EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C:2014:004:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 004, 8 Eanáir 2014


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.C_2014.004.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

57
8 Eanáir 2014


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

2014/C /01

Tuairim Uimh. 4/2013 (de bhun Airteagal 322, CFAE) maidir le togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ar na rialacha airgeadais infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle

1

 


 

(1)   Faoin tagairt C 4 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

8.1.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


TUAIRIM Uimh. 4/2013

(de bhun Airteagal 322, CFAE)

maidir le togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ar na rialacha airgeadais infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle

2014/C 4/01

TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2013 (1),

Ag féachaint d’iarratas Pharlaimint na hEorpa ar thuairim ar an togra thuasluaite, a fuarthas sa Chúirt ar 28 Deireadh Fómhair 2013,

Ag féachaint d’iarratas na Comhairle ar thuairim ar an togra thuasluaite, a fuarthas sa Chúirt ar 9 Deireadh Fómhair 2013,

De bhrí, i dteannta le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) go raibh comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, ag comhaontú go ndéanfaí athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais d’fhonn aird a thabhairt ar thoradh na n-idirbheartaíochtaí ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020;

De bhrí, tar éis an chomhaontaithe pholaitiúil ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 agus ar bhunú na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, go molann an Coimisiún gur cheart Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a leasú ionas gur féidir aon leithreasuithe de chuid an Chúlchiste um Chúnamh Éigeandála a gcuirtear sa chúlchiste agus nach n-úsáidtear i mbliain n, a tharraingt anonn go bliain n+1, agus leithreasuithe gealltanais nach n-úsáidtear ag deireadh bliana airgeadais i gcomhair tionscadail arna maoiniú faoin Saoráid um Chónascadh na hEorpa, a tharraingt anonn chuig an mbliain dar gcionn,

TAR ÉIS GLACADH LEIS AN TUAIRIM SEO A LEANAS:

1.

Níl aon ráiteas ag an gCúirt ar leasuithe molta an Choimisiúin do na rialacha airgeadais.

2.

Tugann an Chúirt dá haire nach bhfuiltear tar éis dul i gcomhairle léi i ndáil leis an togra le haghaidh rialacháin ón gComhairle ag leagan síos an chreata airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (3). Bheadh a leithéid de chomhairliúchán oiriúnach i ndáil le hábhair ag bagairt nó ar dhócha a mbeadh ag bagairt modhnuithe do na rialacha airgeadais a chinneann, de bhun Airteagal 322 CFAE, an nós imeachta le glacadh i ndáil le bunú agus cur chun feidhme an bhuiséid.

3.

Tugann an Chúirt dá haire, de réir mheabhrán mínitheach an Choimisiúin, nár thángthas ar chomhaontú breise i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 i ndáil le cóireáil na gcistí ag eascairt ó na comhaontuithe ar an gcomhrac i gcoinne na tráchta mídhleathaí i dtáirgí tobac. Athghaireann an Chúirt Tuairim Uimh. 3/2012 (4) dá cuid ar an gclár Hercule III chun gníomhaíochtaí a spreagadh sa réimse um chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh.

Bhí an Tuairim seo glactha ag Seomra IV, faoi cheannas an Dr Louis GALEA, Comhalta na Cúirte Iniúchóirí, i Lucsamburg ag a cruinniú an 3 Nollaig 2013.

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA

Uachtarán


(1)  COM(2013) 639 final.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(3)  COM(2011) 398 final.

(4)  IO C 201, 7.7.2012, lch. 1.


Top