Tämä asiakirja on ote EUR-Lex-verkkosivustolta
Asiakirja 52011PC0828
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the establishment of rules and procedures with regard to the introduction of noise-related operating restrictions at Union airports within a Balanced Approach and repealing Directive 2002/30/EC of the European Parliament and of the Council
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibríochta atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibríochta atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
/* COIM/2011/0828 leagan deireanach - 2011/0398 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibríochta atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle /* COIM/2011/0828 leagan deireanach - 2011/0398 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.
Comhthéacs an togra
1.
Tá torann ag aerfoirt nó mórthimpeall aerfort ina
chrá ag níos mó agus níos mó de shaoránaigh na hEorpa, go háirithe istoíche,
mar a thugtar le fios i dTábla 1 thíos. Tá gá, dá bhrí sin, le straitéis
ghníomhach bainistíochta torainn chun na héifeachtaí míchuibhiúla a mhaolú. Ní
mór do straitéis torainn den sórt sin, áfach, leasanna na ndaoine a ndéanann an
torann difear dóibh a chur i gcothromaíocht go cúramach le leasanna eile agus
an tionchar iarmhartach ar acmhainn an líonra eitlíochta iomláin a chur san
áireamh go cuí. Tábla 1: Réamhaisnéisí ón Eagraíocht
Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) ar líon na ndaoine a ndéanann torann
difear dóibh (sna milliúin) san Eoraip – gan feabhsuithe mór oibríochta agus teicneolaíochta[1] Leibhéal torainn/Bliain || 2006 || 2016 || 2026 || 2036 > 55 DNL || 2.63 || 3.47 || 4.48 || 5.79 > 60 DNL || 0.799 || 1.14 || 1.53 || 2.12 > 65 DNL || 0.23 || 0.32 || 0.43 || 0.66 2.
Má thugtar isteach srianta oibríochta, d’fhéadfadh
sé tionchar mór a imirt ar ghnó agus ar oibríochtaí, ós rud é go gcuirtear
srian ar an rochtain a fhaightear ar aerfort. Dá bhrí sin, ba cheart don
phróiseas trína ndéantar cinneadh faoi shrianta oibríochta atá bainteach le
torann a bheith comhsheasmhach, láidir agus bunaithe ar fhianaise le go mbeidh
glacadh ag na geallsealbhóirí uile leis. 3.
D’fhonn cur chuige comhsheasmhach a áirithiú
maidir le bearta laghdaithe torainn a chur i bhfeidhm ag aerfoirt, ghlac an
ICAO roinnt prionsabal agus treoraíocht atá mar bhunús leis an “Cur Chuige
Cothrom” maidir le bainistiú torainn, trína spreagtar Stáit Chonarthacha an
ICAO: ·
torann eitlíochta a mhaolú tríd an meascán áitiúil
is fearr a roghnú as measc réimse beart (1) lena laghdaítear an torann ag an
bhfoinse (trí aerárthaí níos ciúine a úsáid), (2) lena mbaintear an úsáid is
fearr as talamh (an talamh i gcomharsanacht aerfort a phleanáil agus a
bhainistiú), (3) lena dtugtar isteach nósanna imeachta oibríochta laghdaithe
torainn (trí rúidbhealaí, bealaí nó nósanna imeachta sonracha a úsáid), agus
(4) lena bhforchuirtear srianta oibríochta atá bainteach le torann (amhail
toirmeasc istoíche nó aerárthaí níos callánaí a tharraingt siar de réir a
chéile). ·
an réimse beart is cost-éifeachtúlaí a roghnú. ·
gan srianta oibríochta atá bainteach le torann a
thabhairt isteach, murar acmhainn don údarás, ar bhonn staidéir agus
comhairliúcháin, a chinneadh an bhfuil fadhb torainn ann agus a chinneadh gur
modh cost-éifeachtúil é srian oibríochta chun déileáil leis an bhfadhb. 4.
Is é is cuspóir don Rialachán seo srianta
oibríochta atá bainteach le torann a chur i bhfeidhm faoin gCur Chuige Cothrom
san AE ar shlí chomhsheasmhach a laghdódh go mór an baol atá ann le díospóidí
idirnáisiúnta i gcás ina n-imreodh bearta laghdaithe torainn ag aerfoirt an
Aontais tionchar ar iompróirí tríú tíortha. Lena chois sin, is iad na
húdaráis inniúla is fearr a fhéadfaidh na haerárthaí is callánaí sa loingeas a
tharraingt siar de réir a chéile. Leis an rialachán atá beartaithe,
aisghairfear Treoir 2002/30/CE a bhí ina siocair le críoch a chur le díospóid
idirnáisiúnta agus leag sí síos na chéad chéimeanna maidir le beartais
bhainistíochta torainn a chomhchuibhiú, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar
na haerárthaí ba challánaí a bhí ann an uair sin. Mar sin féin, is gá an
ionstraim sin a oiriúnú do na riachtanais atá ag an gcóras eitlíochta faoi
láthair agus d’fhadhb an torainn atá ag dul in olcas. 5.
Áiritheofar leis an rialachán seo go mbeidh an
próiseas measúnaithe torainn níos láidre. Déanfar gach céim den
phróiseas measúnaithe a shoiléiriú le go n-áiritheofar go gcuirfear an cur
chuige cothrom i bhfeidhm ar fud an Aontais ar shlí níos comhsheasmhaí. Ní
leagtar síos, áfach, leis an togra seo cuspóirí cáilíochta torainn agus is ó na
rialacha náisiúnta agus áitiúla atá ann a thig na cuspóirí sin i gcónaí. Ina
ionad sin, tá sé dírithe ar chóras a éascóidh na spriocanna cáilíochta torainn
sin a bhaint amach sa tslí is cost-éifeachtúla. 6.
Ar leibhéal an ICAO, tacaíonn an AE go gníomhach le
forbairt caighdeán úr torainn le haghaidh aerárthaí agus infheistíonn sé i
dteicneolaíochtaí nua trí Chláir Réime agus tríd an tionscadal Clean Sky[2]. Ach is inniúlacht
náisiúnta nó áitiúil í pleanáil na talamhúsáide, mar aon leis na cláir inslithe
agus chúitimh a bhaineann léi. 7.
Tá nósanna imeachta laghdaithe torainn in úsáid i
ngach aerfort i bhfoirmeacha éagsúla: bealaí tosaíochta torainn (nuair a
eitlíonn aerárthaí os cionn na limistéar is lú daonra mar shampla), bainistiú
sá (le sá méadaithe cruthaítear níos mó torainn ach is féidir leis an
aerárthach ardú ag uillinn níos géire) nó bearta sonracha ar an talamh (e.g.
inleadh sonrach nó rúidbhealaí sonracha a úsáid). Rannchuidíonn an AE
trí reachtaíocht an Aerspáis Eorpaigh Aonair, atá dírithe ar spriocanna
feidhmíochta a shocrú le haghaidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta i
réimse an chomhshaoil, agus trí na cláir thaighde bhainteacha SESAR agus Clean
Sky. 8.
Mar a léirítear i Léaráid 1, is nósanna
imeachta laghdaithe torainn na bearta is coitianta a chuirtear i bhfeidhm ag
aerfoirt na hEorpa. Mar sin féin, is minic freisin a úsáidtear srianta
oibríochta sa bhreis ar na bearta sin. Tugadh isteach na srianta seo a
leanas ag 224 aerfort de chuid na AE a measúnaíodh[3] mar chuid den tuarascáil seo: 116 cuirfiú[4], 52 uasteorainn torainn, 51 cás d’aerárthaí faoi shrian de
chaighdeán ‘Chaibidil 3’, 38 cuóta torainn agus 7 mbuiséad torainn. Léaráid 1:
Forléargas ar na srianta oibríochta atá bainteach le torann atá i bhfeidhm in
aerfoirt na hEorpa (AE agus neamh-AE) faoi láthair Foinse: Bunachar
sonraí Boeing
Nóta:
APU: úsáid rialáilte den aonad cumhachta cúntach (le hinnill a
thúsú);
NAP: plean gníomhaíochta torainn;
Stg3-Ch3: na haerárthaí is callánaí nach gcomhlíonann ach
seanchaighdeán torainn ICAO, mar a thuairiscítear i gCaibidil 3 den
Iarscríbhinn ábhartha ICAO, a tharraingt siar de réir a chéile. ·
Forálacha Eorpacha maidir le srianta oibríochta
a bhaineann le bainistíocht torainn 9.
Tá an togra seo dírithe ar bhunloighic Chur
Chuige Cothrom an ICAO a neartú trí nasc níos láidre a dhéanamh idir na colúin
atá ann agus trí na céimeanna éagsúla sa phróiseas cinnteoireachta a shoiléiriú
le srianta oibríochta a mheas. 10.
Tríd an gcur chuige a chur i bhfeidhm ar shlí
chomhsheasmhach, ba cheart go n-aithneofaí na réitigh is cost-éifeachtúla, a
bheidh spriocdhírithe ar na dálaí in aerfort sonrach. Déanfar an
tionchar a bheidh ag bearta laghdaithe torainn ar an líonra iomlán a chur san
áireamh go cuí sa mhodh measúnaithe. 11.
Tá feidhm ag na rialacha reatha maidir le
tuairim agus 70 aerfort Eorpach ina bhfuil níos mó ná 50 000 gluaiseacht de
scairdeitleáin fhoshonacha shibhialta in aghaidh na bliana féilire. ·
Comhsheasmhacht le beartas na heitlíochta
sibhialta agus le cuspóirí eile an Aontais 12.
Tá an tionscnamh seo comhsheasmhach le codanna eile
de bheartas eitlíochta na hEorpa agus le beartais chomhshaoil níos ginearálta. 13.
Ba cheart go bhfásfadh tionscal eitlíochta na
hEorpa ar shlí inbhuanaithe ina mbeidh na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus
comhshaoil i gcomhromaíocht chuí. D’fhéadfadh bearta maolaithe torainn tionchar
mór a imirt ar acmhainn an líonra eitlíochta ar talamh agus san aer.
Áiritheofar leis na tograí go mbeidh breis comhsheasmhachta ann idir
gníomhaíochtaí atá bainteach le torann, acmhainn aerfoirt agus riachtanais
éifeachtúlachta eitilte faoi Aerspás Eorpach Aonair, agus cur chun feidhme na rialála
feidhmíochta maidir le bainistíocht aerthráchta. Cloíonn na tograí le loighic
an chur chuige 'geata go geata'. 14.
Rannchuideoidh an togra leis na ‘Pleananna
Gníomhaíochta Náisiúnta' maidir le torann aerthráchta a bhfuil dualgas ar na
Ballstáit a ghlacadh ar bhonn Threoir 2002/49/CE a chur i gcrích.
2.
Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus na measúnuithe
tionchair
·
Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Modhanna comhairliúcháin, na
príomhearnálacha a bhfuiltear ag díriú orthu agus próifíl ghinearálta na
bhfreagróirí 15.
Is iad na geallsealbhóirí is mó a ndéanann torann
agus eitlíocht difear dóibh ná na saoránaigh sin atá ina gcónaí i
gcomharsanacht aerfort i ngrúpaí pobail áitiúla, aerfoirt, oibreoirí aerárthaí
(agus aerlasta ina nideog shonrach), monaróirí aerárthaí, údaráis áitiúla (lena
n-áirítear údaráis phleanála a dhéanann ionadaíocht ar leasanna eacnamaíocha
níos ginearálta) agus comhairlí torainn neamhspleácha. Chuathas i
ndianchomhairle leis na geallsealbhóirí seo a leanas: ·
in 2007, bhailigh an comhairleoir seachtrach na
freagraí ar na ceistneoirí, agus rinne chuir sé réimse geallsealbhóirí faoi
agallamh maidir le cur chun feidhm Threoir 2002/30/CE; ·
in 2008, d’eagraigh an Coimisiún comhairliúchán
poiblí maidir leis na bealaí ina bhféadfaí an Treoir a leasú; ·
in 2010, rinneadh teagmháil leis na geallsealbhóirí
uile a chuidigh roimhe sin leis an bpróiseas comhairliúcháin agus méadaíodh an
réimse geallsealbhóirí. Achoimre ar na freagraí 16.
Chuir na Ballstáit béim ar an ngá solúbthacht a
chaomhnú agus fadhbanna torainn á measúnú agus foráil a dhéanamh i leith
socruithe idirthréimhseacha, chun dúbailt iarrachtaí a sheachaint (e.g.
measúnuithe comhshaoil a athúsáidfear) agus an gaol idir Threoir 2002/30/CE
agus Threoir 2002/49/CE a mhionchoigeartú, le go sásfaidh na measúnuithe céanna
an dá Threoir; agus an comhthéacs idirnáisiúnta a mheas, maidir le húsáid
modhanna agus beart. 17.
Chuir ionadaithe grúpaí pobail áitiúla, eadhon the
Aviation Environment Federation (AEF) a dhéanann ionadaíocht thar ceann
grúpaí gníomhaíochta torainn agus comhshaoil ón Ríocht Aontaithe, ón bhFrainc
agus ón nGearmáin, béim ar an ngá rialáil chuí a dhéanamh (i.e. gan brath ar
threoirlínte amháin) ar bhonn tairsí cosanta torainn; ar an ról tábhachtach atá
le srianta oibríochta chun dálaí núis torainn a fheabhsú agus dreasachtaí chun
aerárthaí nua a chur in ionad na n-aerárthaí is callánaí; agus an sainmhíniú ar
aerárthaí lag-chomhlíontach a mhéadú le go mbeidh fíorthionchar aige. 18.
Mhaígh oibreoirí[5],
eadhon Cumann Aerlínte na hEorpa (AEA), a dhéanann ionadaíocht thar ceann
aerlínte oidhreachta, agus an European Express Association gur cheart
prionsabail Chur Chuige Cothrom an ICAO a chur i bhfeidhm go ceart (ar bhonn
gach aerfoirt ar leith); gur cheart srianta oibríochta a úsáid chun fadhbanna
torainn a aithníodh a mhaolú agus mar rogha dheireanach; gur cheart don mhodh
sin na bearta is cost-éifeachtúlaí a thabhairt; agus go mbeadh pleanáil na
talamhúsáide comhtháite i gcinntí maidir le srianta oibríochta. D’iarr na
hoibreoirí soiléiriú breise faoin Treoir freisin, agus d’athdhearbhaigh siad an
gá smaoineamh ar an sainmhíniú ar aerárthach lag-chomhlíontach a leasú, ar
bhonn rialála idirnáisiúnta chun saobhadh an mhargaidh a sheachaint. Dá measfaí
go raibh gá le beart rialaitheach, bhí na hoibreoirí i bhfabhar rialacháin
seachas Treorach. 19.
Mhaígh na haerfoirt[6],
faoi ionadaíocht an ACI, gur cheart raon iomlán bhearta an Chur Chuige
Chothroim a úsáid agus go bhfuil scóip ann an sainmhíniú ar aerárthach
lag-chomhlíontach a mhéadú. 20.
Rinne comhairle torainn neamhspleách na Fraince
(ACNUSA)[7]
cás gur cheart an sainmhíniú ar aerárthach lag-chomhlíontach a mhéadú, mar aon
leis na paraiméadair trína ngabhtar dearcadh na bpobal a ndéanann sé difear
dóibh, múnlaí torainn níos fearr a chruthú d’aerfoirt agus úsáid níos córasaí
nósanna imeachta oibríochta atá fabhrach ó thaobh torainn de, ar nós ‘modhanna
maidir le tuirlingt leanúnach’. 21.
Tá ról ar leith ag an tionscal aerloingseoireachta
i bhforbairt caighdeán nua torainn faoi chuimsiú mheithleacha teicniúla an ICAO
agus dírítear ar an ngá smaoineamh ar idirspleáchais idir cuspóirí a
d’fhéadfadh a bheith faoi choimhlint amhail torann agus laghdú CO2
agus an dearcadh fadtéarmach maidir le forbairt caighdeán, nuair a chaithfidh
an luas ag a socraítear caighdeáin cos a choinneáil leis na féidearthachtaí
teicneolaíochta atá ann, agus le luach an loingis thar shaolré na n-aerárthaí
agus ba cheart dóibh bheith neamhspleách ar iomaíochas. 22.
Ar deireadh, thug na húdaráis áitiúla a
d’fhreastail ar Chomhdháil na Réigiún Aerfoirt, a bhfuil cúram na talamhúsáide
orthu den chuid is mó, an cur chuige atá acu ó dhearcadh acmhainne
timpeallachta réigiúin chun suntais, lena n-áirítear pleanáil na talamhúsáide,
úsáid táscairí iomchuí, próiseas idirghabhála, agus gá leis na ceanglais faoin
treoir um thorann timpeallachta a chomhtháthú níos fearr leis an treoir um
thorann aerfoirt (2002/30/CE). 23.
Ar an iomlán, tá na tograí an-ghar i gcoitinne don
dearcadh a tugadh le fios ag céim an chomhairliúcháin. Cuirfear béim sna tograí
foirmiúla ar an idirspleáchas idir na bearta éagsúla maolaithe torainn, sa
chaoi is nár cheart féachaint ar shrianta oibríochta torainn mar chéadrogha,
ach, má mheastar go bhfuil gá leo, gur cheart féachaint orthu mar rannchuidiú
tábhachtach agus comhlántach i meascán níos ginearálta de bhearta
cost-éifeachtúlachta. Cuirtear le déine an tsainmhínithe ar aerárthach
lag-chomhlíontach, sa chaoi is go mbeidh ionstraim éifeachtach maolaithe
torainn ar fáil ag údaráis inniúla arís. ·
Saineolas a bhailiú agus a úsáid Na fearainn eolaíochta/saineolais lena
mbaineann 24.
Rinneadh staidéar ginearálta ar chúlra le go
gcuirfí anailís chainníochtúil, chomh maithe le hanailís cháilíochtúil, ar an
tionchar a bheidh ag an leasú seo ar fáil. Lena chois sin, tá faisnéis níos
nuashonraithe agus níos mionsonraithe á cur ar fáil ag Eurocontrol faoi líon na
n-eitiltí atá á n-oibriú ag ‘aerárthaí lag-chomhlíontach’. An
mhodheolaíocht a úsáideadh 25.
D’eagraigh an comhairleoir dianchomhairliúchán, i
bhfoirm agallaimh le geallsealbhóirí éagsúla den chuid is mó, agus i bhfoirm
taighde deisce. Sa bhreis air sin, chuir Eurocontrol faisnéis nuashonraithe ó
stórais sonraí ábhartha ar fáil. Achoimre ar an gcomhairle a fuarthas
agus a úsáideadh 26.
Is é an príomhthátal a fuarthas, cé go n-aithnítear
go raibh an Treoir tábhachtach chun díospóid idirnáisiúnta a thabhairt chun
críche[8]
agus chun inniúlacht an AE a thabhairt isteach maidir le srianta oibríochta,
nach raibh sí chomh héifeachtach agus a raibh súil leis maidir leis an
bpróiseas cinnteoireachta a chomhchuibhiú. Bhí gá an Treoir a thabhairt cothrom
le dáta chun comhdhéanamh athraitheach an loingis a chur san áireamh, chun an
nasc idir na gnéithe éagsúla den Chur Chuige Cothrom a neartú agus chun
ionstraimí dlí nua a thabhairt isteach i dtaobh bainistíochta torainn, amhail
an treoir um thorann timpeallachta (2002/49/CE), caighdeáin nua torainn a
fhorbairt nó an rialachán feidhmíochta maidir le hAerspás Eorpach Aonair. Modhanna a úsáideadh chun comhairle na
saineolaithe a phoibliú 27.
Tá tuairisc iomlán ar an staidéar foilsithe ar
shuíomh gréasáin DG MOVE.
3.
Eilimintí dlí an togra
·
Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe 28.
Tugtar isteach leis an togra rialachán nua a
chuirfear in ionad Threoir 2002/30/CE. Is soiléiriú agus comhlánú ar cheanglais
na treorach sin an rialachán seo. 1. Na cuspóirí a shonrú chun
béim a chur ar an nasc le gnéithe eile den Chur Chuige Cothrom agus le
hionstraimí eile chun torann aerthráchta a bhainistiú. 2. Sainmhíniú ar leithdháileadh
freagrachtaí. 3. Liosta de na ceanglais
ghinearálta chun torann a bhainistiú. 4. Tuilleadh sonraí a sholáthar
maidir leis an bpróiseas measúnaithe torainn. 5. Na geallsealbhóirí a rachfar
i gcomhairle leo a shonrú. 6. Sonraí agus modhanna a
chomhchuibhiú. 7. Na ceanglais maidir le fógra
a thabhairt agus na ceanglais maidir lena thabhairt isteach a shonrú. 8. Ligean don nós imeacht coiste
an tagairt do chaighdeáin torainn a oiriúnú don dul chun cinn teicneolaíoch. 9 Tacaíocht a thabhairt do na
húdaráis inniúla. ·
Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 100(2) den Chonradh
ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. ·
Prionsabal na coimhdeachta 29.
Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid is
nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Ní féidir leis na
Ballstáit cuspóirí an togra a ghnóthú go leormhaith agus iad ag gníomhú as a
stuaim féin. 30.
Is fearr a éireoidh le gníomhaíocht Eorpach
cuspóirí an togra a ghnóthú ar na cúiseanna seo a leanas: 31.
Trí chur chuige comhchuibhithe maidir le srianta
oibríochta atá bainteach le torann a úsáid mar chuid den phróiseas bainistithe
torainn mórthimpeall aerfoirt na hEorpa, cuirtear feabhas ar fheidhmíocht
chomhshaoil na n-oibríochtaí aeriompair agus cruthaítear timpeallacht
oibríochta níos sothuartha le haghaidh oibreoirí aerlínte agus aerfort. Lena
chois sin, ba cheart don mhodh measúnaithe comhchuibhithe an baol atá ann le
claontacht san iomaíocht idir aerfoirt agus idir aerlínte a laghdú, mar aon le
droch-chleachtas a sheachaint, mar go bhféadfadh siad tionchar a imirt ar
acmhainn an aerfoirt lena mbaineann, agus freisin ar éifeachtúlacht iomlán an
líonra eitlíochta. 32.
Tugann an cur chuige sin réiteach
cost-éifeachtúlachta ar fhadhbanna comhshaoil mórthimpeall na n-aerfort agus
seachnaíonn sé go mbeidh ceanglais éagsúla torainn i bhfeidhm maidir le
hoibreoirí atá ag obair, de réir sainmhínithe, i líonra idirnáisiúnta. ·
Prionsabal na comhréireachta 33.
Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.
Cé go ndéantar an modh a chomhchuibhiú go daingean le rialachán, tugann sé deis
do na Ballstáit cásanna a bhaineann go sonrach le haerfoirt a chur san áireamh
d’fhonn réitigh oiriúnacha a fhorbairt maidir leis na fadhbanna torainn ar
bhonn gach aerfoirt ar leith. Ní dhéanann na tograí réamhbhreith ar na cuspóirí
comhshaoil a theastaíonn ná ar na bearta iarbhír a rinneadh. ·
Rogha ionstraimí 34.
An ionstraim atá beartaithe: Rialachán. 35.
Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na cúiseanna
seo a leanas: ·
Is modh measúnaithe torainn atá mar ábhar an
rialacháin. Is rialachán an t-aon ionstraim a ráthaíonn go ndéanfar an modh sin
a chomhchuibhiú go hiomlán. ·
Tá an modh measúnaithe atá beartaithe solúbtha a
dhóthain chun déileáil le haon chás sonrach a bheadh ann ag aerfort áirithe
agus ní dhéanann sé réamhbhreith ar an leibhéal cosanta a theastaíonn agus a
theastaíonn ó na Ballstáit a ráthú dá saoránaigh, ná ar roghnú iarbhír na
mbeart cost-éifeachtúla.
4.
Impleacht bhuiséadach
36.
Níl aon impleachtaí breise ag an togra do bhuiséad
an Aontais. Níl costais bhreise i gceist leis na costais a bhaineann leis an
gceart grinnscrúdaithe i gcomparáid leis an ualach airgeadais reatha a
bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta atá
ann faoi láthair, lena n-áirítear aisíocaíocht i leith cruinnithe coiste. Tá na
bunachair shonraí don fhaisnéis deimhnithe torainn ar fáil cheana. Tugtar
isteach leis an togra creat níos foirmiúla chun cáilíocht na sonraí agus
rochtain páirtithe leasmhara a áirithiú. Mar fhocal scoir, tá an togra ina
chuid thábhachtach den obair atá á déanamh ar bhainistíocht torainn – agus na
buiséid ghaolmhara – atá ar siúl cheana i réimsí eile, ar nós fhorbairt rialacha
frith-thorainn de chuid an ICAO, Aerspás Aonair nó SESAR.
5.
Faisnéis bhreise
·
An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 37.
Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa ghníomh atá
beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a
chuimsiú ann. 2011/0398 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le rialacha agus nósanna imeachta a
bhunú i ndáil le srianta oibríochta atá bainteach le torann a thabhairt isteach
ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n-aisghairtear Treoir
2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Tá Parlaimint na hEorpa agus
Comhairle an Aontais Eorpaigh, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[9], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[10], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na
Réigiún[11], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach[12], De bharr an méid seo a leanas: (1)
Tá forbairt inbhuanaithe ar cheann de
phríomhchuspóirí an chomhbheartais iompair. Éilíonn sí, áfach, cur chuige
comhtháite atá dírithe ar fheidhmiú éifeachtach chórais iompair an Aontais agus
cosaint an chomhshaoil a áirithiú. (2)
Tá sé riachtanach, i gcás fhorbairt inbhuanaithe an
aeriompair, bearta a thabhairt isteach atá dírithe ar an núis torainn ó
aerárthaí ag aerfoirt a bhfuil fadhbanna áirithe torainn acu a laghdú. Tá líon
mór saoránach de chuid an AE neamhchosanta ar leibhéil arda torainn agus
d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha sláinte a bheith mar thoradh air sin. (3)
Cuireadh deireadh leis na haerárthaí is mó torann
de bhun Threoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26
Márta 2002 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta
oibríochta atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt Chomhphobail[13] agus Threoir 2006/93/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le rialú
oibríochtaí aerárthaí arna bhfolú ag Cuid II, Caibidil 3, Imleabhar 1
d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta
Idirnáisiúnta, an dara heagrán (1988)[14],
ach tá gá le bearta nua chun na húdaráis a chumasú déileáil leis na haerárthaí
is mó torann chun an timpeallacht torainn mórthimpeall aerfoirt an Aontais a
fheabhsú faoin gcreat idirnáisiúnta um Chur Chuige Cothrom maidir le Bainistiú
Torainn. (4)
Is le Rún A33/7 ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta
Idirnáisiúnta (ICAO) a thugtar isteach an coincheap “Cur Chuige Cothrom” maidir
le bainistiú torainn agus bunaíonn sé modh comhsheasmhach chun aghaidh a
thabhairt ar thorann aerárthaí. Ba cheart go mbeadh ‘Cur Chuige Cothrom' an
ICAO mar bhunús i gcónaí le rialáil torainn in earnáil na heitlíochta, mar
bhrainse de thionscal domhanda. Sa Chur Chuige Cothrom aithnítear an luach a
bhaineann le hoibleagáidí dlíthiúla ábhartha, le comhaontuithe reatha, le
dlíthe reatha agus le beartais seanbhunaithe, agus ní dhéantar réamhbhreith
orthu. Trí rialacha idirnáisiúnta an Chur
Chuige Chothroim a chorprú sa Rialachán seo, ba cheart go laghdófaí na rioscaí
a bhaineann le díospóidí idirnáisiúnta i gcás a d’fhéadfadh srianta oibríochta
atá bainteach le torann difear a dhéanamh d’iompróirí tríú tíortha. (5)
Sa Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle
agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le srianta oibríochta ag aerfoirt an AE[15], tugadh suntas go bhfuil gá
ann leithdháileadh na bhfreagrachtaí agus oibleagáidí agus cearta beachta na
bpáirtithe leasmhara le linn an phróisis mheasúnaithe torainn a shoiléiriú i
dtéacs na Treorach lena áirithiú go ndéanfar bearta cost-éifeachtúla a ráthú
chun na cuspóirí laghdaithe torainn a ghnóthú. (6)
Cé go gcuirtear teorainn le hacmhainn aerfoirt
nuair a thugann na Ballstáit srianta oibríochta isteach ag aerfoirt an Aontais
cás i ndiaidh cáis, féadfaidh sé cuidiú leis an timpeallacht torainn
mórthimpeall na n-aerfort a fheabhsú. D’fhéadfaí, áfach, saobhadh iomaíochta a
chruthú nó d’fhéadfaí cur isteach ar éifeachtúlacht iomlán ghréasán eitlíochta
an Aontais mura n-úsáidtear an acmhainn atá ann cheana go héifeachtúil. Ós rud
é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí a ghnóthú go leormhaith agus gur
fearr is féidir leis an Aontas iad a ghnóthú trí rialacha comhchuibhithe maidir
le srianta oibríochta a thabhairt isteach mar chuid den phróiseas bainistithe
torainn, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabail na
coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, de réir mar atá
leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a
bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Le modh comhchuibhithe den
sórt sin, ní fhorchuirtear cuspóirí cáilíochta torainn, a thig i gcónaí ó
Threoir 2002/49/CE nó ó rialacha eile Eorpacha, náisiúnta nó áitiúla, agus ní
dhéantar réamhbhreith ar roghnú iarbhír na mbeart. (7)
Cé gur cheart go ndéanfaí measúnú rialta ar
thorann, níor cheart go mbeadh na measúnuithe sin ina mbunús le bearta breise
laghdaithe torainn ach amháin murar leor na bearta maolaitheacha torainn atá
ann cheana chun na cuspóirí laghdaithe torainn a ghnóthú. (8)
Cé go dtugann anailís chostais/sochair léargas ar
an éifeacht iomlán ar an leas eacnamaíoch trí na costais agus na sochair a chur
i gcomparáid, tá an measúnú ar éifeachtúlacht costais dírithe ar chuspóir
áirithe a ghnóthú sa tslí is cost-éifeachtúla, agus ní chuirtear ach na costais
i gcomparáid. (9)
Tá sé tábhachtach bearta maolaitheacha torainn a
fhionraí chun tionchar gan iarraidh ar shábháilteacht eitlíochta, ar acmhainn
aerfoirt agus ar iomaíocht a sheachaint. Cé go bhféadfadh gaol a bheith idir
nós imeachta achomhairc i gcoinne srianta oibríochta atá bainteach le torann
agus cuspóirí laghdaithe torainn, modhanna measúnaithe agus roghnú beart cost-éifeachtúil,
ní leor an t-achomharc féin chun a gcur chun feidhme a fhionraí. Ba cheart don
Choimisiún, dá bhrí sin, a bheith in ann an ceart grinnscrúdaithe a úsáid agus
bearta a meastar go mbeadh iarmhairtí neamhiarrtha agus do-aisiompaithe leo a
fhionraí i bhfad sula gcuirfear na bearta chun feidhme. Aithnítear nach
mairfidh an fhionraí ach ar feadh tréimhse teoranta. (10)
Ba cheart go mbeadh na measúnuithe ar thorann mar
fhorbairt ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus go n-áiritheofaí go bhfuil an
fhaisnéis sin iontaofa agus inrochtana d’údaráis inniúla agus do
gheallsealbhóirí. Ba cheart do na húdaráis inniúla na huirlisí faireacháin agus
forfheidhmithe riachtanacha a bhunú. (11)
Aithnítear gur shocraigh na Ballstáit ar shrianta
oibríochta atá bainteach le torann i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta atá
bunaithe ar mhodhanna meastóireachta torainn atá aitheanta ar bhonn náisiúnta,
agus d’fhéadfadh sé nach bhfuil siad iomlán comhsheasmhach (fós) leis an modh a
thuairiscítear i dTuarascáil na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta (ECAC)
Doiciméad 29 dar teideal ‘Modh caighdeánach chun comhrianta torainn a ríomh
mórthimpeall aerfort sibhialta’ agus nach n-úsáidtear an fhaisnéis atá
aitheanta go hidirnáisiúnta maidir le feidhmíocht torainn aerárthaí iontu. Mar
sin féin, ba cheart éifeachtúlacht agus éifeachtacht sriain oibríochta, mar aon
le héifeachtúlacht agus éifeachtacht an phlean gníomhaíochta ábhartha a bhfuil
an srian ina chuid de, a mheasúnú i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha síos
i nDoiciméad 29 den ECAC agus le Cur Chuige Cothrom an ICAO. Dá réir
sin, ba cheart do na Ballstáit a measúnuithe ar shrianta oibríochta sa
reachtaíocht náisiúnta a oiriúnú le go mbeidh siad ag teacht go hiomlán le
Doiciméad 29 den ECAC. (12)
Tríd an bhfaisnéis faoi thorann a lárú, laghdófaí
go mór an t-ualach riaracháin ar oibreoirí aerárthaí agus ar oibreoirí
aerfoirt. Is ar leibhéal an aerfoirt aonair a sholáthraítear agus a
bhainistítear an fhaisnéis sin faoi láthair. Is gá na sonraí seo a chur ar fáil
dóibh chun críocha oibríochta. Is tábhachtach bunachar sonraí Ghníomhaireacht
Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (an Ghníomhaireacht) a bhaineann le
deimhniú feidhmíochta torainn a úsáid mar uirlis bhailíochtaithe in éineacht
leis na sonraí ar eitiltí aonair ón Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na
hAerloingseoireachta (Eurocontrol). Iarrtar na sonraí sin go rialta cheana chun
críoch lárbhainistíochta sreafa, ach is gá iad a shonrú chun críocha an
Rialacháin seo agus chun rialáil feidhmíochta a dhéanamh ar bhainistíocht
aerthráchta. Trí dhea-rochtain a thabhairt ar shonraí samhaltaithe atá
bailíochtaithe, ba cheart go bhfeabhsófaí cáilíocht mhapáil na gcomhrianta
torainn in aerfoirt aonair agus na mapála straitéisí mar thacaíocht le cinntí
beartais. (13)
D’fhonn an dul chun cinn teicneolaíoch leanúnach i
dteicneolaíochtaí innill agus aerfhráma agus na modhanna a úsáidtear do mhapáil
comhrianta torainn a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean
chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na caighdeáin torainn
d’aerárthaí dá dtagraítear sa Rialachán seo agus an tagairt do na modhanna
deimhniúcháin gaolmhara a thabhairt chun dáta go rialta, na sainmhínithe ar
aerárthach lag-chomhlíontach agus ar aerárthach sibhialta a leasú dá réir, agus
an tagairt don mhodh chun comhrianta torainn a ríomh a thabhairt cothrom le
dáta. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán
iomchuí mar chuid den obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na
saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe
á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a
tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na
hEorpa agus chuig an gComhairle. (14)
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú
d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí
cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a
fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus
na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na
Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún[16]. (15)
Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun
cinntí cur chun feidhme a ghlacadh maidir lena bhféadfaidh na Ballstáit sin atá
ag beartú srianta oibríochta a thabhairt isteach leanúint dá dtabhairt isteach
i gcás ina bhfuil na srianta oibríochta fionraithe ag an gCoimisiún ós rud é
nach bhfuil ach raon feidhme teoranta leis na cinntí sin. (16)
I bhfianaise an ghá atá ann an modh measúnaithe
torainn a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar mhargadh eitlíochta an AE,
leagtar síos sa Rialachán seo rialacha coiteanna maidir le srianta oibríochta
atá bainteach le torann. Ba cheart Treoir 2002/30/CE a aisghairm dá bhrí sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Ábhar, cuspóirí agus raon feidhme 1. Leagtar síos leis an
Rialachán seo na rialacha maidir le srianta oibríochta atá bainteach le torann
a thabhairt isteach ar shlí chomhsheasmhach ar bhonn gach aerfoirt ar leith le
go bhfeabhsófar an timpeallacht torainn agus le go dteorannófar nó go laghdófar
líon na ndaoine a ndéanann éifeachtaí díobhálacha an torainn ó aerárthaí difear
suntasach dóibh, i gcomhréir leis an gCur Chuige Cothrom. 2. Is iad na cuspóirí atá leis
an Rialachán seo: (a)
gnóthú cuspóirí sonracha laghdaithe torainn
timpeallachta a éascú, mar a leagtar síos i rialacha an Aontais agus i rialacha
náisiúnta agus áitiúla, agus a n-idirspleáchas le cuspóirí eile comhshaoil a
mheasúnú, ag leibhéal na n-aerfort aonair; (b)
a chumasú gur féidir na bearta maolaithe torainn is
cost-éifeachtúla a roghnú i gcomhréir leis an gCur Chuige Cothrom le gur féidir
forbairt inbhuanaithe an aerfoirt agus acmhainn an líonra bainistíochta
aerthráchta a bhaint amach ón dearcadh ‘geata go geata’. 3. Beidh feidhm ag an Rialachán
seo maidir le haerárthaí atá in úsáid san eitlíocht shibhialta. Ní bheidh feidhm aige maidir le haerárthaí
atá in úsáid i seirbhísí míleata, seirbhísí custaim, seirbhísí póilíneachta nó
i seirbhísí dá samhail. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: (1)
Ciallaíonn ‘aerfort’ aerfort ina dtarlaíonn níos
mó ná 50 000 gluaiseacht d’aerárthaí sibhialta i ngach bliain féilire (is
ionann gluaiseacht agus éirí de thalamh nó tuirlingt), agus cuirtear san
áireamh meánlíon na ngluaiseachtaí sna trí bliana féilire a bhí roimh an
measúnú ar thorann a dhéanamh; (2)
Ciallaíonn 'Cur Chuige Cothrom’ an modh faoina
ndéantar an réimse beart atá ar fáil, eadhon laghdú ar thorann ó aerárthaí ag
an bhfoinse, pleanáil agus bainistíocht na talamhúsáide, nósanna imeachta
oibríochta agus srianta oibríochta laghdaithe torainn, a mheas ar shlí
chomhsheasmhach d’fhonn aghaidh a thabhairt ar fhadhb an torainn ar an tslí is
cost-éifeachtúla ar bhonn gach aerfoirt ar leith; (3)
Ciallaíonn ‘aerárthach’ aerárthach sciatháin
dhobhogtha a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh 34 000 kg nó níos mó
aige, nó cóiríocht inmheánach uasta dheimhnithe le haghaidh an chineáil
aerárthaigh i dtrácht ina bhfuil níos mó ná 19 suíochán paisinéara, gan aon
suíocháin ar don fhoireann amháin iad a áireamh; (4)
Ciallaíonn ‘aerárthach lag-chomhlíontach’ aerárthach
sibhialta a chomhlíonann teorainneacha deimhniúcháin Chaibidil 3 atá leagtha
síos in Imleabhar 1, Cuid II, Caibidil 3 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an
gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún Chicago) le
lamháil charnach atá níos lú ná 10EPNdB (An torann inchloiste iarbhír i
ndeicibeilí), agus is é atá sa lamháil charnach an figiúr atá sloinnte in EPNdB
a fuarthas trí na lamhálacha aonair (i.e. na difríochtaí idir an leibhéal
deimhnithe torainn agus an leibhéal uasta torainn is incheadaithe) a shuimiú ag
gach ceann de na trí phointe tagartha den tomhas torainn mar a shainítear in
Imleabhar 1, Cuid II, Caibidil 4 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún
Chicago; (5)
Ciallaíonn ‘gníomhaíocht atá bainteach le torann’
aon bheart a imríonn tionchar ar an timpeallacht torainn mórthimpeall na
n-aerfort, agus go bhfuil feidhm ag prionsabail Chur Chuige Cothrom an ICAO
maidir leis, lena n-áirítear gníomhaíochtaí eile neamhoibríochta a fhéadfaidh
difear a dhéanamh do líon na ndaoine atá neamhchosanta ar thorann aerárthaí; (6)
Ciallaíonn ‘srianta oibríochta’ gníomhaíocht atá
bainteach le torann a chuireann srian ar an rochtain ar úsáid optamach
acmhainne aerfoirt nó a laghdaíonn í, lena n-áirítear srianta oibríochta atá
dírithe ar aerárthaí lag-chomhlíontach a tharraingt siar ó oibríochtaí in
aerfoirt áirithe, chomh maith le srianta oibríochta de chineál páirteach a
dhéanann difear d’oibriú aerárthaí sibhialta de réir tréimhse ama. Airteagal 3 Údaráis
inniúla 1. Ainmneoidh na Ballstáit
udaráis inniúla a bheidh freagrach as bearta a ghlacadh maidir le srianta
oibríochta, agus ainmneoidh siad comhlacht achomhairc neamhspleách freisin. 2. Beidh na húdaráis inniúla
agus an comhlacht achomhairc neamhspleách ar aon eagraíocht a bhféadfadh
gníomhaíocht atá bainteach le torann difear a dhéanamh di. 3. Cuirfidh na Ballstáit
ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil ainmnithe agus an chomhlachta
achomhairc dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún. Airteagal 4 Rialacha ginearálta maidir le
bainistíocht torainn aerárthaí 1. Glacfaidh na Ballstáit Cur
Chuige Cothrom maidir le bainistíocht torainn aerárthaí. Chuige sin, déanfaidh
siad: (a) na dálaí torainn ag aerfort
aonair a mheasúnú; (b) an cuspóir laghdaithe torainn
timpeallachta a shainiú; (c) bearta a aithint atá ar fáil
chun an tionchar torainn a laghdú; (d) meastóireacht ar an
gcost-éifeachtúlacht a bhfuil súil léi ó na bearta atá ar fáil; (e) na bearta a roghnú; (f) comhairliúchán leis na
geallsealbhóirí ar shlí thrédhearcach faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe; (g) cinneadh faoi na bearta agus
foráil maidir le fógra leormhaith; (h) na bearta a chur chun
feidhme; agus (i) foráil a dhéanamh maidir le
réiteach díospóide. 2. Déanfaidh na Ballstáit, le
linn dóibh gníomhaíocht atá bainteach le torann a dhéanamh, na bearta seo a
leanas atá ar fáil a mheas, d’fhonn an meascán is cost-éifeachtúla de bhearta a
chinneadh: (a) an éifeacht intuartha a
bheadh ag laghdú ar thorann aerárthaí ag an bhfoinse; (b) pleanáil agus bainistíocht na
talamhúsáide; (c) nósanna imeachta oibríochta
chun torann a laghdú; (d) srianta oibríochta, ach ní
mar chéad rogha. D’fhéadfaí a áireamh sna bearta atá ar
fáil aerárthaí lag-chomhlíontach a tharraingt siar, má mheastar go bhfuil gá
leis. 3. Féadfaidh na Ballstáit, faoin
gCur Chuige Cothrom, idirdhealú a dhéanamh idir bearta maolaitheacha torainn de
réir cineáil aerárthaigh, úsáide rúidbhealaigh agus/nó amchláir lena mbaineann. 4. Gan dochar do mhír 3, ní
dhéanfaidh srianta oibríochta maidir le haerárthaí lag-chomhlíontach a tharraingt
siar ó oibríochtaí aerfoirt difear d’aerárthaí sibhialta foshonacha a
chomhlíonann, trí dheimhniú bunaidh nó trí athdheimhniú, an caighdeán torainn
in Imleabhar 1, Cuid II, Caibidil 4 d’Iarscríbhinn 16 de Choinbhinsiún Chicago. 5. Maidir le bearta nó meascán
de bhearta a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcás aerfoirt ar
leith, ní bheidh siad níos sriantaí ná mar is gá chun na cuspóirí laghdaithe
torainn timpeallachta atá socraithe don aerfort sin a ghnóthú. Beidh na srianta
oibríochta neamh-idirdhealaitheach, go háirithe ar fhorais náisiúntachta,
chéannachta nó ghníomhaíochta na n-oibreoirí aerárthaí. 6. Na bearta a dhéanfar i
gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh siad leis na ‘Pleananna Gníomhaíochta
Náisiúnta’ a bhaineann le torann ó aerárthaí, mar a luaitear in Airteagal 8 de
Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.[17] Airteagal 5 Rialacha maidir le measúnú torainn 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla
measúnú rialta ar na dálaí torainn in aerfoirt ina gcríoch, i gcomhréir le
ceanglais Threoir 2002/49/CE agus le rialacha náisiúnta agus áitiúla. Féadfaidh
na húdaráis inniúla a iarraidh tacaíocht a fháil ón gComhlacht Athbhreithnithe
Feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 ón
gCoimisiún[18]. 2. Úsáidfidh na húdaráis inniúla
an modh, na táscairí agus an fhaisnéis atá tuairiscithe in Iarscríbhinn I chun
na dálaí torainn reatha agus todhchaí a mheasúnú. 3. I gcás ina nochtfaidh an
méasúnú ar na dálaí torainn go bhfuil gá le bearta nua chun na cuspóirí
laghdaithe torainn a ghnóthú nó a leibhéal a chothabháil, tabharfaidh na
húdaráis inniúla aird chuí ar an rannchuidiú a dhéanann gach cineál birt faoin
gCur Chuige Cothrom, i gcomhréir le hIarscríbhinn I. 4. Áiritheoidh na húdaráis
inniúla go mbunófar fóram um chomhar teicniúil, ar an leibhéal iomchuí, idir
oibreoir an aerfoirt, oibreoir an aerárthaigh agus an soláthraí seirbhísí
aerloingseoireachta, maidir leis na gníomhaíochtaí sin a bhfuil freagracht ar
na hoibreoirí sin astu, agus cuirfear an t-idirspleáchas idir bearta maolaithe
torainn agus bearta laghdaithe astaíochtaí san áireamh go cuí. Rachaidh
comhaltaí an fhóraim seo um chomhar teicniúil i gcomhairle rialta le
cónaitheoirí áitiúla nó lena n-ionadaithe, agus tabharfaidh siad faisnéis theicniúil
agus comhairle ar bhearta maolaitheacha do na húdaráis inniúla. 5. Déanfaidh na húdaráis inniúla
measúnú ar chost-éifeachtúlacht na mbeart nua, mar a thagraítear dó i mír 3 i
gcomhréir le hIarscríbhinn II. Ní mheastar gur srian nua oibríochta é mionleasú
teicniúil ar bheart reatha mura bhfuil impleachtaí substainteacha acmhainne nó
oibríochtaí i gceist leis. 6. Déanfaidh na húdaráis inniúla
an próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara a eagrú ar shlí thráthúil
agus shubstainteach, lena n-áiritheofar oscailteacht agus trédhearcacht maidir
le sonraí agus leis an modh ríomha. Beidh trí
mhí ar a laghad sula nglacfar na bearta nua ag na páirtithe leasmhara chun
barúlacha a thabhairt. Ar na páirtithe leasmhara sin, beidh siad seo a leanas
ar a laghad: (a)
ionadaithe thar ceann cónaitheoirí áitiúla atá ina
gcónaí i gcomharsanacht na n-aerfort sin a ndéanann torann aerárthaí difear
dóibh; (b)
oibreoirí aerfoirt ábhartha; (c)
ionadaithe thar ceann na n-oibreoirí aerárthaí a
bhféadfadh gníomhaíochtaí atá bainteach le torann difear a dhéanamh dóibh; (d)
soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta
ábhartha; (e)
an Bainisteoir Líonra, mar atá sainmhínithe i
Rialachán Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún[19]. 7. Déanfaidh na húdaráis inniúla
measúnú leantach agus faireachán ar chur chun feidhme na mbeart maolaitheach
torainn agus déanfaidh siad beart de réir mar is iomchuí. Áiritheoidh siad go
ndéanfar faisnéis ábhartha a chur ar fáil go rialta do na cónaitheoirí áitiúla
atá ina gcónaí i gcomharsanacht na n-aerfort. Airteagal 6 Faisnéis faoi fheidhmíocht torainn 1. Beidh cinntí maidir le
srianta oibríochta atá bainteach le torann bunaithe ar fheidhmíocht torainn an
aerárthaigh mar a chinnteofar leis an nós imeachta deimhniúcháin a sheolfar i
gcomhréir le hImleabhar 1 d’Iarscríbhinn 16 de Choinbhinsiún Chicago, an cúigiú
heagrán Iúil 2008. 2. Ar iarratas ón gCoimisiún,
tabharfaidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis seo a leanas faoi thorann maidir
leis na haerárthaí sin dá gcuid a úsáideann aerfoirt an Aontais: (a)
an uimhir atá ar dheireadh an aerárthaigh; (b)
deimhniú nó deimhnithe feidhmíochta torainn an
aerárthaigh arna úsáid, agus an meáchan uasta iarbhír éirí de thalamh a
bhaineann leis; (c)
aon mhodhnú ar an aerárthach a imríonn tionchar ar
fheidhmíocht torainn an aerárthaigh; (d)
faisnéis faoi thorann agus faoi fheidhmíocht a
bhaineann leis an aerárthach ar mhaithe le múnlaí torainn a chruthú. I gcás gach eitilte a bhaineann úsáid as aerfort
de chuid an Aontais, tabharfaidh oibreoirí aerárthaí an deimhniú feidhmíochta
torainn arna úsáid agus an uimhir atá ar dheireadh an aerárthaigh le fios. Tabharfar na sonraí saor in aisce, i bhfoirm
leictreonach agus úsáidfear an fhormáid arna sonrú, más infheidhme. 3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht
sonraí torainn agus feidhmíochta an aerárthaigh ar chun críocha múnlaí torainn
a chruthú iad a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE)
Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20]. 4. Déanfar sonraí a stóráil i
mbunachar sonraí lárnach agus cuirfear ar fáil iad d’údaráis inniúla,
d’oibreoirí aerárthaí, do sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus
d’oibreoirí aerárthaí chun críocha oibríochta. Airteagal 7 Rialacha maidir le srianta oibríochta
a thabhairt isteach 1. Sula dtugtar isteach srian
oibríochta, déanfaidh na húdaráis inniúla fógra sé lá, a chríochnóidh dhá mhí
ar a laghad roimh chinneadh na bparaiméadar comhordaithe sliotán mar a
shainítear in Airteagal 2, pointe m) de Rialachán CEE Uimh. 95/93[21] ón gComhairle don aerfort lena
mbaineann i dtaobh thréimhse an sceidealaithe ábhartha, a thabhairt do na
Ballstáit, don Choimisiún agus do na páirtithe leasmhara ábhartha. 2. Tar éis an mheasúnaithe a
dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 5, beidh tuarascáil i scríbhinn ina míneofar
na cúiseanna leis an srian oibríochta a thabhairt isteach, an cuspóir
timpeallachta arna bhunú don aerfort, na bearta a meastar go ngnóthaíonn siad
an cuspóir sin, agus an mheastóireacht ar an gcost-éifeachtúlacht is dócha a
bheidh ag na bearta éagsúla a measadh, lena n-áirítear, nuair is ábhartha, an
tionchar trasteorann atá acu, ag gabháil leis an bhfógra maidir leis an
gcinneadh. 3. I
gcás ina mbaineann srian oibríochta le haerárthaí lag-chomhlíontach a
tharraingt siar ón aerfort, ní cheadófar aon seirbhísí nua de chuid aerárthaigh
lag-chomhlíontaigh ag an aerfort sin sé mhí tar éis an fógra a fháil. Cinnfidh
na húdaráis inniúla an ráta bliantúil ag a mbainfear aerárthaí
lag-chomhlíontach ó loingeas na n-oibreoirí lena mbaineann ag an aerfort sin,
agus cuirfear aois an aerárthaigh agus comhdhéanamh an loingis iomláin san áireamh
go cuí. Gan dochar do mhír 3 d’Airteagal 4, ní bheidh an ráta sin níos airde ná
20 % den loingeas d’aerárthaí lag-chomhlíontach atá ag an oibreoir sin ag an
aerfort sin. 4. Déanfar aon achomharc i
gcoinne cinntí maidir le srianta oibríochta atá bainteach le torann a eagrú i
gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Airteagal 8 Tíortha i mbéal forbartha 1. Féadfaidh na húdaráis inniúla
aerárthaí lag-chomhlíontach atá cláraithe i dtíortha atá i mbéal forbartha a
dhíolmhú ó na srianta oibríochta atá bainteach le torann ar an gcoinníoll: (e)
gur bronnadh deimhniú torainn atá comhionann leis
na caighdeáin a shonraítear i gCaibidil 3, d’Imleabhar 1 d’Iarscríbhinn 16 a
ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ar na haerárthaí sin. (f)
gur oibríodh na haerárthaí sin san Aontas le linn
na tréimhse cúig bliana roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, go raibh
siad ar chlár na tíre lena mbaineann atá i mbéal forbartha agus go bhfuil siad
fós á n-oibriú ag duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa tír sin. 2. I gcás ina dtugann Ballstát
díolúine dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát eile
agus an Choimisiúin ar an eolas láithreach faoi na díolúintí atá tugtha aige. Airteagal 9 Díolúintí
le haghaidh oibríochtaí aerárthaí de chineál eisceachtúil Féadfaidh na húdaráis inniúla, cás i ndiaidh
cáis, oibríochtaí aonair a dhéanfaidh aerárthaí lag-chomhlíontach nach
bhféadfaí a dhéanamh bunaithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a údarú, ag
aerfoirt atá suite ina gcríoch. Beidh an díolúine sin teoranta don méid seo a
leanas: (a)
aerárthaí a bhfuil a n-oibríochtaí aonair de
chineál atá chomh heisceachtúil sin go mbeadh sé míréasúnach díolúine
shealadach a dhiúltú; (b)
aerárthaí le haghaidh eitiltí neamhioncaim chun
críche athrúcháin, deisiúcháin nó cothabhála. Airteagal 10 Ceart grinnscrúdaithe 1. Ar iarratas ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, agus gan dochar do
nós imeachta achomhairc atá ar feitheamh, féadfaidh an Coimisiún an cinneadh
maidir le srian oibríochta a ghrinnscrúdú sula gcuirfear chun feidhme é. I gcás ina suíonn an Coimisiún nach n-urramaíonn an
cinneadh na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo, nó go bhfuil sé
contrártha ar shlí eile do dhlí an Aontais, féadfaidh sé an cinneadh a chur ar
fionraí. 2. Tabharfaidh na húdaráis
inniúla faisnéis don Choimisiún lena léireofar go bhfuiltear ag comhlíonadh an
Rialacháin seo. 3. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta
comhairleach atá leagtha síos in Airteagal 13(2), agus na critéir in
Iarscríbhinn II á gcur san áireamh aige, maidir lena bhféadfaidh an t-údarás
inniúil lena mbaineann leanúint den srian oibríochta a thabhairt isteach.
Cuirfidh an Coimisiún a chinneadh in iúl don Chomhairle agus don Bhallstát lena
mbaineann. 4. I gcás nach mbeidh cinneadh
glactha ag an gCoimisiún faoi cheann tréimhse sé mhí tar éis dó an fhaisnéis dá
dtagraítear i mír 2 a fháil, féadfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh atá
beartaithe a chur i bhfeidhm maidir le srian oibríochta. Airteagal 11 Gníomhartha tarmligthe Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12 maidir leo seo a
leanas: (c)
leasuithe ar an sainmhíniú ar aerárthach in
Airteagal 2 pointe (3) agus ar an sainmhíniú ar aerárthach lag-chomhlíontach in
Airteagal 2 pointe (4); (d)
leasuithe agus nuashonruithe ar na caighdeáin
deimhnithe torainn dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus Airteagal 8; agus ar an
nós imeachta deimhniúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 6(1). (e)
leasuithe ar an modh agus ar an tuarascáil
theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Airteagal 12 An tarmligean a fheidhmiú 1. Déanfar na cumhachtaí chun
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún faoi réir
na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11 a
thabhairt go ceann tréimhse éiginnte ama ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo
i bhfeidhm. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta
dá dtagraítear in Airteagal 11 a chúlghairm. Cuirfidh
an chúlghairm deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh
sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá
foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta
ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm
cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an
Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an
tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 11 i
bhfeidhm ach amháin i gcás nach ndearna Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón uair a tugadh fógra do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an ngníomh sin nó i gcás,
roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid i gcoinne an
ghnímh. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin
ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. Airteagal 13 Coiste 1. Tabharfaidh an coiste arna
bhunú le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 2008/1008 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[22]
cúnamh don Choimisiún. Tá an coiste sin ina choiste de réir bhrí
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina mbeidh tuairim an
choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós
imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh
nó i gcás ina n-iarrfaidh tromlach simplí de bhaill an choiste amhlaidh
laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sholáthar. Airteagal 14 Faisnéis agus athbhreithniú Déanfaidh na Ballstáit faisnéis faoi chur i
bhfeidhm an Rialacháin seo a chur chuig an gCoimisiún, arna iarraidh sin dó. Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur
i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tograí le haghaidh athbhreithniú an
Rialacháin seo ag gabháil leis an tuarascáil, más gá sin. Airteagal 15 Aisghairm Aisghairtear Treoir 2002/30/CE le héifeacht ón
dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Airteagal 16 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile
agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN I Na dálaí
torainn ag aerfort a mheasúnú Modheolaíocht: 1. Úsáidfaidh údaráis inniúla modhanna
measúnaithe torainn a forbraíodh i gcomhréir le Tuarascáil ECAC Doic 29 ‘Modh
caighdeánach chun comhrianta torainn a ríomh mórthimpeall aerfort sibhialta’,
an tríú heagrán. Táscairí: 1. Déanfar an tionchar a bhíonn ag
torann aerárthaí a thuairisciú, ar a laghad, i dtéarmaí táscairí torainn Lden
agus Lnight a shainítear agus a ríomhtar i gcomhréir le
hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/49/CE. 2. Féadfaidh údaráis inniúla táscairí
breise torainn a bhfuil bonn eolaíoch leo a úsáid chun an crá a dhéanann torann
aerárthaí a léiriú. Faisnéis faoi bhainistíocht torainn: 1. An fardal reatha 1.1 Tuairisc ar an aerfort lena
n-áirítear faisnéis mhéid an aerfoirt, a shuíomh, comharsanacht an aerfoirt, an
méid aerthráchta agus an éagsúlacht aerthráchta. 1.2 Tuairisc ar na cuspóirí inbhuanaithe
timpeallachta i gcomhthéacs an aerfoirt agus sa chomhthéacs náisiúnta.
Áiritheofar tuairisc ar na cuspóirí torainn le haghaidh aerárthaí ag an
aerfort. 1.3 Mionsonraí ar na comhrianta torainn
don bhliain reatha agus don bhliain roimhe sin – lena n-áirítear measúnú ar
líon na ndaoine a ndéanann torann aerárthaí difear dóibh. 1.4 Tuairisc ar na bearta reatha agus na
bearta pleanáilte chun torann aerárthaí a bhainistiú atá curtha chun feidhme
cheana faoin gCur Chuige Cothrom agus an tionchar a bhíonn acu ar na dálaí
torainn, lena n-áirítear: 1.4.1. Laghdú ar thorann ag an bhfoinse: - Forbairt an aerloingis agus
feabhsuithe teicneolaíochta; - Pleananna sonracha nuachóirithe
loingis; 1.4.2. Pleanáil agus bainistíocht na
talamhúsáide: - Ionstraimí pleanála atá i
bhfeidhm, amhail pleanáil chuimsitheach nó criosú torainn; - Bearta maolaitheacha atá i
bhfeidhm, amhail cóid foirgníochta, cláir inslithe torainn nó bearta chun
limistéir talamhúsáide íogaire a laghdú; - Próiseas comhairliúcháin na mbeart
talamhúsáide; - Bearta leantacha cúngrachta; 1.4.3. Maidir le bearta oibríochta laghdaithe
torainn, an méid nach gcuireann na bearta sin srian ar acmhainn aerfoirt; - Úsáid rúidbhealaí tosaíochta; - Úsáid bealaí tosaíochta torainn; - Úsáid nósanna imeachta laghdaithe
torainn éirí de thalamh agus ascnaimh. - An méid a ndéantar na bearta sin a
rialáil faoi tháscairí comhshaoil, atá luaite in Iarscríbhinn I a ghabhann le
Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 ón gCoimisiún. 1.4.4. Maidir le srianta oibríochta: - Úsáid srianta uilíocha, ar nós
rialacha maidir le huasteorainneacha ar ghluaiseachtaí nó ar chuótaí núiseanna torainn; - Ionstraimí airgeadais atá i
bhfeidhm, amhail muirir aerfoirt atá bainteach le torann; - Úsáid srianta a bhaineann go
sonrach le haerárthaí, amhail aerárthaí lag-chomhlíontach a tharraingt siar; - Úsáid srianta páirteacha, trína
ndéantar idirdhealú idir aonaid tomhais sa lá agus istoíche. 2. Réamhaisnéis gan bearta nua 2.1 Tuairiscí ar fhorbairtí aerfoirt (más
ann dóibh) atá formheasta cheana agus atá beartaithe, mar shampla, méadú
acmhainne, méadú rúidbhealaí agus/nó teirminéal, agus an éagsúlacht tráchta
todhchaí atá tuartha agus an fás atá measta. 2.2 Maidir le méadú na hacmhainne
aerfoirt na leasanna a bhaineann leis an acmhainn bhreise sin a chur ar fáil
laistigh den líonra eitlíochta i gcoitinne agus den réigiún i gcoitinne. 2.3 Tuairisc ar an éifeacht ar an
timpeallacht torainn i gcás nach ndéantar bearta breise, agus an éifeacht a
bheidh ag na bearta sin atá pleanáilte cheana chun an tionchar torainn sa
tréimhse chéanna a fheabhsú. 2.4 Na comhrianta torainn atá tuartha –
lena n-áirítear measúnú ar líon na ndaoine a ndéanann torann aerárthaí difear
dóibh – idirdhealú idir limistéir chónaithe seanbhunaithe agus limistéir
chónaithe nua. 2.5 Meastóireacht ar na hiarmhairtí agus
ar na costais a d’fhéadfadh a bheith ann mura ndéantar beart chun an tionchar
atá ag méadú torainn – má tá súil go dtarlóidh a leithéid - a laghdú. 3. Measúnú ar bhearta breise 3.1 Achoimre ar na bearta breise atá ar
fáil agus na príomhchúiseanna gur roghnaíodh iad a thabhairt le fios. Tuairisc
ar na bearta sin a roghnaíodh chun breis anailíse a dhéanamh orthu agus
faisnéis faoin toradh ar an anailís chost-éifeachtúlachta, go háirithe an
costas a bhaineann leis na bearta sin a thabhairt isteach; líon na ndaoine a
bhfuil súil go mbainfidh siad tairbhe as agus clár ama; agus rangú ar
éifeachtacht iomlán na mbeart áirithe. 3.2 Forléargas ar na héifeachtaí
comhshaoil agus iomaíochais a d’fhéadfadh a bheith leis na bearta atá molta i
dtaobh aerfort eile, i dtaobh oibreoirí agus páirtithe leasmhara. 3.3 Na cúiseanna gur roghnaíodh rogha na
tosaíochta. 3.4 Achoimre neamhtheicniúil. IARSCRÍBHINN II Measúnú
ar chost-éifeachtúlacht na srianta oibríochta atá bainteach le torann Déanfar cost-éifeachtúlacht na srianta
oibríochta bainteach le torann atá beartaithe a mheas trí na gnéithe seo a
leanas a chur san áireamh a mhéid is féidir i dtéarmaí cainníochtúla: 1) An sochar torainn a bhfuil súil leo
ó na bearta atá pleanáilte, anois agus amach anseo; 2) Sábháilteacht na n-oibríochtaí eitlíochta,
lena n-áirítear riosca tríú páirtí; 3) Acmhainn an aerfoirt; 4) Tionchar ar líonra eitlíochta na
hEorpa. Sa bhreis air sin, féadfaidh údaráis inniúla
na dálaí seo a leanas a chur san áireamh go cuí: 1) Sláinte agus sábháilteacht
cónaitheoirí áitiúla atá ina gcónaí i gcomharsanacht na n-aerfort; 2) Inbhuanaitheacht an chomhshaoil,
lena n-áirítear idirspleáchas idir torann agus astaíochtaí; 3) Éifeachtaí díreacha, indíreacha
agus catalaíocha fostaíochta. [1] Foinse: CAEP/8 – Páipéar Faisnéise 8 – arna shloinneadh i meánleibhéil torainn
Lá/Oíche (Day-Night average noise levels - DNL) – cás na bunlíne, gan
feabhsuithe móra oibríochta agus teicneolaíochta – Réigiún na hEorpa ICAO [2] Beidh an Comhthionscnamh
Teicneolaíochta Clean Sky ar cheann de na tionscadail taighde is mó a
bhí ann san Eoraip, le buiséad measta €1.6 billiún, a roinnfear go cothrom idir
an Coimisiún Eorpach agus lucht tionsclaíochta, thar an tréimhse 2008-2013. [3] Tá bunachar sonraí Boeing ‘Airports with Noise Restrictions’ le
fáil ag: http://www.boeing.com/commercial/noise/listcountry.html. Cé nach bhfuil ach 69 aerfort cuimsithe faoi
láthair faoin Treoir sin, tiocfaidh níos mó aerfort faoina raon feidhme agus
méadú tráchta tuartha dóibh amach anseo. Dá bhrí sin, tugtar achoimre ar 224 aerfort. [4] Cuireann cuirfiú teorainn le
hoibríochtaí le linn tréimhse áirithe (srianta tráchta atá bainteach le
torann). [5] Cé gurb é an AEA a rinne an ráiteas
seo, ba cheart don ráiteas seasamh thar ceann na n-oibreoirí ar fad, eadhon ERA
(réigiúnach), IACA (fóillíocht) agus ELFAA (ísealchostas), óir imreoidh sé
tionchar orthu sa tslí chéanna. Is é
IACA amháin a mbeidh níos mó eitiltí oíche acu i gcoitinne dá gcuid
oibríochtaí. [6] Tá meitheal sonrach a oibríonn ar
an tsaincheist sin ag Airports Council International (ACI). [7] Is fóram uathúil atá in ACNUSA (in
éineacht lena comheagraíocht Vallúnach) ina dtugtar aghaidh ar núiseanna
torainn, i gcáil chomhairleach, gan ceangal le húdaráis ná le haerfoirt. [8] Bhí baol ann do Stáit na hEorpa go
gcuirfí nós imeachta oifigiúil gearáin i bhfeidhm ina leith faoi chuimsiú an
ICAO. [9] IO C , , lch. . [10] IO C , , lch. . [11] IO C , , lch. . [12] IO C , , lch. . [13] IO L 85, 28.3.2002, lch. 40. [14] IO L 374, 27.12.2006,
lch. 1. [15] COIM(2008)66. [16] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [17] IO L 189, 18.7.2002,
lch. 12. [18] IO L 201, 3.8.2010, lch. 1. [19] IO L 185, 15.7.2011,
lch. 1. [20] IO L 79, 19.3.2008, lch. 1. [21] IO L 14, 22.1.1993. [22] IO L 293, 31.10.2008,
lch. 3.