IARSCRÍBHINN II
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Treoirlínte maidir le hAirteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
DRÉACHT
CLÁR
1.RÉAMHRÁ
2.PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
2.1.Airteagal 101 den Chonradh agus cearta maoine intleachtúla
2.2.Coincheapa atá ábhartha d’Airteagal 101 den Chonradh a chur i bhfeidhm i ndáil le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta
2.2.1.Coincheap an ghnóthais
2.2.2.An iomaíocht a shrianadh agus an t‑idirdhealú idir srianta de réir cuspóra agus srianta de réir éifeachta
2.2.3.Éifeachtaí na gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta
2.2.4.Sainiú margaidh
2.2.5.An t‑idirdhealú idir iomaitheoirí agus neamhiomaitheoirí
2.3.Comhaontuithe a thagann lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh go hiondúil
3.RBAT A CHUR I bhFEIDHM
3.1.Éifeachtaí dlí RBAT
3.2.Raon feidhme agus fad ama RBAT
3.2.1.Coincheap na gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta
3.2.2.An coincheap ‘aistriú’
3.2.3.Comhaontuithe idir dhá pháirtí
3.2.4.Comhaontuithe chun táirgí conartha a tháirgeadh
3.2.5.Fad ama
3.2.6.Gaol le rialacháin bhlocdhíolúine eile
3.3.Na tairseacha maidir le sciar den mhargadh in RBAT
3.3.1.Tairseacha maidir le sciar den mhargadh
3.3.2.Sciartha den mhargadh a ríomh le haghaidh margaí teicneolaíochta faoi RBAT
3.4.Cruashrianta faoi RBAT
3.4.1.Prionsabail ghinearálta
3.4.2.Comhaontuithe idir iomaitheoirí
3.4.3.Comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí
3.5.Srianta eisiata
3.6.Tarraingt siar agus dífheidhmiú na blocdhíolúine
3.6.1.Tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar
3.6.2.Dífheidhmiú RBAT
4.CUR I BHFEIDHM AIRTEAGAL 101(1) AGUS (3) DEN CHONRADH LASMUIGH DE RAON FEIDHME RBAT
4.1.An creat ginearálta anailíse
4.1.1.Tosca ábhartha don mheasúnú faoi Airteagal 101(1) den Chonradh
4.1.2.Fachtóirí ábhartha don mheasúnú faoi Airteagal 101(3) den Chonradh
4.2.Airteagal 101 den Chonradh a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha éagsúla srianta ceadúnúcháin
4.2.1.Oibleagáidí ríchíosa
4.2.2.Srianta ar cheadúnú eisiach agus srianta díolacháin
4.2.3.Srianta aschuir
4.2.4.Srianta ar an réimse úsáide
4.2.5.Srianta ar úsáid faoi chuing
4.2.6.Díol nasctha agus cuachadh
4.2.7.Oibleagáidí gan dul in iomaíocht
4.3.Comhaontuithe réitigh
4.4.Comhthiomsuithe teicneolaíochta
4.4.1.Measúnú ar chruthú agus ar oibriú comhthiomsuithe teicneolaíochta
4.4.2.Measúnú ar shrianta aonair i gcomhaontuithe idir an comhthiomsú agus a cheadúnaithe
4.5.Grúpaí Caibidlíochta Ceadúnúcháin
4.5.1.Réamhrá
4.5.2.Measúnú faoi Airteagal 101(1) den Chonradh
4.5.3.Measúnú faoi Airteagal 101(3) den Chonradh
1.RÉAMHRÁ
(1)Leagtar amach sna Treoirlínte seo na prionsabail maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh). Is éard is comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta ann comhaontuithe trína n‑údaraíonn ceadúnóir do cheadúnaí cearta teicneolaíochta áirithe a úsáid chun earraí nó seirbhísí a tháirgeadh, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (c) de Rialachán (AE) …/… ón gCoimisiún an XXX maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le haicmí comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta (‘RBAT’).
(2)Sna Treoirlínte seo tugtar treoraíocht maidir le RBAT a chur i bhfeidhm chomh maith le hAirteagal 101 den Chonradh a chur i bhfeidhm i ndáil le haicmí comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a thagann lasmuigh de raon feidhme RBAT. Trí na Treoirlínte seo a eisiúint, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún cuidiú le gnóthais measúnú a dhéanamh ar a gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta faoi rialacha iomaíochta an Aontais agus, dá bhrí sin, úsáid na gcomhaontuithe sin a éascú. Le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta is féidir scaipeadh teicneolaíochta a chumasú agus bíonn siad ina ndreasacht do thaighde agus forbairt tosaigh, rud a chuireann an nuálaíocht chun cinn.Is é scaipeadh na teicneolaíochta agus na nuálaíochta is mó a spreagann iomaíocht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht gheilleagar an Aontas.
(3)Ní mór na prionsabail a leagtar amach sna Treoirlínte seo a chur i bhfeidhm i bhfianaise fhíorais shonracha gach cáis. Eisiatar cur i bhfeidhm meicniúil leis sin. Is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear samplaí ar fáil sna Treoirlínte seo agus ní bheartaítear iad a bheith uileghabhálach.
(4)Tá na Treoirlínte seo gan dochar do léirmhíniú na Cúirte Ginearálta agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’ le chéile) ar Airteagal 101 den Chonradh agus RBAT.
(5)Tá RBAT agus na Treoirlínte seo gan dochar do chur i bhfeidhm comhthreomhar féideartha Airteagal 102 den Chonradh maidir le comhaontaithe aistrithe teicneolaíochta.
(6)Is é seo a leanas struchtúr na dTreoirlínte seo:
(a)Leagtar amach i roinn 2.1 na prionsabail ghinearálta lena rialaítear cur i bhfeidhm Airteagal 101 den Chonradh maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta. Pléitear i roinn 2.2 na coincheapa atá ábhartha don mheasúnú ar na comhaontuithe sin faoi Airteagal 101, lena n‑áirítear na tionchair dhearfacha agus dhiúltacha atá ag ceadúnú maoine intleachtúla ar an iomaíocht, sainiú an mhargaidh ábhartha agus an t‑idirdhealú idir iomaitheoirí agus neamhiomaitheoirí; Pléitear i roinn 2.3 comhaontuithe a thagann lasmuigh d’Airteagal 101 i gcoitinne.
(b)Tugtar treoraíocht i roinn 3 maidir le raon feidhme RBAT. Mínítear inti an sainmhíniú ar chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta chun táirgí conartha a tháirgeadh, an caidreamh idir RBAT agus rialacháin eile maidir le blocdhíolúine, na tairseacha maidir le sciar den mhargadh a leagtar amach in Airteagal 3 de RBAT, agus na cruashrianta agus na srianta eisiata a leagtar amach in Airteagal 4 agus 5 de RBAT.
(c)Leagtar amach i roinn 4 beartas forfheidhmiúcháin an Choimisiúin i gcásanna aonair. Chuige sin, mínítear inti a chaoi a ndéantar measúnú ar chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta nach gcumhdaítear le RBAT faoi Airteagal 101(1) agus (3) den Chonradh, agus tugtar treoraíocht inti maidir le cineálacha éagsúla srianta a fhaightear go coitianta i gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta agus i gcomhaontuithe eile a bhaineann le cearta teicneolaíochta.
2.PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
2.1.Airteagal 101 den Chonradh agus cearta maoine intleachtúla
(7)Is é is cuspóir d’Airteagal 101 den Chonradh a áirithiú nach n‑úsáidfidh gnóthais comhaontuithe, cinntí ó chomhlachais gnóthas agus cleachtais chomhbheartaithe chun an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh ar an margadh chun dochair tomhaltóirí. Le hAirteagal 101 freisin saothraítear an cuspóir maidir le margadh inmheánach comhtháite a bhaint amach, lena bhfeabhsaítear an iomaíocht san Aontas.
(8)Tá feidhm ag Airteagal 101 den Chonradh maidir le comhaontuithe idir gnóthais lena bhféadfaí difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit agus lena ndéantar iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh. Soláthraítear creat dlíthiúil leis chun measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe den sórt sin lena gcuirtear san áireamh an t‑idirdhealú idir éifeachtaí frithiomaíocha agus éifeachtaí atá ar son na hiomaíochta.
(9)Tá dhá chéim i gceist le measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe faoi Airteagal 101 den Chonradh. Is é an chéad chéim, faoi Airteagal 101(1), a mheas an bhfuil cuspóir frithiomaíoch ag an gcomhaontú nó an mbíonn fíoréifeachtaí sriantacha nó éifeachtaí sriantacha ionchasacha aige. Is é an dara céim, ar céim í nach bhfuil gá léi ach amháin má shuitear go gcuireann comhaontú srian ar iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1), a mheas an gcruthaíonn an comhaontú éifeachtúlachtaí a chomhlíonann na ceithre choinníoll den eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 101(3). Is iad na coinníollacha sin (i) nach mór don chomhaontú cuidiú le táirgeadh nó dáileadh earraí a fheabhsú nó le dul chun cinn teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn, agus (ii) cion cothrom de na tairbhí a eascraíonn as sin á thabhairt do thomhaltóirí an tráth céanna, gan (iii) srianta a fhorchur nach bhfuil fíor-riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus gan (iv) an deis a thabhairt do na gnóthais rannpháirtíochta deireadh a chur leis an iomaíocht i ndáil le cuid mhór de na táirgí lena mbaineann. De bhun Airteagal 2 de Rialachán 1/2003, is ar an údarás iomaíochta nó ar an éilitheoir a líomhnaíonn sárú ar Airteagal 101 atá an dualgas a chruthú go gcuireann comhaontú srian ar an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1), ach is ar na gnóthais a mhaíonn tairbhe na heisceachta atá an dualgas a chruthú go gcomhlíontar na ceithre choinníoll den eisceacht atá in Airteagal 101(3).
(10)Tugann dlíthe maoine intleachtúla cearta eisiacha do shealbhóirí paitinní, cóipchirt, ceart dearaidh, trádmharcanna agus ceart eile atá faoi chosaint dlí. Faoi dhlíthe maoine intleachtúla, tá úinéir maoine intleachtúla i dteideal úsáid neamhúdaraithe a mhaoine intleachtúla a chosc agus í a shaothrú, mar shampla, trí í a cheadúnú do thríú páirtithe. Cé is moite de chearta feidhmíochta, a luaithe atá táirge ina n‑ionchorpraítear ceart maoine intleachtúla curtha ar an margadh laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ag an sealbhóir nó le toiliú an tsealbhóra, tá an ceart maoine intleachtúla ídithe, rud a chiallaíonn nach féidir leis an sealbhóir úsáid a bhaint as a thuilleadh chun díol an táirge a rialú (prionsabal an ídithe san Aontas). Níl aon cheart ag an sealbhóir cirt faoi dhlíthe maoine intleachtúla cosc a chur ar cheadúnaithe nó ceannaitheoirí táirgí den sórt sin ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe a dhíol. Tá prionsabal an ídithe san Aontas i gcomhréir le feidhm fhíor-riachtanach ceart maoine intleachtúla, is é sin an ceart a dheonú don sealbhóir daoine eile a eisiamh óna mhaoin intleachtúil a shaothrú gan toiliú uaidh.
(11)Cé go ndeonaítear cearta eisiacha saothraithe le dlíthe maoine intleachtúla, ní thugtar le tuiscint leis sin go bhfuil cearta maoine intleachtúla díolmhaithe ó chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta. Tá Airteagal 101 den Chonradh infheidhme go háirithe maidir le comhaontuithe trína dtugann an sealbhóir ceadúnas do ghnóthas eile a chearta maoine intleachtúla a shaothrú. Ní thugann sé sin le tuiscint ach oiread go bhfuil coinbhleacht bhunúsach idir cearta maoine intleachtúla agus rialacha iomaíochta an Aontais. Cuirtear an nuálaíocht chun cinn le cearta maoine intleachtúla trí ghnóthais a dhreasú infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus forbairt táirgí agus próiseas nua nó feabhsaithe. Cuirtear an nuálaíocht chun cinn leis an iomaíocht freisin trí bhrú a chur ar ghnóthais dul i mbun nuálaíochta. Is cuid fhíor-riachtanach agus dhinimiciúil de gheilleagar margaidh oscailte agus iomaíoch í an nuálaíocht. Dá bhrí sin, tá gá le cearta maoine intleachtúla agus an iomaíocht araon chun an nuálaíocht a chur chun cinn agus chun a áirithiú go saothraítear í ar bhealach iomaíoch.
(12)Chun measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta faoi Airteagal 101 den Chonradh, ba cheart a choinneáil i gcuimhne gur minic a bhíonn infheistíocht shubstaintiúil i gceist le cearta maoine intleachtúla a chruthú agus gur minic gur dianiarracht rioscúil é sin. Ionas nach laghdófar an iomaíocht dhinimiciúil agus go gcoinneofar an dreasacht nuálaíochta ar bun, níor cheart srian míchuí a chur ar an nuálaí i saothrú na gceart maoine intleachtúla a bheadh luachmhar ar deireadh. Ar na cúiseanna sin, ba cheart é a bheith de shaoirse ag an nuálaí an pá iomchuí a lorg le haghaidh tionscadail a raibh rath orthu, ar pá é atá leordhóthanach chun dreasachtaí infheistíochta a choinneáil ar bun, agus tionscadail ar chlis orthu á gcur san áireamh. D’fhéadfadh ceadúnú teicneolaíochta a cheangal ar an gceadúnaí infheistíochtaí báite suntasacha a dhéanamh (is é sin le rá nach féidir leis an gceadúnaí an infheistíocht a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí eile ná í a dhíol seachas ar phraghas lena mbaineann caillteanas suntasach, nuair a imítear as an réimse gníomhaíochta sin) sa teicneolaíocht cheadúnaithe agus sna sócmhainní táirgeachta is gá chun í a shaothrú. Ní féidir Airteagal 101 a chur i bhfeidhm gan infheistíochtaí ex ante den sórt sin a rinne na páirtithe agus na rioscaí a bhaineann leo a chur san áireamh. Mar sin, d’fhéadfadh comhaontú lasmuigh d’Airteagal 101(1) nó comhlíonadh choinníollacha Airteagal 101(3), de réir mar a bheidh, a bheith mar thoradh ar an riosca atá ann do na páirtithe agus ar an infheistíocht bháite nach mór a ghealladh, ar feadh na tréimhse ama is gá chun an infheistíocht a fhorchúiteamh.
(13)Tá an creat dlíthiúil dá bhforáiltear le hAirteagal 101 den Chonradh solúbtha go leor chun gnéithe dinimiciúla an cheadúnaithe teicneolaíochta a chur san áireamh. Níl aon toimhde ann go n‑eascraíonn ábhair imní ó thaobh na hiomaíochta de as cearta maoine intleachtúla agus comhaontuithe ceadúnúcháin iontu féin. Ní chuireann formhór na gcomhaontuithe ceadúnúcháin teicneolaíochta srian ar an iomaíocht. Go deimhin, is iondúil go mbíonn an ceadúnú teicneolaíochta ar son na hiomaíochta toisc go n‑eascraíonn scaipeadh na teicneolaíochta as agus go gcuireann sé nuálaíocht i measc ceadúnóirí agus ceadúnaithe chun cinn. I gcás ina gcuireann comhaontuithe ceadúnúcháin teicneolaíochta srian ar an iomaíocht, is minic a eascraíonn éifeachtúlachtaí ar son na hiomaíochta a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 101(3) astu. Tá tromlach mór na gcomhaontuithe ceadúnúcháin teicneolaíochta comhoiriúnach le hAirteagal 101 dá bhrí sin.
2.2.Coincheapa atá ábhartha d’Airteagal 101 den Chonradh a chur i bhfeidhm i ndáil le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta
2.2.1.Coincheap an ghnóthais
(14)Tá feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir le gnóthais agus comhlachais gnóthas. Is éard is gnóthas ann aon eintiteas d’eilimintí pearsanta, inláimhsithe agus doláimhsithe, atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a stádas dlíthiúil agus ar an gcaoi a maoinítear é.
2.2.2.An iomaíocht a shrianadh agus an t‑idirdhealú idir srianta de réir cuspóra agus srianta de réir éifeachta
(15)Le hAirteagal 101(1) den Chonradh toirmisctear comhaontuithe arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh an iomaíocht a shrianadh. Tá feidhm ag Airteagal 101(1) maidir le srianta iomaíochta idir na páirtithe i gcomhaontú agus maidir le srianta iomaíochta idir aon cheann de na páirtithe agus tríú páirtithe.
(16)An measúnú i dtaobh an gcuireann comhaontú aistrithe teicneolaíochta srian ar an iomaíocht nó nach gcuireann, ní mór an measúnú sin a dhéanamh laistigh den fhíor-chomhthéacs ina dtarlódh an iomaíocht in éagmais an chomhaontaithe agus aon srianta atá ann. Agus an measúnú sin á dhéanamh, is gá an tionchar is dócha a bheidh ag an gcomhaontú ar an iomaíocht idirtheicneolaíochta (iomaíocht idir gnóthais a úsáideann teicneolaíochtaí iomaíocha) agus ar an iomaíocht inteicneolaíochta (iomaíocht idir gnóthais a úsáideann an teicneolaíocht chéanna) a chur san áireamh. Le hAirteagal 101(1) den Chonradh toirmisctear srianta ar an iomaíocht idirtheicneolaíochta agus inteicneolaíochta araon. Dá bhrí sin, is gá measúnú a dhéanamh ar a mhéid a dhéanann an comhaontú difear don dá ghné sin den iomaíocht ar an margadh, sin nó measúnú ar a dhóchúla atá sé go ndéanfaidh an comhaontú difear.
(17)Le coincheap na srianta de réir cuspóra, tagraítear do chineálacha áirithe comhordaithe idir gnóthais, agus dóibh siúd amháin, lena nochtar méid leordhóthanach dochair don iomaíocht, ionas nach gá measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtaí.
(18)Le coincheap na srianta de réir éifeachta, tagraítear do chomhaontuithe nach bhfuil cuspóir frithiomaíoch acu, ach a léirítear ina leith go bhfuil fíoréifeachtaí sriantacha nó éifeachtaí sriantacha ionchasacha ar an iomaíocht acu atá suntasach. Ionas go mbeidh éifeachtaí sriantacha ag comhaontú ar an iomaíocht, ní mór go mbeidh, nó gur dócha go mbeidh, drochthionchar suntasach aige ar cheann amháin ar a laghad de pharaiméadair na hiomaíochta ar an margadh, amhail praghas, aschur, cáilíocht na dtáirgí, éagsúlacht na dtáirgí nó an nuálaíocht. Chun a léiriú go gcuireann comhaontú srian de réir éifeachta leis an iomaíocht, is iondúil gur gá an margadh nó na margaí ábhartha a shainiú agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an chomhaontaithe ar dhinimic an mhargaidh sa chás sonrach. Mar shampla, is dóchúla go dtarlódh éifeachtaí suntasacha frithiomaíocha i gcás ina mbíonn méid áirithe cumhachta margaidh ag aon pháirtí amháin ar a laghad sa chomhaontú, nó i gcás ina bhfaigheann sé an chumhacht sin.
(19)I gcás ina ngabhfaidh gnóthais do chomhar nach dtagann faoi réim an toirmisc a leagtar síos in Airteagal 101(1) den Chonradh toisc go bhfuil éifeachtaí neodracha nó dearfacha ag an gcomhar ar an iomaíocht, ní thagann srian ar an neamhspleáchas tráchtála atá ag ceann amháin nó níos mó de na páirtithe faoi réim an toirmisc sin ach oiread ar choinníoll go bhfuil gá leis an srian sin go hoibiachtúil chun an comhar a chur chun feidhme agus go bhfuil an srian comhréireach le cuspóirí an chomhair (‘srianta coimhdeacha’). Chun a chinneadh an srian coimhdeach é an srian nó nach ea, is gá a scrúdú an mbeadh an comhar indéanta in éagmais an tsriain atá i gceist. Cé nach bhfuil ann ach go bhfuil an comhar níos deacra a chur chun feidhme, nó gur lú brabús a bheadh i gceist gan an srian lena mbaineann, ní fhágann sé sin ‘gur gá go hoibiachtúil’ é an srian ná gur srian coimhdeach é dá réir.
(20)Mar a mhínítear i mír
(9)
de na Treoirlínte seo, d’fhéadfadh comhaontú a chuireann srian ar an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh a bheith comhoiriúnach fós le hAirteagal 101 más féidir leis na páirtithe a léiriú go gcomhlíonann an comhaontú na ceithre choinníoll charnacha d’Airteagal 101(3).
2.2.3.Éifeachtaí na gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta
(21)Chun measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta faoi Airteagal 101 den Chonradh, is gá gach paraiméadar ábhartha iomaíochta a chur san áireamh, amhail praghsanna, aschur i dtéarmaí cainníochtaí táirgí, cáilíocht agus éagsúlacht na dtáirgí, agus an nuálaíocht. Sna Ranna seo a leanas, soláthraítear samplaí ina gcuirtear na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag comhaontuithe ceadúnúcháin ar na paraiméadair sin, lena ndéantar idirdhealú idir éifeachtaí dearfacha agus éifeachtaí diúltacha.
2.2.3.1.Éifeachtaí dearfacha
(22)D’fhéadfadh éifeachtaí suntasacha ar son na hiomaíochta a bheith ag comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta, agus tá formhór mór na gcomhaontuithe sin ar son na hiomaíochta go deimhin. D’fhéadfadh comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta an nuálaíocht a chur chun cinn trína chur ar a gcumas do nuálaithe torthaí a thuilleamh chun cuid dá gcostais taighde agus forbartha (‘T&F’) ar a laghad a chumhdach.
(23)Tagann scaipeadh teicneolaíochtaí chun cinn de thoradh comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta freisin, rud a d’fhéadfadh luach a chruthú trí chostais táirgeachta an cheadúnaí a laghdú nó trína chur ar a chumas dó táirgí nua nó feabhsaithe a tháirgeadh. Is minic a eascraíonn éifeachtúlachtaí ar leibhéal an cheadúnaí as meascán de theicneolaíocht an cheadúnóra le sócmhainní agus teicneolaíochtaí an cheadúnaí. Is minic a tharlaíonn ceadúnú toisc go bhfuil sé níos éifeachtúla don cheadúnóir an teicneolaíocht a cheadúnú ná é a shaothrú é féin. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh go háirithe i gcás ina bhfuil rochtain ag an gceadúnaí cheana féin ar na sócmhainní táirgthe is gá. Ansin, cuireann an comhaontú ar a chumas don cheadúnaí rochtain a fháil ar theicneolaíocht is féidir a chomhcheangal leis na sócmhainní sin agus lenar féidir teicneolaíochtaí nua nó feabhsaithe a shaothrú.
(24)Sampla eile de cheadúnú a d’fhéadfadh feabhas a chur ar éifeachtúlacht is ea an cás ina bhfuil teicneolaíocht ag ceadúnaí cheana féin agus ina n‑eascraíonn sineirgí as meascán den teicneolaíocht sin agus teicneolaíocht an cheadúnóra. Nuair a chuirtear an dá theicneolaíocht le chéile, d’fhéadfadh sé go mbeadh an ceadúnaí in ann cumraíocht costais/aschuir a bhaint amach nach mbeadh indéanta murach sin.
(25)D’fhéadfadh éifeachtúlachtaí ag céim an dáileacháin teacht chun cinn mar thoradh ar chomhaontuithe ceadúnúcháin freisin, ar an mbealach céanna le comhaontuithe ingearacha i dtaca le hearraí agus seirbhísí a dháileadh. Is féidir le héifeachtúlachtaí den sórt sin a bheith i bhfoirm coigilteas costais nó soláthar seirbhísí luachmhara do thomhaltóirí. Tugtar tuairisc ar éifeachtaí dearfacha comhaontuithe ingearacha sna Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le Srianta Ingearacha (‘Treoirlínte Ingearacha’).
(26)D’fhéadfadh ceadúnú an cuspóir ar son na hiomaíochta a chomhlíonadh maidir le deireadh a chur le bacainní ar fhorbairt agus ar shaothrú theicneolaíocht an cheadúnaí féin. Is minic a tharlaíonn ceadúnú in earnálacha ina bhfuil líon mór paitinní go háirithe chun saoirse dearaidh a chruthú tríd an riosca a bhaint go ndéanfadh an ceadúnóir éilimh maidir le sárú.
2.2.3.2.Éifeachtaí diúltacha
(27)Cé go mbíonn comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta ar son na hiomaíochta go ginearálta, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh gnóthais úsáid a bhaint astu chun cuspóirí frithiomaíocha a shaothrú lena ndéanfaí dochar do thomhaltóirí ar deireadh.
(28)Tá na héifeachtaí seo a leanas i measc na n‑éifeachtaí diúltacha ar an margadh a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta sriantacha:
(a)laghdú ar iomaíocht idirtheicneolaíochta, lena n‑áirítear claonpháirteachas sainráite agus intuigthe a éascú;
(b)foriamh iomaitheoirí eile trína gcostais a ardú, a rochtain ar ionchuir fhíor-riachtanacha a shrianadh nó bacainní iontrála a ardú ar bhealach eile; agus
(c)laghdú ar iomaíocht inteicneolaíochta.
(29)Tá riosca níos airde ann go dtiocfaidh laghdú ar an iomaíocht idirtheicneolaíochta i gcás ina bhforchuirtear oibleagáidí cómhalartacha. Mar shampla, nuair a aistríonn iomaitheoirí teicneolaíochtaí iomaíocha chuig a chéile agus ina bhforchuireann siad oibleagáid chómhalartach chun feabhsuithe ar a dteicneolaíochtaí féin a sholáthar dá chéile amach anseo agus i gcás ina gcuireann an comhaontú sin cosc ar aon iomaitheoir a bheith ar thús cadhnaíochta sa teicneolaíocht roimh an iomaitheoir eile, tá srian ar an iomaíocht sa nuálaíocht idir na páirtithe (féach freisin mír
(262)
).
(30)Is féidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir iomaitheoirí an claonpháirteachas a éascú freisin. Tá an riosca claonpháirteachais níos airde i margaí comhchruinnithe. Is féidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta claonpháirteachas a éascú trí thrédhearcacht a ardú sa mhargadh, trí iompar áirithe a rialú agus trí bhacainní iontrála a ardú. Is féidir claonpháirteachas a éascú freisin le comhaontuithe as a n‑eascraíonn ardleibhéal comóntachta costas, toisc gur dóichí go mbeidh tuairimí comhchosúla maidir leis na téarmaí comhordaithe ag gnóthais a bhfuil costais chomhchosúla acu.
(31)Is féidir claonpháirteachas a éascú freisin trí fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a mhalartú idir iomaitheoirí le linn cur chun feidhme comhaontaithe aistrithe teicneolaíochta nua. D’fhéadfadh malartú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a bheith riachtanach chun comhaontú ceadúnúcháin a chur chun feidhme. I gcás nach dtagann an comhaontú féin faoi réim an toirmisc a leagtar amach in Airteagal 101(1) den Chonradh toisc go bhfuil éifeachtaí neodracha nó dearfacha aige ar an iomaíocht, ní thagann malartú faisnéise atá coimhdeach leis an gcomhaontú sin faoi réim an toirmisc sin ach oiread. Is amhlaidh an cás má tá gá leis an malartú faisnéise go hoibiachtúil chun an comhaontú ceadúnúcháin a chur chun feidhme agus má tá sé comhréireach lena chuspóirí. I gcás ina dtéann an malartú faisnéise thar a bhfuil riachtanach go hoibiachtúil chun an comhaontú a chur chun feidhme nó i gcás nach bhfuil sé comhréireach le cuspóirí an chomhaontaithe, ba cheart measúnú a dhéanamh air agus úsáid á baint as an treoraíocht a sholáthraítear i gCaibidil 6 de na Treoirlínte maidir le Comhaontuithe Cothrománacha. Má thagann an malartú faisnéise faoi Airteagal 101(1), d’fhéadfadh sé coinníollacha Airteagal 101(3) a chomhlíonadh fós.
(32)Is féidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta srian a chur ar an iomaíocht idirtheicneolaíochta freisin trí bhacainní ar iontráil nó ar leathnú ag iomaitheoirí a chruthú. Mar shampla, féadfar tríú páirtithe a fhoriamh i gcás ina bhforchuireann na ceadúnóirí reatha oibleagáidí gan dul in iomaíocht ar cheadúnaithe an oiread sin nach mbeadh líon leordhóthanach ceadúnaithe ar fáil chun ceadúnais a thabhairt i gcrích le tríú páirtithe agus i gcás ina bhfuil sé deacair iontráil ar leibhéal na gceadúnaithe.
(33)Is féidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta srian a chur ar an iomaíocht inteicneolaíochta freisin. D’fhéadfadh sé sin a bheith mar thoradh ar chothabháil praghsanna athdhíola nó srianta díolacháin ó thaobh custaiméirí nó críche de a fhorchur ar cheadúnaithe, mar shampla. Is féidir le srianta ar an iomaíocht inteicneolaíochta claonpháirteachas idir ceadúnaithe a éascú. Is féidir leo claonpháirteachas idir úinéirí teicneolaíochtaí iomaíocha a éascú nó an iomaíocht idirtheicneolaíochta a laghdú trí bhacainní iontrála a ardú freisin.
2.2.4.Sainiú margaidh
(34)Leagtar amach cur chuige an Choimisiúin maidir leis an margadh ábhartha a shainiú san Fhógra uaidh maidir le sainiú an mhargaidh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Aontais (‘Fógra maidir le Sainiú Margaidh’). Ní thugtar aghaidh sna Treoirlínte seo ach ar ghnéithe den sainiú margaidh a bhfuil tábhacht ar leith acu i réimse an cheadúnaithe teicneolaíochta.
(35)Is ábhar ionchuir í an teicneolaíocht, a chomhtháthaítear i dtáirge nó i bpróiseas táirgthe. Dá bhrí sin, is féidir le ceadúnú teicneolaíochta difear a dhéanamh don iomaíocht go réamhtheachtach i margaí ionchuir agus go hiartheachtach i margaí aschuir araon. Mar shampla, maidir le comhaontú idir dhá pháirtí a dhíolann táirgí iomaíocha go hiartheachtach agus a chros‑cheadúnaíonn cearta teicneolaíochta a bhaineann le táirgeadh na dtáirgí sin go réamhtheachtach, d’fhéadfadh an comhaontú sin srian a chur ar an iomaíocht ar an margadh táirgí agus seirbhísí iartheachtach lena mbaineann. D’fhéadfadh an cros‑cheadúnú srian a chur freisin ar an iomaíocht ar an margadh réamhtheachtach le haghaidh teicneolaíochta agus b’fhéidir ar mhargaí ionchuir réamhtheachtacha eile freisin. Chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iomaíochta comhaontuithe ceadúnaithe, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach, dá bhrí sin, an margadh/na margaí táirgí ábhartha a shainiú, chomh maith leis an margadh/na margaí teicneolaíochta ábhartha.
(36)Cuimsítear sa mhargadh táirge ábhartha na táirgí conartha (ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe) agus táirgí a mheasann na ceannaitheoirí a bheith inmhalartaithe nó inionadaithe leis na táirgí conartha, mar gheall ar thréithe na dtáirgí, a bpraghsanna agus an úsáid atá beartaithe dóibh, agus dálaí na hiomaíochta agus struchtúr an tsoláthair agus an éilimh ar an margadh á gcur san áireamh. D’fhéadfadh baint a bheith ag táirgí conartha le margadh táirge deiridh agus/nó idirmheánaigh.
(37)Cuimsítear sna margaí teicneolaíochta ábhartha na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe agus a n‑ionadaithe, is é sin le rá, cearta teicneolaíochta eile a mheasann na ceadúnaithe a bheith inmhalartaithe nó inionadaithe leis na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe, mar gheall ar thréithe na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe, a ríchíosanna agus an úsáid atá beartaithe dóibh, agus dálaí na hiomaíochta agus struchtúr an tsoláthair agus an éilimh ar an margadh á gcur san áireamh. Ag tosú ón teicneolaíocht a mhargaíonn an ceadúnóir, is gá na teicneolaíochtaí eile sin a shainaithint a bhféadfadh ceadúnaithe athrú chucu mar fhreagairt ar mheathlú ar choinníollacha soláthair theicneolaíocht an cheadúnóra i gcomparáid le coinníollacha teicneolaíochtaí eile. Cur chuige eile is ea féachaint ar an margadh le haghaidh táirgí ina n‑ionchorpraítear na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe (féach mír
(40)
).
(38)Leis an téarma ‘margadh ábhartha’ a úsáidtear in Airteagal 3 de RBAT agus a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (m) de, tagraítear don mhargadh táirgí ábhartha agus don mhargadh teicneolaíochta ábhartha ó thaobh a ngné tháirge agus gheografach de.
(39)Sainmhínítear an ‘margadh geografach ábhartha’ in Airteagal 1(1), pointe (l) de RBAT agus cuimsítear ann an limistéar ina bhfuil na gnóthais lena mbaineann páirteach i soláthar agus éileamh táirgí nó ceadúnú teicneolaíochta, ina bhfuil na dálaí iomaíochta sách aonchineálach agus inar féidir iad a idirdhealú ar limistéir gheografacha chomharsanachta toisc go bhfuil na dálaí iomaíochta éagsúil go maith sna limistéir sin. D’fhéadfadh gné gheografach an mhargaidh/na margaí teicneolaíochta a bheith éagsúil le gné gheografach an mhargaidh/na margaí táirgí ábhartha.
(40)A luaithe a shainítear margaí ábhartha, is féidir sciartha den mhargadh a shannadh do na foinsí éagsúla iomaíochta sa mhargadh agus a úsáid mar tháscaire ar neart coibhneasta na ngníomhaithe margaidh. I gcás na margaí teicneolaíochta, bealach amháin chun dul ar aghaidh is ea sciartha den mhargadh a ríomh ar bhonn sciar gach teicneolaíochta den ioncam iomlán ceadúnúcháin ó ríchíosanna, lena bhfuil sciar teicneolaíochta den mhargadh i gceist i gcás ina bhfuil teicneolaíochtaí iomaíocha ceadúnaithe. Mar sin féin, is minic a d’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhealach teoiriciúil amháin agus gan bheith ina bhealach praiticiúil chun dul ar aghaidh, mar gheall ar easpa faisnéis shoiléir faoi ioncam ó ríchíosanna. Cur chuige eile is ea sciartha den mhargadh ar an margadh teicneolaíochta a ríomh ar bhonn díolacháin táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe ar mhargaí táirgí iartheachtacha, ar cur chuige é a úsáidtear chun tearmann RBAT a chur i bhfeidhm (chun tuilleadh sonraí a fháil, féach míreanna
(110)
-
(115)
de na Treoirlínte seo. I gcásanna aonair lasmuigh de thearmann RBAT, d’fhéadfadh gá a bheith leis an dá chineál cur chuige a thuairiscítear a chur i bhfeidhm, i gcás inar féidir sin a dhéanamh go praiticiúil, chun suíomh an cheadúnóra ar a margadh a mheasúnú ar bhealach níos cruinne, agus chun tosca eile lena dtugtar tásc maith maidir le neart coibhneasta na dteicneolaíochtaí atá ar fáil a chur san áireamh (chun tuilleadh mionsonraí maidir leis na tosca sin a fháil, féach míreanna
(184)
-
(193)
de na Treoirlínte seo).
(41)D’fhéadfaí difear a dhéanamh don iomaíocht sa nuálaíocht le comhaontuithe ceadúnúcháin teicneolaíochta. Agus anailís á déanamh ag an gCoimisiún ar an difear sin, áfach, déanfaidh an Coimisiún é féin a theorannú de ghnáth do scrúdú a dhéanamh ar thionchar an chomhaontaithe ar iomaíocht laistigh de mhargaí táirgí agus teicneolaíochta atá ann cheana. D’fhéadfaí difear a dhéanamh don iomaíocht ar mhargaí den sórt sin le comhaontuithe a chuireann moill ar thabhairt isteach táirgí nua nó táirgí nua a chuirfear in ionad táirgí atá ann cheana le himeacht ama. I gcásanna den sórt sin, is foinse iomaíochta ionchasaí í an nuálaíocht nach mór a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar thionchar an chomhaontaithe ar mhargaí táirgí agus ar mhargaí teicneolaíochta. I líon teoranta cásanna, áfach, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach agus riachtanach anailís a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an iomaíocht sa nuálaíocht ar leithligh. Is amhlaidh sin go háirithe i gcás margaí an‑nuálach arb é is saintréith dóibh taighde agus forbairt shuntasach agus rialta agus ina mbíonn tionchar ag an gcomhaontú ar an nuálaíocht arb é is aidhm di táirgí nó teicneolaíochtaí nua a chruthú. I gcásanna den sórt sin, is féidir anailís a dhéanamh i dtaobh an mbeidh líon leordhóthanach tionscadal iomaíoch taighde agus forbartha fós ann tar éis an chomhaontaithe chun go bhféadfaí iomaíocht éifeachtach sa nuálaíocht a choinneáil ar bun.
2.2.5.An t‑idirdhealú idir iomaitheoirí agus neamhiomaitheoirí
(42)Go ginearálta, baineann riosca níos mó don iomaíocht le comhaontuithe idir iomaitheoirí ná mar a bhaineann le comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí.
(43)Chun an caidreamh iomaíoch idir na páirtithe i gcomhaontú a chinneadh, is gá scrúdú a dhéanamh i dtaobh an fíoriomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha a bheadh sna páirtithe in éagmais an chomhaontaithe. Mura mbeadh na páirtithe ina bhfíoriomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha in éagmais an chomhaontaithe, in aon mhargadh ábhartha a ndéanann an comhaontú difear dó, meastar gur neamhiomaitheoirí iad.
(44)Is fíoriomaitheoirí iad na páirtithe ar mhargadh maidir le táirgí a sholáthar má bhí siad gníomhach cheana féin ar an margadh ábhartha céanna roimh an gcomhaontú.
(45)Meastar páirtí a bheith ina iomaitheoir ionchasach leis an bpáirtí eile ar mhargadh maidir le táirgí a sholáthar, dá mbeadh, in éagmais an chomhaontaithe, fíorfhéidearthachtaí coincréiteacha ann go n‑iontrálfadh an chéad pháirtí sa mhargadh ábhartha agus go rachadh sé in iomaíocht leis an bpáirtí eile atá bunaithe ar an margadh sin. Ba cheart iomaíocht ionchasach a shuíomh a bheith bunaithe ar bhailiúchán fíoras comhsheasmhach lena gcuirtear san áireamh struchtúr an mhargaidh agus an comhthéacs eacnamaíoch agus dlíthiúil ina bhfeidhmíonn sé. Ní leor féidearthacht hipitéiseach iontrála a bheith ann ná gur mian le páirtí iontráil.Os a choinne sin, ní gá a léiriú le deimhneacht go rachaidh an gnóthas isteach sa mhargadh lena mbaineann le fírinne agus go mbeidh sé in ann a áit ansin a choinneáil. Mar shampla, is mó an seans iontrála má tá sócmhainní ag an gceadúnaí ar féidir iad a úsáid go héasca chun dul isteach sa mhargadh gan costais bháite shuntasacha a thabhú, nó má tá pleananna forbartha aige cheana féin, nó má thosaigh sé ag infheistiú ar bhealach eile.
(46)I gcás sonrach na gceart maoine intleachtúla, d’fhéadfadh sé go mbeadh cearta maoine intleachtúla bailí ag páirtí amháin nó ag an dá pháirtí lena gcuirtear bac ar an bpáirtí eile oibriú sa mhargadh ábhartha nó dul isteach ann gan na cearta teicneolaíochta sin a shárú. Tugtar ‘seasamh blocála’ air sin. Agus measúnú á dhéanamh ag na páirtithe ar an tionchar féideartha a bheadh ag seasamh blocála ar a gcaidreamh iomaíoch, ba cheart dóibh na tosca seo a leanas a chur san áireamh:
(a)Má tá an dá pháirtí ag feidhmiú sa mhargadh ábhartha cheana, is rídhócha nach bhfuil siad i seasamh blocála ach amháin má deimhníodh an sárú agus bailíocht an chirt maoine intleachtúla le breithiúnas críochnaitheach ón gcúirt. In éagmais breithiúnas den sórt sin, meastar go ginearálta gur fíoriomaitheoirí iad na páirtithe.
(b)Más rud é nach bhfuil ceann amháin de na páirtithe ag feidhmiú sa mhargadh go fóill, ach go bhfuil infheistíochtaí substaintiúla nó céimeanna ullmhúcháin suntasacha déanta aige chun dul isteach sa mhargadh, is rídhócha gur iomaitheoirí ionchasacha iad na páirtithe ar a laghad. In éagmais infheistíochtaí agus céimeanna den sórt sin, beidh ar na páirtithe, agus iad ag tabhairt aghaidh ar an gceist i dtaobh an iomaitheoirí ionchasacha iad, iad féin a bhunú ar an bhfianaise go léir atá ar fáil ag an am, lena n‑áirítear an fhéidearthacht go sáraítear cearta maoine intleachtúla, bailíocht na gcearta atá i gceist agus an bhfuil féidearthachtaí éifeachtacha ann chun oibriú thart ar chearta maoine intleachtúla atá ann cheana. Tá gá le fianaise atá diongbháilte go mór gur ann do sheasamh blocála i gcás ina bhfuil leas coiteann ag na páirtithe a mhaíomh gur ann do sheasamh blocála chun bheith cáilithe mar neamhiomaitheoirí, mar shampla, i gcas ina mbaineann an seasamh blocála a bhfuiltear ag líomhain le teicneolaíochtaí ar ionadaithe teicneolaíochta iad (féach mír
(37)
) nó má tá dreasacht shuntasach ann ó pháirtí amháin nó ón dá pháirtí go páirtí eile.
(47)Is fíoriomaitheoirí iad na páirtithe ar an margadh teicneolaíochta má dhéanann an dá pháirtí cearta teicneolaíochta inionadaithe a cheadúnú amach cheana féin, nó má dhéanann an ceadúnaí a chearta teicneolaíochta a cheadúnú amach cheana féin agus má thagann an ceadúnóir isteach sa mhargadh teicneolaíochta trí cheadúnas maidir le cearta teicneolaíochta iomaíocha a dheonú don cheadúnaí.
(48)Meastar gur iomaitheoirí ionchasacha iad na páirtithe ar an margadh teicneolaíochta má tá teicneolaíochtaí inionadaithe acu agus mura ndéanann an ceadúnaí a theicneolaíocht féin a cheadúnú amach, ar choinníoll gur dócha go ndéanfadh sé amhlaidh i gcás ina dtiocfadh meathlú ar choinníollacha soláthair theicneolaíocht an cheadúnóra i gcomparáid le coinníollacha teicneolaíochtaí eile. I gcás na margaí teicneolaíochta, bíonn sé níos deacra go ginearálta a mheasúnú an iomaitheoirí ionchasacha iad na páirtithe. Mar sin, maidir le cur i bhfeidhm RBAT, ní chuirtear iomaíocht ionchasach ar an margadh teicneolaíochta san áireamh (féach mír
(107)
de na Treoirlínte) agus caitear leis na páirtithe mar neamhiomaitheoirí.
(49)I roinnt cásanna d’fhéadfadh sé go bhféadfaí teacht ar an gconclúid freisin gur neamhiomaitheoirí iad an ceadúnóir agus an ceadúnaí ar an margadh táirgí ábhartha agus an margadh teicneolaíochta ábhartha, cé go dtáirgeann siad táirgí iomaitheora, toisc gur nuálaíocht chomh mór sin atá sa teicneolaíocht cheadúnaithe go bhfuil teicneolaíocht an cheadúnaí imithe i léig nó neamhiomaíoch. I gcásanna den sórt sin, cruthaítear margadh nua le teicneolaíocht an cheadúnóra nó eisiatar teicneolaíocht an cheadúnaí ón margadh atá ann cheana. Mar sin féin, is minic nach féidir teacht ar an gconclúid sin tráth a thugtar an comhaontú i gcrích. Is minic nach dtagann sé chun solais go bhfuil an teicneolaíocht is sine tar éis dul i léig nó éirí neamhiomaíoch ach amháin nuair atá an teicneolaíocht nó na táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht le fáil do thomhaltóirí le tamall anuas. Mar shampla, nuair a forbraíodh teicneolaíocht an dlúthdhiosca agus nuair a cuireadh seinnteoirí agus dioscaí ar an margadh, ní raibh sé soiléir go dtiocfadh an teicneolaíocht nua sin in ionad ceirníní. Níor tháinig sé sin chun solais go dtí roinnt bliana ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, measfar gur iomaitheoirí iad na páirtithe más rud é nach léir go bhfuil teicneolaíocht an cheadúnaí imithe i léig nó tar éis éirí neamhiomaíoch tráth a thugtar an comhaontú i gcrích. Mar sin féin, ós rud é nach mór Airteagal 101(1) agus (3) den Chonradh a chur i bhfeidhm i bhfianaise an fhíor-chomhthéacs ina dtarlaíonn an comhaontú, tá an measúnú íogair ó thaobh athruithe ábhartha ar na fíorais de. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh aicmiú an chaidrimh idir na páirtithe athrú go caidreamh neamhiomaitheoirí má théann teicneolaíocht an cheadúnaí i léig nó má éiríonn sí neamhiomaíoch ar an margadh tráth níos déanaí.
(50)I roinnt cásanna, d’fhéadfadh na páirtithe teacht chun bheith ina n‑iomaitheoirí tar éis an comhaontú a thabhairt i gcrích toisc go bhforbraíonn nó go bhfaigheann an ceadúnaí teicneolaíocht iomaíoch agus go dtosaíonn sé ag saothrú na teicneolaíochta sin. I gcásanna den sórt sin, ní mór a chur san áireamh gur neamhiomaitheoirí a bhí sna páirtithe nuair a tugadh an comhaontú i gcrích agus gur tugadh an comhaontú i gcrích sa chomhthéacs sin. Dá bhrí sin, díreoidh an Coimisiún go príomha ar thionchar an chomhaontaithe ar chumas an cheadúnaí a theicneolaíocht (iomaíoch) féin a shaothrú. Ar an gcúis sin, i ndáil le liosta na gcruashrianta is infheidhme maidir le comhaontuithe idir iomaitheoirí, níl feidhm ag an liosta sin maidir le comhaontuithe den sórt sin ach amháin má leasaítear an comhaontú ina dhiaidh sin in aon phonc ábhartha tar éis do na páirtithe teacht chun bheith ina n‑iomaitheoirí (féach Airteagal 4(3) de RBAT).
(51)D’fhéadfadh na gnóthais i gcomhaontú teacht chun bheith ina n‑iomaitheoirí tar éis an comhaontú a thabhairt i gcrích i gcás ina raibh an ceadúnaí gníomhach cheana féin ar an margadh ábhartha ar a ndíoltar na táirgí conartha sula dtugtar an comhaontú i gcrích agus ina dtéann an ceadúnóir isteach sa mhargadh sin ina dhiaidh sin ar bhonn na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe nó ar bhonn teicneolaíocht nua. Sa chás sin, leanfaidh an crualiosta is infheidhme maidir le comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí d’fheidhm a bheith aige ar feadh thréimhse iomlán an chomhaontaithe ach amháin má leasaítear an comhaontú ina dhiaidh sin in aon phonc ábhartha (féach Airteagal 4(3) de RBAT). Cuimsíonn leasú ábhartha tabhairt i gcrích comhaontaithe nua aistrithe teicneolaíochta idir na páirtithe maidir le cearta teicneolaíochta iomaíocha is féidir a úsáid chun táirgí atá in iomaíocht leis na táirgí conartha a tháirgeadh.
2.3.Comhaontuithe a thagann lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh go hiondúil
(52)Maidir le comhaontuithe nach bhfuil in ann difear suntasach a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit (easpa éifeachta ar an trádáil) nó nach ndéanann an iomaíocht a shrianadh go suntasach (comhaontuithe miontábhachta), tagann siad lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh. Tá treoraíocht soláthraithe ag an gCoimisiún i ndáil leis an easpa éifeachta ar an trádáil sna Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le coincheap na héifeachta ar an trádáil atá in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (‘Treoirlínte maidir leis an Éifeacht ar an Trádáil’), agus maidir le comhaontuithe miontábhachta san Fhógra ón gCoimisiún maidir le comhaontuithe miontábhachta nach ndéantar an iomaíocht a shrianadh go suntasach leo faoi Airteagal 101(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘Fógra De Minimis’). Baineann na Treoirlínte maidir leis an Éifeacht ar an Trádáil agus an Fógra De Minimis araon le hábhar go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir fiontair bheaga agus mheánmhéide.
3.RBAT A CHUR I bhFEIDHM
3.1.Éifeachtaí dlí RBAT
(53)Tá na comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a chomhlíonann coinníollacha RBAT díolmhaithe ón toirmeasc atá in Airteagal 101(1) den Chonradh. Tá comhaontuithe blocdhíolmhaithe bailí de réir dlí agus infhorfheidhmithe le dlí.
(54)Tá an blocdhíolúine dá bhforáiltear le RBAT bunaithe ar an toimhde go gcomhlíonann catagóirí áirithe comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta na ceithre choinníoll d’Airteagal 101(3), a mhéid is go bhfuil siad faoi réir Airteagal 101(1) den Chonradh. Na tairseacha maidir le sciar den mhargadh (Airteagal 3 de RBAT), na cruashrianta (Airteagal 4 de RBAT) agus na srianta eisiata (Airteagal 5 de RBAT), beartaítear leo a áirithiú nach mbeidh díolmhaithe ach comhaontuithe sriantacha ar féidir a thoimhdiú go réasúnta go gcomhlíonann siad na ceithre choinníoll d’Airteagal 101(3).
(55)Mar a leagtar amach i Roinn 2 de na Treoirlínte seo, tagann roinnt mhaith comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta lasmuigh d’Airteagal 101(1) den Chonradh, toisc nach gcuireann siad srian ar an iomaíocht ar chor ar bith, nó toisc nach bhfuil an srian ar an iomaíocht suntasach. In aon chás, i gcás ina gcomhlíonann comhaontú aistrithe teicneolaíochta coinníollacha RBAT, ní gá a chinneadh an dtagann sé faoi réim Airteagal 101(1).
(56)Lasmuigh de raon feidhme na blocdhíolúine, is ábhartha measúnú a dhéanamh sa chás aonair i dtaobh an gcuireann an comhaontú srian ar an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh, agus má chuireann, an gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 101(3). Maidir leis na comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a thagann lasmuigh den bhlocdhíolúine, níl aon toimhde ann go bhfuil na comhaontuithe sin faoi réir Airteagal 101(1) nó nach gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3). Go háirithe, ní bunús leordhóthanach chun a chinneadh go dtagann an comhaontú faoi réim Airteagal 101(1) é an fíoras go sáraíonn sciartha margaidh na bpáirtithe na tairseacha maidir le sciar den mhargadh a leagtar amach in Airteagal 3 de RBAT. Tá gá le measúnú aonair ar na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an gcomhaontú.
3.2.Raon feidhme agus fad ama RBAT
3.2.1. Coincheap na gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta
(57)Cumhdaítear le RBAT agus leis na Treoirlínte seo comhaontuithe chun teicneolaíocht a aistriú. I gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (b), de RBAT, cumhdaítear leis an gcoincheap ‘cearta teicneolaíochta’ fios gnó chomh maith le paitinní, cuspaí áisiúlachta, cearta dearaidh, topografaíochtaí táirgí leathsheoltóra, deimhnithe forlíontacha cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte nó le haghaidh táirgí ar féidir deimhnithe forlíontacha cosanta a fháil dóibh, deimhnithe póraitheoirí plandaí agus cóipchearta bogearraí nó teaglaim díobh chomh maith le hiarratais ar na cearta sin agus ar chlárú na gceart sin. Leis na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe sin, ba cheart cead a bheith ag an gceadúnaí na táirgí conartha a tháirgeadh, bíodh ionchur eile acu nó ná bíodh. Níl feidhm ag RBAT ach amháin sna Ballstáit ina bhfuil cearta teicneolaíochta ábhartha ag an gceadúnóir. Seachas sin, níl aon cheart teicneolaíochta le haistriú de réir bhrí RBAT.
(58)Sainmhínítear fios gnó in Airteagal 1(1), pointe (i), de RBAT mar phacáiste d’fhaisnéis phraiticiúil, faisnéis ar toradh atá inti ar thaithí agus ar thástáil, atá rúnda, substaintiúil agus sainaitheanta:
(a)Ciallaíonn ‘rúnda’ nach bhfuil eolas ginearálta ar an bhfios gnó nó nach bhfuil rochtain éasca air.
(b)Ciallaíonn ‘substaintiúil’ go n‑áirítear leis an bhfios gnó faisnéis atá suntasach agus úsáideach chun na táirgí a chumhdaítear leis an gcomhaontú ceadúnúcháin a tháirgeadh nó chun an próiseas a chumhdaítear leis an gcomhaontú ceadúnúcháin a chur i bhfeidhm. Is é sin le rá, ní mór don fhaisnéis rannchuidiú go suntasach le táirgeadh na dtáirgí conartha nó táirgeadh na dtáirgí sin a éascú. I gcásanna ina mbaineann an fios gnó ceadúnaithe le táirge seachas le próiseas, tugtar le tuiscint leis an gcoinníoll sin go bhfuil an fios gnó úsáideach chun an táirge conartha a tháirgeadh. Ní chomhlíontar an coinníoll sin i gcás inar féidir an táirge conartha a tháirgeadh ar bhonn teicneolaíochta atá ar fáil saor in aisce. Mar sin féin, ní cheanglaítear leis an gcoinníoll go mbeadh luach níos airde ag an táirge conartha ná ag táirgí a tháirgtear le teicneolaíocht atá ar fáil saor in aisce. I gcás teicneolaíochtaí próisis, tugtar le tuiscint leis an gcoinníoll sin go bhfuil an fios gnó úsáideach sa chiall gur féidir coinne a bheith leis ar an dáta a thabharfar an comhaontú i gcrích go mbeadh an comhaontú in ann feabhas suntasach a chur ar staid iomaíoch an cheadúnaí, trína chostais táirgthe a laghdú, mar shampla.
(c)Ciallaíonn ‘sainaitheanta’ gur féidir a fhíorú go gcomhlíonann an fios gnó ceadúnaithe critéir na rúndachta agus na substaintiúlachta. Comhlíontar an coinníoll sin i gcás ina dtugtar tuairisc ar an bhfios gnó ceadúnaithe i bhfoirm dhigiteach nó i bhfoirm pháipéir. Mar sin féin, d;fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta go réasúnta. D’fhéadfadh faisnéis phraiticiúil atá ag fostaithe an cheadúnóra a bheith i gceist leis an bhfios gnó ceadúnaithe. Mar shampla, d’fhéadfadh faisnéis rúnda agus shubstaintiúil a bheith ag fostaithe an cheadúnóra ar phróiseas táirgthe áirithe a chuirtear ar aghaidh chuig an gceadúnaí i bhfoirm oiliúint a chur ar fhostaithe an cheadúnaí. I gcásanna den sórt sin, is leor tuairisc a thabhairt sa chomhaontú ar chineál ginearálta an fheasa ghnó agus liosta a dhéanamh de na fostaithe a mbeidh nó a raibh baint acu lena chur ar aghaidh chuig an gceadúnaí.
3.2.1.1.Cur i bhfeidhm Airteagal 2(3) de RBAT
(59)Ní chumhdaítear le RBAT forálacha i gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a bhaineann le ceannach táirgí ag an gceadúnaí ach amháin má bhaineann na forálacha sin, agus a mhéid a bhaineann siad, go díreach le táirgeadh nó díol na dtáirgí conartha. Dá bhrí sin, níl feidhm ag RBAT maidir leis na codanna sin de chomhaontú aistrithe teicneolaíochta a bhaineann le hionchuir nó trealamh a úsáidtear chun críoch eile seachas táirgeadh na dtáirgí conartha. Mar shampla, i gcás ina ndíoltar bainne in éineacht le ceadúnas teicneolaíochta chun cáis a tháirgeadh, ní chumhdaítear le TBBER ach an bainne a úsáidtear chun cáis a tháirgeadh leis an teicneolaíocht cheadúnaithe. Maidir le forálacha i gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a bhaineann le cineálacha eile maoine intleachtúla a cheadúnú, amhail trádmharcanna agus cóipcheart, seachas cóipcheart bogearraí (maidir le cóipcheart bogearraí féach míreanna
(57)
agus
(86)
de na Treoirlínte seo), ní chumhdaítear na forálacha sin le RBAT ach amháin má bhaineann siad, agus a mhéid a bhaineann siad, go díreach le táirgeadh nó díol na dtáirgí conartha. Áirithítear leis an gcoinníoll sin go mbeidh forálacha lena gcumhdaítear cineálacha eile ceart maoine intleachtúla blocdhíolmhaithe a mhéid a chuireann na cearta maoine intleachtúla eile sin ar a chumas don cheadúnaí na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe a shaothrú ar bhealach níos fearr. Mar shampla, i gcás ina n‑údaraíonn ceadúnóir do cheadúnaí a thrádmharc a úsáid ar na táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe, d’fhéadfadh an ceadúnas trádmhairc sin cead a thabhairt don cheadúnaí an teicneolaíocht a shaothrú ar bhealach níos fearr trína chur ar chumas tomhaltóirí nasc láithreach a dhéanamh idir an táirge agus na saintréithe a bhaineann leis mar gheall ar na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe. Le hoibleagáid a chur ar an gceadúnaí trádmharc an cheadúnóra a úsáid d’fhéadfaí scaipeadh na teicneolaíochta a chur chun cinn trí chead a thabhairt don cheadúnóir é féin a shainaithint mar fhoinse na bunteicneolaíochta. Cumhdaítear comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta le RBAT sa chás sin fiú más é príomhleas na bpáirtithe é an trádmharc, seachas an teicneolaíocht, a shaothrú.
3.2.1.2.Cearta maoine intleachtúla a cheadúnú lasmuigh de raon feidhme RBAT
(60)Ní leathnóidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach in RBAT agus sna Treoirlíne seo chun ceadúnú trádmharc a chumhdach (ach amháin sa chás a leagtar amach i mír
(59)
de na Treoirlínte seo). Is minic a tharlaíonn ceadúnú trádmharc i gcomhthéacs dháileadh agus athdhíol earraí agus seirbhísí agus tá sé níos cosúla le comhaontuithe dáileacháin ná ceadúnú teicneolaíochta. I gcás ina bhfuil baint dhíreach ag ceadúnas trádmhairc le húsáid, díol nó athdhíol earraí agus seirbhísí agus nach príomhchuspóir an chomhaontaithe é, cumhdaítear an comhaontú ceadúnúcháin le Rialachán (AE) 720/2022 ón gCoimisiún (‘an Rialachán maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha’).
(61)Ní chumhdaítear le RBAT ceadúnú cóipchirt seachas cóipcheart bogearraí (seachas sa chás a leagtar amach i mír
(59)
de na Treoirlínte seo). Mar sin féin, cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach in RBAT agus sna Treoirlínte seo i bhfeidhm mar riail ghinearálta agus measúnú á dhéanamh aige ar cheadúnú cóipchirt chun táirgí conartha a tháirgeadh faoi Airteagal 101 den Chonradh. Os a choinne sin, ní leathnóidh an Coimisiún prionsabail RBAT agus na dTreoirlínte seo chun ceadúnú cóipchirt i gcomhaontuithe marsantaithe a chumhdach. Is iondúil gurb é a bhíonn i gceist leis na comhaontuithe sin go gceadúnaíonn an sealbhóir cirt branda, carachtar ficseanúil nó pearsa poiblí chun táirgí ar a bhfuil an comhartha nó an carachtar sin a mhonarú agus a dhíol. Is minic a bhíonn comhaontuithe den sórt sin níos cosúla le comhaontaithe dáileacháin ná comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta.
3.2.1.3.Cineálacha áirithe sonraí a cheadúnú
Prionsabail RBAT agus na dTreoirlínte a chur i bhfeidhm
(62)Le RBAT ní chumhdaítear ceadúnú sonraí ach amháin i gcas ina dtagann na sonraí atá á gceadúnú faoin sainmhíniú ar fhios gnó in Airteagal 1(1), pointe (i), de RBAT (féach mír
(58)
de na Treoirlínte seo) nó faoi cheann de na cearta teicneolaíochta a liostaítear in Airteagal 1(1), pointe (b), de RBAT, nó i gcas ina dtarlaíonn ceadúnú sonraí i gcomhaontú aistrithe teicneolaíochta agus ina gcomhlíonann sé coinníollacha Airteagal 2(3) de RBAT.
(63)Mar sin féin, cuirfidh an Coimisiún prionsabail RBAT agus na dTreoirlínte seo i bhfeidhm go ginearálta agus measúnú á dhéanamh aige, faoi Airteagal 101 den Chonradh, ar chomhaontuithe ceadúnúcháin sonraí idir dhá ghnóthas chun táirgí conartha a tháirgeadh i gcás ina mbaineann na sonraí ceadúnaithe le bunachar atá faoi chosaint ag cóipcheart nó an ceart sui generis a shainítear i dTreoir 96/9/CE.
(64)Eascraíonn breithnithe comhchosúla le ceadúnú na gceart teicneolaíochta a chumhdaítear le RBAT as measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe chun bunachair sonraí den sórt sin a cheadúnú i ndáil le hearraí nó seirbhísí a tháirgeadh faoi Airteagal 101 den Chonradh. D’fhéadfaí infheistíochtaí suntasacha a bheith i gceist le cruthú na mbunachar sonraí atá faoi chosaint ag cóipcheart nó an ceart sui generis agus is iondúil go mbíonn cineál ar son na hiomaíochta acu. Cuirtear an nuálaíocht chun cinn leis trína chur ar a chumas do chruthaitheoirí bunachar sonraí torthaí a thuilleamh chun cuid dá gcostais T&F ar a laghad a chumhdach. Bíonn scaipeadh sonraí atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla mar thoradh air sin freisin, rud a d’fhéadfadh nuálaíocht iartheachtach a mhéadú agus luach a chruthú trí chostais táirgthe na gceadúnaithe a laghdú nó trína chur ar a chumas dóibh táirgí nua nó feabhsaithe a chruthú.
(65)Mar sin féin, ar an gcuma chéanna le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta, d’fhéadfadh éifeachtaí frithiomaíocha sa mhargadh a bheith mar thoradh ar shrianta ar an iomaíocht i gcomhaontuithe ceadúnúcháin a bhaineann le bunachair sonraí atá faoi chosaint ag cóipcheart nó cearta sui generis, go háirithe i gcásanna ina bhfuil cumhacht mhargaidh ag ceann amháin de na páirtithe. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar shrianta den sórt sin, cuirfidh sé prionsabail RBAT agus na dTreoirlínte seo i bhfeidhm go ginearálta. Mar sin féin, is cleachtas é an ceadúnú sonraí atá ag athrú go tapa agus ní féidir a chur as an áireamh nach gcumhdaítear leis na Treoirlínte seo srianta áirithe ar an iomaíocht atá i gceadúnais den sórt sin nó go mbíonn éifeachtaí acu ar an iomaíocht nó ar thomhaltóirí atá an‑difriúil ó na cinn a thuairiscítear sna Treoirlínte seo. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na srianta faoi Airteagal 101 den Chonradh trí phrionsabail ghinearálta (féach Roinn 2 de na Treoirlínte seo) a chur i bhfeidhm maidir le fíorais gach cáis.
(66)I gcás ina mbaineann comhaontuithe ceadúnúcháin sonraí le sonraí nach bhfuil faoi chosaint ag cearta bunachar sonraí sui generis ná ag cóipcheart, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil sé iomchuí prionsabail RBAT agus na dTreoirlínte seo a chur i bhfeidhm bunaithe ar imthosca gach cáis. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh comhaontuithe ceadúnúcháin sonraí a thagann i bhfeidhm chun earraí nó seirbhísí a tháirgeadh le cineálacha éagsúla sonraí. De bharr difríochtaí i saintréithe na sonraí, sa chreat rialála ábhartha nó sa bhealach a mbailítear nó a ngintear na sonraí, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na prionsabail a leagtar amach in RBAT agus sna Treoirlínte seo (lena n‑áirítear na prionsabail a leagtar amach sna míreanna seo a leanas sa Roinn seo) iomchuí chun comhaontuithe den sórt sin a mheasúnú i ngach cás.
Malartú na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de
(67)D’fhéadfaí Airteagal 101 den Chonradh a shárú le malartú na faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de idir iomaitheoirí, gan beann ar cé acu a dhéantar an malartú go díreach nó go hindíreach trí thríú páirtí.
(68)I gcomhthéacs cheadúnú na mbunachar sonraí atá faoi chosaint ag na cearta sui generis nó cóipcheart, d’fhéadfadh malartú faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de tarlú sna cásanna seo a leanas: (i) má tá faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de in ábhar an cheadúnais féin, i.e. bunachar sonraí atá faoi chosaint ag cearta sui generis nó faoi chosaint ag cóipcheart, agus/nó (ii) má mhalartaíonn na páirtithe faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de – ar faisnéis í nach cuid den bhunachar sonraí féin í.
(69)Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar mhalartú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de i gcomhaontuithe ceadúnúcháin sonraí idir iomaitheoirí, cuirfidh sé na prionsabail a leagtar amach i gCaibidil 6 de na Treoirlínte maidir le Comhaontuithe Cothrománacha a bhaineann le malartú faisnéise i bhfeidhm go ginearálta. Go háirithe, mura dtagann ceadúnú an bhunachair sonraí féin faoi réim thoirmeasc Airteagal 101(1) toisc go bhfuil éifeachtaí neodracha nó dearfacha aige ar an iomaíocht, ní thagann malartú faisnéise atá coimhdeach leis an gcomhaontú sin faoi réim an toirmisc sin ach oiread. Beidh sé sin amhlaidh má tá an malartú faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de riachtanach go hoibiachtúil chun an comhaontú ceadúnúcháin sonraí a chur chun feidhme agus go bhfuil sé comhréireach lena chuspóirí.
(70)Thairis sin, i roinnt cásanna, ní chuirtear srian ar an iomaíocht de réir cuspóra le malartú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de i gcomhthéacs bunachair sonraí a cheadúnú, agus sa chás sin beidh sé riachtanach measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil éifeachtaí sriantacha ag an malartú. Le haghaidh an mheasúnaithe sin, tá cineál na faisnéise arna malartú, saintréithe an mhalartaithe agus saintréithe an mhargaidh ábhartha, chomh maith le haon bheart arna chur chun feidhme ag na páirtithe chun an riosca go ndéanfaí sáruithe ar dhlí na hiomaíochta a íoslaghdú.
(71)I gcás ina mbaineann iomaitheoirí úsáid as comhaontuithe ceadúnúcháin sonraí mar mhodh chun dul i mbun malartuithe faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de chun srian a chur ar an iomaíocht, ní chuirfidh an Coimisiún prionsabail na dTreoirlínte seo i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhaontú faoi Airteagal 101 den Chonradh.
Oibleagáidí a fhorchuirtear le reachtaíocht eile de chuid an Aontais
(72)Tá an treoraíocht a thugtar sna Treoirlínte seo gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) agus dlíthe eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le malartú faisnéise.
(73)I gcás ina sainordaítear ceadúnú bunachar sonraí atá faoi chosaint ag cearta sui generis nó cóipcheart le hoibleagáid comhroinnte sonraí a fhorchuirtear le reachtaíocht an Aontais, cuirfidh an Coimisiún oibleagáid den sórt sin san áireamh agus prionsabail RBAT agus na dTreoirlínte seo á gcur i bhfeidhm aige maidir leis an gcomhaontú ceadúnúcháin. Leanfaidh Airteagal 101 den Chonradh d’fheidhm a bheith aige a mhéid a choinníonn gnóthais discréid maidir le conas an reachtaíocht ábhartha a chur chun feidhme.
3.2.2.An coincheap ‘aistriú’
(74)Leis an gcoincheap ‘aistriú’, tugtar le tuiscint nach mór don teicneolaíocht sreabhadh ó ghnóthas amháin go gnóthas eile. Bíonn aistrithe den sórt sin i bhfoirm ceadúnaithe de ghnáth, trína ndeonaíonn an ceadúnóir an ceart don cheadúnaí a chearta teicneolaíochta a úsáid i gcoinne íocaíocht ríchíosanna.
(75)Mar a leagtar amach in Airteagal 1(1), pointe (c), de RBAT, meastar gur comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta iad freisin sannacháin ina bhfanann cuid den riosca a bhaineann le saothrú na gceart teicneolaíochta leis an sannóir. Go háirithe, is amhlaidh atá i gcás ina bhfuil an tsuim is iníoctha i gcomaoin an tsannta ag brath ar an láimhdeachas a ghineann an sannaí ó dhíolacháin táirgí a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an cearta sannta, ar cháilíocht na dtáirgí sin a tháirgtear nó ar líon na n‑oibríochtaí a dhéantar agus úsáid á baint as an teicneolaíocht.
(76)Maidir le comhaontú trína ngeallann an ceadúnóir nach bhfeidhmeoidh sé a chearta teicneolaíochta in aghaidh an cheadúnaí, is féidir a mheas gur aistriú ceart teicneolaíochta é an comhaontú sin. Go deimhin, is é buntréith glancheadúnais paitinne an ceart chun oibriú laistigh de raon feidhme cheart eisiach na paitinne. Fágann sé sin go gcumhdaítear freisin le RBAT comhaontuithe neamhdhearbhaithe, mar a thugtar orthu, trína gceadaíonn an ceadúnóir don cheadúnaí a bheith ag táirgeadh laistigh de raon feidhme na paitinne.
3.2.3.Comhaontuithe idir dhá pháirtí
(77)I gcomhréir le hAirteagal 1(1) pointe (c) de RBAT, níl feidhm ag RBAT maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta ach amháin i gcás comhaontuithe ‘idir dhá pháirtí’. Ní chumhdaítear comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir níos mó ná dhá ghnóthas le RBAT.
(78)Tagann comhaontuithe a thugtar i gcrích idir dhá ghnóthas faoi raon feidhme RBAT, fiú má shonraítear sa chomhaontú coinníollacha i ndáil le níos mó ná leibhéal trádála amháin. Mar shampla, tá feidhm ag RBAT maidir le comhaontú aistrithe teicneolaíochta a bhaineann le céim an dáileacháin, agus ní hamháin leis an gcéim táirgthe, lena sonraítear na hoibleagáidí nach mór don cheadúnaí a fhorchur ar athdhíoltóirí na dtáirgí a tháirgtear faoin gceadúnas.
(79)Is iondúil gur comhaontuithe ilpháirtí iad comhaontuithe lena mbunaítear comhthiomsuithe teicneolaíochta agus ceadúnú amach as comhthiomsuithe teicneolaíochta, agus dá bhrí sin, ní chumhdaítear iad le RBAT. Cumhdaítear le coincheap na gcomhthiomsuithe teicneolaíochta comhaontuithe trína gcomhaontaíonn dhá pháirtí nó níos mó a dteicneolaíochtaí féin a chomhthiomsú agus iad a cheadúnú mar phacáiste. Cumhdaítear le coincheap na gcomhthiomsuithe teicneolaíochta comhaontuithe trína gcomhaontaíonn dhá ghnóthas nó níos mó tríú páirtí a cheadúnú agus a údarú dó ceadúnú a dhéanamh ar an bpacáiste teicneolaíochtaí.
(80)Is minic a bhíonn na saincheisteanna céanna mar thoradh ar chomhaontuithe ceadúnúcháin a thugtar i gcrích idir níos mó ná dhá ghnóthas agus a bhíonn mar thoradh ar chomhaontuithe ceadúnúcháin den chineál céanna a thugtar i gcrích idir dhá ghnóthas. Agus measúnú aonair á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chomhaontuithe ceadúnúcháin den chineál céanna leo siúd a chumhdaítear leis an mblocdhíolúine ach a thugtar i gcrích idir níos mó ná dhá ghnóthas, cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach in RBAT i bhfeidhm mutatis mutandis. Mar sin féin, pléitear go sonrach le comhthiomsuithe teicneolaíochta agus ceadúnú amach as comhthiomsuithe teicneolaíochta i Roinn 4.4 de na Treoirlínte seo.
3.2.4.Comhaontuithe chun táirgí conartha a tháirgeadh
(81)Leanann sé ó Airteagal 1(1) pointe (c) de RBAT nach mór comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a dhéanamh ‘chun táirgí conartha a tháirgeadh’, is é sin le rá, táirgí ina n‑ionchorpraítear nó a tháirgtear leis na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe, chun tairbhe a bhaint as an mblocdhíolúine. Leis an gcomhaontú, ní mór cead a thabhairt don cheadúnaí agus/nó a fhochonraitheoir(í) an teicneolaíocht cheadúnaithe a shaothrú chun earraí nó seirbhísí a tháirgeadh (féach freisin aithris 7 de RBAT).
(82)I gcás nach é cuspóir an chomhaontaithe táirgí conartha a tháirgeadh ach, mar shampla, cosc a chur ar fhorbairt nó tráchtálú teicneolaíochta iomaíche, ní chumhdaítear an comhaontú ceadúnúcháin le RBAT agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Treoirlínte seo iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhaontú. Ar bhonn níos ginearálta, má staonann na páirtithe ó na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe a shaothrú, ní tharlaíonn aon ghníomhaíocht lena gcuirtear feabhas ar an éifeachtúlacht, agus sa chás sin tá réasúnaíocht na blocdhíolúine féin in easnamh.
(83)Ní gá saothrú na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe a tharlú i bhfoirm comhtháthú sócmhainní. Tarlaíonn saothrú freisin i gcás ina gcruthaíonn an ceadúnas saoirse dearaidh don cheadúnaí, trí chead a thabhairt dó a theicneolaíocht féin a shaothrú gan baol a bheith ann go ndéanfaidh an ceadúnóir éilimh maidir le sárú. I gcás ceadúnú idir iomaitheoirí, d’fhéadfadh sé go bhfuil an fíoras nach saothraíonn na páirtithe an teicneolaíocht cheadúnaithe ina chomhartha gur cairtéal ceilte é an socrú. Ar na cúiseanna sin, déanfaidh an Coimisiún scrúdú go grinn ar na cásanna nach ndearnadh saothrú.
(84)Tá feidhm ag RBAT maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta chun táirgí conartha a tháirgeadh ag an gceadúnaí agus/nó ag a fhochonraitheoir/a fhochonraitheoirí. Dá bhrí sin, ní feidhm ag RBAT maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta, nó na codanna sin díobh, lena gceadaítear focheadúnú. Mar sin féin, cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach in RBAT agus na Treoirlínte seo i bhfeidhm mutatis mutandis maidir le comhaontuithe ‘máistircheadúnúcháin’ idir ceadúnóir agus ceadúnaí (is é sin le rá, comhaontú ina gceadaíonn an ceadúnóir don cheadúnaí an teicneolaíocht a fhocheadúnú). Le RBAT, cumhdaítear comhaontuithe idir an ceadúnóir agus focheadúnaithe i ndáil le táirgí conartha a tháirgeadh.
(85)Cuimsítear sa téarma ‘táirgí conartha’ earraí agus seirbhísí a tháirgtear leis na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe. Is amhlaidh atá sé i gcás ina n‑úsáidtear an teicneolaíocht cheadúnaithe sa phróiseas táirgthe agus i gcás ina n‑ionchorpraítear í sa táirge féin. Sna Treoirlínte seo, cumhdaítear an dá chás leis an téarma ‘táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe’. Tá feidhm ag RBAT i ngach cás ina gceadúnaítear cearta teicneolaíochta chun earraí agus seirbhísí a tháirgeadh. Tá creat RBAT agus na dTreoirlínte seo bunaithe ar an mbonn go bhfuil nasc díreach idir na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe agus táirge conartha. I gcásanna nach ann do nasc den sórt sin, is é sin i gcás nach é cuspóir an chomhaontaithe táirgeadh táirge chonartha a chumasú, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an creat anailíseach dá bhforáiltear le RBAT agus leis na Treoirlínte seo iomchuí.
(86)Ní mheastar gur ‘táirgeadh’ de réir bhrí RBAT é ceadúnú cóipchirt bogearraí chun na bogearraí a athdhíol nó a dháileadh ar bhealach eile, bíodh sé sin trí chainéil fhisiceacha nó dhigiteacha, agus dá bhrí sin ní chumhdaítear é le RBAT ná na Treoirlínte seo. Cumhdaítear ceadúnú den sórt sin mutatis mutandis leis an Rialachán maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha agus leis na Treoirlínte Ingearacha. Mar shampla, ní chumhdaítear le RBAT agus leis na Treoirlínte seo ceadúnú cóipchirt bogearraí trína soláthraítear cóip dhigiteach nó fhisiceach de na bogearraí don cheadúnaí chun na bogearraí a thairiscint d’úsáideoirí deiridh. Ní chumhdaítear leo ach oiread ceadúnú cóipchirt bogearraí ná dáileadh bogearraí trí bhíthin ceadúnais ‘clickwrap’, is é sin, sraith coinníollacha a chuirtear i láthair don úsáideoir deiridh le linn suiteáil bogearraí nó íoslódáil ar líne a meastar gur ghlac an t‑úsáideoir leo trí chliceáil ar ‘Aontaím’ nó ar chnaipe coibhéiseach sula dtéitear ar aghaidh, ná ceadúnú cóipchirt bogearraí agus dáileadh bogearraí trí bhíthin íoslódáil nó sruthú ar líne.
(87)Mar sin féin, i gcás ina bhfuil na bogearraí ceadúnaithe ionchorpraithe ag an gceadúnaí i dtáirge an chonartha, ní meastar gur athdhíol amháin é sin ach táirgeadh. Mar shampla, cumhdaítear le RBAT agus leis na Treoirlínte seo ceadúnú cóipchirt bogearraí i gcás ina n‑údaraítear don cheadúnaí na bogearraí a úsáid trína n‑ionchorprú i ngaireas lena n‑idirghníomhaíonn na bogearraí. Ar an gcuma chéanna, i gcás ina n‑úsáidtear na bogearraí ceadúnaithe mar ionchur i bpróisis thionsclaíocha an cheadúnaí nó i gcás ina gcuireann an ceadúnaí luach suntasach leis na bogearraí trína modhnú nó trína bhforbairt a thuilleadh, meastar gur ceadúnú é sin chun críche táirgthe.
(88)Cumhdaítear fochonraitheoireacht le RBAT, trína gceadaíonn an ceadúnóir cearta teicneolaíochta don cheadúnaí a gheallann go dtáirgfidh sé táirgí áirithe ar a mbonn sin don cheadúnóir amháin. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé i gceist le fochonraitheoireacht freisin go soláthródh an ceadúnóir trealaimh don cheadúnóir atá le húsáid i dtáirgeadh na n‑earraí agus seirbhísí a chumhdaítear leis an gcomhaontú. Chun go gcumhdófar an dara cineál fochonraitheoireachta sin le RBAT mar chuid de chomhaontú aistrithe teicneolaíochta, ní mór baint dhíreach a bheith ag an trealamh a sholáthraítear le táirgeadh na dtáirgí conartha. Cumhdaítear fochonraitheoireacht leis an bhFógra ón gCoimisiún maidir le comhaontuithe fochonraitheoireachta freisin. I gcomhréir leis an bhFógra sin, atá fós infheidhme, ní thagann comhaontuithe fochonraitheoireachta faoina ngeallann an fochonraitheoir go dtáirgfidh sé táirgí áirithe don chonraitheoir amháin faoi réim Airteagal 101(1) den Chonradh go ginearálta. Maidir le comhaontuithe fochonraitheoireachta faoina gcinneann an conraitheoir praghas aistrithe an táirge conartha idirmheánaigh idir fochonraitheoirí i slabhra luacha fochonraitheoireachta, ní thagann na comhaontuithe sin faoi réim Airteagal 101(1) den Chonradh go ginearálta ach oiread ar choinníoll go dtáirgtear na táirgí conartha don chonraitheoir amháin. Mar sin féin, d’fhéadfadh srianta eile a fhorchuirtear ar an bhfochonraitheoir, amhail an oibleagáid gan a thaighde agus a fhorbairt féin a dhéanamh ná a shaothrú, teacht faoi réim Airteagal 101(1) den Chonradh.
(89)Tá feidhm ag RBAT freisin maidir le comhaontuithe trína bhfuil ar an gceadúnaí obair T&F a dhéanamh sula bhfaighidh sé táirge nó próiseas atá réidh le haghaidh saothrú tráchtála, ar choinníoll gurb é is cuspóir don chomhaontú táirge conartha sainaitheanta a tháirgeadh, is é sin le rá, táirge a tháirgtear leis na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe. I gcás inar comhlacht acadúil, institiúid taighde nó FBM é an ceadúnóir, nach bhfuil, i ngach cás, ag gabháil do ghníomhaíochtaí táirgthe, is féidir an táirge sa chomhaontú aistrithe teicneolaíochta a shainaithint i dtéarmaí níos ginearálta.
(90)Ní chumhdaítear le RBAT ná na Treoirlínte seo comhaontuithe trína gceadúnaítear cearta teicneolaíochta chun a chur ar chumas don cheadúnaí tuilleadh T&F a dhéanamh i réimsí éagsúla, lena n‑áirítear táirge a n‑eascraíonn as T&F den sórt sin a fhorbairt a thuilleadh . Má chomhlíonann comhaontuithe den sórt sin na coinníollacha atá iontu, cumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2023/1066 ón gCoimisiún (‘An Rialachán Blocdhíolúine maidir le Taighde agus Forbairt’), agus déantar measúnú orthu faoi chreat na caibidle ábhartha sna Treoirlínte maidir le Comhaontuithe Cothrománacha a bhaineann le comhaontuithe taighde agus forbartha. Mar shampla, ní chumhdaítear le RBAT ná na Treoirlínte fochonraitheoireacht T&F, trína ngeallann an ceadúnaí taighde agus forbairt a dhéanamh i réimse na teicneolaíochta ceadúnaithe agus an pacáiste teicneolaíochta feabhsaithe a thabhairt ar ais don cheadúnóir. Ina theannta sin, tá ceadúnú uirlise taighde teicneolaíochta le húsáid i ngníomhaíocht taighde sa bhreis níos cosúla le comhaontuithe T&F ó thaobh an mheasúnaithe faoi Airteagal 101 den Chonradh de. Agus meastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún ar chomhaontuithe den sórt sin, cuirfidh sé, mar riail ghinearálta, na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán Blocdhíolúine maidir le Taighde agus Forbairt agus sa chaibidil sna dTreoirlínte maidir le Comhaontuithe Cothrománacha a bhaineann le comhaontuithe taighde agus forbartha i bhfeidhm.
3.2.5.Fad ama
(91)Beidh feidhm ag an mblocdhíolúine fad nach bhfuil an ceart teicneolaíochta ceadúnaithe imithe in éag, imithe i léig nó dearbhaithe a bheith neamhbhailí. I gcás fios gnó, beidh feidhm ag an mblocdhíolúine fad a fhanann an fios gnó ceadúnaithe rúnda, agus ní bheidh feidhm aici a thuilleadh nuair a chailleann an fios gnó a rúndacht, ach amháin i gcás ina n‑aithneofar an fios gnó go poiblí mar thoradh ar ghníomhaíocht a rinne an ceadúnóir, agus sa chás sin beidh feidhm ag an díolúine ar feadh fhad ama an chomhaontaithe (féach Airteagal 2(2) de RBAT).
(92)Tá feidhm ag an mblocdhíolúine maidir le gach ceart teicneolaíochta ceadúnaithe a chumhdaítear leis an gcomhaontú agus scoirfidh sí d’fheidhm a bheith aici ar dháta éaga nó neamhbhailíochta an chirt teicneolaíochta dheireanaigh nó ar dháta iontrála an chirt teicneolaíochta dheireanaigh san fhearann poiblí de réir bhrí RBAT.
3.2.6.Gaol le rialacháin bhlocdhíolúine eile
(93)Cumhdaítear le RBAT comhaontuithe idir dhá ghnóthas a bhaineann le ceadúnú ceart teicneolaíochta chun táirgí conartha a tháirgeadh. Mar sin féin, is féidir le cearta teicneolaíochta a bheith ina ngné de chineálacha eile comhaontuithe freisin. Ina theannta sin, díoltar na táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe ar an margadh ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, is gá aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir RBAT agus Rialachán (AE) 2023/1067 ón gCoimisiún (‘an Rialachán maidir le Blocdhíolúine Speisialtóireachta’), an Rialachán Blocdhíolúine maidir le Taighde agus Forbairt agus an Rialachán maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha.
3.2.6.1.Na rialacháin bhlocdhíolúine maidir le speisialtóireacht agus comhaontuithe T&F
(94)De bhun Airteagal 9 de RBAT, níl feidhm ag RBAT maidir le ceadúnú i gcomhthéacs comhaontuithe speisialtóireachta a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Blocdhíolúine Speisialtóireachta ná maidir le ceadúnú i gcomhthéacs chomhaontuithe T&F a chumhdaítear leis an Rialachán Blocdhíolúine maidir le Taighde agus Forbairt.
(95)I gcomhréir le hAirteagal 1(1) den Rialachán maidir le Blocdhíolúine Speisialtóireachta, cumhdaítear leis an Rialachán sin comhaontuithe speisialtóireachta, trína gcomhaontaíonn páirtí amháin nó níos mó scor de tháirgí áirithe a tháirgeadh agus iad a cheannach ó pháirtí eile, agus comhaontuithe comhtháirgthe, trína gcomhaontaíonn dhá pháirtí nó níos mó táirgí áirithe a tháirgeadh go comhpháirteach. Leathnaítear an Rialacháin sin chun forálacha a bhaineann le sannadh nó úsáid ceart maoine intleachtúla a chumhdach, ar choinníoll nach príomhchuspóir an chomhaontaithe iad na forálacha sin, ach go bhfuil baint dhíreach acu lena chur chun feidhme agus go bhfuil gá leo chun é a chur chun feidhme.
(96)I gcás ina mbunaíonn gnóthais comhfhiontar táirgthe agus ina ndeonaíonn siad ceadúnas teicneolaíochta don chomhfhiontar chun críche táirgthe, cumhdaítear an ceadúnú sin leis an Rialachán maidir le Blocdhíolúine Speisialtóireachta seachas le RBAT. Mar sin féin, i gcas ina ngabhann an comhfhiontar do cheadúnú na teicneolaíochta do thríú páirtithe, níl an ghníomhaíocht sin nasctha le táirgeadh ag an gcomhfhiontar agus dá bhrí sin ní chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Blocdhíolúine Speisialtóireachta í. Is comhthiomsuithe teicneolaíochta iad comhaontuithe ceadúnúcháin den sórt sin, lena dtugtar teicneolaíochtaí na bpáirtithe le chéile, a chumhdaítear le Roinn 4.4 de na Treoirlínte seo iad.
(97)Cumhdaítear leis an Rialachán Blocdhíolúine maidir le Taighde agus Forbairt comhaontuithe idir dhá ghnóthas nó níos mó a bhaineann le T&F comhpháirteach nó T&F ar íocadh astu agus le saothrú comhpháirteach na dtorthaí air sin. I gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (10), den Rialachán sin, déantar T&F agus saothrú na dtorthaí air sin go comhpháirteach i gcás ina ndéanann foireann, eagraíocht nó gnóthas comhpháirteach an obair lena mbaineann, ina gcuirtear í de chúram ar thríú páirtí go comhpháirteach nó ina leithdháiltear í idir na páirtithe mar speisialtóireacht i gcomhthéacs T&F nó speisialtóireacht i gcomhthéacs saothraithe (lena n‑áirítear táirgeadh, dáileadh agus ceadúnú).
(98)Fágann sé sin go gcumhdaítear leis an Rialachán Blocdhíolúine maidir le Taighde agus Forbairt ceadúnú idir na páirtithe agus ag na páirtithe chuig eintiteas comhpháirteach i gcomhthéacs chomhaontú T&F, agus nach gcumhdaítear ceadúnú den sórt sin le RBAT. I gcomhthéacs comhaontuithe den sórt sin, is féidir leis na páirtithe na coinníollacha a chinneadh maidir le torthaí T&F comhpháirteach nó T&F ar íocadh astu a cheadúnú do thríú páirtithe. Mar sin féin, ós rud é nach páirtithe i gcomhaontú T&F iad na ceadúnaithe tríú páirtithe, ní chumhdaítear leis an Rialachán Blocdhíolúine maidir le Taighde agus Forbairt comhaontuithe ceadúnais aonair a thugtar i gcrích le tríú páirtithe. Is féidir leis na comhaontuithe ceadúnais sin tairbhiú den bhlocdhíolúine dá bhforáiltear in RBAT má chomhlíontar coinníollacha RBAT.
3.2.6.2.An Rialachán maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha
(99)Tá feidhm ag an Rialachán maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha idir comhaontuithe a dhéantar idir dhá ghnóthas nó níos mó, a oibríonn gach gnóthas, chun críocha an chomhaontaithe, ar leibhéil difriúla den slabhra táirgthe nó dáilte, agus a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh na páirtithe earraí nó seirbhísí áirithe a cheannach, a dhíol nó a athdhíol. Dá bhrí sin, cumhdaítear leis comhaontuithe soláthair agus dáileacháin.
(100)Ós rud é nach gcumhdaítear le RBAT ach comhaontuithe idir dhá pháirtí agus gur soláthróir é ceadúnaí a dhíolann táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe chun críocha an Rialacháin maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha, tá dlúthbhaint ag an dá rialachán blocdhíolúine lena chéile. Cumhdaítear comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir ceadúnóir agus ceadúnaí le RBAT, ach is leis an Rialachán maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha a chumhdaítear comhaontuithe idir ceadúnaí agus ceannaitheoirí na dtáirgí conartha.
(101)Díolmhaítear le RBAT freisin comhaontuithe idir an ceadúnóir agus an ceadúnaí i gcás ina bhforchuirtear oibleagáidí ar an gceadúnaí leis an gcomhaontú maidir leis an mbealach nach mór dó táirgí na ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe a dhíol. Go háirithe, is féidir leis an gceadúnóir a cheangal ar an gceadúnaí córas dáileacháin áirithe a bhunú amhail dáileadh eisiach nó dáileadh roghnaitheach. Mar sin féin, ní chumhdaítear na comhaontuithe dáileacháin a thugtar i gcrích chun oibleagáidí den sórt sin a chur chun feidhme ach amháin leis an Rialachán maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha. Mar shampla, is féidir leis an gceadúnóir oibleagáid a chur ar an gceadúnaí córas dáileacháin eisiach a bhunú chun na táirgí conartha a dhíol. Mar sin féin, chun tairbhiú den Rialachán maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha, ní mór don cheadúnaí, i bprionsabal, a áirithiú go bhfuil sé de shaoirse ag a dháileoirí díolacháin éighníomhacha a dhéanamh isteach i gcríocha a leithdháiltear ar dháileoirí eisiacha eile arna gceapadh ag an gceadúnaí.
(102)Thairis sin, chun tairbhiú den Rialachán maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha, ní mór saoirse a bheith ag dáileoirí, i bprionsabal, chun bheith ag díol go gníomhach agus go héighníomhach araon isteach i gcríocha a chumhdaítear le córais dáileacháin soláthróirí eile, is é sin le rá, ceadúnaithe eile a tháirgeann a dtáirgí féin ar bhonn na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe. Is amhlaidh an cás toisc gur soláthróir ar leith é gach ceadúnaí, chun críocha an Rialacháin maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha. Mar sin féin, na cúiseanna is bun le blocdhíolúine na srianta ar dhíolacháin ghníomhacha laistigh de chóras dáileacháin soláthróra atá sa Rialachán sin, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag na cúiseanna sin i gcás ina ndíolann ceadúnaithe éagsúla na táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe faoi bhranda coiteann ar leis an gceadúnóir é. Nuair a dhíoltar na táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe faoi chéannacht choiteann bhranda, d’fhéadfadh na cúiseanna éifeachtúlachta céanna a bheith ann chun na cineálacha céanna srianta a chur i bhfeidhm idir córais dáileacháin na gceadúnaithe agus a dhíoltar laistigh de chóras dáileacháin ingearach aonair. I gcásanna den sórt sin, ní dócha go gcuirfeadh an Coimisiún argóint i láthair i gcoinne srianta i gcás ina gcomhlíontar, mutatis mutandis, riachtanais an Rialacháin maidir le Blocdhíolúine Comhaontuithe Ingearacha. Chun céannacht choiteann bhranda a bheith ann, ní mór na táirgí a dhíol agus a mhargú faoi bhranda coiteann agus a bheith in ann cáilíocht agus faisnéis ábhartha eile a chur in iúl don tomhaltóir. Ní leor branda an cheadúnóra a bheith ar an táirge, i dteannta le brandaí an cheadúnaí, lena sainaithnítear é mar fhoinse na teicneolaíochta ceadúnaithe.
3.3.Na tairseacha maidir le sciar den mhargadh in RBAT
(103)Tá an tearmann dlíthiúil a sholáthraítear le RBAT faoi réir tairseacha maidir le sciar den mhargadh, rud a chuireann teorainn ar raon feidhme na blocdhíolúine comhaontuithe is féidir a thoimhdiú go ginearálta go gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh. Má thagann comhaontú aistrithe teicneolaíochta lasmuigh den tearmann toisc go sáraíonn na sciartha den mhargadh atá ag na páirtithe na tairseacha, ní eascraíonn aon toimhde as sin go dtagann an comhaontú faoi réim Airteagal 101(1) nó nach gcomhlíonann sé coinníollacha Airteagal 101(3). Is gá measúnú aonair a dhéanamh ar chomhaontuithe den sórt sin faoi Airteagal 101.
3.3.1.Tairseacha maidir le sciar den mhargadh
(104)An tairseach maidir le sciar den mhargadh atá le cur i bhfeidhm chun críoch thearmann RBAT, braitheann an tairseach sin ar chomhaontú a bheith tugtha i gcrích idir iomaitheoirí nó neamhiomaitheoirí nó gan bheith tugtha i gcrích eatarthu.
(105)Tá feidhm ag na tairseacha maidir le sciar den mhargadh i ndáil le margadh/margaí ábhartha na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe agus le margadh/margaí ábhartha na dtáirgí conartha araon. Má sháraítear an tairseach maidir le sciar den mhargadh is infheidhme i dtaca le margadh táirgí agus teicneolaíochta amháin nó níos mó, níl feidhm ag an mblocdhíolúine maidir leis an gcomhaontú le haghaidh an mhargaidh ábhartha nó na margaí ábhartha sin. Mar shampla, má bhaineann an comhaontú aistrithe teicneolaíochta le dhá mhargadh táirgí ar leithligh, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag an mblocdhíolúine ar cheann amháin de na margaí agus ní ar an gceann eile.
(106)I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de RBAT, tá feidhm ag an tearmann dá bhforáiltear in Airteagal 2 de RBAT ar chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir iomaitheoirí ar choinníoll nach dtéann sciar margaidh comhcheangailte na bpáirtithe thar 20 % ar aon mhargadh ábhartha. Tá an tairseach maidir le sciar den mhargadh in Airteagal 3(1) de RBAT infheidhme más fíoriomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha ar an margadh/na margaí táirgí iad na páirtithe nó más fíoriomaitheoirí ar an margadh teicneolaíochta iad, nó an dá rud sin (maidir leis an idirdhealú idir iomaitheoirí agus neamhiomaitheoirí, féach Roinn 2.2.5 de na Treoirlínte seo).
(107)Ní chuirtear iomaíocht ionchasach ar an margadh teicneolaíochta san áireamh chun an tairseach maidir le sciar den mhargadh ná an crualiosta a bhaineann le comhaontuithe idir iomaitheoirí a chur i bhfeidhm. Lasmuigh de thearmann RBAR, ní chuirtear iomaíocht ionchasach ar an margadh teicneolaíochta san áireamh.
(108)I gcás nach iomaitheoirí iad na gnóthais is páirtí sa chomhaontú aistrithe teicneolaíochta, tá feidhm ag an tairseach maidir le sciar den mhargadh a leagtar amach in Airteagal 3(2) RBAT. Foráiltear leis sin go bhfuil feidhm ag an mblocdhíolúine mura mó ná 30 % an sciar den mhargadh atá ag gach páirtí ar na margaí teicneolaíochta agus táirgí dá ndéantar difear.
(109)I gcás ina dtagann na páirtithe chun bheith ina n‑iomaitheoirí de réir bhrí Airteagal 3(1) de RBAT tráth níos déanaí, mar shampla, i gcás ina raibh an ceadúnaí i láthair cheana féin, roimh an gceadúnú, ar an margadh ábhartha ina ndíoltar na táirgí conartha agus ina dtagann an ceadúnóir chun bheith ina fhíorsholáthróir nó soláthróir ionchasach ina dhiaidh sin ar an margadh ábhartha céanna, beidh feidhm ag an tairseach 20 % maidir le sciar den mhargadh ón tráth a tháinig siad chun bheith ina n‑iomaitheoirí. Sa chás sin, áfach, leanfaidh an crualiosta is infheidhme maidir le comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí d’fheidhm a bheith aige ar feadh thréimhse iomlán an chomhaontaithe ach amháin má leasaítear an comhaontú ina dhiaidh sin in aon phonc ábhartha (féach Airteagal 4(3) de RBAT agus mír
(51)
de na Treoirlínte seo).
3.3.2.Sciartha den mhargadh a ríomh le haghaidh margaí teicneolaíochta faoi RBAT
(110)In Airteagal 8, pointe (d), de RBAT, sonraítear an modh nach mór a úsáid chun sciartha den mhargadh sna margaí teicneolaíochta ábhartha a ríomh chun RBAT a chur i bhfeidhm. Faoin modh sin, déantar an sciar den mhargadh atá ag páirtí atá gníomhach mar cheadúnóir ar mhargadh teicneolaíochta ábhartha a ríomh ar bhonn láithreacht chearta teicneolaíochta an pháirtí sin ar an margadh nó ar na margaí ábhartha (is é sin, an margadh/na margaí táirgí agus an margadh/na margaí geografacha) ina ndíoltar na táirgí conartha. Go háirithe, déantar díolacháin chomhcheangailte an pháirtí agus a cheadúnaithe maidir le táirgí ina n‑ionchorpraítear cearta teicneolaíochta an pháirtí sin a ríomh mar sciar de dhíolacháin uile na dtáirgí iomaíocha, gan beann ar cé acu a tháirgtear nó nach dtáirgtear na táirgí iomaíocha sin le teicneolaíocht atá á ceadúnú. Cuirtear an modh sin i bhfeidhm chun na sciartha den mhargadh atá ag an gceadúnóir agus an ceadúnaí araon a ríomh i gcásanna ina bhfuil an ceadúnaí féin gníomhach mar cheadúnóir ar an margadh teicneolaíochta ábhartha.
(111)Roghnaíodh an cur chuige sin maidir le sciartha na bpáirtithe den mhargadh ar mhargaí teicneolaíochta ábhartha a ríomh, bunaithe ar a ‘lorg’ ar leibhéal an táirge, mar gheall ar na deacrachtaí praiticiúla a bhaineann le sciartha den mhargadh ar mhargaí teicneolaíochta a ríomh trí ioncam ó ríchíosanna a úsáid (féach mír
(40)
). Chomh maith leis an deacracht ghinearálta a bhaineann le sonraí iontaofa a fháil maidir le hioncam ó ríchíosanna, d’fhéadfadh an fíorioncam ó ríchíosanna meastachán faoi bhun luacha a thabhairt ar sheasamh teicneolaíochta ar an margadh i gcás ina laghdaítear íocaíochtaí ríchíosa mar thoradh ar chros‑cheadúnú nó ar sholáthar táirgí nasctha. Ní bhaineann an riosca sin le ríomh na sciartha den mhargadh teicneolaíochta a bhunú ar na táirgí a tháirgtear leis an teicneolaíocht ábhartha. Go ginearálta, léireoidh lorg den sórt sin ar leibhéal an táirge suíomh na teicneolaíochta ar an margadh go maith.
(112)Mura bhfuil díolacháin táirgí conartha ginte ag an teicneolaíocht cheadúnaithe sa bhliain féilire roimhe sin, mar shampla toisc gur teicneolaíocht nua í an teicneolaíocht agus toisc nach ndearnadh tráchtálú ar tháirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht go fóill, fágann Airteagail 3 agus 8, pointe (d), de RBAT go meastar go bhfuil sciar nialasach den mhargadh ag an teicneolaíocht, chun RBAT a chur i bhfeidhm, le haghaidh na bliana féilire sin.
(113)Go hidéalach, maidir le táirgí a tháirgtear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí inmheánacha nach bhfuil ceadúnaithe amach, dhéanfaí iad a eisiamh ón margadh táirgí chun an lorg a ríomh, toisc nach bhfuil sna teicneolaíochtaí inmheánacha sin ach srian indíreach ar an teicneolaíocht cheadúnaithe. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfadh sé a bheith deacair sa chleachtas do cheadúnóir agus do cheadúnaithe fios a bheith acu an dtáirgtear táirgí eile sa mhargadh táirgí céanna le teicneolaíochtaí ceadúnaithe nó inmheánacha, tá ríomh an sciar den mhargadh teicneolaíochta, chun críocha RBAT, bunaithe ar na táirgí a tháirgtear leis an teicneolaíocht cheadúnaithe mar sciar de na táirgí uile a dhíoltar sa mhargadh táirgí sin. Is féidir coinne a bheith leis go laghdóidh an cur chuige sin an sciar ríofa den mhargadh trí tháirgí a tháirgtear le teicneolaíochtaí inmheánacha a chur san áireamh, ach mar sin féin go ginearálta tabharfaidh sé táscaire maith ar shuíomh na teicneolaíochta ceadúnaithe ar an margadh. Ar an gcéad dul síos, gabhann sé aon iomaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann ó ghnóthais atá ag táirgeadh lena dteicneolaíocht féin agus ar dócha go dtosóidh siad ar cheadúnú sa chás go mbeadh meath ar choinníollacha soláthair theicneolaíocht an cheadúnóra i gcoibhneas le dálaí soláthair teicneolaíochtaí eile (amhail méadú beag ach buan ar na táillí ceadúnais a ghearrann an ceadúnóir). Ar an dara dul síos, fiú i gcás nach dócha go dtosódh úinéirí teicneolaíochta eile ar cheadúnú, ní hé go mbeadh cumhacht mhargaidh ag an gceadúnóir ar mhargadh na teicneolaíochta fiú má tá sciar ard den ioncam ceadúnúcháin aige. Má tá an margadh táirgí iartheachtacha iomaíoch, d’fhéadfadh iomaíocht ar an leibhéal sin srian éifeachtach a chur ar an gceadúnóir. Déanann méadú ar ríchíosanna réamhtheachtacha difear do chostais an cheadúnaí, rud a fhágann nach bhfuil sé chomh hiomaíoch céanna agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé díolacháin a chailleadh. Leis an sciar den mhargadh atá ag teicneolaíocht ar an margadh táirgí, cuimsítear an ghné sin freisin agus, dá bhrí sin, is táscaire maith é de ghnáth ar chumhacht mhargaidh an cheadúnóra ar an margadh teicneolaíochta.
(114)Chun measúnú a dhéanamh ar shuíomh na teicneolaíochta ceadúnaithe ar an margadh, ní mór gné gheografach an mhargaidh teicneolaíochta a chur san áireamh freisin. D’fhéadfadh sé sin a bheith éagsúil uaireanta le gné gheografach an mhargaidh táirgí iartheachtacha. Chun RBAT a chur i bhfeidhm, is é an margadh táirgí nó na margaí táirgí a chinneann gné gheografach an mhargaidh teicneolaíochta ábhartha freisin. Lasmuigh de thearmann RBAT, áfach, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí limistéar geografach níos leithne a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas freisin, limistéar ina bhfuil ceadúnóir agus ceadúnaithe teicneolaíochtaí iomaíocha gníomhach, ina bhfuil na coinníollacha iomaíochta aonchineálach go leor, agus is féidir a idirdhealú ó limistéir chomharsanacha toisc go bhfuil na coinníollacha iomaíochta an‑éagsúil sna limistéir sin.
(115)I gcás ina n‑ardóidh sciar nó sciartha na bpáirtithe den mhargadh os cionn na dtairsí ábhartha 20 % nó 30 % le linn shaolré an chomhaontaithe, leanfaidh an tearmann d’fheidhm a bheith aige ar feadh tréimhse 3 bliana féilire as a chéile tar éis na bliana inar sáraíodh an tairseach (féach Airteagal 8, pointe (e), de RBAT).
Sciartha den mhargadh a ríomh le haghaidh margaí táirgí faoi RBAT
(116)An sciar den mhargadh atá ag an gceadúnaí ar na margaí ábhartha ina ndíoltar na táirgí conartha, déantar é a ríomh ar bhonn dhíolacháin táirgí an cheadúnaí ina n‑ionchorpraítear teicneolaíocht an cheadúnaí agus táirgí iomaíocha, is é sin le rá, díolacháin iomlána an cheadúnaí ar an margadh táirgí atá i gceist. I gcás inar soláthróir táirgí ar an margadh ábhartha é an ceadúnóir freisin, ní mór a dhíolacháin ar an margadh táirgí atá i gceist a chur san áireamh freisin. Ní chuirtear díolacháin a dhéanann ceadúnaithe eile san áireamh chun an sciar den mhargadh atá ag an gceadúnaí nó ag an gceadúnóir ar an margadh táirgí nó na margaí táirgí ábhartha a ríomh.
(117)Ba cheart sciartha den mhargadh a ríomh ar bhonn sonraí maidir le luach díolachán le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, i gcás ina bhfuil sonraí den sórt sin ar fáil. Is iondúil go dtugann sonraí den sórt sin léiriú níos cruinne ar neart teicneolaíochta ná mar a thugann sonraí faoi mhéid. I gcás nach bhfuil sonraí bunaithe ar luach ar fáil, áfach, féadfar meastacháin atá bunaithe ar fhaisnéis iontaofa eile faoin margadh a úsáid, lena n‑áirítear sonraí maidir leis an méid díolachán ar an margadh. Go ginearálta, ní mór sciartha den mhargadh a ríomh agus úsáid á baint as sonraí díolacháin a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin. Mar sin féin, i gcásanna nach mbeidh sonraí díolacháin a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin ionadaíoch ar sheasamh na bpáirtithe sa mhargadh ábhartha nó sna margaí ábhartha, ríomhfar sciartha den mhargadh mar mheán na sciartha den mhargadh a bhí ag na páirtithe ar feadh na 3 bliana féilire roimhe sin (féach Airteagal 8, pointe (b), de RBAT).
(118)Is féidir na prionsabail a leagtar amach i Roinn 3.3 a léiriú leis na samplaí seo a leanas:
Samplaí a bhaineann le ceadúnú idir neamhiomaitheoirí
Sampla 1
Tá Cuideachta A speisialaithe i dtáirgí agus teicnící bith‑theicneolaíocha a fhorbairt agus tá táirge nua Xeran forbartha aici. Níl sí gníomhach mar tháirgeoir Xeran, nach bhfuil na saoráidí táirgthe ná dáileacháin aici dó. Tá Cuideachta B ar cheann de tháirgeoirí táirgí iomaíocha, táirgí a tháirgtear le teicneolaíochtaí neamhdhílseánaigh atá ar fáil gan srian. I mbliain 1, dhíol B táirgí dar luach EUR 25 mhilliún a táirgeadh leis na teicneolaíochtaí atá ar fáil gan srian orthu. I mbliain 2, tugann A ceadúnas do B chun Xeran a tháirgeadh. Sa bhliain sin díolann B EUR 15 mhilliún arna tháirgeadh le cabhair ó na teicneolaíochtaí atá ar fáil gan srian agus EUR 15 mhilliún de Xeran. I mbliain 3 agus sna blianta ina dhiaidh sin, ní tháirgeann agus ní dhíolann B ach Xeran dar luach EUR 40 milliún in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, i mbliain 2, tugann A ceadúnas do C freisin. Ní raibh C gníomhach ar an margadh táirgí sin roimhe seo. Ní tháirgeann agus ní dhíolann C ach Xeran: EUR 10 milliún i mbliain 2 agus EUR 15 mhilliún i mbliain 3 agus ina dhiaidh sin. Is fiú EUR 200 milliún gach bliain an margadh iomlán le haghaidh Xeran agus a ionadaigh ina bhfuil B agus C gníomhach.
I mbliain 2, an bhliain ina dtugtar na comhaontuithe ceadúnúcháin i gcrích, is é 0 % an sciar den mhargadh atá ag A ar an margadh teicneolaíochta mar, chun RBAT a chur i bhfeidhm, ní mór a sciar den mhargadh a ríomh ar bhonn dhíolacháin iomlána Xeran sa bhliain roimhe sin. I mbliain 3, is é 12.5 % an sciar den mhargadh atá ag A ar an margadh teicneolaíochta, rud a léiríonn luach Xeran arna tháirgeadh ag B agus C sa bhliain roimhe sin, is é sin bliain 2. I mbliain 4 agus ina dhiaidh sin, is é 27.5 % sciar A den mhargadh ar an margadh teicneolaíochta, rud a léiríonn luach Xeran arna tháirgeadh ag B agus C sa bhliain roimhe sin.
I mbliain 2, is é 12.5 % an sciar den mhargadh atá ag B ar an margadh táirgí, rud a léiríonn díolacháin EUR 25 mhilliún B i mbliain 1. I mbliain 3, is é 15 % an sciar den mhargadh atá ag B toisc gur mhéadaigh a dhíolacháin go EUR 30 milliún i mbliain 2. I mbliain 4 agus ina dhiaidh sin is é 20 % an sciar den mhargadh atá ag B, ós rud é gurb é EUR 40 milliún in aghaidh na bliana luach a dhíolachán. Is é 0 % i mbliain 1 agus 2.5 % i mbliain 3 agus 7.5 % ina dhiaidh sin an sciar den mhargadh atá ag C ar an margadh táirgí.
Ós rud é gur comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí iad na comhaontuithe ceadúnais idir A agus B, agus idir A agus C, agus ós rud é go bhfuil na sciartha aonair den mhargadh atá ag A, B agus C faoi bhun 30 % gach bliain, tagann gach comhaontú faoi réim thearmann RBAT.
Sampla 2
Tá an cás mar an gcéanna le sampla 1, ach tá B agus C ag feidhmiú i margaí geografacha éagsúla anois. Suitear gur fiú EUR 100 milliún in aghaidh na bliana i ngach margadh geografach é margadh iomlán Xeran agus a ionadaithe.
Sa chás sin, ní mór an sciar den mhargadh atá ag A ar na margaí teicneolaíochta ábhartha a ríomh ar bhonn sonraí maidir le díolacháin táirgí le haghaidh gach ceann den dá mhargadh táirgí gheografacha ar leithligh. Sa mhargadh ina bhfuil B gníomhach, braitheann sciar A den mhargadh ar dhíol Xeran ag B. Mar atá sa sampla seo, má ghlactar leis gurb é EUR 100 milliún an margadh iomlán, is é sin le rá, leath mhéid an mhargaidh i sampla 1, is é 0 % an sciar den mhargadh atá ag A i mbliain 2, 15 % i mbliain 3 agus 40 % ina dhiaidh sin. Sciar B den mhargadh, is é sin 25 % i mbliain 2, 30 % i mbliain 3 agus 40 % ina dhiaidh sin. I mblianta 2 agus 3 ní sháraíonn na sciartha aonair den mhargadh atá ag A agus B an tairseach 30 %. Sáraítear an tairseach, áfach, ó bhliain 4 agus ciallaíonn sé sin, i gcomhréir le hAirteagal 8, pointe (e), de RBAT, tar éis bhliain 7, nach féidir leis an gcomhaontú ceadúnúcháin idir A agus B tairbhe a bhaint as an tearmann a thuilleadh agus nach mór measúnú a dhéanamh air ar bhonn aonair.
Sa mhargadh ina bhfuil C gníomhach, braitheann sciar A den mhargadh ar dhíolacháin Xeran ag C. Dá bhrí sin, is é 0 % an sciar den mhargadh atá ag A ar an margadh teicneolaíochta i mbliain 2, 10 % i mbliain 3 agus 15 % ina dhiaidh sin, bunaithe ar dhíolacháin C sa bhliain roimhe sin.. Tá an sciar den mhargadh atá ag C ar an margadh táirgí mar an gcéanna: 0 % i mbliain 2, 10 % i mbliain 3 agus 15 % ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, tagann an comhaontú ceadúnúcháin idir A agus C faoi réim an tearmainn ar feadh na tréimhse iomláine.
Samplaí a bhaineann le ceadúnú idir iomaitheoirí
Sampla 3
Tá Cuideachtaí A agus B gníomhach ar an táirge ábhartha céanna agus ar an margadh geografach céanna le haghaidh táirge ceimiceach áirithe. Tá paitinn ag gach ceann acu freisin ar theicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear chun an táirge sin a tháirgeadh. I mbliain 1, síníonn A agus B comhaontú cros‑cheadúnúcháin lena dtugann siad ceadúnas dá chéile chun a dteicneolaíochtaí féin a úsáid. I mbliain 1, ní tháirgeann A agus B ach lena dteicneolaíocht féin agus díolann A EUR 15 mhilliún den táirge agus díolann B EUR 20 milliún den táirge. Ó bhliain 2 ar aghaidh, úsáideann siad a dteicneolaíocht féin agus teicneolaíocht a chéile araon. Ón mbliain sin ar aghaidh, díolann A EUR 10 milliún den táirge a tháirgtear lena theicneolaíocht féin agus EUR 10 milliún den táirge a tháirgtear le teicneolaíocht B. Ó bhliain 2, díolann B EUR 15 mhilliún den táirge a tháirgtear lena theicneolaíocht féin agus EUR 10 milliún den táirge a tháirgtear le teicneolaíocht A. Is fiú EUR 100 milliún an margadh iomlán don táirge agus dá ionadaigh gach bliain.
Chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhaontú ceadúnúcháin faoi RBAT, ní mór sciartha A agus B den mhargadh a ríomh ar an margadh teicneolaíochta agus ar an margadh táirgí araon. Braitheann an sciar den mhargadh atá ag A ar an margadh teicneolaíochta ar mhéid an táirge a díoladh an bhliain roimhe sin, a tháirg A agus B araon, le teicneolaíocht A. I mbliain 2, is é 15 % an sciar den mhargadh atá ag A ar an margadh teicneolaíochta, rud a léiríonn a tháirgeacht agus a dhíolacháin féin de EUR 15 mhilliún i mbliain 1. Ó bhliain 3, is é 20 % an sciar den mhargadh atá ag A ar an margadh teicneolaíochta, rud a léiríonn díolacháin EUR 20 milliún an táirge a tháirgtear le teicneolaíocht A agus a tháirgeann agus a dhíolann A agus B (EUR 10 milliún an ceann). Ar an gcaoi chéanna, i mbliain 2, is é 20 % an sciar den mhargadh atá ag B ar an margadh teicneolaíochta agus 25 % ina dhiaidh sin.
Sciartha A agus B den mhargadh ar an margadh táirgí, braitheann siad ar a ndíolacháin féin den táirge sa bhliain roimhe sin, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáideadh. Is é 15 % i mbliain 2 agus 20 % ina dhiaidh sin an sciar den mhargadh atá ag A ar an margadh táirgí. Is é 20 % i mbliain 2 agus 25 % ina dhiaidh sin an sciar den mhargadh atá ag B ar an margadh táirgí.
Ós rud é go bhfuil an comhaontú idir iomaitheoirí, ní mór a sciar comhcheangailte den mhargadh, ar an margadh teicneolaíochta agus ar an margadh táirgí araon, a bheith faoi bhun na tairsí 20 % maidir leis an sciar den mhargadh chun tairbhe a bhaint as tearmann RBAT. Is léir nach amhlaidh an cás anseo. Is é 35 % i mbliain 2 agus 45 % ina dhiaidh sin an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na páirtithe ar an margadh teicneolaíochta agus ar an margadh táirgí. Dá bhrí sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar an gcomhaontú sin idir iomaitheoirí ar bhonn aonair.
3.4.Cruashrianta faoi RBAT
3.4.1.Prionsabail ghinearálta
(119)Tá liosta cruashrianta in Airteagal 4 de RBAT. Is srianta tromchúiseacha iomaíochta iad sin ar cheart iad a thoirmeasc i bhformhór na gcásanna mar gheall ar an díobháil a dhéanann siad do thomhaltóirí. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh cruashrianta teacht lasmuigh d’Airteagal 101(1) den Chonradh i gcás ina bhfuil gá oibiachtúil leo chun comhaontú aistrithe teicneolaíochta a thabhairt i gcrích nó ar chúiseanna sábháilteachta nó sláinte a bhaineann le cineál contúirteach an táirge atá i gceist. Ní féidir eisiamh den sórt sin ó chur i bhfeidhm Airteagal 101(1) a dhéanamh ach amháin ar bhonn fachtóirí oibiachtúla lasmuigh de na páirtithe féin agus ní ar bhonn tuairimí suibiachtúla agus saintréithe na bpáirtithe. Ní hé an cheist an nglacfadh na páirtithe ina gcás ar leith le comhaontú nach bhfuil chomh sriantach céanna a thabhairt i gcrích, ach is é an cheist an amhlaidh, i bhfianaise chineál an chomhaontaithe agus shaintréithe an mhargaidh, nach mbeadh comhaontú nach bhfuil chomh sriantach céanna tugtha i gcrích ag gnóthais in imthosca comhchosúla.
(120)Fágann Airteagal 4(1) agus (2) de RBAT, i gcás ina bhfuil cruashrian ar iomaíocht i gcomhaontú aistrithe teicneolaíochta, go dtagann an comhaontú ina iomláine lasmuigh den bhlocdhíolúine. Thairis sin, measann an Coimisiún, i gcomhthéacs measúnú aonair, nach dócha go gcomhlíonfaidh cruashrianta na ceithre choinníoll d’Airteagal 101(3) den Chonradh.
(121)Déantar idirdhealú in Airteagal 4 de RBAT idir comhaontuithe idir iomaitheoirí agus comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí.
3.4.2.Comhaontuithe idir iomaitheoirí
(122)Liostaítear in Airteagal 4(1) de RBAT na cruashrianta maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir iomaitheoirí. Foráiltear le hAirteagal 4(1) nach mbeidh feidhm ag an mblocdhíolúine maidir leis na comhaontuithe arb é is cuspóir dóibh, go díreach nó go hindíreach, leo féin nó i gcomhcheangal le fachtóirí eile faoi smacht na bpáirtithe, aon cheann díobh seo a leanas:
(a)srian a chur ar chumas páirtí a phraghsanna a shocrú nuair a dhíolann sé táirgí le tríú páirtithe;
(b)aschur a theorannú, seachas teorainneacha ar aschur táirgí conartha a ghearrtar ar an gceadúnaí i gcomhaontú neamh‑chómhalartach nó a ghearrtar ar cheann amháin de na ceadúnaithe i gcomhaontú cómhalartach;
(c)leithdháileadh margaí nó custaiméirí seachas:
(i)
an oibleagáid ar an gceadúnóir agus/nó ar an gceadúnaí, i gcomhaontú neamh‑chómhalartach, gan táirgeadh a dhéanamh de réir na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe laistigh den chríoch eisiach a choimeádtar don pháirtí eile agus/nó gan táirgí conartha a dhíol go gníomhach agus/nó go héighníomhach isteach sa chríoch eisiach ná leis an ngrúpa eisiach custaiméirí a choimeádtar don pháirtí eile;
(ii)
srian a chur, i gcomhaontú neamh‑chómhalartach, le díolacháin ghníomhacha na dtáirgí conartha arna ndíol ag an gceadúnaí isteach sa chríoch eisiach nó le grúpa eisiach custaiméirí arna leithdháileadh ag an gceadúnóir le ceadúnaí eile ar choinníoll nár ghnóthas iomaíoch de chuid an cheadúnóra é an ceadúnaí eile tráth ar cuireadh a cheadúnas féin i gcrích;
(iii)
an oibleagáid ar an gceadúnaí na táirgí conartha a tháirgeadh dá úsáid féin amháin ar choinníoll nach bhfuil srian ar an gceadúnaí maidir leis na táirgí conartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach mar pháirteanna spártha dá tháirgí féin;
(iv)
an oibleagáid ar an gceadúnaí, i gcomhaontú neamh‑chómhalartach, na táirgí conartha a tháirgeadh do chustaiméir áirithe, agus dóibhsean amháin, i gcás inar deonaíodh an ceadúnas chun foinse mhalartach sholáthair a chruthú don chustaiméir sin;
(d)srian a chur ar chumas an cheadúnaithe a chuid ceart teicneolaíochta féin a fheidhmiú, nó srian a chur ar chumas aon pháirtí eile sa chomhaontú taighde agus forbairt a dhéanamh, mura bhfuil srian den chineál sin riachtanach chun nochtadh saineolais le tríú páirtithe a chosc.
Idirdhealú idir comhaontuithe cómhalartacha agus neamh‑chómhalartacha idir iomaitheoirí
(123)I gcás cruashrianta áirithe, déantar idirdhealú in RBAT idir comhaontuithe cómhalartacha agus neamhchómhalartacha. Tá an crualiosta níos déine i gcás comhaontuithe cómhalartacha idir iomaitheoirí ná mar atá i gcás comhaontuithe neamh‑chómhalartacha idir iomaitheoirí. Comhaontuithe cros‑cheadúnúcháin atá i gcomhaontuithe cómhalartacha i gcás inar teicneolaíochtaí iomaíocha iad na teicneolaíochtaí ceadúnaithe nó inar féidir iad a úsáid chun táirgí iomaíocha a tháirgeadh. Is éard is comhaontú neamh‑chómhalartach ann comhaontú nach bhfuil ach ceann amháin de na páirtithe ag ceadúnú a chearta teicneolaíochta don pháirtí eile nó, i gcás cros‑cheadúnaithe, nach teicneolaíochtaí iomaíocha iad na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe agus nach féidir na cearta ceadúnaithe a úsáid chun táirgí iomaíocha a tháirgeadh. Níl comhaontú cómhalartach chun críocha RBAT ar bhonn go bhfuil oibleagáid aisdeonúcháin sa chomhaontú nó toisc go gceadúnaíonn an ceadúnaí a fheabhsuithe féin ar an teicneolaíocht cheadúnaithe. I gcás ina ndéantar comhaontú cómhalartach de chomhaontú neamh‑chómhalartach ina dhiaidh sin mar gheall ar an dara ceadúnas a bheith tugtha i gcrích idir na páirtithe céanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na páirtithe sin an chéad cheadúnas a athbhreithniú chun nach mbeidh cruashrian sa chomhaontú. Ina mheasúnú ar chásanna den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh fad na tréimhse idir conclúid an chéad cheadúnais agus an dara ceadúnas.
Srianta ar praghsanna idir iomaitheoirí
(124)Baineann an cruashrian atá in Airteagal 4(1), pointe (a), de RBAT le comhaontuithe idir iomaitheoirí arb é is cuspóir dóibh praghsanna a shocrú le haghaidh táirgí a dhíoltar le tríú páirtithe, lena n‑áirítear na táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe. Tríd is tríd, is srian iomaíochta de réir cuspóra é socrú praghsanna idir iomaitheoirí. Is féidir socrú praghsanna a bheith i bhfoirm comhaontaithe maidir leis an bpraghas beacht atá le muirearú nó maidir leis an bpraghasliosta le lacáistí uasta ceadaithe áirithe. Tá sé neamhábhartha an mbaineann an comhaontú le praghsanna seasta, íosta, uasta nó molta. Is féidir socrú praghsanna a chur chun feidhme go hindíreach freisin trí dhídhreasachtaí a chur i bhfeidhm chun imeacht ó leibhéal comhaontaithe praghsanna, mar shampla, trína fhoráil go dtiocfaidh méadú ar an ráta ríchíosa má laghdaítear praghsanna táirgí faoi bhun leibhéal áirithe. Mar sin féin, ní hionann oibleagáid ar an gceadúnaí chun ríchíos íosta áirithe a íoc agus socrú praghsanna.
(125)I gcás ina ríomhtar ríchíosanna ar bhonn díolacháin táirgí aonair, bíonn tionchar díreach ag méid an ríchíosa ar chostas imeallach an táirge agus, dá bhrí sin, bíonn tionchar díreach aige ar phraghsanna táirgí. Dá bhrí sin, is féidir le hiomaitheoirí úsáid a bhaint as cros‑cheadúnú le ríchíosanna reatha cómhalartacha mar bhealach chun praghsanna ar mhargaí táirgí iartheachtacha a chomhordú agus/nó a mhéadú. Mar sin féin, ní chaithfidh an Coimisiún le cros‑cheadúnais lena ngabhann ríchíosanna reatha cómhalartacha mar shocrú praghsanna ach amháin in imthosca sonracha, amhail i gcás ina ndéantar foráil sa chomhaontú maidir le ríchíosanna a íoc gan beann ar cé acu a úsáidtear nó nach n‑úsáidtear an teicneolaíocht, nó i gcás nach bhfuil aon chuspóir ar son na hiomaíochta ag an gcomhaontú agus, dá bhrí sin, nach socrú ceadúnúcháin bona fide é.
(126)Cumhdaítear leis an gcruashrian atá in Airteagal 4(1), pointe (a), de RBAT freisin comhaontuithe trína ríomhtar ríchíosanna ar bhonn dhíolacháin uile na dtáirgí gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an teicneolaíocht cheadúnaithe á húsáid. Tagann comhaontuithe den sórt sin freisin faoi réim an chruashriain a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (d), de RBAT a bhaineann le srianta ar chumas an cheadúnaí a chearta teicneolaíochta féin a úsáid (féach mír
(141)
de na Treoirlínte seo). Go ginearálta, cuireann comhaontuithe den sórt sin srian ar iomaíocht ós rud é go n‑ardaíonn siad an costas a bhaineann le cearta teicneolaíochta iomaíocha an cheadúnaí féin a úsáid agus cuireann siad srian ar iomaíocht a bhí ann in éagmais an chomhaontaithe. Baineann sé sin le socruithe cómhalartacha agus neamh‑chómhalartacha araon.
(127)Go heisceachtúil, áfach, d’fhéadfadh comhaontú trína ríomhtar ríchíosanna ar bhonn dhíolacháin uile na dtáirgí coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh a chomhlíonadh i gcás aonair inar féidir teacht ar an gconclúid, ar bhonn fachtóirí oibiachtúla, go bhfuil an srian fíor-riachtanach chun go dtarlóidh ceadúnú ar son na hiomaíochta. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás, in éagmais an tsriain, ina mbeadh sé dodhéanta nó ródheacair an ríchíos is iníoctha ag an gceadúnaí a ríomh agus faireachán a dhéanamh air, mar shampla toisc nach bhfágann teicneolaíocht an cheadúnóra aon rian infheicthe ar an táirge deiridh agus nach bhfuil modhanna faireacháin malartacha indéanta ar fáil.
Srianta aschuir idir iomaitheoirí
(128)Baineann an cruashrian a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (b), de RBAT le srianta aschuir cómhalartacha ar na páirtithe. Is éard is srian aschuir ann teorainn ar an méid is féidir le páirtí a tháirgeadh agus a dhíol. Níl feidhm ag Airteagal 4(1), pointe (b), maidir le teorainneacha aschuir ar an gceadúnaí i gcomhaontú neamh‑chómhalartach nó teorainneacha aschuir ar cheann de na ceadúnaithe i gcomhaontú cómhalartach ar choinníoll nach mbaineann an teorainn aschuir ach le táirgí a tháirgtear leis an teicneolaíocht cheadúnaithe. Dá bhrí sin, sainaithnítear in Airteagal 4(1), pointe (b), gur cruashrianta iad na srianta aschuir cómhalartacha agus srianta aschuir ar an gceadúnóir i leith a theicneolaíochta féin. Nuair a chomhaontaíonn iomaitheoirí teorainneacha aschuir cómhalartacha a fhorchur, is é cuspóir agus éifeacht dhóchúil an chomhaontaithe aschur sa mhargadh a laghdú. Is amhlaidh atá i gcás comhaontuithe lena laghdaítear dreasacht na bpáirtithe chun aschur a leathnú, mar shampla trí ríchíosanna reatha cómhalartacha in aghaidh an aonaid a chur i bhfeidhm, ar ríchíosanna iad a mhéadaíonn de réir mar a mhéadaíonn aschur, nó trína chur d’oibleagáid ar gach páirtí íocaíochtaí a dhéanamh má sháraítear leibhéal áirithe aschuir.
(129)Tá cóir níos fabhraí na dteorainneacha cainníochta neamh‑chómhalartacha bunaithe ar an mbreithniú nach gá go dtiocfadh aschur níos ísle ar an margadh as srian aontreo, agus tá riosca níos ísle ann freisin nach socrú ceadúnúcháin bona fide é an comhaontú nuair atá an srian neamh‑chómhalartach. Nuair atá ceadúnaí toilteanach glacadh le srian aontreo, is dócha go dtiocfaidh fíor-chomhtháthú teicneolaíochtaí comhlántacha as an gcomhaontú, sin nó comhtháthú spreagtha éifeachtúlachta ardteicneolaíocht an cheadúnóra le sócmhainní táirgiúla an cheadúnaí. Ar an gcaoi chéanna, i gcomhaontú cómhalartach, is dócha go léireoidh srian aschuir ar cheann amháin de na ceadúnaithe luach níos airde na teicneolaíochta arna ceadúnú ag ceann de na páirtithe agus féadfaidh sé ceadúnú ar son na hiomaíochta a chur chun cinn.
Leithdháileadh margaidh agus leithdháileadh custaiméirí idir iomaitheoirí
(130)Baineann an cruashrian a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (c), de RBAT le leithdháileadh margaí agus custaiméirí. Comhaontuithe trína roinneann iomaitheoirí margaí agus custaiméirí, is é is cuspóir dóibh srian a chur le hiomaíocht. Cruashrian atá i gceist le comhaontú trína gcomhaontaíonn iomaitheoirí, i gcomhaontú cómhalartach, gan táirgí a tháirgeadh i gcríocha áirithe nó gan bheith ag díol go gníomhach, go héighníomhach, nó iad araon, isteach i gcríocha áirithe ná le custaiméirí áirithe a choimeádtar don pháirtí eile. Dá bhrí sin, meastar, mar shampla, gur páirtiú i margadh é ceadúnú eisiach cómhalartach idir iomaitheoirí.
(131)Tá feidhm ag Airteagal 4(1), pointe (c), de RBAT gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an ceadúnaí fós saor chun a chearta teicneolaíochta féin a úsáid. A luaithe a bheidh an ceadúnaí feistithe chun teicneolaíocht an cheadúnóra a úsáid ar mhaithe le táirge ar leith a tháirgeadh, d’fhéadfadh sé a bheith costasach líne tháirgthe ar leithligh a choinneáil ar bun trí theicneolaíocht eile a úsáid chun freastal ar chustaiméirí nach ndéanann na srianta difear dóibh. Thairis sin, i bhfianaise acmhainneacht fhrithiomaíoch na srianta, d’fhéadfadh sé nach mbeadh mórán dreasachta ag an gceadúnaí táirgeadh faoina theicneolaíocht féin. Is beag seans freisin go mbeidh srianta den sórt sin fíor-riachtanach chun go dtarlóidh ceadúnú ar son na hiomaíochta.
(132)Faoi Airteagal 4(1), pointe (c)(i), de RBAT, ní cruashrian é ar an gceadúnóir i gcomhaontú neamh‑chómhalartach ceadúnas eisiach a dheonú don cheadúnaí chun táirgeadh ar bhonn na teicneolaíochta ceadúnaithe i gcríoch ar leith agus, dá bhrí sin, a chomhaontú gan na táirgí conartha a tháirgeadh sa chríoch sin agus gan na táirgí conartha a sholáthar ón gcríoch sin. Tá ceadúnais eisiacha den sórt sin blocdhíolmhaithe gan beann ar raon feidhme na críche. Má bhaineann an ceadúnas leis an domhan ar fad, tugann an t‑eisiachas le tuiscint go staonfaidh an ceadúnóir ó dhul isteach sa mhargadh nó ó fhanacht ar an margadh. Tá feidhm ag an mblocdhíolúine freisin más rud é, i gcomhaontú neamh‑chómhalartach, nach gceadaítear don cheadúnaí táirgeadh i gcríoch eisiach atá forchoimeádta don cheadúnóir. D’fhéadfadh sé gurb é cuspóir na gcomhaontuithe sin dreasacht a thabhairt don cheadúnóir, don cheadúnaí, nó dóibh araon, infheistíocht a dhéanamh sa teicneolaíocht cheadúnaithe agus í a fhorbairt. Dá bhrí sin, ní gá gurb é cuspóir an chomhaontaithe margaí a roinnt.
(133)I gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (c)(i), de RBAT agus ar an gcúis chéanna, tá feidhm ag an mblocdhíolúine freisin maidir le comhaontuithe neamh‑chómhalartacha trína gcomhaontaíonn na páirtithe gan na táirgí conartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach i gcríoch eisiach nó le grúpa eisiach custaiméirí atá forchoimeádta don pháirtí eile. Sainmhínítear díolacháin ‘ghníomhacha’ agus ‘éighníomhacha’ in Airteagal 1 de RBAT. Tugtar blocdhíolúine do shrianta ar chumas an cheadúnaí nó an cheadúnóra chun díol go gníomhach, go héighníomhach, nó an dá rud, isteach i gcríoch nó i ngrúpa custaiméirí an pháirtí eile má tá an chríoch sin nó an grúpa custaiméirí sin forchoimeádta go heisiach don pháirtí eile sin, agus sa chás sin amháin. In imthosca sonracha áirithe, áfach, d’fhéadfadh comhaontuithe ina bhfuil srianta díolacháin den sórt sin, i gcás aonair, coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh a chomhlíonadh freisin má roinntear an t‑eisiachas ar bhonn ad hoc, mar shampla más gá chun ganntanas sealadach i dtáirgeadh an cheadúnóra nó an cheadúnaí ar a leithdháiltear an chríoch nó an grúpa custaiméirí go heisiach a mhaolú. I gcásanna den sórt sin, is dócha fós go mbeidh cosaint leordhóthanach ag an gceadúnóir nó ag an gceadúnaí ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha, nó ar an dá rud, chun dreasacht a bheith aige a theicneolaíocht a cheadúnú nó infheistíocht a dhéanamh i dtáirgeadh trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht cheadúnaithe. Le srianta den sórt sin, fiú i gcás ina gcuirfí srian le hiomaíocht, chuirfí chun cinn scaipeadh ar son na hiomaíochta agus comhtháthú na teicneolaíochta sin i sócmhainní táirgthe an cheadúnaí.
(134)Tuigtear dá réir sin, ní cruashrian é ach oiread go gceapann an ceadúnóir an ceadúnaí mar an t‑aon cheadúnaí amháin atá aige i gcríoch ar leith, rud a thugann le tuiscint nach mbeidh tríú páirtithe ceadúnaithe chun táirgí a tháirgeadh ar bhonn theicneolaíocht an cheadúnóra sa chríoch atá i gceist. I gcás ceadúnais aonair den sórt sin, tá feidhm ag an mblocdhíolúine gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an comhaontú cómhalartach, ós rud é nach ndéanann an comhaontú difear do chumas na bpáirtithe a gcearta teicneolaíochta féin a shaothrú go hiomlán ina gcríocha féin.
(135)Le hAirteagal 4(1), pointe (c)(ii), de RBAT, eisiatar ón gcrualiosta srianta i gcomhaontú neamh‑chómhalartach ar dhíolacháin ghníomhacha táirgí conartha ag ceadúnaí isteach i gcríoch nó le grúpa custaiméirí arna leithdháileadh ag an gceadúnóir ar cheadúnaí eile, agus dá bhrí sin blocdhíolmhaítear iad suas go dtí an tairseach maidir leis an sciar den mhargadh. Glactar leis sin, áfach, nár iomaitheoir de chuid an cheadúnóra é an ceadúnaí cosanta nuair a tugadh an comhaontú i gcrích. Níl údar le caitheamh le srianta den sórt sin sa chás sin mar chruashrianta. Trí chead a thabhairt don cheadúnóir cosaint a dheonú do cheadúnaí, nach raibh ar an margadh ábhartha cheana féin, ar díolacháin ghníomhacha ag ceadúnaithe ar iomaitheoirí de chuid an cheadúnóra iad agus a bhí bunaithe ar an margadh cheana féin ar an gcúis sin, is dócha go spreagfaidh srianta den sórt sin an ceadúnaí chun an teicneolaíocht cheadúnaithe a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla. Ar an taobh eile, dá dtiocfadh na ceadúnaithe ar chomhaontú gan díol go gníomhach nó go héighníomhach i gcríocha áirithe nó le grúpaí custaiméirí áirithe, bheadh cairtéal i measc na gceadúnaithe i gceist leis an gcomhaontú. Ós rud é nach mbaineann aon aistriú teicneolaíochta le comhaontú den sórt sin, bheadh sé lasmuigh de raon feidhme RBAT freisin.
(136)Tá eisceacht bhreise in Airteagal 4(1), pointe (c)(iii), de RBAT ón gcruashrian in Airteagal 4(1), pointe (c), is é sin srianta úsáide faoi chuing, is é sin le rá, ceanglais faoina bhféadfaidh an ceadúnaí na táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe a tháirgeadh dá úsáid féin amháin. I gcás inar comhpháirt é an táirge conartha, is féidir oibleagáid a chur ar an gceadúnaí dá bhrí sin an chomhpháirt sin a tháirgeadh lena ionchorprú ina tháirgí féin agus chuige sin amháin, agus gan na comhpháirteanna a dhíol le táirgeoirí eile. Mar sin féin, ní mór don cheadúnaí a bheith in ann na comhpháirteanna a dhíol mar pháirteanna spártha dá tháirgí féin agus, ar an gcaoi sin, soláthar a dhéanamh do thríú páirtithe a dhéanann seirbhísí iardhíola ar na táirgí sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le srianta ar úsáid faoi chuing chun scaipeadh na teicneolaíochta a spreagadh, go háirithe idir iomaitheoirí, agus cumhdaítear iad leis an mblocdhíolúine. Déileáiltear le srianta den sórt sin freisin i Roinn 4.2.5 de na Treoirlínte seo.
(137)Ar deireadh, le hAirteagal 4(1), pointe (c)(iv), de RBAT, eisiatar ón gcrualiosta oibleagáid ar an gceadúnaí i gcomhaontú neamh‑chómhalartach na táirgí conartha a tháirgeadh do chustaiméir áirithe amháin d’fhonn foinse mhalartach sholáthair a chruthú don chustaiméir sin. Dá bhrí sin, is coinníoll é chun Airteagal 4(1), pointe (c)(iv), a chur i bhfeidhm, go bhfuil an ceadúnas teoranta d’fhoinse mhalartach sholáthair a chruthú do chustaiméir ar leith. Ní coinníoll é, áfach, nach ndeonaítear ach ceadúnas amháin den sórt sin. Cumhdaítear le hAirteagal 4(1), pointe (c)(iv), cásanna ina bhfuil níos mó ná gnóthas amháin ceadúnaithe chun soláthar don chustaiméir sonraithe céanna. Tá feidhm ag Airteagal 4(1), pointe (c)(iv), gan beann ar fhad an chomhaontaithe ceadúnúcháin. Mar shampla, cumhdaítear leis an eisceacht sin ceadúnas aonuaire chun ceanglais tionscadail custaiméara ar leith a chomhlíonadh. Tá teorainn le hacmhainneacht comhaontuithe den sórt sin margaí a roinnt i gcás nach ndeonaítear an ceadúnas ach amháin chun soláthar a dhéanamh do chustaiméir ar leith. Sna himthosca sin, ní féidir glacadh leis, go háirithe, go scoirfidh an ceadúnaí dá theicneolaíocht féin a shaothrú mar gheall ar an gcomhaontú.
(138)Ní cruashrianta iad srianta ar an réimse úsáide i gcomhaontuithe idir iomaitheoirí lena dteorannaítear an ceadúnas do mhargadh táirgí amháin nó níos mó, do raon teicniúil cur i bhfeidhm amháin nó níos mó nó d’earnáil thionsclaíoch amháin nó níos mó. Tá srianta den sórt sin blocdhíolmhaithe suas go dtí an tairseach 20 % maidir leis an sciar den mhargadh, gan beann ar cé acu atá an comhaontú cómhalartach nó nach bhfuil. Ní mheastar gurb é is cuspóir do shrianta den sórt sin margaí ná custaiméirí a leithdháileadh. Is coinníoll é chun an bhlocdhíolúine a chur i bhfeidhm, áfach, nach dtéann na srianta ar an réimse úsáide thar raon feidhme na dteicneolaíochtaí ceadúnaithe. Mar shampla, i gcás ina bhfuil ceadúnaithe teoranta freisin sna raonta teicniúla cur i bhfeidhm inar féidir leo a gcearta teicneolaíochta féin a úsáid, is ionann an comhaontú agus páirtiú i margadh.
(139)Tá feidhm ag an mblocdhíolúine, bíodh an srian ar an réimse úsáide siméadrach nó neamhshiméadrach. Le srian neamhshiméadrach ar an réimse úsáide i gcomhaontú ceadúnúcháin cómhalartach, tugtar le tuiscint go gceadaítear do gach páirtí úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí faoi seach a cheadúnaíonn siad isteach le haghaidh réimsí éagsúla úsáide amháin. Fad a bheidh na páirtithe neamhshrianta maidir le húsáid a dteicneolaíochtaí féin, níl aon toimhde ann go bhfágfaidh an comhaontú go dtréigfidh na páirtithe an réimse nó na réimsí a chumhdaítear leis an gceadúnas don pháirtí eile nó go staonfaidh siad ó dhul isteach sa réimse nó sna réimsí sin. Fiú má tá na ceadúnaithe feistithe chun an teicneolaíocht cheadúnaithe a úsáid laistigh den réimse úsáide ceadúnaithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon tionchar ar shócmhainní a úsáidtear i dtáirgeadh lasmuigh de raon feidhme an cheadúnais. Tá sé tábhachtach i ndáil leis sin go mbaineann an srian le margaí táirgí ar leith, le hearnálacha tionsclaíocha ar leith nó le raonta teicniúla cur i bhfeidhm ar leith agus nach mbaineann sé le custaiméirí, arna leithdháileadh de réir críche nó de réir grúpa, a cheannaíonn táirgí a thagann laistigh den mhargadh táirgí céanna, den earnáil thionsclaíoch chéanna nó den raon teicniúil cur i bhfeidhm céanna. Meastar go bhfuil an riosca a bhaineann le páirtiú i margadh i bhfad níos mó sa chás deireanach sin (féach mír
(131)
). Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le srianta ar an réimse úsáide chun ceadúnú ar son na hiomaíochta a chur chun cinn (féach mír
(233)
).
Srianta ar chumas na bpáirtithe taighde agus forbairt a dhéanamh
(140)Leis an gcruashrian iomaíochta a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (d), de RBAT, cumhdaítear srianta ar chumas an dá pháirtí chun forbairt agus taighde a dhéanamh. Ní mór go mbeadh an dá pháirtí saor chun taighde agus forbairt neamhspleách a dhéanamh. Tá feidhm ag an riail sin gan beann ar fheidhm a bheith ag an srian maidir le réimse a chumhdaítear leis an gceadúnas nó maidir le réimsí eile. Mar sin féin, ní srian ar thaighde agus forbairt neamhspleách ann féin é go gcomhaontaíonn na páirtithe na feabhsuithe ar a dteicneolaíochtaí féin a dhéanfar amach anseo a sholáthar dá chéile. Ní mór measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag comhaontuithe den sórt sin ar an iomaíocht i bhfianaise imthosca gach cáis ar leith. Ní bhaineann Airteagal 4(1), pointe (d), ach oiread le srianta ar chumas páirtí taighde agus forbairt a dhéanamh le tríú páirtithe, i gcás ina bhfuil gá le srian den sórt sin chun fios gnó an cheadúnóra a chosaint ar nochtadh. Chun go gcumhdófar iad leis an eisceacht, ní mór na srianta a fhorchuirtear chun fios gnó an cheadúnóra a chosaint ar nochtadh a bheith riachtanach agus comhréireach chun an chosaint sin a áirithiú. Mar shampla, i gcás ina n‑ainmnítear leis an gcomhaontú fostaithe áirithe de chuid an cheadúnaí a gcuirfear oiliúint orthu agus a bheidh freagrach as an bhfios gnó ceadúnaithe a úsáid, d’fhéadfadh sé a bheith leordhóthanach oibleagáid a chur ar an gceadúnaí gan cead a thabhairt do na fostaithe sin a bheith rannpháirteach i dtaighde agus forbairt le tríú páirtithe. D’fhéadfadh coimircí eile a bheith chomh hiomchuí céanna.
Srianta ar úsáid theicneolaíocht an cheadúnaí féin
(141)I gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (d), de RBAT, ní mór don cheadúnaí a bheith neamhshrianta freisin maidir le húsáid a chearta teicneolaíochta iomaíocha féin, ar choinníoll nach mbaineann sé úsáid as na cearta teicneolaíochta arna gceadúnú ón gceadúnóir agus é sin á dhéanamh aige. Maidir lena chearta teicneolaíochta féin, níor cheart don cheadúnaí a bheith faoi réir teorainneacha maidir leis an áit ina dtáirgeann nó ina ndíolann sé, na réimsí teicniúla úsáide nó na margaí táirgí ina dtáirgeann sé, an méid a tháirgeann sé nó a dhíolann sé nó an praghas ar a ndíolann sé. Níor cheart é a bheith d’oibleagáid air ach oiread ríchíosanna a íoc ar tháirgí a tháirgtear ar bhonn a chearta teicneolaíochta féin (féach mír
(126)
de na Treoirlínte seo). Thairis sin, níor cheart an ceadúnaí a theorannú agus a chearta teicneolaíochta féin á gceadúnú aige do thríú páirtithe. I gcás ina bhforchuirtear srianta ar an úsáid a bhaineann an ceadúnaí as a chearta teicneolaíochta féin nó ar a cheart taighde agus forbairt a dhéanamh, laghdaítear iomaíochas theicneolaíocht an cheadúnaí. Is é an éifeacht atá aige sin iomaíocht ar mhargaí táirgí agus teicneolaíochta atá ann cheana a laghdú agus dreasacht an cheadúnaí a laghdú chun infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt agus i bhfeabhsú a theicneolaíochta. Ní bhaineann Airteagal 4(1), pointe (d), de RBAT le srianta ar an úsáid a bhaineann an ceadúnaí as teicneolaíocht tríú páirtí atá in iomaíocht leis an teicneolaíocht cheadúnaithe. Cé go bhféadfadh éifeachtaí foriaimh a bheith ag oibleagáidí gan dul in iomaíocht den sórt sin ar theicneolaíochtaí tríú páirtí (féach Roinn 4.2.7 de na Treoirlínte seo), de ghnáth ní bhíonn sé d’éifeacht acu laghdú a dhéanamh ar an dreasacht atá ag ceadúnaithe infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt agus i bhfeabhsú a dteicneolaíochtaí féin.
3.4.3.Comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí
(142)Liostaítear in Airteagal 4(2) de RBAT na cruashrianta maidir le ceadúnú idir neamhiomaitheoirí. Foráiltear le hAirteagal 4(2) nach mbeidh feidhm ag an mblocdhíolúine maidir leis na comhaontuithe arb é is cuspóir dóibh, go díreach nó go hindíreach, leo féin nó i gcomhcheangal le fachtóirí eile faoi smacht na bpáirtithe, aon cheann díobh seo a leanas:
(a)srian a chur ar chumas páirtí a phraghsanna a shocrú agus é ag díol táirgí le tríú páirtithe, gan dochar don fhéidearthacht praghas díola uasta a ghearradh nó praghas díola a mholadh, ar choinníoll nach praghas díola seasta nó praghas díola íosta é de dheasca brú ó aon cheann de na páirtithe, nó dreasachtaí a thairgfeadh sé;
(b)srian a chur ar an gcríoch inar féidir leis an gceadúnaí na táirgí conartha a dhíol, nó srian a chur ar na custaiméirí lenar féidir leis iad a dhíol, go héighníomhach, seachas:
(i)
srian a chur ar dhíolacháin éighníomhacha i gcríoch eisiach nó le grúpa eisiach custaiméirí a choimeádtar don cheadúnóir;
(ii)
an oibleagáid táirgí conartha a tháirgeadh dá úsáid féin amháin ar choinníoll nach bhfuil srian ar an gceadúnaí na táirgí conartha a dhíol go gníomhach agus go héighníomhach mar pháirteanna spártha dá chuid táirgí féin;
(iii)
an oibleagáid na táirgí conartha a tháirgeadh do chustaiméir áirithe agus don chustaiméir sin amháin, i gcás inar deonaíodh an ceadúnas chun foinse mhalartach sholáthair a chruthú don chustaiméir sin;
(iv)
srian a chur ar dhíolacháin le húsáideoirí deiridh a dhéanann ceadúnaí atá ag feidhmiú ar leibhéal mórdhíola trádála;
(v)
srian a chur ar dhíolacháin le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe i gcríoch ina n‑oibríonn an ceadúnóir córas dáileacháin roghnaithigh i gcás na dtáirgí conartha;
(c)srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha le húsáideoirí deiridh a dhéanann ceadúnaí atá ina bhall de chóras dáileacháin roghnaithigh agus a fheidhmíonn ar an leibhéal miondíola, gan dochar don fhéidearthacht toirmeasc a chur ar bhall den chóras a bheith ag feidhmiú as áit bhunaíochta neamhúdaraithe.
Socrú praghsanna
(143)Baineann an cruashrian a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de RBAT le socrú na bpraghsanna a ghearrtar agus táirgí á ndíol le tríú páirtithe. Go sonrach, cumhdaítear leis an bhforáil sin srianta arb é is cuspóir díreach nó indíreach dóibh praghas díola seasta nó íosta nó leibhéal praghsanna seasta nó íosta a bhunú a bheidh le hurramú ag an gceadúnóir nó ag an gceadúnaí agus táirgí á ndíol le tríú páirtithe. I gcás comhaontuithe lena mbunaítear an praghas díola go díreach, tá an srian an‑soiléir. Mar sin féin, is féidir socrú praghsanna díola a bhaint amach trí mhodhanna indíreacha freisin. Samplaí de na comhaontuithe sin is ea comhaontuithe lena socraítear corrlaigh, lena socraítear an t‑uasleibhéal lascainí, lena nasctar an praghas díola le praghsanna díola iomaitheoirí, lena bhforchuirtear íosphraghsanna fógartha, bagairtí, imeaglú, rabhaidh, pionóis, nó foirceannadh conartha i ndáil le leibhéal áirithe praghsanna a urramú. Is féidir modhanna díreacha nó indíreacha chun socrú praghsanna a bhaint amach a dhéanamh níos éifeachtaí nuair a chomhcheanglaítear iad le bearta chun gearradh praghsanna a shainaithint, amhail córas faireacháin ar phraghsanna a chur chun feidhme, nó an oibleagáid ar cheadúnaithe athruithe praghsanna a thuairisciú. Ar an gcaoi chéanna, is féidir socrú praghsanna díreach nó indíreach a dhéanamh níos éifeachtaí nuair a chomhcheanglaítear é le bearta lena laghdaítear dreasacht an cheadúnaí a phraghas díola a ísliú, amhail beart lena gcuireann an ceadúnóir d’oibleagáid ar an gceadúnaí clásal an chustaiméara barrfhabhair a chur i bhfeidhm, is é sin le rá, oibleagáid aon téarma níos fabhraí a dheonaítear d’aon chustaiméir eile a dheonú don chustaiméir. Ní mheastar go mbíonn praghsanna díola seasta nó íosta mar thoradh ar úsáid praghsanna díola molta nó forchur praghsanna uasta. Mar sin féin, má chomhcheanglaíonn an ceadúnóir praghsanna molta nó praghsanna uasta den sórt sin le dreasachtaí chun leibhéal praghsanna áirithe nó dídhreasachtaí a chur i bhfeidhm chun an praghas díola a ísliú, féadfaidh sé gurb é socrú praghsanna atá i gceist leis sin.
Srianta ar chumas an cheadúnaí díolacháin éighníomhacha a dhéanamh
(144)Le hAirteagal 4(2), pointe (b), de RBAT, déantar an srian ar chumas an cheadúnaí díolacháin éighníomhacha táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe a chatagóiriú mar chruashrian. Féadfaidh sé go dtagann na srianta ar dhíolacháin éighníomhacha as oibleagáidí díreacha, amhail an oibleagáid gan díol le custaiméirí áirithe nó le custaiméirí i gcríocha áirithe nó an oibleagáid orduithe ó na custaiméirí sin a chur ar aghaidh chuig ceadúnaithe eile. D’fhéadfadh srianta ar dhíolacháin éighníomhacha a bheith mar thoradh freisin ar bhearta indíreacha arb é is aidhm dóibh an ceadúnaí a spreagadh chun staonadh ó dhíolacháin den sórt sin a dhéanamh, amhail dreasachtaí airgeadais agus cur chun feidhme córais faireacháin atá dírithe ar cheann scríbe éifeachtach na dtáirgí conartha a fhíorú. D’fhéadfadh teorainneacha cainníochta a bheith ina modh indíreach chun srian a chur le díolacháin éighníomhacha. Ní ghlacfaidh an Coimisiún leis mar sin féin gurb é sin cuspóir na dteorainneacha cainníochta. Mar sin féin, glacfaidh sé lena mhalairt i gcás ina n‑úsáidtear teorainneacha cainníochta chun comhaontú deighilte margaidh lena mbaineann a chur chun feidhme. Cuimsíonn tásca de sin coigeartú na gcainníochtaí le himeacht ama chun éileamh áitiúil amháin a chumhdach, an comhcheangal de theorainneacha cainníochta agus an oibleagáid chun cainníochtaí íosta a dhíol sa chríoch, chomh maith le hoibleagáidí ríchíosa íosta a bhaineann le díolacháin sa chríoch, rátaí difreáilte ríchíosa de réir cheann scríbe na dtáirgí agus faireachán ar cheann scríbe na dtáirgí a dhíolann ceadúnaithe aonair.
(145)Tá an cruashrian ginearálta lena gcumhdaítear díolacháin éighníomhacha ag ceadúnaithe faoi réir roinnt eisceachtaí, a chumhdaítear i míreanna
(146)
go
(151)
. In imthosca áirithe, áfach, d’fhéadfadh srianta ar chumas an cheadúnóra nó an cheadúnaí díolacháin éighníomhacha a dhéanamh le húsáideoirí deiridh a bheith ar neamhní de bhun Airteagal 6(2) den Rialachán maidir le Geobhlocáil.
(146)Eisceacht 1:
Ní chumhdaítear le hAirteagal 4(2), pointe (b), de RBAT srianta díolacháin (idir shrianta gníomhacha agus srianta éighníomhacha) ar an gceadúnóir. Tá na srianta ar dhíolacháin uile ar an gceadúnóir blocdhíolmhaithe suas go dtí an tairseach 30 % maidir leis an sciar den mhargadh. Baineann an rud céanna le gach srian ar dhíolacháin ghníomhacha ag an gceadúnaí, cé is moite den mhéid a luaitear maidir le díol gníomhach i mír
(151)
de na Treoirlínte seo. Tá blocdhíolúine na srianta ar dhíol gníomhach bunaithe ar an toimhde go gcuireann srianta den sórt sin infheistíochtaí, iomaíocht neamhphraghais agus feabhsuithe ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraíonn ceadúnaithe chun cinn, trí fhadhbanna an tsaorthairbhí agus fadhbanna na loiceadóireachta a réiteach. I gcás srianta ar dhíolacháin ghníomhacha idir críocha ceadúnaithe nó grúpaí custaiméirí, ní gá críoch eisiach nó grúpa eisiach custaiméirí a bheith deonaithe don cheadúnaí faoi chosaint. Tá feidhm ag an mblocdhíolúine freisin maidir le srianta ar dhíolacháin ghníomhacha i gcás inar ceapadh níos mó ná ceadúnaí amháin le haghaidh críoch nó grúpa custaiméirí ar leith. Is dócha go gcuirfear infheistíocht spreagtha éifeachtúlachta chun cinn i gcás inar féidir le ceadúnaí a bheith cinnte nach mbeidh air ach aghaidh a thabhairt ar iomaíocht díolachán gníomhach ó líon teoranta ceadúnaithe laistigh den chríoch agus ní ó cheadúnaithe lasmuigh den chríoch freisin.
(147)Eisceacht 2:
Ní cruashrianta iad srianta ar dhíolacháin ghníomhacha agus éighníomhacha ag ceadúnaithe isteach i gcríoch eisiach nó le grúpa eisiach custaiméirí atá forchoimeádta don cheadúnóir (féach Airteagal 4(2), pointe (b)(i) de RBAT) agus dá bhrí sin tá siad blocdhíolmhaithe. Glactar leis go gcuireann srianta den sórt sin, i gcás ina bhfuil srian ar iomaíocht, scaipeadh teicneolaíochta ar son na hiomaíochta chun cinn mar aon le comhtháthú na teicneolaíochta sin i sócmhainní táirgthe an cheadúnaí, suas go dtí an tairseach maidir leis an sciar den mhargadh. Chun críoch nó grúpa custaiméirí a choimeád don cheadúnóir, ní gá don cheadúnóir a bheith ag táirgeadh leis an teicneolaíocht cheadúnaithe sa chríoch ná don ghrúpa custaiméirí atá i gceist. Is féidir leis an gceadúnóir críoch nó grúpa custaiméirí a choimeád freisin le haghaidh saothrú ina dhiaidh sin.
(148)Eisceacht 3:
Le hAirteagal 4(2), pointe (b)(ii), de RBAT, tugtar srian laistigh den bhlocdhíolúine trína bhfuil sé d’oibleagáid ar an gceadúnaí táirgí a tháirgeadh ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe lena úsáid (faoi chuing) féin amháin. I gcás inar comhpháirt é an táirge conartha, is féidir oibleagáid a chur ar an gceadúnaí, dá bhrí sin, gan an táirge sin a úsáid ach amháin lena ionchorprú ina tháirgí féin agus is féidir oibleagáid a chur air gan an táirge a dhíol le táirgeoirí eile. Mar sin féin, ní mór don cheadúnaí a bheith in ann na táirgí a dhíol go gníomhach agus go héighníomhach mar pháirteanna spártha dá tháirgí féin agus, dá bhrí sin, ní mór dó a bheith in ann soláthar a dhéanamh do thríú páirtithe a dhéanann seirbhísí iardhíola ar na táirgí sin. Déileáiltear freisin le srianta ar úsáid faoi chuing i Roinn 4.2.5.
(149)Eisceacht 4:
Mar is amhlaidh i gcás comhaontuithe idir iomaitheoirí (féach mír
(137)
de na Treoirlínte seo), tá feidhm ag an mblocdhíolúine freisin maidir le comhaontuithe ina bhfuil oibleagáid ar an gceadúnaí na táirgí conartha a tháirgeadh do chustaiméir áirithe amháin chun foinse mhalartach soláthair a sholáthar don chustaiméir sin, gan beann ar fhad an chomhaontaithe aistrithe teicneolaíochta (féach Airteagal 4(2), pointe (b)(iii), de RBAT). I gcás comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí, ní dócha go mbeidh srianta den sórt sin faoi réir Airteagal 101(1) den Chonradh.
(150)Eisceacht 5: Soláthraítear le hAirteagal 4(2), pointe (b)(iv), de RBAT oibleagáid laistigh den bhlocdhíolúine ar an gceadúnaí, i gcás ina n‑oibríonn sé ar leibhéal mórdhíola na trádála, gan díol le húsáideoirí deiridh agus, dá bhrí sin, gan é a dhíol ach le miondíoltóirí. Le hoibleagáid den sórt sin, ceadaítear don cheadúnóir an ceadúnaí a shannadh don fheidhm dáileacháin mórdhíola agus tagann sí lasmuigh d’Airteagal 101(1) de ghnáth.
(151)Eisceacht 6: Ar deireadh, le hAirteagal 4(2), pointe (b)(v), de RBAT, tugtar srian ar an gceadúnaí laistigh den bhlocdhíolúine gan díol le dáileoirí neamhúdaraithe. Leis an eisceacht sin, ceadaítear don cheadúnóir oibleagáid a fhorchur ar na ceadúnaithe a bheith ina gcuid de chóras dáileacháin roghnaithigh. Sa chás sin, áfach, ní mór cead a bheith ag na ceadúnaithe, de réir Airteagal 4(2), pointe (c), de RBAT, díol go gníomhach agus go héighníomhach araon le húsáideoirí deiridh, gan dochar don fhéidearthacht an ceadúnaí a theorannú d’fheidhm mhórdhíola dá bhforáiltear in Airteagal 4(2), pointe (b)(iv), de RBAT (féach mír
(150)
de na Treoirlínte seo). Laistigh den chríoch ina n‑oibríonn an ceadúnóir córas dáileacháin roghnaithigh, ní fhéadfar an córas sin a chomhcheangal le críocha eisiacha ná le grúpaí custaiméirí eisiacha i gcás ina gcuirfeadh sé sin srian ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha le húsáideoirí deiridh, toisc go mbeadh sé sin ina shrian crua faoi Airteagal 4(2), pointe (c), de RBAT. Tá sé sin, áfach, gan dochar don fhéidearthacht toirmeasc a chur ar cheadúnaí oibriú as áit bhunaíochta neamhúdaraithe.
(152)Is cruashrianta de réir bhrí Airteagal 4(2), pointe (b), de RBAT iad srianta ar dhíolacháin éighníomhacha ag ceadúnaithe i gcríoch eisiach nó i ngrúpa custaiméirí a leithdháiltear ar cheadúnaí eile. In imthosca sonracha, áfach, d’fhéadfadh srianta den sórt sin teacht lasmuigh d’Airteagal 101(1) den Chonradh ar feadh tréimhse teoranta má tá gá leo go hoibiachtúil chun go rachaidh an ceadúnaí faoi chosaint isteach i margadh nua. Mar shampla, d’fhéadfadh feidhm a bheith aige sin i gcás nach mór do cheadúnaí infheistíochtaí substaintiúla a dhéanamh chun margadh nua a bhunú agus a fhorbairt agus ina bhfuil na srianta ar dhíolacháin éighníomhacha na gceadúnaithe eile teoranta don tréimhse is gá don cheadúnaí chun a infheistíochtaí a aisghabháil. I bhformhór na gcásanna, ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 2 bhliain ón dáta a chuireann an ceadúnaí na táirgí conartha ar an margadh den chéad uair sa chríoch eisiach nó a dhíolann sé iad den chéad uair lena ghrúpa eisiach custaiméirí.
3.5.Srianta eisiata
(153)Liostaítear in Airteagal 5 de RBAT trí chineál srianta a eisiatar ón mblocdhíolúine chun dreasachtaí nuálaíochta a chosaint. Níl aon toimhde ann, áfach, go dtagann na srianta sin faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh ná go dteipeann orthu coinníollacha Airteagal 101(3) a chomhlíonadh. Ní chiallaíonn eisiamh na srianta sin ón mblocdhíolúine ach gur gá measúnú aonair a dhéanamh ina leith faoi Airteagal 101. Tá eisiamh sriain ón mblocdhíolúine de bhun Airteagal 5 de RBAT teoranta don srian sonrach sin, ar choinníoll gur féidir é a scaradh ón gcuid eile den chomhaontú. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an chuid eile den chomhaontú fós ag baint tairbhe as an mblocdhíolúine.
Aisdeonuithe eisiacha
(154)Baineann Airteagal 5(1), pointe (a), de RBAT le hoibleagáidí lena bhforchuirtear aisdeonuithe eisiacha, rud a chiallaíonn ceadúnas eisiach ar ais chuig an gceadúnóir nó tríú páirtí arna ainmniú ag an gceadúnóir le haghaidh aon fheabhsú ar an teicneolaíocht cheadúnaithe arna dhéanamh ag an gceadúnaí nó le haghaidh sannadh na gceart chun feabhsuithe den sórt sin don cheadúnóir nó do thríú páirtí arna ainmniú ag an gceadúnóir. Is é an sainmhíniú ar aisdeonú eisiach aisdeonú a chuireann cosc ar an gceadúnaí (arb é nuálaí agus ceadúnóir an fheabhsaithe é sa chás seo) an feabhsú a shaothrú (ar mhaithe lena tháirgeadh féin nó ar mhaithe lena cheadúnú amach chuig tríú páirtithe). Is dócha go laghdóidh sé dreasacht an cheadúnaí nuálaíocht a dhéanamh ós rud é go gcuireann sé bac ar an gceadúnaí na feabhsuithe a shaothrú, lena n‑áirítear na feabhsuithe sin a cheadúnú do thríú páirtithe. Is amhlaidh atá i gcás ina mbaineann an feabhsú leis an bhfeidhm céanna leis an teicneolaíocht cheadúnaithe agus i gcás ina bhforbraíonn an ceadúnaí feidhmeanna nua den teicneolaíocht cheadúnaithe. I gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (a), de RBAT, ní chumhdaítear oibleagáidí den sórt sin leis an mblocdhíolúine.
(155)Ní bhraitheann cur i bhfeidhm Airteagal 5(1), pointe (a), de RBAT ar cé acu a íocann nó nach n‑íocann an ceadúnóir comaoin as an bhfeabhsú a fháil nó as ceadúnas eisiach a fháil. Mar sin féin, más ann do chomaoin den sórt sin, agus i bhfianaise mhéid na comaoine sin, lena n‑áirítear cé acu a ríomhtar nó nach ríomhtar í bunaithe ar luach an fheabhsaithe, d'fhéadfadh sé sin a bheith ina fhachtóir ábhartha i gcomhthéacs measúnú aonair faoi Airteagal 101 den Chonradh. Nuair a dhéantar aisdeonú ar bhreithniú, is lú an seans go gcruthóidh an oibleagáid dídhreasacht don cheadúnaí chun nuáil a dhéanamh. Maidir leis an measúnú aonair ar aisdeonuithe eisiacha lasmuigh den bhlocdhíolúine, is fachtóir ábhartha freisin é suíomh an cheadúnóra ar an margadh teicneolaíochta. Dá láidre seasamh an cheadúnóra, is ea is dóchúla go mbeidh éifeachtaí sriantacha ag oibleagáidí eisiacha aisdeonúcháin ar an iomaíocht sa nuálaíocht. Dá láidre suíomh theicneolaíocht an cheadúnóra, is ea is tábhachtaí gur féidir leis an gceadúnaí a bheith ina fhoinse thábhachtach nuálaíochta agus iomaíochta amach anseo. Is féidir tionchar diúltach na n‑oibleagáidí aisdeonúcháin a mhéadú freisin i gcás ina bhfuil líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta ann ina bhfuil oibleagáidí den sórt sin. Nuair atá na teicneolaíochtaí atá ar fáil á rialú ag líon teoranta ceadúnóirí a fhorchuireann oibleagáidí aisdeonúcháin eisiach ar cheadúnaithe, is mó an riosca go mbeidh éifeachtaí frithiomaíocha ann ná i gcásanna ina bhfuil roinnt teicneolaíochtaí ann agus nach bhfuil ach cuid acu ceadúnaithe ar théarmaí aisdeonúcháin eisiach.
(156)Cumhdaítear oibleagáidí aisdeonúcháin neamheisiacha le tearmann RBAT. Tá feidhm aige sin fiú i gcás ina bhfuil na hoibleagáidí neamh‑chómhalartach, is é sin le rá, nach bhforchuirtear iad ach ar an gceadúnaí, agus ina bhfuil an ceadúnóir i dteideal na feabhsuithe a sholáthar do cheadúnaithe eile. Féadfaidh oibleagáid aisdeonúcháin neamh‑chómhalartach scaipeadh teicneolaíochta nua a chur chun cinn trí chead a thabhairt don cheadúnóir a chinneadh gan bhac cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear na feabhsuithe arna ndéanamh ag an gceadúnaí ar aghaidh chuig ceadúnaithe eile an cheadúnóra, agus a mhéid a chuirfear ar aghaidh iad. Féadfar scaipeadh teicneolaíochta a chur chun cinn le clásal maidir le feabhsuithe a sholáthar do dhaoine eile, go háirithe nuair is eol do gach ceadúnaí tráth an chonartha go mbeidh sé ar comhchéim le ceadúnaithe eile i dtéarmaí na bhfeabhsuithe ar an teicneolaíocht a bhfuil sé ag táirgeadh ar a bonn.
(157)Lasmuigh den tearmann, d’fhéadfadh oibleagáidí neamheisiacha aisdeonúcháin éifeachtaí diúltacha a bheith acu ar an iomaíocht agus ar an nuálaíocht faoi imthosca sonracha. Mar shampla, d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith acu ar an nuálaíocht i gcás cros‑cheadúnú idir iomaitheoirí i gcás ina ndéantar oibleagáid aisdeonúcháin ar an dá pháirtí a chomhcheangal le hoibleagáid ar an dá pháirtí chun feabhsuithe ar a dteicneolaíocht féin a chomhroinnt leis an bpáirtí eile. D’fhéadfadh comhroinnt na bhfeabhsuithe uile idir iomaitheoirí cosc a chur ar gach iomaitheoir ceannaireacht iomaíoch a fháil ar an gceann eile (féach freisin mír
(262)
). Dá mhéad cumhacht mhargaidh an cheadúnóra agus cumhdach margaidh a chlásail aisdeonúcháin, is ea is dóichí go ndéanfaidh clásail den sórt sin difear don iomaíocht idirtheicneolaíochta agus don nuálaíocht.
Clásail toirmiscthe agóide agus clásail foircinn
(158)An srian eisiata a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (b), de RBAT, baineann sé le clásail toirmiscthe agóide, is é sin le rá, aon oibleagáid dhíreach nó indíreach ar pháirtí gan agóid a dhéanamh faoi bhailíocht na gceart maoine intleachtúla atá ag an páirtí eile san Aontas, gan dochar don fhéidearthacht, i gcás ceadúnas eisiach, go ndéanfadh an ceadúnóir an comhaontú aistrithe teicneolaíochta a fhoirceannadh i gcás ina ndéanann an ceadúnaí agóid faoi bhailíocht aon cheann de na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe.
Is é is cúis le clásail toirmiscthe agóide a eisiamh ón mblocdhíolúine gurb iad ceadúnaithe is fearr atá in ann, de ghnáth, measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil ceart maoine intleachtúla neamhbhailí. Ar mhaithe le hiomaíocht neamhshaofa agus i gcomhréir leis na prionsabail is bun le cosaint maoine intleachtúla, ba cheart deireadh a chur le cearta maoine intleachtúla neamhbhailí. Ní chuireann maoin intleachtúil neamhbhailí an nuálaíocht chun cinn, cuireann sí bac uirthi. Is dócha go mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh maidir le clásail toirmiscthe agóide i gcás ina bhfuil an ceart teicneolaíochta ceadúnaithe luachmhar agus, dá bhrí sin, ina gcruthaíonn sé míbhuntáiste san iomaíocht do ghnóthais a bhfuil cosc orthu é a úsáid nó nach bhfuil in ann é a úsáid ach amháin chun ríchíosanna a íoc. Sna cásanna sin, ní dócha go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 101(3). A mhéid a bhaineann leis an measúnú ar chlásail toirmiscthe agóide i gcomhthéacs comhaontuithe réitigh, féach míreanna
(263)
agus
(264)
.
(159)Go ginearálta, ní hionann clásal lena gcuirtear d’oibleagáid ar an gceadúnaí gan agóid a dhéanamh in aghaidh úinéireacht na gceart teicneolaíochta agus srian iomaíochta de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh. Bíodh úinéireacht ag an gceadúnóir ar na cearta teicneolaíochta nó ná bíodh, braitheann úsáid na teicneolaíochta ag an gceadúnaí agus ag aon pháirtí eile ar cheadúnas a fháil in aon chás, agus dá bhrí sin ní dhéanfaí difear don iomaíocht de ghnáth.
(160)Le hAirteagal 5(1), pointe (b), de RBAT eisiatar freisin ón mblocdhíolúine an ceart, i gceadúnas neamheisiach, don cheadúnóir an comhaontú a fhoirceannadh i gcás ina ndéanann an ceadúnaí agóid in aghaidh bhailíocht aon cheann de na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe. D’fhéadfadh an éifeacht chéanna a bheith ag ceart foirceanta den sórt sin agus atá ag clásal toirmiscthe agóide, go háirithe i gcás ina mbeadh caillteanas suntasach don cheadúnaí mar thoradh ar aistriú ó theicneolaíocht an cheadúnóra (mar shampla i gcás ina bhfuil infheistíocht déanta ag an gceadúnaí cheana féin i meaisíní nó uirlisí sonracha nach féidir a úsáid i dtáirgeadh le teicneolaíocht eile) nó i gcás inar ionchur riachtanach í teicneolaíocht an cheadúnóra sa táirgeadh a dhéanann an ceadúnaí. Mar shampla, i gcomhthéacs bunphaitinní caighdeáin, ní mór do cheadúnaí a tháirgeann táirge atá comhlíontach de réir caighdeáin úsáid a bhaint as gach paitinn sa chaighdeán. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh caillteanas suntasach a bheith mar thoradh ar agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht na bpaitinní ábhartha má fhoirceanntar an comhaontú aistrithe teicneolaíochta. I gcás nach bunteicneolaíocht chaighdeáin í teicneolaíocht an cheadúnóra, ach go bhfuil suíomh an‑suntasach aici ar an margadh, d’fhéadfadh an dídhreasacht chun agóid a dhéanamh a bheith ard freisin i bhfianaise a dheacra atá sé don cheadúnaí teacht ar theicneolaíocht mhalartach inmharthana lena ceadúnú isteach. Ba ghá measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás ar an gceist an mbeadh caillteanas brabúis an cheadúnaí suntasach, agus dá bhrí sin an ngníomhódh sé mar dhídhreasacht láidir chun agóid a dhéanamh.
(161)Sna cásanna ar a dtugtar tuairisc i mír
(160)
, d'fhéadfaí an ceadúnaí a dhíspreagadh ó agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an chirt teicneolaíochta ceadúnaithe dá mbeadh an baol ann go ndéanfaí an comhaontú ceadúnúcháin a fhoirceannadh agus dá bhrí sin go mbeadh rioscaí suntasacha os a chomhair a théann thar a oibleagáidí ríchíosa. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, lasmuigh de chomhthéacs na gcásanna sin, gur minic nach mbeidh clásal foirceanta ina dhídhreasacht shuntasach chun agóid a dhéanamh agus, dá bhrí sin, nach mbeidh an éifeacht chéanna aige agus a bheadh ag clásal toirmiscthe agóide.
(162)Ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir leas an phobail maidir le deireadh a chur le bacainní ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a d’fhéadfadh tarlú i gcás inar deonaíodh ceart maoine intleachtúla trí earráid agus an leas a bhaineann le neartú a dhéanamh ar dhreasacht an cheadúnóra a bheith ag ceadúnú amach trí gan iallach a chur air leanúint de dhéileáil le ceadúnaí a chuireann in aghaidh ábhar an chomhaontaithe ceadúnúcháin. Agus na leasanna sin á gcothromú, ba cheart a chur san áireamh ar chomhlíon an ceadúnaí a oibleagáidí uile faoin gcomhaontú tráth na hagóide, go háirithe an oibleagáid na ríchíosanna comhaontaithe a íoc.
(163)I gcás ceadúnú eisiach, is iondúil gur lú seans go mbeidh éifeachtaí frithiomaíocha ag clásail foirceanta ar an iomlán. A luaithe a dheonófar an ceadúnas, d’fhéadfadh sé go mbeadh an ceadúnóir i staid áirithe spleáchais, ós rud é gurb é an ceadúnaí an t‑aon fhoinse ioncaim a bheidh aige a mhéid a bhaineann leis na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe má bhíonn ríchíosanna ag brath ar tháirgeadh leis na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhealach éifeachtúil go minic chun íocaíochtaí ríchíosa a struchtúrú. Sa chás sin, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de na dreasachtaí le haghaidh nuálaíochta agus ceadúnúcháin dá mba rud é, mar shampla, go mbeadh an ceadúnóir le cur faoi ghlas i gcomhaontú le ceadúnaí eisiach nach ndéanann iarrachtaí suntasacha a thuilleadh chun an táirge (atá le táirgeadh) a fhorbairt, a tháirgeadh agus a mhargú leis na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe. Sin é an fáth a ndíolmhaíonn RBAT clásail foirceanta i gcomhaontuithe ceadúnúcháin eisiach fad is a chomhlíontar coinníollacha eile an tearmainn freisin. Lasmuigh den tearmann, tá gá le measúnú cás ar chás.
(164)Níl aon chlásal toirmiscthe agóide ná clásal foircinn a bhaineann le fios gnó amháin eisiata ón mblocdhíolúine. Tá dearcadh níos fabhraí ag an gCoimisiún i leith na gclásal sin, toisc gur dócha go mbeidh sé an‑deacair nó dodhéanta don cheadúnóir an fios gnó ceadúnaithe a aisghabháil a luaithe a nochtfar é. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfaí scaipeadh teicneolaíochta a chur chun cinn le hoibleagáid ar an gceadúnaí gan agóid a dhéanamh in aghaidh fios gnó ceadúnaithe má cheadaítear leis an oibleagáid sin do cheadúnóirí níos laige ceadúnais a dheonú do cheadúnaithe níos láidre gan eagla a bheith orthu roimh agóid a luaithe a bheidh an fios gnó glactha ag an gceadúnaí.
Teorainn a chur le húsáid nó forbairt a theicneolaíochta féin ag an gceadúnaí (comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí)
(165)I gcás comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí, le hAirteagal 5(2) de RBAT, eisiatar ón mblocdhíolúine aon oibleagáid dhíreach nó indíreach lena gcuirtear teorainn le cumas an cheadúnaí a chearta teicneolaíochta féin a shaothrú nó lena gcuirtear teorainn le cumas na bpáirtithe sa chomhaontú taighde agus forbairt a dhéanamh, mura bhfuil an srian sin riachtanach chun cosc a chur ar nochtadh an fheasa gnó cheadúnaithe le tríú páirtithe. Tá ábhar an choinníll seo mar an gcéanna le ábhar Airteagal 4(1), pointe (d), de RBAT, atá ina chuid den chrualiosta is infheidhme maidir le comhaontuithe idir iomaitheoirí, agus a chumhdaítear i míreanna
(140)
agus
(141)
de na Treoirlínte seo. I gcás comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí, áfach, ní féidir a mheas go mbíonn éifeachtaí diúltacha ag srianta den sórt sin ar an iomaíocht go ginearálta, ná nach gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh go ginearálta. Dá bhrí sin, tá gá le measúnú aonair faoi Airteagal 101.
(166)I gcás comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí, ní gnách go mbíonn teicneolaíocht iomaíoch ag an gceadúnaí. Mar sin féin, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina meastar, chun críocha RBAT, gur neamhiomaitheoirí iad na páirtithe in ainneoin go bhfuil teicneolaíocht iomaíoch ag an gceadúnaí. Is amhlaidh atá i gcás ina bhfuil teicneolaíocht faoi úinéireacht an cheadúnaí ach nach gceadúnaíonn sé í agus nach fíorsholáthróir nó soláthróir ionchasach é an ceadúnóir ar an margadh táirgí. Chun críocha RBAT, in imthosca den sórt sin, níl na páirtithe ina n‑iomaitheoirí ar an margadh teicneolaíochta ná ina n‑iomaitheoirí ar an margadh táirgí iartheachtacha. I gcásanna den sórt sin, tá sé tábhachtach a áirithiú nach gcuirfear srian ar an gceadúnaí maidir lena chumas leas a bhaint as a theicneolaíocht féin agus í a fhorbairt tuilleadh. Is srian iomaíoch sa mhargadh í an teicneolaíocht sin, agus ba cheart an srian sin a chaomhnú. I gcás den sórt sin, meastar de ghnáth go gcuireann srianta ar an úsáid a bhaineann an ceadúnaí as a chearta teicneolaíochta féin nó ar thaighde agus forbairt srian ar iomaíocht agus nach gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh. Mar shampla, le hoibleagáid ar an gceadúnaí chun ríchíosanna a íoc ní hamháin ar dhíolacháin táirgí a tháirgeann sé leis an teicneolaíocht cheadúnaithe ach freisin ar dhíolacháin táirgí nach dtáirgeann sé ach amháin lena theicneolaíocht féin, cuirfear teorainn ghinearálta le cumas an cheadúnaí a theicneolaíocht féin a shaothrú agus, dá bhrí sin, beidh sí eisiata ón mblocdhíolúine.
(167)I gcásanna nach bhfuil teicneolaíocht iomaíoch ag an gceadúnaí nó nach bhfuil teicneolaíocht den sórt sin á forbairt aige cheana féin, d’fhéadfadh srian ar chumas na bpáirtithe taighde agus forbairt neamhspleách a dhéanamh iomaíocht a shrianadh, mar shampla, i gcás nach bhfuil ach roinnt teicneolaíochtaí ar fáil nó ina bhfuil na páirtithe ina bhfoinse thábhachtach (fhéideartha) nuálaíochta sa mhargadh. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás ina bhfuil na sócmhainní agus na scileanna is gá ag na páirtithe chun tuilleadh taighde agus forbartha a dhéanamh. Sa chás sin, ní dócha go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh. I gcásanna eile ina bhfuil roinnt teicneolaíochtaí ar fáil agus nach bhfuil sócmhainní ná scileanna speisialta ag na páirtithe, is dócha go dtiocfaidh an srian sin ar thaighde agus ar fhorbairt lasmuigh d’Airteagal 101(1) i gcás easpa éifeacht shriantach suntasach nó go gcomhlíonfaidh sé coinníollacha Airteagal 101(3). D’fhéadfadh an srian scaipeadh teicneolaíochta nua a chur chun cinn, mar shampla, tríd an gceadúnaí a spreagadh chun díriú ar shaothrú agus ar fhorbairt na teicneolaíochta ceadúnaithe.
3.6.Tarraingt siar agus dífheidhmiú na blocdhíolúine
3.6.1.Tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar
(168)Mar a luaitear in Airteagal 6 de RBAT, féadfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar i gcás ina gcinnfidh sé i gcás ar leith go bhfuil éifeachtaí ag comhaontú aistrithe teicneolaíochta a bhfuil feidhm ag an mblocdhíolúine maidir leis, ar éifeachtaí iad atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh. De bhun Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, féadfaidh údaráis iomaíochta na mBallstát tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar ar an gcaoi chéanna i leith a gcríche náisiúnta i gcás ina bhfuil éifeachtaí ag comhaontú aistrithe teicneolaíochta a chumhdaítear leis an mblocdhíolúine atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) i gcríoch a mBallstáit, nó i gcuid di, a bhfuil saintréithe margaidh gheografaigh ar leith aici.
(169)Is ar an údarás iomaíochta a bheartaíonn tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar atá an dualgas a chruthú go dtagann an comhaontú faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh agus nach gcomhlíonann sé ceann amháin nó níos mó de choinníollacha Airteagal 101(3). Ós rud é go dtugtar le tuiscint leis an tarraingt siar go gcuireann an comhaontú atá i gceist srian ar an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) agus nach gcomhlíonann sé coinníollacha Airteagal 101(3), is gá go mbeadh cinneadh diúltach ag gabháil leis an tarraingt siar de bhun Airteagail 5, 7 nó 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. Ní bhíonn ach éifeachtaí ex nunc ag baint le tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar, is é sin le rá nach ndéanann sé difear do stádas díolmhaithe an chomhaontaithe ar feadh na tréimhse roimh an dáta a thagann an tarraingt siar i bhfeidhm.
(170)I gcomhréir le hAirteagal 6 de RBAT, d’fhéadfadh údar a bheith le tarraingt siar go háirithe sna himthosca seo a leanas:
(a)srian ar rochtain ar an margadh do theicneolaíochtaí tríú páirtithe, mar shampla, de dheasca gníomhaíocht charnach líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe srianta comhchosúla lena gcuirtear toirmeasc ar cheadúnaithe teicneolaíochtaí tríú páirtithe a úsáid;
(b)srian ar rochtain ar an margadh do cheadúnaithe féideartha, mar shampla de dheasca gníomhaíocht charnach líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe srianta comhchosúla lena gcuirtear toirmeasc ar cheadúnóirí ceadúnais a thabhairt do cheadúnaithe eile nó toisc go socraíonn an t‑aon úinéir teicneolaíochta a cheadúnaíonn amach cearta teicneolaíochta ábhartha ceadúnas eisiach le ceadúnaí atá gníomhach ar an margadh táirgí cheana féin ar bhonn cearta teicneolaíochta inionadaithe. Chun cáiliú mar chearta ábhartha, ní mór na cearta teicneolaíochta a bheith inionadaithe go teicniúil agus ó thaobh na tráchtála de chun go mbeidh an ceadúnaí gníomhach ar an margadh táirgí ábhartha.
(171)Tagraítear in Airteagal 6(a) de RBAT don fhéidearthacht tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar i gcásanna ina ndéantar ceadúnóirí tríú páirtí, lena n‑áirítear ceadúnóirí féideartha, a fhoriamh ó mhargaí teicneolaíochta ábhartha mar gheall ar an éifeacht charnach de líonraí de chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta lena gcuirtear toirmeasc ar na ceadúnaithe teicneolaíochtaí iomaíocha a shaothrú. Is dócha go ndéanfaí ceadúnóirí eile a fhoriamh i gcásanna ina gcuirtear cosc ar fhormhór na ngnóthas ar an margadh a d’fhéadfadh (go héifeachtúil) ceadúnas iomaíoch a ghlacadh é sin a dhéanamh mar thoradh ar chomhaontuithe sriantacha agus i gcás ina bhfuil bacainní measartha ard ar chead isteach do cheadúnaithe ionchasacha. Tagraítear in Airteagal 6(b) de RBAT don fhéidearthacht tarraingt siar i gcásanna ina ndéantar ceadúnaithe eile a fhoriamh mar gheall ar éifeacht charnach na gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta lena gcuirtear toirmeasc ar cheadúnóirí ceadúnaithe eile a cheadúnú agus a chuireann cosc ar cheadúnaithe ionchasacha rochtain a fháil ar an teicneolaíocht is gá dá bhrí sin. Scrúdaítear saincheist an fhoriaimh ar bhealach níos mionsonraithe i Ranna 4.2.2 agus 4.2.7.
(172)D’fhéadfadh údar maith a bheith le tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar freisin sna cásanna seo a leanas:
(a)tá srian ar iomaíocht idir ceadúnóirí mar thoradh ar cheanglais a bheith á bhforchur ag líon mór ceadúnóirí iomaíocha ar a gceadúnaithe chun coinníollacha níos fabhraí arna gcomhaontú le ceadúnóirí eile a leathnú chun iad a chumhdach;
(b)tá rochtain custaiméirí ar na táirgí conartha teoranta go míchuí mar thoradh ar shrianta ar chumas an cheadúnóra nó na gceadúnaithe díolacháin éighníomhacha a dhéanamh le críoch eisiach nó le grúpa eisiach custaiméirí atá forchoimeádta don cheadúnóir nó do cheadúnaí;
(c)socraítear ríchíosanna i margadh teicneolaíochta ábhartha ar leibhéal foriomaíoch mar thoradh ar éifeacht charnach na gcomhaontuithe cros‑cheadúnúcháin comhchosúla idir gnóthais iomaíocha.
3.6.2.Dífheidhmiú RBAT
(173)Le hAirteagal 7 de RBAT, cuirtear ar a chumas don Choimisiún líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe comhchosúla a eisiamh ó raon feidhme RBAT, trí bhíthin rialacháin, i gcás ina gcumhdaíonn na comhaontuithe níos mó ná 50 % de mhargadh ábhartha. Níl beart den sórt sin dírithe ar ghnóthais aonair ach baineann sé leis na gnóthais uile a sainítear a gcomhaontuithe sa rialachán lena ndearbhaítear nach bhfuil feidhm ag RBAT.
(174)Cé go dtugtar le tuiscint le tarraingt siar thairbhe RBAT ag an gCoimisiún faoi Airteagal 6 go nglacfar cinneadh de bhun Airteagail 7 nó 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, i gcás rialachán ón gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de RBAT lena ndearbhaítear nach mbeidh feidhm ag RBAT, tá sé d'éifeacht ag rialachán den chineál sin deireadh a chur le tairbhe RBAT agus cur i bhfeidhm iomlán Airteagal 101(1) agus (3) den Chonradh a athbhunú i leith na srianta agus na margaí lena mbaineann. Tar éis rialachán a ghlacadh lena ndearbhaítear nach bhfuil feidhm ag RBAT maidir le margadh ar leith i ndáil le comhaontuithe ina bhfuil srianta áirithe, ní mór do ghnóthais úsáid a bhaint as cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cinntí ón gCoimisiún, fógraí agus treoirlínte le haghaidh treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101 maidir le comhaontuithe aonair. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i gcás aonair, ar féidir leis treoir a thabhairt do na gnóthais uile atá ag oibriú ar an margadh lena mbaineann.
(175)Chun cóimheas cumhdaigh margaidh 50 % a ríomh, ní mór aird a thabhairt ar gach líonra aonair de chomhaontuithe teicneolaíochta ina bhfuil srianta, nó comhcheangail srianta, lena gcruthaítear éifeachtaí comhchosúla ar an margadh.
(176)De réir Airteagal 7 de RBAT níl oibleagáid ar an gCoimisiún gníomhú i gcás ina sáraítear an cóimheas cumhdaigh margaidh 50 %. Go ginearálta, is iomchuí rialachán a ghlacadh de bhun Airteagal 7 nuair is dócha go bhfuil srian suntasach ar rochtain ar an margadh ábhartha nó ar iomaíocht sa mhargadh sin. Agus measúnú á dhéanamh aige ar an ngá le hAirteagal 7 a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún a mheas an mbeadh leigheas níos iomchuí i gceist le haistarraingt aonair. D’fhéadfadh sé sin a bheith ag brath, go háirithe, ar an líon gnóthas iomaíoch a rannchuidíonn le héifeacht charnach ar mhargadh nó ar líon na margaí geografacha a ndéantar difear dóibh laistigh den Aontas.
(177)Aon rialachán arna ghlacadh faoi Airteagal 7 de RBAT, ní mór a raon feidhme a leagan amach go soiléir. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún an táirge ábhartha agus an margadh geografach nó na margaí geografacha a shainiú ar dtús, agus an cineál sriain ceadúnúcháin nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag RBAT maidir leis a shainiú ansin. A mhéid a bhaineann leis an ngné dheiridh sin, féadfaidh an Coimisiún raon feidhme an rialacháin a mhodhnú de réir an ábhair imní iomaíochta a bhfuil sé i gceist dul i ngleic leis. Mar shampla, cé go gcuirfear san áireamh gach líonra comhthreomhar de shocruithe gan dul in iomaíocht d’fhonn an cóimheas cumhdaigh margaidh 50 % a shuí, d’fhéadfadh an Coimisiún mar sin féin raon feidhme rialacháin a shrianadh d’oibleagáidí gan dul in iomaíocht amháin ar faide iad ná fad áirithe. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún treoraíocht a sholáthar freisin trí leibhéal an sciar den mhargadh a shonrú a d’fhéadfaí, sa chomhthéacs margaidh sonrach, a mheas mar a bheith neamhleor le bheith ina chúis le rannchuidiú mór ag gnóthas aonair leis an éifeacht charnach. Go ginearálta, nuair nach mó ná 5 % an sciar den mhargadh atá ag na táirgí ina n‑ionchorpraítear teicneolaíocht atá ceadúnaithe ag ceadúnóir aonair, ní mheastar go gcuireann an comhaontú nó an líonra comhaontuithe lena gcumhdaítear an teicneolaíocht sin go mór le héifeacht foriaimh charnach.
(178)Tá sé beartaithe leis an idirthréimhse nach lú ná 6 mhí nach mór don Choimisiún a shocrú faoi Airteagal 7(2) de RBAT cead a thabhairt do na gnóthais lena mbaineann a gcomhaontuithe a oiriúnú chun an rialachán lena ndearbhaítear nach bhfuil feidhm ag RBAT a chur san áireamh.
(179)Ní dhéanfaidh rialachán lena ndearbhaítear nach bhfuil feidhm ag RBAT difear do stádas blocdhíolmhaithe na gcomhaontuithe lena mbaineann don tréimhse roimh a theacht i bhfeidhm.
4.CUR I BHFEIDHM AIRTEAGAL 101(1) AGUS (3) DEN CHONRADH LASMUIGH DE RAON FEIDHME RBAT
4.1.An creat ginearálta anailíse
(180)Comhaontuithe nach dtagann faoin mblocdhíolúine, mar shampla toisc go sáraítear na tairseacha maidir leis an sciar den mhargadh, nó go mbaineann níos mó ná dhá pháirtí leis an gcomhaontú, níl siad faoi réir aon toimhde neamhdhleathachta. Is gá measúnú aonair a dhéanamh ar chomhaontuithe den sórt sin faoi Airteagal 101 den Chonradh. Maidir le comhaontuithe nach ndéanann an iomaíocht a shrianadh de réir bhrí Airteagal 101(1) nó a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 101(3), tá siad bailí agus in‑fhorfheidhmithe.
Tearmann ina bhfuil teicneolaíochtaí leordhóthanacha atá faoi rialú neamhspleách
(181)Chun intuarthacht a chur chun cinn lasmuigh de chur i bhfeidhm RBAT agus chun anailís mhionsonraithe a theorannú do chásanna ar dócha go mbeidh fíorábhair imní iomaíochta ag baint leo, tá an Coimisiún den tuairim nach dócha go sárófar Airteagal 101 den Chonradh lasmuigh de réimse na gcruashrianta i gcás ina bhfuil ceithre theicneolaíocht nó níos mó atá faoi rialú neamhspleách sa bhreis ar na teicneolaíochtaí atá faoi rialú na bpáirtithe sa chomhaontú atá inionadaithe don teicneolaíocht cheadúnaithe ar chostas inchomparáide leis an úsáideoir. Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na teicneolaíochtaí inionadaithe, ní mór neart tráchtála coibhneasta na dteicneolaíochtaí atá i gceist a chur san áireamh. Tá an srian iomaíoch a fhorchuirtear le teicneolaíocht teoranta mura bhfuil sé ina rogha mhalartach, atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de, ar an teicneolaíocht cheadúnaithe. Mar shampla, más rud é, mar gheall ar éifeachtaí gréasáin sa mhargadh, go bhfuil tosaíocht láidir ag tomhaltóirí do tháirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe, d’fhéadfadh sé nach fíor-rogha mhalartach iad teicneolaíochtaí eile atá ar an margadh cheana féin nó ar dócha go dtiocfaidh siad ar an margadh laistigh de thréimhse réasúnta ama agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaidh siad ach srian iomaíoch teoranta a fhorchur.
(182)Cé nach dtagann comhaontú faoin tearmann a leagtar amach i mír
(181)
de na Treoirlínte seo, ní thugtar le tuiscint leis sin go dtagann sé faoi Airteagal 101(1) den Chonradh agus, más amhlaidh go dtagann, nach gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 101(3). Is gá measúnú aonair le haghaidh comhaontuithe den sórt sin, bunaithe ar na prionsabail a leagtar amach sna Treoirlínte seo.
4.1.1. Tosca ábhartha don mheasúnú faoi Airteagal 101(1) den Chonradh
(183)Ar choinníoll nach bhfuil srianta de réir cuspóra sa chomhaontú, is gá a mheas an bhfuil sé d’éifeacht aige iomaíocht a shrianadh. Is féidir teacht ar shamplaí d’éifeachtaí sriantacha a d’fhéadfadh a bheith ann i Roinn 2.2.3 de na Treoirlínte seo.
(184)Agus measúnú á dhéanamh an gcruthaíonn comhaontú srian suntasach ar an iomaíocht, is gá aird chuí a thabhairt ar an gcaoi a n‑oibríonn an iomaíocht ar an margadh atá i gceist. Tá na fachtóirí seo a leanas ábhartha go háirithe ina leith sin:
(a)cineál an chomhaontaithe;
(b)suíomh na bpáirtithe ar an margadh;
(c)suíomh na n‑iomaitheoirí ar an margadh;
(d)suíomh na gceannaitheoirí ar na margaí ábhartha;
(e)bacainní iontrála;
(f)dinimic an mhargaidh.
(185)D’fhéadfadh tábhacht fachtóirí aonair a bheith éagsúil ó chás go cás agus braitheann sé ar na fachtóirí eile go léir. Mar shampla, is iondúil gur táscaire maith ar chumhacht mhargaidh é sciar ard den mhargadh a bheith ag na páirtithe, ach i gcás bacainní iontrála ísle, d’fhéadfadh sé nach léiriú é ar chumhacht an mhargaidh. Ní féidir, dá bhrí sin, rialacha dochta a sholáthar maidir lena thábhachtaí atá fachtóirí aonair.
(186)Is iomaí cineál agus foirm a bhíonn ar chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, anailís a dhéanamh ar chineál an chomhaontaithe i dtéarmaí an chaidrimh iomaíoch idir na páirtithe agus na srianta atá ann. Maidir leis an gcás deireanach sin, is gá dul níos faide ná téarmaí sainráite an chomhaontaithe. D’fhéadfadh srianta intuigthe a bheith ann, rud a d’fhéadfaí a dhíorthú ón gcaoi a ndéanann na páirtithe an comhaontú a chur chun feidhme agus na dreasachtaí a bhíonn acu.
(187)Le suíomh margaidh na bpáirtithe, lena n‑áirítear aon ghnóthas de facto nó de jure atá faoi rialú na bpáirtithe, tugtar léiriú ar mhéid na cumhachta margaidh, más ann di, atá i seilbh an cheadúnóra, an cheadúnaí nó an dá rud. Dá airde a sciar den mhargadh, is ea is mó cumhachta margaidh is dócha a bheidh acu. Is amhlaidh sin go háirithe i gcás ina léirítear leis an sciar den mhargadh buntáistí costais nó buntáistí iomaíocha eile i leith iomaitheoirí. D’fhéadfadh na buntáistí iomaíocha sin a bheith mar thoradh, mar shampla, ar bheith ina cheannródaí sa mhargadh, ar bhunphaitinní caighdeáin a bheith acu nó ar theicneolaíocht níos fearr a bheith acu. Mar sin féin, ní bhíonn i sciartha den mhargadh ach fachtóir amháin i gcónaí chun measúnú a dhéanamh ar shuíomhanna margaidh. Mar shampla, i gcás margaí teicneolaíochta, d’fhéadfadh sé nach táscaire maith i gcónaí sciartha den mhargadh ar neart coibhneasta na teicneolaíochta atá i gceist agus d’fhéadfadh difríocht mhór a bheith idir figiúirí maidir leis an sciar den mhargadh de réir na modhanna ríofa éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann.
(188)Úsáidtear sciartha den mhargadh agus buntáistí agus míbhuntáistí iomaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann freisin chun measúnú a dhéanamh ar suíomh iomaitheoirí ar an margadh. Dá láidre na hiomaitheoirí iarbhír agus dá mhéad a líon, is ea is lú an riosca go mbeidh na páirtithe in ann cumhacht mhargaidh a fheidhmiú. Mar sin féin, má tá an líon iomaitheoirí sách beag agus má tá a suíomh ar an margadh (méid, costais, acmhainneacht taighde agus forbartha, etc.) sách comhchosúil, d’fhéadfadh an struchtúr margaidh sin an riosca claonpháirteachais a mhéadú.
(189)Tugann suíomh na gceannaitheoirí ar an margadh léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil cumhacht ceannaitheora ag ceannaitheoir amháin nó níos mó. Is é sciar an chustaiméara den mhargadh ceannaigh an chéad táscaire de chumhacht an cheannaitheora. Léirítear leis an sciar sin a thábhachtaí atá a éileamh le haghaidh soláthróirí féideartha. Díríonn táscairí eile ar shuíomh an cheannaitheora ar a mhargadh athdhíola, lena n‑áirítear saintréithe amhail raon leathan geografach a asraonta, agus íomhá a bhranda i measc tomhaltóirí deiridh. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh cumhacht an cheannaitheora cosc a chur ar an gceadúnóir nó ar an gceadúnaí cumhacht mhargaidh a fheidhmiú ar an margadh agus ar an gcaoi sin fadhb iomaíochta a réiteach a bheadh ann murach sin. Is amhlaidh sin go háirithe nuair a bhíonn an acmhainneacht agus an spreagadh ag ceannaitheoirí láidre foinsí soláthair nua a thabhairt chun an mhargaidh i gcás méadú beag buan ar phraghsanna coibhneasta. I gcás nach ndéanann na ceannaitheoirí láidre ach téarmaí fabhracha a bhaint as an soláthróir nó i gcás go ndéanann siad díreach aon mhéadú ar an bpraghas a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí, níl suíomh na gceannaitheoirí de chineál a chuirfeadh cosc ar an gceadúnaí cumhacht mhargaidh a fheidhmiú ar an margadh táirgí agus, dá bhrí sin, níl sé de chineál a réiteodh fadhb na hiomaíochta ar an margadh sin.
(190)Déantar bacainní iontrála a thomhas lena mhéid is féidir leis na cuideachtaí atá ann faoi láthair a bpraghas a ardú os cionn an leibhéil iomaíoch gan iontráil nua a mhealladh. In éagmais bacainní iontrála, d’fhágfadh iontráil éasca agus thapa go mbeadh méaduithe ar phraghsanna neamhbhrabúsach. Mar riail ghinearálta, is féidir a mheas go bhfuil bacainní iontrála íseal nuair is dócha go dtarlóidh iontráil éifeachtach sa mhargadh, ar leor é chun feidhmiú cumhachta margaidh a chosc nó a chreimeadh, laistigh de bhliain amháin nó 2 bhliain.
(191)Féadfaidh bacainní iontrála a bheith ina dtoradh ar réimse leathan fachtóirí amhail barainneachtaí scála agus réimse (lena n‑áirítear éifeachtaí líonra de ghnólachtaí iltaobhacha), rialacháin rialtais, go háirithe i gcás ina suitear cearta eisiacha leo, Státchabhair, taraifí allmhairiúcháin, cearta maoine intleachtúla, úinéireacht acmhainní i gcás ina bhfuil an soláthar teoranta, e.g. i ngeall ar theorainneacha nádúrtha, saoráidí riachtanacha, buntáistí an cheannródaí nó dílseacht brandaí tomhaltóirí mar thoradh ar fhógraíocht láidir le himeacht aimsire. D’fhéadfadh comhaontuithe a dhéanann gnóthais a bheith ina mbacainn iontrála freisin trí bhac a chur ar an rochtain agus trí iomaitheoirí (ionchasacha) a fhoriamh. D’fhéadfadh bacainní iontrála a bheith ann ag aon chéim den phróiseas taighde agus forbartha, den phróiseas táirgthe agus den phróiseas dáileacháin. Maidir le cibé acu ar cheart nó nár cheart bacainní iontrála a thabhairt ar aon cheann de na fachtóirí sin, braitheann sé go háirithe ar cibé acu atá nó nach bhfuil costas báite ag baint leo. Is costais é costas báite nach mór a thabhú chun dul isteach ar mhargadh nó a bheith gníomhach ar mhargadh ach a chailltear nuair a fhágtar an margadh. Dá mhéad costais bháite atá ann, is ea is mó a bhíonn ar iontrálaithe féideartha na rioscaí a bhaineann le hiontráil sa mhargadh a mheas, agus d’fhéadfadh na cuideachtaí níos inchreidte atá sa mhargadh cheana bagairt a dhéanamh go ndéanfaidís praghsanna na hiomaíochta nua a mheaitseáil, toisc go bhfágann costais bháite go mbíonn sé costasach dóibh atá ann cheana an margadh a fhágáil. Go ginearálta, bíonn costais bháite ag teastáil chun dul isteach sa mhargadh, costais bheaga uaireanta agus costais mhóra uaireanta eile. Dá bhrí sin, tá an iomaíocht iarbhír níos éifeachtaí i gcoitinne agus is mó an tionchar a bheidh aici ar mheasúnú cáis ná mar a bheadh ag iomaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann.
(192)Is gá dinimic na margaí ábhartha a chur san áireamh freisin. I roinnt margaí dinimiciúla, d‘fhéadfadh sé nach mbeadh na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag srianta áirithe chomh fadhbach céanna, toisc go bhféadfadh iomaíocht idirtheicneolaíochta ó iomaitheoirí dinimiciúla agus nuálacha feidhmiú mar shrianta leordhóthanacha. I gcásanna eile, áfach, d‘fhéadfadh sé go dtabharfadh srianta buntáiste iomaíoch marthanach don sealbhóir i margadh dinimiciúil agus dá bhrí sin d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha fadtéarmacha a bheith ann don iomaíocht. D’fhéadfaí go dtarlódh a leithéid i gcás ina gcuireann srian cosc ar iomaitheoirí tairbhiú d’éifeachtaí líonra nó i gcás ina mbíonn margadh i mbaol a iompaithe.
(193)Agus measúnú á dhéanamh ar shrianta áirithe, d’fhéadfadh sé gur ghá fachtóirí eile a chur san áireamh. Áirítear ar fhachtóirí den sórt sin éifeachtaí carnacha, is é sin le rá, cumhdach an mhargaidh le comhaontuithe comhchosúla, fad na gcomhaontuithe, an timpeallacht rialála, agus iompraíocht a d’fhéadfadh claonpháirteachas a léiriú nó a éascú, amhail ceannaireacht praghsanna, athruithe praghsanna a fógraíodh roimh ré agus plé ar an bpraghas ‘ceart’, dolúbthacht praghsanna mar fhreagairt ar acmhainneacht iomarcach, idirdhealú praghsanna agus iompraíocht chlaonpháirteach san am a chuaigh thart.
4.1.2.Fachtóirí ábhartha don mheasúnú faoi Airteagal 101(3) den Chonradh
(194)Is féidir éifeachtaí ar son na hiomaíochta a bheith mar thoradh ar chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta lena gcuirtear srian ar iomaíocht freisin, i bhfoirm éifeachtúlachtaí ar mó iad ná a n‑éifeachtaí frithiomaíocha. Tarlaíonn an measúnú ar éifeachtaí ar son na hiomaíochta faoi chuimsiú Airteagal 101(3) den Chonradh, ina bhfuil eisceacht ón toirmeasc a leagtar amach in Airteagal 101(1) den Chonradh. Chun go mbeidh an eisceacht sin infheidhme, ní mór don chomhaontú aistrithe teicneolaíochta na ceithre choinníoll a leagtar amach in Airteagal 101(3) a chomhlíonadh (féach mír
(9)
de na Treoirlínte seo). Ní mór do ghnóthas a bhraitheann ar Airteagal 101(3) a léiriú, trí bhíthin argóintí agus fianaise áititheach, go gcomhlíontar na ceithre choinníoll den Airteagal sin.
(195)Déantar an measúnú ar chomhaontuithe sriantacha faoi Airteagal 101(3) den Chonradh sa chomhthéacs iarbhír ina bhfuil siad agus ar bhonn na bhfíoras atá ann ag aon tráth ar leith. Tagann an measúnú faoi réir athruithe ábhartha ar na fíorais. Tá feidhm ag an riail eisceachta in Airteagal 101(3) fad is a chomhlíontar na ceithre choinníoll agus ní bhíonn feidhm léi a thuilleadh nuair nach amhlaidh atá. Mar sin féin, agus Airteagal 101(3) á chur i bhfeidhm, is gá na hinfheistíochtaí báite tosaigh a rinne aon cheann de na páirtithe a chur san áireamh chomh maith leis an am is gá agus na srianta is gá chun infheistíocht spreagtha éifeachtúlachta a dhéanamh agus a aisghabháil. Ní féidir Airteagal 101 a chur i bhfeidhm gan an infheistíocht ex ante agus na rioscaí a bhaineann léi a chur san áireamh. Mar sin, d’fhéadfadh comhaontú lasmuigh d’Airteagal 101(1) nó comhlíonadh choinníollacha Airteagal 101(3) a bheith mar thoradh ar an riosca atá ann do na páirtithe agus ar an infheistíocht bháite nach mór a dhéanamh chun an comhaontú a chur chun feidhme, ar feadh na tréimhse ama is gá chun an infheistíocht a aisghabháil.
(196)Ceanglaítear leis an gcéad choinníoll d’Airteagal 101(3) den Chonradh measúnú ar na tairbhí oibiachtúla a ghintear leis an gcomhaontú. Tá samplaí d’éifeachtúlachtaí den sórt sin leagtha amach i Roinn 2.2. de na Treoirlínte seo.
(197)Ceanglaítear leis an tríú coinníoll d’Airteagal 101(3) den Chonradh nach bhforchuireann an comhaontú srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun tairbhí oibiachtúla an chomhaontaithe a bhaint amach. Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar an tástáil fíor-riachtanais, scrúdóidh an Coimisiún go háirithe an féidir an ghníomhaíocht atá i gceist a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla mar gheall ar shrianta aonair ná mar a d’fhéadfaí a dhéanamh in éagmais an tsriain lena mbaineann. Ní mór dálaí an mhargaidh agus cúinsí na bpáirtithe a chur san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh. Ní cheanglaítear ar ghnóthais a agraíonn tairbhe Airteagal 101(3) roghanna malartacha hipitéiseacha agus teoiriciúla a mheas. Ní mór dóibh a mhíniú agus a léiriú, mar sin féin, cén fáth nach mbeadh na roghanna malartacha atá réalaíoch agus nach bhfuil chomh sriantach céanna, de réir cosúlachta, chomh héifeachtúil céanna. Dá mbeadh caillteanas mór éifeachtúlachtaí ina thoradh ar chur i bhfeidhm rogha malartaí atá réalaíoch agus nach bhfuil chomh sriantach céanna ó thaobh tráchtála de réir cosúlachta, caitear leis an srian sin mar a bheith fíor-riachtanach. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gur ghá scrúdú a dhéanamh freisin an bhfuil an comhaontú ann féin fíor-riachtanach chun na héifeachtúlachtaí a bhaint amach. I gcás ceadúnú simplí idir dhá pháirtí, ní gá, go ginearálta, níos mó a dhéanamh ná scrúdú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil srianta aonair fíor-riachtanach. De ghnáth, níl aon rogha mhalartach ar an gcomhaontú ceadúnais nach bhfuil chomh sriantach céanna ann féin.
(198)Ceanglaítear leis an tríú coinníoll d’Airteagal 101(3) den Chonradh gur gá cion cothrom de na tairbhí a thabhairt do thomhaltóirí. Tugtar le tuiscint nach mór tomhaltóirí na dtáirgí a tháirgtear faoin gceadúnas a chúiteamh ar a laghad as éifeachtaí diúltacha an chomhaontaithe. Ciallaíonn sé sin, an tionchar diúltach dóchúil ar phraghsanna, ar aschur agus ar fachtóirí ábhartha eile arb é an comhaontú is cúis leo, ní mór é a fhritháireamh ina iomláine leis na gnóthachain éifeachtúlachta. Féadfaidh siad é sin a dhéanamh trí struchtúr costais na ngnóthas lena mbaineann a athrú, trí dhreasacht a thabhairt dóibh praghas a laghdú, nó trí chead a thabhairt do thomhaltóirí rochtain a fháil ar tháirgí nua nó ar tháirgí feabhsaithe, agus aon mhéadú dóchúil ar phraghsanna á chúiteamh acu.
(199)Ceanglaítear leis an gcoinníoll deireanach d’Airteagal 101(3) den Chonradh nach bhféadfadh na páirtithe deireadh a chur leis an iomaíocht i ndáil le cuid mhór de na táirgí lena mbaineann mar thoradh ar an gcomhaontú. Glactar leis go ndéanfar anailís ar an mbrú iomaíoch atá fágtha ar an margadh agus ar thionchar an chomhaontaithe ar na foinsí eile iomaíochta sin. Chun an coinníoll sin a chur i bhfeidhm, ní mór an gaol idir Airteagal 101(3) agus Airteagal 102 a chur san áireamh. I gcomhréir leis an gcásdlí shocraithe, ní féidir cur i bhfeidhm Airteagal 102 den Chonradh a chosc le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3). Thairis sin, ós rud é gurb é is aidhm le hAirteagail 101 agus 102 iomaíocht éifeachtach ar an margadh a choinneáil ar bun, ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht ní mór a thuiscint le hAirteagal 101(3) nach gcuirtear cosc leis ar aon chur i bhfeidhm den eisceacht sin ar chomhaontuithe sriantacha ar mí‑úsáid ceannasachta atá iontu. Cé go laghdaíonn an comhaontú an iomaíocht go substaintiúil i ndáil le paraiméadar ábhartha amháin, ní gá go gciallaíonn sé sin go gcuirtear deireadh leis an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(3). Mar shampla, d’fhéadfadh teacht chun cinn caighdeáin tionscail a bheith mar thoradh ar chomhthiomsú teicneolaíochta, rud a d’fhágfadh nach mbeadh mórán iomaíochta ann idir na formáidí teicneolaíochta. A luaithe a ghlacann na príomhghníomhaithe margaidh formáid áirithe, d’fhéadfadh sé go bhfágfadh éifeachtaí gréasáin go mbeadh sé an‑deacair d’fhormáidí malartacha teacht slán. Mar sin féin, ní thugann sé sin le tuiscint go gcuireann cruthú caighdeáin tionscail de facto deireadh i gcónaí leis an iomaíocht de réir bhrí choinníoll deiridh Airteagal 101(3), go háirithe i gcás ina mbeidh soláthróirí fós saor chun dul san iomaíocht maidir le praghas, cáilíocht, rogha, nuálaíocht agus gnéithe táirge.
4.2.Airteagal 101 den Chonradh a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha éagsúla srianta ceadúnúcháin
(200)Cumhdaítear leis an Roinn seo cineálacha éagsúla srianta a áirítear go coitianta i gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta. Srianta ar tugadh aghaidh orthu cheana sna Ranna eile de na Treoirlínte seo, go háirithe Roinn 3.4 maidir le cruashrianta agus Roinn 3.5 maidir le srianta eisiata, ní dhéileáiltear leo ach go hachomair sa Roinn seo.
(201)Cumhdaítear leis an Roinn seo comhaontuithe idir iomaitheoirí agus comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí. I gcás comhaontuithe idir iomaitheoirí, déantar idirdhealú, i gcás inarb iomchuí, idir comhaontuithe cómhalartacha agus neamh‑chómhalartacha. Ní gá an t‑idirdhealú sin a dhéanamh i gcás comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí. I gcás nach fíoriomaitheoirí iarbhír ná ionchasacha iad gnóthais ar mhargadh teicneolaíochta ábhartha nó ar mhargadh le haghaidh táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe, beidh ceadúnas cómhalartach, chun gach críche praiticiúil, coibhéiseach le dhá cheadúnas ar leithligh. Tá an staid éagsúil maidir le socruithe trína ndéanann na páirtithe pacáiste teicneolaíochta a chur le chéile i gcomhpháirt a cheadúnaítear ansin do thríú páirtithe. Cumhdaítear socruithe den sórt sin sa Roinn seo.
(202)Ní chumhdaítear leis an Roinn seo oibleagáidí i gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta nach gcuireann srian ar an iomaíocht de ghnáth de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh. Áirítear leis na hoibleagáidí sin an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dó:
(a)oibleagáidí rúndachta;
(b)oibleagáidí ar cheadúnaithe gan focheadúnú a dhéanamh;
(c)oibleagáidí gan na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe a úsáid tar éis don chomhaontú dul in éag, ar choinníoll go leanfaidh na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe de bheith bailí agus i bhfeidhm;
(d)oibleagáidí chun cabhrú leis an gceadúnóir na cearta maoine intleachtúla ceadúnaithe a fhorfheidhmiú;
(e)oibleagáidí chun ríchíosanna íosta a íoc nó íoschainníocht táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe a tháirgeadh;
(f)oibleagáidí trádmharc an cheadúnóra a úsáid nó ainm an cheadúnóra a chur in iúl ar an táirge.
4.2.1.Oibleagáidí ríchíosa
(203)Go ginearálta, tá na páirtithe i gcomhaontú aistrithe teicneolaíochta saor chun an ríchíos is iníoctha ag an gceadúnaí agus a mhodh íocaíochta a chinneadh gan a bheith faoi réir Airteagal 101(1) den Chonradh. Tá feidhm ag an bprionsabal sin maidir le comhaontuithe idir iomaitheoirí agus comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí. D’fhéadfadh oibleagáidí ríchíosa, mar shampla, a bheith i bhfoirm íocaíochtaí cnapshuime, céatadán den phraghas díola nó méid seasta le haghaidh gach táirge a ionchorpraíonn an teicneolaíocht cheadúnaithe. I gcás ina mbaineann an teicneolaíocht cheadúnaithe le hionchur atá ionchorpraithe i dtáirge deiridh, de ghnáth ní chuireann sé srian le hiomaíocht chun na ríchíosanna a ríomh ar bhonn phraghas an táirge deiridh, ar choinníoll go bhfuil an teicneolaíocht cheadúnaithe ionchorpraithe inti. I gcás ceadúnú bogearraí, ríchíosanna bunaithe ar an líon úsáideoirí agus ríchíosanna a ríomhtar ar bhonn meaisín, bíonn siad comhoiriúnach go ginearálta le hAirteagal 101(1).
(204)Lasmuigh den bhlocdhíolúine, d’fhéadfadh forálacha ríchíosa i gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir iomaitheoirí srian a chur ar iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh i gcás ina mbíonn iomaitheoirí i mbun cros‑cheadúnaithe agus ina bhforchuireann siad ríchíosanna reatha ar léir go bhfuil siad díréireach i gcomparáid le margadhluach an cheadúnais agus i gcás ina bhfuil struchtúir chostais chomhchosúla ag na páirtithe, nó i gcás ina mbíonn tionchar suntasach ag ríchíosanna den sórt sin ar phraghsanna an mhargaidh. Agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuil na ríchíosanna díréireach, is gá scrúdú a dhéanamh ar na ríchíosanna a íocann ceadúnaithe eile ar an margadh táirgí le haghaidh na dteicneolaíochtaí céanna nó ionadacha. I gcásanna den sórt sin, ní dócha go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 101(3).
(205)Níl feidhm ag an mblocdhíolúine ach amháin maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta fad is atá cearta teicneolaíochta arna gceadúnú faoin gcomhaontú bailí agus i bhfeidhm. Mar sin féin, comhaontuithe ina bhfuil oibleagáidí ríchíosa a théann thar thréimhse bhailíochta na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe, ní gá go gcuireann siad srian ar iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh, go háirithe i gcás inar féidir leis an gceadúnaí an comhaontú a fhoirceannadh gan bhac. Mar shampla, d’fhéadfadh an cineál forála sin cead a thabhairt don cheadúnaí na ríchíosanna a scaipeadh thar thréimhse níos faide. Más rud é, tar éis do na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe dul in éag, go bhfuil tríú páirtithe in ann, ó thaobh an dlí de, an teicneolaíocht a shaothrú agus brú iomaíochta leordhóthanach a chruthú sa mhargadh, ní dócha go gcuirfidh ríchíosanna atá imithe in éag srian ar an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1). In imthosca sonracha, áfach, d’fhéadfadh oibleagáidí den sórt sin srian a chur le hiomaíocht, mar shampla, más rud é, ar dhul in éag na gceart, go gcuirfeadh foirceannadh an chomhaontaithe bac suntasach ar chumas an cheadúnaí leanúint de bheith gníomhach sa mhargadh agus más rud é nach bhfuil brú iomaíoch leordhóthanach ó thríú páirtithe (mar shampla, mar gheall ar bhacainní arda ar iontráil).
(206)I gcás comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí, cumhdaítear leis an mblocdhíolúine comhaontuithe trína ríomhtar ríchíosanna ar bhonn táirgí a tháirgtear leis an teicneolaíocht cheadúnaithe agus táirgí a tháirgtear le teicneolaíochtaí atá ceadúnaithe ó thríú páirtithe. Féadfaidh socruithe den sórt sin méadrú ríchíosanna a éascú. Mar sin féin, d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis le foriamh freisin trí mhéadú a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le hionchuir tríú páirtithe a úsáid agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh éifeachtaí a bheith acu atá cosúil leo siúd a bhaineann le hoibleagáid gan dul in iomaíocht. Má íoctar ríchíosanna ar tháirgí a tháirgtear le teicneolaíocht tríú páirtí freisin agus ní hamháin ar tháirgí a tháirgtear leis an teicneolaíocht cheadúnaithe, méadóidh na ríchíosanna ansin costas na dtáirgí deiridh sin agus laghdóidh siad an t‑éileamh ar theicneolaíocht tríú páirtí. Lasmuigh den bhlocdhíolúine, dá bhrí sin, ní mór breithniú a dhéanamh ar an srian agus ar na héifeachtaí foriata a d’fhéadfadh a bheith aici. Chun na críche sin, is iomchuí an creat anailíseach a leagtar amach i Roinn 4.2.7 de na Treoirlínte seo a úsáid. I gcás éifeachtaí suntasacha foriata, tá comhaontuithe den sórt sin faoi réir Airteagal 101(1) den Chonradh agus ní dócha go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha Airteagal 101(3), ach amháin mura bhfuil aon bhealach praiticiúil eile ann chun íocaíochtaí ríchíosa a ríomh agus faireachán a dhéanamh orthu.
4.2.2.Srianta ar cheadúnú eisiach agus srianta díolacháin
(207)Chun críche na dTreoirlínte seo, tá sé úsáideach idirdhealú a dhéanamh idir srianta ar tháirgeadh laistigh de chríoch ar leith (ceadúnais eisiacha nó aonair) agus srianta ar dhíol táirgí lena n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe i gcríoch ar leith agus/nó le grúpa custaiméirí ar leith (srianta díolacháin).
4.2.2.1.Ceadúnais eisiacha agus ceadúnais aonair
(208)Ciallaíonn ‘ceadúnas eisiach’ ceadúnas faoi nach bhfuil cead ag an gceadúnaí féin táirgeadh a dhéanamh ar bhonn na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe ná na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe sin a cheadúnú do thríú páirtithe, go ginearálta nó le haghaidh úsáid áirithe nó i gcríoch áirithe. I gcásanna den sórt sin, is é an ceadúnaí an t‑aon pháirtí atá údaraithe a bheith ag táirgeadh ar bhonn na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe le haghaidh na húsáide nó sa chríoch lena mbaineann.
(209)Ciallaíonn ceadúnas aonair go ngeallann an ceadúnóir gan tríú páirtithe a cheadúnú a bheith ag táirgeadh laistigh de chríoch ar leith, ach go gcoinníonn sé an ceart a bheith ag táirgeadh trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht cheadúnaithe féin.
(210)I gcás ina ngeallann an ceadúnóir gan bheith ag táirgeadh é féin, agus gan daoine eile a cheadúnú chun táirgí a tháirgeadh laistigh de chríoch áirithe, féadfaidh an chríoch sin an domhan iomlán nó aon chuid di a chumhdach.
(211)Is minic a bhíonn srianta díolacháin ag gabháil le ceadúnais eisiacha agus ceadúnais aonair, agus cuireann siad teorainn leis an áit inar féidir leis na páirtithe táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe a dhíol.
(212)Is cineál páirtithe margaidh agus custaiméara é an ceadúnú eisiach cómhalartach idir iomaitheoirí, mar a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (c), de RBAT. Mar sin féin, tá ceadúnú aonair cómhalartach idir iomaitheoirí blocdhíolmhaithe suas go dtí an tairseach 20 % maidir le sciar den mhargadh. Faoi chomhaontú den sórt sin, geallann na páirtithe go frithpháirteach gan a dteicneolaíochtaí iomaíocha a cheadúnú do thríú páirtithe ach is féidir leo leanúint de na teicneolaíochtaí a úsáid iad féin. I gcás ina bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag na páirtithe, féadfaidh comhaontuithe den sórt sin claonpháirteachas a éascú trína áirithiú gurb iad na páirtithe an t‑aon fhoinse aschuir sa mhargadh bunaithe ar na teicneolaíochtaí ceadúnaithe.
(213)Tá ceadúnú eisiach neamh‑chómhalartach idir iomaitheoirí blocdhíolmhaithe suas go dtí an tairseach 20 % maidir le sciar den mhargadh. Os cionn na tairsí maidir leis an sciar den mhargadh, is féidir éifeachtaí sriantacha a bheith ag ceadúnú eisiach; dá mhéad cumhacht mhargaidh atá ag ceachtar páirtí, is ea is dóchúla go mbeidh éifeachtaí sriantacha ann. I gcás ina mbaineann an ceadúnas eisiach leis an domhan uile, tugann sé le tuiscint go bhfágann an ceadúnóir an margadh. I gcás ina bhfuil eisiachas teoranta do chríoch ar leith amhail Ballstát, tugtar le tuiscint leis an gcomhaontú go staonann an ceadúnóir ó earraí agus seirbhísí a tháirgeadh bunaithe ar an teicneolaíocht cheadúnaithe sa chríoch atá i gceist. Chun measúnú a dhéanamh ar cheadúnais eisiacha den sórt sin, is gá cumhacht mhargaidh an cheadúnóra agus an cheadúnaí a chur san áireamh. Má tá suíomh teoranta ag an dá pháirtí ar an margadh táirgí agus mura bhfuil sé d’acmhainn ag an gceadúnóir an teicneolaíocht a shaothrú go héifeachtach i gcríoch an cheadúnaí, ní dócha go dtiocfaidh an comhaontú faoi réim Airteagal 101(1) den Chonradh. Is cás speisialta é nuair nach mbíonn an ceadúnóir agus an ceadúnaí in iomaíocht ach ar an margadh teicneolaíochta. Níl ag an gceadúnóir, mar shampla institiúid taighde nó gnóthas beag taighdebhunaithe, amhail seach‑chuideachta, nach dtéann in iomaíocht leis an gceadúnaí ach amháin ar an margadh teicneolaíochta, na cumais táirgthe agus dáileacháin chun táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe a thabhairt chun an mhargaidh go héifeachtach. I gcásanna den sórt sin, níl an ceadúnóir in ann dul in iomaíocht go héifeachtach go hiartheachtach ar an margadh táirgí. Dá thoradh sin, ní dócha go gcuirfidh an ceadúnas eisiach srian ar iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1), ar choinníoll nach bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag an gceadúnaí ar an margadh táirgí.
(214)Maidir le ceadúnú eisiach idir neamhiomaitheoirí — a mhéid a thagann sé faoi Airteagal 101(1) den Chonradh — is dócha go gcomhlíonfaidh sé sin coinníollacha Airteagal 101(3). Is minic a bhíonn gá le ceadúnas eisiach chun an ceadúnaí a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh sa teicneolaíocht cheadúnaithe agus chun na táirgí a chur ar an margadh go tráthúil. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás nach mór don cheadúnaí infheistíochtaí móra a dhéanamh chun an teicneolaíocht cheadúnaithe a fhorbairt a thuilleadh. Dá ndéanfaí idirghabháil in aghaidh eisiachais a luaithe a bheadh an teicneolaíocht cheadúnaithe tráchtálaithe go rathúil ag an gceadúnaí, bhainfí an toradh airgeadais ar a infheistíocht den cheadúnaí agus dhéanfaí dochar don iomaíocht, do scaipeadh na teicneolaíochta agus don nuálaíocht. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún idirghabháil ach go heisceachtúil i gcoinne ceadúnú eisiach i gcomhaontuithe idir neamhiomaitheoirí, gan beann ar raon feidhme críochach an cheadúnais.
(215)Mar sin féin, má tá teicneolaíocht inionadaithe ag an gceadúnaí cheana féin a úsáideann sé le haghaidh táirgeadh inmheánach, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gá leis an gceadúnas eisiach chun an ceadúnaí a dhreasú chun táirge a thabhairt chuig an margadh. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh an ceadúnú eisiach a bheith faoi réir Airteagal 101(1) den Chonradh, go háirithe i gcás ina bhfuil cumhacht mhargaidh ag an gceadúnaí ar an margadh táirgí. Is é an príomhchás ina bhféadfadh údar a bheith le hidirghabháil aon uair a fhaigheann ceadúnaí ceannasach ceadúnas eisiach le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na teicneolaíochtaí iomaíocha. Is dócha go dtiocfaidh comhaontuithe den sórt sin ar faoi Airteagal 101(1) agus ní dócha go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha Airteagal 101(3). Chun go mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1), ní mór é a bheith deacair dul isteach sa mhargadh teicneolaíochta agus ní mór an teicneolaíocht cheadúnaithe a bheith ina fíorfhoinse iomaíochta ar an margadh. In imthosca den sórt sin, le ceadúnas eisiach féadfar ceadúnaithe tríú páirtí a fhoriamh, bacainní ar iontráil a ardú agus cead a thabhairt don cheadúnaí a chumhacht mhargaidh a choinneáil nó a neartú.
(216)Maidir le socruithe cros‑cheadúnaithe, trína gcomhaontaíonn dhá pháirtí nó níos mó a dteicneolaíochtaí a cheadúnú dá chéile amháin agus gan tríú páirtithe a cheadúnú, eascraíonn ábhair imní ar leith astu i gcás ina gcruthaíonn an pacáiste teicneolaíochtaí a eascraíonn as sin caighdeán tionscail de facto nach mór rochtain a bheith ag tríú páirtithe air chun dul san iomaíocht go héifeachtach ar an margadh. I gcásanna den sórt sin, cruthaíonn an socrú caighdeán dúnta atá forchoimeádta do na páirtithe sa socrú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar shocruithe den sórt sin i gcomhréir leis na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm maidir le comhthiomsuithe teicneolaíochta (féach Roinn 4.4 de na Treoirlínte seo). Go háirithe, ba cheart na teicneolaíochtaí a thacaíonn le caighdeán den sórt sin a cheadúnú de ghnáth do thríú páirtithe ar théarmaí cothroma réasúnacha neamh‑idirdhealaitheacha, i gcomhréir leis an bpróiseas forbartha caighdeán is infheidhme. I gcás ina mbeidh na páirtithe sa socrú in iomaíocht le tríú páirtithe ar mhargadh táirgí atá ann cheana agus ina mbaineann an socrú leis an margadh táirgí sin, is dócha go mbeidh éifeachtaí eisiatacha substaintiúla ag caighdeán dúnta. Ní féidir an tionchar diúltach sin ar an iomaíocht a sheachaint ach amháin trí cheadúnú do thríú páirtithe freisin.
4.2.2.2.Srianta díolacháin
(217)A mhéid a bhaineann le srianta díolacháin, ní mór idirdhealú tábhachtach a dhéanamh idir ceadúnú idir iomaitheoirí agus ceadúnú idir neamhiomaitheoirí.
(218)Nuair a chuireann páirtí amháin nó an dá pháirtí i gcomhaontú cómhalartach idir iomaitheoirí srianta ar dhíolacháin ghníomhacha agus éighníomhacha, is cruashrianta ar iomaíocht iad faoi Airteagal 4(1), pointe (c), de RBAT. Tagann srianta díolacháin den sórt sin ar faoi Airteagal 101(1) den Chonradh agus ní dócha go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha Airteagal 101(3). Meastar go ginearálta gur páirtiú i margadh atá i gceist le srianta den sórt sin, ós rud é go gcuireann siad cosc ar an bpáirtí dá ndéantar difear a bheith ag díol go gníomhach agus go héighníomhach isteach i gcríocha agus le grúpaí custaiméirí ar fhreastail sé orthu iarbhír nó a d’fhéadfadh freastal orthu iarbhír in éagmais an chomhaontaithe.
(219)I gcás comhaontuithe neamh‑chómhalartacha idir iomaitheoirí, tá feidhm ag an mblocdhíolúine maidir le srianta ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha arna ndéanamh ag an gceadúnaí nó ag an gceadúnóir isteach sa chríoch eisiach nó leis an ngrúpa eisiach custaiméirí a fhorchoimeádtar don pháirtí eile (féach Airteagal 4(1), pointe (c)(i), de RBAT) suas go dtí an tairseach 20 % maidir le sciar den mhargadh. Os cionn na tairsí maidir le sciar den mhargadh, tagann srianta díolacháin den sórt sin faoi réim Airteagal 101(1) den Chonradh i gcás ina bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag páirtí amháin nó ag an dá pháirtí. Mar sin féin, d’fhéadfadh srianta den sórt sin a bheith fíor-riachtanach chun teicneolaíochtaí luachmhara a scaipeadh agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís coinníollacha Airteagal 101(3) a chomhlíonadh. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás ina bhfuil suíomh réasúnta lag ar an margadh ag an gceadúnóir sa chríoch ina saothraíonn sé an teicneolaíocht féin. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh srianta ar dhíolacháin ghníomhacha arna ndéanamh ag an gceadúnaí a bheith fíor-riachtanach chun an ceadúnóir a spreagadh chun an ceadúnas a dheonú. In éagmais srianta den sórt sin, d’fhéadfadh iomaíocht ghníomhach a bheith roimh an gceadúnóir ina phríomhréimse gníomhaíochta. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh srianta ar dhíolacháin ghníomhacha ón gceadúnóir a bheith fíor-riachtanach, go háirithe i gcás ina bhfuil suíomh réasúnta lag ar an margadh ag an gceadúnaí sa chríoch a leithdháiltear air agus i gcás nach mór dó infheistíochtaí móra a dhéanamh chun an teicneolaíocht cheadúnaithe a shaothrú go héifeachtach.
(220)Tá feidhm ag an mblocdhíolúine freisin maidir le srianta ar dhíolacháin ghníomhacha an cheadúnaí i gcríoch eisiach nó le grúpa custaiméirí a leithdháiltear ar cheadúnaí eile nach raibh ina iomaitheoir leis an gceadúnóir tráth a tugadh an comhaontú aistrithe teicneolaíochta i gcrích. Níl feidhm aige sin, áfach, ach amháin i gcás ina bhfuil an comhaontú neamh‑chómhalartach (féach Airteagal 4(1), pointe (c)(ii), de RBAT). Os cionn na tairsí maidir le sciar den mhargadh, is dócha go dtiocfaidh srianta díolachán gníomhach den sórt sin faoi réim Airteagal 101(1) den Chonradh i gcás ina bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag na páirtithe. Mar sin féin, is dócha go mbeidh an srian fíor-riachtanach de réir bhrí Airteagal 101(3) ar feadh na tréimhse ama is gá don cheadúnaí faoi chosaint chun dul isteach i margadh nua agus a láithreacht sa mhargaidh a bhunú sa chríoch leithdháilte nó vis‑à-vis an grúpa custaiméirí leithdháilte. Cuireann an chosaint sin ar dhíolacháin ghníomhacha ar a chumas don cheadúnaí an neamhshiméadracht atá os a chomhair a shárú toisc gur gnóthais iomaíocha de chuid an cheadúnóra iad cuid de na ceadúnaithe agus, dá bhrí sin, tá siad seanbhunaithe sa mhargadh cheana féin. Srianta ar dhíolacháin éighníomhacha ó na ceadúnaithe isteach i gcríoch nó le grúpa custaiméirí a leithdháiltear go heisiach ar cheadúnaí eile, is cruashrianta iad na srianta sin faoi Airteagal 4(1), pointe (c), de RBAT.
(221)I gcás comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí, na srianta ar chumas an cheadúnaí díolacháin ghníomhacha agus éighníomhacha a dhéanamh isteach i gcríoch nó grúpa custaiméirí atá forchoimeádta go heisiach don cheadúnóir, tá na srianta sin blocdhíolmhaithe suas go dtí an tairseach 30 % maidir le sciar den mhargadh. Os cionn na tairsí sin, is gá measúnú aonair a dhéanamh ar shrianta den sórt sin. I gcásanna áirithe, d’fhéadfaidís a bheith lasmuigh d’Airteagal 101(1) den Chonradh nó d’fhéadfaidís coinníollacha Airteagal 101(3) a chomhlíonadh, mar shampla, má tá gá oibiachtúil leo chun teicneolaíochtaí luachmhara a scaipeadh. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás ina bhfuil suíomh réasúnta lag ar an margadh ag an gceadúnóir sa chríoch ina saothraíonn sé an teicneolaíocht féin. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh srianta ar chumas an cheadúnaí díolacháin ghníomhacha a dhéanamh a bheith fíor-riachtanach chun an ceadúnóir a spreagadh chun an ceadúnas a dheonú. In éagmais srianta den sórt sin, d’fhéadfadh iomaíocht ghníomhach a bheith roimh an gceadúnóir ina phríomhréimse gníomhaíochta. I gcásanna eile, d’fhéadfadh srianta díolacháin ar an gceadúnaí a bheith faoi réir Airteagal 101(1) agus d’fhéadfadh sé nach gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3). Is dócha gurb amhlaidh an cás i gcás ina bhfuil leibhéal suntasach cumhachta margaidh ag an gceadúnóir aonair agus i gcás ina bhfuil éifeacht charnach ag sraith comhaontuithe comhchosúla arna dtabhairt i gcrích ag ceadúnóirí, a bhfuil suíomh láidir acu ar an margadh le chéile.
(222)Mar sin féin, i gcás comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí, i gcás ina n‑oibríonn an ceadúnóir córas dáileacháin roghnaithigh i gcríoch ar leith, ní cheadaítear an córas sin a chomhcheangal le leithdháiltí eisiacha críochacha nó grúpaí custaiméirí i gcás ina gcuirfeadh sé sin srian ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha le húsáideoirí deiridh. Bheadh comhcheangal den sórt sin ina chruashrian faoi Airteagal 4(2), pointe (c) de RBAT (féach mír
(151)
de na Treoirlínte).
(223)Is dócha go gcomhlíonfaidh srianta díolacháin ar an gceadúnóir, i gcás ina dtagann siad faoi réim Airteagal 101(1) den Chonradh, coinníollacha Airteagal 101(3), ach amháin mura bhfuil aon fhíor-rogha mhalartach ar theicneolaíocht an cheadúnóra ar an margadh, nó má tá roghanna malartacha den sórt sin ceadúnaithe ag an gceadúnaí ó thríú páirtithe. Is dócha go mbeadh srianta den sórt sin, agus go háirithe srianta ar dhíolacháin ghníomhacha, fíor-riachtanach de réir bhrí Airteagal 101(3) chun an ceadúnaí a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh i dtáirgeadh, i margú agus i ndíol na dtáirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe. Is dócha go laghdófaí go mór dreasacht an cheadúnaí infheistíocht a dhéanamh dá mbeadh sé in iomaíocht dhíreach leis an gceadúnóir nach bhfuil a chostais táirgthe faoi ualach íocaíochtaí ríchíosa, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le leibhéil infheistíochta fho-optamacha.
(224)A mhéid a bhaineann le srianta i gcomhaontuithe idir neamhiomaitheoirí maidir le cumas an cheadúnaí díolacháin ghníomhacha a dhéanamh le críocha nó le grúpaí custaiméirí a leithdháiltear go heisiach ar cheadúnaithe eile, tá na srianta sin blocdhíolmhaithe suas go dtí an tairseach 30 % maidir le sciar den mhargadh. Os cionn na tairsí sin, is gá measúnú aonair a dhéanamh ar shrianta den sórt sin. I gcás ina bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag an gceadúnaí, féadfaidh na srianta sin teorainn a chur leis an iomaíocht inteicneolaíochta agus is dócha go dtiocfadh siad faoi réim Airteagal 101(1) den Chonradh. Mar sin féin, d’fhéadfadh srianta den sórt sin coinníollacha Airteagal 101(3) a chomhlíonadh i gcás inar gá iad chun saorthairbhiú a chosc agus chun an ceadúnaí a spreagadh chun an infheistíocht is gá a dhéanamh chun an teicneolaíocht cheadúnaithe a shaothrú go héifeachtach laistigh dá chríoch agus chun díolacháin an táirge cheadúnaithe a chur chun cinn. Aicmítear srianta ar dhíolacháin éighníomhacha mar chruashrianta le hAirteagal 4(2), pointe (b), de RBAT (féach míreanna
(144)
go
(151)
thuas). Ní dócha go gcomhlíonfadh srianta den sórt sin, coinníollacha Airteagal 101(3) go ginearálta.
4.2.3.Srianta aschuir
(225)Srianta aschuir cómhalartacha i gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir iomaitheoirí, is cruashrian iad sin mar a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (b), de RBAT (féach mír
(128)
de na Treoirlínte). Ní chumhdaítear le hAirteagal 4(1), pointe (b), srianta aschuir a bhaineann leis an teicneolaíocht cheadúnaithe a ghearrtar ar an gceadúnaí i gcomhaontú neamh‑chómhalartach nó a ghearrtar ar cheann amháin de na ceadúnaithe i gcomhaontú cómhalartach. Tá srianta den sórt sin blocdhíolmhaithe suas go dtí an tairseach 20 % maidir le sciar den mhargadh. Os cionn na tairsí sin, is gá measúnú aonair a dhéanamh ar shrianta aschuir. Féadfaidh srianta den sórt sin srian a chur ar iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh i gcás ina bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag na páirtithe. Mar sin féin, is dócha go mbeadh feidhm ag Airteagal 101(3) i gcásanna ina bhfuil teicneolaíocht an cheadúnóra i bhfad níos fearr ná teicneolaíocht an cheadúnaí agus ina sáraíonn an teorainn aschuir aschur an cheadúnaí go substaintiúil roimh thabhairt i gcrích an chomhaontaithe. Sa chás sin, tá éifeacht na teorann aschur teoranta, fiú i margaí ina bhfuil an t‑éileamh ag ardú. Chun Airteagal 101(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm, ní mór a chur san áireamh freisin go bhféadfadh sé go mbeadh gá le srianta den sórt sin chun an ceadúnóir a spreagadh chun a theicneolaíocht a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir. Mar shampla, d’fhéadfadh drogall a bheith ar cheadúnóir a iomaitheoirí a cheadúnú mura bhféadfaidh sé an ceadúnas a theorannú do láithreán táirgthe ar leith ag a bhfuil toilleadh sonrach (ceadúnas láithreáin). I gcás gur ann d’fhíorchomhtháthú sócmhainní comhlántacha mar gheall ar an gcomhaontú aistrithe teicneolaíochta, féadfaidh srianta aschuir ar an gceadúnaí coinníollacha Airteagal 101(3) a chomhlíonadh dá bhrí sin. Mar sin féin, ní dócha gurb amhlaidh an cás nuair atá cumhacht shuntasach sa mhargadh ag na páirtithe.
(226)Tá srianta aschuir i gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir neamhiomaitheoirí blocdhíolmhaithe suas go dtí an tairseach sciar den mhargadh 30 %. Os cionn na tairsí sin, tá gá le measúnú ar éifeachtaí aonair. Is é an príomhriosca frithiomaíoch a eascraíonn as srianta aschuir ar cheadúnaithe i gcomhaontuithe idir neamhiomaitheoirí an laghdú ar iomaíocht inteicneolaíochta idir ceadúnaithe. Braitheann tábhacht na n‑éifeachtaí frithiomaíocha sin ar shuíomh an cheadúnóra agus na gceadúnaithe ar an margadh, agus ar a mhéid a chuireann an teorainn aschuir cosc ar an gceadúnaí an t‑éileamh ar na táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe a shásamh.
(227)I gcás ina ndéantar srianta aschuir a chomhcheangal le críocha eisiacha nó le grúpaí eisiacha custaiméirí, méadaítear a n‑éifeachtaí sriantacha. Nuair a chomhcheanglaítear an dá chineál srianta, is mó seans go ndéanfaidh an comhaontú na mhargaí a dheighilt.
(228)D’fhéadfadh éifeachtaí ar son na hiomaíochta a bheith ag teorainneacha aschuir a fhorchuirtear ar an gceadúnaí i gcomhaontuithe idir neamhiomaitheoirí trí scaipeadh na teicneolaíochta a chur chun cinn. Mar sholáthróir teicneolaíochta, ba cheart an tsaoirse a bheith ag an gceadúnóir de ghnáth an t‑aschur a tháirgeann an ceadúnaí leis an teicneolaíocht cheadúnaithe a chinneadh. Mura mbeadh sé de shaoirse ag an gceadúnóir aschur an cheadúnaí a chinneadh, d’fhéadfadh sé nach dtiocfadh roinnt comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta chun cinn ar an gcéad dul síos, rud a mbeadh tionchar diúltach aige ar scaipeadh na teicneolaíochta. Is dócha gurb amhlaidh a bheidh i gcás inar táirgeoir é an ceadúnóir freisin, ós rud é go bhféadfadh aschur an cheadúnaí teacht ar ais isteach i bpríomhréimse oibríochta an cheadúnóra agus, dá bhrí sin, tionchar díreach a bheith aige ar na gníomhaíochtaí sin. Ar an taobh eile, is lú seans go mbeidh gá le srianta aschuir chun scaipeadh theicneolaíocht an cheadúnóra a áirithiú nuair a chomhcheanglaítear iad le srianta díolacháin ar an gceadúnaí, lena dtoirmeasctar é a bheith ag díol isteach i gcríoch nó i ngrúpa custaiméirí atá forchoimeádta don cheadúnóir.
4.2.4.Srianta ar an réimse úsáide
(229)Faoi shrian ar an réimse úsáide, á an úsáid a bhaineann an ceadúnaí as an teicneolaíocht cheadúnaithe teoranta do raon feidhme teicniúil amháin, margadh táirgí amháin nó earnáil tionsclaíoch amháin, nó níos mó ná sin. Ciallaíonn sé sin nach féidir leis an gceadúnaí ach na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe a úsáid laistigh de na réimsí sonraithe sin. D’fhéadfadh earnáil thionsclaíoch roinnt margaí táirgí a chuimsiú, ach ní féidir cuid de mhargadh táirgí a bheith i gceist léi. Is minic is féidir an teicneolaíocht chéanna a úsáid chun táirgí éagsúla a dhéanamh; D’fhéadfadh baint a bheith ag na táirgí sin leis na margaí táirgí céanna nó le margaí táirgí éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfaí teicneolaíocht déanta múnla a úsáid laistigh den earnáil thionsclaíoch chéanna chun buidéil phlaisteacha agus spéaclaí plaisteacha a dhéanamh, cé go mbaineann gach táirge le margadh táirgí ar leith. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go gcuimseodh margadh aonair táirgí roinnt réimsí teicniúla úsáide. Mar shampla, féadfar teicneolaíocht chun foirne sliseanna a dhéanamh a úsáid chun foirne sliseanna a tháirgeadh ina bhfuil suas le ceithre láraonad próiseála agus níos mó ná ceithre láraonad próiseála. Is srian ar réimse teicniúil úsáide é ceadúnas lena dteorannaítear úsáid na teicneolaíochta ceadúnaithe do tháirgeadh foirne sliseanna ina bhfuil suas le ceithre láraonad próiseála.
(230)Ós rud é go gcumhdaítear srianta ar an réimse úsáide leis an mblocdhíolúine agus gur cruashrianta srianta áirithe ar chustaiméirí faoi Airteagail 4(1), pointe (c) agus 4(2), pointe (b), de RBAT, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir an dá chatagóir srianta (féach freisin míreanna
(138)
agus
(139)
de na Treoirlínte seo). Le srian custaiméara, glactar leis go sainaithnítear grúpaí sonracha custaiméirí agus go bhfuil srian ar na páirtithe ón táirge a dhíol le grúpaí sainaitheanta den sórt sin. Cé go bhféadfadh srian ar an réimse úsáide freagairt do ghrúpaí áirithe custaiméirí laistigh de mhargadh táirgí, ní thugtar le tuiscint leis sin gur srian custaiméara é an srian sin. Mar shampla, ós rud é go gceannaíonn custaiméirí áirithe, den chuid is mó nó go heisiach, foirne sliseanna ina bhfuil níos mó ná ceithre láraonad próiseála, ní thugtar le tuiscint leis sin gur srian custaiméara atá i gceist le ceadúnas atá teoranta d’fhoirne sliseanna ina bhfuil suas le ceithre láraonad próiseála. Mar sin féin, ní mór an réimse úsáide a shainiú go hoibiachtúil trí thagairt a dhéanamh do shaintréithe teicniúla sainaitheanta agus fiúntacha an táirge conartha.
(231)Ós rud é gur cruashrianta srianta aschuir áirithe faoi Airteagal 4(1), pointe (b) de RBAT, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach meastar gur srianta aschuir srianta ar an réimse úsáide. Is amhlaidh atá toisc nach gcuireann srian ar an réimse úsáide teorainn leis an aschur a fhéadfaidh an ceadúnaí a tháirgeadh laistigh den réimse úsáide ceadúnaithe.
(232)Ar an gcaoi chéanna le críocha, is féidir réimsí úsáide a leithdháileadh ar an gceadúnaí faoi cheadúnas eisiach nó faoi cheadúnas aonair. Féach Roinn 4.2.2.1 de na Treoirlínte seo chun míniú a fháil ar an difríocht idir ceadúnú eisiach agus ceadúnú aonair, lena n‑áirítear an tionchar ar chumas an cheadúnóra an teicneolaíocht cheadúnaithe a shaothrú laistigh den réimse úsáide lena mbaineann. Go háirithe, maidir le ceadúnú idir iomaitheoirí, ciallaíonn sé sin gur cruashrian ceadúnú eisiach cómhalartach faoi Airteagal 4(1), pointe (c) de RBAT.
(233)D’fhéadfadh éifeachtaí ar son na hiomaíochta a bheith ag srianta ar an réimse úsáide trí spreagadh a thabhairt don cheadúnóir a theicneolaíocht a cheadúnú le haghaidh feidhmeanna nach dtagann faoina phríomhréimse gníomhaíochta. Mura bhféadfadh an ceadúnóir cosc a chur ar cheadúnaithe oibriú i réimsí ina saothraíonn sé an teicneolaíocht é féin ná i réimsí nach bhfuil luach na teicneolaíochta seanbhunaithe iontu go fóill, is dócha go ndéanfadh sé sin an ceadúnóir a dhídhreasú ó cheadúnú nó go mbeadh sé ina chúis le ríchíos níos airde a ghearradh. Ní mór a chur san áireamh freisin gur minic a tharlaíonn ceadúnú in earnálacha áirithe chun saoirse dearaidh a áirithiú trí éilimh maidir le sárú a chosc. Laistigh de raon feidhme an cheadúnais, tá an ceadúnaí in ann a theicneolaíocht féin a fhorbairt gan eagla a bheith air go ndéanfaidh an ceadúnóir éilimh maidir le sárú.
(234)Maidir le srianta ar an réimse úsáide atá ar cheadúnaithe i gcomhaontuithe idir fíoriomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha, tá siad blocdhíolmhaithe suas go dtí an tairseach 20 % maidir le sciar den mhargadh. Os cionn na tairsí maidir le sciar den mhargadh, ní mór measúnú aonair a dhéanamh ar shrianta den sórt sin. Is é an príomhábhar imní ó thaobh na hiomaíochta de an riosca go scoirfidh an ceadúnaí de bheith ina fhórsa iomaíoch lasmuigh den réimse úsáide atá ceadúnaithe. Is mó an riosca sin i gcás cros‑cheadúnú idir iomaitheoirí i gcás ina ndéantar foráil sa chomhaontú maidir le srianta neamhshiméadracha ar an réimse úsáide. Bíonn srianta ar an réimse úsáide neamhshiméadrach i gcás ina gceadaítear do pháirtí amháin an teicneolaíocht cheadúnaithe a úsáid in earnáil thionsclaíoch amháin, i margadh táirgí amháin nó i raon feidhme teicniúil amháin agus ina gceadaítear don pháirtí eile an teicneolaíocht cheadúnaithe eile a úsáid in earnáil thionsclaíoch éagsúil, i margadh táirgí éagsúil nó i raon feidhme teicniúil éagsúil. D’fhéadfadh imní iomaíochta teacht chun cinn go háirithe i gcás ina n‑úsáidtear saoráid táirgeachta an cheadúnaí freisin, áit atá feistithe chun an teicneolaíocht cheadúnaithe a úsáid, chun táirgí a tháirgeadh lasmuigh den réimse úsáide ceadúnaithe trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht an cheadúnaí féin. Más dócha go laghdófaí leis an gcomhaontú aschur an cheadúnaí lasmuigh den réimse úsáide ceadúnaithe, is dócha go dtiocfaidh an comhaontú faoi réim Airteagal 101(1) den Chonradh. Maidir le srianta ar réimse siméadrach úsáide, is é sin le rá, comhaontuithe trína gceadúnaítear na páirtithe teicneolaíochtaí a chéile a úsáid laistigh den réimse/de na réimsí úsáide céanna, ní dócha go dtiocfaidh siad faoi réim Airteagal 101(1). Ní dócha go gcuirfidh comhaontuithe den sórt sin srian ar iomaíocht a bhí ann cheana féin in éagmais an chomhaontaithe. Ní dócha go mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) ach oiread maidir le comhaontuithe nach gcuireann ar a chumas don cheadúnaí ach a theicneolaíocht féin a fhorbairt agus a shaothrú laistigh de raon feidhme an cheadúnais gan eagla a bheith air go ndéanfadh an ceadúnóir éilimh maidir le sárú. I gcásanna den sórt sin, ní chuireann srianta ar an réimse úsáide srian iontu féin ar iomaíocht a bhí ann in éagmais an chomhaontaithe. In éagmais an chomhaontaithe, bhí an baol ann don cheadúnaí go ndéanfaí éilimh maidir le sárú lasmuigh de raon feidhme an réimse úsáide cheadúnaithe. Mar sin féin, má dhéanann an ceadúnaí a ghníomhaíochtaí a fhoirceannadh nó a laghdú sa réimse lasmuigh den réimse úsáide ceadúnaithe gan údar gnó, d’fhéadfadh sé gur léiriú é sin ar shocrú foluiteach um páirtiú i margadh, rud a bheadh ina chruashrian faoi Airteagal 4(1), pointe (c), de RBAT.
(235)Maidir le srianta ar an réimse úsáide atá ar cheadúnaí agus ceadúnóir i gcomhaontuithe idir neamhiomaitheoirí, tá siad blocdhíolmhaithe suas go dtí an tairseach 30 % maidir le sciar den mhargadh. Os cionn na tairsí maidir le sciar den mhargadh, ní mór measúnú aonair a dhéanamh ar shrianta den sórt sin. Go ginearálta, ní chuireann siad srian ar iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh, nó cuireann siad le héifeachtúlacht agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís coinníollacha Airteagal 101(3) a chomhlíonadh. Cuireann siad scaipeadh na teicneolaíochta chun cinn trí dhreasacht a thabhairt don cheadúnóir ceadúnas le haghaidh saothrú a thabhairt i réimsí nach mian leis an gceadúnóir an teicneolaíocht a shaothrú iontu. Mura raibh an ceadúnóir in ann cosc a chur ar cheadúnaithe oibriú i réimsí ina saothraíonn an ceadúnóir féin an teicneolaíocht, d’fhéadfaí é a dhídhreasú ó cheadúnú.
(236)I gcomhaontuithe idir neamhiomaitheoirí, de ghnáth bíonn an ceadúnóir i dteideal ceadúnais eisiacha nó ceadúnais aonair a dheonú do cheadúnaithe éagsúla atá teoranta do réimse úsáide amháin nó níos mó. Cuireann srianta den sórt sin teorainn le hiomaíocht inteicneolaíochta idir ceadúnaithe ar an mbealach céanna le ceadúnú eisiach críochach agus déantar measúnú orthu ar an mbealach céanna (féach Roinn 4.2.2.1 de na Treoirlínte seo).
4.2.5.Srianta ar úsáid faoi chuing
(237)Is éard is srian ar úsáid faoi chuing oibleagáid ar an gceadúnaí teorainn a chur lena tháirgeadh táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe do na cainníochtaí is gá chun a tháirgí féin a tháirgeadh agus chun a tháirgí féin a chothabháil agus a dheisiú. Is é sin le rá, le srian úsáide den chineál sin, tá oibleagáid ar an gceadúnaí gan na táirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe a úsáid ach amháin mar ionchur lena ionchorprú ina tháirgeadh féin. Ní cheadaíonn sé don cheadúnaí an táirge ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe a dhíol lena ionchorprú i dtáirgí táirgeoirí eile.
(238)Tá srianta ar úsáid faoi chuing blocdhíolmhaithe suas go dtí na tairsí 20 % agus 30 % maidir le sciar den mhargadh. Os cionn na dtairsí sin, is gá measúnú aonair a dhéanamh ar shrianta den sórt sin. I ndáil leis sin, is gá idirdhealú a dhéanamh idir comhaontuithe idir iomaitheoirí agus comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí.
(239)I gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir iomaitheoirí, le ceanglas ar an gceadúnaí nach n‑úsáidfidh sé an teicneolaíocht cheadúnaithe ach amháin chun ionchuir a tháirgeadh lena n‑ionchorprú ina tháirgí féin, cuirtear cosc air comhpháirteanna a sholáthar do tháirgeoirí tríú páirtí. Más rud é, sular tugadh an comhaontú i gcrích, nach raibh an ceadúnaí ina fhíorsholáthróir nó ina sholáthróir ionchasach comhpháirteanna do tháirgeoirí eile, ní athraíonn an srian ar úsáid faoi chuing aon rud i gcomparáid leis an gcaoi a raibh cúrsaí sular tugadh an comhaontú i gcrích. Sna cásanna sin, déantar measúnú ar an srian ar an mbealach céanna agus a dhéantar i gcás comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí. Ar an taobh eile, más fíorsholáthróir nó soláthróir ionchasach comhpháirteanna é an ceadúnaí, is gá measúnú a dhéanamh ar thionchar an chomhaontaithe ar an ngníomhaíocht sin. Más rud é, trí é féin a fheistiú chun teicneolaíocht an cheadúnóra a úsáid, go scoireann an ceadúnaí dá theicneolaíocht féin a úsáid ar bhonn neamhspleách agus, ar an gcaoi sin, go scoireann sé de bheith ag oibriú mar sholáthróir comhpháirteanna, cuireann an comhaontú srian ar an iomaíocht a bhí ann sular tugadh an comhaontú i gcrích. D’fhéadfadh éifeachtaí tromchúiseacha frithiomaíocha a bheith mar thoradh air nuair atá méid suntasach cumhachta margaidh ag an gceadúnóir ar an margadh comhpháirteanna.
(240)I gcás comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir neamhiomaitheoirí, tá dhá phríomhriosca iomaíocha ann a eascraíonn as srianta ar úsáid faoi chuing: srian ar iomaíocht inteicneolaíochta ar an margadh maidir le hionchuir a sholáthar; agus arbatráiste idir ceadúnaithe a chosc, rud a d’fhéadfadh cur le cumas an cheadúnóra ríchíosanna idirdhealaitheacha a fhorchur ar cheadúnaithe.
(241)Mar sin féin, d’fhéadfadh srianta ar úsáid faoi chuing ceadúnú ar son na hiomaíochta a chur chun cinn freisin. Más soláthróir comhpháirteanna é an ceadúnóir, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis an srian chun teicneolaíocht a scaipeadh idir neamhiomaitheoirí. In éagmais an tsriain, ní fhéadfaidh an ceadúnóir an ceadúnas a dheonú nó ní fhéadfaidh sé é sin a dhéanamh ach amháin in aghaidh ríchíosanna níos airde, toisc go gcruthódh sé iomaíocht dhíreach leis féin ar an margadh comhpháirteanna seachas sin. I gcásanna den sórt sin, ní chuireann srian ar úsáid faoi chuing srian ar iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh nó comhlíonann sé coinníollacha Airteagal 101(3). Mar sin féin, ní mór nach gcuirfear srian ar an gceadúnaí an táirge ceadúnaithe a dhíol mar pháirteanna athsholáthair dá tháirgí féin. Ní mór don cheadúnaí a bheith in ann freastal ar mhargadh iardhíola a tháirgí féin, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhíse neamhspleácha a dhéanann na táirgí a tháirgeann an ceadúnaí a sheirbhísiú agus a dheisiú.
(242)I gcás nach soláthróir comhpháirteanna é an ceadúnóir ar an margadh táirgí ábhartha, níl feidhm ag an gcúis thuas le srianta ar úsáid faoi chuing a fhorchur. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh srian ar úsáid faoi chuing scaipeadh na teicneolaíochta a chur chun cinn i bprionsabal trína áirithiú nach ndíolann ceadúnaithe le táirgeoirí a théann in iomaíocht leis an gceadúnóir ar mhargaí táirgí eile. Mar sin féin, is rogha mhalartach nach bhfuil chomh sriantach céanna é srian a chur ar an gceadúnaí gan bheith ag díol do ghrúpaí custaiméirí áirithe a fhorchoimeádtar don cheadúnóir de ghnáth. Dá bhrí sin, i gcásanna den sórt sin, ní bhíonn gá go ginearálta le srian ar úsáid faoi chuing chun teicneolaíocht a scaipeadh.
4.2.6.Díol nasctha agus cuachadh
(243)I gcomhthéacs ceadúnú teicneolaíochta, is díol nasctha é nuair a dhéanann an ceadúnóir ceadúnú teicneolaíochta amháin (táirge an nasctha) coinníollach ar an gceadúnaí ceadúnas a ghlacadh le haghaidh teicneolaíocht eile nó táirge ón gceadúnóir nó ó dhuine éigin arna ainmniú aige (an táirge nasctha) a cheannach. Is ann do chuachadh nuair nach ndíoltar dhá theicneolaíocht nó teicneolaíocht agus táirge ach le chéile mar chuach. Sa dá chás, áfach, is coinníoll é go bhfuil na táirgí agus na teicneolaíochtaí lena mbaineann éagsúil sa chiall go bhfuil éileamh ar leith ann ar gach ceann de na táirgí agus na teicneolaíochtaí atá ina gcuid den nasc nó den chuach. Sa mhéid seo a leanas, tagraíonn an téarma ‘díol nasctha’ do nascadh agus cuachadh araon.
(244)Le hAirteagal 3 de RBAT, lena gcuirtear teorainn le raon feidhme na blocdhíolúine trí bhíthin tairseacha maidir le sciar den mhargadh, áirithítear nach mbeidh díol nasctha ná cuachadh blocdhíolmhaithe os cionn na dtairseach 20 % maidir le sciar den mhargadh i gcás comhaontuithe idir iomaitheoirí agus 30 % i gcás comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí. I gcás na dtairseacha maidir le sciar den mhargadh, tá feidhm acu maidir le haon teicneolaíocht ábhartha nó aon mhargadh táirgí ábhartha a ndéanann an comhaontú aistrithe teicneolaíochta difear dóibh, lena n‑áirítear an margadh don táirge nasctha. Soláthraítear treoraíocht leis an gcuid eile den Roinn seo maidir le measúnú a dhéanamh ar dhíol nasctha i gcásanna aonair os cionn thairseacha an sciar den mhargadh.
(245)Is é an phríomhéifeacht shriantach a bhaineann le díol nasctha foriamh soláthróirí iomaíocha an táirge nasctha. D’fhéadfadh díol nasctha ligean don cheadúnóir cumhacht mhargaidh a choinneáil sa mhargadh do tháirge an nasctha trí bhacainní iontrála a ardú. Mar shampla, d’fhéadfadh sé iallach a chur ar iontrálaithe nua dul isteach i margaí éagsúla san am céanna. Thairis sin, d’fhéadfadh díol nasctha ligean don cheadúnóir ríchíosanna a mhéadú, mar shampla i gcás ina bhfuil táirge an nasctha agus an táirge nasctha inionadaithe go páirteach agus nach n‑úsáidtear an dá tháirge de réir cionmhaireachtaí seasta. Le díol nasctha cuirtear cosc ar an gceadúnaí athrú go hionchuir ionadacha mar fhreagairt ar mhéaduithe ríchíosa maidir le táirge an nasctha. Tá na hábhair imní iomaíochta sin neamhspleách ar na páirtithe sa chomhaontú a bheith ina n‑iomaitheoirí nó gan bheith ina n‑iomaitheoirí. Chun go mbeidh éifeachtaí frithiomaíocha ann mar thoradh ar dhíol nasctha, ní mór méid suntasach cumhachta margaidh a bheith ag an gceadúnóir maidir le táirge an nasctha chun srian a chur ar iomaíocht sa táirge nasctha. In éagmais cumhacht mhargaidh den sórt sin, ní dócha go mbeadh an ceadúnóir in ann a theicneolaíocht a ghiaráil chun soláthróirí tháirge an nasctha a fhoriamh. Thairis sin, mar is amhlaidh i gcás oibleagáidí gan dul in iomaíocht, ní mór don nasc cion leordhóthanach de mhargadh an táirge nasctha a chumhdach chun go dtiocfadh éifeachtaí foriata suntasacha chun cinn. I gcásanna ina bhfuil cumhacht mhargaidh ag an gceadúnóir ar an margadh le haghaidh an táirge nasctha, seachas ar an margadh do tháirge an nasctha, déantar anailís go ginearálta ar an srian mar chlásal gan dul in iomaíocht nó fórsáil cainníochta. Léiríonn sé sin gur dócha go dtagann aon ábhar imní iomaíochta i margadh an táirge nasctha, seachas i margadh tháirge an nasctha.
(246)D’fhéadfadh gnóthachain éifeachtúlachta teacht as díol nasctha freisin. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás ina bhfuil gá leis an táirge nasctha chun an teicneolaíocht cheadúnaithe a shaothrú ar bhealach atá sásúil go teicniúil nó chun a áirithiú go mbeidh táirgeadh faoin gceadúnas i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta arna n‑urramú ag an gceadúnóir agus ag ceadúnaithe eile. I gcásanna den sórt sin, is minic a chomhlíonfaidh díol nasctha coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh. I gcás ina n‑úsáideann ceadúnaithe trádmharc nó ainm branda an cheadúnóra, nó i gcás inar léir do thomhaltóirí ar shlí eile go bhfuil nasc idir an táirge ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe agus an ceadúnóir, tá leas dlisteanach ag an gceadúnóir a áirithiú nach mbaineann cáilíocht na dtáirgí sin an bonn de luach a theicneolaíochta ná dá chlú tráchtála. Thairis sin, i gcás inarb eol do thomhaltóirí go dtáirgeann an ceadúnóir agus a cheadúnaithe ar bhonn na teicneolaíochta céanna, ní dócha go nglacfaidh ceadúnaithe ceadúnas ach amháin má shaothraíonn gach páirtí an teicneolaíocht ar bhealach atá sásúil go teicniúil.
4.2.7.Oibleagáidí gan dul in iomaíocht
(247)Maidir le hoibleagáidí gan dul in iomaíocht i gcomhthéacs ceadúnú teicneolaíochta, tagann na hoibleagáidí sin chun cinn i bhfoirm oibleagáide ar an gceadúnaí gan teicneolaíochtaí tríú páirtí atá in iomaíocht leis an teicneolaíocht cheadúnaithe a úsáid. A mhéid a chumhdaíonn oibleagáid gan dul in iomaíocht táirge nó teicneolaíocht bhreise arna soláthar ag an gceadúnóir, déileáiltear leis an oibleagáid i Roinn 4.2.6 de na Treoirlínte seo maidir le díol nasctha.
(248)Díolmhaítear le RBAT oibleagáidí gan dul in iomaíocht i gcomhaontuithe idir iomaitheoirí agus i gcomhaontuithe idir neamhiomaitheoirí suas go dtí na tairseacha 20 % agus 30 % maidir le sciar den mhargadh faoi seach. Soláthraítear treoraíocht leis an gcuid eile den Roinn seo maidir le measúnú a dhéanamh ar oibleagáidí gan dul in iomaíocht i gcásanna aonair os cionn thairseacha an sciar den mhargadh.
(249)Is é foriamh teicneolaíochtaí tríú páirtí an príomhriosca iomaíoch a bhaineann le hoibleagáidí gan dul in iomaíocht. D’fhéadfadh oibleagáidí gan dul in iomaíocht claonpháirteachas idir ceadúnóirí a éascú freisin i gcás ina n‑úsáideann ceadúnóirí éagsúla iad i gcomhaontuithe ar leithligh (úsáid charnach) nó i gcás cros‑cheadúnú idir iomaitheoirí i gcás ina gcomhaontaíonn an dá pháirtí gan teicneolaíochtaí tríú páirtí a úsáid. Le foriamh teicneolaíochtaí iomaíocha, laghdaítear an brú iomaíoch ar na ríchíosanna a ghearrann an ceadúnóir agus laghdaítear an iomaíocht idir na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair trí theorainn a chur leis na féidearthachtaí do cheadúnaithe aistriú chuig teicneolaíochtaí iomaíocha. Ós rud é gurb é an foriamh an phríomhfhadhb sa dá chás, is féidir leis an anailís a bheith mar an gcéanna go ginearálta i gcás comhaontuithe idir iomaitheoirí agus comhaontuithe idir neamhiomaitheoirí.
(250)D’fhéadfadh foriamh teacht chun cinn i gcás ina bhfuil cion substaintiúil de cheadúnaithe ionchasacha nasctha cheana féin le foinse theicneolaíochta amháin nó, i gcás éifeachtaí carnacha, le níos mó foinsí teicneolaíochta, agus ina gcuirtear cosc ar theicneolaíochtaí iomaíocha a shaothrú. D’fhéadfadh éifeachtaí foriaimh teacht chun cinn mar thoradh ar chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag ceadúnóir aonair a bhfuil méid suntasach cumhachta margaidh aige nó mar thoradh ar éifeacht charnach comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag ceadúnóirí éagsúla, fiú i gcás ina gcumhdaítear gach comhaontú aonair nó líonra comhaontuithe le RBAT. Sa chás deireanach sin, áfach, ní dócha go dtiocfadh éifeacht charnach thromchúiseach chun cinn fad is atá níos lú ná 50 % den mhargadh nasctha. Os cionn na tairsí sin, is dócha go dtarlódh foriamh mór nuair a bheidh bacainní réasúnta ard ar iontráil do cheadúnaithe nua. Má tá na bacainní iontrála íseal, tá ceadúnaithe nua in ann dul isteach sa mhargadh agus teicneolaíochtaí atá tarraingteacha ó thaobh na tráchtála de agus atá i seilbh tríú páirtithe a shaothrú agus, dá bhrí sin, is fíor-rogha mhalartach iad ar na ceadúnaithe atá ann faoi láthair. Chun fíorfhéidearthacht iontrála agus forleathnaithe tríú páirtithe a chinneadh, is gá a chur san áireamh freisin a mhéid atá dáileoirí nasctha le ceadúnaithe trí oibleagáidí gan dul in iomaíocht. Níl fíorfhéidearthacht iontrála ag teicneolaíochtaí tríú páirtí ach amháin má tá rochtain acu ar na sócmhainní táirgthe agus dáileacháin is gá. I bhfocail eile, braitheann a éasca atá sé dul isteach sa mhargadh ar a mhéid atá rochtain acu ar dháileadh, ní hamháin ar cheadúnaithe a bheith ar fáil freisin. Agus measúnú á dhéanamh ag an Coimisiún ar éifeachtaí foriata ar an leibhéal dáileacháin, cuirfidh sé an creat anailíseach a leagtar amach i Roinn 8.2.1 de na Treoirlínte Ingearacha i bhfeidhm.
(251)I gcás ina bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag an gceadúnóir, d’fhéadfadh éifeachtaí móra foriata teacht chun cinn mar thoradh ar oibleagáidí ar cheadúnaithe an teicneolaíocht a fháil ón gceadúnóir amháin. Dá láidre suíomh an cheadúnóra sa mhargadh, is ea is airde an riosca a bhaineann le teicneolaíochtaí iomaíocha a fhoriamh. Chun go dtarlóidh éifeachtaí suntasacha foriata, ní gá go gclúdódh na hoibleagáidí gan dul in iomaíocht cuid shubstaintiúil den mhargadh. D’fhéadfadh éifeachtaí suntasacha foriata tarlú i gcás ina bhfuil oibleagáidí gan dul in iomaíocht dírithe ar ghnóthais is mó is dócha go ndéanfaidís teicneolaíochtaí iomaíocha a cheadúnú. Tá an riosca foriata an‑ard i gcás nach bhfuil ach líon teoranta ceadúnaithe ionchasacha ann.
(252)D’fhéadfadh éifeachtaí ar son na hiomaíochta teacht chun cinn mar thoradh ar oibleagáidí gan dul in iomaíocht freisin. Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh oibleagáidí den sórt sin scaipeadh na teicneolaíochta a chur chun cinn tríd an riosca míleithreasaithe a laghdú, go háirithe maidir le fios gnó ceadúnaithe. Má tá ceadúnaí i dteideal cearta teicneolaíochta iomaíocha a cheadúnú ó thríú páirtithe, tá riosca ann go n‑úsáidfí fios gnó ceadúnaithe chun teicneolaíochtaí iomaíocha a shaothrú agus, dá bhrí sin, go rachadh sé chun tairbhe d’iomaitheoirí. I gcás ina mbaineann ceadúnaí leas as teicneolaíochtaí iomaíocha freisin, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé níos deacra faireachán a dhéanamh ar íocaíochtaí ríchíosa. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina dhídhreasú do cheadúnóirí comhaontuithe ceadúnúcháin a dhéanamh.
(253)Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hoibleagáidí gan dul in iomaíocht, in éineacht le críoch eisiach b’fhéidir, chun a áirithiú go mbeidh dreasacht ag an gceadúnaí infheistíocht a dhéanamh sa teicneolaíocht cheadúnaithe agus í a shaothrú go héifeachtach. I gcásanna ina bhfuil an comhaontú faoi réir Airteagal 101(1) den Chonradh mar gheall ar éifeacht foriata shuntasach, d’fhéadfadh sé gur ghá, chun tairbhiú d’Airteagal 101(3), rogha mhalartach nach bhfuil chomh sriantach céanna a roghnú. D’fhéadfaí a áireamh ar na roghanna malartacha sin oibleagáidí maidir le haschur íosta nó ríchíos íosta a fhorchur, ar lú an acmhainneacht atá acu teicneolaíochtaí iomaíocha a fhoriamh de ghnáth.
(254)Ar an tríú dul síos, i gcásanna ina ngeallann an ceadúnóir infheistíochtaí suntasacha cliant‑sonracha a dhéanamh, mar shampla in oiliúint agus in oiriúnú na teicneolaíochta ceadúnaithe do riachtanais an cheadúnaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hoibleagáidí gan dul in iomaíocht, nó le hoibleagáidí maidir le haschur íosta nó ríchíosa íosta chun an ceadúnóir a spreagadh chun an infheistíocht a dhéanamh agus chun fadhbanna loiceadóireachta a sheachaint. I bhformhór na gcásanna, áfach, beidh an ceadúnóir in ann costais na n‑infheistíochtaí sin a aisghabháil trí íocaíocht chnapshuime. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil roghanna malartacha nach bhfuil chomh sriantach céanna ar fáil.
4.3.Comhaontuithe réitigh
(255)Féadfar ceadúnú ceart teicneolaíochta i gcomhaontuithe réitigh a úsáid mar bhealach chun díospóidí a réiteach nó chun a sheachaint go bhfeidhmeoidh páirtí amháin a chearta maoine intleachtúla chun cosc a chur ar an bpáirtí eile a chearta maoine intleachtúla féin a shaothrú.
(256)I bprionsabal, is éard is comhaontú réitigh ann bealach dlisteanach i gcomhthéacs díospóidí teicneolaíochta chun teacht ar chomhréiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach maidir le díospóid dhlíthiúil bona fide. Ar an taobh eile, bíonn dúshláin maidir le bailíocht agus raon feidhme na gceart maoine intleachtúla ina gcuid den ghnáthiomaíocht in earnálacha ina bhfuil cearta eisiacha i ndáil leis an teicneolaíocht. Chomh maith leis sin, is ar mhaithe le leas ginearálta an phobail atá sé deireadh a chur le cearta maoine intleachtúla neamhbhailí mar bhacainn gan údar ar nuálaíocht agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch.
(257)Faoi réir measúnú ar a inneachar sonrach agus ar a chomhthéacs eacnamaíoch, féadfar a mheas go bhfuil ceadúnú, lena n‑áirítear cros‑cheadúnú, i gcomhthéacs comhaontuithe réitigh dlisteanach ó thaobh dhlí na hiomaíochta de i gcás ina ndéanfaí, in éagmais an cheadúnais, an ceadúnaí a eisiamh ón margadh.
(258)Mar sin féin, féadfaidh comhaontuithe réitigh iomaíocht a shrianadh freisin de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh, de réir a dtéarmaí agus téarmaí comhaontuithe eile idir na páirtithe, chomh maith lena gcomhthéacs dlíthiúil agus eacnamaíoch. Sna cásanna sin, is gá go háirithe measúnú a dhéanamh i dtaobh an fíoriomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha iad na páirtithe.
Íoc-as‑srianadh i gcomhaontuithe réitigh
(259)Is minic nach mbíonn aistriú ceart teicneolaíochta i gceist le comhaontuithe réitigh ‘íoc-as‑srianadh’ nó ‘íoc-as‑moill’, ach bíonn siad bunaithe ar aistriú luacha ó pháirtí amháin ar son teorannú ar iontráil agus/nó ar fhorleathnú an pháirtí eile sa mhargadh agus d’fhéadfadh siad teacht faoi réim Airteagal 101(1).
(260)Mar shampla, meastar gur srian de réir cuspóra atá i gceist le comhaontuithe réitigh de chineál ‘íoc-as‑srianadh’ nó ‘íoc-as‑moill’ idir fíoriomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha i gcás inar léir ó scrúdú a dhéanamh ar an gcomhaontú nach bhfuil aon mhíniú ag na haistrithe luacha lena mbaineann seachas freastal ar leasanna tráchtála shealbhóir na teicneolaíochta agus na bpáirtithe eile lena mbaineann araon gan dul i mbun iomaíochta maidir leis na tuillteanais.Tá feidhm aige sin, mar shampla, i gcás ina ndéanann páirtí amháin aistrithe luacha chuig páirtí amháin eile nó níos mó ná sin, as a n‑eascraíonn gnóthachan glan do na páirtithe sin atá suntasach go leor chun iad a dhídhreasú ó dhul isteach ó leathnú sa mhargadh go neamhspleách.
Cros‑cheadúnú i gcomhaontuithe réitigh
(261)Maidir le comhaontuithe réitigh nach ndéanann na páirtithe ach cros‑cheadúnas a thabhairt dá chéile agus srianta a fhorchur ar úsáid a dteicneolaíochtaí, lena n‑áirítear srianta ar cheadúnú do thríú páirtithe, féadfaidh sé sin a bheith faoi réir Airteagal 101(1) den Chonradh. Ní dócha go n‑ardódh an comhaontú ábhair imní iomaíochta mura fíoriomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha iad na páirtithe agus má tá an cros‑cheadúnú teoranta don mhéid is gá chun fíorsheasamh blocála dhá threo a réiteach. Ina ionad sin, más iomaitheoirí iad na páirtithe agus má roinneann na páirtithe margaí nó má shocraíonn siad ríchíosanna reatha cómhalartacha a bhfuil tionchar suntasach acu ar phraghsanna an mhargaidh, is rídhócha go dtiocfaidh an comhaontú faoi réim Airteagal 101(1).
(262)I gcás ina bhfuil na páirtithe i dteideal teicneolaíocht a chéile a úsáid faoin gcomhaontú socraíochta agus go mbaineann an comhaontú le forbairtí amach anseo, is gá measúnú a dhéanamh ar thionchar an chomhaontaithe ar dhreasacht na bpáirtithe a bheith nuálach. I gcásanna ina bhfuil méid suntasach cumhachta margaidh ag na páirtithe, is dócha go dtiocfaidh an comhaontú faoi Airteagal 101(1) den Chonradh i gcás ina gcuireann an comhaontú cosc ar na páirtithe ceannaireacht iomaíoch a fháil ar a chéile. Le comhaontuithe lena laghdaítear go substaintiúil nó lena gcuirtear deireadh leis na féidearthachtaí atá ag páirtí amháin ceannaireacht iomaíoch a fháil ar an bpáirtí eile, laghdaítear an dreasacht chun bheith nuálach agus, ar an gcaoi sin, déantar dochar do pharaiméadar fíor-riachtanach iomaíochta. Ní dócha ach oiread go gcomhlíonfadh comhaontuithe den sórt sin coinníollacha Airteagal 101(3). Ní dócha ach go háirithe gur féidir a mheas go bhfuil an srian fíor-riachtanach de réir bhrí an tríú coinníoll d’Airteagal 101(3). Chun cuspóir an chomhaontaithe a bhaint amach, is é sin chun a áirithiú gur féidir leis na páirtithe leanúint dá dteicneolaíocht féin a shaothrú gan bac a bheith curtha orthu ag an bpáirtí eile, ní gá go gcomhaontóidh na páirtithe aon nuálaíocht a chomhroinnt amach anseo. Mar sin féin, ní dócha go gcuirfear cosc ar na páirtithe ceannaireacht iomaíoch a fháil ar a chéile i gcás inarb é cuspóir an cheadúnais cead a thabhairt do na páirtithe a dteicneolaíochtaí féin a fhorbairt agus i gcás nach n‑úsáidfidh siad na réitigh theicneolaíocha chéanna mar gheall ar an gceadúnas. Cruthaíonn comhaontuithe den sórt sin saoirse dearaidh trí éilimh ar shárú ón bpáirtí eile amach anseo a chosc.
Clásail toirmiscthe agóide i gcomhaontuithe réitigh
(263)I gcomhthéacs comhaontú réitigh, is minic a thagann clásail toirmiscthe agóide lasmuigh d’Airteagal 101(1) den Chonradh.
(264)Mar sin féin, d’fhéadfadh clásail toirmiscthe agóide i gcomhaontuithe réitigh a bheith frithiomaíoch in imthosca sonracha agus d’fhéadfaidís a bheith faoi réir Airteagal 101(1) den Chonradh. Mar shampla, d’fhéadfaí clásal toirmiscthe agóide a úsáid chun deireadh a chur le hiomaitheoir ar dócha, in éagmais an chlásail, go mbeadh sé ina bhagairt iomaíoch. Ina theannta sin, d’fhéadfadh clásal toirmiscthe agóide Airteagal 101(1) a shárú i gcás inar deonaíodh ceart maoine intleachtúla tar éis faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le grinnscrúdú ar chlásail den sórt sin freisin más ionchur riachtanach cearta teicneolaíochta le haghaidh tháirgeacht an cheadúnaí (féach freisin mír
(160)
de na Treoirlínte seo).
4.4.Comhthiomsuithe teicneolaíochta
(265)Is éard is comhthiomsuithe teicneolaíochta ann socruithe trína dtiomsaíonn dhá pháirtí nó níos mó pacáiste teicneolaíochta atá ceadúnaithe do thríú páirtithe, ní hamháin dóibh siúd a chuireann leis an gcomhthiomsú. I dtéarmaí a struchtúir, is féidir le comhthiomsuithe teicneolaíochta a bheith i bhfoirm comhaontuithe simplí idir líon teoranta páirtithe nó i bhfoirm socruithe níos casta lena gcuirtear eagrú cheadúnú na dteicneolaíochtaí comhthiomsaithe de chúram ar eintiteas ar leith. Sa dá chás, féadfaidh an comhthiomsú cead a thabhairt do cheadúnaithe rochtain a fháil ar an teicneolaíocht a chumhdaítear leis an gcomhthiomsú ar bhonn ceadúnas aonair.
(266)Níl aon nasc bunúsach idir comhthiomsuithe teicneolaíochta agus caighdeáin, ach is minic a thacaíonn comhthiomsuithe le caighdeán tionscail de facto nó de jure, ina iomláine nó i bpáirt. Féadfaidh comhthiomsuithe teicneolaíochta éagsúla tacú le caighdeáin iomaíocha. Is féidir le comhthiomsuithe teicneolaíochta éifeachtaí ar son na hiomaíochta a chruthú, go háirithe trí chostais idirbheart a laghdú agus teorainn a chur le ríchíosanna carnacha chun imeallú dúbailte a chosc. Cumasaíonn siad ceadúnú ilfhreastail na dteicneolaíochtaí a chumhdaítear leis an gcomhthiomsú. Tá luach ar leith ag baint leis sin in earnálacha ina bhfuil cearta maoine intleachtúla forleathan agus inar gá ceadúnais a fháil ó líon mór ceadúnóirí chun oibriú ar an margadh. I gcásanna ina bhfaigheann ceadúnaithe seirbhísí leanúnacha maidir le cur i bhfeidhm na teicneolaíochta ceadúnaithe, d’fhéadfadh tuilleadh laghduithe costais teacht chun cinn mar thoradh ar sholáthar comhpháirteach ceadúnúcháin agus seirbhísí tríd an gcomhthiomsú. Is féidir ról tairbhiúil a bheith ag comhthiomsuithe paitinní freisin maidir le caighdeáin ar son na hiomaíochta a chur chun feidhme.
(267)D’fhéadfadh comhthiomsuithe teicneolaíochta srian a chur ar an iomaíocht freisin. Nuair a chruthaítear comhthiomú teicneolaíochta, is gá go mbeadh comhdhíol na dteicneolaíochtaí comhthiomsaithe i gceist leis, agus i gcás comhthiomsuithe atá comhdhéanta de theicneolaíochtaí ionadacha amháin nó den chuid is mó, is é cairtéal socraithe praghsanna atá i gceist. Féadfaidh comhthiomsuithe teicneolaíochta teicneolaíochtaí malartacha a fhoriamh freisin, mar shampla nuair a thacaíonn an comhthiomsú le caighdeán tionscail nó nuair a shuíonn sé caighdeán tionscail de facto. Más ann don chaighdeán in éineacht leis an gcomhthiomsú, d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra do theicneolaíochtaí nua dul isteach sa mhargadh nó teicneolaíochtaí iomaíocha atá sa mhargadh cheana féin a fhoriamh.
(268)Ní chumhdaítear le RBAT comhaontuithe lena mbunaítear comhthiomsuithe teicneolaíochta agus lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir lena n‑oibriú, gan beann ar an líon páirtithe lena mbaineann. Is amhlaidh atá mar, leis an gcomhaontú maidir leis an gcomhthiomsú a bhunú, ní cheadaítear do cheadúnaí ar leith táirgí conartha a tháirgeadh (féach Roinn 3.2.4 de na Treoirlínte seo). Is faoi na Treoirlínte seo amháin a dhéanfar measúnú ar na comhaontuithe sin.
(269)Eascraíonn roinnt saincheisteanna as comhthiomsuithe teicneolaíochta nach dtagann chun cinn i gcomhthéacs cineálacha eile ceadúnaithe teicneolaíochta, go háirithe maidir le roghnú na dteicneolaíochtaí atá san áireamh agus oibriú an chomhthiomsaithe. De ghnáth, bíonn comhaontú ilpháirtí i gceist nuair a tharlaíonn ceadúnú amach as an gcomhthiomsú, toisc go gcinneann rannchuiditheoirí an chomhthiomsaithe téarmaí an cheadúnais go coitianta. Ar an gcúis sin, ní chumhdaítear ceadúnú amach as gcomhthiomsú le RBAT ach oiread. Tugtar aghaidh air ar leithligh air i mír
(285)
agus i Roinn 4.4.2 de na Treoirlínte seo.
4.4.1.Measúnú ar chruthú agus ar oibriú comhthiomsuithe teicneolaíochta
(270)Leis an gcaoi a ndéantar comhthiomsú teicneolaíochta a chruthú, a eagrú agus a oibriú, is féidir an riosca a laghdú go mbeadh sé de chuspóir nó d’éifeacht aige iomaíocht a shrianadh agus is féidir leis sin cuidiú lena áirithiú go bhfuil an socrú ar son na hiomaíochta. Agus measúnú á dhéanamh aige ar na rioscaí iomaíochta agus na héifeachtúlachtaí iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh an Coimisiún, i measc tosca eile, trédhearcacht phróiseas cruthaithe an chomhthiomsaithe a mheas; mar aon le roghnú agus cineál na dteicneolaíochtaí comhthiomsaithe, lena n‑áirítear a mhéid atá saineolaithe neamhspleácha rannpháirteach i gcruthú agus in oibriú an chomhthiomsaithe agus ar cuireadh coimircí i bhfeidhm i gcoinne malartú faisnéise íogaire agus sásraí neamhspleácha um réiteach díospóidí.
Rannpháirtíocht oscailte
(271)Nuair atá rannpháirtíocht i gcruthú an chomhthiomsaithe agus aon chaighdeáin de facto nó de jure a fhaigheann tacaíocht ón gcomhthiomsú oscailte do na páirtithe leasmhara uile, is mó seans go roghnófar na teicneolaíochtaí atá sa chomhthiomsú ar bhonn cúinsí praghais agus cáilíochta ná mar atá nuair a bhunaíonn grúpa teoranta úinéirí teicneolaíochta an comhthiomsú.
Roghnú agus cineál na dteicneolaíochtaí comhthiomsaithe
(272)Braitheann rioscaí iomaíocha agus acmhainneacht feabhsaithe éifeachtúlachta na gcomhthiomsuithe teicneolaíochta den chuid is mó ar an ngaol idir na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe agus na teicneolaíochtaí lasmuigh den chomhthiomsú. Ní mór dhá idirdhealú bhunúsacha a dhéanamh idir: (a) comhlánuithe teicneolaíocha agus ionadaigh theicneolaíocha, agus (b) teicneolaíochtaí fíor-riachtanacha agus neamhriachtanacha.
(273)Is comhlánuithe seachas ionadaigh theicneolaíocha iad dhá theicneolaíocht nuair a cheanglaítear orthu araon an táirge a tháirgeadh nó an próiseas lena mbaineann na teicneolaíochtaí a dhéanamh. Os a choinne sin, is ionadaigh theicneolaíocha iad dhá theicneolaíocht nuair a ligeann an teicneolaíocht don sealbhóir an táirge a tháirgeadh nó an próiseas lena mbaineann na teicneolaíochtaí a dhéanamh.
(274)D’fhéadfadh teicneolaíocht a bheith fíor-riachtanach sa dá chás seo a leanas:
a)i gcás ina bhfuil an teicneolaíocht fíor-riachtanach chun táirge ar leith a tháirgeadh nó chun próiseas ar leith a dhéanamh lena mbaineann na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe;
b)i gcás ina bhfuil an teicneolaíocht fíor-riachtanach chun táirge den sórt sin a tháirgeadh nó chun próiseas den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le caighdeán ina n‑ionchorpraítear na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe.
(275)Sa chéad chás, tá teicneolaíocht fíor-riachtanach (seachas neamhriachtanacha) mura bhfuil ionadaigh inmharthana ann (i gcomhthéacs tráchtála agus teicniúil araon) don teicneolaíocht sin laistigh nó lasmuigh den chomhthiomsú, agus nuair is cuid riachtanach í an teicneolaíocht den phacáiste teicneolaíochtaí is gá chun an táirge/na táirgí a tháirgeadh nó chun an próiseas/na próisis lena mbaineann an comhthiomsú a dhéanamh. Sa dara cás, tá teicneolaíocht fíor-riachtanach más cuid riachtanach í (níl aon ionadaigh inmharthana ann) de na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe is gá chun an caighdeán a fhaigheann tacaíocht ón gcomhthiomsú a chomhlíonadh (teicneolaíochtaí fíor-riachtanacha caighdeánacha). Is comhlánuithe iad na teicneolaíochtaí atá fíor-riachtanach, faoi mar a thuigfeá, ós rud é go bhfuil gá le gach teicneolaíocht chun úsáid a bhaint as an bpacáiste iomlán teicneolaíochtaí a chumhdaítear leis an gcomhthiomsú. Má dhearbhaíonn sealbhóir teicneolaíochta go bhfuil teicneolaíocht fíor-riachtanach, ní shuitear ann féin go bhfuil teicneolaíocht den sórt sin fíor-riachtanach de réir bhrí na gcritéar a leagtar amach sa mhír seo.
(276)Nuair is ionadaigh iad na teicneolaíochtaí i gcomhthiomsú, is dócha go mbeidh ríchíosanna níos airde ná mar a bheidís murach sin, toisc nach dtairbhíonn ceadúnaithe den iomaíocht idir na teicneolaíochtaí atá i gceist. Nuair is comhlánuithe iad na teicneolaíochtaí sa chomhthiomsú, laghdaíonn an comhthiomsú teicneolaíochta costais idirbheart agus d’fhéadfadh ríchíosanna foriomlána níos ísle teacht chun cinn dá thoradh sin. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil na páirtithe in ann ríchíos coiteann a shocrú don phacáiste, seachas gach ceadúnóir ag socrú ríchíosanna ar leith dá dteicneolaíocht féin, gan a chur san áireamh go laghdófar an t‑éileamh ar theicneolaíochtaí comhlántacha de ghnáth tríd an ríchíos ar theicneolaíocht amháin a mhéadú. Má shocraítear ríchíosanna le haghaidh teicneolaíochtaí comhlántacha ar bhonn aonair, d’fhéadfadh iomlán na ríchíosanna sin a bheith níos mó ná an méid a shocródh comhthiomsú go comhchoiteann le haghaidh phacáiste na dteicneolaíochtaí comhlántacha céanna. Leagtar amach i mír
(286)
an measúnú ar ról na n‑ionadach lasmuigh den chomhthiomsú.
(277)Níl an t‑idirdhealú idir teicneolaíochtaí comhlántacha agus teicneolaíochtaí ionadacha soiléir i ngach cás, ós rud é go bhféadfar teicneolaíochtaí a bheith ina n‑ionadaigh i bpáirt agus ina gcomhlánuithe i bpáirt. Nuair is dócha, mar gheall ar éifeachtúlachtaí a eascraíonn as comhtháthú dhá theicneolaíocht, go n‑éileoidh ceadúnaithe an dá theicneolaíocht, déileáiltear leis na teicneolaíochtaí mar chomhlánuithe, fiú má tá siad inionadaithe i bpáirt. I gcásanna den sórt sin, is dócha, in éagmais an chomhthiomsaithe, go mbeadh ceadúnaithe ag iarraidh an dá theicneolaíocht a cheadúnú mar gheall ar an tairbhe eacnamaíoch bhreise a bhaineann leis an dá theicneolaíocht a úsáid seachas gan ach ceann amháin acu a úsáid.
(278)In éagmais fianaise éileamhbhunaithe den sórt sin, d’fhéadfadh gnéithe áirithe den chomhthiomsú a léiriú gur comhlánuithe iad na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe, amhail:
(a)tá sé de shaoirse i gcónaí ag na páirtithe a chuireann teicneolaíocht leis an gcomhthiomsú a gcearta teicneolaíochta a cheadúnú ina n‑aonar;
(b)tairgeann an comhthiomsú an pacáiste iomlán agus an rogha cearta teicneolaíochta gach páirtí a cheadúnú ar leithligh freisin;
(c)ní sháraíonn na ríchíosanna comhiomlána le haghaidh ceadúnais ar leith maidir leis na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe go léir na ríchíosanna a ghearrann an comhthiomsú ar an bpacáiste iomlán de chearta teicneolaíochta.
(279)Go ginearálta, má tá teicneolaíochtaí ionadacha sa chomhthiomsú cuirtear srian ar iomaíocht idirtheicneolaíochta ós rud é gur féidir cuachadh comhchoiteann a bheith i gceist leis sin agus gur féidir socrú praghsanna idir iomaitheoirí teacht chun cinn dá thoradh. Mar riail ghinearálta, measann an Coimisiún go gcuirtear srian ar an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh má tá teicneolaíochtaí ionadaíocha suntasacha sa chomhthiomsú. Measann an Coimisiún freisin nach dócha go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 101(3) sa chás sin. Ós rud é gur teicneolaíochtaí malartacha iad na teicneolaíochtaí atá i gceist, ní fhabhraíonn aon choigilteas costais idirbhirt má tá an dhá theicneolaíocht sa chomhthiomsú. In éagmais an chomhthiomsaithe, ní bheadh an dá theicneolaíocht á n‑éileamh ag ceadúnaithe. Chun na hábhair imní iomaíochta a mhaolú, ní leor go mbeadh sé de shaoirse ag na páirtithe i gcónaí a bheith ag ceadúnú go neamhspleách. Is mar sin atá toisc gur dócha gur beag dreasacht a bheidh ag na páirtithe a bheith ag ceadúnú go neamhspleách ionas nach mbainfear an bonn de ghníomhaíocht cheadúnúcháin an chomhthiomsaithe, rud a chuireann ar a gcumas dóibh cumhacht mhargaidh a fheidhmiú go comhpháirteach.
Roghnú agus feidhm saineolaithe neamhspleácha
(280)Toisc ábhartha eile maidir le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí iomaíocha agus ar éifeachtúlachtaí na gcomhthiomsuithe teicneolaíochta is ea a mhéid a bhíonn saineolaithe neamhspleácha rannpháirteach i gcruthú agus in oibriú an chomhthiomsaithe . Mar shampla, is minic gur ceist chasta a bhfuil saineolas speisialta ag teastáil ina leith é an measúnú i dtaobh an bhfuil teicneolaíocht fíor-riachtanach do chaighdeán a dtacaíonn comhthiomsú leis. Is féidir le rannpháirtíocht saineolaithe neamhspleácha sa mheasúnú sin cuidiú lena áirithiú nach mbeidh ach teicneolaíochtaí fíor-riachtanacha sa chomhthiomsú. I gcás ina roghnaíonn saineolaí neamhspleách na teicneolaíochtaí atá le bheith sa chomhthiomsú,, d’fhéadfadh sé sin cuidiú freisin lena áirithiú nach saobhtar an iomaíocht idir réitigh theicneolaíocha atá ar fáil.
(281)Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an chaoi a roghnófar saineolaithe agus na feidhmeanna a bheidh le comhlíonadh acu. Ba cheart do shaineolaithe a bheith neamhspleách ar na gnóthais a bhunaigh an comhthiomsú. Má tá saineolaithe nasctha leis na ceadúnóirí nó le riarthóirí an chomhthiomsaithe, nó má bhíonn siad ag brath ar na ceadúnóirí nó ar riarthóirí an chomhthiomsaithe ar aon bhealach eile, tabharfar níos lú tábhachta do rannpháirtíocht an tsaineolaí. Ní mór an saineolas teicniúil is gá a bheith ag saineolaithe freisin chun na feidhmeanna éagsúla ar cuireadh de chúram orthu a chomhlíonadh. I measc na feidhmeanna na saineolaithe neamhspleácha, go háirithe, tá fíorú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na cearta teicneolaíochta a mholtar a bheith sa chomhthiomsú bailí agus riachtanach. Ní chuireann cearta maoine intleachtúla neamhbhailí an nuálaíocht chun cinn, cuireann siad bac uirthi.
(282)Ar deireadh, tá aon sásra um réiteach díospóidí dá bhforáiltear sna hionstraimí lena mbunaítear an comhthiomsú ábhartha agus ba cheart iad a chur san áireamh. Dá mhéad a chuirtear réiteach díospóidí de chúram ar chomhlachtaí nó ar dhaoine atá neamhspleách ar an gcomhthiomsú agus ar a chomhaltaí, is ea is dóchúla go n‑oibreoidh an réiteach díospóidí ar bhealach neodrach.
Coimircí i gcoinne malartú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de
(283)Tá sé ábhartha freisin na socruithe lena rialaítear malartú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de idir na páirtithe a mheas. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh cad iad na coimircí a cuireadh i bhfeidhm chun a áirithiú nach malartófar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Féadfaidh saineolaí neamhspleách, comhlacht ceadúnúcháin nó riarthóir comhthiomsaithe ról tábhachtach a bheith aige ina leith sin trína áirithiú nach ndéanfar sonraí aschuir agus díolacháin, a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun ríchíosanna a ríomh agus a fhíorú, a nochtadh do chomhaltaí an chomhthiomsaithe a théann san iomaíocht ar na margaí dá ndéantar difear.
(284)Ba cheart coimircí a chur i bhfeidhm freisin chun a áirithiú nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a mhalartú idir comhthiomsuithe iomaíocha, go háirithe i gcás ina mbeidh sealbhóirí teicneolaíochta rannpháirteach i gcomhthiomsuithe iomaíocha (a chruthú).
Tearmann
(285)Go ginearálta, maidir le cruthú agus oibriú an chomhthiomsaithe, lena n‑áirítear an ceadúnú amach, ní thagann siad faoi Airteagal 101(1) den Chonradh, gan beann ar shuíomh na bpáirtithe ar an hargadh, má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)tá rannpháirtíocht i bpróiseas cruthaithe an chomhthiomsaithe oscailte do gach úinéir ceart teicneolaíochta a bhfuil suim aige ann;
(b)nochtar na cearta teicneolaíochta atá sa chomhthiomsú ar bhealach éifeachtach do cheadúnaithe ionchasacha agus do cheadúnaithe atá ann cheana;
(c)glactar coimircí leordhóthanacha chun a áirithiú nach gcomhthiomsaítear ach teicneolaíochtaí fíor-riachtanacha (is gá a chomhlánú freisin dá bhrí sin), agus nochtar an mhodheolaíocht a úsáidtear chun tréithe riachtanacha a fhíorú agus torthaí na measúnuithe ar thréithe riachtanacha ar bhealach éifeachtach do cheadúnaithe ionchasacha;
(d)glactar coimircí leordhóthanacha chun a áirithiú go mbeidh malartuithe faisnéise íogaire (amhail sonraí praghsála agus aschuir) teoranta don mhéid is gá chun an comhthiomsú a chruthú agus a oibriú;
(e)ceadúnaítear na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe isteach sa chomhthiomsú ar bhonn neamheisiach;
(f)déanann an comhthiomsú na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe a cheadúnú amach do gach ceadúnaí ionchasach ar théarmaí córa, réasúnta agus neamh‑idirdhealaitheacha (FRAND), lena n‑áirítear forálacha lena n‑áirithítear nach ngearrtar táille ar cheadúnaithe níos mó ná uair amháin as na cearta teicneolaíochta céanna;
(g)tá sé de shaoirse ag na páirtithe a chuireann teicneolaíocht leis an gcomhthiomsú agus ag na ceadúnaithe agóid a dhéanamh i gcoinne bhailíocht agus thréithe riachtanacha na dteicneolaíochtaí comhthiomsaithe;
(h)tá sé de shaoirse i gcónaí ag na páirtithe a chuireann teicneolaíocht leis an gcomhthiomsú agus ag na ceadúnaithe táirgí iomaíocha agus teicneolaíocht iomaíoch a fhorbairt.
Lasmuigh den tearmann
(286)I gcás ina bhfuil teicneolaíochtaí suntasacha comhlántacha nach bhfuil fíor-riachtanach sa chomhthiomsú, tá riosca ann go ndéanfar teicneolaíochtaí tríú páirtí a fhoriamh. A luaithe atá teicneolaíocht sa chomhthiomsú agus í ceadúnaithe mar chuid den phacáiste, is dócha gur beag dreasacht atá ag ceadúnaithe teicneolaíocht iomaíoch a cheadúnú nuair a chumhdaítear teicneolaíocht ionadach leis an ríchíos a íoctar as an bpacáiste cheana féin. Thairis sin, nuair atá teicneolaíochtaí san chomhthiomsú nach bhfuil riachtanach chun an táirge/na táirgí a tháirgeadh nó chun an próiseas/na próisis lena mbaineann an comhthiomsú teicneolaíochta a dhéanamh, nó chun an caighdeán lena n‑áirítear an teicneolaíocht chomhthiomsaithe a chomhlíonadh, cuirtear iallach freisin ar cheadúnaithe íoc as teicneolaíocht nach mbeadh gá acu léi. Dá bhrí sin, cuachadh comhchoiteann atá i gceist le teicneolaíocht chomhlántach den sórt sin a bheith sa chomhthiomsú. I gcás ina gcuimsítear teicneolaíochtaí neamhriachtanacha i gcomhthiomsú, is dócha go mbeidh an socrú faoi réir Airteagal 101(1) den Chonradh i gcás ina bhfuil suíomh suntasach ag an gcomhthiomsú ar aon mhargadh ábhartha.
(287)Ós rud é go bhféadfar teicneolaíochtaí ionadacha agus comhlántacha a fhorbairt tar éis an comhthiomsú a chruthú, ní thagann deireadh leis an ngá atá le measúnú ar thréithe riachtanacha nuair a chruthaítear cruthú an comhthiomsú. D’fhéadfadh teicneolaíocht a áirítear i gcomhthiomsú éirí neamhriachtanach le himeacht ama, mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíochta, amhail éabhlóid an chaighdeáin féin, nó athruithe ar a chur chun feidhme praiticiúil. Mar shampla, maidir le paitinn a mheasúnaítear a bheith fíor-riachtanach do leagan níos luaithe de chaighdeán, d’fhéadfadh sé nach gcáileodh sí amhlaidh a thuilleadh má laghdaíonn athruithe ina dhiaidh sin ábharthacht na paitinne nó má dhéanann siad roghnach í a úsáid. I gcás ina gcuirtear in iúl don linn go bhfuil teicneolaíocht mhalartach den sórt sin ar fáil agus á éileamh ag ceadúnaithe, féadfar ábhair imní maidir le foriamh a sheachaint trí cheadúnas gan an teicneolaíocht nach bhfuil fhíor-riachtanach a thuilleadh a thairiscint do cheadúnaithe nua agus do cheadúnaithe atá ann cheana, ar ráta ríchíosa laghdaithe dá réir. Mar sin féin, d’fhéadfadh bealaí eile a bheith ann chun a áirithiú nach ndéanfar teicneolaíochtaí tríú páirtí a fhoriamh.
(288)Agus measúnú á dhéanamh ar chomhthiomsuithe teicneolaíochta ina bhfuil teicneolaíochtaí neamhriachtanacha ach atá comhlántacha, ba cheart na tosca seo a leanas ar a laghad a mheas:
(a)an bhfuil aon chúis ar son na hiomaíochta ann leis na teicneolaíochtaí neamhriachtanacha a bheith sa chomhthiomsú;
(b)ar cheart saoirse a bheith fós ag na ceadúnóirí sa chomhthiomsú a dteicneolaíochtaí féin a cheadúnú go neamhspleách: i gcás ina bhfuil líon teoranta teicneolaíochtaí sa chomhthiomsú agus ina bhfuil teicneolaíochtaí ionadacha lasmuigh den chomhthiomsú, d’fhéadfadh sé gur mhian le ceadúnaithe a bpacáiste teicneolaíochta féin a chur le chéile, pacáiste a bheadh comhdhéanta i bpáirt de theicneolaíocht atá ina cuid den chomhthiomsú agus cuid den teicneolaíocht atá faoi úinéireacht tríú páirtithe;
(c)i gcásanna ina bhfuil feidhmeanna éagsúla ag na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe nach gá úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe uile i gcás cuid acu, an é nach gcuireann an comhthiomsú na teicneolaíochtaí ar fáil ach mar phacáiste aonair nó an gcuireann sé pacáistí ar leith ar fáil le haghaidh feidhmeanna ar leith, nach bhfuil i ngach ceann acu ach na teicneolaíochtaí sin atá ábhartha don fheidhm atá i gceist. Sa chás deireanach sin, níl teicneolaíochtaí nach bhfuil fíor-riachtanach do tháirge nó do phróiseas ar leith nasctha le teicneolaíochtaí riachtanacha;
(d)an é nach bhfuil na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe ar fáil ach mar phacáiste aonair nó an bhfuil an fhéidearthacht ag ceadúnaithe ceadúnas a fháil do chuid den phacáiste, agus laghdú comhfhreagrach ar ríchíosanna. D’fhéadfadh an fhéidearthacht ceadúnas a fháil do chuid den phacáiste amháin an riosca maidir le foriamh teicneolaíochtaí tríú páirtí lasmuigh den chomhthiomsú a laghdú, go háirithe i gcás ina bhfaigheann an ceadúnaí laghdú comhfhreagrach ar ríchíosanna. Chuige sin, ní mór sciar den ríchíos foriomlán a bheith sannta do gach teicneolaíocht sa chomhthiomsú. I gcás ina bhfuil fad réasúnta fada ag baint leis na comhaontuithe ceadúnúcháin arna dtabhairt i gcrích idir an comhthiomsú agus ceadúnaithe aonair, agus ina dtacaíonn an teicneolaíocht chomhthiomsaithe le caighdeán tionscail de facto, ní mór a chur san áireamh freisin go bhféadfaidh an comhthiomsú an rochtain ar an margadh atá ag teicneolaíochtaí ionadacha nua a fhoriamh. Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca foriata i gcásanna den sórt sin, is ábhartha a chur san áireamh an féidir le ceadúnaithe cuid den cheadúnas a fhoirceannadh ar fhógra réasúnach agus laghdú comhfhreagrach ar ríchíosanna a fháil.
(289)D’fhéadfadh éifeachtúlachtaí ar son na hiomaíochta teacht chun cinn mar thoradh ar chomhthiomsuithe teicneolaíochta lena gcuirtear srian ar an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh (féach mír
(266)
de na Treoirlínte seo) nach mór measúnú a dhéanamh orthu faoi Airteagal 101(3) agus nach mór a chothromú in aghaidh na n‑éifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht. Mar shampla, i gcás ina bhfuil teicneolaíochtaí neamhriachtanacha sa chomhthiomsú teicneolaíochta ach ina gcomhlíonann sé gach coinníoll eile a bhaineann leis an tearmann a leagtar amach i mír
(285)
, agus ina bhfuil cúiseanna ar son na hiomaíochta le paitinní neamhriachtanacha a bheith sa chomhthiomsú (féach mír
(288)
de na Treoirlínte seo) agus nach bhfuil an fhéidearthacht ag ceadúnaithe ceadúnas a fháil ach le haghaidh cuid den phacáiste, agus laghdú comhfhreagrach ar ríchíosanna i gceist, (féach mír
(288)
de na Treoirlínte seo), is dócha go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 101(3).
4.4.2.Measúnú ar shrianta aonair i gcomhaontuithe idir an comhthiomsú agus a cheadúnaithe
(290)I gcás nach sáraíonn an comhaontú i ndáil le comhthiomsú teicneolaíochta a chruthú Airteagal 101 den Chonradh, is é an chéad chéim eile measúnú a dhéanamh ar thionchar iomaíoch na gcomhaontuithe ceadúnúcháin arna dtabhairt i gcrích ag an gcomhthiomsú lena cheadúnaithe. D’fhéadfadh na coinníollacha faoina ndeonaítear na ceadúnais sin a bheith faoi réir Airteagal 101(1). Is é is cuspóir don Roinn seo aghaidh a thabhairt ar líon áirithe srianta a fhaightear go coitianta i gcomhaontuithe ceadúnúcháin ó chomhthiomsuithe teicneolaíochta agus is gá a mheasúnú i gcomhthéacs foriomlán an chomhthiomsaithe. Níl feidhm ag RBAT maidir le comhaontú ceadúnúcháin arna dtabhairt i gcrích idir an comhthiomsú agus ceadúnaithe tríú páirtí (féach mír
(
(269)
)
de na Treoirlínte seo). Dá bhrí sin, sa Roinn seo pléitear an measúnú aonair ar shaincheisteanna ceadúnúcháin a bhaineann go háirithe le ceadúnú i gcomhthéacs comhthiomsuithe teicneolaíochta.
(291)Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir an comhthiomsú agus a cheadúnaithe, beidh na príomhphrionsabail seo a leanas ina dtreoir aige:
(a)dá láidre suíomh an chomhthiomsaithe sa mhargadh, is ea is mó an riosca go mbeidh éifeachtaí frithiomaíocha ann;
(b)dá láidre suíomh an chomhthiomsaithe sa mhargadh, is ea is dóchúla go sárófar Airteagal 101 den Chonradh trí theacht ar chomhaontú gan ceadúnas a thabhairt do gach ceadúnaí ionchasacha nó chun é a cheadúnú ar théarmaí idirdhealaitheacha;
(c)níor cheart do chomhthiomsuithe teicneolaíochtaí tríú páirtí a fhoriamh go míchuí ná teorainn a chur le comhthiomsuithe malartacha a chruthú;
(d)níor cheart aon cheann de na cruashrianta a liostaítear in Airteagal 4 de RBAT a bheith sna comhaontuithe (féach Roinn 3.4 de na Treoirlínte seo).
(292)Maidir le gnóthais a chuireann comhthiomsú teicneolaíochta ar bun atá comhoiriúnach le hAirteagal 101 den Chonradh, is iondúil go mbíonn sé de shaoirse acu caibidlíocht a dhéanamh agus ríchíosanna a shocrú don phacáiste teicneolaíochta, (faoi réir aon ghealltanas atá ann cheana maidir le ceadúnú ar théarmaí FRAND), mar aon le sciar gach teicneolaíochta de na ríchíosanna, bíodh sin sula socraítear an caighdeán nó ina dhiaidh sin. Is gné dhílis de bhunú an comhthiomsú comhaontú den sórt sin agus ní féidir a mheas go bhfuil sé sriantach ann féin ar an iomaíocht. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé a bheith níos éifeachtúla má chomhaontaítear ríchíosanna an chomhthiomsaithe sula socraítear an caighdeán, ionas nach méadófar an ráta ríchíosa leis an bpróiseas socraithe caighdeán trí chumhacht shuntasach sa mhargadh a thabhairt do theicneolaíochtaí riachtanacha amháin nó níos mó. Mar sin féin, ní mór do cheadúnaithe a bheith saor i gcónaí i ndáil le praghas na dtáirgí a tháirgtear faoin gceadúnas a chinneadh.
(293)I gcás ina bhfuil ceannasacht ag an gcomhthiomsú ar an margadh, ba cheart ríchíosanna agus téarmaí ceadúnúcháin eile a bheith neamhiomarcach agus neamh‑idirdhealaitheach agus ba cheart ceadúnais a bheith neamheisiach. Tá gá leis na ceanglais sin chun a áirithiú go mbeidh an comhthiomsú oscailte agus nach mbeidh foriamh ná éifeachtaí frithiomaíocha eile ar mhargaí iartheachtacha dá thoradh sin. Leis na ceanglais sin, áfach, ní chuirtear bac ar rátaí ríchíosa éagsúla a chur i bhfeidhm maidir le húsáidí éagsúla. Go ginearálta, ní mheastar go bhfuil sé sriantach ar iomaíocht rátaí ríchíosa éagsúla a chur i bhfeidhm ar mhargaí táirgí éagsúla, ach níor cheart aon idirdhealú a bheith ann laistigh de mhargaí táirgí. Go háirithe, níor cheart an chaoi a gcaithfí le ceadúnaithe an chomhthiomsaithe a bheith ag brath ar na ceadúnaithe sin a bheith ina ceadúnóirí. Dá bhrí sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an bhfuil ceadúnóirí agus ceadúnaithe faoi réir na n‑oibleagáidí ríchíosa céanna.
(294)Ba cheart an tsaoirse a bheith ag ceadúnóirí agus ceadúnaithe táirgí iomaíocha agus caighdeáin iomaíocha a fhorbairt. Ba cheart an tsaoirse a bheith acu freisin ceadúnais a dheonú agus a fháil lasmuigh den chomhthiomsú. Tá gá leis na ceanglais sin chun teorainn a chur leis an riosca a bhaineann le foriamh teicneolaíochtaí tríú páirtí agus chun a áirithiú nach gcuirfidh an comhthiomsú teorainn leis an nuálaíocht agus nach gcuirfidh sé bac ar réitigh theicneolaíocha iomaíocha a chruthú. I gcás ina bhfuil teicneolaíocht chomhthiomsaithe i gcaighdeán tionscail de facto agus ina bhfuil na páirtithe faoi réir oibleagáidí gan dul in iomaíocht, cruthaíonn an comhthiomsú riosca ar leith go gcuirfear cosc ar fhorbairt teicneolaíochtaí agus caighdeán nua agus feabhsaithe.
(295)Ba cheart oibleagáidí aisdeonúcháin a bheith neamheisiach agus teoranta d’fhorbairtí atá fíor-riachtanach nó tábhachtach d’úsáid na teicneolaíochta comhthiomsaithe. Fágann sé sin gur féidir leis an gcomhthiomsú cur leis an teicneolaíocht chomhthiomsaithe agus tairbhe a bhaint astu. Tá sé dlisteanach do na páirtithe sa chomhthiomsú a áirithiú nach féidir le ceadúnaithe, lena n‑áirítear fochonraitheoirí a oibríonn faoi cheadúnas an cheadúnaí, moill a chur ar shaothrú na teicneolaíochta comhthiomsaithe, ar ceadúnaithe iad a bhfuil teicneolaíochtaí fíor-riachtanacha acu nó a fhaigheann iad.
(296)Ceann de na rioscaí is ea go bhféadfadh comhthiomsuithe teicneolaíochta a bheith ina gcosaint do chearta teicneolaíochta neamhbhailí. Nuair a dhéantar comhthiomsú d’fhéadfadh sé sin na costais a ardú agus an dóchúlacht go n‑éireoidh le hagóid a laghdú. D’fhéadfadh sé go dteipfeadh air mura bhfuil ach paitinn amháin sa chomhthiomsú bailí. D’fhéadfadh cosaint paitinní neamhbhailí sa chomhthiomsú iallach a chur ar cheadúnaithe ríchíosanna níos airde a íoc agus nuálaíocht a chosc sa réimse a chumhdaítear leis an bpaitinn neamhbhailí. Sa chomhthéacs sin, maidir le clásail toirmiscthe agóide, lena n‑áirítear clásail foirceanta, i gcomhaontú aistrithe teicneolaíochta idir an comhthiomsú agus na ceadúnaithe, is dócha go dtiocfaidh siad sin faoi réim Airteagal 101(1) den Chonradh.
4.5.Grúpaí Caibidlíochta Ceadúnúcháin
4.5.1.Réamhrá
(297)Is éard is Grúpaí Caibidlíochta Ceadúnúcháin (‘GICanna’) ann socruithe trína gcomhaontaíonn ceadúnaithe ionchasacha (feidhmeoirí teicneolaíochta) téarmaí na gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a chaibidliú i gcomhpháirt (grúpaí idirbheartaíochta ceadúnúcháin). Tá feidhm ag an treoraíocht sa Roinn seo maidir le GICanna a mhéid a bhaineann siad leis an gcaibidlíocht ar théarmaí na gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (c), de RBAT. Tá feidhm ag an treoraíocht seo gan beann ar na nithe seo a leanas:
(a) foirm dhlíthiúil an GIC (mar shampla, an comhaontú simplí nó eintiteas dlítheanach ar leithligh atá ann);
(b)an gnóthais iomaíocha iad na comhaltaí den GIC i margaí táirgí iartheachtacha;
(c)an sealbhóir teicneolaíochta aonair nó comhthiomsú teicneolaíochta nó ardán idirmheánach é contrapháirtí an GIC.
(298)I gcás ina n‑eascraíonn téarmaí ceadúnúcháin comhaontaithe as caibidlíocht idir GIC agus sealbhóir teicneolaíochta, ní mór measúnú a dhéanamh ar aon chomhaontú aistrithe teicneolaíochta a thiocfaidh as sin agus arna dtabhairt i gcrích idir sealbhóir an chirt agus baill aonair den GIC, de réir mar is iomchuí, faoi RBAT nó faoi Chaibidil 4 de na Treoirlínte seo.
(299)Ní bheidh feidhm ag Caibidil 4 de na Treoirlínte maidir le Comhaontuithe Cothrománacha (Comhcheannach) maidir le GICanna a chumhdaítear leis an treoraíocht seo. Tá an treoraíocht seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 102 den Chonradh.
Éifeachtaí ar son na hiomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ag GICanna
(300)Is féidir le GICanna ceadúnú teicneolaíochta a éascú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)an líon caibidlíochtaí aonair idir sealbhóirí teicneolaíochta agus feidhmeoirí teicneolaíochta a laghdú, agus ar an gcaoi sin costais idirbheart ceadúnúcháin a laghdú;
(b)saineolas na bhfeidhmeoirí teicneolaíochta a chomhthiomsú, mar shampla maidir le bailíocht agus luach na gceart teicneolaíochta, agus ar an gcaoi sin caibidlíocht níos eolasaí a chur chun cinn;
(c)cuidiú le haghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste an cheannródaí, is é sin i gcás nach bhfuil feidhmeoirí teicneolaíochta toilteanach comhaontú aistrithe teicneolaíochta a chaibidliú sula ndéanfaidh a n‑iomaitheoirí amhlaidh.
Éifeachtaí frithiomaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag GICanna
(301)I measc na n‑éifeachtaí frithiomaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag GICanna tá:
(a)cumhacht mhargála iomarcach a chruthú d’fheidhmeoirí teicneolaíochta rannpháirteacha, rud a chuirfeadh ar a gcumas dóibh iallach a chur ar shealbhóirí teicneolaíochta glacadh le téarmaí ceadúnúcháin fo-iomaíocha (faoi bhun FRAND i gcás bunphaitinní caighdeáin), rud a d’fhéadfadh nuálaíocht an tsealbhóra teicneolaíochta a dhídhreasú;
(b)malartú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de idir feidhmeoirí teicneolaíochta iomaíocha, as a n‑eascraíonn caillteanas éiginnteachta straitéisí, rud atá contrártha leis an bprionsabal nach mór do gach gnóthas a iompar ar an margadh a chinneadh go neamhspleách;
(c)comóntacht mhéadaithe na gcostas idir feidhmeoirí teicneolaíochta iomaíocha, rud a d’fhéadfadh comhordú i margaí táirgí iartheachtacha a éascú;
(d)claonpháirteachas idir feidhmeoirí rannpháirteacha i margaí táirgí iartheachtacha;
(e)foriamh feidhmeoirí rannpháirteacha i margaí táirgí iartheachtacha.
4.5.2.Measúnú faoi Airteagal 101(1) den Chonradh
Príomhábhair imní na hiomaíochta
(302)D’fhéadfadh srianta ar iomaíocht ar mhargaí réamhtheachtacha le haghaidh an cheadúnaithe teicneolaíochta agus/nó margaí táirgí iartheachtacha teacht chun cinn mar thoradh ar GICanna ina bhfuil fíoriomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha, rud a d’fhágfadh go mbeadh nuálaíocht , cáilíocht táirgí, agus éagsúlacht nó aschur laghdaithe ann, mar aon le praghsanna méadaithe, leithdháileadh margaidh méadaithe, nó foriamh frithiomaíoch feidhmeoirí teicneolaíochta eile.
Srianta iomaíochta de réir cuspóra
(303)Go ginearálta, maidir le GICanna a oibríonn go trédhearcach vis‑à-vis sealbhóirí cirt teicneolaíochta agus atá teoranta do chaibidlíocht chomhpháirteach ar théarmaí na gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta, ní chuireann siad srian de réir cuspóra ar an iomaíocht.
(304)Is féidir GIC a idirdhealú ó chairtéil ceannaitheoirí, is é sin comhaontuithe nó cleachtais chomhbheartaithe idir beirt cheannaitheoirí nó níos mó
, cairtéil iad, lasmuigh d’aon socrú ceannaigh chomhpháirtigh a idirghníomhaíonn go comhpháirteach le soláthróirí thar ceann a chomhaltaí, a dhéanann an méid seo a leanas: (i) déanann siad iompraíocht aonair na gceannaitheoirí ar an margadh ceannaigh a chomhordú;(ii) imríonn siad tionchar ar pharaiméadair ábhartha iomaíochta eatarthu, nó (iii) déanann siad faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a mhalartú idir na ceannaitheoirí, faisnéis faoina rúin cheannaigh nó faoina gcuid caibidlíochta le soláthróirí. I gcomhthéacs ceadúnú teicneolaíochta, d’fhéadfadh an comhordú sin ar iompraíocht ceannaitheoirí a bheith i bhfoirm ‘hold‑out’ comhordaithe go háirithe, is é sin diúltú nó moill mhíréasúnach ó fheidhmeoirí teicneolaíochta dul i mbun caibidlíochta nó comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a dhéanamh nó glacadh le téarmaí réasúnta ceadúnúcháin.
(305)I gcás ina ndéileálann feidhmeoirí teicneolaíochta le sealbhóirí teicneolaíochta ar bhonn indibhidiúil (is é sin nach dtéann siad i mbun caibidlíocht chomhpháirteach leis an sealbhóir teicneolaíochta), ní mór do gach feidhmeoir a straitéis ceadúnúcháin a chinneadh go neamhspleách agus ní mór do na feidhmeoirí gan an éiginnteacht straitéiseach eatarthu féin a scriosadh maidir lena n‑iompraíocht amach anseo ar an margadh, trí chomhaontuithe nó cleachtais chomhbheartaithe. Go háirithe, ní mór d’fheidhmeoirí teicneolaíochta, sula rachaidh siad i mbun caibidlíocht cheadúnúcháin aonair le sealbhóir teicneolaíochta, gan iarracht a dhéanamh ceann amháin nó níos mó de théarmaí an chomhaontaithe aistrithe teicneolaíochta a shocrú eatarthu féin (mar shampla, raon feidhme nó réimse úsáide an cheadúnais teicneolaíochta, an táille cheadúnais, céannacht an cheadúnóra nó fad an cheadúnais).
(306)Nochtann cairtéil ceannaitheoirí de réir a nádúir méid dóthanach dochair don iomaíocht ionas nach gá measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtaí ar an margadh. Dá bhrí sin, is srian iomaíochta de réir cuspóra iad de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh. Dá réir sin, chun measúnú a dhéanamh ar chairtéal ceannaitheora, ní gá an margadh/na margaí ábhartha a shainiú ná measúnú a dhéanamh ar shuíomh na gceannaitheoirí rannpháirteacha ar an margadh ceannaigh réamhtheachtach ná i dtaobh an bhfuil siad in iomaíocht ar mhargaí díola iartheachtacha.
(307)Fágann na tosca seo a leanas gur lú an seans go mbeidh GIC ina chairtéal ceannaitheora:
(a)Cuireann an GIC in iúl go soiléir do shealbhóirí teicneolaíochta go ndéanann sé caibidlíocht thar ceann a chomhaltaí, d’fhonn comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a dhéanamh ar na téarmaí a comhaontaíodh sa chaibidlíocht chomhpháirteach. Ní chuireann sé sin aon cheangal ar an GIC céannacht gach comhalta a nochtadh go córasach don sealbhóir teicneolaíochta, go háirithe i gcás ina n‑athraíonn ballraíocht an GIC go minic. Mar sin féin, níl sé de fhreagracht ar shealbhóirí teicneolaíochta bearta a dhéanamh chun a fháil amach an ann do GIC ar an gcéad dul síos, mar shampla trí thríú páirtithe nó trí thuarascálacha preasa. É sin ráite, níl rúndacht ina riachtanas chun cairtéal ceannaitheoirí a chur ar bun.
(b)Tá foirm, raon feidhme agus feidhmiú a gcomhair sainithe ag comhaltaí an GIC i gcomhaontú i scríbhinn, ionas gur féidir comhlíonadh Airteagal 101 a fhíorú ex post agus a sheiceáil in aghaidh fíor-oibriú an GIC. Mar sin féin, ní féidir le comhaontú i scríbhinn ann féin GICanna a chosaint ar fhorfheidhmiú an dlí iomaíochta.
(308)Is féidir le GICanna cur le cairtéal díoltóra nó feidhmiú mar uirlis chun gníomhú i gcairtéal díoltóra, is é sin comhaontú idir iomaitheoirí chun praghsanna díola a shocrú, chun teorainn a chur le haschur, nó stocmhargaí nó custaiméirí a chomhroinnt ar mhargaí táirgí iartheachtacha. Sa chás sin, féadfar an GIC a mheasúnú in éineacht leis an gcairtéal ar an margadh táirgí iartheachtacha.
(309)Is cineál baghcait chothrománaigh é GIC arb é is aidhm dó fíoriomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha i measc na gcomhaltaí GIC a eisiamh ó mhargaí táirgí iartheachtacha, agus is srian iomaíochta de réir cuspóra é sin.
(310)D’fhéadfadh malartú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de idir comhaltaí GIC teacht chun cinn de thoradh GIC, agus d’fhéadfadh na comhaltaí sin a bheith ina n‑iomaitheoirí. I gcás nach bhfuil gá oibiachtúil le haon mhalartú den sórt sin chun an GIC a chur chun feidhme agus go bhfuil sé comhréireach lena chuspóirí, féadfaidh sé a bheith ina shrian iomaíochta de réir cuspóra.
Éifeachtaí sriantacha ar an iomaíocht
(311)Ní mór measúnú a dhéanamh ar GICanna trína n‑idirghníomhaíonn feidhmeoirí teicneolaíochta go comhpháirteach le sealbhóirí teicneolaíochta, de réir a gcomhthéacs dhlíthiúil agus eacnamaíoch, maidir lena bhfíoréifeachtaí agus éifeachtaí dóchúla ar an iomaíocht. Ní mór a chumhdach sa mheasúnú na héifeachtaí sriantacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar mhargaí teicneolaíochta ábhartha ina n‑idirghníomhaíonn an GIC le sealbhóirí teicneolaíochta, agus ar mhargaí táirgí ábhartha ina bhféadfaidh comhaltaí an GIC dul san iomaíocht mar sholáthróirí. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an Coimisiún fíoréifeachtaí nó éifeachtaí dóchúla an GIC ar na margaí sin i gcomparáid leis an gcaoi a mbeadh cúrsa in éagmais an GIC shonraigh.
(312)Go ginearálta, is lú an seans go n‑eascróidh ábhair imní iomaíochta as GICanna i gcás nach bhfuil cumhacht mhargaidh ag na comhaltaí ar mhargaí ceadúnaithe teicneolaíochta ábhartha ná ar mhargaí táirgí ábhartha.
(313)D’fhéadfadh srianta áirithe arna gcomhaontú ag na comhaltaí de GIC teacht lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101(1) i gcás ina bhfuil gá oibiachtúil leo chun an GIC a chur chun feidhme agus ina bhfuil siad comhréireach lena chuspóirí
.
Margaí ábhartha
(314)D’fhéadfadh GICanna difear a dhéanamh d’iomaíocht ar mhargaí ceadúnaithe teicneolaíochta réamhtheachtacha, is é sin na margaí ina ndéanann na comhaltaí GIC caibidlíocht i gcomhpháirt le sealbhóirí teicneolaíochta, agus do mhargaí táirgí iartheachtacha, is é sin na margaí ina bhfuil na comhaltaí GIC gníomhach mar sholáthróirí.
(315)Leanann sainiú na margaí teicneolaíochta ábhartha na prionsabail a leagtar amach san Fhógra maidir le Sainiú Margaidh agus braitheann sé ar choincheap na hinionadaitheachta chun srianta iomaíocha a shainaithint. Ós rud é gur cineál ceannaigh é an caibidliú maidir le ceadúnais a dhéanann feidhmeoirí teicneolaíochta, sa mheasúnú ar inionadaitheacht dírítear ar na roghanna malartacha atá ar fáil do sholáthróirí na teicneolaíochta, seachas ar na roghanna malartacha atá ar fáil do na feidhmeoirí. I bhfocail eile, tá na roghanna malartacha atá ar fáil do na sealbhóirí teicneolaíochta cinntitheach maidir leis na srianta iomaíocha ar na comhaltaí GIC a shainaithint. Féadfar anailís a dhéanamh ar na roghanna malartacha sin, mar shampla, trí scrúdú a dhéanamh ar fhreagairt dhóchúil na sealbhóirí teicneolaíochta ar laghdú beag ach buan ar an bpraghas a thairgtear dá dteicneolaíochtaí. Nuair a bheidh an margadh ábhartha sainithe, féadfar sciar margaidh chomhaltaí an GIC a ríomh bunaithe ar luach nó ar mhéid na gceadúnas teicneolaíochtaí ábhartha a cheannaigh siad mar sciar de na díolacháin iomlána sa mhargadh ceadúnaithe teicneolaíochtaí ábhartha.
(316)I gcás inar fíoriomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha ar mhargaí táirgí iartheachtacha iad comhaltaí an GIC, tá na margaí sin ábhartha don mheasúnú freisin. Déantar na margaí táirgí ábhartha a shainiú trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht a thuairiscítear san Fhógra maidir le Sainiú Margaidh.
Cumhacht mhargaidh
(317)Níl aon dearbhthairseach ann ar os a cionn is féidir glacadh leis go bhfuil cumhacht mhargaidh ag na comhaltaí de GIC sa chaoi gur dócha go dtiocfaidh éifeachtaí sriantacha ar an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh chun cinn mar thoradh ar GIC. Mar sin féin, i bhformhór na gcásanna, ní dócha go mbeidh cumhacht mhargaidh ag na comhaltaí de GIC más rud é nach mó ná 15 % a sciar comhcheangailte den éileamh ar mhargaí teicneolaíochta ábhartha agus nach mó ná 15 % a sciar comhcheangailte den soláthar ar mhargaí táirgí ábhartha.
(318)Le sciar den mhargadh atá os cionn na tairsí sin i margadh amháin nó sa dá mhargadh, ní thugtar le fios ann féin gur dócha go dtiocfaidh éifeachtaí sriantacha ar an iomaíocht chun cinn mar thoradh ar an GIC. Maidir le GIC ag a bhfuil sciar comhcheangailte den mhargadh a sháraíonn an tairseach sin, is gá measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar a éifeachtaí ar na margaí ábhartha, agus tosca á gcur san áireamh, mar shampla, saintréithe na gcomhaltaí GIC agus a suíomh ar an margadh, comhchruinniú margaidh, dlúithe na hiomaíochta, naisc chonarthacha nó naisc eile a d’fhéadfadh a bheith ann idir na comhaltaí GIC agus feidhmeoirí eile na dteicneolaíochtaí dá ndéantar difear, cineál na dteicneolaíochtaí a ndéanann an GIC difear dóibh, rialacha oibriúcháin an GIC (lena n‑áirítear, mar shampla, an bhfuil sé de shaoirse ag na comhaltaí GIC comhaontuithe a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích le sealbhóirí teicneolaíochta lasmuigh den GIC), agus cumhacht frithchúitimh a d’fhéadfadh a bheith ag sealbhóirí teicneolaíochta agus custaiméirí iartheachtacha.
Éifeachtaí ar mhargaí teicneolaíochta
(319)I gcás ina bhfuil sciar éilimh comhcheangailte ard ag comhaltaí an GIC ar mhargaí teicneolaíochta ábhartha, féadfaidh GIC ligean dóibh cumhacht an cheannaitheora a fheidhmiú go comhpháirteach. D’fhéadfadh éifeachtaí sriantacha ar an iomaíocht sna margaí teicneolaíochta ábhartha teacht chun cinn dá thoradh sin, mar shampla, trí dhreasachtaí a laghdú maidir le sealbhóirí teicneolaíochta infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i bhforbairt. Is mó an riosca a bhaineann le héifeachtaí diúltacha den sórt sin i gcás ina n‑idirghníomhaíonn GIC le sealbhóirí teicneolaíochta nach bhfuil cumhacht mhargála frithchúitimh acu nó i gcás ina ndéanann na comhaltaí GIC bearta comhordaithe chun srian a chur ar shaoirse shealbhóir na teicneolaíochta cinneadh a dhéanamh maidir le caibidlíocht a dhéanamh leis an GIC, mar shampla trí dhul i mbun diúltú comhordaithe maidir le caibidlíocht a dhéanamh nó comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a thabhairt i gcrích. Os a choinne sin, is lú seans go mbeidh éifeachtaí diúltacha den sórt sin ann i gcás ina bhfuil cumhacht mhargála frithchúitimh ag sealbhóirí teicneolaíochta. D’fhéadfadh sé a bheith mar sin, mar shampla, i gcás ina bhfuil na teicneolaíochtaí ábhartha fíor-riachtanach do chaighdeán a ghlactar go forleathan i margaí táirgí iartheachtacha ábhartha nó i gcás nach bhfuil ionadaigh ann ina leith; i gcás nach bhfuil ach fíorbheagán ceadúnóirí ann agus ina bhfuil punanna móra ceart teicneolaíochta acu, nó i gcás ina ndéanann an GIC caibidlíocht le comhthiomsú teicneolaíochta.
(320)Féadfar GICanna a úsáid freisin chun feidhmeoirí teicneolaíochta iomaíocha a fhoriamh ó mhargaí teicneolaíochta agus, ar an gcaoi sin, iomaíocht ar mhargaí táirgí iartheachtacha a shrianadh. Mar shampla, d’fhéadfadh GIC srian a chur ar chumas sealbhóirí teicneolaíochta comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a dhéanamh le feidhmeoirí nach comhaltaí den GIC iad nó srian a chur ar théarmaí comhaontuithe den sórt sin. Is lú an dóchúlacht go mbeidh ábhair imní foriata ann (i) i gcás ina mbeidh rannpháirtíocht sa GIC oscailte do gach feidhmeoir teicneolaíochta a chomhlíonann critéir oibiachtúla agus neamh‑idirdhealaitheacha, (ii) i gcás nach ndéanann rialacha oibriúcháin an GIC idirdhealú idir comhaltaí, agus (iii) i gcás nach gcuireann GIC srian ar chumas sealbhóirí teicneolaíochta comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a dhéanamh le feidhmeoirí iomaíocha ná nach gcuireann sé srian ar théarmaí comhaontuithe den sórt sin.
Éifeachtaí ar mhargaí táirgí iartheachtacha
(321)I gcás nach fíoriomaitheoirí ná iomaitheoirí ionchasacha iad na comhaltaí de GIC ar mhargaí táirgí iartheachtacha nó nach bhfuil cumhacht mhargaidh acu ar na margaí sin, ní dócha go mbeidh éifeachtaí sriantacha ag an GIC ar an iomaíocht i margaí iartheachtacha.
(322)I gcás inar fíoriomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha iad na comhaltaí de GIC ar mhargaí táirgí iartheachtacha, féadfaidh an GIC comhordú iompraíocht na gcomhaltaí ar na margaí iartheachtacha a éascú
. Tá an riosca a bhaineann le comhordú den sórt sin níos airde (i) i gcás ina bhfuil struchtúr na margaí táirgí iartheachtacha fabhrach do chlaonpháirteachas (mar shampla, tá an margadh comhchruinnithe agus léiríonn sé leibhéal mór trédhearcachta) nó (ii) i gcás ina bhfuil sciar ard comhcheangailte den mhargadh ag comhaltaí den GIC ar na margaí táirgí iartheachtacha.
(323)Is féidir le GICanna claonpháirteachas idir a gcomhaltaí a éascú freisin i gcás ina mbíonn leibhéal ard comóntachta costas (go háirithe costais athraitheacha) idir na comhaltaí mar thoradh ar an GIC, ar choinníoll go bhfuil cumhacht mhargaidh ag comhaltaí an GIC ar an margadh táirgí iartheachtacha ábhartha agus go bhfuil saintréithe an mhargaidh fabhrach don chomhordú.
(324)D’fhéadfadh malartú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de idir na comhaltaí GIC a bheith mar thoradh ar GIC a chur chun feidhme, mar shampla maidir leis na téarmaí ar a mbeidís toilteanach comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a dhéanamh. I gcás nach dtagann an GIC féin faoi Airteagal 101(1) den Chonradh toisc go bhfuil éifeachtaí neodracha nó dearfacha aige ar an iomaíocht, i gcás malartú faisnéise atá riachtanach go hoibiachtúil chun an GIC a chur chun feidhme agus atá comhréireach lena chuspóirí, ní thagann sé sin faoin toirmeasc sin ach oiread
.
(325)D‘fhéadfadh malartú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de comhordú a éascú maidir le praghsanna díolacháin agus aschur, rud a d’fhágfadh go mbeadh toradh claonpháirteach ann ar na margaí táirgí iartheachtacha. Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le malartuithe neamhriachtanach faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de, is féidir le GICanna foirne glana, bainisteoirí neamhspleácha nó coimircí eile a chur chun feidhme, mar shampla chun a áirithiú nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chomhroinnt ach amháin idir na comhaltaí GIC i bhfoirm anaithnidithe agus/nó chomhiomlánaithe. Is féidir coimircí a chur chun feidhme freisin chun a áirithiú nach roinnfear faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de le GICanna eile, mar shampla i gcásanna ina mbíonn comhaltaí rannpháirteach i níos mó ná GIC amháin.
Tearmann
(326)GICanna nach mbaineann srianta iomaíochta de réir cuspóra leo agus a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas, ní dócha go ginearálta go gcuirfidh siad srian ar an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh nó is dócha go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha Airteagal 101(3):
(a)tá rannpháirtíocht sa GIC oscailte do gach feidhmeoir teicneolaíochta a chomhlíonann critéir oibiachtúla agus neamh‑idirdhealaitheacha;
(b)nochtann an GIC a rialacha oibriúcháin do shealbhóirí teicneolaíochta agus déanann sé caibidlíocht thar ceann a chomhaltaí;
(c)tá gníomhaíocht an GIC teoranta do chaibidlíocht chomhpháirteach ar théarmaí na gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta;
(d)ní mhalartaíonn comhaltaí an GIC faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, seachas faisnéis atá riachtanach go hoibiachtúil agus comhréireach chun caibidlíocht chomhpháirteach a dhéanamh tríd an GIC;
(e)ní dhéanann comhaltaí an GIC aon iompraíocht chomhordaithe, lena n‑áirítear ‘hold‑outs’ comhordaithe, a bhfuil sé d’aidhm ag iompraíocht den chineál sin teorainn a chur le saoirse na sealbhóirí teicneolaíochta cinneadh a dhéanamh maidir le caibidlíocht a dhéanamh nó a fhoirceannadh leis an GIC, nó saoirse chomhaltaí GIC comhaontuithe a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích go déthaobhach le sealbhóirí teicneolaíochta, gan dochar don fhéidearthacht atá ag na comhaltaí GIC comhaontú a dhéanamh nach ndéanfaidh siad caibidlíocht dhéthaobhach agus nach dtabharfaidh siad comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta i gcrích le sealbhóir teicneolaíochta le linn na caibidlíochta idir an sealbhóir teicneolaíochta sin agus an GIC, ar choinníoll nach faide ná 6 mhí ré an tsriain sin;
(f)ní chuireann an GIC ná aon chomhaontú aistrithe teicneolaíochta arna gcaibidliú tríd an GIC srian ar chumas sealbhóirí teicneolaíochta comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a dhéanamh le tríú páirtithe ná srian a chur ar théarmaí na gcomhaontuithe sin;
(g)na táillí ceadúnúcháin is iníoctha faoi chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta arna gcaibidliú tríd an GIC, ní mó iad ná 10 % de phraghas díola na dtáirgí ina n‑ionchorpraítear an teicneolaíocht cheadúnaithe.
(327)Is gá measúnú aonair a dhéanamh, faoi Airteagal 101 den Chonradh, ar GICanna nach gcomhlíonann na coinníollacha thuas. Níl aon toimhde ann go gcuireann GICanna den chineál sin srian ar an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) ná nach gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3).
4.5.3.Measúnú faoi Airteagal 101(3) den Chonradh
(328)I gcás ina gcuireann GIC srian ar iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101(1) den Chonradh, is gá measúnú a dhéanamh i dtaobh an ngineann nó nach ngineann an GIC éifeachtúlachtaí a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 101(3).
Gnóthachain éifeachtúlachta
(329)Is féidir le GICanna gnóthachain éifeachtúlachta a ghiniúint. Go háirithe, is féidir leo costais idirbhirt ceadúnúcháin a laghdú d’fheidhmeoirí teicneolaíochta agus do shealbhóirí teicneolaíochta araon, go háirithe trí dheireadh a chur leis an ngá atá ann go rachadh gach comhalta GIC i mbun caibidlíocht dhéthaobhach maidir le ceadúnú le sealbhóir teicneolaíochta ar leith. Trí shaineolas na bhfeidhmeoirí teicneolaíochta a chomhthiomsú, is féidir le GICanna neamhshiméadrachtaí faisnéise idir feidhmeoirí agus sealbhóirí teicneolaíochta a laghdú, agus tiocfaidh caibidlíocht níos eolasaí as, lena n‑áirítear i dtaobh an téarmaí FRAND iad na téarmaí ceadúnúcháin atá beartaithe. Is féidir le GICanna aghaidh a thabhairt freisin ar mhíbhuntáiste an cheannródaí, ina bhféadfadh sé nach mbeadh feidhmeoirí teicneolaíochta toilteanach comhaontú aistrithe teicneolaíochta a dhéanamh sula ndéanfaidh a n‑iomaitheoirí amhlaidh. D’fhéadfadh líon níos mó comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta teacht chun cinn mar thoradh ar na héifeachtúlachtaí sin agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh scaipeadh níos leithne teicneolaíochta a bheith mar thoradh orthu. Is féidir coinne a bheith leis go mbeidh níos mó nuálaíochta sa mhargadh dá thoradh sin, rud a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí.
Fíor‑riachtanas
(330)Srianta a théann thar a bhfuil riachtanach chun na gnóthachain éifeachtúlachta a ghinfeadh GIC a bhaint amach, ní chomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3). Mar shampla, chun costais idirbhirt ceadúnúcháin a laghdú, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé fíor-riachtanach do GIC é a chur de cheangal ar shealbhóir teicneolaíochta gan téarmaí ceadúnúcháin níos fabhraí a dheonú do thríú páirtithe.
Cur ar aghaidh chuig tomhaltóirí
(331)Ní mór gnóthachain éifeachtúlachta a bhaintear amach trí shrianta fíor‑riachtanacha a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí go feadh méid níos mó ná aon éifeacht shriantach ar an iomaíocht arb é an GIC is cúis léi. Mar shampla, féadfar laghduithe ar chostais ceadúnaithe teicneolaíochta a chur ar aghaidh i bhfoirm praghsanna díola níos ísle ar mhargaí táirgí iartheachtacha. Is dóchúla go dtarlóidh cur ar aghaidh go tomhaltóirí i gcás nach mbeidh cumhacht mhargaidh ag baill an GIC i margaí táirgí iartheachtacha.
Gan deireadh a chur leis an iomaíocht
(332)Ní chomhlíonfar coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh má chuireann an GIC ar a gcumas do na páirtithe deireadh a chur le hiomaíocht i leith cuid shubstaintiúil de na táirgí atá i gceist. Tá feidhm ag an gcoinníoll sin maidir le margaí teicneolaíochta ábhartha agus maidir le margaí táirgí ábhartha araon. Más ann do sciartha arda comhcheangailte den mhargadh, is léiriú é sin go bhféadfadh sé nach gcomhlíonfaí an coinníoll seo.