This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0416
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the common organisation of the markets in fishery and aquaculture products
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe
/* COIM/2011/0416 leagan deireanach - 2011/0194 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe /* COIM/2011/0416 leagan deireanach - 2011/0194 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Tá Comheagraíocht
Mhargaidh i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe i bhfeidhm ó 1970 i leith.
Crann taca de chuid an Chomhbheartais Iascaigh is ea é. Is é Rialachán
104/2000, a glacadh in 1999, is bunús dlí leis faoi láthair. A bhuí leis an athchóiriú atáthar a dhéanamh faoi láthair ar an
gComhbheartas Iascaigh, tá deis shármhaith ann dul siar ar chuspóirí agus ar
ionstraimí na Comheagraíochta Margaidh a bhaineann le táirgí iascaigh agus
dobharshaothraithe, agus athbhreithniú a dhéanamh orthu, b'fhéidir. Na fadhbanna a
sainaithníodh agus cuspóirí an athchóirithe Ó 2008 i leith, tá
meastóireachtaí agus comhairliúcháin chuimsitheacha déanta ag an gCoimisiún
chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an chreata dlí atá ann faoi láthair,
chun treochtaí an mhargaidh san AE le deich mbliana anuas a thuiscint agus a
anailísiú, agus chun tuairimí na bpáirtí leasmhara a fháil. Tháinig chun
solais san anailís cúig cinn de réimsí ina bhfuil fadhbanna; seo thíos
achoimriú orthu: Níor leor an
cuidiú a bhí i gComheagraíocht Mhargaidh an AE i dtaca le táirgeadh
inbhuanaithe; in ainneoin nach saothraítear iascach an AE
ar bhealach inbhuanaithe, ní raibh go dtí le déanaí ach buntáistí
neamhthábhachtacha le fáil ar an margadh as cleachtais inbhuanaithe agus níorbh
ann do smachtbhannaí as cleachtais neamh-inbhuanaithe nó cleachtas a
d'fhéadfadh a bheith neamh-inbhuanaithe. Faoin mbeartas atá ann faoi láthair
níor tugadh an teagasc ceart minic go leor. Tá an suíomh
margaidh atá ag táirgeacht an AE imithe chun donais: deiseanna teoranta
táirgthe nó deiseanna laghdaithe táirgthe atá i ndán do tháirgeoirí iascaigh
agus dobharshaothraithe an AE. Lena chois sin, tá taobh an táirgthe ilroinnte
toisc go bhfuil líon mór speiceas agus líon mór láithreán ag a gcuirtear iasc i
dtír agus ag a ndíoltar é, ach tá taobh an éilimh comhchruinnithe. Ina theannta
sin, níl modhanna táirgthe an AE iomaíoch a ndóthain i margadh atá ag
síordhomhandú. Ní rabhthas in ann
luaineachtaí sa mhargadh a thuar ná a bhainistiú; saintréithe de chuid an
iascaigh, thar aon earnáil eile a tháirgeann bia, is ea go bhfuil go leor
éiginnteachta ag baint le coinníollacha táirgthe agus le rochtain ar an
táirgeadh. Ó thaobh soláthair san AE de is deacair a thuar céard a éileofar ó
thaobh méid agus caighdeáin de. Mar sin féin is amhlaidh nach bhféachann
táirgeoirí an AE leis an éileamh atá ar an margadh a chur san áireamh ina gcuid
pleananna táirgthe. Is é toradh atá air sin go mbíonn praghsanna
chéad-díolacháin thar a bheith luaineach. Is ar éigean
atáimid ag baint leasa as ár n-acmhainn mhargaidh; tá fíorsheans ag táirgeoirí
an AE an méadú atá ag teacht ar an tomhailt san AE a chur chun deise agus
gnóthachain eacnamaíocha a dhéanamh. Ach tá na costais ar fhaisnéis agus ar
idirbhearta ard feadh an tslabhra margaíochta. Ó thaobh an tomhaltóra de, is
deacair cinntí eolacha stuama a dhéanamh i ngeall ar a laghad faisnéise a
sholáthraítear dó. Tá bac á chur ar
chur chun feidhme na Comheagraíochta Margaidh de dheasca creata atá anásta agus
róchasta. I bhfianaise an
méid sin uile tá an leasú atá beartaithe ar an gComheagraíocht Mhargaidh
dírithe ar na cuspóirí seo a leanas: Dreasachtaí
margaidh a uasghrádú chun tacú le cleachtais táirgthe inbhuanaithe: Laistigh de
na heagraíochtaí táirgeoirí tá táirgeoirí an AE (iascach agus
dobharshaothraithe) ar an líne thosaigh a fhad a bhaineann le táirgeadh,
bainistiú laethúil acmhainní agus saincheisteanna margaidh. Ní mór ról,
freagrachtaí agus sainorduithe na dtáirgeoirí sin a athbhreithniú i bhfianaise
an athchóirithe ar an gComhbheartas Iascaigh sa chaoi is go mbeidh a
ngníomhaíochtaí táirgthe níos inbhuanaithe. Ba cheart díriú ar oibreoirí atá
suite níos faide anonn ar shlabhra na hearnála féachaint iad a spreagadh le
bheith níos tiomanta agus níos stuama ó thaobh foinsiú inbhuanaithe de. An suíomh margaidh
atá ag táirgeacht an AE a fheabhsú: Má dhéileáiltear le
neamhfhoirfeachtaí sa mhargadh, le costais arda a bheith ar fhaisnéis agus ar
idirbhearta, agus le saincheisteanna eagraíochtúla, féadfar díriú ar
ghníomhaíochtaí táirgthe (an soláthar a ghrúpáil agus margaíocht níos fearr a
dhéanamh tráth an chéad-díolacháin), ar tháirgeadh an AE a dhéanamh níos
iomaíche (caighdeán, nuálaíocht agus breisluach), ar chumhacht margála
táirgeoirí a athneartú agus ar chothrom iomaíochta a bhaint amach do gach
táirge a mhargaítear san Aontas. Ba cheart níos mó
béime a bheith i straitéisí na dtáirgeoirí ar fheabhas a chur ar an nasc idir
táirgeadh san AE ar thaobh amháin agus athruithe struchtúracha margaidh agus
luaineachtaí san AE ar an taobh eile. D'fhágfadh sé sin gurbh fhusa eolas ar an
margadh a fhorbairt agus anailís a dhéanamh ar thaobh an éilimh agus ar
sholáthairtí atá in iomaíocht le chéile. Ba cheart go mbeadh mar thoradh ar
thrédhearcacht a mhéadú feadh shlabhra na margaíochta go mbeidh sé níos fusa an
soláthar a chur in oiriúint don éileamh agus go gcuirfear feabhas ar cheapadh
beartais. Is féidir laghdú ar a luainí atá praghsanna chéad-díolacháin trí
bhíthin feabhas a chur ar na coinníollacha faoina gcuirtear táirgí de chuid
eagraíochtaí táirgeoirí ar an margadh agus trí bhíthin féachaint chuige go
ndéanfar an táirgeadh a phleanáil agus a chur in oiriúint don éileamh ó thaobh
caighdeáin, cainníochta agus cur i láthair. An acmhainn
mhargaidh atá i dtáirgí an AE a fheabhsú: Níl an margadh inmheánach i dtáirgí
iascaigh agus dobharshaothraithe ag feidhmiú chomh maith agus a d'fhéadfadh sé
a bheith ag feidhmiú, agus is easpa faisnéise go háirithe faoi deara sin.
D'fhéadfaí leas níos fearr a bhaint as na scothbhuntáistí atá ag táirgeacht an
AE (úire, tionscnamh áitiúil, éagsúlacht) trí bhíthin iad a éagsúlú agus a
mharsantú a thuilleadh. Ina cheann sin, tá sé de cheart ag custaiméirí an AE
faisnéis bheacht iontaofa a fháil sa chaoi is go n-athneartófar an mhuinín atá
acu i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. Tacú le rialachas
níos fearr a dhéanamh, leis an ualach riaracháin a laghdú agus leis an gcreat
dlí a shimpliú: Ba cheart na forálacha agus na hionstraimí atá ann cheana a
athbhreithniú, a shimpliú agus a shoiléiriú. Ba cheart
tacú leis an gComheagraíocht Mhargaidh leis an gciste nua airgeadais atá le cur
chun feidhme laistigh den Chomhbheartas Iascaigh athchóirithe. Idirghníomhaíocht
le hathchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh Is é
príomhchuspóir an athchóirithe ar an gComhbheartas Iascaigh bainistiú
inbhuanaithe acmhainní iascaigh a chur chun cinn trí bhíthin earnála atá
inmharthana go heacnamaíoch, earnáil a dtabharfar breis cumhachta dí í féin a
bhainistiú. I measúnú iarmharta an Chomhbheartais Iascaigh
thángthas ar an gconclúid gur ghá athchóiriú forleathan a dhéanamh ar an
gComheagraíocht Mhargaidh i bhfianaise chuspóirí agus ionstraimí nua an
Chomhbheartais Iascaigh: ba cheart go mbeadh ionstraimí
atá dírithe ar an margadh ina gcuidiú, go díreach nó go hindíreach, le
príomhchuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach. Chun dul i ngleic
leis an ró‑iascaireacht agus le cleachtais nach bhfuil inbhuanaithe agus
chun imeacht ó straitéisí táirgthe atá bunaithe ar mhéideanna amháin, tacóidh
an beartas margaidh nua leis na nithe seo a leanas: Cumhacht a
thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí cearta rochtana chomh maith le
gníomhaíochtaí táirgthe agus margaíochta a chomhbhainistiú; Bearta margaidh a
mhéadaíonn cumhacht margála táirgeoirí (san iascach agus sa dobharshaothrú), a
fheabhsaíonn an cumas géarchéimeanna margaidh a thuar, a chosc agus a
bhainistiú, agus a chothaíonn trédhearcacht agus éifeachtúlacht sa mhargadh; Dreasachtaí agus préimheanna margaidh i
gcomhair cleachtas inbhuanaithe; comhpháirtíochtaí le haghaidh táirgeadh, foinsiú
agus tomhaltais inbhuanaithe; deimhniúchán (eicilipéid), cur chun cinn,
faisnéis le haghaidh tomhaltóirí; Bearta margaidh
breise maidir le hiasc a chaitear ar ais san fharraige. Forálacha de
chuid an AE atá ann cheana sa réimse seo Is é Rialachán
(CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle lena mbunaítear Comheagraíocht Mhargaidh i
dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe an creat rialála atá ann faoi láthair.
Tá sé beartaithe an togra seo a chur in ionad an Rialacháin sin. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Rinneadh
comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ar leibhéil éagsúla ó bhí 2008 ann: Rinneadh
comhairliúchán poiblí ar líne maidir le saincheisteanna margaidh agus trádála
ón 9 Aibreán 2009 go dtí an 31 Nollaig 2009 i gcomhthéacs an Pháipéir Uaine ar
athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh (COIM(2009)163 críochnaitheach). Is le hathchóiriú ar an gComheagraíocht Mhargaidh
a bhain an 400 freagra go léir, beagnach, a fuarthas ar an bPáipéar Uaine. Tá achoimre air sin i gCaibidil ar leith (3.4) den Doiciméad
Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal 'Synthesis of the
Consultation on the reform of the Common Fisheries Policy' (Achoimre ar an
gComhairliúchán maidir le hathchóiriú ar an gCombheartas Iascaigh) SEC(2010)428
críochnaitheach – Aibreán 2010). Rinneadh
comhairliúchán forleathan le lucht na hearnála (táirgeoirí, allmhaireoirí,
próiseálaithe, miondíoltóirí) agus le gníomhairí neamhrialtasacha (eagraíochtaí
neamhrialtasacha forbartha agus comhshaoil, eagraíochtaí tomhaltóirí) laistigh
de na comhlachtaí comhairliúcháin a cuireadh ar bun faoin gComhbheartas
Iascaigh agus, ina theannta sin, reáchtáladh seimineáir théamacha. Rinneadh plé
forleathan leis na Ballstáit, lena n-áirítear cruinnithe déthaobhacha le
hionadaithe náisiúnta de chuid na hearnála, le lucht riaracháin náisiúnta agus
réigiúnach, agus leis an gCoiste Bainistíochta. Bhí dlúthbhaint ag Parlaimint
na hEorpa, an Coiste um Iascach go háirithe, leis na himeachtaí sin agus leis
na comhairliúcháin sin go léir. Measúnuithe tionchair Cruthaíodh grúpa
stiúrtha idirsheirbhíse laistigh den Choimisiún agus chuir an grúpa sin a
thuairimí uaidh le linn phróiseas an mheasúnaithe tionchair. Tar éis anailís a dhéanamh ar an gcreat beartais atá ann faoi láthair
agus ar fhorbairtí i margadh an AE i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe,
sainaithníodh roinnt réamhchuspóirí a bheadh ag leagan athchóirithe den Chomheagraíocht
Mhargaidh. I bhfianaise na gcuspóirí sin, measadh roinnt
roghanna beartais maidir le hathchóiriú a dhéanamh: An Chomheagraíocht
Mhargaidh atá ann faoi láthair i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a
choinneáil ar bun. B'ionann sin agus a bheith ag úsáid idirghabhálacha
margaidh, thar aon ní eile, chun cobhsaíocht praghsanna a áirithiú. An Chomheagraíocht
Mhargaidh atá ann faoi láthair i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a
athbhreithniú trí bhíthin na meicníochtaí idirghabhála a laghdú sa chaoi is
nach mbeadh fanta ach cúnamh stórála aonair i gcomhair táirgí iascaigh atá
ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus trí bhíthin ionstraimí eile a dhéanamh
níos simplí, níos iomchuí agus níos solúbtha (caighdeáin mhargaíochta agus
faisnéis do thomhaltóirí). Feabhas a chur ar
an gComheagraíocht Mhargaidh i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe trí
bhíthin cuspóirí nua a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí agus d'eagraíochtaí
idirchraoibhe agus tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh chun pleananna
margaíochta agus táirgthe inbhuanaithe a dhréachtú agus a chur chun feidhme. Leathnófaí ábhar agus raon feidhme na faisnéise sainordaithí a thugtar
do thomhaltóirí. Breithneofar lipéadú deonach ó thaobh cruinnis agus an
rialaithe a dhéantar air. An Chomheagraíocht
Mhargaidh atá ann faoi láthair i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a
dhírialú. Choiscfeadh an rogha seo gach tacaíocht airgeadais (idirghabháil agus
tacaíocht le haghaidh comhghníomhaíochtaí) agus aon ionstraim shonrach dlí
maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. Breithníodh an
rogha an status quo a choinneáil ar bun ach measadh go raibh sé neamh‑éifeachtúil
agus róchasta chun na cuspóirí atá ann faoi láthair a bhaint amach. Dhá bhliain
déag tar éis a glactha, dealraíonn sé nach bhfuil an Chomheagraíocht Mhargaidh
atá ann faoi láthair in ann ag dúshláin mhargadh an AE. Ba neamh-éifeachtaí
arís í faoin gComhbheartas Iascaigh athchóirithe, agus go deimhin d'fhéadfadh
sé nach mbeadh sí i gcomhréir leis na cuspóirí athchóirithe. Príomheasnaimh na
comheagraíochta margaidh atá ann faoi láthair a leigheas trí choigeartuithe
agus simplithe a mholadh a chuirfeadh feabhas ar a feidhmíocht. Ní bheadh sé
sin ábhartha ach i bpáirt do phríomhchuspóirí an athchóirithe ar an
gComhbheartas Iascaigh, áfach. Deireadh a chur le
Comheagraíocht Mhargaidh an AE ina hiomláine: fiú amháin nuair a chuirtear san
áireamh go bhfuil méadú tagtha ar fhorbairtí margadh-bhunaithe agus ar
dhreasachtaí inbhuanaitheachta, ní rachadh an rogha seo i ngleic leis na
príomhfhadhbanna a sainaithníodh, i.e. earnáil soláthair an AE a bheith
ilroinnte agus an baol go dtabharfaí faisnéis mhíthreorach nó mhearbhlach do
thomhaltóirí. Dá bhrí sin,
tacaíonn an Coimisiún le feabhas a chur ar an gComheagraíocht Mhargaidh chun cuidiú
leis an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe agus í ag druidim i dtreo
chleachtais an táirgthe inbhuanaithe. Is féidir mórán a
dhéanamh ó thaobh eagrúcháin agus margaíochta de chun go mbeidh sé níos fusa an
soláthar a thuar agus chun an costas ar idirbhearta a laghdú. Leagtar béim sa
rogha seo ar an ról atá ag gach príomh-gheallsealbhóir i gcur chun cinn
cleachtas inbhuanaithe. Ba cheart an Chomheagraíocht
Mhargaidh a bheith ina cabhair luach breise táirgí iascaigh agus
dobharshaothraithe a mhéadú i gcomhthéacs ina bhfuil tacaíocht airgeadais á
aistriú ón gcabhlach (go háirithe diúscairt agus scor sealadach), chuig
cleachtais san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe atá cliste, glas,
nuálach agus dírithe ar an margadh. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Bunús dlí Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh. Prionsabal na coimhdeachta Tagann an togra seo faoi inniúlachtaí atá
roinnte agus, dá bhrí sin, tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta. Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an gcúis seo a leanas: Ó tharla gur comhbheartas atá sa Chomhbheartas Iascaigh ba cheart é a chur chun feidhme le Rialachán arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Chun an bunchuspóir a bhaint amach arb é atá ann féachaint chuige go mbeidh tionscail iascaigh agus dobharshaothraithe ann ina mbeidh na dálaí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta inbhuanaithe san fhadtéarma agus a mhéadóidh ar an soláthar bia, is gá agus is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le caomhnú agus saothrú acmhainní bitheolaíocha na mara. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach. 2011/0194 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí
iascaigh agus dobharshaothraithe TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2)
de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[1], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na
Réigiún[2], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Cumhdaíonn raon feidhme an Chomhbheartais Iascaigh
bearta maidir leis na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe san
Aontas. Cuid dhílis den Chomhbheartas Iascaigh is ea comheagraíocht na margaí i
dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ('an Chomheagraíocht Mhargaidh' anseo
feasta) agus ba cheart í a bheith ina cuidiú le cuspóirí an chomhbheartais a
bhaint amach. Ó tharla go bhfuil an Comhbheartas Iascaigh á athbhreithniú, ba
cheart an Chomheagraíocht Mhargaidh a oiriúnú dá réir. (2)
Is gá Rialachán (CE) Uimh.104/2000 an 17 Nollaig
1999 ón gComhairle maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus
dobharshaothraithe[3] a
athbhreithniú chun easnaimh a braitheadh i gcur chun feidhme na bhforálacha atá
i bhfeidhm faoi láthair, athruithe a tharla le déanaí i margaí an AE agus i
margaí an domhain, agus forás gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe a
chur san áireamh. (3)
Ba cheart forálacha na Comheagraíochta Margaidh a
chur chun feidhme i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, go
háirithe ó thaobh fhorálacha na hEagraíochta Trádála Domhanda. (4)
Ba cheart an Chomheagraíocht Mhargaidh a bheith ina
chuidiú le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach. (5)
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí
sin a bhaint amach go leordhóthanach toisc gur margadh coiteann é an margadh i
dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus gur fearr is féidir, toisc go
bhfuil gá le tuilleadh comhghníomhaíochta, iad a bhaint amach ar leibhéal an
Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta, arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san
Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na
cuspóirí sin a bhaint amach. (6)
Tá sé tábhachtach go mbainisteofar an
Chomheagraíocht Mhargaidh de réir phrionsabail dea-rialachais an Chomhbheartais
Iascaigh (7)
Is iad na heagraíochtaí táirgeoirí na
príomhghníomhaithe ó thaobh chur i bhfeidhm iomchuí an Chomhbheartais Iascaigh
agus na Comheagraíochta Margaidh de. Is gá, dá bhrí sin, spriocanna na
n-eagraíochtaí sin a neartú chun a áirithiú go rachaidh a mbaill i mbun
gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe ar bhealach inbhuanaithe, go bhfeabhasóidh
siad an chaoi a gcuirtear táirgí ar an margadh, agus go mbaileoidh siad faisnéis
eacnamaíoch faoi dhobharshaothrú. Agus iad ag féachaint leis na spriocanna sin
a bhaint amach, ba cheart d'eagraíochtaí táirgeoirí dálaí éagsúla na hearnála
iascaigh agus na hearnála dobharshaothraithe san Aontas a chur san áireamh, sainiúlachtaí
iascaigh mhionscála go háirithe. (8)
Eagraíochtaí idirchraoibhe a chuimsíonn catagóirí
éagsúla oibreoirí, d'fhéadfaidís cuidiú le feabhas a chur ar chomhordú
gníomhaíochtaí margaíochta feadh an tslabhra luacha agus le bearta a bheadh le
leas na hearnála ina hiomláine a fhorbairt. (9)
Is iomchuí coinníollacha coiteanna a leagan síos maidir
leis na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí agus
eagraíochtaí idirchraoibhe a aithint, maidir leis na rialacha arna nglacadh ag
na heagraíochtaí táirgeoirí agus ag na heagraíochtaí idirchraoibhe a shíneadh,
agus maidir leis na costais a eascraíonn as síneadh dá leithéid a roinnt. Ba
cheart an nós imeachta maidir le rialacha a shíneadh a bheith faoi réir údarú
ón gCoimisiún. (10)
Ionas go bhféadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí a
gcuid ball a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe
inbhuanaithe, ba cheart do na heagraíochtaí táirgeoirí plean margaíochta a
shainiú ina bhfuil na bearta is gá chun a spriocanna a bhaint amach a shainiú
agus a chur faoi bhráid údaráis inniúla na mBallstát. (11)
Ó tharla gur deacair gníomhaíochtaí iascaigh a
thuar, is iomchuí meicníocht a bhunú chun táirgí iascaigh atá ceaptha lena
gcaitheamh ag daoine a stóráil d'fhonn breis cobhsaíochta a chothú sa mhargadh agus
an brabús a thugann táirgí a mhéadú, go háirithe trí bhreisluach a chruthú. Ba
cheart don mheicníocht seo a bheith ina cuidiú le margaí áitiúla an Aontais a
chobhsú agus a chóineasú d'fhonn an margadh aonair a bhaint amach. (12)
Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí comhchiste a
chruthú chun an táirgeadh, na pleananna margaíochta agus an mheicníocht stórála
a mhaoiniú. (13)
D'fhonn éagsúlacht praghsanna ar fud an Aontais a
chur san áireamh, ba cheart gach eagraíocht táirgeoirí a bheith i dteideal moladh
a dhéanamh maidir leis an bpraghas ag a gcuirfí ar obair an mheicníocht
stórála. Níor cheart a bheith mar thoradh ar an truicearphraghas go socrófaí
íosphraghsanna a d'fhéadfadh bac a chur leis an iomaíocht. (14)
Ó tharla gur comhacmhainní iad stoic éisc, is fusa,
i gcásanna áirithe, d'eagraíochtaí ina bhfuil baill ó Bhallstáit éagsúla iad a
shaothrú ar bhealach inbhuanaithe éifeachtúil. Is
gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le heagraíochtaí táirgeoirí
trasnáisiúnta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta a bhunú a
bheadh faoi réir na rialacha iomaíochta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i
gcónaí. (15)
Ba cheart go bhfágfadh cur i bhfeidhm
comhchaighdeán margaíochta go soláthrófaí táirgí inbhuanaithe don mhargadh, go
mbainfí an leas is mó is féidir as an margadh inmheánach i dtáirgí iascaigh
agus dobharshaothraithe, agus go n-éascófaí tráchtáil atá bunaithe ar iomaíocht
chothrom, agus ar an dóigh sin feabhas a chur ar acmhainn brabúis an táirgthe. (16)
Ó tharla go bhfuil táirgí iascaigh agus
dobharshaothraithe ag dul chun éagsúlachta, tá sé fíor-riachtanach íosmhéid
faisnéise a sholáthar do thomhaltóirí maidir le príomhthréithe táirgí. Chun difreáil
táirgí a chur chun cinn, is gá faisnéis bhreise a d'fhéadfaí a lua ar bhonn
deonach a chur san áireamh freisin. (17)
Na rialacha iomaíochta a bhaineann le
comhaontuithe, cinntí agus cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 101 den
Chonradh, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le táirgí iascaigh agus
dobharshaothraithe, a mhéid nach gcuireann a gcur i bhfeidhm bac ar fheidhmiú
chomheagraíocht na margaí nó nach gcuireann a gcur i bhfeidhm baint amach
spriocanna Airteagal 39 den Chonradh i mbaol. (18)
Is iomchuí rialacha iomaíochta a leagan síos a
bheadh infheidme maidir le táirgeadh agus margaíocht táirgí iascaigh agus
dobharshaothraithe, á chur san áireamh saintréithe na hearnála iascaigh agus
dobharshaothraithe, lena n-áirítear an earnáil a bheith ilroinnte, éisc a
bheith ina gcomhacmhainn agus a líonmhaire atá allmhairí. Ar mhaithe le
simpliú, ba cheart a ionchorprú sa Rialachán seo forálacha ábhartha Rialachán
(CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle an 24 Iúil 2006 lena ndéantar rialacha
áirithe iomaíochta a chur i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe talmhaíochta[4]. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith a
thuilleadh ag Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 maidir le táirgí iascaigh
agus dobharshaothraithe. (19)
Is gá feabhas a chur ar an bhfaisnéis eacnamaíoch faoi
na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. (20)
Ionas go bhféadfar na coinníollacha agus na
ceanglais maidir le haithint eagraíochtaí táirgeoirí a fhorlíonadh nó a leasú, ábhar
an phlean táirgthe agus margaíochta a fhorlíonadh nó a leasú, na
comhchaighdeáin mhargaíochta a shainiú agus a leasú, faisnéis shainordaitheach a
fhorlíonadh nó a leasú agus íoschritéir a leagan síos maidir le faisnéis a
sholáthraíonn oibreoirí do thomhaltóirí go deonach, ba cheart an chumhacht a
tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hAirteagail 24, 33, 41 agus 46
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE. (21)
Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an
Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena
n-áirítear comhairliúcháin le saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á
n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go
hiomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (22)
Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha cur chun
feidhme Airteagail 25, 31, 34 agus 37 den Rialachán seo aonfhoirmeach, ba
cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na
cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos
na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí maidir
leis na Ballstáit rialú a dhéanamh ar fheidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme
ag an gCoimisiún. (23)
Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle
a aisghairm ach ba cheart leanúint d'fheidhm a bheith ag Airteagail 9, 10, 11,
17, 18, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27, 34, 35, 36, 37, 38 agus 39 go dtí
teacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh agus
Dobharshaothraithe. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Caibidil I
Forálacha ginearálta Airteagal 1
Ábhar 1.
Bunaítear leis seo comheagraíocht na margaí i
dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ('Comheagraíocht Mhargaidh' anseo
feasta). 2.
Is éard a bheidh sa Chomheagraíocht Mhargaidh na
hionstraimí seo a leanas: (a) eagraíochtaí gairmiúla; (b) caighdeáin mhargaíochta; (c) faisnéis do thomhaltóirí; (d) rialacha iomaíochta (e) faisnéis faoin margadh. Airteagal 2
Raon feidhme Beidh feidhm ag an gComheagraíocht Mhargaidh
maidir leis na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá liostaithe in
Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ar táirgí iad a mhargaítear
san Aontais. Airteagal 3
Cuspóirí Beidh an Chomheagraíocht Mhargaidh ina cuidiú
leis na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 2 agus Airteagal 3 den
Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh a bhaint amach. Airteagal 4
Prionsabail Beidh mar threoir ag an gComheagraíocht
Mhargaidh prionsabail an dea-rialachais atá leagtha síos in Airteagal 4 den
Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh. Airteagal 5
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán maidir leis an
gComhbheartas Iascaigh. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin: (a)
ciallaíonn 'táirgí iascaigh' orgánaigh uisceacha ar
toradh aon ghníomhaíochta iascaigh iad nó táirgí a dhíorthaítear uathu, mar atá
liostaithe in Iarscríbhinn I; (b)
ciallaíonn 'táirgí dobharshaothraithe' orgánaigh
uisceacha, ag aon chéim dá saolré, ar toradh aon ghníomhaíochta dobharshaothraithe
iad nó táirgí a dhíorthaítear uathu, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I; (c)
ciallaíonn 'táirgeoir' aon duine nádúrtha nó
dlítheanach a úsáideann modh táirgthe chun táirgí iascaigh nó
dobharshaothraithe a fháil d'fhonn iad a chur ar an margadh. (d)
ciallaíonn 'an earnáil iascaigh nó
dobharshaothraithe' an earnáil den gheilleagar a chuimsíonn gach gníomhaíocht
táirgthe, phróiseála agus mhargaíochta a bhaineann le táirgí iascaigh nó
dobharshaothraithe; (e)
ciallaíonn 'cur ar fáil ar an margadh' aon soláthar
de tháirge iascaigh nó dobharshaothraithe atá ceaptha lena dháileadh, lena
thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála,
ar íocaíocht nó saor in aisce; (f)
ciallaíonn 'cur ar an margadh' an chéad uair a
chuirtear táirge iascaigh nó dobharshaothraithe ar fáil ar mhargadh an Aontais; Caibidil II
Eagraíochtaí gairmiúla Roinn I
Bunú, cuspóirí agus bearta Airteagal 6
Eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh a bhunú Féadfar eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh a
bhunú mar ghrúpa arna chur ar bun ar fhéintionscnamh táirgeoirí táirgí iascaigh
i mBallstát amháin nó níos mó agus iad a aithint i gcomhréir le Roinn II. Airteagal 7
Cuspóirí eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh Saothróidh eagraíochtaí táirgeoirí táirgí iascaigh
na cuspóirí seo a leanas: (a)
féachaint leis go mbeidh gníomhaíochtaí a mball
inbhuanaithe agus i lánchomhréir leis an mbeartas caomhnaithe arna leagan síos
sa Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh agus leis an reachtaíocht
maidir leis an gcomhshaol; (b)
gabhálacha gan iarraidh stoc tráchtála a
láimhseáil; (c)
feabhas a chur ar na coinníollacha faoina gcuirtear
táirgí iascaigh a mball ar an margadh; (d)
na margaí a chobhsú; (e)
feabhas a chur ar acmhainn brabúis táirgeoirí. Airteagal 8
Bearta is féidir leis na heagraíochtaí táirgeoirí iascaigh a dhéanamh Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí táirgí
iascaigh úsáid a bhaint as na bearta seo a leanas chun na cuspóirí atá leagtha
amach in Airteagal 7 a bhaint amach: (a)
gníomhaíochtaí iascaigh a mball a phleanáil; (b)
an úsáid is fearr is féidir a bhaint as
gabhálacha gan iarraidh stoc tráchtála trí bhíthin: - táirgí arna gcur i dtír nach gcomhlíonann
na híosmhéideanna margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 39(2)(a) a
dhiúscairt, i gcás úsáideanna nach úsáid mar bhia don duine iad. - táirgí arna gcur i dtír a chomhlíonann na
híosmhéideanna margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 39(2)(a) a chur ar an
margadh; - táirgí arna gcur i dtír a dháileadh saor
in aisce chun críocha daonchairdiúla nó carthanacha. (c)
táirgeadh a chur in oiriúint do riachtanais an
mhargaidh; (d)
soláthar agus margaíocht tháirgí a mball a
threorú; (e)
stóráil shealadach do tháirgí iascaigh a
bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 35 agus Airteagal 36; (f)
bearta a ghlacadh ionas go gcomhlíonfaidh
gníomhaíochtaí a mball na rialacha arna leagan síos ag an eagraíocht táirgeoirí
agus rialú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin. Airteagal 9
Eagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe a bhunú Féadfar eagraíochtaí táirgeoirí
dobharshaothraithe a bhunú mar ghrúpa arna chur ar bun ar fhéintionscnamh
táirgeoirí táirgí dobharshaothraithe i mBallstát amháin nó níos mó agus iad a aithint
i gcomhréir le Roinn II. Airteagal 10
Cuspóirí eagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe Saothróidh eagraíochtaí táirgeoirí táirgí
iascaigh na cuspóirí seo a leanas: (a)
féachaint leis go mbeidh gníomhaíochtaí a mball
inbhuanaithe trí bhíthin deiseanna forbartha a chur ar fáil dóibh; (b)
rannchuidiú leis an soláthar bia agus le
cúrsaí fostaíochta i limistéir ar an gcósta agus i limistéir thuaithe; (c)
fáil amach an bhfuil gníomhaíochtaí a mball ag
teacht leis na pleananna náisiúnta straitéiseacha dá dtagraítear in Airteagal
51 den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh. (d)
feabhas a chur ar na coinníollacha faoina
gcuirtear táirgí dobharshaothraithe a mball ar an margadh; (e)
feabhas a chur ar acmhainn brabúis táirgeoirí. Airteagal 11
Bearta is féidir leis na heagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe a dhéanamh Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí
dobharshaothraithe úsáid a bhaint as na bearta seo a leanas chun na cuspóirí dá
dtagraítear in Airteagal 10 a bhaint amach: (a)
dobharshaothrú stuama inbhuanaithe a chur chun
cinn, go háirithe a fhad a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, le sláinte
ainmhithe agus le leas ainmhithe. (b)
táirgeadh a chur in oiriúint do riachtanais an
mhargaidh; (c)
soláthar agus margú tháirgí a mball a threorú; (d)
bearta a ghlacadh ionas go gcomhlíonfaidh
gníomhaíochtaí a mball na rialacha arna leagan síos ag an eagraíocht táirgeoirí
agus rialú a dhéanamh ar na bearta sin; (e)
faisnéis a bhailiú faoi na táirgí a
mhargaítear, lena n-áirítear faisnéis eacnamaíoch faoi chéad‑díolacháin
agus faoi thuartha táirgeachta. Airteagal 12
Comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú 1.
Féadfar comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh
nó dobharshaothraithe a bhunú mar ghrúpa arna chur ar bun ar fhéintionscnamh eagraíochtaí
táirgeoirí atá aitheanta i mBallstáit amháin nó níos mó. 2.
Forálacha an Rialacháin seo atá infheidhme maidir
le heagraíochtaí táirgeoirí, beidh feidhm acu maidir le comhlachais
eagraíochtaí táirgeoirí freisin mura sonraítear a mhalairt. Airteagal 13
Cuspóirí na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí Saothróidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí
iascaigh nó dobharshaothraithe na cuspóirí seo a leanas: (a)
aon chuspóirí de chuid na n‑eagraíochtaí táirgeoirí
ar baill iad atá leagtha síos in Airteagal 7 agus in Airteagal 10 a dhéanamh ar
bhealach níos éifeachtúla; (b)
gníomhaíochtaí atá le leas coiteann na n‑eagraíochtaí
táirgeoirí ar baill iad a chomhordú agus a fhorbairt. Airteagal 14
Eagraíochtaí idirchraoibhe a bhunú Féadfar eagraíochtaí idirchraoibhe a bhunú mar
ghrúpa arna chur bun ag oibreoirí táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ar a
dtionscnamh féin i mBallstát amháin nó níos mó agus arna n‑aithint i
gcomhréir le Roinn II: Airteagal 15
Cuspóirí eagraíochtaí idirchraoibhe Saothróidh eagraíochtaí idirchraoibhe na
cuspóirí seo a leanas: (a)
feabhas a chur ar na coinníollacha faoina
gcuirtear ar an margadh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais; (b)
cuidiú le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an
gcaoi a ndéantar táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais a chur ar
an margadh agus a chur ar fáil ar an margadh; Airteagal 16
Bearta is féidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a dhéanamh Féadfaidh eagraíochtaí idirchraoibhe úsáid a
bhaint as na bearta seo a leanas chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal
15 a bhaint amach: (a)
conarthaí caighdeánacha a luíonn le dlí an Aontais
a tharraingt suas; (b)
táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais
a chur chun cinn ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trí úsáid a bhaint as deimhniú,
go háirithe tuairiscí tionscnaimh, séalaí cáilíochta, sonrúchán geografach agus
fiúntas táirgí ó thaobh inbhuanaitheachta de. (c)
rialacha a leagan síos maidir le táirgeadh agus
margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá níos déine ná iad sin
atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais nó sa reachtaíocht náisiúnta. (d)
feabhas a chur ar an táirgeadh agus ar an margadh ó
thaobh cáilíochta, eolais, agus trédhearcachta de; (e)
taighde agus staidéir ar an margadh a dhéanamh,
agus teicnící a fhorbairt chun go bhfeidhmeoidh an margadh ar an mbealach is
fearr is féidir, lena n-áirítear i réimse na teicneolaíochta faisnéise agus
cumarsáide; (f)
an fhaisnéis is gá a sholáthar agus an taighde is
gá a dhéanamh chun soláthairtí a áirithiú a riarfaidh ar riachtanais an
mhargaidh agus ionchais tomhaltóirí ó thaobh méid, cáilíochta agus praghais de;
(g)
bearta a ghlacadh ionas go gcomhlíonfaidh
gníomhaíochtaí a mball na rialacha arna leagan síos ag an eagraíocht
idirchraoibhe agus rialú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin. Roinn II
Aitheantas Airteagal 17
Eagraíochtaí táirgeoirí a aithint Féadfaidh na Ballstáit aitheantas mar
eagraíocht táirgeoirí iascaigh nó dobharshaothraithe a thabhairt do gach grúpa
táirgeoirí a iarrann an t-aitheantas sin, ar chuntar: (a)
go bhfuil siad gníomhach a ndóthain go heacnamaíoch
ar a gcríoch nó ar chuid dá gcríoch, go háirithe maidir leis an líon ball agus
maidir leis an méid táirgeachta is inmhargaithe; (b)
go bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoi dhlí
náisiúnta Ballstáit, go bhfuil a gceanncheathrú ar a gcríoch agus go bhfuil
siad bunaithe ar an gcríoch sin; (c)
go bhfuil siad ábalta na cuspóirí atá leagtha síos
in Airteagal 7 agus in Airteagal 10 a shaothrú; (d)
go gcomhlíonann siad na rialacha iomaíochta atá
leagtha síos i gCaibidil VI; (e)
nach bhféadfaidh ceannasacht sa mhargadh a bheith
acu mura bhfuil sé sin riachtanach chun cuspóirí Airteagal 39 den Chonradh a
shaothrú. Airteagal 18
Eagraíochtaí idirchraoibhe a aithint Féadfaidh na Ballstáit aitheantas mar
eagraíocht idirchraoibhe a thabhairt do gach grúpa atá bunaithe ar a gcríoch
agus a dhéanann iarratas iomchuí ar an aitheantas sin, á chur san áireamh dóibh
rialacha an Aontais, go háirithe rialacha a bhaineann leis an iomaíocht, ar
chuntar: (a)
gurb iadsan a dhéanann sciar mór de dhá cheann ar a
laghad de na gníomhaíochtaí seo a leanas i réimse nó réimsí ar leith:
táirgeadh, margaíocht, agus próiseáil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe
nó táirgí a phróiseáiltear ó tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe; (b)
nach bhfuil siad féin ag gabháil do tháirgeadh,
próiseáil ná margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe nó táirgí a
phróiseáiltear as táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe; (c)
go bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoi dhlí
náisiúnta Ballstáit, go bhfuil a gceanncheathrú ar chríoch an Bhallstáit sin
agus go bhfuil siad bunaithe ar chríoch an Bhallstáit sin; (d)
gur féidir leo na cuspóirí atá leagtha síos in
Airteagal 15 a chur i gcrích; (e)
go gcuireann siad leas na dtomhaltóirí san áireamh; (f)
nach gcuireann siad bac ar dhea-fheidhmiú na Comheagraíochta
Margaidh. Airteagal 19
An t-aitheantas a thugann na Ballstáit a sheiceáil agus a tharraingt siar Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha tráthrialta
chun a áirithiú go bhfuil eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí
idirchraoibhe ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le haitheantas atá
leagtha síos in Airteagail 17 agus Airteagal 18 agus, i gcás inarb iomchuí,
tarraingeoidh siad siar aitheantas a tugadh d'eagraíochtaí táirgeoirí agus
d'eagraíochtaí idirchraoibhe. Airteagal 20
Eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus
eagraíochtaí idirchraoibhe Ballstáit a bhfuil náisiúnaigh dá gcuid ina
mbaill d'eagraíochtaí táirgeoirí nó d'eagraíochtaí idirchraoibhe atá bunaithe i
gcríoch Ballstáit eile agus Ballstáit ina bhfuil ceanncheathrú comhlachais
eagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta i mBallstáit éagsúla, bunóidh siad, i
gcomhar leis na Ballstáit ábhartha, an comhar riaracháin is gá chun seiceálacha
a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na heagraíochta nó an chomhlachais i gceist. Airteagal 21
Deiseanna iascaireachta a dháileadh
Aon eagraíocht táirgeoirí ar náisiúnaigh de
chuid Ballstát éagsúla a mbaill nó aon chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí atá
aitheanta i mBallstáit éagsúla, déanfaidh siad a gcúraimí gan dochar do na
forálacha lena rialaítear dáileadh deiseanna iascaireachta ar na Ballstáit i
gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh. Airteagal 22
Cumarsáid leis an gCoimisiún Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún,
trí mheán leictreonach, aon chinneadh aitheantas a thabhairt nó a tharraingt
siar. Airteagal 23
Seiceálacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na
coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 17 agus Airteagal 18 maidir le
haitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí nó d'eagraíochtaí
idirchraoibhe, féadfaidh an Coimisiún seiceálacha a dhéanamh agus, i gcás inarb
iomchuí, féadfaidh sé a iarraidh ar na Ballstáit aitheantas eagraíochtaí
táirgeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe a tharraingt siar. Airteagal 24
Gníomhartha tarmligthe Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an méid seo
a leanas a dhéanamh: (a)
na coinníollacha maidir le haitheantas dá
dtagraítear in Airteagal 17 agus Airteagal 18 a leasú nó a fhorlíonadh.
D'fhéadfadh baint a bheith ag na rialacha sin le feidhmiú inmheánach
eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe, a rialacha comhlachais,
forálacha airgeadais agus buiséadacha, na hoibleagáidí atá ar a mbaill agus
forghníomhú chur i bhfeidhm a rialacha, lena n-áirítear pionóis; (b)
rialacha a leagan síos maidir le minicíocht, ábhar agus
modhanna praiticiúla na seiceálacha atá le déanamh ag na Ballstáit i gcomhréir
le hAirteagal 20 agus Airteagal 21. Airteagal 25
Gníomhartha cur chun feidhme 1.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme
maidir leis na nithe seo a leanas: (a) na spriocdhátaí agus nósanna imeachta atá
le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí
táirgeoirí agus d'eagraíochtaí idirchraoibhe de bhun Airteagal 17 nó Airteagal
18 nó chun an t‑aitheantas sin a tharraingt siar de bhun Airteagal 19. (b) an fhormáid, na spriocdhátaí agus na
nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit agus iad ag cur in iúl don
Choimisiún aon chinneadh an t‑aitheantas a thabhairt nó a tharraingt siar
de bhun Airteagal 22. 2.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá
dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós
imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51. Roinn III
Rialacha a shíneadh Airteagal 26
Rialacha eagraíochtaí táirgeoirí a shíneadh 1. Féadfaidh Ballstát na
rialacha a comhaontaíodh laistigh d'eagraíocht táirgeoirí a chur de cheangal ar
tháirgeoirí nach baill den eagraíocht iad agus a mhargaíonn aon cheann de na
táirgí laistigh den limistéar a bhfuil an eagraíocht táirgeoirí ionadaitheach
dó ar chuntar: (c)
go meastar go bhfuil an eagraíocht táirgeoirí
ionadaitheach do tháirgeadh agus do mhargaíocht i mBallstát amháin agus go
gcuireann sí iarratas isteach chuig na húdaráis inniúla náisiúnta; (d)
go mbaineann na rialacha atá le síneadh le haon
cheann de na bearta is féidir leis na heagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh atá
leagtha síos in Airteagal 8(a), (b), (c), (d), (e). 2. Chun críocha mhír 1(a) meastar
go bhfuil eagraíocht táirgeoirí iascaigh ionadaitheach i gcás inarb ionann í
agus ar a laghad 65% de chainníochtaí an táirge i gceist a margaíodh le linn na
bliana roimhe sa limistéar a bhfuil sé beartaithe na rialacha a shíneadh
chuige. 3. Chun críocha mhír 1(a)
meastar go bhfuil eagraíocht táirgeoirí dobharshaothraithe ionadaitheach i gcás
inarb ionann í agus ar a laghad 40 % de chainníochtaí an táirge i gceist a
margaíodh le linn na bliana roimhe sa limistéar a bhfuil sé beartaithe na
rialacha a shíneadh chuige. 4. Na rialacha atá le síneadh
chuig eagraíochtaí nach baill iad, beidh feidhm acu go ceann tréimhse idir 90
lá agus 12 mhí. Airteagal 27
Rialacha eagraíochtaí idirchraoibhe a shíneadh 1.
Féadfaidh Ballstát roinnt de na comhaontuithe, de
na cinntí nó de na cleachtais chomhbheartaithe a comhaontaíodh laistigh den
eagraíocht a chur de cheangal ar eagraíocht idirchraoibhe eile i limistéar ar
leith nó i limistéir ar leith, ar oibreoirí nach baill den eagraíocht sin iad,
ar chuntar: (e)
go ndéanann an eagraíocht idirchraoibhe ar a laghad
65% de na gníomhaíochtaí i gcás ar a laghad dhá cheann de na gníomhaíochtaí seo
a leanas: táirgeadh, margaíocht nó próiseáil an táirge i gceist le linn na
bliana roimhe sa limistéar nó sna limistéir i gceist den Bhallstát, agus go
gcuireann sé iarrtas isteach chuig na húdaráis inniúla náisiúnta; (f)
go mbaineann na rialacha atá le síneadh chun oibreoirí
eile a chumhdach le haon cheann de na bearta is féidir le heagraíochtaí
idirchraoibhe a dhéanamh atá leagtha síos in Airteagal 16 (a), (b), (c), (d),
(e) agus (f) agus nach ndéanann siad dochar d'oibreoirí eile sa Bhallstát lena
mbaineann ná san AE. 2.
Féadfaidh síneadh a chuirtear le rialacha a bheith
ina cheangal go ceann tréimhse nach faide ná trí bliana. Airteagal 28
Dliteanas Nuair a shíntear rialacha chuig eagraíochtaí
nach baill iad de réir Airteagal 26 agus Airteagal 27, féadfaidh an Ballstát
lena mbaineann cinneadh a dhéanamh go bhfuil eagraíochtaí nach baill iad faoi
dhliteanas ag an eagraíocht táirgeoirí nó ag an eagraíocht idirchraoibhe i
leith choibhéis na gcostas ar fad nó cuid díobh a d'íoc na baill de thoradh
síneadh na rialacha a chur i bhfeidhm. Airteagal 29
Údarú ón gCoimisiún 1.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i
leith na rialacha a bhfuil sé beartaithe acu a chur de cheangal ar na
táirgeoirí nó ar na hoibreoirí uile i limistéar sonrach nó i limistéir
shonracha de bhun Airteagal 26 agus Airteagal 27. 2.
Glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-údarófar
síneadh na rialacha ar thug an Ballstát fógra ina leith más rud é: (a)
go gcomhlíontar forálacha Airteagal 26 agus
Airteagal 27; (b)
go gcomhlíontar na rialacha iomaíochta atá leagtha
síos i gCaibidil VI; (c)
nach gcuireann an síneadh saorthrádáil i mbaol; (d)
nach gcuirtear cuspóirí Airteagal 39 den Chonradh i
mbaol. 3.
Laistigh de dhá mhí tar éis dó an fógra a fháil,
déanfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndéanfar síneadh na rialacha a údarú nó a
dhiúltú, agus cuirfidh sé sin iúl do na Ballstáit. I gcás nach mbeidh cinneadh
déanta ag an gCoimisiún laistigh den tréimhse dhá mhí, measfar go bhfuil
síneadh na rialacha údaraithe ag an gCoimisiún. Airteagal 30
Údarú a tharraingt siar Féadfaidh an Coimisiún seiceálacha a dhéanamh
agus féadfaidh sé an t-údarú a thug sé na rialacha a shíneadh a tharraingt siar
i gcás ina suíonn sé go bhfuil aon cheann de na ceanglais maidir leis an údarú gan
chomhlíonadh. Cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas ina thaobh. Airteagal 31
Gníomhartha cur chun feidhme Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51, rialacha a bhunú maidir le formáid
agus nós imeachta an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 29(1). Roinn IV
Táirgeadh agus margaíocht a phleanáil Airteagal 32
Plean táirgthe agus margaíochta 1. Cuirfidh gach táirgeoir plean táirgthe agus margaíochta
faoi bhráid a údaráis inniúil náisiúnta chun na cuspóirí atá leagtha síos in
Airteagal 3 a chomhlíonadh. 2. Formheasfaidh an Ballstát an plean. Nuair atá an plean
faofa, cuirfidh an eagraíocht táirgeoirí chun feidhme é gan mhoill. 3. Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí an plean táirgthe agus margaíochta
a athbhreithniú, agus cuirfear an t-athbhreithniú sin chuig údaráis inniúla an
Bhallstáit lena fhormheas. 4. Déanfaidh an eagraíocht táirgeoirí tuarascáil bhliantúil a
bhunú i dtaca lena gníomhaíochtaí faoin bplean táirgthe agus margaíochta dá
dtagraítear i mír 1, agus cuirfidh sé faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit
í. 5. Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go
gcomhlíonfaidh gach eagraíocht táirgeoirí na hoibleagáidí dá bhforáiltear san
Airteagal seo. Airteagal 33
Gníomhartha tarmligthe Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun rialacha a
leagan síos maidir le hábhar an phlean táirgthe agus margaíochta dá dtagraítear
in Airteagal 32(1). Airteagal 34
Gníomhartha cur chun feidhme Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha
cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 51, na rialacha nós imeachta agus na teorainneacha ama
le haghaidh an plean táirgthe agus margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 32 a
bheith curtha isteach ag eagraíochtaí táirgeoirí agus faofa ag Ballstáit. Roinn V
Na margaí a chobhsú Airteagal 35
Meicníocht stórála Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí stóráil na
dtáirgí iascaigh atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán
seo a mhaoiniú, ar chuntar: (a)
gur chuir an eagraíocht táirgeoirí na táirgí ar
díol ach nach bhfuarthas ceannaitheoir ag an truicearphraghas dá dtagraítear in
Airteagal 36; (b)
go gcomhlíonann na táirgí na caighdeáin
mhargaíochta arna nglacadh faoi Airteagal 39 agus gur de cháilíocht fónta go
leor iad lena gcaitheamh ag an duine. (c)
go ndéantar na táirgí a chobhsú nó a phróiseáil agus
a stóráil trína reo, ar bord arthach nó i saoráidí ar tír, trína sailleadh,
trína dtriomú, trína maranáidiú, agus, más ábhartha, trína mbruith agus trína
bpaistéaradh. Féadfaidh filléadú nó gearradh, agus i gcás inarb iomchuí,
sciotadh cinn, a dhéanamh maille le ceann de na próisis thuasluaite. (d)
go ndéanfar na táirgí atá stóráilte a thabhairt
isteach sa mhargadh arís níos faide anonn lena gcaitheamh ag an duine. Airteagal 36
Praghsanna ag a gcuirfear an mheicníocht stórála ar obair 1. Roimh thús gach bliana,
féadfaidh gach eagraíocht táirgeoirí moladh dá chuid féin a dhéanamh maidir le
praghas a gcuirfeadh an mheicníocht stórála dá dtagraítear in Airteagal 35 ar
obair i gcás na dtáirgí iascaigh atá liostaithe in Iarscríbhinn II. 2. Ní fhéadfaidh an truicearphraghas
sin a bheith níos airde ná 80% den mheánphraghas ualaithe a taifeadadh i leith na
táirgeachta i gceist i réimse gníomhaíochta na heagraíochta lena mbaineann le
linn na dtrí bliana go díreach roimh an mbliain a bhfuil an truicearphraghas
socraithe lena haghaidh. 3. Agus an truicearphraghas á chinneadh,
cuirfear an méid seo a leanas san áireamh: (a)
treochtaí táirgthe agus éilimh; (b)
cobhsú praghsanna margaidh; (c)
cóineasú na margaí; (d)
ioncaim táirgeoirí; (e)
leasanna tomhaltóirí. 4. Tar éis dóibh na moltaí a rinne na heagraíochtaí
táirgeoirí atá aitheanta ar a gcríoch a scrúdú, cinnfidh na Ballstáit na
truicearphraghsanna a bheidh le cur i bhfeidhm ag na heagraíochtaí táirgeoirí.
Socrófar na praghsanna sin ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 2 agus i
mír 3. Poibleofar na praghsanna sin. Airteagal 37
Gníomhartha cur chun feidhme Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51, rialacha a bhunú maidir leis an
bhformáid ina bhfoilseoidh na Ballstáit na truicearphraghsanna de bhun
Airteagal 36(4). Roinn VI Comhchiste Airteagal 38
Comhchiste Féadfaidh gach eagraíocht táirgeoirí
comhchiste a chruthú nach n‑úsáidfear ach chun na bearta seo a leanas a
mhaoiniú: (a)
pleananna táirgthe agus margaíochta arna bhformheas
ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 32; (b)
meicníocht stórála a bhunú faoi Airteagal 35 agus
Airteagal 36. Caibidil III
Caighdeáin mhargaíochta Airteagal 39
Caighdeáin mhargaíochta a bhunú 1.
Féadfar comhchaighdeáin mhargaíochta a leagan síos
maidir leis na táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I atá ceaptha lena
gcaitheamh ag an duine. 2.
Féadfaidh baint a bheith ag na caighdeáin dá
dtagraítear i mír 1 leis na nithe seo a leanas go háirithe: (a)
íosmhéideanna margaíochta a ceapadh i bhfianaise na
comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil agus atá i gcomhréir leis na
méideanna tagartha caomhantais le haghaidh táirgí iascaigh dá dtagraítear in
Airteagal 15(3) den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh; (b)
sonraíochtaí táirgí stánaithe atá i gcomhréir le
ceanglais chaomhantais agus oibleagáidí idirnáisiúnta. 3.
Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 gan dochar do na
nithe seo a leanas: (a) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ag leagan síos rialacha sonracha
sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch[5];
(b) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón
gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach,
neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú[6]; agus (c) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón
gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh
rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú[7]. Airteagal 40
Comhlíonadh caighdeán margaíochta 1. Na táirgí a bhfuil caighdeáin
mhargaíochta leagtha síos ina leith, ní fhéadfar iad a mhargú san Aontas mar
tháirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine ach i gcomhréir leis na
caighdeáin sin. 2. Seiceálfaidh na Ballstáit an
gcomhlíonann na táirgí atá faoi réir comhchaighdeán margaíochta na caighdeáin
sin. Féadfar na seiceálacha a dhéanamh ag gach céim den mhargú agus le linn an
iompair. 3. Faoi fhreagracht na
mBallstát, féadfar gach táirge iascaigh a chuirtear i dtír, lena n‑áirítear
táirgí nach gcomhlíonann na caighdeáin mhargaíochta, a dháileadh saor in aisce
ar institiúidí daonchairdiúla nó carthanacha atá bunaithe san Aontas nó ar
dhaoine atá aitheanta faoi reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann mar
dhaoine atá i dteideal cúnaimh phoiblí. Airteagal 41
Gníomhartha tarmligthe Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmlighte a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 d'fhonn na
comhchaighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 39(1) a shainiú ó thaobh
cáilíochta, méide nó meáchain, pacáistíochta, cur i láthair agus lipéadú, agus
– má léiríonn a gcur chun feidhme go bhfuil sé riachtanach – iad a leasú, á
áirithiú dó go saineofar na caighdeáin ar bhealach cothrom trédhearcach; Caibidil IV
Faisnéis do thomhaltóirí Airteagal 42
Faisnéis shainordaitheach 1.
Táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe dá
dtagraítear in (a), (b), (c) agus (e) d'Iarscríbhinn I agus a mhargaítear san
AE, beag beann ar a dtionscnamh, ní fhéadfar iad a thairiscint lena ndíol leis
an tomhaltóir deiridh mura mbeidh marcáil nó lipéad iomchuí orthu á thabhairt
le fios: (a)
sonrúchán tráchtála an speicis; (b)
an modh táirgthe, trí úsáid na bhfrásaí seo a
leanas go háirithe: "...arna ghabháil...", "...arna ghabháil i
bhfíoruisce", nó "...arna shaothrú..."; (c)
an limistéar inar gabhadh an táirge nó inar
saothraíodh é; (d)
an dáta gabhála i gcás táirgí iascaigh nó an dáta
buainte i gcás táirgí dobharshaothraithe; (e)
cé acu atá an táirge úr nó díreoite; 2.
Táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe dá
dtagraítear in (h) agus (i) d'Iarscríbhinn I agus a mhargaítear san AE, beag
beann ar a dtionscnamh, ní fhéadfar iad a thairiscint lena ndíol leis an
tomhaltóir deiridh mura mbeidh marcáil nó lipéad iomchuí orthu á thabhairt le
fios: (a)
sonrúchán tráchtála an speicis; (b)
an modh táirgthe, trí úsáid na bhfrásaí seo a
leanas go háirithe: "...arna ghabháil...", "...arna ghabháil i
bhfíoruisce", nó "...arna shaothrú..."; (c)
an limistéar inar gabhadh an táirge nó inar
saothraíodh é; 3.
Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i
mír 2 soiléir inléite. 4.
Beidh feidhm ag mír 1, 2, agus 3 gan dochar do na
nithe seo a leanas: (a) Treoir 2000/13/CE an 20 Márta 2000 maidir
le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lipéadú, cur i láthair agus
fógraíocht ar bhia-ábhair[8]; (b) Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón
gComhairle an 21 Meitheamh 1989 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta
maidir le sairdíní leasaithe[9]; (c) Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón
gComhairle an 9 Meitheamh 1992 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta
maidir le tuinníní agus boiníotó leasaithe[10]; Airteagal 43
Sonrúcháin tráchtála Chun críocha Airteagal 42 agus mhíreanna 1(a)
agus 2(a), tarraingeoidh na Ballstáit suas liosta sonrúcháin tráchtála a
nglactar leo ar a gcríoch, agus foilseoidh siad an liosta sin. Beidh an méid
seo a leanas sa liosta: (a) ainm eolaíoch gach speicis de réir an
chórais faisnéise FishBase; (b) ainm an speicis i dteanga oifigiúil nó i
dteangacha oifigiúla an Bhallstáit; (c) i gcás inarb infheidhme, aon ainm nó aon
ainmneacha eile áitiúla nó réigiúnacha a nglactar nó atá ceadaithe. Airteagal 44
Sonra limistéar na gabhála nó an táirgthe 1. Is éard a bheidh i sonra limistéar
na gabhála nó limistéar na táirgthe i gcomhréir le mír 1(c) agus mír 2(c), na
nithe seo a leanas: (a)
i gcás táirgí iascaigh arna ngabháil ar muir, ainm
ceann de na limistéir, de na folimistéir nó de na ranna atá liostaithe i measc
Limistéir Iascaigh na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta; (b)
i gcás táirgí iascaigh arna ngabháil i
bhfionnuisce, tagairt do Bhallstát tionscnaimh nó do thríú tír tionscnaimh an
táirge; (c)
i gcás táirgí dobharshaothraithe, tagairt don
Bhallstát nó don tríú tír ina ndéantar an chéim dheiridh de shaothrú an táirge,
ar céim í nach giorra ná trí mhí. 2. Le cois na faisnéise dá
dtagraítear i mír 1, féadfaidh oibreoirí faisnéis níos beaichte a thabhairt
maidir leis limistéar na gabhála nó an táirgthe. Airteagal 45
Faisnéis bhreise dheonach 5.
Mar aon leis an bhfaisnéis sainordaitheach a
cheanglaítear de bhun Airteagal 42, féadfar an fhaisnéis seo a leanas a
sholáthar ar bhonn deonach: (a) faisnéis maidir leis an gcomhshaol; (b) faisnéis eiticiúil nó shóisialta; (c) faisnéis maidir le teicnící táirgthe; (d) faisnéis maidir le cleachtais táirgthe; (e) faisnéis maidir le cion cothaithe an
táirge. 6.
Ní chúngóidh an fhaisnéis dheonach ar an áit atá
curtha i leataobh ar an marcáil agus ar an lipéadú don fhaisnéis
shainordaitheach 7.
Beidh feidhm ag mír 1 gan dochar do na nithe seo a
leanas: (a) Treoir 2000/13/CE; (b) Treoir 90/496/CEE an 24 Meán Fómhair 1990
maidir le lipéadú cothaithe ar earraí bia[11]; (c) Rialachán (CE) 1924/2006 an 20 Nollaig
2006 maidir le maímh maidir le cothú nó sláinte ar bhia[12]; (d) Rialachán (CE) 510/2006 maidir le sonraí
geografacha agus tuairiscí tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do
bhia-ábhair a chosaint[13]; (e) Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 maidir le
táirgí talmhaíochta agus earraí bia mar speisaltachtaí traidisúnta atá
ráthaithe[14];
agus (f) Rialachán Uimh. 834/2007 maidir le
táirgeadh orgánach agus maidir le lipéadú táirgí orgánacha. Airteagal 46
Gníomhartha tarmligthe Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an méid seo
a leanas a dhéanamh: (a) na ceanglais maidir le faisnéis
shainordaitheach dá dtagraítear in Airteagail 42(1), 42(2), 43 agus 44 a
fhorlíonadh nó a leasú, á áirithiú go soláthraítear an fhaisnéis
shainordaitheach ar bhealach cruinn trédhearcach; (b) íoschritéir a leagan síos maidir le
faisnéis a sholáthraíonn oibreoirí go deonach dá dtagraítear in d'Airteagal
45(1), á áirithiú go bhfuil na coinníollacha maidir le taispeáint na faisnéise
sin cruinn, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Caibidil V
Rialacha iomaíochta Airteagal 47
Cur chun feidhme na rialacha iomaíochta Beidh feidhm ag Airteagail 101 go 106 den
Chonradh agus ag a bhforálacha cur chun feidhme maidir le comhaontuithe,
cinntí, agus cleachtais dá dtagraítear in Airteagail 101(1) agus 102 den
Chonradh a bhaineann le táirgeadh nó margaíocht táirgí iascaigh agus
dobharshaothraithe. Airteagal 48
Eisceachtaí ar chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta 1. D'ainneoin Airteagal 47 den
Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir leis na
comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais de chuid eagraíochtaí táirgeoirí a
bhaineann le táirgeadh nó díol táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe nó le
húsáid comhshaoráidí chun táirgí den sórt sin a stóráil, a chóireáil nó a
phróiseáil, agus ar comhaontuithe, cinntí agus cleachtais iad: (d)
atá riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha amach
in Airteagal 39 den Chonradh a bhaint amach; (b) nach bhfuil aon oibleagáid ag baint leo
praghsanna comhionanna a mhuirearú; (c) nach mbeidh mar thoradh orthu deighilt de
shaghas ar bith sna margaí laistigh den Aontas; (d) nach gcuireann cosc ar an iomaíocht; (e) nach gcuireann baint amach chuspóirí
Airteagal 39 den Chonradh i mbaol. 2. D'ainneoin Airteagal 47 den
Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir le
comhaontuithe, cinntí agus cleachtais de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe: (a)
atá riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha amach
in Airteagal 39 den Chonradh a bhaint amach; (b)
nach bhfuil aon oibleagáid ag baint leo praghas
socraithe a chur i bhfeidhm; (c)
nach mbeidh mar thoradh orthu deighilt de shaghas
ar bith sna margaí laistigh den Aontas; (d)
nach gcuireann coinníollacha neamhchosúla i
bhfeidhm maidir le hidirbhearta coibhéiseacha a dhéantar le páirtithe eile
trádála i slí go gcuirfear faoi mhíbhuntáiste iomaíochta iad; (e)
nach ndíchuireann an iomaíocht i ndáil le sciar mór
de na táirgí i gceist; (f)
nach gcuireann srian ar an iomaíocht ar bhealaí
nach bhfuil sár-riachtanach chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint
amach. Caibidil VI
Faisnéis maidir leis an margadh Airteagal 49
Faisnéis faoin margadh 1.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: (a)
eolas eacnamaíoch agus tuiscint ar mhargadh an
Aontais i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bhailiú, a anailísiú agus
a chraobhscaoileadh feadh an tslabhra soláthair, agus an comhthéacs
idirnáisiúnta á chur san áireamh; (b)
suirbhéanna a dhéanamh go tráthrialta ar phraghsanna
feadh shlabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais,
agus treochtaí margaidh a anailísiú; (c)
staidéir ad hoc ar an margadh a sholáthar, mar aon
le modheolaíocht chun suirbhéanna ar phraghasmhúnlú a dhéanamh. 2.
Chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a bhaint
amach, úsáidfidh an Coimisiún na bearta seo a leanas: (a)
rochtain a éascú ar na sonraí atá ar fáil maidir le
táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe arna mbailiú de bhun reachtaíocht an
Aontais; (b)
faisnéis maidir leis an margadh a chur ar fáil do
na geallsealbhóirí, ag an leibhéal cuí. 3.
Rannchuideoidh na Ballstáit le baint amach na
gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1. Caibidil VII
Forálacha nós imeachta Airteagal 50
Feidhmiú an tarmligin 1.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san
Airteagal seo. 2.
Go ceann tréimhse neamhchinntithe ón […] a
thabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 41
agus 46. 3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 41 agus 36 a
chúlghairm tráth ar bith. Nuair a dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh,
cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin.
Beidh éifeacht aige ón lá tar éis lá fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh nó ag dáta ina dhiaidh sin arna shonrú ann. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá
i bhfeidhm cheana féin. 4.
A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe,
tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle. 5.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de
bhun Airteagail 24, 33, 41 agus 46 i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil agóid
déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle ina choinne laistigh de
thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an
eolas faoin ngníomh sin nó, roimh don tréimhse sin dul in éag, má tá sé curtha
in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad
agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó
Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. Airteagal 51
Cur chun feidhme 1.
Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de
réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin. 2.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh
feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 . Caibidil VIII
Forálacha críochnaitheacha Airteagal 52
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 In Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh.
1184/2006 cuirtear na focail seo a leanas isteach: "agus
Rialachán (AE) Uimh. ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an ...
maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe
(*) (*) IO …" Airteagal 53
Aisghairm Aisghairtear leis seo Rialachán (CE)
Uimh. 104/2000. Beidh feidhm ag Airteagail 9, 10, 11, 17, 18, 19, 20, 21,
22, 23, 24, 25, 26, 27, 34, 35, 36, 37, 38 agus 39 de go dtí an 31 Nollaig 2013,
áfach. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a
fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an
tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III. 54
Athbhreithniú Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo
roimh dheireadh 2022. Airteagal 55
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013, ach
amháin Airteagal 32, 35 agus 36 a mbeidh feidhm acu ón 1 Eanáir
2014. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile
agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir
leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...] Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An
tUachtarán [...] An tUachtarán [...] IARSCRÍBHINN I Cód AC || Tuairisc ar na hearraí (a) 0301 0302 0303 0304 || Iasc beo Iasc úr nó fuaraithe, seachas filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 Iasc reoite, seachas filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 Filléid éisc agus feoil eile éisc (bíodh sí mionaithe nó ná bíodh) atá úr, fuaraithe nó reoite (b) 0305 || Iasc triomaithe, saillte nó faoi sháile; iasc deataithe, bíodh sé cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; plúir, min agus millíní éisc, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (c) 0306 0307 || Crústaigh bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh; crústaigh sa bhlaosc, cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bíodh; plúir, min agus millíní crústach, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine Moilisc bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh; inveirteabraigh uisce, seachas crústaigh agus moilisc, bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; plúir, min agus millíní inveirteabrach uisce, seachas crústaigh, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (d) 0511 91 10 0511 91 90 || Táirgí ainmhíocha nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; ainmhithe marbha dá dtagraítear i gCaibidil 1 nó i gCaibidil 3, atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine: - Eile - - Táirgí éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce; ainmhithe marbha dá dtagraítear i gCaibidil 3: - - - Dramhaíl éisc - - - Eile (e) 1212 20 00 || - Cineálacha feamainne agus algaí eile (f) 1504 10 1504 20 || Saill agus olaí éisc agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bíodh, nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu: - Olaí aenna éisc agus a gcodáin - Saill agus olaí éisc, agus a gcodáin, seachas olaí aenna (g) 1603 00 || Úisc agus súnna ó fheoil, éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce (h) 1604 || Iasc ullmhaithe nó leasaithe; caibheár agus caibheár ionaid a ullmhaíodh ó uibheacha éisc (i) 1605 || Crústaigh, moilisc agus inveirteabraigh eile uisce, ullmhaithe nó leasaithe (j) 1902 20 1902 20 10 || Pasta, bíodh sé cócaráilte nó stuáilte (le feoil nó le substaintí eile), nó bíodh sé ullmhaithe ar bhealaí eile nó ná bíodh, mar shampla spaigití, macarón, núdail, lasáinne, gnocchi, ravioli, cannelloni; cúscús, bíodh sé ullmhaithe nó ná bíodh - Pasta stuáilte, bíodh sé cócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile: - - ina bhfuil níos mó ná 20%, de réir meacháin, iasc, crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce (k) 2301 20 00 || Plúir, min agus millíní, ó fheoil agus ó mhiodamas feola, éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce, nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine; geirdheascadh: - Plúir, min agus millíní, éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce (l) 2309 90 ex 2309 90 10 || Ullmhóidí den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe - Eile: - - Ábhair intuaslagtha éisc IARSCRÍBHINN II Cód AC || Tuairisc ar na hearraí 0302 22 00 || Leathóga (Pleonectes platessa) ex 0302 29 90 || Dabaí (Limanda limanda) 0302 29 10 || Scaoilteáin (Lepidorhombus spp.) ex 0302 29 90 || Leitheanna (Platichthys flesus) 0302 31 10 agus 0302 31 90 || Tuinníní colgacha (Thunnus alalunga) ex 0302 40 || Scadáin de chuid an speicis Clupea harengus 0302 50 10 || Troisc de chuid an speicis Gadus morhua 0302 61 10 || Sairdíní de chuid an speicis Sardina pilchardus 0302 62 00 || Cadóga (Melanogrammus aeglefinus) 0302 63 00 || Glasáin (Pollachius virens) ex 0302 64 || Ronnaigh de chuid an speicis Scomber scombrus agus Scomber japonicus 0302 65 20 agus 0302 65 50 || Fíogaigh (Squalus acanthias agus Scyliorhinus spp.) 0302 69 31 agus 0302 69 33 || Péirsí mhara (Sebastes spp.) 0302 69 41 || Faoitíní (Merlangius merlangus) 0302 69 45 || Langaí (Molva spp.) 0302 69 55 || Ainseabhaithe (Engraulis spp.) ex 0302 69 68 || Colmóirí de chuid an speicis Merluccius merluccius 0302 69 81 || Láimhínigh (Lophius spp.) ex 0307 41 10 || Cudail (Sepia officinalis agus Rossia macrosoma) ex 0306 23 10 ex 0306 23 31 ex 0306 23 39 || Séaclaí de chuid an speicis Crangon crangon agus séaclaí Artacha (Pandalus borealis) 0302 23 00 || Sóil (Solea spp.) 0306 24 30 || Portáin dhearga (Cancer pagurus) 0306 29 30 || Gliomaigh na hIorua (Nephrops norvegicus) 0303 31 10 || Haileabónna Graonlannacha (Reinhardtius hipoglossoides) 0303 78 11 0303 78 12 0303 78 13 0303 78 19 agus 0303 29 55 0304 29 56 0304 29 58 || Colmóirí de chuid an speicis Merluccius 0303 79 71 || Garbhánaigh (Dentex dentex agus Pagellus spp.) 0303 61 00 0304 21 00 0304 91 00 || Colgáin (Xiphias Gladius) 0306 13 40 0306 13 50 ex 0306 13 80 || Séaclaí de chuid na fine Penaeidae 0307 49 18 0307 49 01 || Cudail de chuid na speiceas Sepia officinalis, Rossia macrosoma agus Sepiola rondeletti 0307 49 31 0307 49 33 0307 49 35 agus 0307 49 38 || Scuideanna (Loligo spp.) 0307 49 51 || Scuideanna (Ommastrephes sagittatus) 0307 59 10 || Ochtapais (Octopus spp.) 0307 99 11 || Illex spp. 0303 41 10 || Tuinní colgacha (Thunnus alalunga) 0302 32 10 0303 42 12 0303 42 18 0303 42 42 0303 42 48 || Tuinníní buí (Thunnus albacares) 0302 33 10 0303 43 10 || Boiníotó aigéanach (Katsuwomus pelamis) 0303 45 10 || Tuinníní gorma (Thunnus thynnus) 0302 39 10 0302 69 21 0303 49 30 0303 79 20 || Speicis eile de chuid na ngéineas Thunnus agus Euthynnus ex 0302 29 90 || Leathóga míne (Microstomus kitt) 0302 35 10 agus 0302 35 90 || Tuinníní gorma (Thunnus thynnus) ex 0302 69 51 || Mangaigh (Pollachius pollachius) 0302 69 75 || Sáimhíní (Brama spp.) ex 0302 69 82 || Faoitíní gorma (Micromesistius poutassou nó Gadus poutassou) ex 0302 69 99 || Troscáin stopóige (Trisopterus luscus) agus miontroisc (Trisopterus minutus) ex 0302 69 99 || Bogue (Boops boops) ex 0302 69 99 || Picréil (Spicara smaris) ex 0302 69 99 || Eascanna concair (Conger conger) ex 0302 69 99 || Cnúdáin (Trigla spp.) ex 0302 69 91 ex 0302 69 99 || Bolmáin (Trachurus spp.) ex 0302 69 99 || Milléid (Mugil spp.) ex 0302 69 99 agus ex 0304 19 99 || Sciataí (Raja spp.) ex 0302 69 99 || Scabairdí (Lepidopus caudatus agus Aphanopus carbo) ex 0307 21 00 || Muiríní móra (Pecten maximums) ex 0307 91 00 || Cuachmaí (Buccinum undatum) ex 0302 69 99 || Milléid cheannchothroma nó milléid dhearga (Mullus surmuletus, Mullus barbatus) ex 0302 69 99 || Sáimhíní (Spondyliosoma cantharus) IARSCRÍBHINN III TÁBLA COMHGHAOIL Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 || An Rialachán seo Airteagal 1 || Airteagail 1, 2, 3, 4, 5 Airteagail 2, 3 || Airteagail 39, 40, 41 Airteagal 4 || Airteagail 42, 43, 44, 45, 46 Airteagal 5(1) || Airteagail 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13 Airteagail 5(2), 5(3), 5(4), 6 || Airteagail 17, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25 Airteagal 7 || Airteagail 26, 28, 29, 30, 31 Airteagal 8 || - Airteagail 9, 10, 11, 12 || Airteagail 32, 33, 34, 38 Airteagal 13 || Airteagail 14, 15, 16, 18, 19, 20, 22, 23, 24, 25 Airteagal 14 || Airteagal 48(2) Airteagal 15 || Airteagal 27 Airteagal 16 || Airteagail 28, 29, 30, 31 Airteagail 17, 18, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27 || Airteagail 35, 36, 37, 38 Airteagail 28, 29, 30, 31, 32, 33 || - Airteagal 34 || Airteagail 22, 25, 37 Airteagal 35 || - Airteagal 36 || - Airteagal 37 || Airteagail 50, 51 Airteagail 38, 39 || Airteagal 51 Airteagal 40 || - Airteagal 41 || Airteagal 54 Airteagal 42 || Airteagail 52, 53 Airteagal 43 || Airteagal 55 - || Airteagal 47 - || Airteagal 48(1) - || Airteagal 49 [1] IO C , , lch. . [2] IO C , , lch. . [3] IO L 17, 21.1.2000, lch. 22. [4] IO L 214, 4.8.2006,
lch. 7. [5] IO L 139, 30.4.2004, lch. 55. [6] IO L 286, 29.10.2008,
lch. 1. [7] IO L 343, 22.12.2009,
lch. 1. [8] IO L 109, 6.5.2000,
lch. 29. [9] IO L 212, 22.7.1989, lch. 79. [10] IO L 163, 17.6.1992,
lch. 1. [11] IO L 276, 6.10.1990,
lch. 40. [12] IO L 404, 30.12.2006,
lch. 9. [13] IO L 93, 31.3.2006,
lch. 12. [14] IO L 93, 31.3.2006, lch. 1.