoin gClár.

(26)Na críocha éanasctha atá i limistéir uile an Aontais, limistéir lárnacha san áireamh, is scrogaill tráchta agus acmhainneacht neamhshaothraithe ag an Margadh Aonair Digiteach iad. I bhformhór na limistéar tuaithe agus iargúlta, is féidir leis an nascacht idirlín ar ardcháilíocht a bheith an-tábhachtach le nach dtarlóidh bearna dhigiteach, leithlisiú agus bánú na tuaithe trí chostais seachadta earraí agus seirbhísí a laghdú agus trí chúiteamh páirteach a thabhairt i leith iargúltachta. Tá gá le nascacht idirlín ar ardcháilíocht le haghaidh deiseanna nua eacnamaíocha amhail an fheirmeoireacht bheacht nó forbairt bithgheilleagair i gceantair thuaithe. Ba cheart don Chlár cabhrú le nascacht ardtoillte fhosaithe nó gan sreang a chur ar fáil do theaghlaigh uile na hEorpa, faoin tuath agus i gceantair uirbeacha, agus díriú ar na cásanna imlonnaithe sin a bhfuil méid áirithe teipeanna margaidh le brath iontu agus ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí dheontais ísealdéine a úsáid. Agus é á dhéanamh sin, ba cheart don Chlár díriú ar chuimsiú cuimsitheach a bhaint amach do theaghlaigh agus do chríocha, ós rud é go bhfuil sé neamhbhrabúsach díriú, ag céim níos déanaí, ar bhearnaí i limistéar atá cuimsithe cheana.

(27)Is gá líonraí cumarsáide leictreonaí cnámh droma a imlonnú, lena náirítear cáblaí faoi uisce a nascann críocha Eorpacha le tríú tíortha ar ilchríocha eile nó a nascann oileáin Eorpacha nó críocha thar lear leis an mórthír, d’fhonn an iomarcaíocht is gá a chur ar fáil don bhonneagar ríthábhachtach sin, agus chun cur le toilleadh agus le hathléimneacht líonraí digiteacha an Aontais. Is minic nach mbíonn tionscadail den sórt sin inmharthana ó thaobh na tráchtála de gan tacaíocht phoiblí.

(28)Sna bearta sin a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair nascachta digití, úsáidfear an teicneolaíocht is oiriúnaí don tionscadal sonrach agus molfar an chothromaíocht is fearr idir teicneolaíochtaí úrscothacha ó thaobh acmhainn sreafa sonraí, slándáil tarchuir, athléimneacht líonraí agus éifeachtúlacht costis de, agus ba cheart iad a chur in ord tosaíochta de réir cláir oibre ina gcuirtear san áireamh na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo. Féadfar bonneagar éighníomhach a áireamh in imlonnú líonraí an-ardtoillte d’fhonn na sochair shocheacnamaíocha agus na sochair chomhshaoil a uasmhéadú. Ar deireadh, agus tosaíocht á tabhairt do bhearta, cuirfear san áireamh na héifeachtaí dearfacha a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le nascacht, mar shampla i gcás ina bhféadfadh tionscadal imlonnaithe feabhas a chur ar an gcás gnó maidir le himlonnú eile amach anseo, rud a chuirfeadh leis an gcuimsiú a dhéantar ar chríocha agus ar phobail i limistéir nár cuimsíodh go dtí seo.

(29)Rinne an tAontas a theicneolaíocht satailíte suite, loingseoireachta agus uainiúcháin (PNT) féin (EGNOS/Galileo) agus a chóras féin um breathnóireacht an Domhain (Copernicus) a fhorbairt. Cuireann EGNOS/Galileo agus Copernicus ardseirbhísí ar fáil a thugann sochair thábhachtacha eacnamaíocha d’úsáideoirí poiblí agus príobháideacha. Aon bhonneagar iompair, fuinnimh nó digiteach a fhaigheann cistiú ón gClár agus a úsáideann PNT nó seirbhísí breathnóireachta an Domhain, ba cheart iad a bheith comhoiriúnach go teicniúil do EGNOS/Galileo agus Copernicus.

(30)Na torthaí dearfacha a bhí ar an gcéad ghlao measctha ar thograí a seoladh faoin gclár reatha in 2017, dhearbhaigh siad an ábharthacht agus an breisluach a bhaineann le deontais an Aontais a úsáid le meascadh le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta nó ó bhainc náisiúnta le haghaidh spreagtha nó ó institiúidí airgeadais forbartha agus poiblí eile agus ó institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus ó infheisteoirí san earnáil phríobháideach, lena náirítear Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí. Ba cheart don Chlár leanúint, dá bhrí sin, den soláthar a dhéantar maidir le Glaonna ar leith a fhágann gur féidir deontais an Aontais a chomhcheangal le foinsí eile maoinithe.

(31)Ina theannta sin, déanfar cuspóirí beartais an Chláir a shaothrú le hionstraimí airgeadais agus le ráthaíocht bhuiséadach faoi ghné nó faoi ghnéithe beartais […] an Chiste InvestEU. Ba cheart bearta an Chláir a úsáid chun dul i ngleic le teipeanna margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamacha, ar bhealach comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú agus ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith acu.

(32)D’fhonn cabhrú le forbairt chomhtháite an timthrialla nuálaíochta, is gá comhlántacht a áirithiú idir na réitigh nuálacha a forbraíodh i gcomhthéacs chláir réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht agus na réiteach nuálach a imlonnaíodh le tacaíocht ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Chun na críche sin, áiritheoidh na sineirgíochtaí leis an gclár Fís Eorpach: (a) go ndéanfar na riachtanais taighde agus nuálaíochta i réimse an iompair, i réimse an fhuinnimh agus in earnáil na seirbhísí digiteacha san Aontas Eorpach a shainaithint agus a shuíomh le linn phróiseas pleanála straitéisí an chláir Fís Eorpach; (b) go dtacaíonn an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le soláthar céimneach agus imlonnú ar mhórscála na dteicneolaíochtaí nuálacha agus na réiteach nuálach i réimse an iompair, i réimse an fhuinnimh agus sa bhonneagar digiteach, go háirithe iad sin a thagann as an gclár Fís Eorpach; (c) go ndéanfar malartú faisnéise agus sonraí idir an clár Fís Eorpach agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a éascú, go háirithe trí bhéim a leagan ar theicneolaíochtaí ón gclár Fís Eorpach a bhfuil leibhéal ard ullmhachta don mhargadh ag baint leo a d’fhéadfaí a imlonnú tuilleadh tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

(33)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don tréimhse iomlán 2021-2027 arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe nua idirinstitiúidigh: pointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 31 , do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil].

(34)Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch an creat lena sainaithnítear tosaíochtaí athchóiriúcháin náisiúnta agus lena ndéantar faireachán ar a gcur chun feidhme. Ceapann na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla náisiúnta féin sa dóigh is go dtacaíonn siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí athchóiriúcháin sin. Ba cheart na straitéisí sin a chur i láthair in éineacht leis na Cláir Náisiúnta bhliantúla um Athchóiriú chun achoimriú agus comhordú a dhéanamh ar thionscadail infheistíochta tosaíochta atá le tacaíocht a fháil ó chistiú náisiúnta agus/nó ón Aontas. Ba cheart leas a bhaint astu freisin chun cistiú ón Aontas a úsáid ar dhóigh chomhleanúnach agus chun a oiread tairbhe agus is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta airgeadais atá le fáil, go háirithe ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus ón gCiste Comhtháthaithe, ón Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí, ón gCiste InvestEU agus ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, i gcás inarb ábhartha. Ba cheart, i gcás inarb ábhartha, tacaíocht airgeadais a úsáid ar shlí atá comhsheasmhach le pleananna aeráide agus fuinnimh na mBallstát agus an Aontais.

(35)Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach é urramú an smachta reachta i dtaca le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontas.

(36)Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na mbeart a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar na costais a bhaineann le rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(37)Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú LEE, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár trí chinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a chuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(38)Leagtar síos sa Rialachán Airgeadais na rialacha maidir le deontais a dheonú. Chun saintréithe na mbeart a fhaigheann tacaíocht faoin gClár a chur san áireamh agus cur chun feidhme comhsheasmhach a áirithiú idir na hearnálacha atá cumhdaithe ag an gClár, is gá léirithe breise a thabhairt maidir leis na critéir incháilitheachta agus dhámhachtana.

(39)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, agus le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 33 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 34 agus Rialachán (AE) 2017/193 ón gComhairle 35 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus ní mór dó a áirithiú go ndéanfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha a thabhairt.

(40)De bhun [tagairt le nuashonrú de réir cinneadh nua maidir le OCTanna: Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE 37 ón gComhairle], tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(41)Ba cheart don Aontas comhleanúnachas agus sineirgíochtaí le cláir eile an Aontais a lorg maidir le beartais sheachtracha, lena náirítear cúnamh réamhaontachais de réir na ngealltanas a tugadh i gcomhthéacs na Teachtaireachta dar teideal “A credible enlargement perspective for and enhanced EU engagement with the Western Balkans 38 [Peirspictíocht inchreidte faoi mhéadú le haghaidh na mBalcán Thiar agus rannpháirtíocht fheabhsaithe AE leis na Balcáin Thiar].

(42)I gcás ina mbeidh tríú tíortha nó eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha rannpháirteach i mbearta a chuireann le tionscadail leasa choitinn nó le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, níor cheart cúnamh airgeadais a chur ar fáil ach amháin murar féidir déanamh dá uireasa chun cuspóirí na dtionscadal sin a ghnóthú.

(43)De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 39 , is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus rórialáil agus ualaí riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ba cheart don Choimisiún meastóireachtaí a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an mhaoinithe agus ar a thionchar ar spriocanna foriomlána an Chláir agus ba cheart dó na meastóireachtaí sin a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

(44)Ba cheart bearta cuí faireacháin agus tuairiscithe, lena náirítear táscairí, a chur chun feidhme chun an dul chun cinn atá déanta ag an gClár maidir le gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo a thabhairt le fios. Ba cheart go náiritheofaí leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta go mbaileofar ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir. Is gá ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a fhorchur ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais chun sonraí ábhartha a bhailiú don Chlár.

(45)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na cláir oibre a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 .

(46)D’fhonn na táscairí a úsáidtear san fhaireachán ar an gClár, céatadáin tháscacha na nacmhainní buiséadacha a leithdháiltear ar gach cuspóir sonrach in earnáil an iompair, agus an sainmhíniú ar chonairí an chroíghréasáin iompair, a oiriúnú, i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Chuid I, Chuid II agus Chuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile i gcomhthráth leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(47)Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 a aisghairm. Ba cheart, mar sin féin, éifeachtaí Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 a chaomhnú maidir leis an liosta de na conairí lastais.

(48)D’fhonn a áirithiú go nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo in am, is gá dó teacht i bhfeidhm láithreach tráth a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Is é a bhunaítear leis an Rialachán seo an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (an “Clár”).

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn “beart” aon ghníomhaíocht a bhfuil sé aitheanta gur gníomhaíocht í atá neamhspleách ó thaobh airgeadais agus ar bhonn teicniúil de, a bhfuil sceideal leagtha amach di agus atá riachtanach chun tionscadal a chur chun feidhme;

(b)ciallaíonn “breoslaí malartacha” breoslaí malartacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/94/AE;

(c)ciallaíonn “tír chomhlachaithe” tríú tír ar páirtí í i gcomhaontú leis an Aontas ar comhaontú é lena gceadaítear di páirt a ghlacadh sa Chlár i gcomhréir le hAirteagal 5;

(d)ciallaíonn “oibríocht mheasctha” beart a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal [2(6)] de Rialachán (AE, Euratom) 2018/XXX (“an Rialachán Airgeadais”), lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí;

(e)ciallaíonn “gréasán cuimsitheach” an bonneagar iompair a shainaithnítear i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(f)ciallaíonn “croíghréasán” an bonneagar iompair a shainaithnítear i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(g)ciallaíonn “conairí an chroíghréasáin” ionstraim chun cur chun feidhme comhordaithe an chroíghréasáin dá bhforáiltear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus a liostaítear i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a éascú;

(h)ciallaíonn “tionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite” tionscadal a roghnaítear nó is incháilithe le roghnú faoi chomhaontú comhair nó faoi aon chineál eile socraithe idir na Ballstáit nó aon chineál eile socraithe idir na Ballstáit agus tríú tíortha mar a shainítear in Airteagail 6, 7, 9 nó 11 de Threoir 2009/82/CE maidir le fuinneamh in-athnuaite a phleanáil nó a imlonnú, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i gCuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(i)ciallaíonn “bonneagar nascachta digití” líonraí an-ardtoillte, córais 5G, nascacht áitiúil idirlín gan sreang ar an-ardcháilíocht, líonraí cnámh droma, agus ardáin dhigiteacha oibríochtúla a bhfuil baint dhíreach acu le bonneagar iompair agus fuinnimh;

(j)ciallaíonn “córais 5G” foireann d’eilimintí bonneagair dhigitigh atá bunaithe ar chaighdeáin dhomhanda le haghaidh na teicneolaíochta cumarsáide móibílí agus gan sreang a úsáidtear i seirbhísí nascachta agus breisluacha a bhfuil saintréithe ardfheidhmíochta iontu amhail rátaí agus toilleadh sonraí an-ard, aga folaigh íseal, iontaofacht ard, nó atá in ann líon ard gléasanna nasctha a iompar;

(k)ciallaíonn “conair 5G” conair iompair, bóthar nó iarnród, a bhfuil cumhdach iomlán bonneagair nascachta digití, agus go háirithe córais 5G, uirthi nó air, rud a fhágann gur féidir seirbhísí digiteacha sineirgíochta a sholáthar gan bhriseadh, amhail seirbhísí soghluaisteachta nasctha agus uathoibrithe nó seirbhísí soghluaisteachta cliste den chineál céanna le haghaidh iarnróid;

(l)ciallaíonn “ardáin dhigiteacha oibríochtúla a bhfuil baint dhíreach acu le bonneagar iompair agus fuinnimh” acmhainní teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (“TFC”) fisiceacha agus fíorúla a oibríonn os cionn an bhonneagair cumarsáide agus a thugann tacaíocht maidir le sreabhadh, stóráil, próiseáil agus anailísiú sonraí bonneagair iompair agus/nó fuinnimh;

(m)ciallaíonn “tionscadal leasa choitinn” tionscadal a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 nó i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 nó in Airteagal 8 den Rialachán seo;

(n)ciallaíonn “staidéir” gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun cur chun feidhme tionscadal a ullmhú, amhail staidéir ullmhúcháin, staidéir mhapála, staidéir féidearthachta, staidéir mheastóireachta, staidéir thástála agus bhailíochtaithe, lena náirítear staidéir i bhfoirm bogearraí, agus aon bheart tacaíochta teicniúla eile, lena náirítear réamhbheart chun tionscadal a shainmhíniú agus a fhorbairt agus chun cinneadh a dhéanamh maidir lena mhaoiniú, amhail taiscéalaíocht na suíomhanna lena mbaineann agus ullmhú an phacáiste airgeadais;

(o)ciallaíonn “gníomhaithe socheacnamaíocha” eintitis ar féidir leo, de bharr an mhisin atá acu, an nádúir atá iontu nó an tsuímh ina bhfuil siad, sochair shocheacnamaíocha mhóra a ghiniúint go díreach nó go hindíreach do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla atá lonnaithe ar an gcríoch atá timpeall orthu;

(p)ciallaíonn “tríú tír” tír nach bhfuil ina ball den Aontas Eorpach;

(q)ciallaíonn “líonraí an-ardtoillte” líonraí an-ardtoillte mar a shainmhínítear in Airteagal [2 (XX)] de Threoir (AE) 2018/XXX [an Cód Eorpach don Chumarsáid Leictreonach];

(r)ciallaíonn “oibreacha” ceannach, soláthar agus imlonnú comhpháirteanna, córas agus seirbhísí lena náirítear bogearraí, cur i gcrích gníomhaíochtaí forbartha agus tógála agus suiteála a bhaineann le tionscadal, glacadh le suiteálacha agus tionscadal a sheoladh.

Airteagal 3
Cuspóirí

1.Is é is cuspóir ginearálta don Chlár na gréasáin thras-Eorpacha i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus na seirbhísí digiteacha a fhorbairt agus a nuachóiriú agus comhar trasteorann a éascú i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, agus na gealltanais fhadtéarmacha maidir le dícharbónú a chur san áireamh agus béim a chur ar shineirgíochtaí idir na hearnálacha.

2.Seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:

(a)In earnáil an iompair:

(i)cabhrú chun tionscadail leasa choitinn a fhorbairt maidir le líonraí agus gréasáin éifeachtúla agus idirnasctha agus maidir le bonneagar le haghaidh soghluaisteacht chliste, inbhuanaithe, chuimsitheach, shábháilte agus shlán;

(ii)na gréasáin TEN-T a oiriúnú do riachtanais soghluaisteachta míleata;

(b)In earnáil an fhuinnimh, cabhrú chun tionscadail leasa choitinn a fhorbairt maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh a chomhtháthú tuilleadh, le hidir-inoibritheacht gréasán thar theorainneacha agus earnálacha, leis an dícharbónú a éascú agus slándáil an tsoláthair a áirithiú, agus le comhar trasteorann a áirithiú i réimse an fhuinnimh in-athnuaite;

(c)In earnáil na seirbhísí digiteacha, cabhrú chun líonraí digiteacha an-ardtoillte agus córais 5G a imlonnú, athléimneacht bhreise agus toilleadh breise a chur leis na líonraí digiteacha cnámh droma ar chríocha an Aontais trína nascadh le críocha comharsanacha, agus digitiú na ngréasán iompair agus fuinnimh.

Airteagal 4
Buiséad

1.Is é EUR 42,265,493,000 i bpraghsanna reatha an timchlúdach airgeadais a bheidh ann chun an Clár a chur chun feidhme don tréimhse 2021-2027.

2.Seo mar a dhéanfar an méid sin a dháileadh:

(a)suas le EUR 30,615,493,000 maidir leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a):

(i)ar as an gcnuasach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha Eorpacha a thiocfaidh EUR 12,830,000,000 de;

(ii)a naistreofar EUR 11,285,493,000 de ón gCiste Comhtháthaithe le caitheamh i gcomhréir leis an Rialachán seo i mBallstáit a bheidh incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe, agus sna Ballstáit sin amháin;

(iii)ar as an gcnuasach le haghaidh na Cosanta a thiocfaidh EUR 6,500,000,000 de maidir leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(ii);

(b)suas le EUR 8,650,000,000 maidir leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b), ar le haghaidh na dtionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite suas le 10 % de;

(c)suas le EUR 3,000,000,000 maidir leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c).

3.Ní imeoidh an Coimisiún ón méid dá dtagraítear i bhfomhír 2(a)(ii).

4.Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an Clár agus na treoirlínte a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena náirítear córais teicneolaíochta agus faisnéise chorporáideacha. Féadfar an méid sin a úsáid freisin chun bearta tionlacain a mhaoiniú chun tacú le tionscadail a ullmhú.

5.Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le bearta ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

6.Gan dochar don Rialachán Airgeadais, féadfaidh caiteachas le haghaidh bearta a thagann as tionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021.

7.An méid a aistreofar as an gCiste Comhtháthaithe, déanfar é a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi réir mhír 8 agus gan dochar d’Airteagal 14(2)(b).

8.Maidir leis na méideanna a aistreofar as an gCiste Comhtháthaithe, cuirfear 30 % de na méideanna sin ar fáil láithreach do na Ballstáit uile atá incháilithe chun cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe chun tionscadail bonneagair iompair a mhaoiniú i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus tosaíocht á tabhairt do na naisc thrasteorann agus na naisc atá in easnamh. Go dtí an 31 Nollaig 2023, déanfar na leithdháiltí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe a urramú maidir le 70 % de na hacmhainní arna naistriú agus tionscadail a bheidh incháilithe chun maoiniú a fháil á roghnú. Ón 1 Eanáir 2024, acmhainní nach bhfuil geallta le haghaidh tionscadal bonneagair iompair agus a aistríodh chuig an gClár, cuirfear ar fáil iad do gach Ballstát a bheidh incháilithe chun cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe, chun tionscadail bonneagair iompair a mhaoiniú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

9.Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le [pointe (a) d’Airteagal 62(1)] den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh más féidir.

Airteagal 5
Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.Féadfaidh na tríú tíortha seo a leanas páirt a ghlacadh sa Chlár:

(a)comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime comhfhreagracha agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime comhfhreagracha agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

go náirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;

go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;

go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

2.Ní fhéadfaidh na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1, agus na heintitis arna mbunú sna tíortha sin, cúnamh airgeadais a fháil faoin Rialachán seo ach amháin más gá sin chun cuspóirí tionscadail áirithe leasa choitinn a ghnóthú agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 19.

Airteagal 6
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas Eorpach

1.Cuirfear an Clár chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal [61(1)(c)] den Rialachán Airgeadais.

2.Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin a bheith in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais agus soláthar poiblí. Féadfar maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin. Déanfar oibríochtaí measctha a chinnfear faoin gClár seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán maidir le InvestEU agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

3.Féadfaidh an Coimisiún cumhacht maidir le cuid den Chlár a chur chun feidhme a tharmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal [69] den Rialachán Airgeadais d’fhonn bainistiú barrmhaith agus ceanglais éifeachtúlachta an Chláir i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus na seirbhísí digiteacha a áirithiú.

4.Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in [Airteagal X de] Rialachán XXX [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

Airteagal 7
Tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite

1.Beidh dhá Bhallstát ar a laghad páirteach i dtionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite agus áireofar na tionscadail sin i gcomhaontú comhair nó i socrú de chineál ar bith eile idir na Ballstáit nó i socruithe de chineál ar bith eile idir na Ballstáit agus tríú tíortha a leagtar amach in Airteagail 6, 7, 9 nó 11 de Threoir 2009/28/CE. Déanfar na tionscadail sin a shainaithint i gcomhréir leis na critéir agus an nós imeachta a leagtar síos i gCuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.Faoin 31 Nollaig 2019, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23(d) den Rialachán seo chun na critéir roghnúcháin a shonrú tuilleadh agus mionsonraí phróiseas roghnúcháin na dtionscadal a leagan síos agus foilseoidh sé na modheolaíochtaí chun an méid a chuireann na tionscadail leis na critéir ghinearálta a mheas agus chun na costais agus na sochair iomlána a shonraítear i gCuid IV den Iarscríbhinn a mheas.

3.Na staidéir atá dírithe ar thionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus a shainaithint, beidh siad incháilithe chun cistiú a fháil faoin Rialachán seo.

4.Na tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, beidh siad incháilithe chun cistiú a fháil ón Aontas maidir le hoibreacha má chomhlíonann siad na critéir bhreise seo a leanas:

(a)an anailís costais/sochair a bhaineann go sonrach leis an tionscadal de bhun phointe 3 de Chuid IV den Iarscríbhinn, go bhfuil fianaise inti maidir le laghdú mór ar na costais agus/nó maidir le sochair mhóra i ndáil le comhtháthú an chórais, slándáil an tsoláthair nó nuálaíocht, agus;

(b)go bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir nach mbeadh ann don tionscadal in éagmais an deontais, nó nach féidir leis an tionscadal a bheith inmharthana ó thaobh na tráchtála de in éagmais an deontais. Cuirfear san áireamh san anailís sin aon ioncam a thagann as scéimeanna tacaíochta.

5.Beidh méid an deontais le haghaidh na noibreacha i gcomhréir leis an laghdú ar chostas agus/nó leis na sochair dá dtagraítear i bpointe 2(b) de Chuid IV den Iarscríbhinn agus ní bheidh sé níos airde ná an méid is gá lena áirithiú go mbeidh ann don tionscadal nó go mbeidh an tionscadal inmharthana ó thaobh na tráchtála de.

Airteagal 8
Tionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair nascachta digití

1.Cuirfidh tionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair nascachta digití leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c).

2.Na staidéir atá dírithe ar thionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair nascachta digití a fhorbairt agus a shainaithint, beidh siad incháilithe chun cistiú a fháil faoin Rialachán seo.

3.Gan dochar do na critéir dhámhachtana a leagtar amach in Airteagal 13, déanfar na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an tosaíocht maidir leis an gcistiú á chinneadh:

(a)tabharfar tosaíocht do bhearta a chuireann leis an rochtain ar líonraí an-ardtoillte atá in ann nascacht ghigighiotáin a chur ar fáil le haghaidh gníomhaithe socheacnamaíocha agus cuirfear san áireamh an fheidhm atá leis na gníomhaithe socheacnamaíocha, ábharthacht na seirbhísí digiteacha agus na bhfeidhmchlár digiteach atá cumasaithe a bhuí leis an mbun-nascacht a bheith curtha ar fáil, agus na sochair shocheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla, lena náirítear na héifeachtaí dearfacha a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an nascacht, i gcomhréir le Cuid V den Iarscríbhinn;

(b)bearta a chuireann leis an soláthar de nascacht áitiúil idirlín gan sreang ar an-ardcháilíocht i bpobail áitiúla, i gcomhréir le Cuid V den Iarscríbhinn;

(c)maidir le bearta a chabhraíonn le córais 5G a imlonnú, tabharfar tosaíocht do chonairí 5G a imlonnú feadh conairí móra iompair ar tír, lena náirítear an gréasán tras-Eorpach iompair. Cuirfear san áireamh freisin an méid a chabhraíonn an beart chun a áirithiú go mbeidh cuimsiú ann feadh na bpríomhchonairí iompair le go bhféadfar seirbhísí digiteacha sineirgíochta a sholáthar gan bhriseadh, agus na héifeachtaí dearfacha a d’fhéadfadh a bheith ann do chríocha agus do phobail atá i gcóngar limistéar imlonnaithe an tionscadail a uasmhéadú. I gCuid V den Iarscríbhinn tugtar liosta táscach de na tionscadail a d’fhéadfadh leas a bhaint as tacaíocht;

(d)tionscadail atá dírithe ar líonraí cnámh droma trasteorann a imlonnú, líonraí a dhéanfaidh nasc idir an tAontas agus tríú tíortha agus a chuirfidh leis na naisc atá ann ar chríoch an Aontais, lena náirítear cáblaí faoi uisce, tabharfar tosaíocht do na tionscadail sin i gcomhréir leis an méid a chuireann siad le hathléimneacht agus toilleadh na líonraí cumarsáide leictreonaí ar chríoch an Aontais;

(e)maidir leis an gcuimsiú le líonraí an-ardtoillte, tabharfar tosaíocht do bhearta a chabhraíonn le críocha agus pobail a chuimsiú, i gcomhréir inbhéartach le déine na tacaíochta deontais a theastódh le go bhféadfaí an tionscadal a chur chun feidhme, i gcoibhneas leis na rátaí cómhaoinithe uasta is infheidhme a leagtar síos in Airteagal 14. Cuirfear san áireamh freisin an méid a chabhraíonn an beart chun a áirithiú go ndéanfar an chríoch agus an pobal i limistéar imlonnaithe tionscadail áirithe a chuimsiú go cuimsitheach, agus go ndéanfar na héifeachtaí dearfacha a d’fhéadfadh a bheith ann do chríocha agus do phobail atá i gcóngar limistéar imlonnaithe an tionscadail a uasmhéadú;

(f)maidir le tionscadail lena ndéantar ardáin dhigiteacha oibríochtúla a imlonnú, tabharfar tosaíocht do na bearta sin atá bunaithe ar theicneolaíochtaí úrscothacha, agus cuirfear san áireamh gnéithe amhail an idir-inoibritheacht, an chibearshlándáil, príobháideachas sonraí agus athúsáid sonraí;

(g)an méid atá an teicneolaíocht atá á himlonnú in oiriúint do thionscadal sonrach, agus an chothromaíocht is fearr a mholadh idir teicneolaíochtaí úrscothacha ó thaobh acmhainn sreafa sonraí, slándáil tarchuir, athléimneacht líonraí agus éifeachtúlacht costais de.

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 9
Bearta incháilithe

1.Ní bheidh ach bearta a chuireann le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 incháilithe chun cistiú a fháil. Ar na bearta sin beidh, go háirithe, staidéir, oibreacha agus bearta tionlacain eile is gá chun an Clár agus na treoirlínte a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith a bhainistiú agus a chur chun feidhme.

2.In earnáil an iompair, beidh na bearta seo a leanas incháilithe chun cúnamh airgeadais a fháil ón Aontas faoin Rialachán seo:

(a)Bearta a bhaineann le gréasáin éifeachtúla agus idirnasctha:

(i)bearta lena gcuirtear chun feidhme an croíghréasán i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, lena náirítear bearta a bhfuil baint acu le nóid uirbeacha, calafoirt mhuirí, calafoirt intíre agus críochfoirt iarnróid atá sa chroíghréasán a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013. Ar na bearta lena gcuirtear an croíghréasán chun feidhme, féadfar a áireamh eilimintí gaolmhara atá suite ar an ngréasán cuimsitheach nuair is gá sin chun an infheistíocht a bharrfheabhsú agus i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a shonraítear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo;

(ii)bearta lena gcuirtear chun feidhme naisc thrasteorann an ghréasáin chuimsithigh i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, go háirithe na codanna a liostaítear i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(iii)bearta lena gcuirtear chun feidhme codanna den ghréasán cuimsitheach atá suite sna réigiúin is forimeallaí i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, lena náirítear bearta a bhfuil baint acu le nóid uirbeacha, calafoirt mhuirí, calafoirt intíre agus críochfoirt iarnróid atá sa ghréasán cuimsitheach a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(iv)bearta a thacaíonn le tionscadail leasa choitinn d’fhonn an gréasán tras-Eorpach a nascadh le gréasáin bhonneagair i dtíortha comharsanacha mar a shainmhínítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(b)Bearta a bhaineann le soghluaisteacht chliste, inbhuanaithe, chuimsitheach, shábháilte agus shlán:

(i)bearta a thacaíonn le mótarbhealaí na farraige i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(ii)bearta a thacaíonn le córais feidhmchlár teileamaitice, lena náirítear chun críocha sábháilteachta, i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2012;

(iii)bearta a thacaíonn le seirbhísí iompair lastais i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(iv)bearta a thacaíonn le teicneolaíochtaí nua agus le nuálaíocht, lena náirítear uathoibriú, seirbhísí iompair feabhsaithe, comhtháthú módach agus bonneagar breoslaí malartacha, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(v)bearta chun na bacainní ar idir-inoibritheacht a bhaint, go háirithe maidir le héifeachtaí conaire/gréasáin a bhaint amach;

(vi)bearta lena gcuirtear chun feidhme bonneagar sábháilte slán agus soghluaisteacht shábháilte shlán, lena náirítear sábháilteacht ar bhóithre, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(vii)bearta lena bhfeabhsaítear an tseasmhacht atá sa bhonneagar iompair i gcoinne an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha;

(viii)bearta lena bhfeabhsaítear an rochtain atá ag gach úsáideoir ar an mbonneagar iompair i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(ix)bearta lena bhfeabhsaítear inrochtaineacht agus infhaighteacht an bhonneagair iompair chun críocha slándála agus cosanta sibhialta.

(c)Faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a)(ii): bearta, nó gníomhaíochtaí sonracha atá i mbeart, lena dtugtar tacaíocht don bhonneagar iompair ar an nGréasán TEN-T d’fhonn é a chur in oiriúint do riachtanais soghluaisteachta míleata chun go bhféadfaidh sibhialtaigh agus an tarm araon an bonneagar sin a úsáid.

3.In earnáil an fhuinnimh, beidh na bearta seo a leanas incháilithe chun cúnamh airgeadais a fháil ón Aontas faoin Rialachán seo:

(a)bearta a bhfuil baint acu le tionscadail leasa choitinn mar a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013;

(b)bearta a thacaíonn le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, lena náirítear bunsmaoineamh an tionscadail, mar a shainmhínítear i gCuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo.

4.In earnáil na seirbhísí digiteacha, beidh na bearta seo a leanas incháilithe chun cúnamh airgeadais a fháil ón Aontas faoin Rialachán seo:

(a)bearta a thacaíonn le nascacht ghigighiotáin na ngníomhaithe socheacnamaíocha;

(b)bearta a thacaíonn le nascacht áitiúil idirlín gan sreang ar an-ardcháilíocht a sholáthar i bpobail áitiúla saor in aisce gan coinníollacha idirdhealaitheacha;

(c)bearta lena gcuirtear chun feidhme cuimsiú gan bhriseadh de chórais 5G sna príomhchonairí iompair go léir ar tír, lena náirítear an gréasán tras-Eorpach iompair;

(d)bearta a thacaíonn le himlonnú líonraí cnámh droma, lena náirítear cáblaí faoi uisce, trí Bhallstáit, idir Bhallstáit agus idir an tAontas agus tríú tíortha;

(e)bearta a thacaíonn leis an rochtain atá ag teaghlaigh Eorpacha ar líonraí an-ardtoillte;

(f)bearta lena gcuirtear chun feidhme ceanglais maidir leis an mbonneagar nascachta digití a bhaineann le tionscadail trasteorann i réimsí an iompair nó an fhuinnimh agus/nó bearta a thacaíonn le hardáin dhigiteacha oibríochtúla a bhfuil baint dhíreach acu le bonneagar iompair nó bonneagar fuinnimh.

I gCuid V den Iarscríbhinn tugtar liosta táscach de na tionscadail incháilithe in earnáil na seirbhísí digiteacha.

Airteagal 10
Sineirgíochtaí

1.Bearta a chabhraíonn le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí atá ag dhá earnáil ar a laghad dá bhforáiltear in Airteagal 3(2)(a), (b) agus (c) a ghnóthú, beidh na bearta sin incháilithe chun cúnamh airgeadais a fháil ón Aontas faoin Rialachán seo. Cuirfear na bearta sin chun feidhme trí chláir oibre shonracha thrasearnála ina dtabharfar aghaidh ar dhá earnáil ar a laghad, lena náirítear critéir dhámhachtana shonracha agus a mhaoineofar le ranníocaíochtaí buiséadacha as na hearnálacha lena mbaineann.

2.Laistigh d’earnáil an iompair, d’earnáil an fhuinnimh agus d’earnáil na seirbhísí digiteacha faoi seach, féadfar eilimintí coimhdeacha, nach bhféadfaidh baint a bheith acu leis na bearta incháilithe dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), (3) nó (4), a bheith sna bearta incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 9 ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais uile seo a leanas:

(a)nach bhfuil an costas a bhaineann leis na heilimintí coimhdeacha sin níos airde ná 20 % de chostais incháilithe iomlána an bhirt; agus

(b)go bhfuil baint ag na heilimintí coimhdeacha sin le hearnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh nó earnáil na seirbhísí digiteacha; agus

(c)go bhfágann na heilimintí coimhdeacha sin gur féidir sochair shocheacnamaíocha, aeráide nó chomhshaoil an bhirt a fheabhsú go mór.

Airteagal 11
Eintitis incháilithe

1.Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal [197] den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach san Airteagal seo.

2.Tá na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i mBallstát;

(b)eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár;

(c)eintitis dhlíthiúla a cruthaíodh faoi dhlí an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcás ina bhfuil foráil maidir leo sna cláir oibre.

3.Níl daoine nádúrtha incháilithe.

4.Tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár incháilithe, go heisceachtúil, chun tacaíocht a fháil faoin gClár i gcás inar gá sin chun cuspóirí tionscadail leasa choitinn ar leith, nó tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, a ghnóthú.

5.Féadfar a fhoráil sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 19 nach mbeidh incháilithe ach tograí arna gcur isteach ag Ballstát amháin nó níos mó nó, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, tograí arna gcur isteach ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag gnóthais chomhpháirteacha, nó ag gnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha.

CAIBIDIL III

DEONTAIS

Airteagal 12
Deontais

Déanfar na deontais faoin gClár a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal [VIII] den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 13
Critéir dhámhachtana

1.Déanfar na critéir dhámhachtana a shainiú sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 19 agus sna glaonna ar thograí agus cuirfear san áireamh, a mhéid is infheidhme, na heilimintí seo a leanas:

(a)an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil (sochair agus costais);

(b)gnéithe nuálaíochta, sábháilteachta, idir-inoibritheachta agus inrochtaineachta;

(c)an ghné thrasteorann;

(d)sineirgíochtaí idir earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha;

(e)aibíocht an bhirt maidir le forbairt an tionscadail;

(f)a fhónta a bheidh an plean cur chun feidhme a bheartaítear;

(g)an éifeacht chatalaíoch a bheidh ag an gcúnamh airgeadais ón Aontas ar infheistíochtaí;

(h)an gá le constaicí airgeadais a shárú, amhail easpa inmharthanachta ó thaobh na tráchtála de nó easpa maoinithe don mhargadh;

(i)comhsheasmhacht le pleananna fuinnimh agus aeráide náisiúnta agus an Aontais.

2.Agus na tograí á meas de réir na gcritéar dámhachtana, cuirfear san áireamh, i gcás inarb ábhartha, an tseasmhacht atá iontu i gcoinne thionchair dhíobhálacha an athraithe aeráide trí mheasúnú a dhéanamh ar laigí agus ar rioscaí aeráide, lena náirítear na bearta ábhartha oiriúnúcháin.

3.Leis an measúnú ar na tograí de réir na gcritéar dámhachtana, áiritheofar, i gcás inarb ábhartha, mar a shonraítear sna cláir oibre, go bhfuil na bearta a fhaigheann tacaíocht ón gClár agus ina gcuimsítear teicneolaíocht suite, loingseoireachta agus uainiúcháin (PNT) comhoiriúnach ar bhonn teicniúil do EGNOS/Galileo agus Copernicus.

4.In earnáil an iompair, áiritheofar leis an measúnú ar na tograí de réir na gcritéar dámhachtana dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb infheidhme, go mbeidh na bearta atá beartaithe, go mbeidh siad i gcomhréir le pleananna oibre na gconairí agus leis na gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin tuairim an Chomhordaitheora Eorpaigh atá freagrach as na conairí de bhun Airteagal 45(8) de.

5.Maidir le bearta a bhaineann le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, cuirfear na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 d’Airteagal 7 san áireamh sna critéir dhámhachtana a shainítear sna cláir oibre agus sna glaonna ar thograí.

6.Maidir le bearta a bhaineann le tionscadail leasa choitinn i réimse na nascachta digití, cuirfear na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 d’Airteagal 8 san áireamh sna critéir dhámhachtana a shainítear sna cláir oibre agus sna glaonna ar thograí.

Airteagal 14
Rátaí cómhaoinithe

1.Maidir leis na staidéir, ní bheidh méid na cabhrach airgeadais ón Aontas níos airde ná 50 % den chostas incháilithe iomlán. Maidir le staidéir a mhaoinítear leis na méideanna a aistrítear as an gCiste Comhtháthaithe, is iad na rátaí cómhaoinithe is infheidhme maidir leis an gCiste Comhtháthaithe mar a shonraítear i mír 2(b) na rátaí cómhaoinithe uasta.

2.Maidir le hoibreacha in earnáil an iompair, beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe uasta seo a leanas:

(a)maidir le hoibreacha a bhfuil baint acu leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a), ní bheidh méid an chúnaimh airgeadais ón Aontas níos airde ná 30 % den chostas incháilithe iomlán. Féadfar na rátaí cómhaoinithe a ardú go 50 %, ar a mhéid, i gcás bearta a bhfuil baint acu le naisc thrasteorann faoi na coinníollacha a shonraítear i bpointe (c) den mhír seo, i gcás bearta a thacaíonn le córais feidhmchlár teileamaitice, i gcás bearta a thacaíonn le teicneolaíochtaí nua agus nuálaíocht, i gcás bearta a chuireann leis an tsábháilteacht bonneagair i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus i gcás bearta a dhéantar sna réigiúin is forimeallaí;

(b)maidir leis na méideanna a aistrítear as an gCiste Comhtháthaithe, is iad na rátaí cómhaoinithe is infheidhme maidir leis an gCiste Comhtháthaithe mar a thagraítear dóibh i Rialachán (AE) XXX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] na rátaí cómhaoinithe uasta. Féadfar na rátaí cómhaoinithe sin a ardú go 85 %, ar a mhéid, i gcás bearta a bhfuil baint acu le naisc thrasteorann faoi na coinníollacha a shonraítear i bpointe (c) den mhír seo;

(c)i gcás bearta a bhfuil baint acu le naisc thrasteorann, ní bheidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe uasta méadaithe dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) ach maidir le bearta a léiríonn leibhéal comhtháthaithe measartha ard maidir le pleanáil agus cur chun feidhme an bhirt chun críche an chritéir dámhachtana dá dtagraítear in Airteagal 13(1)(c), go háirithe trí chuideachta tionscadail amháin, struchtúr rialachais comhpháirteach amháin agus creat dlíthiúil déthaobhach amháin a bhunú nó gníomh cur chun feidhme a ghlacadh de bhun Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.

3.Maidir le hoibreacha in earnáil an fhuinnimh, beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe uasta seo a leanas:

(a)maidir le hoibreacha a bhfuil baint acu leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b), ní bheidh méid an chúnaimh airgeadais ón Aontas níos airde ná 50 % den chostas incháilithe iomlán;

(b)féadfar rátaí cómhaoinithe a ardú go 75 %, ar a mhéid, i gcás bearta a chabhraíonn le tionscadail leasa choitinn a fhorbairt, ar tionscadail iad, bunaithe ar an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, a thugann leibhéal ard slándála soláthair réigiúnaigh nó leibhéal ard slándála soláthair ar fud an Aontais, agus a neartaíonn dlúthpháirtíocht an Aontais nó a bhfuil réitigh atá thar a bheith nuálaíoch iontu.

4.Maidir le hoibreacha in earnáil na seirbhísí digiteacha, beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe uasta seo a leanas: maidir le hoibreacha a bhfuil baint acu leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c), ní bheidh méid an chúnaimh airgeadais ón Aontas níos airde ná 30 % den chostas incháilithe iomlán. Féadfar na rátaí cómhaoinithe a ardú go 50 %, ar a mhéid, i gcás bearta a bhfuil gné shuntasach thrasteorann iontu, amhail cuimsiú gan bhriseadh de chórais 5G feadh príomhchonairí iompair nó líonraí cnámh droma a imlonnú idir Ballstáit agus idir an tAontas agus tríú tíortha, agus go 75 % i gcás bearta lena gcuirtear nascacht ghigighiotáin gníomhaithe socheacnamaíocha chun feidhme. Déanfar bearta chun nascacht áitiúil idirlín gan sreang a sholáthar i bpobail áitiúla a mhaoiniú le cúnamh airgeadais ón Aontas a chumhdóidh suas le 100 % de na costais incháilithe, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe.

5.Is é a bheidh sa ráta cómhaoinithe uasta is infheidhme maidir le bearta a roghnaítear faoi chláir oibre thrasearnála dá dtagraítear in Airteagal 10 an ráta cómhaoinithe uasta is airde is infheidhme maidir leis na hearnálacha lena mbaineann.

Airteagal 15
Costais incháilithe

Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal [186] den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta seo a leanas maidir le costas:

(a)caiteachas a thabhófar i mBallstáit an taon chaiteachas a bheith incháilithe, ach amháin i gcás ina mbeidh críoch tríú tír amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 5 nó i mír 4 d’Airteagal 11 den Rialachán seo nó uiscí idirnáisiúnta i gceist leis an tionscadal leasa choitinn nó na tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite agus i gcás inar gá an beart sin chun cuspóirí an tionscadail lena mbaineann a ghnóthú;

(b)féadfaidh costas trealaimh, saoráidí agus bonneagair a gcaitear leis mar chaiteachas caipitil de chuid an tairbhí a bheith incháilithe ina iomláine;

(c)ní bheidh caiteachas a bhaineann le ceannach talún ina chostas incháilithe;

(d)ní áireofar cáin bhreisluacha (CBL) sna costais incháilithe.

Airteagal 16
Comhcheangal de dheontais agus d’fhoinsí eile maoinithe

1.Féadfar deontais a úsáid i gcomhcheangal le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ó bhainc náisiúnta le haghaidh spreagtha, ó institiúidí airgeadais forbartha agus poiblí eile, ó institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus ó infheisteoirí san earnáil phríobháideach, lena náirítear Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí.

2.Féadfar úsáid na ndeontas dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme trí ghlaonna ar leith ar thograí.

Airteagal 17
Na deontais a laghdú nó a fhoirceannadh

1.De bhreis ar na forais a shonraítear i [mír 4 d’Airteagal 131] den Rialachán Airgeadais, féadfar méid an deontais a laghdú ar na forais seo a leanas:

(a)níor tosaíodh an beart laistigh de bhliain amháin tar éis an dáta tosaigh a shonraítear sa chomhaontú deontais;

(b)tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn an bhirt, suítear go raibh moill chomh mór sin ar chur chun feidhme an bhirt gur dóigh nach ngnóthófar cuspóirí an bhirt;

2.Féadfar an comhaontú deontais a fhoirceannadh ar bhonn na bhforas a shonraítear i mír 1.

Airteagal 18
Cistiú carnach, comhlántach agus comhpháirteach

1.Beart ar tugadh ranníocaíocht dó faoin gClár, féadfar ranníocaíocht a thabhairt dó freisin as aon chlár eile de chuid an Aontais, lena náirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí sin na costais chéanna. Beidh feidhm ag na rialacha maidir le gach clár ranníocaíochta faoi leith de chuid an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfreagrach leis an mbeart. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an mbeart agus féadfar an tacaíocht as na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

2.Na bearta a chomhlíonann na coinníollacha carnacha comparáideacha:

(a)rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

(c)ní fhéadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha;

Féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ón gCiste Comhtháthaithe i gcomhréir le [mír 5 d’Airteagal 67] de Rialachán (AE) XXX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], ar choinníoll go bhfuil na bearta sin comhleanúnach le cuspóir an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirtear tacaíocht ar fáil.

CAIBIDIL IV

CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 19
Cláir oibre

1.Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme. Leagfar amach sna cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

2.Déanfaidh an Coimisiún na cláir oibre a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo.

Airteagal 20
Faireachán agus tuairisciú

1.Leagtar amach i gCuid I den Iarscríbhinn na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

2.Chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú a chuspóirí a mheas go héifeachtach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 24, chun Cuid I den Iarscríbhinn a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go ndéanfar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme, agus torthaí an Chláir, a bhailiú ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, déanfar ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a fhorchur ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, ar Bhallstáit.

Airteagal 21
Meastóireacht

1.Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le cur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

3.I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

4.Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 22
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh Coiste Comhordúcháin SCE cúnamh don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 23
Gníomhartha tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo:

(a)chun Cuid I den Iarscríbhinn a leasú maidir leis na táscairí agus chun creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú;

(b)chun Cuid II den Iarscríbhinn a leasú maidir leis na céatadáin tháscacha de na hacmhainní buiséadacha a leithdháilfear ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(a)(i);

(c)chun Cuid III den Iarscríbhinn a leasú maidir leis an sainmhíniú ar chonairí an chroíghréasáin iompair agus na gcodanna réamhshainithe agus maidir leis na codanna réamhshainithe den ghréasán cuimsitheach;

(d)chun Cuid IV den Iarscríbhinn a leasú maidir le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite a shainaithint;

(e)chun Cuid V den Iarscríbhinn a leasú maidir le tionscadail leasa choitinn i réimse na nascachta digití a shainaithint.

Airteagal 24
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 23 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23 a chúlghairm aon tráth. Má dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 23 i bhfeidhm mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na bearta agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.Déanfaidh an Coimisiún bearta faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus le bearta agus torthaí an Chláir, a chur chun feidhme. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar freisin leis an gcumarsáid chorparáideach a dhéantar ar thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 26
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraime dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, beidh an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair san áireamh, ar na cearta sin, rud dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiniúchtaí arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 27
Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.Déanfar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 a aisghairm.

2.Gan dochar do mhír 1, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na mbeart lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, agus beidh feidhm aige maidir leis na bearta lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

3.Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais is gá maidir leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach chun an taistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, a áirithiú.

4.Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(5) den Rialachán seo a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na bearta nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 28
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

Infheistíochtaí Straitéiseacha Eorpacha

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 42  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), a bunaíodh in 2014, tugtar tacaíocht don infheistíocht sa ghréasán tras-Eorpach (TEN) in earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha. Is clár ríthábhachtach é SCE a chuireann le cuspóirí ábhartha an Aontais Eorpaigh, go háirithe poist, fás agus infheistíocht, an tAontas Fuinnimh, an Margadh Aonair Digiteach, an gníomhú ar son na haeráide, Eoraip shóisialta, an Margadh Aonair agus an trádáil. Tá SCE bunaithe ar na treoirlínte a bhaineann le gach earnáil faoi seach.

Mar bharr ar an taithí dhearfach a fuarthas agus SCE á chur chun feidhme sa tréimhse 2014-2020, tá togra á thíolacadh ag an gCoimisiún le haghaidh an chláir a thiocfaidh i gcomharbacht ar SCE i gcomhthéacs an phróisis pholaitiúil ina iomláine maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 a ullmhú. Cuirtear san áireamh i raon feidhme agus leagan amach an chláir nua na tosaíochtaí beartais atá ag athrú agus an treoir ghinearálta maidir le simpliú atá tugtha ag seirbhísí láir an Choimisiúin.

Cé go bhfuil croíthosaíochtaí an chláir dírithe go fóill ar an ngréasán tras-Eorpach, táthar ag cur le raon feidhme SCE in earnáil an fhuinnimh tar éis 2020 le go gcuimseofar an comhar trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite agus déanfar an clár a athshainiú maidir le hearnáil na seirbhísí digiteacha, rud a chomhlánóidh an Clár nua don Eoraip Dhigiteach. Go sonrach:

In earnáil an iompair, cabhraíonn SCE leis an dá shraith den ghréasán tras-Eorpach iompair a chríochnú: croíghréasán TEN-T faoi 2030 agus gréasán cuimsitheach TEN-T faoi 2050. Cabhraíonn SCE freisin le córais Eorpacha bainistíochta tráchta a imlonnú maidir le gach cineál córa tráchta agus leis an Aontas Eorpach aistriú go córas soghluaisteachta glan agus idirnasctha. Cabhraíonn sé freisin, i gcás inar gá, leis an ngréasán TEN-T a oiriúnú do riachtanais soghluaisteachta míleata.

In earnáil an fhuinnimh, cabhraíonn SCE leis an ngréasán TEN-E a chríochnú trí thionscadail leasa choitinn a fhorbairt maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh a chomhtháthú tuilleadh agus le hidir-inoibritheacht na ngréasán thar theorainneacha agus earnálacha. Tacaíonn SCE, freisin, leis an gcomhar idir Ballstáit a chur chun cinn maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite a phleanáil agus a imlonnú, rud a chuireann le gnóthú chuspóir na costéifeachtachta faoi 2030.

In earnáil na seirbhísí digiteacha, cabhraíonn SCE leis na cuspóirí nascachta digití atá leagtha síos sa Straitéis maidir le Sochaí Ghigighiotáin a ghnóthú. Cuireann sé, freisin, le hathléimneacht agus acmhainneacht líonraí digiteacha an Aontais Eorpaigh trí aghaidh a thabhairt ar nascacht idirnáisiúnta agus le digitiú na ngréasán fuinnimh agus iompair le go bhféadfar seirbhísí trasteorann a chur ar fáil sa dá réimse sin.

Maidir leis an modh seachadta chun an clár a chur chun feidhme, tá sé beartaithe leanúint den mhodh spriocdhírithe éifeachtúil faoi bhainistíocht dhíreach an Choimisiúin. Beidh an tarmligean athuair chuig Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Nuálaíochta agus na nGréasán (INEA) 43 faoi réir thoradh na hanailíse costais/sochair agus na gcinntí lena mbaineann atá le déanamh. Dhéanfaí na coigeartuithe uile is gá le go bhféadfaí déileáil leis an struchtúr nua sa chaoi is go náiritheofaí éifeachtúlacht, solúbthacht bhreise, comhleanúnachas agus sineirgíochtaí, simpliú agus an fócas ar fheidhmíocht.

Is é an sprioc atá ann go mbeidh an clár ar obair díreach ón tús in 2021. Le go bhféadfar SCE a sheoladh go pras agus cistí an Aontais a leithdháileadh ar na tairbhithe a luaithe is féidir tar éis sheoladh SCE, beidh gá dianullmhúchán a dhéanamh le linn chéim an tseolta. Is den riachtanas é go ndéanfar comhordú éifeachtúil idir na seirbhísí sin a bhfuil baint dhíreach acu leis an gclár le go bhféadfar líon iomchuí tionscadal a bheith ar na bacáin agus pleanáil thráthúil a dhéanamh ar chláir oibre/glaonna maidir le gach earnáil de SCE (lena náirítear mionsonraí an imchlúdaigh le haghaidh an chomhtháthaithe, glaonna ar shineirgíocht, deontais a mheascadh nó a chomhcheangal le hionstraimí airgeadais neamh-AE, etc.)

1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Le hAirteagal 171 de CFAE tugtar de chumhacht don Aontas tionscadail leasa choitinn a shainiú maidir le bonneagar TEN ach é a fhágáil faoi na Ballstáit na modhanna a roghnú maidir leis na tionscadail sin a chur chun feidhme. Tugann an tAirteagal céanna de chumhacht don Aontas tacú le tionscadail leasa choitinn.

Le linn na tréimhse 2014-2020, tugadh tacaíocht as clár SCE d’infheistíochtaí i mbonneagar iompair, fuinnimh agus digiteach i gcomhréir leis na hAirteagail thuasluaite den Chonradh. Tá gá infheistíocht a dhéanamh i ngréasáin TEN tar éis 2020, áfach, agus ní leor na hacmhainní atá ar fáil ar leibhéal na mBallstát chun na fadhbanna atá ann a réiteach. Dar ndóigh, tá gné Eorpach i gceist i dtionscadail TEN agus is éifeachtúla is féidir déileáil leo ar leibhéal an Aontais, rud a fhágann sochair níos mó ar an iomlán, cur chun feidhme níos gasta agus laghdú ar na costais má oibríonn na Ballstáit le chéile. Tá údar cuí le beart ar leibhéal an Aontais Eorpaigh sa réimse seo, dá bhrí sin.

Fágfaidh clár SCE níos leithne sa tréimhse tar éis 2020 go mbeidh an creat cuí ar fáil le go bhféadfar leanúint den tacaíocht a thugann an tAontas don bhonneagar iompair, fuinnimh agus digiteach sin a bhfuil gné thras-Eorpach i gceist leis. Maidir le gach earnáil ar leith, tá gá le tacaíocht airgeadais ón Aontas ar na cúiseanna seo a leanas:

Iompar: ní fhéadfaidh na Ballstáit astu féin an infheistíocht mhór a theastaíonn a iompar. Tá comhdhlúthú fioscach nach beag fós á dhéanamh ar na buiséid phoiblí agus léiríonn an taithí ó chur chun feidhme SCE maidir le TEN-T sa tréimhse 2014-2016 go bhfuil an tacaíocht airgeadais ó na Ballstáit agus ón earnáil phríobháideach ríthábhachtach ach nach leor í do thionscadail a bhfuil gné Eorpach i gceist iontu.

Fuinneamh: cé gur féidir leis an margadh fuinnimh féin an chuid is mó de na tionscadail leasa choitinn a mhaoiniú, i bprionsabal, ní féidir déanamh gan tacaíocht ón Aontas i gcás tionscadail áirithe de bharr an tionchair sheachtraigh (lena náirítear an nuálaíocht) atá i gceist leo agus de bharr mhéid na hinfheistíochta a sháraíonn an acmhainneacht atá sa chóras an costas a shóisialú.

Fuinneamh in-athnuaite: níl sé beartaithe, faoi láthair, leis an tacaíocht ón Aontas don fhuinneamh in-athnuaite comhfhorbairtí a éascú. Dá ndéanfaí imlonnú an bhonneagair fuinnimh in-athnuaite a chomhordú ar fud an Aontais agus dá dtabharfadh an tAontas tacaíocht spriocdhírithe, d’fhéadfaí comhtháthú na hearnála a éascú agus tuilleadh infheistíochta a ghiniúint sa réimse seo. Ní dhéanfaí a chúiteamh leis an tacaíocht a d’fhéadfaí a thabhairt sa réimse seo ach an costas a bhaineann leis na bacainní ar an gcomhar thar theorainneacha idir Ballstáit, agus/nó na bacainní ar chomhtháthú na hearnála, a shárú. Tá súil go ndéanfaidh an margadh féin na tionscadail sin a mhaoiniú níos minice amach anseo.

Seirbhísí digiteacha: Braitheann geilleagar agus sochaí an Aontais Eorpaigh go mór ar bhonneagar sonraí a bheith ar fáil atá in ann tacú le teicneolaíochtaí, seirbhísí agus feidhmchláir nua a fhorbairt. Toisc nach leor an maoiniú atá ar fáil sna cláir atá ann faoi láthair agus go mbíonn naisc in easnamh sa ghréasán, bíonn bearnaí sa bhonneagar nascachta digití, rud a fhágann nach féidir leas iomlán a bhaint as geilleagar digiteach an Aontais. Is gá beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais lena áirithiú nach mbeidh aon bhriseadh i mbonneagar nascachta an Aontais, rud a chruthóidh sochair mhóra d’earnálacha eacnamaíocha éagsúla, agus comhtháthú níos fearr ar fud na mór-roinne.

An luach breise ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post) 

Tugann SCE luach breise ar leibhéal an Aontais tríd an nascacht a fhorbairt in earnálacha an iompair, an fhuinnimh agus na teileachumarsáide, trí dhíriú ar earraí poiblí a bhfuil gné Eorpach ag baint leo agus ar thionscadail nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm gan tacaíocht ón Aontas. Baineann luach breise SCE ar leibhéal an Aontais, go sonrach, leis an acmhainneacht atá ann:

~maoiniú poiblí agus príobháideach a chur i dtreo chuspóirí beartais an Aontais;

~infheistíochtaí tábhachtacha a chinntiú i gcás ina niompraítear na costais ar an leibhéal náisiúnta/áitiúil ach go bhfuil na sochair le sonrú ar leibhéal Eorpach;

~luas a chur faoin athrú go sochaí digiteach ar bheagán astaíochtaí.

Tá tacaíocht an Aontais ón gclár nua SCE dírithe ar bhearta a bhfuil an luach breise is airde ar leibhéal an Aontais i gceist leo. Go sonrach:

In earnáil an iompair, cuimsítear na codanna trasteorann agus na scrogaill tráchta sa chroíghréasán, córais bainistíochta tráchta ar scála mór a imlonnú agus mórthosaíochtaí nua amhail breoslaí malartacha, an digitiú, an tsábháilteacht agus an tsoghluaisteacht mhíleata.

In earnáil an fhuinnimh, cuimsítear tionscadail bhonneagair a bhfuil gné thrasteorann i gceist iontu maidir le tarchur agus stóráil leictreachais, iompar gáis, CO2 agus greillí cliste sa chomhéadan idir líonraí tarchurtha agus líonraí dáilte agus cur le clisteacht na líonraí tarchurtha. Cuimsítear freisin imlonnú agus pleanáil maidir le fuinneamh in-athnuaite trasteorann spriocdhírithe a bhfuil dhá Bhallstát ar a laghad páirteach ann.

In earnáil na seirbhísí digiteacha, cuimsítear tionsadail nascachta digití a bhfuil súil go mbeidh an-tionchar acu ar an Margadh Aonair Digiteach, trí, mar shampla, iad a bheith ag teacht leis na cuspóirí atá luaite sa Teachtaireacht um Straitéis maidir le Sochaí Ghigighiotáin, trí an-éifeacht a bheith acu ar an ngné thrasteorann agus trí shineirgíochtaí a bheith ann idir earnálacha agus leis na seirbhísí digiteacha. Tugtar tosaíocht, freisin, do thionscadail a bhfuil buntáiste ann má chuirtear i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais iad, agus ba cheart a mheabhrú go bhfuil tionscadail ann nach gcuirfí i bhfeidhm ar chor ar bith dá bhfágfaí faoi na Ballstáit é, cé go bhfuil tionscadail eile ann nach mbeadh an tionchar céanna acu ar an Margadh Aonair Digiteach dá mba rud é gur trí iarrachtaí fánacha, neamhchomhordaithe a chuirfí i bhfeidhm iad.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil san am a chuaigh thart

Léiríonn na torthaí a bhí ar an meastóireacht mheántéarma ar SCE sa tréimhse 2014-2020 agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí oscailte ar thodhchaí an chláir SCE go bhfuil deis ann leanúint den chlár tar éis 2020.

Seo a leanas na príomhchonclúidí a bhí ar an meastóireacht mheántéarma ar SCE a ghlac an Coimisiún an 13 Feabhra 2018:

Ar an iomlán, tar éis na chéad trí bliana go leith de chur chun feidhme an chláir SCE, tá ag éirigh go maith leis an gclár, cé go bhfuil sé róluath na torthaí a thomhas mar go bhfuil cur chun feidhme an chláir fós ina thús. Thairis sin, tá sé cruthaithe nach bhfuil táscairí feidhmíochta atá dea-shainithe go leor ná dian go leor sa chreat feidhmíochta dá bhforáiltear sa Rialachán. Agus an tagús sin á chur san áireamh, léiríodh na torthaí seo a leanas maidir le hearnálacha SCE sa mheastóireacht:

Is ionstraim éifeachtach spriocdhírithe é SCE chun infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar tras-Eorpach in earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha. Cuireann SCE le cuspóirí an Choimisiúin i ndáil le poist, fás agus infheistíocht, leis an margadh inmheánach, leis an Aontas Fuinnimh, leis an aeráid agus leis an Margadh Aonair Digiteach.

Cruthaíonn SCE luach breise ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit go léir trí thacú le tionscadail nascachta a bhfuil gné thrasteorann i gceist leo.

Fágann na tionscadail fuinnimh go gcuirtear le slándáil an tsoláthair agus le dícharbónú costéifeachtach an gheilleagair. Tá an-tábhacht le SCE chun córais nua uile-AE a imlonnú maidir le bainistíocht agus sábháilteacht tráchta, línte leictreachais agus greillí cliste ardfheidhmíochta, agus maidir leis an leathanbhanda agus seirbhísí digiteacha idirnasctha a chur ar fáil.

In earnáil na teileachumarsáide, tá sé léirithe tríd an bhfócas a thugann SCE ar sheirbhísí trasteorann le leas an phobail, ar thaobh amháin, agus ar bhonneagar teileachumarsáide agus ríomhaireachta, ar an taobh eile, go bhfuil tionchar tábhachtach ag an gclár chun spriocanna an Aontais maidir le margadh aonair digiteach a bhaint amach. Mar sin féin, de bharr acmhainní teoranta, ní raibh an ghné theileachumarsáide de SCE in ann tacaíocht a chur ar fáil ach do na chéad chéimeanna maidir le bonneagar digiteach trasteorann iomlán a chur ar fáil i réimsí le leas an phobail.

Chun na gréasáin thras-Eorpacha atá sainithe i dtosaíochtaí beartais an Aontais a chríochnú, beidh gá go fóill le hinfheistíocht mhór, agus beidh cuid den infheistíocht sin ag brath ar thacaíocht leanúnach an Aontais Eorpaigh. Tá deis ann tuilleadh infheistíochta poiblí agus príobháidí a scaoileadh má chuireann an tAontas airgead breise ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh.

Maidir le cur chun feidhme an chláir, tugadh an méid seo a leanas le fios sa mheastóireacht:

Tá sé cruthaithe go bhfuil an bhainistíocht dhíreach a dhéantar ar dheontais SCE an-éifeachtúil agus go bhfuil líon mór tionscadal ar na bacáin, mar aon le próiseas roghnúcháin iomaíoch, fócas ar chuspóir beartais an Aontais, cur chun feidhme comhordaithe agus rannpháirtíocht iomlán na mBallstát. Tá teist mhaith ar ghníomhaireacht feidhmiúcháin INEA maidir le bainistiú airgeadais SCE.

Den chéad uair riamh, rinneadh sciar den bhuiséad le haghaidh an chomhtháthaithe a chur i ngníomh faoin gcóras bainistíochta dírí faoi chuimsiú SCE. Rinneadh 100 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh sa chéad leath de thréimhse an chláir, ar chóracha iompair inbhuanaithe, den chuid is mó, beagnach.

Faoi SCE, rinneadh ionstraimí airgeadais nuálacha a úsáid agus a fhorbairt. Níor baineadh an leas céanna astu, áfach, de bharr na ndeiseanna nua atá ann faoi CEIS. Tá súil go ndéanfar níos mó d’ionstraimí airgeadais SCE a úsáid sa dara leath den chlár toisc go náiritheofar comhlántacht le CEIS sa tréimhse sin.

Fuarthas taithí an-dearfach in 2017 ar dheontais a mheascadh le hionstraimí airgeadais in earnáil an iompair, rud a d’fhág gurbh fhéidir deontais a úsáid chun giaráil na gcistí príobháideacha agus poiblí a uasmhéadú.

Rinneadh sineirgíochtaí trasearnála a thástáil freisin faoi SCE, ach chuir an creat dlíthiúil/buiséadach reatha srian ar an méid a d’fhéadfaí a bhaint amach. Bheadh gá na treoirlínte a bhaineann le gach earnáil faoi seach agus ionstraim SCE a dhéanamh níos solúbtha chun sineirgíochtaí a éascú agus le bheith níos sofhreagraí d’fhorbairtí teicneolaíochta agus do chuspóirí nua.

Sa tréimhse 2021-2027, déanfar SCE a chur ina luí níos mó leis na cuspóirí polaitiúla atá ag an gCoimisiún faoi láthair, go háirithe maidir leis an digitiú agus an dícharbónú. Fágfaidh sin go mbeidh SCE níos láidre ann toisc níos mó deiseanna sineirgíochta a bheith ann.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint de SCE a chur chun feidhme tar éis 2020 trí bhíthin bainistíocht dhíreach mar a rinneadh sa tréimhse 2014-2020. Tabharfar isteach roinnt feabhsúcháin freisin. Chomh maith leis an ngá le táscairí dea-shainithe agus moltaí eile a thagann as an meastóireacht mheántéarma, beidh gá oiriúnú a dhéanamh don simpliú agus don éifeachtúlacht, i gcomhréir leis an treoir atá tugtha ag an gCoimisiún maidir le simpliú.

Gnéithe eile feabhsúcháin atá i gceist is ea laghdú ar na ceanglais riaracháin maidir le deontais bheaga, foirmeacha nuálacha tacaíochta agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil chun tionscadal a ullmhú, díonadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta/na haeráide de i gcás cineálacha áirithe tionscadail, agus sineirgíochtaí. Tabharfar aghaidh freisin ar an easpa solúbthachta atá ann faoi láthair maidir le tosaíochtaí agus raon feidhme na hoibre, mar shampla cuspóirí nua beartais nó athruithe teicneolaíochta a chur san áireamh.

1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

an Ciste Comhtháthaithe (CC)/

CFRE

·Idirdhealú níos fearr ó thaobh raon feidhme de idir CC/CFRE agus SCE i réimse an iompair 44 : SCE a bheith dírithe ar an gcuid sin den bhonneagar TEN-T a bhfuil gné thrasteorann i gceist léi (lena náirítear cur chun feidhme an imchlúdaigh airgeadais ón gCiste Comhtháthaithe Iompair) agus cistí SIE a bheith dírithe ar riachtanais uirbeacha, áitiúla agus réigiúnacha iompair.

·Comhordú agus cuíchóiriú níos fearr ar chuspóirí beartais agus ar idirghabhálacha trí na coinníollacha ex ante is infheidhme maidir leis an infheistíocht san iompar faoin mbainistíocht dhíreach (chun comhsheasmhacht iomlán le TEN-T a áirithiú).

·I gcás an fhuinnimh, áirithítear go bhfuil deighilt shoiléir ann mar go bhfuil SCE dírithe ar TEN-E (lena náirítear greillí cliste ar chomhéadan tarchurtha agus tarchurtha/dáilte) agus go bhfuil CC/CFRE dírithe ar iompar ar an leibhéal náisiúnta/réigiúnach, ar dháileadh agus ar ghreillí cliste agus stóráil ar leibhéal an dáilte. Léiríonn an tábhacht mhéadaitheach le hinfheistíochtaí ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach i gcóras fuinnimh díláraithe go bhfuil an cistiú ó CC/CFRE do réimse an fhuinnimh ábhartha go fóill nó níos ábhartha fiú.

·Tá CC/CFRE agus SCE i gcomhréir le chéile maidir le tacaíocht chomhleanúnach agus chomhlántach a chur ar fáil le haghaidh chuspóirí straitéiseacha nascachta an Aontais in earnáil na seirbhísí digiteacha. Tá súil go gcuirfidh CC/CFRE agus SCE le sprioc choiteann amháin: ba cheart go gcumhdódh SCE limistéir inar tharla teipeanna margaidh agus ar le deontais ísealdéine is gá tionscadail a imlonnú, agus gur féidir le CC/CFRE aghaidh a thabhairt ar limistéir inar tharla teipeanna margaidh breise agus níos déine a dteastaíonn deontais níos airde agus níos déine iontu.

·Ailíniú níos fearr ar na rialacha maidir le hiarratais, cur chun feidhme agus faireachán.

InvestEU

·Gan aon ionstraimí airgeadais a bheith in SCE.

·Tacaíocht deontais a dhíriú ar thionscadail nach féidir tacú leo trí ionstraimí airgeadais, nó

·Deontais a mheascadh le InvestEU (nó maoiniú príobháideach eile) más gá sin le haghaidh iontaofacht ó thaobh brabúis de.

An Clár don Eoraip Dhigiteach

·De réir an tsainmhínithe atá ar gClár don Eoraip Dhigiteach faoi láthair, cuimseoidh sé gníomhaíochtaí a bheidh ann amach anseo maidir leis an gcuid sin den chlár SCE reatha a bhaineann le Bonneagar Seirbhísí Digiteacha.

·Seirbhísí a fhorbrófar faoin gclár sin, beidh siad ag obair os cionn an bhonneagair nascachta arna sholáthar faoi SCE 2021-2027.

·Na bearta cibearshlándála a fhorbrófar faoin gclár sin, úsáidfear iad freisin chun bonneagar criticiúil a fhaigheann tacaíocht faoi SCE 2021-2027 a chosaint.

Fís Eorpach

·Mar a tharlaíonn faoi láthair, tabharfar tacaíocht ón gclár taighde Fís Eorpach chun réitigh nuálacha a fhorbairt, ach is faoin gclár nua SCE a thabharfar tacaíocht chun réitigh nuálacha a imlonnú a fhad a bhaineann sé le raon feidhme (mar shampla, maidir le breoslaí malartacha nó córais dhigiteacha bainistíochta tráchta). Níl aon bhaol ann go mbeadh forluí idir an dá chlár mar gur céimeanna difriúla d’aibíocht an mhargaidh atá i gceist leis na bearta faoi Fís Eorpach agus na bearta faoi SCE.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón 1/1/2021 go dtí an 31/12/2027

   Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2033 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 45  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí

Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Féadfar bainistíocht indíreach a mheas maidir le bonneagar nascachta digití, go háirithe i gcás gníomhaithe socheacnamaíocha. Chun críocha an Ráitis Airgeadais Reachtaigh seo, glactar leis gur bainistíocht dhíreach a bheidh i gceist ar mhaithe leis na réamh-mheastacháin is stuama a dhéanamh.

Ag brath ar an toradh a bheidh ar anailís costais/sochair amach anseo agus i bhfianaise na tréimhse 2014-2020, d’fhéadfaí an chuid is mó de chur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin 46 . Sa chás sin, ní dhéanfadh ranna an Choimisiúin ach bearta tacaíochta an chláir a bhainistiú go díreach.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

I gcomparáid le SCE 2014-2020, cuirfear creat feidhmíochta níos simplí, ach níos stóinsithe, i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú chuspóirí an Chláir agus ar an méid a chuireann sé le cuspóirí beartais an Aontais. Déanfar táscairí a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn an Chláir.

Beidh an Clár faoi réir meastóireacht mheántéarma agus ex post le go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach an Chláir.

Maidir leis na bearta, áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, déanfar ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a fhorchur ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais agus (i gcás inarb ábhartha) ar Bhallstáit.

Eiseofar tuairiscí rialta oibríochtúla ar bhainistíocht tionscadail agus ar chur chun feidhme airgeadais chun tacú leis an bhfaireachán ar chuspóirí an Chláir.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

Cuirfear an Clár chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach. D’fhéadfaí é a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúacháin, faoi réir thoradh na hanailíse costais/sochair agus na gcinntí lena mbaineann atá le déanamh. Sa chás sin, d’fhéadfadh an Coimisiún roinnt de bhearta tacaíochta an Chláir a bhainistiú go díreach.

Tá an struchtúr cuí agus na próisis chuí ag an ngníomhaireacht feidhmiúcháin sheanbhunaithe, INEA, chun a áirithiú go leanfar de bhainistiú SCE. D’fhás an taithí atá ag an ngníomhaireacht sin as tionscadail TEN-T a bhainistiú idir 2000 agus 2006 agus as peirspictíochtaí airgeadais a bhainistiú idir 2007 agus 2013 agus as SCE a bhainistiú idir 2014 agus 2020.

Mar atá tugtha le fios sa mheastóireacht mheántéarma ar SCE 2014-2020, tá sé cruthaithe go bhfuil an bhainistíocht dhíreach a dhéantar ar dheontais SCE faoi shainordú reatha INEA an-éifeachtúil agus go bhfuil líon mór tionscadal ar na bacáin, mar aon le próiseas roghnúcháin iomaíoch, fócas ar chuspóir beartais an Aontais, cur chun feidhme comhordaithe agus rannpháirtíocht iomlán na mBallstát. Tá teist mhaith ar INEA maidir le bainistiú buiséid agus airgeadais SCE.

Féadfar bainistíocht indíreach a mheas maidir le bonneagar nascachta digití, go háirithe i gcás gníomhaithe socheacnamaíocha.

Is trí bhíthin deontas a dhéanfar an chuid is mó den Chlár a chur chun feidhme. Bunófar an straitéis rialaithe dá réir agus díreoidh an straitéis sin ar thrí chéim thábhachtacha de chur chun feidhme na ndeontas, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais:

Glaonna a eagrú agus tograí a roghnú a oireann do chuspóirí beartais an Chláir;

Rialuithe oibríochtúla, faireacháin agus ex ante a chumhdaíonn cur chun feidhme na dtionscadal, soláthar poiblí, réamh-mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh, bainistiú ráthaíochtaí;

Rialú ex post ar thionscadail agus ar íocaíochtaí.

Tá súil go mbeidh na torthaí feidhmíochta ar an straitéis rialaithe ag teacht leis na torthaí a bhí ar an gcéad chéim den chlár 47

~cuireadh chun feidhme 100 % de na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí;

~cuireadh 100 % de na tairbhithe ar an eolas in am;

~síníodh os cionn 95 % de na deontais in am;

~rinneadh 100 % de na híocaíochtaí in am;

~bhí an ráta earráidí iarmharacha faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 %.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá na rioscaí a aithníodh mar an gcéanna, den chuid is mó, leis na rioscaí a aithníodh sa chlár deireanach:

Forbairt níos moille ná mar a bheadh súil leis ar na príomhthosaíochtaí (Conairí, Tionscadail leasa choitinn), toisc nach leor an glacadh atá leo ar an margadh nó nach leor cáilíocht na dtionscadal a tíolacadh;

Moill ar chur chun feidhme na dtionscadal;

Earráidí a d’fhéadfadh a bheith i gcistí an Aontais nó drochbhainistiú na gcistí sin;

Dálaí athraitheacha an mhargaidh, go háirithe toisc laghdú ar an éileamh ar bhonneagar mar a tharla le linn na géarchéime airgeadais is déanaí.

I ndáil leis an méid sin, glactar leis go bhféadfadh an tionscnamh nua maidir le Soghluaisteacht Mhíleata a bheith faoi réir na rioscaí céanna agus a bhí tionscadail iompair eile.

In earnáil na seirbhísí digiteacha, tabharfar maoiniú faoi SCE do chineálacha nua bonneagair dhigitigh (e.g. conairí 5G, cáblaí faoi uisce), nach bhfuair maoiniú roimhe seo faoi chlár SCE agus ar tionscadail iad a bhfuil baint ag cineálacha nua geallsealbhóra leo (e.g. gníomhaithe socheacnamaíocha ar nós scoileanna, ospidéal, etc.). Ar an gcúis sin, áireofar sa chuid dhigiteach de SCE bearta tacaíochta a bheidh dírithe ar gheallsealbhóirí a thabharfaidh gealltanas páirt ghníomhach a ghlacadh ann agus ar fhorbairt tionscadal (lena náirítear cúnamh teicniúil). Lena chois sin, na bearta chun conairí 5G a imlonnú, baineann siad le teicneolaíochtaí nua a bhraitheann ar fhorbairtí sa mhargadh maidir le caighdeáin tionsclaíochta agus teacht a bheith ar theicneolaíochtaí nua a theastóidh chun na crua-earraí agus bogearraí a imlonnú. D’fhéadfadh dálaí an mhargaidh difear a dhéanamh, dá bhrí sin, do bhearta áirithe a bheidh le cur chun feidhme.

Rachfar i ngleic leis na rioscaí sin trína áirithiú go dtabharfar aird ar iomaíochas i measc na dtionscadal sin atá ar na bacáin, trí dhíriú ar an méid a chuireann na tionscadail leis na cuspóirí beartais, trína áirithiú go bhfuil páirt chórasach ag gach gníomhaí sa chlár agus trí sholúbthacht chuí bhuiséid a áirithiú. Déanfar na rialuithe ex post agus ex ante a oiriúnú do na rioscaí atáthar a thuar.

Chuige sin, mar thacaíocht do na rialuithe sin, déanfar measúnú riosca ón mbonn aníos gach bliain, déanfar measúnú córasach ar an gcreat rialaithe, déanfar tuairisciú cuí ar dhiallais (clár na neisceachtaí agus na gcásanna neamhchomhlíontachta) agus déanfar bearta ceartaitheacha maidir leis na moltaí a eiseoidh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, Cúirt Eorpach na nIniúchóirí nó an tÚdarás um Urscaoileadh.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

Má ghlactar leis gurb é an Coimisiún a dhéanfadh bainistiú ar an gclár nua SCE, bheadh costas breise maidir le rialú, thar an costas a bhaineann leis an struchtúr atá ann faoi láthair, agus d’fhéadfadh an costas breise sin a bheith idir 1 % agus 3 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

Na costais agus na sochair a bhaineann le rialuithe

An costas a bhaineann le rialú faoin SCE reatha, tá sé roinnte idir costas na maoirseachta ar leibhéal an Choimisiúin agus costas na rialuithe oibríochtúla ar leibhéal an chomhlachta cur chun feidhme. Rinneadh an costas a bhaineann le rialú maidir le hionstraimí airgeadais, nach mbeidh ina gcuid den SCE nua, a mheas ar leithligh.

Meastar 48 go bhfuil an costas a bhaineann le rialú ar leibhéal an Choimisiúin, sna trí Ard-Stiúrthóireacht lena mbaineann, cothrom le thart ar 0,1 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibríochtúla ar leibhéal an chláir.

Tá na rialuithe sin dírithe ar é a áirithiú go ndéanfaidh na máthair-Ard Stiúrthóireachtaí maoirseacht rianúil agus éifeachtach ar an nGníomhaireacht agus go mbeidh an méid cuí iontaofachta ann ar leibhéal an Choimisiúin.

Agus imlíne thairiseach ann, bheadh súil le méadú ar chostas na maoirseachta ar leibhéal an Choimisiúin chun na ceanglais bhreise a chur san áireamh maidir le maoirseacht na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus leis an iarracht bhreise a bheidh i gceist le cinnteacht a thabhairt maidir le comhpháirteanna nua an chláir, e.g. an tsoghluaisteacht mhíleata.

Go dtí seo, ba thimpeallacht chobhsaí rialaithe a bhí in INEA, agus b’ionann na costais a bhaineann le rialú agus thart ar 0.95 % de na híocaíochtaí oibríochtúla maidir le 2015 agus 2016 faoi seach. Sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí INEA 2017, measadh gur EUR 20 milliún nó 1.25 % de na híocaíochtaí oibríochtúla iomlána (EUR 1602.2 milliún) a bhí sna costais maidir le rialú i gcás SCE in 2017 (“an oidhreacht” san áireamh).

Ós rud é go leanann an clár nua SCE, maidir le méid agus cineál na dtionscadal, as an gclár reatha SCE, tá súil leis, cé go bhfuiltear ag fanacht le torthaí measúnaithe costais/sochair, go bhfanfaidh an costas a bhaineann le rialú ar leibhéal an eintitis, sa réimse sin a bheag nó a mhór, cé go bhféadfadh an toradh a bheith ar an bhfothú acmhainneachta is gá chun na codanna breise den chlár a sheoladh go mbeadh costas breise ann maidir le rialú.

Is iad seo a leanas na sochair a bhaineann leis na rialuithe:

-    Seachnaítear go roghnófar tograí níos laige nó tograí easpacha;

-    Pleanáil agus úsáid chistí an Aontais a bharrfheabhsú le nach mbainfear den breisluach AE;

-    Cáilíocht na gcomhaontuithe deontais a áirithiú, earráidí a sheachaint agus eintitis dhlíthiúla á sainaithint, a áirithiú go ndéanfar ranníocaíochtaí an Aontais a ríomh go ceart agus na ráthaíochtaí is gá a dhéanamh le go noibreoidh na deontais i gceart;

-    Costais nach bhfuil incháilithe a bhrath ag céim na híocaíochta;

-    Earráidí a dhéanann difear do dhlíthiúlacht agus do rialtacht na noibríochtaí a bhrath ag céim na hiniúchóireachta.

Déanfar an deis roghanna costais simplithe a thabhairt isteach a mheas, faoi réir measúnú dearfach costais/sochair maidir leis an éifeacht a bheadh acu ar an ráta earráide, ar na costais a bhaineann le rialú agus ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na rialuithe.

An leibhéal earráide atá measta

Maidir leis an gclár SCE, ba 2017 an chéad bhliain den fheachtas iniúchóireachta. Maidir le SCE – Iompar agus Fuinneamh, ní leor na torthaí iniúchóireachta atá ar fáil faoi láthair. Tá an ráta measta earráidí iarmharacha maidir le hearnálacha uile SCE socraithe sa réimse 1-2 %. Tá an meastachán sin bailí freisin maidir leis an gclár nua SCE.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá na hArd-Stiúrthóireachtaí atá freagrach as na bearta a mhaoineofar faoin Rialachán seo tiomanta leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir le straitéis frithchalaoise an Choimisiúin (COM(2011)376 an 24 Meitheamh 2011) agus leis an athbhreithniú a dhéanfar uirthi go luath. Cuimsíonn na bearta frithchalaoise, go háirithe, bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm maidir leis an gcalaois, an éilliú agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile; seiceálacha éifeachtacha; gnóthú méideanna a íocadh go míchuí agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Maidir le DG CNECT, DG MOVE agus DG ENER, mar aon leis an ngníomhaireacht forfheidhmiúcháin INEA, tá a gcuid straitéisí frithchalaoise agus na pleananna gníomhaíochta gaolmhara ar leibhéal na hArd-Stiúrthóireachta a chuimsíonn an timthriall caiteachais ina hiomláine cothrom le dáta (MOVE: Samhain 2017, ENER: Nollaig 2017), nó beidh siad cothrom le dáta (CNECT, INEA) faoi dheireadh 2019, agus cuirfear san áireamh comhréireacht agus costas/sochar na mbeart a chuirfear chun feidhme, rud a fhágfaidh go bhféadfar measúnú riosca a dhéanamh.

Áiritheoidh seirbhísí an Choimisiúin gur féidir a gcur chuige maidir le bainistíocht rioscaí calaoise a úsáid chun réimsí a aithint ina bhfuil baol ard, agus cuirfear san áireamh anailís costais/sochair a bheidh sonrach don earnáil, an obair atá déanta ag OLAF maidir le cosc ar chalaois agus anailís riosca.

Is faoi chúram INEA atá sé faireachán riaracháin a dhéanamh ar na conarthaí, na deontais agus na híocaíochtaí gaolmhara. Déantar an straitéis frithchalaoise a thabhairt cothrom le dáta faoi dhó sa bhliain, agus is i ndeireadh 2016 an uair dheireanach a rinneadh sin. Forbraíonn an Ghníomhaireacht a bearta frithchalaoise féin, lena náirítear straitéis iniúchóireachta ex post, chun measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na nidirbheart foluiteach agus na méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú. Bíonn ar INEA dul faoi iniúchóireacht Chúirt Iniúchóirí na hEorpa uair sa bhliain maidir le léargas fíor agus cothrom ar na cuntais agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na nidirbheart foluiteach (ioncam agus caiteachas) agus bíonn ar an nGníomhaireacht dul faoi nós imeachta urscaoilte Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle uair sa bhliain.

Beidh na conarthaí deontais agus soláthair a thabharfaidh na hArd-Stiúrthóireachtaí cur chun feidhme, nó INEA, i gcrích bunaithe ar mhúnlaí caighdeánacha ina leagfar amach na gnáthbhearta frithchalaoise is infheidhme, lena náirítear an chumhacht iniúchóireachta, seiceálacha ar an láthair agus na cigireachtaí a luaitear thuas. Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, bunaithe ar dhoiciméid agus ar sheiceálacha agus ar chigireachtaí ar an láthair, i ndáil le gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a bhfuil cistí faighte aige ón Aontas.

Beidh údarás ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann a leithéid de mhaoiniú leo, go díreach nó go hindíreach, de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d'fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú nó gníomhaíocht neamhdhleathach ar bith eile i gceist a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontú deontais nó cinneadh nó conradh a bhfuil baint aige le maoiniú an Aontais. Féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

1 – An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus an Clár Oibre Digiteach

2 – Comhtháthú agus Luachanna

5 – Slándáil agus Cosaint

LD/LN 49 .

ó thíortha de chuid CSTE 50

ó thíortha is iarrthóirí 51

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

02 03 01 an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) - Cuspóir sonrach an iompair

05 03 Ranníocaíocht an Chiste Comhtháthaithe le SCE - Cuspóir sonrach an iompair

13 03 Cuspóir sonrach na soghluaisteachta míleata faoi SCE-Iompar

02 03 02 SCE – Cuspóir sonrach an fhuinnimh

02 03 03 SCE – Cuspóir sonrach na hearnála digití

Tacaíocht riaracháin faoi SCE

LD

LD

LD

LD

LD

LN

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

1, 2, 5

1 – An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus an Clár Oibre Digiteach

2 – Comhtháthú agus Luachanna

5 – Slándáil agus Cosaint

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

02 03 01 an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – Iompar

Gealltanais

(1)

1 717,800

1 752,656

1 787,509

1 823,359

1 861,206

1 898,051

1 935,892

 

12 776,473

Íocaíochtaí

(2)

212,678

787,447

1 000,889

1 157,909

1 301,191

1 439,954

1 510,550

5 365,855

12 776,473

05 03 Ranníocaíocht an Chiste Chomhtháthaithe leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – Iompar

Gealltanais

(1)

1 435,757

1 487,467

1 543,787

1 601,874

1 661,779

1 723,866

1 788,588

 

11 243,118

Íocaíochtaí

(2)

77,593

498,789

522,922

542,758

563,230

584,362

606,284

7 847,181

11 243,118

13 03 an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – Iompar – Soghluaisteacht mhíleata

Gealltanais

(1)

871,300

889,266

908,231

926,196

945,160

964,123

983,086

 

6 487,362

Íocaíochtaí

(2)

109,577

400,629

509,443

588,928

661,407

731,950

767,571

2 717,857

6 487,362

02 03 02 an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – Fuinneamh

Gealltanais

(1)

1 158,000

1 180,900

1 204,798

1 229,694

1 254,588

1 279,480

1 307,200

 

8 614,659

Íocaíochtaí

(2)

107,636

418,723

498,757

572,186

604,053

623,041

641,070

5 149,194

8 614,659

02 03 03 an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – an Clár Oibre Digiteach

Gealltanais

(1)

394,800

402,636

411,469

419,298

428,124

435,947

446,765

 

2 939,039

Íocaíochtaí

(2)

22,827

142,297

200,809

234,226

250,232

257,186

262,325

1 569,136

2 939,039

Tacaíocht riaracháin faoi SCE 52

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

27,800

28,356

28,923

29,502

30,092

30,693

31,307

206,673

IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

5 605,457

5 741, 281

5 884,717

6 029,923

6 180,949

6 332,159

6 491,007

42 265,493

Íocaíochtaí

=2+3

558,111

2 276,241

2 761,743

3 125,509

3 410,205

3 667,185

3 817,276

22 649,223

42 265,493



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

7

“Caiteachas riaracháin”

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a úsáid arna niontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais reachtach seo , a uaslódáiltear chuig DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

22,283

22,252

21,714

20,073

19,228

18,137

17,190

140,877

Caiteachas riaracháin eile

8,805

9,947

10,192

10,479

9,852

9,840

10,695

69,811

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

31,089

32,199

31,906

30,552

29,080

27,977

27,886

210,688

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

5 636,546

5 773,480

5 916,623

6 060,475

6 210,029

6 360,136

6 518,893

42 476,181

Íocaíochtaí

589,200

2 308,440

2 793,649

3 156,061

3 439,285

3 695,162

3 845,162

22 649,223

42 476,181

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

22,283

22,252

21,714

20,073

19,228

18,137

17,190

140,877

Caiteachas riaracháin eile

8,805

9,947

10,192

10,479

9,852

9,840

10,695

69,811

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7den chreat airgeadais ilbhliantúil

31,089

32,199

31,906

30,552

29,080

27,977

27,886

210,688

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 53 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

27,800

28,356

28,923

29,502

30,092

30,693

31,307

206,673

Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7den chreat airgeadais ilbhliantúil

27,800

28,356

28,923

29,502

30,092

30,693

31,307

206,673

IOMLÁN

58,889

60,555

60,829

60,053

59,171

58,670

59,193

417,361

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

93

90

83

75

71

67

88

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: (FTE) - CA, LA, SNE, INT agus JPD  54

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

122

128

133

126

122

116

85

- toscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  55

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

215

218

216

201

193

183

173

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

·Forbairt beartais agus straitéis

·Tacaíocht d’fhóraim réigiúnacha agus théamacha ar mhaithe le tionscadail leasa choitinn a aithint

·Comhordú agus idirchaidreamh leis na geallsealbhóirí uile (Ballstáit, tríú tíortha, Ard-Stiúrthóireachtaí eile agus instiúidí Eorpacha eile, fóraim réigiúnacha agus théamacha, etc.).

·Forbairt an chláir oibre bhliantúil

·An próiseas roghnúcháin

·Bainistíocht ar ghlaonna bliantúla ar thograí agus roghnú na dtionscadal le haghaidh tacaíocht airgeadais ón Aontas

·Bainistíocht oibríochtúil agus airgeadais ar thionscadail

·Meastóireachtaí

Pearsanra seachtrach

·Tacaíocht d’fhóraim réigiúnacha agus théamacha ar mhaithe le tionscadail leasa choitinn a aithint

·Tacaíocht don phróiseas roghnúcháin

·Tacaíocht don bhainistíocht ar ghlaonna bliantúla ar thograí agus roghnú na dtionscadal le haghaidh tacaíocht airgeadais ón Aontas

·Tacaíocht don bhainistíocht tionscadail agus airgeadais

·Tacaíocht d’eagrú na meastóireachtaí

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

x    déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

x    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 56

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[…]

(1)     https://ec.europa.eu/commission/publications/factsheets-long-term-budget-proposals_en
(2)    Teachtaireacht maidir le Buiséad Nua-don Aontas sin a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil do 2021-2027 COM(2018)321/4 an 2 Bealtaine 2018
(3)    JOIN(2017) 41
(4)    JOIN(2018) 5
(5)    Rialacháin (AE) Uimh. 1315/2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, Airteagal 38
(6)    COM (2017) 283 Teachtaireacht ón gCoimisiún “Europe on the Move: An agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all” [An Eoraip ag bogadh: Clár oibre le haghaidh aistriú atá cothrom go sóisialta chuig soghluaisteacht do chách atá glan, iomaíoch agus nasctha].
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh
(8)    COM(2016) 860 final
(9)    i.e. Nascacht ghigighiotáin do na príomhthiománaithe socheacnamaíocha, nascacht idirlín d’ardfheidhmíocht 5G, rochtain ar nascacht idirlín ar luas 100 Mbps ar a laghad,ar féidir é a uasghrádú go luas gigighiotáin, do gach líon tí san Eoraip, ceantair thuaithe san áireamh cf “Connectivity for a Competitive Digital Single Market - Towards a European Gigabit Society [Nascacht le haghaidh Margadh Aonair Digiteach Iomaíoch – I dtreo Sochaí Ghigighiotáin Eorpach - COM(2016)587
(10)    Margadh Aonair Digiteach Idirnasctha do Chách: COM(2017) 228
(11)    Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013.
(12)    COM(2018)65
(13)    SWD (2016) 416
(14)    Tá sonraí faoi na hathbhreithnithe arna ndéanamh ar an tionchar measúnaithe aige i ndiaidh thuairim an Bhoird in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair.
(15)    COM(2018)66
(16)    IO C , , lch. .
(17)    IO C , , lch. .
(18)    COM(2018) 321, leathanach 13
(19)    Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(20)    Teachtaireacht ón gCoimisiún “Europe on the move: An agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all” [An Eoraip ag Bogadh: clár oibre le haghaidh ascnamh atá cothrom go sóisialta i dtreo na soghluaisteachta glaine iomaíche nasctha do chách] – COM(2017) 283
(21)    Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).
(22)    Teachtaireacht ón gCoimisiún: “Delivering on low-emission mobility: A European Union that protects the planet, empowers its consumers and defends its industry and workers” [Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí a bhaint amach – Aontas Eorpach a chaomhnaíonn an pláinéad, a thugann cumhacht don tomhaltóir agus cosaint do thionscail agus d’oibrithe] – COM(2017) 675
(23)    COM(2018) 293
(24)    JOIN(2017) 41
(25)    JOIN(2018) 5
(26)    COM (2017)623
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).
(28)    COM(2017) 718
(29)    Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch. 14).
(30)    COM(2016) 587
(31)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(32)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(33)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch.1).
(34)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(35)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(36)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(37)    IO L 344, 19.12.2013, lch.1.
(38)    COM(2018) 65
(39)    An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1-14.
(40)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(41)    Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 22).
(42)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(43)        Féach Roinn 1.6
(44)    Faoi réir cinntí críochnaitheacha maidir le raon feidhme agus buiséad gach cláir ar leith.
(45)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(46)    D’fhéadfaí (cuid den chlár) an clár a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúacháin, faoi réir thoradh na hanailíse costais/sochair agus na gcinntí lena mbaineann atá le déanamh. Déanfar na leithreasuithe riaracháin lena mbaineann maidir le cur chun feidhme an Chláir sa Choimisiún agus sa ghníomhaireacht feidhmiúcháin a oiriúnú dá réir.
(47)    Bunaithe ar fhaisnéis a foilsíodh i dtuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí INEA 2017
(48)    Níl na gnéithe straitéiseacha ná beartais a bhaineann leis an gclár, ná maoirsiú ionstraimí tarmligthe SCE, san áireamh sa mheastachán sin.
(49)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(50)    CSTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(51)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina n-iarrthóirí.
(52)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(53)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach. Cuimsíonn sé na méideanna is gá chun na gealltanais gan íoc ó chláir 2014–2020 (“an oidhreacht”) a bhainistiú, ar gealltanais iad atá á mbainistiú faoi láthair ag gníomhaireacht feidhmiúcháin.
(54)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireacht.
(55)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(56)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,6.6.2018

COM(2018) 438 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014

{SEC(2018) 292 final}
{SWD(2018) 312 final}
{SWD(2018) 313 final}


IARSCRÍBHINN

CUID I – TÁSCAIRÍ

Déanfar dlúthfhaireachán ar an gClár ar bhonn sraith táscairí lena bhfuil sé beartaithe tomhas a dhéanamh ar a mhéid atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach agus d'fhonn na hualaí agus na costais riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí maidir leis na príomhtháscairí seo a leanas:

Earnálacha

Cuspóirí Sonracha

Táscairí

Iompar

Gréasáin agus bonneagar atá éifeachtúil agus idirnasctha ar mhaithe le soghluaisteacht chliste, inbhuanaithe, chuimsitheach, shábháilte agus shlán

Líon na nasc trasteorann agus na nasc atá in easnamh ar tugadh aghaidh orthu le tacaíocht ó SCE (lena náirítear bearta a bhaineann le nóid uirbeacha, calafoirt mhuirí, calafoirt intíre agus críochfoirt iarnróid atá ar chroíghréasán TENT)

Líon na mbeart a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus a rannchuidíonn le digitiú an iompair

Líon na bpointí soláthair breoslaí malartacha a tógadh nó a ndearnadh uasghrádú orthu le tacaíocht ó SCE

Líon na mbeart a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus a rannchuidíonn le sábháilteacht an iompair

Oiriúnú do riachtanais i dtaobh soghluaisteacht mhíleata

Líon na gcomhpháirteanna bonneagair iompair a cuireadh in oiriúint chun freastal ar riachtanais i dtaobh soghluaisteacht mhíleata

Fuinneamh

Rannchuidiú le hidirnascacht agus le comhtháthú margaí

Líon na mbeart SCE a rannchuidíonn le tionscadail trína ndéantar nascadh idir gréasáin na mBallstát agus a chuireann deireadh le baic inmheánacha

Slándáil an tsoláthair fuinnimh

Líon na mbeart SCE a rannchuidíonn le tionscadail lena náirithítear go bhfuil gréasán gáis athléimneach ann

Líon na mbeart SCE a rannchuidíonn le heangacha a dhéanamh cliste agus a dhigitiú, agus cur leis an toilleadh stórála fuinnimh

Forbairt inbhuanaithe tríd an dícharbónú a chumasú

Líon na mbeart SCE a rannchuidíonn le tionscadail a fhágann go bhfuil fuinneamh in-athnuaite ag dul níos mó i bhfód ar na córais fuinnimh

Líon na mbeart SCE a rannchuidíonn le comhar trasteorann i réimse na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh

Seirbhísí digiteacha

Rannchuidiú le bonneagar nascachta digití a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh

Naisc nua le líonraí an-ardtoillte i gcomhair gníomhaithe socheacnamaíocha agus naisc idirlín gan sreang atá ar cháilíocht an-ard i gcomhair pobail áitiúla

Líon na mbeart SCE lena gcumasaítear nascacht 5G feadh bealaí iompair

Líon na mbeart SCE lena gcumasaítear naisc nua le líonraí an-ardtoillte do theaghlaigh

Líon na mbeart SCE a rannchuidíonn le digitiú na hearnála fuinnimh agus na hearnála iompair

CUID II: CÉATADÁIN THÁSCACHA DON EARNÁIL IOMPAIR

Déanfar na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 4, mír 2 (a) (i) agus (ii), a dháileadh ar na cuspóirí sonracha mar a leanas:

60 % i gcomhair na mbeart a liostaítear in Airteagal 9, mír 2 (a): "Bearta a bhaineann le gréasáin éifeachtúla agus idirnasctha";

40 % i gcomhair na mbeart a liostaítear in Airteagal 9, mír 2 (b): "Bearta a bhaineann le soghluaisteacht chliste, inbhuanaithe, chuimsitheach, shábháilte agus shlán".

I gcás na mbeart a liostaítear in Airteagal 9, mír 2 (a), ba cheart 75 % de na hacmhainní buiséadacha a leithdháileadh ar bhearta a bhaineann le conairí an chroíghréasáin, 10 % ar bhearta a bhaineann leis an gcroíghréasán lasmuigh de chonairí an chroíghréasáin agus 15 % ar bhearta a bhaineann leis an ngréasán cuimsitheach.

CUID III: CONAIRÍ AN CHROÍGHRÉASÁIN IOMPAIR AGUS CODANNA RÉAMHSHAINITHE; CODANNA RÉAMHSHAINITHE AR AN nGRÉASÁN CUIMSITHEACH

1.Conairí an chroíghréasáin agus codanna réamhshainithe



“Conair an Atlantaigh” den chroíghréasán

Ailíniú

Gijón – León – Valladolid

A Coruña – Vigo – Orense – León

Zaragoza – Pamplona/Logroño – Bilbao

Tenerife/Gran Canaria – Huelva/Sanlúcar de Barrameda – Sevilla – Córdoba

Algeciras – Bobadilla – Madrid

Sines/Lisboa – Madrid – Valladolid

Lisboa – Aveiro – Leixões/Porto – an Douro (abhainn)

Aveiro – Valladolid – Vitoria-Gasteiz – Bergara – Bilbao/Bordeaux – Tours – Paris – Le Havre/Metz – Mannheim/Strasbourg

Saint Nazaire – Nantes – Tours

Codanna réamhshainithe

Trasteorann

Evora – Merida

Iarnród

Vitoria-Gasteiz – San Sebastián – Bayonne – Bordeaux

Aveiro – Salamanca

Abhainn an Douro (Via Navegável do Douro)

Uiscebhealaí intíre

“Conair Mhuir Bhailt – Mhuir Aidriad” den chroíghréasán

Ailíniú

Gdynia – Gdańsk – Katowice/Sławków

Gdańsk – Warszawa – Katowice

Katowice – Ostrava – Brno – Wien

Szczecin/Świnoujście – Poznań – Wrocław – Ostrava

Katowice – Žilina – Bratislava – Wien

Wien – Graz– Villach – Udine – Trieste

Udine – Venezia – Padova – Bologna – Ravenna – Ancona

Graz – Maribor – Ljubljana – Koper/Trieste

Codanna réamhshainithe

Trasteorann

Katowice – Ostrava

Katowice – Žilina

Opole – Ostrava

Bratislava – Wien

Graz – Maribor

Trieste – Divaca

Iarnród

Katowice – Žilina

Brno – Wien

Bóthar

Nasc in easnamh

Gloggnitz – Mürzzuschlag: Buntollán Semmering

Graz – Klagenfurt: Líne iarnróid agus tollán Koralm

Koper – Divača

Iarnród

“Conair na Meánmhara” den chroíghréasán

Ailíniú

Algeciras – Bobadilla – Madrid – Zaragoza – Tarragona

Sevilla – Bobadilla – Murcia

Cartagena – Murcia – Valencia – Tarragona/Palma de Mallorca – Barcelona

Tarragona – Barcelona – Perpignan – Marseille – Genova/Lyon – Torino – Novara – Milano – Bologna/Verona – Padova – Venezia – Ravenna/Trieste/Koper – Ljubljana – Budapest

Ljubljana/Rijeka – Zagreb – Budapest – teorainn na hÚcráine

Codanna réamhshainithe

Trasteorann

Lyon – Torino: buntollán agus bealaí rochtana

Iarnród

Nice – Ventimiglia

Trieste – Divača

Ljubljana – Zagreb

Zagreb – Budapest

Budapest – Miskolc – teorainn na hÚcráine

Lendava – Letenye

Bóthar

Vásárosnamény – teorainn na hÚcráine

Nasc in easnamh

Perpignan – Montpellier

Iarnród

Koper – Divača

Rijeka – Zagreb

Milano – Cremona – Mantova – Porto Levante/Venezia – Ravenna/Trieste

Uiscebhealaí Intíre

“Conair na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt” den chroíghréasán

Ailíniú

Luleå – Helsinki – Tallinn – Rīga

Ventspils – Rīga

Rīga – Kaunas

Klaipeda – Kaunas – Vilnius

Kaunas – Warszawa

Teorainn na Bealarúise – Warszawa – Łódź – Poznań – Frankfurt/Oder – Berlin – Hamburg – Kiel

Łódź – Katowice/Wrocław

Katowice – Wrocław – Falkenberg – Magdeburg

Szczecin/Świnoujście – Berlin – Magdeburg – Braunschweig – Hannover

Hannover – Bremen – Bremerhaven/Wilhelmshaven

Hannover – Osnabrück – Hengelo – Almelo – Deventer – Utrecht

Utrecht – Amsterdam

Utrecht – Rotterdam – Antwerpen

Hannover – Köln – Antwerpen

Codanna réamhshainithe

Trasteorann

Tallinn – Rīga – Kaunas – Warszawa: líne lán-idir-inoibritheach ar leithead UIC de chuid Rail Baltica

Iarnród

Świnoujście/Szczecin – Berlin

Iarnród/Uiscebhealaí Intíre

Conair “Via Baltica” EE-LV-LT-PL

Bóthar

Nasc in easnamh

Kaunas – Vilnius

Iarnród

Warszawa/Idzikowice – Poznań/Wrocław, lena náirítear naisc leis an Mol Iompair Lárnach atá beartaithe

Canál Kiel

Uiscebhealaí intíre

Berlin – Magdeburg – Hannover; Canál Mittelland; canáil iartharacha na Gearmáine

Rhine, Waal

Canál Noordzee, IJssel, Canál Twente



“Conair na Mara Thuaidh – na Meánmhara” den chroíghréasán

Ailíniú

Béal Feirste – Baile Átha Cliath – Sionainn-Faing/Corcaigh

Glasgow/Edinburgh – Liverpool/Manchester – Birmingham

Birmingham – Felixstowe/London/Southampton

London – Lille – Brussel/Bruxelles

Amsterdam – Rotterdam – Antwerpen – Brussel/Bruxelles – Luxembourg

Luxembourg – Metz – Dijon – Macon – Lyon – Marseille

Luxembourg – Metz – Strasbourg – Basel

Antwerpen/Zeebrugge – Gent – Dunkerque/Lille – Paris

Codanna réamhshainithe

Trasteorann

Brussel/Bruxelles – Luxembourg – Strasbourg

Iarnród

Terneuzen – Gent

Uiscebhealaí intíre

Seine – Gréasán an Escaut agus abhantracha na Séine, an Escaut agus an Meuse a bhaineann leis

Conair “Rhine-Scheldt”

Nasc in easnamh

Albertkanaal/Canal Bocholt-Herentals

Uiscebhealaí intíre

Dunkerque – Lille

“Conair an Oirthir – na Meánmhara Thoir” den chroíghréasán

Ailíniú

Hamburg – Berlin

Rostock – Berlin – Dresden

Bremerhaven/Wilhelmshaven – Magdeburg – Dresden

Dresden – Ústí nad Labem – Melnik/Praha – Lysá nad Labem/Poříčany – Kolin

Kolin – Pardubice – Brno – Wien/Bratislava – Budapest – Arad – Timişoara – Craiova – Calafat – Vidin – Sofia

Sofia – Plovdiv – Burgas

Plovdiv – teorainn na Tuirce – Alexandropouli – Kavala – Thessaloniki – Ioannina – Kakavia/Igoumenitsa

Teorainn Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine – Thessaloniki

Sofia – Thessaloniki – Athina – Piraeus/Ikonio – Heraklion – Lemesos (Vasiliko) – Lefkosia

Athina – Patras/Igoumenitsa

Codanna réamhshainithe

Trasteorann

Dresden – Praha

Iarnród

Wien/Bratislava – Budapest

Békéscsaba – Arad

Calafat – Vidin – Sofia – Thessaloniki

Teorainn na Tuirce Alexandropouli

Teorainn Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine – Thessaloniki

Ioannina – Kakavia (Teorainn na hAlbáine)

Bóthar

Hamburg – Dresden – Praha – Pardubice

Uiscebhealaí intíre

Nasc in easnamh

Thessaloniki – Kavala

Iarnród

“Conair na Réine – na nAlp” den chroíghréasán

Ailíniú

Genova – Milano – Lugano – Basel

Genova – Novara – Brig – Bern – Basel – Karlsruhe – Mannheim – Mainz – Koblenz – Köln

Köln – Düsseldorf – Duisburg – Nijmegen/Arnhem – Utrecht – Amsterdam

Nijmegen – Rotterdam – Vlissingen

Köln– Liège – Bruxelles/Brussel – Gent

Liège – Antwerpen – Gent – Zeebrugge

Codanna réamhshainithe

Trasteorann

Zevenaar – Emmerich – Oberhausen

Iarnród

Karlsruhe – Basel

Milano/Novara – teorainn na hEilvéise

Basel – Antwerpen/Rotterdam – Amsterdam

Uiscebhealaí intíre

Nasc in easnamh

Genova – Tortona/Novi Ligure

Iarnród

“Conair na Réine – na Danóibe” den chroíghréasán

Ailíniú

Strasbourg – Stuttgart – München – Wels/Linz

Strasbourg – Mannheim – Frankfurt – Würzburg – Nürnberg – Regensburg – Passau – Wels/Linz

München/Nürnberg – Praha – Ostrava/Přerov – Žilina – Košice – teorainn na hÚcráine

Wels/Linz – Wien – Bratislava – Budapest – Vukovar

Wien/Bratislava – Budapest – Arad – Brašov/Craiova – Bucurešti – Constanta – Sulina

Codanna réamhshainithe

Trasteorann

München – Praha

Iarnród

Nürnberg – Plzen

München – Mühldorf – Freilassing – Salzburg

Strasbourg – Kehl Appenweier

Hranice – Žilina

Wien – Bratislava/Budapest

Bratislava – Budapest

Békéscsaba – Arad

An Danóib (Kehlheim – Constanța/Midia/Sulina) agus abhantracha an Sava agus an Tisza a bhaineann léi

Uiscebhealaí Intíre

Zlín – Žilina

Bóthar

Nasc in easnamh

Stuttgart – Ulm

Iarnród

Salzburg – Linz

Arad – Craiova

București – Constanța

“Conair Chríoch Lochlann – na Meánmhara” den chroíghréasán

Ailíniú

Teorainn na Rúise – Hamina/Kotka – Helsinki – Turku/Naantali – Stockholm – Örebro – Malmö

Narvik/Oulu – Luleå – Umeå – Stockholm

Oslo – Goteburg – Malmö – Trelleborg

Malmö – København – Fredericia – Aarhus – Aalborg – Hirtshals/Frederikshavn

København – Kolding/Lübeck – Hamburg – Hannover

Bremerhaven – Bremen – Hannover – Nürnberg

Rostock – Berlin – Leipzig – München

Nürnberg – München – Innsbruck – Verona – Bologna – Ancona/Firenze

Livorno/La Spezia – Firenze – Roma – Napoli – Bari – Taranto – Valletta

Napoli – Gioia Tauro – Palermo/Augusta – Valletta

Codanna réamhshainithe

Trasteorann

Teorainn na Rúise – Helsinki

Iarnród

København – Hamburg: bealaí rochtana chuig nasc seasta Chaolas Fehmarn

München – Wörgl – Innsbruck – Fortezza – Bolzano – Trento – Verona: buntollán Brenner agus bealaí rochtana chuige

København – Hamburg: nasc seasta Chaolas Fehmarn

Iarnród/Bóthar

2.Codanna réamhshainithe ar an ngréasán cuimsitheach

Tá na codanna seo a leanas, go háirithe, san áireamh sna codanna trasteorann den ghréasán cuimsitheach dá dtagraítear in Airteagal 9(2)(a)(ii) den Rialachán seo:

Baile Átha Cliath – An Srath Bán – Leitir Ceanainn

Bóthar

Pau – Huesca

Iarnród

Lyon – teorainn na hEilvéise

Iarnród

Athus – Mont-Saint-Martin

Iarnród

Antwerpen – Duisburg

Iarnród

Mons – Valenciennes

Iarnród

Gent – Terneuzen

Iarnród

Heerlen – Aachen

Iarnród

Groningen – Bremen

Iarnród

Stuttgart – teorainn na hEilvéise

Iarnród

Berlin – Rzepin/Horka – Wrocław

Iarnród

Praha – Linz

Iarnród

Villach – Ljubljana

Iarnród

Pivka – Rijeka

Iarnród

Plzeň – České Budějovice – Wien

Iarnród

Wien – Gyor

Iarnród

Graz – Gyor

Iarnród

Neumarkt – Kalham – Mühldorf

Iarnród

Conair an Ómra PL-SK-HU

Iarnród

Conair “Via Carpathia” teorainn na Bealarúise/na hÚcráine-PL-SK-HU-RO

Bóthar

Budpaest – Osijek – Svilaj (teorainn na Boisnia agus na Heirseagaivéine)

Bóthar

Faro – Huelva

Iarnród

Porto – Vigo

Iarnród

Giurgiu – Varna/Bourgas

Iarnród

Svilengrad – Pithio

Iarnród

CUID IV: Tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite a shainaithint

1.Cuspóir na dtionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite

Maidir le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, cuirfear chun cinn leo an comhar trasteorann idir na Ballstáit maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh a phleanáil, a fhorbairt agus a shaothrú ar bhealach costéifeachtach.

2.Critéir ghinearálta

D’fhonn a bheith incháilithe mar thionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, comhlíonfaidh tionscadal gach ceann de na critéir ghinearálta seo a leanas:

(a)beidh sé san áireamh i gcomhaontú comhair nó i socrú d'aon chineál eile idir na Ballstáit agus/nó idir na Ballstáit agus tríú tíortha mar a leagtar síos in Airteagail 6, 7, 9 nó 11 de Threoir 2009/28/CE;

(b)laghdófar an costas trí úsáid a bhaint as foinsí in-athnuaite fuinnimh agus/nó beidh sochair le baint as maidir le comhtháthú córas, slándáil an tsoláthair nó nuálaíocht i gcomparáid le tionscadal den chineál céanna atá á chur chun feidhme ag ceann de na Ballstáit rannpháirteacha as féin;

(c)is mó iad na sochair fhoriomlána is féidir a bhaint as an gcomhar ná na costais a bhaineann leis an tionscadal, na costais san fhadtréimhse san áireamh, de réir an mheasúnaithe ar bhonn na hanailíse costais/sochair dá dtagraítear i bpointe 3 agus tríd an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal [7] á cur i bhfeidhm

3.Anailís chostais/sochair

San anailís chostais/sochair dá dtagraítear i bpointe 2(c) thuas, cuirfear san áireamh i leith gach ceann de na Ballstáit nó na tríú tíortha rannpháirteacha an tionchar ar, inter alia, na gnéithe seo a leanas:

(a)na costais a bhaineann le leictreachas a ghiniúint;

(b)na costais a bhaineann le comhtháthú córas;

(c)costas tacaíochta;

(d)astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(e)slándáil an tsoláthair;

(f)truailliú an aeir agus truailliú áitiúil eile;

(g)nuálaíocht.

4.Próiseas

I gcás tionscnóirí tionscadail, lena náirítear na Ballstáit, a d'fhéadfadh a bheith incháilithe le bheith roghnaithe mar thionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite faoi chomhaontú comhair nó faoi shocrú d'aon chineál eile idir na Ballstáit agus/nó idir na Ballstáit agus tríú tíortha mar a leagtar amach in Airteagail 6, 7, 9, nó 11 de Threoir 2009/28/CE, agus atá ag iarraidh stádas tionscadal trasteorann a bhaint amach i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin iarratas le bheith roghnaithe mar thionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite. Áireofar san iarratas an fhaisnéis ábhartha le go bhféadfaidh an Coimisiún an tionscadal a mheas de réir na gcritéar a leagtar síos i bpointe 2 agus i bpointe 3, i gcomhréir leis na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7.

Áiritheoidh an Coimisiún go dtabharfar an deis do thionscnóirí cur isteach ar stádas tionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite uair amháin sa bhliain ar a laghad.

Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí maidir leis an liosta de na tionscadail arna gcur isteach lena bheith ina dtionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na hiarratais de réir na gcritéar a leagtar síos i bpointe 2 agus i bpointe 3.

Agus na tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite á roghnú ag an gCoimisiún, féachfaidh sé le líon iomlán is inláimhsithe a roghnú. Féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go mbainfear amach cothromaíocht gheografach chuí maidir le sainaithint tionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite. Féadfar grúpálacha réigiúnacha a úsáid le haghaidh tionscadail a shainaithint.

Ní roghnófar tionscadal mar thionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, nó tarraingeofar siar a stádas, más rud é go raibh an mheastóireacht air bunaithe ar fhaisnéis mhícheart ar thoisc chinntitheach í sa mheastóireacht, nó mura gcomhlíontar dlí an Aontais leis an tionscadal.

Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta de na tionscadail trasteorann a roghnaíodh i réimse an fhuinnimh in-athnuaite.

CUID V – TIONSCADAIL LEASA CHOITINN I dTAOBH BONNEAGAR NASCACHTA DIGITÍ

1.Nascacht ghigighiotáin le gníomhaithe socheacnamaíocha

Agus bearta á gcur in ord tosaíochta, tabharfar aird ar fheidhm na ngníomhaithe socheacnamaíocha, ábharthacht na seirbhísí digiteacha agus na bhfeidhmchlár arna gcumasú tríd an nascacht is bun leo a chur ar fáil, agus na sochair shocheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla, lena náirítear na hiarmhairtí féideartha i dtéarmaí nascachta. Is go cothrom ó thaobh geografaíochta de ar fud na mBallstát a leithdháilfear an buiséad atá ar fáil.

Tabharfar tús áite do bhearta a rannchuidíonn leis an méid seo a leanas:

·Nascacht ghigighiotáin d'ospidéil agus d'ionaid leighis, i gcomhréir leis na hiarrachtaí chun digitiú a dhéanamh ar an gcóras cúraim sláinte, d'fhonn cur le folláine shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus athrú a dhéanamh ar an gcaoi a soláthraítear seirbhísí sláinte agus seirbhísí cúraim d'othair 1 ;

·Nascacht ghigighiotáin d'ionaid oideachais agus d’ionaid taighde, i gcomhthéacs na niarrachtaí chun bearnaí digiteacha a dhúnadh agus chun gabháil don nuálaíocht i gcórais oideachais, chun feabhas a chur ar thorthaí foghlama, ar chothromas agus ar éifeachtúlacht 2 .

2.Nascacht idirlín gan sreang i bpobail áitiúla

Maidir leis na bearta arb é is aidhm leo nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar in ionaid a thaithíonn an pobal, lena náirítear ionaid amuigh faoin aer ar a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne agus ar áiteanna tábhachtacha iad i saol an phobail áitiúil, beidh siad faoi réir ag na coinníollacha seo a leanas chun cistiú a fháil:

·gur comhlacht de chuid na hearnála poiblí dá dtagraítear sa mhír thíos a chuirfidh chun feidhme iad, ar comhlacht é a bhfuil sé ar a chumas suiteáil lárphointí rochtana idirlín áitiúil gan sreang i spásanna poiblí laistigh agus lasmuigh a phleanáil agus maoirseacht a dhéanamh ar an tsuiteáil sin, mar aon le maoiniú na gcostas oibriúcháin a áirithiú ar feadh 3 bliana ar a laghad;

·go ndéanfaidh siad forbairt ar líonraí digiteacha an-ardtoillte lenar féidir seirbhís idirlín ar cháilíocht an-ard a chur ar fáil d'úsáideoirí, ar seirbhís í:

·atá saor in aisce gan coinníollacha idirdhealaitheacha, is féidir a rochtain go héasca, atá slán agus a úsáideann trealamh is nuaí agus is úrscothaí, lenar féidir nascacht ardluais a sholáthar dá húsáideoirí; agus

·a thacaíonn le rochtain ar sheirbhísí digiteacha nuálacha;

·go núsáidfear an sainaitheantas coiteann físeach a chuirfidh an Coimisiún ar fáil agus an nasc chuig na huirlisí gaolmhara ar líne;

·go dtabharfar gealltanas go soláthrófar an trealamh agus/nó na seirbhísí gaolmhara suiteála is gá i gcomhréir leis an dlí is infheidhme chun a áirithiú nach ndéanfaidh tionscadail an iomaíocht a shaobhadh go míchuí.

Beidh cúnamh airgeadais ar fáil do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) Uimh. 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , lena dtugtar gealltanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faoi nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar trí lárphointí rochtana idirlín áitiúil gan sreang a shuiteáil.

Na bearta a mhaoineofar, ní dhéanfaidh siad dúbailt ar thairiscintí poiblí nó príobháideacha saor in aisce atá ann sa spás poiblí céanna agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu.

Is go cothrom ó thaobh geografaíochta de ar fud na mBallstát a leithdháilfear an buiséad atá ar fáil.

In aon chás is ábhartha, áiritheofar comhordú agus comhchuibheas le bearta SCE a thacaíonn le rochtain a bheith ag gníomhaithe socheacnamaíocha ar líonraí an-ardtoillte atá in ann nascacht ghigighiotáin a sholáthar.

3.Liosta táscach na gconairí 5G atá incháilithe chun cistiú a fháil

I gcomhréir le cuspóirí na sochaí gigighiotáin atá leagtha amach ag an gCoimisiún lena áirithiú go mbeidh cumhdach 5G gan bhriseadh ar gach mórbhealach iompair trastíre faoi 2025 4 , is é a bheidh sna bearta lena gcuirtear chun feidhme cumhdach gan bhriseadh le córais 5G de bhun Airteagal 9, mír 4(c), sa chéad chéim, bearta i leith na gcodanna trasteorann ar mhaithe le soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil 5 , agus, sa dara céim, bearta maidir le codanna níos fairsinge ar mhaithe le soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a úsáid ar scála níos mó feadh na gconairí, mar a léirítear sa tábla thíos (liosta táscach). Baintear leas as conairí TENT mar bhonn chun na críche sin ach ní gá gur ar na conairí sin amháin a bhainfear feidhm as 5G 6 .



“Conair an Atlantaigh” den chroíghréasán

Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

Porto-Vigo agus Merida-Evora

Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a úsáid ar scála níos mó

Metz – Paris – Bordeaux – Bilbao – Vigo – Porto – Lisboa

Bilbao – Madrid – Lisboa

“Conair Mhuir Bhailt – Mhuir Aidriad” den chroíghréasán

Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a úsáid ar scála níos mó

Gdansk – Warszawa – Brno – Wien – Graz – Ljubljana – Trieste

“Conair na Meánmhara” den chroíghréasán

Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a úsáid ar scála níos mó

Budapest – Zagreb – Ljubljana / Rijeka / Split

“Conair na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt” den chroíghréasán

Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

Conair Mhuir Bhailt (atá le sainiú)

Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a úsáid ar scála níos mó

Tallinn – Kaunas



“Conair na Mara Thuaidh – na Meánmhara” den chroíghréasán

Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

Metz – Merzig – Luxembourg

Rotterdam – Antwerpen – Eindhoven

Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a úsáid ar scála níos mó

Amsterdam – Rotterdam – Breda – Lille – Paris

Brussel/Bruxelles – Metz – Basel

Mulhouse – Lyon – Marseille

“Conair an Oirthir – na Meánmhara Thoir” den chroíghréasán

Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

Sofia – Thessaloniki – Beograd

Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a úsáid ar scála níos mó

Berlin – Praha – Brno – Bratislava

Timişoara – Sofia – teorainn na Tuirce

Sofia – Thessaloniki – Athina

“Conair na Réine – na nAlp” den chroíghréasán

Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

Bologna – Innsbrück – München (conair Brenner)

Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a úsáid ar scála níos mó

Rotterdam – Oberhausen – Frankfurt (M)

Basel – Milano – Genova

“Conair na Réine – na Danóibe” den chroíghréasán

Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a úsáid ar scála níos mó

Frankfurt (M) – Passau – Wien – Budapest – București – Constanța

Karlsruhe – München – Salzburg – Wels

Frankfurt (M) – Strasbourg

“Conair Chríoch Lochlann – na Meánmhara” den chroíghréasán

Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

Oulu – Tromsø

Oslo – Stockholm – Helsinki

Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a úsáid ar scála níos mó

Turku – Helsinki – teorainn na Rúise

Stockholm / Oslo – Malmö

Malmö – København – Hamburg – Würzburg

Nürnberg – München – [Verona]

Rosenheim – Bologna – Napoli – Catania – Palermo

Napoli – Bari – Taranto

(1)    Féach freisin COM(2018) 233 final – Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cumasú a dhéanamh ar chlaochlú digiteach na sláinte agus an chúraim sa Mhargadh Aonair Digiteach; cumhacht a thabhairt do shaoránaigh agus sochaí níos sláintiúla a thógáil.
(2)    Féach freisin COM(2018) 22 final – Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach
(3)    Treoir (AE) Uimh. 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(4)    Nascacht i gcomhair Margadh Aonair Digiteach atá Iomaíoch – I dTreo Sochaí Ghigighiotáin Eorpach – COM(2016)587
(5)    Soghluaisteacht Nasctha Uathrialaithe (Connected and Automated Mobility (CAM))
(6)    Is lasmuigh de chonairí chroíghréasán TEN-T atá na codanna faoi chló iodálach ach áirítear iad sna conairí 5G
Top