EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0822

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tástáil chomhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha

COM/2016/0822 final - 2016/0404 (COD)

An Bhruiséil,10.1.2017

COM(2016) 822 final

2016/0404(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tástáil chomhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2016) 462 final}
{SWD(2016) 463 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Príomhthosaíocht don Choimisiún is ea margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a bhaint amach: chun go mbeidh beartais lena gcothaítear fás agus lena gcruthaítear poist i gcroílár an chláir oibre beartais 1 . Tá an Chomhairle Eorpach den tuairim go mbeidh sé fíorthábhachtach margadh aonair atá níos doimhne agus níos cothroime a bhaint amach chun poist nua a chruthú, an táirgiúlacht a chur chun cinn agus chun timpeallacht a bheadh tarraingteach don infheistíocht agus don nuálaíocht a áirithiú 2 . Ní féidir neamhaird a thabhairt ar ról suntasach na seirbhísí gairmiúla i ngeilleagar an Aontais Eorpaigh. Chomh maith leis sin, tá go leor staidéar ann ina dtaispeántar na tairbhí a ghabhann leis an margadh aonair maidir le seirbhísí a fhorbairt, ar tairbhí iad nár baineadh leas astu go fóill.

In éagmais ceanglais chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, is faoi na Ballstáit féin atá sé go fóill seirbhísí gairmiúla a rialáil. Is faoi gach Ballstát atá sé a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil gá ann le hidirghabháil a dhéanamh agus le rialacha agus srianta a fhorchur maidir le rochtain ar ghairm nó le tabhairt fúithi, fad a urramaítear prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta. I bhformhór na gcásanna, tá údar ann le rialáil agus glactar go maith léi fiú. Áirítear leo cásanna ina bhfuil saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta i gceist. Chun a áirithiú go bhfuil an rialáil oiriúnach don fheidhm agus nach gcruthaíonn sí ualaí nach bhfuil údar leo, ba cheart breithniú cuimsitheach a dhéanamh uirthi ionas gur féidir tuiscint iomlán a fháil ar an éifeacht atá aici ar pháirtithe leasmhara agus ar an mórthimpeallacht ghnó. Ar aon dul le tosaíochtaí an Choimisiúin maidir le poist agus fás, tá sé ríthábhachtach an timpeallacht rialála is fearr is féidir a áirithiú. Is é sin an fáth ar fógraíodh bearta faoin straitéis don mhargadh aonair chun “tástáil chomhréireachta” ex-ante a thabhairt isteach agus rialáil seirbhísí gairmiúla á hathchóiriú 3 .

Is i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear an ceart chun tabhairt faoi ghairm atá roghnaithe ag duine nó chun gnó a sheoladh. Áirítear leis na príomhthairbhí a ghabhann le margadh aonair an Aontais Eorpaigh an tsaoirse bhunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Cuireann teorainneacha leis na saoirsí sin ualach mór ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe. Dá bhrí sin, ní mór údar cuí a thabhairt go ndearnadh na bearta rialála, trí bhíthin measúnú comhréireachta cuimsitheach.

Tagraíonn “gairmeacha rialáilte” do ghníomhaíochtaí a bhfuil cáilíocht ghairmiúil shonrach ag teastáil ina leith. Tá gairmeacha den sórt sin i ngach earnáil den gheilleagar. Tá cineálacha difriúla rialála tugtha isteach ag na Ballstáit le himeacht ama, ar nithe iad lena léirítear traidisiúin sheanbhunaithe sna tíortha sin. Is i bhfoirm rialáil Stáit nó i bhfoirm féinrialála ag cumainn ghairmiúla a dhéantar an rialáil sin. Tríd is tríd, tá dea-chúiseanna ann leis an rialáil, bunaithe ar an ngá atá ann le cuspóirí riachtanacha leas an phobail a chosaint. Baineann an tsochaí tairbhe aisti freisin toisc, mar shampla, go soiléiríonn sí an teolas teicniúil, an oiliúint theicniúil agus na hinniúlachtaí teicniúla ba cheart a bheith ag gairmithe chun a áirithiú go dtabharfar cosaint do shaoránaigh. Mar sin féin, is féidir le rialáil mhíchuí ualach a chur ar an ngairmí, ar an ngnó agus ar an tomhaltóir aonair; áirítear leis na hualaí sin ceanglais dhíréireacha maidir le cáilíochtaí, go leor gníomhaíochtaí forchoimeádta, ballraíocht éigeantach de chomhlachais ghairmiúla agus bearta eile. Is é seasamh comhsheasmhach na Cúirte Breithiúnais gurb amhlaidh, fiú amháin mura bhfuil aon idirdhealú ann, go bhféadfadh an rialáil náisiúnta gairmeacha agus aon cheanglais a bhaineann le cáilíochtaí bac a chur ar shaoránaigh agus cuideachtaí de chuig an Aontais leas a bhaint as na saoirsí bunúsacha a ráthaítear dóibh leis an gConradh nó go bhféadfadh siad daoine a chur ó leas a bhaint as na saoirsí sin. 4 Fiú amháin sa chás gur déine rialacha aon Bhallstáit amháin ná rialacha Ballstáit eile, tá sé curtha in iúl ag an gCúirt freisin nach gá go bhfágann sé sin go bhfuil rialacha an dara Ballstát díréireach agus nach bhfuil siad ag luí le dlí an Aontais Eorpaigh. Is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh, ar bhonn cás ar chás agus ar bhealach ina dtugtar aird ar chomhthéacs rialála iomlán na gairme sin, cé acu is gá nó nach gá srianta a chur ar an rochtain ar ghníomhaíochtaí gairmiúla agus ar sheoladh gníomhaíochtaí gairmiúla agus cé na srianta is oiriúnaí a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sonracha a bhaineann le leas an phobail.

Sa bhliain 2013, leasaíodh Treoir 2005/36/CE, ar a dtugtar an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla, le Treoir 2013/55/AE d'fhonn nuachóiriú a dhéanamh ar dhlí an Aontais i réimse na ngairmeacha rialáilte. Ina theannta sin, tugadh isteach leis an Treoir cleachtadh trédhearcachta agus meastóireachta frithpháirtí idir na Ballstáit maidir lena ngairmeacha rialáilte uile. Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir na húdaráis inniúla ábhartha isteach le linn an phróisis mheastóireachta frithpháirtí, is cosúil gur chruthaigh measúnú den sórt sin dúshlán do chuid mhór Ballstát 5 . Bhí réasúnaíocht cheart in easnamh ar fhormhór na measúnuithe, rud a thugann le fios go bhfuil fadhb bhunúsach ann maidir leis an dóigh a ndéantar meastóireacht ar an ngá atá ann le rialáil agus ar na héifeachtaí atá aici ar an mórthimpeallacht ghnó. Léiríodh le linn an phróisis mheastóireachta frithpháirtí nach i gcónaí a bhíonn cinntí rialála bunaithe ar anailís fhónta oibiachtúil agus a gcuirtear i gcrích iad ar bhealach oscailte trédhearcach. Ina theannta sin, agus beag beann ar an díospóireacht ghrinn a ndeachthas ina bun agus ar an treoir ghrinn a sholáthair an Coimisiún cheana féin, ní rabhthas in ann cosc a chur le cásanna inar tugadh bearta sriantacha nua isteach gan anailís chuimsitheach oibiachtúil a dhéanamh orthu ar dtús. Thug na Ballstáit cineálacha nua rialála isteach a bhaineann le cleachtadh ghairm an dlí, mar shampla. Ina theannta sin, thug siad gníomhaíochtaí forchoimeádta isteach agus mhéadaigh siad an líon gníomhaíochtaí forchoimeádta atá ann - gníomhaíochtaí a bhaineann le comhairle cánach agus le treoraithe turasóirí ina measc. D'éirigh leo na hathruithe sin a thabhairt isteach gan aon mheasúnú comhréireachta a dhéanamh orthu nó gan ach measúnú comhréireachta neamhchuimsitheach a dhéanamh orthu.

Imríonn an grinnscrúdú neamh-chomhsheasmhach a dhéantar faoi láthair ar an rialáil gairmeacha ar fud an Aontais Eorpaigh tionchar diúltach ar sholáthar seirbhísí agus ar shoghluaisteacht gairmithe. Ní leor beart ar leibhéal na mBallstát aonair chun go mbeidh creat comhleanúnach dlíthiúil ag an Aontas le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na rialála náisiúnta atá beartaithe ná chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhfuil údaráis náisiúnta ag dul i ngleic leo faoi láthair ach oiread. Maidir le príomhchuspóirí an bhirt – is iad sin, tuilleadh soiléire a chur leis na critéir is infheidhme; iontaofacht, trédhearcacht agus inchomparáideacht a neartú ar fud na mBallstát; agus a áirithiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm ar bhealach cothrom ionas nach gcuirfear ualach breise ar an Margadh Aonair agus nach nilroinnfear arís eile é – d'fhéadfaí iad a bhaint amach ar bhealach ní ba rathúla ar leibhéal an Aontais trí shásra coiteann measúnaithe a thabhairt isteach don Aontas Eorpach ar fad, ar sásra é a chuirfeadh na Ballstáit i bhfeidhm ar bhealach inchomparáide, de bhua a scála agus a éifeachtaí . I bhfianaise athruithe a dhéantar go minic ar rialáil gairmithe, agus beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, tá baol ann go méadófar an bhearna idir na Ballstáit sin a chuireann dea-chleachtais rialála i bhfeidhm cheana féin agus a dhéanann measúnú comhréireachta mar is ceart sula gcinnfidh an nglacfar an rialáil 6 agus na Ballstáit sin nach ndéanann aon obair den sórt sin, rud a mhéadóidh an éagsúlacht atá ann maidir le cáilíocht na rialála arís eile. Ar deireadh thiar, beidh éifeacht dhiúltach aige sin ar rochtain ar ghairmeacha agus beidh iarmhairtí diúltacha aige do thomhaltóirí agus do chúrsaí eacnamaíochta araon.

Chun aghaidh a thabhairt air sin, d'fhógair an Coimisiún sa straitéis don mhargadh aonair go dtabharfaí tionscnamh isteach lena leagfaí síos tástáil chomhréireachta atá le húsáid ag na Ballstáit sula ndéanfaidh siad cineálacha náisiúnta rialála gairmithe a ghlacadh nó a leasú. Is mór an poitéinseal atá ag na Ballstáit fás a chothú agus poist a chruthú trí thrédhearcacht a ngairmeacha rialáilte a mhéadú, trí anailís níos cuimsithí a dhéanamh ar a gcomhréireacht sula nglacfar rialacha nua agus trí athchóirithe a dhéanamh ag an am céanna ar a ngairmeacha rialáilte ar mhaithe lena gceanglais a nuachóiriú. Mar a thuairiscítear sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, léirítear i staidéir éagsúla go bhféadfadh drochroghanna rialála an iomaíocht a shaobhadh trí shrian a chur le hiontráil sa mhargadh agus go bhféadfadh go gcaillfí deiseanna suntasacha fostaíochta, go ngearrfaí praghsanna ní b'airde ar thomhaltóirí agus go gcuirfí bac ar shaorghluaiseacht dá bharr sin. I gcás cruthú fostaíochta amháin, tugtar le fios i staidéar acadúil ar leith go bhféadfaí 700 000 post bhreise 7 a chruthú san Aontais trí aghaidh a thabhairt ar chineálacha rialála atá neamhriachtanach agus díréireach.

Dá bhrí sin, is é is aidhm don tástáil chomhréireachta tacú le cleachtais rialála níos fearr agus, ar deireadh, feabhas a chur ar thorthaí na gcleachtas sin. Tá feidhm aici maidir le ceanglais nua nó le ceanglais athbhreithnithe maidir le rochtain ar an ngairm rialáilte nó le tabhairt faoi ghairm rialáilte. Comhdhlúthaítear leis an tástáil cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le comhréireacht ceanglas a chuireann srian ar rochtain ar ghairmeacha rialáilte agus le tabhairt fúthu. Is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh go fóill, áfach, cé na gairmeacha a rialálfaidh siad agus conas a rialálfaidh siad iad; cinneadh fianaisebhunaithe a dhéanfar tar éis measúnú cuimsitheach, trédhearcach agus oibiachtúil a dhéanamh. Tugtar aird iomlán sa tástáil ar shainiúlacht gach gairme agus ar a dtimpeallacht rialála. Maidir leis na tairbhí a bhainfeadh gairmithe, tomhaltóirí agus údaráis riaracháin phoiblí as an méid sin, baineann siad go príomha leis an bhfíric go ndéanfaí rialáil ní b'fhearr ar ghairmeacha trí chosc a chur le glacadh rialacha díréireacha. Is é is cuspóir don togra seo, ar an iomlán, cásdlí bunaithe na Cúirte Breithiúnais a chódú. D'fhéadfaí an togra a dhínádúrú ach imeacht ón gcásdlí sin. Féadfaidh an Coimisiún togra a tharraingt sin má tá sé dínádúraithe.

Le Treoir ón Aontas Eorpach, d'éascófaí go mór an oibleagáid atá ar na Ballstáit cloí le prionsabal na comhréireachta agus bheifí in ann a rathú go gcuirfeadh na Ballstáit an tástáil chomhréireachta chun feidhme ar an aon bhealach amháin ar gach leibhéal rialála d'fhonn ilroinnt an mhargaidh aonair a sheachaint.

Is é an aidhm atá leis an tionscnamh soiléire a thabhairt isteach agus tástálacha comhréireachta atá oibiachtúil, iontaofa agus cuimsitheach a chur chun cinn ar mhaithe le muinín agus nuálaíocht a mhéadú trí athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an rialáil náisiúnta gairmeacha. Mar bhonn leis an mbeart sin tá sé mar aidhm tacú leis na Ballstáit na cuspóirí comhroinnte sin a bhaint amach agus an méid sin a dhéanamh ar bhealach cuíchóirithe struchtúrtha ar mhaithe lena ndualgais riaracháin a laghdú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra comhsheasmhach le forálacha Threoir 2005/36/CE atá ann cheana agus comhlánaíonn sé na forálacha sin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le tosaíochtaí an Choimisiúin mar a leagtar amach sa straitéis don mhargadh aonair iad agus leis na cuspóirí atá ag an Aontas maidir le fás a chothú agus poist a chruthú, saorghluaiseacht gairmithe a áirithiú, feabhas a chur ar an timpeallacht do ghnólachtaí agus tuilleadh roghanna a thairiscint do thomhaltóirí.

Beart eile a fógraíodh sa straitéis is ea treoir thréimhsiúil a eisiúint maidir le riachtanais shonracha. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh sin fadhbanna a shainaithint de réir tíre agus gairme i gcásanna ina mbainfí tairbhe eacnamaíoch as athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat rialála. Molfaidh an Coimisiún beart ar leibhéal an Bhallstáit ina dhiaidh sin. Tá an dá bheart sin comhlántach sa mhéid go soláthróidh an tástáil chomhréireachta creat ginearálta de na critéir a bheidh le húsáid agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht na rialála atá beartaithe – rud ar a dtugtar “clásal éagtha” – agus go ndíreoidh an treoir thréimhsiúil maidir le riachtanais athchóirithe ar shaincheisteanna ar leith arna sainaithint sa rialála atá i bhfeidhm cheana ar ghairmeacha nó ar earnálacha áirithe.

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an tionscnamh chun feabhas a chur ar fhógraí faoin Treoir um Sheirbhísí agus comhlánaíonn sé an tionscnamh sin. Cé go gcomhlánaíonn an tionscnamh sin an nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt a bhfuil feidhm aige maidir le srianta faoin Treoir um Sheirbhísí, soláthraítear leis an togra seo soiléire maidir leis na critéir atá le húsáid ag na Ballstáit agus measúnú á dhéanamh acu ar chomhréireacht dréachtdlíthe náisiúnta lena rialáiltear gairmeacha agus a thagann faoin Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla. Is faoin Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla agus faoin Treoir um Sheirbhísí araon a thagann ceanglais áirithe maidir leis an rialáil náisiúnta gairmeacha (mar shampla, ceanglais a bhaineann le foirm dhlíthiúil nó scairshealbhóireacht). I gcásanna den sórt sin, leanfaí rialacha an togra seo sa mheasúnú comhréireachta agus ba ghá an fhaisnéis atá le soláthar sa nós imeachta um fhógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí a bhunú ar an measúnú sin. Táthar ag áirithiú go bhfuil comhsheasmhacht ann idir an dá ionstraim lena mbaineann agus ní thugann an togra seo isteach aon nósanna imeachta nua um fhógra a thabhairt.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 46, Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 CFAE.

Tá sé de cheart ag an Aontas Eorpach gníomhú i réimse na rialála gairmeacha ar mhaithe le cuspóirí an Mhargaidh Inmheánaigh a bhaint amach, bunaithe ar na hairteagail de CFAE a bhaineann le saorghluaiseacht daoine agus seirbhísí. Go háirithe, déantar foráil le hAirteagal 46 CFAE maidir le forálacha sonracha atá le glacadh i réimse na saorghluaiseachta oibrithe; déantar foráil le hAirteagal 53(1) CFAE maidir le Treoracha a eisiúint i dtaca le gabháil do ghníomhaíochtaí agus le tabhairt fúthu mar dhaoine féinfhostaithe; agus is é hAirteagal 62 CFAE an bonn le gníomhartha dlí maidir le feidhmiú na saoirse chun seirbhísí a sholáthar.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

De réir phrionsabal na comhréireachta, níor cheart don Aontas gníomhú ach amháin sa chás nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a bhaint amach go leordhóthanach agus gur féidir leis an Aontas iad a bhaint amach ar bhealach níos fearr. Mar is féidir a fheiceáil san fhianaise a fuarthas sa mheastóireacht fhrithpháirteach, is amhlaidh go bhfuil éagsúlacht shuntasach ann idir na Ballstáit maidir leis na critéir a úsáideann siad ina gcuid measúnuithe agus i dtaobh a chuimsithí agus atá na measúnuithe sin. An grinnscrúdú neamh-chomhsheasmhach seo a dhéantar faoi láthair ar chomhréireacht na rialála gairmeacha ar fud an Aontais, agus an tionchar a bhíonn ag an ngrinnscrúdú sin, imríonn sé tionchar suntasach ar gheilleagar an Aontais i gcoitinne, ar sholáthar seirbhísí agus ar shoghluaisteacht gairmithe. Léirítear i staidéir, idir staidéir a rinneadh go neamhspleách agus staidéir a d'eagraigh an Coimisiún, go mbíonn tionchar diúltach ag rialáil dhíréireach ar chruthú post, ar fhás, ar roghanna tomhaltóirí, ar phraghsanna, ar an nuálaíocht, ar infheistíocht agus ar thrádáil 8 . Ina theannta sin, is léir na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr bearta chun an rialáil a athchóiriú, ar bearta iad nach raibh aon tionchar díreach acu ar leasanna dlisteanacha an phobail a chosaint:

San Iodáil, tugadh seirbhísí nua isteach sa mhargadh agus cruthaíodh tuilleadh post do chógaiseoirí óga de bharr athchóiriú Bersani sa bhliain 2006 9 .

Sa Pholainn, tugadh rialacha oibiachtúla rochtana isteach chun gairm an dlí a athchóiriú. Dá bharr sin, tháinig méadú faoi thrí, beagnach, ar an líon dlíodóirí idir na blianta 2005 agus 2015 agus tháinig méadú faoi dhó, beagnach, ar an líon comhairleoirí dlí sa tréimhse chéanna. Ní raibh aon éifeachtaí diúltacha ag an athchóiriú ar phá ná ar cháilíocht. 10

Sa Ghréig, ba de bharr athchóirithe a laghdaíodh praghsanna do thomhaltóirí ar sheirbhísí de chuid gníomhairí eastáit réadaigh, gairmithe dlí, cuntasóirí, comhairleoirí cánach agus fisiteiripeoirí. Léirscaoileadh na gairmeacha sin mar gheall ar an athchóiriú a achtaíodh sa bhliain 2011. Tháinig méadú ní ba mhó ná a dhá oiread ar an líon nótairí, iniúchóirí, treoraithe turasóirí agus luachálaithe cairte a thionscain gnólacht nua sa bhliain 2014, i gcomparáid leis an meánfhigiúr bliantúil a bhí ann sular léirscaoileadh na gairmeacha sin. 11

Mar sin féin, ní áiritheoidh beart aonair ag na Ballstáit aonair go mbeidh creat comhleanúnach dlíthiúil ann don Aontas chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na rialála náisiúnta ná chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhfuil údaráis náisiúnta ag dul i ngleic leo faoi láthair. Dá bhrí sin, d'fhéadfaí cuspóirí an bhirt, eadhon iontaofacht agus inchomparáideacht na measúnuithe comhréireachta, d'fhéadfaí iad a ghnóthú ar bhealach ní ba rathúla ar leibhéal an Aontais trí shásra coiteann measúnaithe a thabhairt isteach don Aontas Eorpach ar fad, ar sásra é a gcuirfeadh na Ballstáit i bhfeidhm ar an mbealach céanna, de bhua a scála agus a éifeachtaí . Mar sin, léireofaí leis an dlí náisiúnta na critéir a leagtar amach sa bheart atá beartaithe agus ba ghá do na húdaráis náisiúnta na critéir sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht na rialála náisiúnta ar na gairmeacha lena mbaineann.

Dá nglacfaí cur chuige de chuid an Aontais, mar sin, bheadh na húdaráis náisiúnta in ann seiceálacha comhréireachta atá cuimsitheach agus inchomparáide a dhéanamh trí chreat dlíthiúil atá trédhearcach agus intuartha a chruthú chun measúnú a dhéanamh ar bhacainní ar ghairmeacha rialáilte. Tá sé éilithe ag an gComhairle Eorpach arís agus arís eile go ndéanfaí beart ina leith sin. D'iarr an Chomhairle Eorpach treoir ar an ábhar i mí Feabhra 2015 12 . Ina dhiaidh sin, chuir an Chomhairle fáilte roimh an tástáil comhréireachta a áireamh sa straitéis don mhargadh aonair, agus dúirt sí go nathdhearbhaíonn sí gurb é an margadh aonair príomhinneall na hEorpa chun an fás a mhéadú agus chun poist a chruthú agus gur uirlis fhíorthábhachtach é ó thaobh na hinfheistíochta de agus d'fhonn iomaíochas na hEorpa a chur chun cinn. Cuireann sí i bhfáth go bhfuil gá le bearta práinneacha, uaillmhianacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, chun an margadh aonair a neartú agus a dhoimhniú, le go mbainfear torthaí nithiúla agus pragmatacha amach a rachaidh chun tairbhe go díreach do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna 13 . Ina dhiaidh sin i mí an Mheithimh 2016, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun iarrachtaí a shaothrú go fuinniúil i dtreo rialáil níos fearr a bhaint amach 14 .

Comhréireacht

Tá an togra ag teacht le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE. Is é an aidhm atá leis an rogha beartais atá roghnaithe an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cuspóirí leas an phobail agus dea-chaighdeán seirbhísí a áirithiú ar thaobh amháin agus feabhas a chur ar an rochtain ar ghairmeacha rialáilte agus ar chleachtadh na ngairmeacha sin i gcás na ngairmithe féin agus rogha níos leithne a áirithiú do thomhaltóirí ar an taobh eile. Ós rud é go ngabhann costéifeachtúlacht le réitigh an togra agus go laghdaíonn na réitigh sin an tualach foriomlán ar an lucht riaracháin phoiblí, is amhlaidh go nurramaíonn an togra prionsabal na comhréireachta toisc go soláthraíonn sé critéir shoiléire maidir le measúnuithe comhréireachta a dhéanamh ar an rialáil gairmeacha agus toisc gur cheart go gcuirfeadh sé cosc le hualaí cur chun feidhme a thiocfadh as bearta neamhriachtanacha amach anseo. Maidir leis an ualach riaracháin a bhaineann le tástáil chomhréireachta a dhéanamh, rinneadh measúnú air cheana féin le linn an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla, 2013, a leasú. Bunaithe ar an measúnú sin, is dóigh gur beag a bheidh na costais a thiocfaidh as an togra seo chun tástáil chomhréireachta a fhorchur i leith gníomhaíochtaí rialála amach anseo 15 . Tá seans ann go mbeidh costais beagáinín níos airde ann do na Ballstáit sin nach gcomhlíonann cur chun feidhme na Treorach faoi láthair. Mar sin féin, táthar ag súil go mbeidh éifeacht dhearfach fhoriomlán ann ar chostais riaracháin toisc go mbeidh seans níos lú ann go mbeidh ar na Ballstáit déileáil le nósanna imeachta sáruithe mar thoradh ar an gcóras níos fearr a bheidh againn. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún obair i gcomhar leis na Ballstáit chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt dóibh an treoir seo a chur chun feidhme agus d'fhonn costais a laghdú arís eile. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá á saothrú a ghnóthú. Mar a tharlaíonn, tá an togra seo ar an gceann is oiriúnaí do na cuspóirí sin a ghnóthú. Cé gur glacadh cur chuige treorach sa mheastóireacht fhrithpháirteach, léiríodh lena linn go bhfuil ganntanas fianaise ann lena dtugtar le fios go bhfuil cinntí rialála á mbunú ar anailís fhónta oibiachtúil agus go bhfuil siad á gcur i gcrích ar bhealach oscailte trédhearcach faoi láthair. Cé gur seoladh an mheastóireacht fhrithpháirteach beagnach trí bliana ó shin, níor cuireadh thart ar aon trian de na tástálacha comhréireachta isteach go fóill. Maidir leis na measúnuithe a fuarthas, moladh i gcás thar ar 70 % díobh go gcoinneofaí cúrsaí mar atá beag beann ar an tástáil chomhréireachta lag a bhí ag gabháil leo. Ina theannta sin, tá ardráta athraithe rialála ann sna gairmeacha agus is eol don Choimisiún go mbíonn iarracht leanúnach á déanamh chun ualaí rialála nua a chur ar ghairmithe gan réamhanailís cheart atá bunaithe ar chomhréireacht a dhéanamh ar an ngá atá ann le hualaí den sórt sin nó ar luach nó ar thionchar na nualaí sin.

An rogha ionstraime

Is Treoir nua í an ionstraim atá roghnaithe, rud lena dtabharfar roinnt solúbthachta do na Ballstáit maidir lena trasuí agus lena cur chun feidhme agus lena gcumasófar dóibh bunbhrí dhlíthiúil agus cineál ilghnéitheach phrionsabal na comhréireachta a léiriú. Tá Treoir ina ceangal maidir leis an toradh atá le gnóthú. Dá bhrí sin, is ionann í agus ionstraim chuí maidir le saorghluaiseacht oibrithe, an tsaoirse bhunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a ghnóthú sa Mhargadh Inmheánach. Ní hé amháin gur cuspóirí de chuid an Aontais Eorpaigh iad sin, ach leagtar leis an gConradh ionchais dhlíthiúla eile ar na Ballstáit freisin. Cé gur fós faoi na Ballstáit féin a bheidh sé a chinneadh cé acu a rialálfar nó nach rialálfar gairm ar leith agus a chinneadh conas a dhéanfar amhlaidh, beidh orthu, de réir an Chonartha, feidhmiú ar bhealach atá comhréireach agus a bhfuil gá agus údar leis.

Déantar cur síos iomlán sa mheasúnú tionchair ar scála na saincheiste i dtaca le rialáil gairmeacha agus ar na héifeachtaí atá ag an rialáil neamhriachtanach ar an mórgheilleagar Eorpach. Leagtar béim ann ar na deacrachtaí atá ag na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an rialáil neamhriachtanach freisin. Le Treoir, cumasófar do na Ballstáit measúnú comhréireachta cuimsitheach a chomhtháthú isteach ina nósanna imeachta reachtacha féin atá ann cheana agus, toisc nach bhforfheidhmeofar aon mhodheolaíocht ar leith orthu, cumasófar do na Ballstáit feidhmiú le méid lánrogha a fhreastalóidh ar a struchtúir féin gan difear a dhéanamh do phríomhchuspóir na Treorach, is é sin: próiseas cinnteoireachta atá inchomparáide, trédhearcach, iontaofa, oibiachtúil agus fianaisebhunaithe a bheith acu. Is ar na cúiseanna sin a mheasann an Coimisiún go bhfuil Treoir ar an bhfreagairt is cuí agus is éifeachtaí sa chás seo.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Sular leasaíodh go suntasach sa bhliain 2013 í, bhí Treoir 2005/36/CE ina hábhar do mheastóireacht chuimsitheach ar easnaimh an phróisis reatha le haghaidh saorghluaiseacht gairmithe a éascú. Bunaithe ar na cinntí sin, tugadh isteach le Treoir 2013/55/AE, lenar leasaíodh Treoir 2005/36/CE, ceanglas ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar a chomhréire atá an dóigh a rialálann siad gairmithe, i measc ceanglais eile. Ar bhonn na measúnuithe sin, agus de bhun Airteagal 59(9), táthar ag súil go ndéanfaidh an Coimisiún, faoi mhí Eanáir 2017, na cinntí deiridh uaidh maidir leis an bhforbhreathnú ar chineálacha náisiúnta rialála gairmeacha agus maidir le measúnuithe comhréireachta arna ndéanamh ag na Ballstáit a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus tograí le haghaidh tionscnaimh eile ag gabháil leo nuair is cuí. Toisc nár leasaíodh an Treoir ach le déanaí, níor forbraíodh an tionscnamh seo bunaithe ar mheasúnú foriomlán uirthi. Is amhlaidh, áfach, go dtagann an togra ó na measúnuithe ón gCoimisiún agus go bhfuil sé ar cheann de na tionscnaimh leantacha a samhlaíodh faoi Airteagal 59(9) de Threoir 2013/55/AE mar chonclúid ón measúnú ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, samhlaíodh go bhféadfadh go mbeadh togra eile ar cheann de na bearta leantacha a dhéanfaí chun feabhas a chur ar chur chun feidhme agus éifeachtúlacht na bhforálacha nua.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuireadh comhairliúchán poiblí i gcrích idir an 27 Bealtaine agus an 22 Lúnasa 2016. Fuarthas 420 freagra san iomlán. Áiríodh leo sin aighneachtaí ó dhaoine aonair, ó bhaill de ghairmeacha rialáilte, ó chomhlachais ghairmiúla, ó chomhlachtaí rialála, ó údaráis rialtais agus ón lucht léinn. Bhí formhór na bpáirtithe leasmhara ar aon tuairim gur cheart tabhairt faoi bheart ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun soiléire agus cur chuige coiteann a thabhairt isteach maidir le tástálacha comhréireachta. Bhí formhór na bhfreagróirí ar fud na ndéimeagrafach éagsúil lena mbaineann i bhfách le réiteach ceangailteach (Treoir): úsáideoirí; soláthraithe, idir ghnólachtaí móra agus ghnólachtaí beaga; agus údaráis phoiblí agus ceardchumainn, d’fhormhuinigh siad go léir an togra. Ní raibh roinnt comhlachas gairmiúil chomh dearfach céanna i leith an togra. Earnáil ceardaíochta na Gearmáine agus na hOstaire, mar shampla, a d'eagraigh freagraí comhionanna ó 100 comhlachas ceardaíochta, chun moladh dóibh diúltú d’aon bheart ar leibhéal an Aontais trí bhíthin treorach nó agus trí bhíthin cur chuige treorach. Chinneamar an freagra eagraithe 16 a choinneáil agus torthaí an chomhairliúcháin á gcomhthiomsú againn. Agus an méid sin á dhéanamh againn, d'éirigh linn tacaíocht tromlaigh don togra uainn a choinneáil. Ina theannta sin, léiríodh sa chomhairliúchán go bhfuil gá ann le beart ní hamháin toisc gur nochtadh le linn an chomhairliúcháin go bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige á nglacadh i leith anailíse ar fud an Aontais Eorpaigh ar fad, ach toisc go nochtadh freisin go bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige á nglacadh laistigh de na Ballstáit aonair féin. Fuarthas amach sa chomhairliúchán go bhfuil easpa soiléire ann maidir leis na hionchais atá ann cinntí a bhunú ar anailís nó ar chomhréireacht agus rialáil á dearadh. Fuarthas amach ann freisin go bhfuil cur chuige fánach á ghlacadh i leith comhairliúcháin agus trédhearcachta.

Is féidir achoimre ar na torthaí a fháil ar: http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/ .

Ina theannta sin, bhíothas in ann tuairimí a mhalartú arís eile le linn comhdháil ardleibhéil ar reáchtáil an Coimisiún í an 18 Bealtaine 2016.

Pléadh na saincheisteanna lena mbaineann leis na Ballstáit ag cruinnithe Grúpa Ardleibhéil an 3 Bealtaine 2016 agus an 10 Samhain 2016 freisin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuir na torthaí ar an meastóireacht fhrithpháirteach ar ghairmeacha rialáilte le hullmhú an togra seo. Ba mheastóireacht í a chuir na Ballstáit i gcrích i gcomhar leis an gCoimisiún.

Léiríodh i staidéir ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta go bhfuil soghluaisteacht lucht saothair ina príomhthoisc taobh thiar de tháirgiúlacht, rud a mhéadaíonn fás geilleagrach 17 . Ina theannta sin, d'eagraigh an Coimisiún Eorpach staidéir eacnamaíocha ar éifeachtaí athchóirithe ar na ceanglais rialála maidir le rochtain ar ghairmeacha ar leith i gceithre thír dhifriúla: an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil agus an Ríocht Aontaithe. 18

Chomh maith leis sin, meastar, bunaithe ar shuirbhé a rinneadh i mí Aibreáin 2015 i ngach ceann de na 28 mBallstát, gur i ngairm rialáilte atá 21% ar a laghad den lucht saothair san Aontas Eorpach (50 milliún duine) ag obair 19 .

Measúnú tionchair

Ar aon dul lena bheartas um “Rialáil Níos Fearr”, thug seirbhísí an Choimisiúin faoi mheasúnú tionchair ina ndearnadh anailís ar na roghanna difriúla beartais atá ann agus ar an tionchar a bheadh acu ar pháirtithe leasmhara 20 .

Ba iad seo a leanas na roghanna difriúla a ndearnadh scrúdú orthu sa mheasúnú tionchair:

Rogha 1 – d'fhéadfaí roinnt roghanna éagsúla a chuimsiú trí threoirlínte comhréireachta a eisiúint agus trí mhalartú faisnéise cuimsitheach a éascú idir na údaráis chun tástáil chomhréireachta ar fud an Aontais Eorpaigh a bhunú do ghairmeacha rialáilte.

Rogha 2a – na critéir íosta a leagan síos maidir le seiceálacha comhréireachta a dhéanamh, ar critéir iad a bheadh bunaithe ar an gcásdlí agus lena gcomhlánófaí an cásdlí, agus trédhearcacht a chur leis na measúnuithe ó na Ballstáit trí ionstraim cheangailteach (Treoir) a thabhairt isteach.

Rogha 2b – an cur chuige atá leagtha amach faoi rogha 2a a chur chun feidhme, ach an méid sin a dhéanamh trí Mholadh sa chás seo.

Rogha 3a – gnéithe breise nós imeachta i dteannta a bhfuil i rogha 2a, amhail comhairliúcháin phoiblí agus athbhreithniú tréimhsiúil trí bhíthin ionstraim cheangailteach (treoir).

Rogha 3b – leas a bhaint as na gnéithe sin atá leagtha amach faoi rogha 3a, ach an méid sin a dhéanamh trí Mholadh sa chás seo.

Bunaithe ar an gcomhairliúchán, ar an taithí agus ar an bhfianaise a cuireadh i láthair sa mheasúnú tionchair, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb é Rogha 3a an rogha is fearr chun an staid reatha a fheabhsú:

Rogha 1 – rinneadh cur chuige treorach a thástáil cheana: trí Theachtaireacht a eisiúint sa bhliain 2013 ar dtús agus tríd an eangach agus an treoir a cuireadh ar fáil chun tacú leis an meastóireacht fhrithpháirteach dhá bhliain ina dhiaidh sin. Cruthaíodh nár leor an rogha seo chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna rialála a nochtadh le linn na meastóireachta. Chomh maith leis sin, tá an Coimisiún ag obair go dlúth leis na Ballstáit chun iad a spreagadh le freastal níos fearr ar shaincheist na comhréireachta (trí chuairteanna ar Bhallstáit eile, comhdháil, fóraim maidir leis an margadh aonair agus ceardlanna a reáchtáil).

Rogha 2a – Leis an rogha seo, thabharfaí aghaidh ar na deacrachtaí atá ag na Ballstáit an cásdlí a léirmhíniú agus thabharfaí soiléiriú ar na critéir a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu agus, ar an mbealach sin, chabhrófaí go mór leis na Ballstáit feabhas a chur ar cháilíocht na measúnuithe agus ar na torthaí deiridh orthu.

Rogha 2b – Is ionann na míbhuntáistí don rogha seo, do rogha 3b agus do rogha 1. Dá nglacfaí cur chuige “roghnach”, ní thabharfaí aghaidh ar chásanna ina roghnaíonn na Ballstáit gan tástáil chomhréireachta a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní féidir féachaint ar an rogha seo mar cheann lena gcuirfí cosc le hualaí neamhriachtanacha a thabhairt isteach amach anseo. Ní féidir féachaint uirthi ach oiread mar shásra éifeachtach le haghaidh deireadh a chur le fadhbanna a shainaithnítear le linn athbhreithnithe den sórt sin. Ar deireadh, chuirfeadh na srianta sin teorainn leis an bhféidearthacht go gcomhroinnfí faisnéis ar bhealach ní ba thrédhearcaí le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara.

Rogha 3a – bhfianuithe le hathbhreithnithe tréimhsiúla go gcuirfí deireadh le rialáil nach bhfuil cuí a thuilleadh agus, dá mba rud e go mbeadh comhairliúchán ar áireamh i ndearadh na rialála, spreagfaí rannpháirtíocht níos mó na bpáirtithe leasmhara uile, comhlachtaí tomhaltóirí agus saoránaigh ina measc, chun a áirithiú go gcuirfí a leasanna san áireamh freisin.

Rogha 3b – amhail i gcás rogha 2b, ní féidir a rathú go ndéanfar na bearta lena mbaineann má ghlactar cur chuige roghnach.

I bhfianaise na taithí a gnóthaíodh agus na measúnuithe a rinneadh le linn an togra seo a ullmhú, is féidir teacht ar an gconclúid nach gcuirfí le cur chuige lánroghnach iallach ar na Ballstáit an anailís riachtanach a dhéanamh, go háirithe sna cásanna is deacra, dá nglacfaí cur chuige lánroghnach, is é sin, Moladh. An oibleagáid ghinearálta atá ann athbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh, eolas a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile agus an oibleagáid a laghad oibiachtúlachta agus neamhchlaontachta is féidir a chinntiú, ní féidir aghaidh a thabhairt uirthi ach amháin sa chás go gcuirfear an oibleagáid sin chun feidhme go dlíthiúil. Is é Treoir an taon bhealach amháin chun an méid sin a rathú.

D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an tionscnamh seo an 9 Deireadh Fómhair 2016. Ba iad seo a leanas na príomh-mholtaí ón mBord: ba cheart tuilleadh sonraí a thabhairt sa togra faoin dóigh a bhfuil sé ag teacht le tionscnaimh eile; ba cheart míniú níos mine a thabhairt ann ar scála na faidhbe agus ar cén fáth nach bhfuil na struchtúir reatha in ann aghaidh a thabhairt uirthi; ba cheart plé níos mine a dhéanamh ann ar an dóigh a bhfeidhmeofar forálacha an togra; agus ba cheart tuilleadh sonraí a thabhairt ann faoi na tuairimí ó pháirtithe leasmhara agus faoin tionchar a bheidh ag an togra ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, ar thomhaltóirí agus ar údaráis náisiúnta. Tugadh aird chuí ar na moltaí sin.

Is féidir an tuairim a léamh ag:
http://ec.europa.eu/smart-regulation/impact/ia_carried_out/cia_2016_en.htm#grow .

Déantar grinnanailís sa mheasúnú tionchair ar na roghanna difriúla beartais agus ar an tionchar a bheidh acu ar pháirtithe leasmhara. Tá an measúnú sin ar fáil ag an suíomh Gréasáin seo a leanas:

http://ec.europa.eu/growth/tools-databases/newsroom/cf/itemdetail.cfm?item_id=8827 .

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Nochtadh i meastóireacht fhrithpháirteach a chuir na Ballstáit i gcrích i gcomhar leis an gCoimisiún sa tréimhse 2014-2016 go bhfuil grinnscrúdú neamh-chomhsheasmhach á dhéanamh ar bhearta rialála náisiúnta agus go bhfuil easpa soiléire ann maidir leis na critéir atá le húsáid le haghaidh measúnuithe comhréireachta. Maidir leis na measúnuithe comhréireachta a dhéantar faoi láthair ar leibhéal náisiúnta agus atá bunaithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais agus ar chineálacha cur chuige náisiúnta, thángthas ar an gconclúid nach bhfuil siad ag baint barr a gcumais amach maidir le luach breise a chur leis an margadh aonair.

Cearta bunúsacha

Tá an togra ag cur chun cinn cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, is iad sin, an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Thabharfadh an Coimisiún tuairisc rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú na tástála comhréireachta ar leibhéal náisiúnta. Tá sé beartaithe go gcuirfí an mheastóireacht sin i gcrích i gcomhthráth leis an meastóireacht ar an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Toisc go bhfuil sé bunaithe ar an gcásdlí atá ann cheana agus ar na prionsabail um rialáil níos fearr, ní cheanglaíonn an togra seo go gcuirfí doiciméid bhreise mhíniúcháin isteach in éineacht le trasuí na treorach sa dlí náisiúnta. Ina ainneoin sin, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh treorach a chur i láthair nuair is gá.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Déantar plé in Airteagal 1 agus in Airteagal 2 ar ábhar agus raon feidhme na Treorach, is é sin, creat dlíthiúil a chruthú le haghaidh measúnuithe comhréireachta a dhéanamh sula dtabharfar forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin nua isteach lena gcuirfear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu nó sula leasófar forálacha den sórt sin atá ann cheana. Ní chumhdaítear leis an Treoir seo tástálacha comhréireachta lena gcumhdaítear rialáil gairmeacha sonracha, sa chás gur tugadh na tástálacha sin isteach le hionstraimí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Leagtar amach le hAirteagal 3 na sainmhínithe a úsáidtear sa togra. Tá siad ag teacht, tríd is tríd, leis na sainmhínithe faoi Threoir 2005/36/CE. Ina theannta sin, cuirtear sainmhínithe ar fáil le haghaidh an dá phríomhchineál rialála gairmeacha, mar atá "gníomhaíochtaí forchoimeádta" agus"teideal gairmiúil faoi chosaint".

Le hAirteagal 4, leagtar oibleagáid síos ar na Ballstáit measúnú comhréireachta ex ante a dhéanamh, ar measúnú é a mbeidh fianaise cháilíochtúil agus, nuair is féidir, fianaise chainníochtúil mar thaca leis.

Liostaítear le hAirteagal 5 na húdair ar fhorais chuspóirí leas an phobail ar bhonn an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó atá aitheanta amhlaidh ag an gCúirt Bhreithiúnais. Bunaithe ar an gcásdlí socraithe, ní féidir le forais lena mbaineann cineál eacnamaíoch amháin agus ag a bhfuil aidhm chosantaíoch nó éifeachtaí cosantaíocha amháin go bunúsach ná cúiseanna is cúiseanna riaracháin amháin a bheith ina gcúiseanna sáraitheacha le leas an phobail.

Le hAirteagal 6(1), leagtar oibleagáid ghinearálta síos ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh, sula dtabharfaidh siad forálacha nua isteach lena gcuirfear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu nó sula leasóidh siad forálacha den sórt sin atá ann cheana, ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go bhfuil na forálacha sin riachtanach agus oiriúnach do ghnóthú an chuspóra atá á shaothrú agus nach dtéann siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Leagtar amach le hAirteagal 6(2) na príomhchritéir nach mór do na húdaráis inniúla iad a bhreithniú, amhail cineál na rioscaí, raon na ngníomhaíochtaí, an bhfuil siad forchoimeádta do ghairm nó nach bhfuil, an nasc idir an cháilíocht agus na gníomhaíochtaí, tionchar eacnamaíoch an bhirt, etc. Sonraítear le hAirteagal 6(3) gur féidir modhanna nach bhfuil chomh sriantach céanna a úsáid chun an cuspóir atá á shaothrú a ghnóthú, amhail teideal gairmiúil faoi chosaint a úsáid, gan na gníomhaíochtaí a fhorchoimeád do ghairm ar leith. Tugtar forbhreathnú le hAirteagal 6(4) ar na heilimintí atá le cur san áireamh nuair atáthar ag scrúdú éifeacht charnach na mbeart uile atá ann cheana lena gcuirtear srian le rochtain ar ghairmeacha nó le tabhairt fúthu.

Leagtar oibleagáid amach le hAirteagal 7 eolas a thabhairt do gach páirtí leasmhar sula dtabharfar bearta nua isteach agus deis a thabhairt dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl ina leith.

Déantar foráil le hAirteagal 8 maidir le malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát éagsúil, rud a chuireann ar chumas an Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe aige gairm a athchóiriú faisnéis a bhailiú faoi thaithí na mBallstát eile.

Déantar forail le hAirteagal 9 maidir le trédhearcacht na measúnuithe comhréireachta.

Déantar forail le hAirteagal 10 maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an Treoir.

Déantar plé le hAirteagal 11 ar thrasuí na Treorach.

Sonraítear le hAirteagal 12 teacht i bhfeidhm na Treorach.

Socraítear le hAirteagal 13 cé chuige a ndírítear an Treoir seo.

2016/0404 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tástáil chomhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 46, Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 21 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 22 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is ceart bunúsach é an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú. Ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an tsaoire chun gnó a sheoladh. Is bunphrionsabail den mhargadh inmheánach a chumhdaítear sa Chonradh iad saorghluaiseacht oibrithe, saoirse bhunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a chur ar fáil. Níor cheart, dá bhrí sin, rialacha náisiúnta lena neagraítear rochtain ar ghairmeacha rialáilte a bheith ina gconstaic dhíréireach nach bhfuil údar léi ar chleachtadh na gceart bunúsach sin.

(2)In éagmais forálacha sonracha a bheith leagtha síos i ndlí an Aontais lena gcomhchuibhítear na ceanglais maidir le rochtain ar ghairm rialáilte nó le tabhairt fúithi, tá sé de dhualgas ar na Ballstáit a chinneadh an ndéanfar rialáil ar ghairm laistigh de theorainneacha phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta agus a chinneadh conas a dhéanfar an rialáil sin.

(3)Ar cheann de phrionsabail ghinearálta an Aontais tá prionsabal na comhréireachta. Eascraíonn sé as an gcásdlí 23 gur cheart do bhearta náisiúnta a d'fhéadfadh bac a chur ar dhaoine leas a bhaint as na saoirsí bunúsacha a ráthaítear leis an gConradh nó daoine a chur ó leas a bhaint as na saoirsí bunúsacha, gur cheart do na bearta sin ceithre choinníoll a chomhlíonadh: ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach; ba cheart cuspóirí leas an phobail a bheith mar údar leo; ba cheart iad a bheith oiriúnach do ghnóthú an chuspóra atá siad ag saothrú; agus níor cheart go rachaidís thar a bhfuil riachtanach chun é a ghnóthú.

(4)Le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 , bunaíodh an oibleagáid ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht a gceanglas lena gcuirtear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu agus torthaí an mheasúnaithe sin a chur in iúl don Choimisiún, rud lenar seoltar an próiseas meastóireachta frithpháirtí mar a thugtar air. D'fhág an próiseas sin go raibh ar na Ballstáit scagthástáil a dhéanamh ar a reachtaíocht ar fad maidir leis na gairmeacha uile a rialáiltear ar a gcríoch féin.

(5)Léiríodh i dtorthaí an phróisis meastóireachta frithpháirtí go raibh easpa soiléire ann maidir leis na critéir a bhí le húsáid ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus iad ag déanamh measúnú ar chomhréireacht na gceanglas lena gcuirtear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu agus go raibh iniúchadh neamh-chomhsheasmhach á dhéanamh ar na bearta sin ar gach leibhéal rialála. Chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint agus chun deireadh a chur le bacainní ar thabhairt faoi ghníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe áirithe agus ar ghabháil dóibh, tá sé riachtanach, dá bhrí sin, cur chuige coiteann a bhunú ar leibhéal an Aontais, rud a áiritheoidh nach nglacfar bearta díréireacha.

(6)Sa Teachtaireacht uaidh an 28 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal Upgrading the Single market: more opportunities for people and businesses [An margadh aonair a uasghrádú: tuilleadh deiseanna don phobal agus do ghnólachtaí] 25 , shainaithin an Coimisiún go raibh gá ann le creat anailíseach comhréireachta a ghlacadh do na Ballstáit lena úsáid nuair atá siad ag déanamh athbhreithniú ar rialálaithe gairme atá ann cheana nó atá siad ag moladh cinn nua.

(7)Ba cheart na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo a bheith bainteach leis na gairmeacha rialáilte a thagann faoi raon feidhme Threoir 2005/36/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo de bhreis ar Threoir 2005/36/CE agus gan dochar d'fhorálacha eile a leagtar síos i ngníomh ar leith ón Aontas lena mbaineann rochtain ar ghairm rialáilte ar leith agus cleachtadh gairme rialáilte ar leith.

(8)Ba cheart do na Ballstáit bheith in ann dul i muinín creat coiteann rialála atá bunaithe ar choincheapa dlíthiúla atá sainmhínithe go soiléir maidir leis na bealaí éagsúla inar féidir gairm a rialáil ar fud an Aontais. Tá roinnt bealaí ann inar féidir gairm a rialáil, mar shampla trí rochtain ar ghníomhaíocht ar leith nó tabhairt faoi ghníomhaíocht ar leith a theorannú do na daoine sin ag a bhfuil cáilíocht ghairmiúil. D'fhéadfaí forálacha náisiúnta a úsáid freisin chun ceann amháin de na bealaí ina dtugtar faoi ghairm a rialáil trí choinníollacha a leagan síos le haghaidh teidil ghairmiúla a úsáid.

(9)Is ar na Ballstáit a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaca le húdar agus le comhréireacht. Na cúiseanna a bhféadfadh an Ballstát iad a agairt trí bhíthin údar a thabhairt, ba cheart anailís ar oiriúnacht agus comhréireacht an bhirt a ghlac an Stát sin agus fianaise shonrach a thugann bunús lena argóintí a bheith ag gabháil leo.

(10)Is cuí faireachán a dhéanamh, ar bhonn rialta agus le minicíocht atá oiriúnach don rialáil lena mbaineann, ar chomhréireacht na bhforálacha lena gcuirtear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu. Ní hé amháin gur cheart an tathbhreithniú ar chomhréireacht na reachtaíochta sriantaí náisiúnta i réimse na ngairmeacha rialáilte a bheith bunaithe ar chuspóir na reachtaíochta sin tráth a glactha, ach ba cheart é a bheith bunaithe freisin ar éifeachtaí na reachtaíochta, agus iad measúnaithe tar éis a glactha. Ba cheart an measúnú ar chomhréireacht na reachtaíochta náisiúnta a bheith bunaithe ar fhorbairtí ar aimsíodh gur tharla siad sa réimse ón uair a glacadh an reachtaíocht i leith.

(11)Ba cheart do na Ballstáit measúnuithe comhréireachta a dhéanamh ar bhealach oibiachtúil neamhspleách, lena náirítear cumhacht a thabhairt do chomhlacht gairmiúil ar leith gairm a rialáil go hindíreach i gcás ina rialáiltear an ghairm sin go hindíreach. Go háirithe, cé go bhféadfadh go gcabhródh an measúnú leis na húdaráis áitiúla, na comhlachtaí rialála nó na heagraíochtaí gairmiúla, atá níos gaire do na dálaí áitiúla agus a bhfuil saineolas acu ar an réimse lena mbaineann, sainaithint a dhéanamh ar an mbealach is fearr le freastal ar chuspóirí leas an phobail a chomhlíonadh i gcásanna áirithe, tá údar imní ar leith ann i gcásanna ina dtéann an rogha beartais a rinne na húdaráis nó na comhlachtaí sin chun tairbhe d'oibreoirí seanbhunaithe agus chun aimhleasa iontrálaithe nua sa mhargadh.

(12)I gcásanna ina bhfuil tabhairt faoi ghníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe áirithe agus a nglacadh ag brath ar fhorálacha áirithe a bhaineann le cáilíochtaí gairmiúla sonracha a leagann na Ballstáit síos go díreach nó go hindíreach a chomhlíonadh, tá sé riachtanach a áirithiú go bhfuil údar leis na forálacha sin i ngeall ar chuspóirí leas an phobail, amhail na cuspóirí sin de réir bhrí an Chonartha, mar atá an beartas poiblí, an tslándáil phoiblí agus an tsláinte phoiblí, nó i ngeall ar chúiseanna sáraitheacha leasa ghinearálta atá aitheanta amhlaidh i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais. Tá sé tábhachtach a áirithiú go sainaithnítear cuspóirí leas an phobail go leordhóthanach chun gur féidir déine na rialála a dhéanamh amach. Chun ardleibhéal cosanta a áirithiú don tsláinte phoiblí, mar shampla, ba cheart do na Ballstáit lánrogha áirithe a bheith acu chun a chinneadh cá mhéad cosanta ba mhaith leo a thabhairt don tsláinte phoiblí agus cén dóigh a mbainfear an chosaint sin amach. Is gá a shoiléiriú freisin go bhfuil siad seo a leanas i measc na gcúiseanna sáraitheacha leasa ghinearálta atá aitheanta ag an gCúirt Bhreithiúnais: cothromaíocht airgeadais an chórais slándála sóisialaí a chaomhnú; cosaint tomhaltóirí, faighteoirí seirbhísí agus oibrithe; coimirce chuí-riaradh an cheartais; cothroime na nidirbheart trádála; calaois a chomhrac agus imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc; sábháilteacht ar bhóithre; cosaint an chomhshaoil agus na timpeallachta uirbí; sláinte ainmhithe; maoin intleachtúil; cosaint agus caomhnú na hoidhreachta stairiúla agus ealaíonta náisiúnta, cuspóirí beartais shóisialta agus cuspóirí beartais chultúir. De réir an chásdlí shocraithe, ní féidir le cúiseanna eacnamaíocha amháin ag a bhfuil aidhm chosantaíoch go bunúsach ná cúiseanna is cúiseanna riaracháin amháin, amhail rialuithe a dhéanamh nó staitisticí a bhailiú, a bheith ina gcúiseanna sáraitheacha leasa ghinearálta.

(13)I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát gairm a rialáil nó rialacha atá ann cheana a leasú, ba cheart cineál na rioscaí a bhaineann le cuspóirí leas an phobail atá á saothrú a chur san áireamh, go háirithe na rioscaí do thomhaltóirí, do ghairmithe nó do thríú páirtithe. Ba cheart a chur san áireamh freisin gur gnách a bhíonn neamhshiméadracht faisnéise ann idir tomhaltóirí agus gairmithe i réimse na seirbhísí gairmiúla. Taispeánann gairmithe ardleibhéal eolais theicniúil a d'fhéadfadh a bheith in easnamh i measc tomhaltóirí agus, dá bhrí sin, tá sé doiligh do thomhaltóirí cáilíocht na seirbhísí a chuirtear ar fáil dóibh a mheas.

(14)Chun freastal ar riachtanas na comhréireachta, ba cheart an beart a bheith oiriúnach do ghnóthú an chuspóra atá á shaothrú. Níor cheart beart a mheas a bheith oiriúnach do ghnóthú an chuspóra atá á shaothrú ach amháin i gcás inarb é is fíoraidhm dó an cuspóir sin a ghnóthú ar bhealach comhsheasmhach córasach, mar shampla i gcás ina dtugtar aghaidh ar rioscaí den chineál céanna a bhaineann le gníomhaíochtaí áirithe ar bhealach inchomparáide agus ina gcuirtear díolúintí ó na srianta lena mbaineann i bhfeidhm ar aon dul leis an gcuspóir sonraithe. Ina theannta sin, ba cheart an beart náisiúnta cur le gnóthú an chuspóra atá á shaothrú agus, dá bhrí sin, níor cheart é a mheas a bheith oiriúnach i gcás nach bhfuil aon éifeacht aige ar fhoras an réasúnaithe.

(15)Níor cheart ceanglais atá nasctha le cáilíochtaí gairmiúla a mheas a bheith riachtanach ach amháin i gcás nach féidir bearta atá ann cheana, amhail an dlí um chosaint tomhaltóirí, a mheas a bheith oiriúnach ná éifeachtach dáiríre don aidhm atá á saothrú a bhaint amach.

(16)Is iad seo na heilimintí is mó ábharthacht i measc na neilimintí atá le cur san áireamh ag údaráis náisiúnta: an nasc idir raon na ngníomhaíochtaí gairmiúla a chumhdaítear le gairm agus an cháilíocht ghairmiúil a theastaíonn; castacht na gcúraimí, go háirithe maidir le leibhéal, cineál agus fad na hoiliúna nó na taithí a theastaíonn; bealaí difriúla a bheith ann chun an cháilíocht ghairmiúil a ghnóthú; raon na ngníomhaíochtaí gairmiúla atá forchoimeádta do shealbhóirí cáilíochta gairmiúla ar leith agus go háirithe cé acu is féidir nó nach féidir na gníomhaíochtaí atá forchoimeádta do ghairmithe áirithe a chomhroinnt le gairmithe eile; an méid neamhspleáchais atá ann nuair atá gairm rialáilte á cleachtadh, go háirithe i gcás ina dtugtar faoi na gníomhaíochtaí a bhaineann le gairm rialáilte faoi rialú gairmí atá cáilithe go cuí agus faoi fhreagracht an duine sin.

(17)I gcás ina rialálann Ballstát gairm, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfíric go bhféadfadh forbairtí teicneolaíochta neamhshiméadracht na faisnéise atá ann idir tomhaltóirí agus gairmithe a laghdú. Ag féachaint do luas an athraithe teicneolaíochta agus an dul chun cinn eolaíochta, d'fhéadfadh go mbainfeadh tábhacht ar leith le nuashonruithe ar cheanglais rochtana i gcás roinnt gairmeacha.

(18)Tionchar eacnamaíoch an bhirt, lena náirítear anailís costais is tairbhe, ina dtugtar aird ar leith ar mhéid an iomaíochais sa mhargadh agus ar cháilíocht na seirbhíse atá á cur ar fáil, agus an tionchar a bheidh ann ar an gceart chun obair agus ar an tsaorghluaiseacht daoine agus seirbhísí san Aontas, ba cheart do na húdaráis inniúla aird chuí a thabhairt orthu. Ba cheart do na Ballstáit a fháil amach go háirithe, bunaithe ar an anailís sin, cé acu atá nó nach bhfuil méid an tsrianta le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu laistigh den Aontas comhréireach le tábhacht na gcuspóirí atá á saothrú agus leis na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo.

(19)Ba cheart do na Ballstáit comparáid a dhéanamh idir an beart náisiúnta atá i gceist agus réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh sriantach céanna lena néascófaí gnóthú an chuspóra chéanna agus lena bhforchuirfí níos lú srianta. I gcásanna ina bhfuil údar leis na bearta chun críche tomhaltóirí a chosaint agus ina bhfuil na rioscaí sainaitheanta teoranta don chaidreamh idir an gairmí agus an tomhaltóir gan drochthionchar a imirt ar thríú páirtithe, d’fhéadfaí an cuspóir a ghnóthú trí mhodhanna nach bhfuil chomh sriantach céanna seachas gníomhaíochtaí a theorannú do ghairmithe, amhail cosaint an teidil ghairmiúil nó clárú ar chlár gairmiúil. Níor cheart rialáil trí bhíthin gníomhaíochtaí forchoimeádta a úsáid ach amháin i gcásanna ina bhfuil sé mar aidhm leis na bearta cosc a chur leis an riosca go ndéanfaí dochar tromchúiseach do chuspóirí leas an phobail.

(20)Ba cheart do na húdaráis náisiúnta measúnú domhanda a dhéanamh ar na himthosca ina ndéantar an beart sriantach a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus ba cheart dóibh scrúdú a dhéanamh go háirithe ar an éifeacht charnach a bheadh ag roinnt ceanglas a fhorchur de bhreis ar an gcáilíocht ghairmiúil shonrach. D’fhéadfadh go mbeadh glacadh gníomhaíochtaí áirithe agus tabhairt fúthu ag brath ar fhorálacha áirithe a chomhlíonadh, amhail rialacha a bhaineann le heagrú na gairme, ballraíocht éigeantach de chomhlacht gairmiúil, eitic ghairmiúil, maoirseacht agus dliteanas. Le linn dóibh éifeacht charnach na mbeart a mheasúnú, mar sin, ba cheart do na húdaráis inniúla ceanglais eile atá ann cheana a chur san áireamh, amhail forbairt ghairmiúil leanúnach, ballraíocht éigeantach de chomhlachas, scéimeanna clárúcháin nó údarúcháin, srianta cainníochtúla, ceanglais shonracha maidir le foirm dhlíthiúil agus ceanglais maidir le scairshealbhóireacht, srianta críche, srianta ildisciplíneacha agus rialacha neamh-chomhoiriúnachta, ceanglais maidir le cumhdach árachais agus ceanglais maidir le heolas ar theangacha, a mhéid is gá chun an ghairm a chleachtadh. Ní fhéadfar beart a thugann Ballstát isteach a mheas a bheith riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a ghnóthú más rud é go ndúblálann sé go bunúsach ceanglais a tugadh isteach cheana féin maidir le rialacha nó nósanna imeachta eile.

(21)Chun feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, is gá a áirithiú go soláthraíonn na Ballstáit faisnéis do shaoránaigh, do chumainn ionadaíocha nó do pháirtithe leasmhara ábhartha eile sula dtabharfaidh siad bearta nua isteach lena gcuirfear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu agus go dtugann siad deis dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl ina leith.

(22)Chun malartú an dea-chleachtais a éascú, ba cheart do gach Ballstát spreagadh a thabhairt do na húdaráis inniúla ábhartha faisnéis atá leordhóthanach agus a nuashonraítear go rialta a chomhroinnt le Ballstáit eile maidir le rialáil gairmeacha.

(23)Chun trédhearcacht a mhéadú agus measúnuithe comhréireachta a chur chun cinn bunaithe ar chritéir inchomparáide, tá sé tábhachtach gurb ann do rochtain réidh i mbunachar sonraí na ngairmeacha rialáilte ar an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit isteach chun go mbeidh gach páirtí leasmhar in ann a gcuid tuairimí a chur in iúl.

(24)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit gnóthú leordhóthanach a dhéanamh ar chuspóirí na Treorach seo, mar atá srianta díréireacha le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu a bhaint, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge an bhirt, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis sa Treoir seo rialacha maidir le creat coiteann chun measúnú comhréireachta a dhéanamh sula dtabharfar forálacha nua reachtacha, rialála nó riaracháin isteach lena gcuirfear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu, nó sula leasófar forálacha den sórt sin atá ann cheana, d'fhonn feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le ceanglais faoi chórais dlí na mBallstát lena gcuirtear srian le rochtain ar ghairm rialáilte nó le tabhairt fúithi, nó le ceann de na modhanna le tabhairt fúithi, lena náirítear úsáid na dteideal gairmiúil agus na gníomhaíochtaí gairmiúla a cheadaítear faoi theideal den sórt sin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2005/36/CE.

2.I gcás ina mbunaítear socruithe sonracha maidir le rialáil gairme ar leith le gníomh ar leithligh de chuid an Aontais, ní bheidh feidhm ag na forálacha comhfhreagracha den Treoir seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, beidh feidhm ag sainmhínithe Threoir 2005/36/CE.

Ina dteannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)Ciallaíonn "teideal gairmiúil faoi chosaint" modh chun gairm a rialáil i gcás ina bhfuil úsáid an teidil i ngníomhaíocht ghairmiúil nó i ngrúpa gníomhaíochtaí gairmiúla faoi réir cáilíocht ghairmiúil ar leith sa réimse ábhartha, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, de bhua forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin, agus i gcás ina bhfuil úsáid mhíchuí an teidil sin faoi réir smachtbhannaí nó bearta eile.

(b)Ciallaíonn "gníomhaíochtaí forchoimeádta" modh chun gairm a rialáil i gcás ina bhfuil an rochtain ar ghníomhaíocht ghairmiúil nó ar ghrúpa gníomhaíochtaí gairmiúla forchoimeádta do bhaill de ghairm rialáilte, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, de bhua forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin, lena náirítear i gcás ina gcomhroinntear an ghníomhaíocht le gairmeacha rialáilte eile.

Airteagal 4

Measúnú ex-ante ar bhearta nua

1.Sula dtabharfaidh siad forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin nua isteach lena gcuirfear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu, nó sula leasóidh siad forálacha den sórt sin atá ann cheana, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha measúnú ar a gcomhréireacht de réir na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo.

2.Beidh ráiteas mionsonraithe trínar féidir comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta a mheas ag gabháil le foráil ar bith dá dtagraítear i mír 1.

3.Beidh fianaise cháilíochtúil agus, nuair is féidir, fianaise chainníochtúil mar thaca leis na cúiseanna lena mheas gur riachtanach agus comhréireach atá foráil agus go bhfuil údar léi.

4.Déanfaidh na Ballstáit faireachán, ar bhonn rialta agus le minicíocht atá oiriúnach don rialáil lena mbaineann, ar chomhréireacht na bhforálacha reachtacha, rialála nó riaracháin lena gcuirtear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu, agus aird chuí á tabhairt ar aon fhorbairtí a tharla ón uair a glacadh an beart lena mbaineann i leith.

5.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur ar bhealach oibiachtúil neamhspleách a dhéantar an measúnú ar chomhréireacht dá dtagraítear i mír 1, lena náirítear trí ról a thabhairt do chomhlachtaí neamhspleácha grinnscrúdúcháin sa mheasúnú.

Airteagal 5

Údar a thabhairt ar fhorais chuspóirí leas an phobail

1.Maidir leis na forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin atá beartaithe acu a thabhairt sin chun srian a chur le gairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu agus maidir leis na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar fhorálacha atá ann cheana, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil cuspóirí leas an phobail mar údar leo.

2. Déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha breithniú ar leith ar cé acu atá nó nach bhfuil údar oibiachtúil leis na forálacha sin ar bhonn an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí nó ar chúiseanna sáraitheacha le leas an phobail, amhail cothromaíocht airgeadais an chórais slándála sóisialaí a chaomhnú; cosaint tomhaltóirí, faighteoirí seirbhísí agus oibrithe; coimirce chuí-riaradh an cheartais; cothroime na nidirbheart trádála; calaois a chomhrac agus imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc; sábháilteacht ar bhóithre; cosaint an chomhshaoil agus na timpeallachta uirbí; sláinte ainmhithe; maoin intleachtúil; cosaint agus caomhnú na hoidhreachta stairiúla agus ealaíonta náisiúnta; cuspóirí beartais shóisialta agus cuspóirí beartais chultúir.

3.Ní bheidh forais lena mbaineann cineál eacnamaíoch amháin agus ag a bhfuil aidhm chosantaíoch nó éifeachtaí cosantaíocha go bunúsach ná cúiseanna is cúiseanna riaracháin amháin ina gcúiseanna sáraitheacha le leas an phobail lena dtugtar údar le srian a chur le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu.

Airteagal 6

Comhréireacht

1.Sula dtabharfaidh siad forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin nua isteach lena gcuirfear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu nó sula leasóidh siad forálacha den sórt sin atá ann cheana, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go bhfuil na forálacha sin riachtanach agus oiriúnach do ghnóthú an chuspóra atá á shaothrú agus nach dtéann siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

2.Le linn dóibh riachtanas agus comhréireacht na bhforálacha a mheasúnú, déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha breithniú ar na nithe seo go háirithe:

(a)cineál na rioscaí a bhaineann le cuspóirí leas an phobail atá á saothrú, go háirithe na rioscaí do thomhaltóirí, do ghairmithe nó do thríú páirtithe;

(b)oiriúnacht na forála maidir lena hoiriúnacht don chuspóir atá á shaothrú a ghnóthú agus cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh a léirítear inti dáiríre an cuspóir sin ar bhealach comhsheasmhach córasach agus a thugtar aghaidh léi, dá bhrí sin, ar na rioscaí sainaitheanta ar bhealach atá cosúil leis an mbealach a thugtar aghaidh orthu i gcás gníomhaíochtaí inchomparáide;

(c)riachtanas na forála agus go háirithe cé acu is leor nó nach leor na rialacha sonracha nó ginearálta atá ann cheana, amhail an reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirgí nó an dlí maidir le cosaint tomhaltóirí, chun an cuspóir atá á shaothrú a chosaint;

(d)an nasc idir raon na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear le gairm nó atá forchoimeádta di agus an cháilíocht ghairmiúil a theastaíonn;

(e)an nasc idir castacht na gcúraimí agus an tseilbh riachtanach ar cháilíochtaí gairmiúla sonracha, go háirithe maidir le leibhéal, cineál agus fad na hoiliúna nó na taithí a theastaíonn, mar aon le bealaí difriúla a bheith ann chun an cháilíocht ghairmiúil a ghnóthú;

(f)raon na ngníomhaíochtaí gairmiúla atá forchoimeádta do shealbhóirí cáilíochta gairmiúla ar leith, amhail cé acu is féidir nó nach féidir na gníomhaíochtaí atá forchoimeádta do ghairmeacha áirithe a chomhroinnt le gairmeacha eile agus cén fáth ar féidir nó nach féidir déanamh amhlaidh;

(g)an méid neamhspleáchais atá ann nuair atá gairm rialáilte á cleachtadh agus an tionchar atá ag socruithe eagrúcháin agus maoirseachta ar ghnóthú an chuspóra atá á shaothrú, go háirithe i gcás ina dtugtar faoi na gníomhaíochtaí a bhaineann le gairm rialáilte faoi rialú gairmí atá cáilithe go cuí agus faoi fhreagracht an duine sin;

(h)na forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta a d'fhéadfadh neamhshiméadracht na faisnéise idir gairmithe agus tomhaltóirí a laghdú;

(i)tionchar eacnamaíoch an bhirt, agus aird ar leith á tabhairt ar mhéid an iomaíochais sa mhargadh agus ar cháilíocht na seirbhíse atá á cur ar fáil, agus an tionchar a bheidh ann ar an tsaorghluaiseacht daoine agus seirbhísí san Aontas;

(j)an fhéidearthacht a bhaineann le modhanna nach bhfuil chomh sriantach céanna a úsáid chun cuspóir leas an phobail a ghnóthú;

(k)an éifeacht charnach atá ag srianta ar rochtain ar an ngairm agus ar thabhairt fúithi, go háirithe conas a chuireann gach ceann de na ceanglais sin le baint amach an chuspóra chéanna maidir le leas an phobail agus cé acu atá nó nach bhfuil sé riachtanach chun déanamh amhlaidh.

3.Chun críocha mhír 2(j), i gcásanna ina bhfuil údar leis na bearta chun críche tomhaltóirí a chosaint agus ina bhfuil na rioscaí sainaitheanta teoranta don chaidreamh idir an gairmí agus an tomhaltóir gan drochthionchar a imirt ar thríú páirtithe, déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha measúnú go háirithe ar cé acu is féidir nó nach féidir an cuspóir a ghnóthú trí bhíthin teideal gairmiúil faoi chosaint gan gníomhaíochtaí a theorannú.

4.Chun críocha mhír 2(k), déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha measúnú go háirithe ar an éifeacht charnach a bheidh ag ceann ar bith de na ceanglais seo a leanas a fhorchur:

(a)gníomhaíochtaí forchoimeádta, atá i bhfeidhm i dteannta teideal gairmiúil faoi chosaint;

(b)ceanglais forbartha gairmiúla leanúnaí;

(c)rialacha a bhaineann le heagrú na gairme, le heitic ghairmiúil agus le maoirseacht;

(d)ballraíocht éigeantach de chomhlachas, scéimeanna clárúcháin nó údarúcháin, go háirithe i gcás ina dtugann an méid sin le fios go bhfuil cáilíocht ghairmiúil ar leith ag duine;

(e)srianta cainníochtúla, go háirithe ceanglais lena gcuirtear teorainn le líon na núdaruithe chun cleachtadh nó ceanglais lena socraítear íoslíon nó uaslíon fostaithe, bainisteoirí nó ionadaithe a bhfuil cáilíochtaí gairmiúla ar leith acu;

(f)ceanglais shonracha maidir le foirm dhlíthiúil nó ceanglais a bhaineann le scairshealbhóireacht nó bainistiú cuideachta, sa mhéid agus atá na ceanglais sin nasctha go díreach le cleachtadh na gairme rialáilte;

(g)srianta críochúla, go háirithe i gcás ina rialáiltear an ghairm ar bhealach eile in áiteanna eile ar chríoch Ballstáit;

(h)ceanglais lena gcuirtear srian le gairm rialáilte a chleachtadh i gcomhar nó i gcomhpháirt, mar aon le rialacha neamh-chomhoiriúnachta;

(i)ceanglais a bhaineann le cumhdach árachais nó modhanna eile dliteanais ghairmiúil phearsanta nó chomhchoitinn;

(j)ceanglais maidir le heolas ar theangacha, sa mhéid is gá chun an ghairm a chleachtadh.

Airteagal 7

Faisnéis do pháirtithe leasmhara agus a rannpháirtíocht

Tabharfaidh na Ballstáit eolas ar bhealach cuí do shaoránaigh, d'fhaighteoirí seirbhísí, do chumainn ionadaíocha agus do pháirtithe leasmhara ábhartha nach baill den ghairm iad sula dtabharfaidh siad forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin nua isteach lena gcuirfear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu, nó sula leasóidh siad forálacha den sórt sin atá ann cheana, agus tabharfaidh siad deis dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl ina leith.

Airteagal 8

Malartú faisnéise idir údaráis inniúla

1.Chun críocha chur i bhfeidhm éifeachtach na Treorach seo, spreagfaidh na Ballstáit, sula dtabharfaidh siad forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin nua isteach lena gcuirfear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le tabhairt fúthu, nó sula leasóidh siad forálacha den sórt sin atá ann cheana, spreagfaidh siad, ar bhonn rialta nó, nuair is cuí, ar bhonn ad hoc, an malartú faisnéise le húdaráis inniúla de chuid Ballstáit eile faoi ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo, amhail an bealach ar leith ina rialálann siad gairm nó éifeachtaí na rialála a shainaithnítear in earnálacha gníomhaíochtaí den chineál céanna.

2.Tabharfaidh na Ballstáit eolas don Choimisiún faoi na húdaráis inniúla atá freagrach as faisnéis a tharchur agus a fháil chun críocha mír 1 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 9

Trédhearcacht

1.Na cúiseanna lena mheas gur riachtanach agus comhréireach atá forálacha a mheasúnaítear de réir na Treorach seo agus go bhfuil údar leo, ar forálacha iad a chuirtear in iúl don Choimisiún de bhun mhíreanna 5 agus 6 d'Airteagal 59 de Threoir 2005/36/CE, taifeadfaidh na húdaráis inniúla ábhartha iad i mbunachar sonraí na ngairmeacha rialáilte, dá dtagraítear i mír 1 d'Airteagal 59 de Threoir 2005/36/CE agus cuirfidh an Coimisiún in iúl don phobal iad ina dhiaidh sin.

2.Féadfaidh na Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile tuairimí a chur in iúl don Choimisiún nó don Bhallstát a thug fógra faoi na forálacha.

Airteagal 10

Athbhreithniú

1.Faoin 18 Eanáir 2024 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmíocht na Treorach seo, lena náirítear a raon feidhme agus a héifeachtacht, i measc nithe eile.

2.Nuair is cuí, beidh tograí ábhartha ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 11

Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin  ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Airteagal 13

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) https://ec.europa.eu/priorities/index_en .
(2) http://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2016/06/28-euco-conclusions/ .
(3) https://ec.europa.eu/growth/single-market_en .
(4) féach Cásanna C-340/89 Vlassopoulou agus C-55/94 Gebhard.
(5) Tugtar míniú níos iomláine sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an doiciméad seo ar an bpointe seo a leanas: cé gur trasuíodh an treoir beagnach aon bhliain ó shin, níor seoladh thart ar aon trian de na measúnuithe comhréireachta go fóill. Maidir leis na measúnuithe sin a fuarthas, thángthas ar an gcinneadh i 70% de chásanna cúrsaí a choinneáil mar atá, bunaithe ar na measúnuithe neamhleora a seoladh.
(6) Tuarascáil Eacnamaíoch Rialálaí an Bhainc Dhomhanda, Fómhar 2016: Growth, Jobs and Integration: Services to the Rescue [Fás, poist agus comhtháthú: réiteach na faidhbe ag an earnáil seirbhísí, http://www.worldbank.org/en/region/eca/publication/eurer .
(7) Measuring Prevalence and Labour Market impacts of Occupational Regulation in the EU [Leitheadúlacht agus an tionchar a bhíonn ag rialáil gairmeacha ar an mhargadh saothair a thomhas], Maria Koumenta, Queen Mary University of London agus Mario Pagliero, Collegio Carlo Alberto Torino.
(8)

   Mar shampla, féach COM(2013)676; The Cost of Non-Europe in the Single Market for services [An costas a bheadh ar an margadh aonair do sheirbhísí in éagmais an Aontais], Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, 2014; Estimation of service sector mark-ups determined by structural reform Indicators[Meastachán ar na harduithe san earnáil seirbhísí arna gcinneadh ag táscairí um athchóiriú struchtúrach], an Coimisiún Eorpach, 2015; Regulatory heterogeneity as obstacle for international services trade [An ilchineálacht rialála mar bhacainn ar thrádáil seirbhísí idirnáisiúnta], H. Kox, A. Lehour, 2005; The discriminatory effect of domestic regulations on international services trade: evidence from firm-level data [Éifeacht idirdhealaitheach rialálaithe baile ar thrádáil seirbhísí idirnáisiúnta] , EFIGE, 2012; Business services – Assessment of Barriers and their Economic Impact [Seirbhísí gnó –measúnú ar bhacainní agus ar an tionchar atá acu ar an Eoraip], an Coimisiún Eorpach, 2015; The Economic Impact of Professional Services Liberalisation [Tionchar eacnamaíoch léirscaoileadh na seirbhísí gairmiúla], an Coimisiún Eorpach, 2014, http://ec.europa.eu/economy_finance/publications/economic_paper/2014/pdf/ecp533_en.pdf

(9)     http://ec.europa.eu/growth/tools-databases/newsroom/cf/itemdetail.cfm?item_id=9018   
(10) Ibid.
(11) Ibid.
(12)

   Conclúidí ón gComhairle maidir le beartas an mhargaidh aonair an 2–3 Márta 2015  http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-6197-2015-INIT/en/pdf

(13) http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-6622-2016-INIT/en/pdf .
(14) http://www.consilium.europa.eu/en/meetings/european-council/2016/06/28-29/ .
(15) Féach an measúnú tionchair a ghabhann leis an doiciméad seo.
(16) Is é an cleachtas a bhfuil glacadh leis i gcásanna den sórt sin na freagraí eagraithe a chomhaireamh mar fhreagra amháin.
(17) http://www.oecd.org/eco/growth/OECD-2015-The-future-of-productivity-book.pdf .
(18) http://ec.europa.eu/growth/tools-databases/newsroom/cf/itemdetail.cfm?item_id=9018
(19) M. Koumenta agus M. Pagliero (2016), "Measuring Prevalence and Labour Market Impacts of Occupational Regulation in the EU". Féach: http://ec.europa.eu/DocsRoom/documents/20362 .
(20) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo (SWD(2016) 463).
(21) IO C , , lch. .
(22) IO C , , lch. .
(23) Cás C-55/94 Reinhard Gebhard v Consiglio dell’Ordine degli Avvocati e Procuratori di Milano [1995] ECR I-4165.
(24) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
(25) COM(2015) 550 final.
Top