Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C:2018:111A:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Eagrán Speisialta, 26 Márta 2018


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

61
26 Márta 2018


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Lárionad Eorpach um Fhobairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

 

Fógra folúntais don phost mar stiúrthóir ar an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) (Cedefop/2018/01/AD)

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 111 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Lárionad Eorpach um Fhobairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

26.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA FOLÚNTAIS DON PHOST MAR STIÚRTHÓIR AR AN LÁRIONAD EORPACH UM FHORBAIRT NA GAIRMOILIÚNA (CEDEFOP)

(Cedefop/2018/01/AD)

 

Cé sinn

Is é an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) an Ghníomhaireacht Eorpach a chuireann forbairt an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna chun cinn san Aontas Eorpach. Cuireann sé comhairle, taighde, anailís agus faisnéis ar fáil agus éascaíonn sé comhar agus foghlaim fhrithpháirteach san Eoraip. Tacaíonn sé le forbairt an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus le ceapadh beartas fianaisebhunaithe i réimsí amhail uirlisí Eorpacha “phróiseas Chóbanhávan” a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, riachtanais scileanna a réamh-mheas, feabhas a chur ar an tuiscint ar cháilíochtaí agus scileanna chun tacú le soghluaisteacht thar theorainneacha, agus infheistiú i ngairmoideachas agus gairmoiliúint.

Oibríonn Cedefop go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach, le rialtais, le hionadaithe d’fhostóirí agus do cheardchumainn, agus le taighdeoirí agus cleachtóirí. Cuireann sé faisnéis agus anailís atá cothrom le dáta ar fáil dóibh faoi fhorbairtí, éispéiris agus nuálaíocht i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus reáchtálann sé fóraim le haghaidh foghlaim beartais.

Is ag Cedefop atá Bord Rialaithe ar a ndéantar ionadaíocht do rialtais na mBallstát den Aontas Eorpach, d’fhostóirí, d’fhostaithe agus don Choimisiún Eorpach.

Cuireadh Cedefop ar bun sa bhliain 1975. Tá a oifigí lonnaithe in Thessaloniki, an Ghréig, ó bhí an bhliain 1995 ann. Tá thart ar 120 ball foirne agus buiséad bliantúil is fiú EUR 17 400 000 aige. Is é Béarla teanga oibre Cedefop.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin nGníomhaireacht, féach http://www.cedefop.europa.eu/en

An tairiscint

Is é an Stiúrthóir ionadaí dlíthiúil agus urlabhraí poiblí Cedefop agus tá sé/sí cuntasach don Bhord Rialaithe. Déanann sé/sí an Ghníomhaireacht a threorú agus a bhainistiú agus glacann sé/sí freagracht fhoriomlán as a hoibríochtaí, agus gnóthú chuspóirí na Gníomhaireachta á háirithiú aige/aici ag an am céanna.

Áirítear iad seo a leanas le freagrachtaí sonracha an stiúrthóra:

straitéis ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil (1) Cedefop a ullmhú agus a chur chun feidhme ar aon dul le misean Cedefop agus le cinntí an Bhoird Rialaithe;

gníomhaíochtaí an Bhoird Rialaithe a ullmhú agus a chur ar aghaidh agus cinntí an Bhoird a chur chun feidhme;

cáilíocht obair Cedefop a áirithiú agus a áirithiú go ndéanfar tuilleadh forbartha ar an gclú atá air mar lárionad aitheanta saineolais ar chúrsaí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus ar scileanna agus cáilíochtaí;

bheith cuntasach don údarás buiséadach agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa as buiséad Cedefop agus freagracht a ghlacadh as an mbuiséad a ullmhú agus a chur chun feidhme agus as bainistíocht fhónta airgeadais agus dea-rialú inmheánach (2);

an Tuarascáil Bhliantúil Gníomhaíochtaí ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa;

bainistíocht laethúil an Lárionaid agus gach ábhar ball foirne a áirithiú, lena n-áirítear baill foirne a earcú, a mhaoirsiú agus a fhorbairt, agus dea-spiorad foirne agus dea-thimpeallacht oibre a chothú;

an Lárionad a eagrú chun go n-oibreoidh sé ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí is féidir i bhfianaise na n-acmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear trí chomhar a chothú agus seirbhísí a chomhroinnt leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, de réir mar is cuí;

a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht éifeachtach do Cedefop, agus go mbeidh dea-chaidreamh poiblí ar bun aige, ar an leibhéal is sinsearaí agus é ag déileáil leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Eorpacha ar fud an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear ionadaíocht do Cedefop ag comhdhálacha, seimineáir agus imeachtaí meán;

comhar ina réimse inniúlachta a éascú idir an Ghníomhaireacht, an Coimisiún, na Ballstáit, comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile de chuid na Gníomhaireachta, agus le comhlachtaí inniúla sna Ballstáit a chomhlíonann cúraimí atá cosúil leo sin atá ar an nGníomhaireacht.

Déantar cur síos sa Rialachán lenar bunaíodh Cedefop, go háirithe Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 7 de (3), ar mhisean agus cúraimí an Lárionaid agus ar dhualgais an stiúrthóra.

A bhfuilimid ag lorg (critéir roghnúcháin)

Ba cheart d’iarrthóirí na nithe seo a bheith acu:

dea-scileanna bainistíochta agus ceannaireachta, lena n-áirítear taithí chruthaithe ar acmhainní buiséadacha, airgeadais agus daonna a bhainistiú;

dea-theist maidir le foirne móra a bhainistiú ar leibhéal ardbhainistíochta, lena n-áirítear an cumas chun acmhainneacht ball foirne ó chúlraí difriúla náisiúnta agus disciplíneacha a spreagadh agus a fhorbairt;

sárthuiscint ar na castachtaí a bhaineann le próisis um bainistíocht athruithe eagrúcháin;

ardleibhéal scileanna idirphearsanta agus láithreoireachta, lena n-áirítear scileanna cumarsáide/idirbheartaíochta i scríbhinn agus ó bhéal;

taithí chruthaithe ar chaidreamh atá casta agus íogair ó thaobh na polaitíochta de a bhainistiú, lena n-áirítear cumarsáid agus idirbheartaíocht le geallsealbhóirí difriúla;

dea-thuiscint ar bheartas an Aontais Eorpaigh i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, ar institiúidí an Aontais agus an dóigh a n-oibríonn siad agus a n-idirghníomhaíonn siad lena chéile, agus ar mhórbheartais an Aontais atá ábhartha do ghníomhaíochtaí agus ról Cedefop;

an cumas chun fís straitéiseach do Cedefop a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun rannchuidiú leis an díospóireacht beartais ar leibhéal Eorpach i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus i réimse na scileanna agus cáilíochtaí;

dea-thuiscint ar Bhéarla, ós rud é gurb é teanga oibre Cedefop é.

Measfar gur buntáistí breise iad na critéir seo a leanas:

taithí ghairmiúil ábhartha ar réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (buntáiste mór);

taithí bainistíochta a gnóthaíodh in eagraíochtaí difriúla, lena n-áirítear i gcomhthéacs idirnáisiúnta/Eorpach agus i dtimpeallacht ilchultúrtha (buntáiste mór);

taithí ar phróisis um athruithe eagrúcháin a cheapadh agus a chur chun feidhme;

taithí ar dhul i mbun caidrimh agus idirbheartaíochta ar leibhéal sinsearach laistigh d’eagraíochtaí agus idir eagraíochtaí i gcomhthéacs Eorpach/idirnáisiúnta, lena n-áirítear le húdaráis phoiblí agus le comhpháirtithe sóisialta;

taithí ar thaighde feidhmeach a bhainistiú sna réimsí seo nó i réimsí gaolmhara: an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint, scileanna agus cáilíochtaí, agus margaí saothair.

Riachtanais d’iarratasóirí (critéir incháilitheachta)

Déanfar iarrthóirí a mheas don chéim roghnúcháin ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas nach mór iad a bheith comhlíonta faoin spriocdháta le haghaidh iarratais a chur isteach:

Náisiúntacht: a bheith ina náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach.

Céim nó dioplóma ollscoile:

leibhéal oideachais a bheith acu a chomhfhreagraíonn do staidéar críochnaithe ollscoile atá fianaithe le dioplóma sa chás go maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó, nó

leibhéal oideachais a bheith acu a chomhfhreagraíonn do staidéar —críochnaithe ollscoile atá fianaithe le dioplóma a bheith acu agus taithí ghairmiúil chuí de 1 bhliain ar a laghad a bheith acu sa chás go maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad (ní féidir an taithí ghairmiúil aon bhliana sin a chur ar áireamh sa taithí ghairmiúil iarchéime a éilítear thíos).

Taithí ghairmiúil: taithí ghairmiúil chruthaithe 15 bliana ar a laghad ar leibhéal iarchéime a gnóthaíodh tar éis an chéim ollscoile a bhaint amach.

Taithí bainistíochta: maidir leis na 15 bliana sin de thaithí ghairmiúil, ní mór gur gnóthaíodh 5 bliana ar a laghad díobh i bhfeidhm bainistíochta ardleibhéil lena mbaineann freagracht as baill foirne agus airgeadas a bhainistiú (4).

Teangacha: eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (5) agus eolas sásúil a bheith acu ar theanga eile, a mhéid is gá chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Fíoróidh painéil roghnúcháin le linn an agallaimh/na n-agallamh cé acu a chomhlíonann na hiarrthóirí an riachtanas um eolas sásúil ar theanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh nó nach gcomhlíonann. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis sin (cuid den) agallamh a dhéanamh sa teanga eile sin.

Teorainn aoise: bheith in ann, ag an spriocdháta le haghaidh iarratais, an sainordú iomlán 5 bliana a chomhlíonadh sula mbainfidh siad aois scoir amach; i gcás ball foirne sealadach den Aontas Eorpach, is é an sainmhíniú a thugtar ar aois scoir ná deireadh na míosa ina mbainfidh an duine 66 bliana d’aois amach (féach freisin Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus Airteagal 52(a) de na Rialacháin Foirne) (6).

Riachtanais eile: aon oibleagáidí arna bhforchur leis na dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu agus bheith corpacmhainneach chun na dualgais a bhaineann leis an bpost a chomhlíonadh (7).

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Ceanglófar ar an Stiúrthóir dearbhú a thabhairt ar an tiomantas atá aige/aici do ghníomhú go neamhspleách le leas an phobail agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leasanna atá aige/aici a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas. Ní mór d’iarratasóirí a dheimhniú ina n-iarratas go bhfuil siad sásta déanamh amhlaidh.

Roghnú agus ceapadh

Is é an Coimisiún Eorpach a cheapann an Stiúrthóir ach roghnú a dhéanamh ó liosta iarrthóirí arna chur isteach ag Bord Rialaithe Cedefop. Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go bhféadfadh go gcuirfí an liosta ar fáil go poiblí agus nach ionann ainm a bheith ar an liosta agus duine a earcú.

Beidh an próiseas roghnúcháin bunaithe ar scrúdú ar na foirmeacha iarratais agus sraith agallamh agus trialacha ina dhiaidh sin, mar a leagtar amach thíos:

1.

Coiste Réamhroghnúcháin, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na trí ghrúpa sa Bhord Rialaithe agus ón gCoimisiún Eorpach agus a gheobhaidh cabhair ó shainchomhairleoir seachtrach, scrúdóidh sé na hiarratais agus dréachtóidh sé liosta de na hiarrthóirí is mó cáilíocht, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na critéir incháilitheachta go léir agus a chomhlíonann na critéir roghnúcháin don phost ar an mbealach is fearr.

2.

Tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí is mó cáilíocht agallamh a dhéanamh, rud a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an teileafón, agus dul faoi thrialacha a reáchtálfaidh sainchomhairleoirí seachtracha iad thar ceann an Choiste Réamhroghnúcháin. Bunaithe ar thorthaí na n-agallamh agus na dtrialacha sin, dréachtóidh an Coiste Réamhroghnúcháin liosta de na hiarrthóirí is oiriúnaí. Tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí is oiriúnaí freastal ar agallamh leis an gCoiste Réamhroghnúcháin, a chuirfidh gearrliosta iarrthóirí le chéile ansin. Cuirfear an gearrliosta faoi bhráid Bhord Rialaithe Cedefop lena fhormheas agus tabharfar cuireadh d’iarrthóirí ar an ngearrliosta láithreoireachta a thabhairt don Bhord Rialaithe. Cuirfidh an Bord Rialaithe an gearrliosta deiridh faoi bhráid an Choimisiúin.

3.

Glaofar iarrthóirí atá gearrliostaithe ag Bord Rialaithe Cedefop chun agallaimh leis an gCoiste Comhairleach um Cheapacháin (CCA) de chuid an Choimisiúin agus glacfaidh siad páirt i measúnú bainistíochta lae iomláin a reáchtálfaidh sainchomhairleoirí seachtracha earcaíochta é. Cuirfidh an Coimisinéir ábhartha agallamh ar na hiarrthóirí atá gearrliostaithe ag an gCoiste Comhairleach um Cheapacháin ansin.

4.

Tar éis na n-agallamh sin, ceapfaidh an Coimisiún an Stiúrthóir ar Cedefop. Beifear ag súil go dtosóidh an t-iarrthóir rathúil sa phost laistigh de thrí mhí óna (h)ainmniú ag an gCoimisiún.

Ar chúiseanna feidhmiúla agus chun an nós imeachta roghnúcháin a chur i gcrích a luaithe is féidir, is i mBéarla a dhéanfar an nós imeachta roghnúcháin (8).

Comhdheiseanna

Cuireann Cedefop agus an Coimisiún Eorpach beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1(d) de na Rialacháin Foirne.

Téarmaí agus coinníollacha fostaíochta

Ceapfar an Stiúrthóir mar ghníomhaire sealadach ag grád AD14 de bhun Airteagal 2(a) agus Airteagal 10 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile (CEOS) an Aontais Eorpaigh go ceann tréimhse 5 bliana.

Maidir leis an iarrthóir roghnaithe, táthar ag súil go gcomhlíonfaidh sé/sí an sainordú iomlán 5 bliana ó thús an chonartha ar aghaidh. Nuair is gá, féadfar Airteagal 47(a) de CEOS a chur i bhfeidhm chun cead a thabhairt don iarrthóir roghnaithe leanúint ar aghaidh ag obair tar éis dó/di 66 bliana d’aois a bhaint amach.

Leagtar tuarastail agus coinníollacha fostaíochta síos i CEOS do ghníomhairí sealadacha atá i seilbh feidhm a chomhfhreagraíonn don phost bunúsach mar Stiúrthóir ag grád AD14 den Aontas Eorpach (9). Rangófar an t-iarrthóir roghnaithe ag brath ar fhad a t(h)aithí i gcéim 1 nó i gcéim 2 laistigh den ghrád.

Mar léiriú, is ionann agus EUR 14 300 an buntuarastal míosúil reatha do ghrád AD14 (céim 1). Tá an tuarastal faoi réir ualú tuarastail (79,9 % faoi láthair don Ghréig agus faoi réir athbhreithniú bliantúil), slándáil shóisialta, ranníocaíochtaí eile agus cáin Eorpach. Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta, áfach.

Ag brath ar chúinsí pearsanta an iarrthóra roghnaithe, d’fhéadfadh go n-áireofaí na nithe seo le sochair eile: liúntas bainistíochta (atá cinnte de bharr an phoist atá i gceist), liúntas teaghlaigh, liúntas easaoránachta, liúntais leanaí cleithiúnacha agus liúntais oideachais.

Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go gceanglaítear le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile go gcuirfeadh gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh 9 mí i gcrích go rathúil.

Is é Thessaloniki, an Ghréig, an áit fostaíochta.

An nós imeachta iarratais

Sula gcuireann sé/sí an t-iarratas isteach, ba cheart don iarrthóir a sheiceáil go cúramach cé acu a chomhlíontar gach ceann de na riachtanais incháilitheachta (“Riachtanais d’iarrthóirí”) nó nach gcomhlíontar, go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, an taithí ghairmiúil ardleibhéil agus an acmhainn theangeolaíoch a theastaíonn. Mura gcomhlíonann iarrthóir ceann ar bith de na riachtanais incháilitheachta, eisiafar é/í go huathoibríoch ón nós imeachta roghnúcháin.

Chun clárú agus iarratas a dhéanamh, téigh chuig an rannán deiseanna fostaíochta de shuíomh gréasáin Cedefop (http://www.cedefop.europa.eu/en/about-cedefop/recruitment/vacancies), cliceáil ar ainm an fhógra folúntais agus lean na treoracha.

Molann Cedefop go mór go léifeadh iarrthóirí na treoracha d’iarratasóirí agus na ceisteanna coitianta sula gcomhlánaíonn siad an t-iarratas.

Chun iarratas bailí a dhéanamh, ní mór d’iarrthóirí úsáid a bhaint as an gcóras iarratais ar líne (http://www.cedefop.europa.eu/EN/working-with-us/job-opportunities.aspx) agus na doiciméid seo a leanas a chur faoi iamh (a uaslódáil):

1.

litir inspreagtha a sheoltar chuig Tatjana Babrauskiene Uas., Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe;

2.

curriculum vitae (CV), atá dréachtaithe ach formáid CV Europass a úsáid (10); iarrtar go follasach ar iarratasóirí breac-chuntas a thabhairt ar a gcuid taithí agus saineolais atá ábhartha don phost agus sonraí a thabhairt faoi mhéid (líon ball foirne), buiséad agus cineál na rannóg ar bhainistigh siad iad roimhe sin4;

3.

cóip den dioplóma ábhartha/de na dioplómaí ábhartha.

Níor cheart doiciméid tacaíochta (e.g. cóipeanna deimhnithe de chéimeanna/dhioplómaí, teistiméireachtaí, cruthúnas ar thaithí, srl.) a sheoladh ag an am seo, ach ní mór iad a chur isteach ag céim níos déanaí den nós imeachta má iarrtar iad.

Chun an próiseas roghnúcháin seo a éascú, is i mBéarla a sheolfar gach teachtaireacht chuig iarratasóirí maidir leis an bhfolúntas seo.

Dáta deiridh

Ní mór iarratais a chur isteach ar líne faoin 8 Bealtaine 2018 ag 15:00, am na Gréige (CET+1). Diúltófar d’iarratais a sheolfar trí chasadh an phoist, trí ríomhphost, srl.

Faisnéis thábhachtach d’iarrthóirí

Iarrtar ar iarratasóirí aon athrú ar sheoladh, uimhir theileafóin nó seoladh ríomhphoist a thuairisciú i scríbhinn gan mhoill ach ríomhphost a sheoladh chuig Rúnaíocht an Choiste Réamhroghnúcháin: director-selection@cedefop.europa.eu

Agus iad ag ullmhú a n-iarratais, ní fhéadfaidh iarrthóirí, i gcás ar bith, tagairt a dhéanamh do dhoiciméid, iarratais ná foirmeacha eile a cuireadh isteach i dtaca le hiarratais roimhe.

Ceanglófar ar iarrthóirí a dtugann an Coimisiún Eorpach cuireadh dóibh freastal ar agallamh leis an gCoiste Comhairleach um Cheapacháin cruthúnas náisiúntachta agus cóipeanna dá gcuid dioplómaí agus cáilíochtaí acadúla a thabhairt.

Ní thabharfar doiciméid tacaíochta ar ais d’iarrthóirí.

Déan cinnte de gur ceart atá an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil ar d’iarratas (agus nach lán atá do bhosca ríomhphoist) mar gur trí ríomhphost a sheolfar an chuid is mó den chomhfhreagras.

Meabhraítear d’iarrthóirí gur faoi rún atá na nósanna imeachta roghnúcháin agus na breithniúcháin. Tá cosc ar iarrthóirí teagmháil, bíodh sí díreach nó indíreach, a dhéanamh le daoine a bhfuil baint acu leis an bpróiseas roghnúcháin agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ba cheart aon cheisteanna nó iarrataí ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid i dtaca leis an gcomórtas a sheoladh chuig Rúnaíocht an Choiste Réamhroghnúcháin: director-selection@cedefop.europa.eu

Sonraí pearsanta a chosaint

Áiritheoidh an Coimisiún agus Cedefop go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus slándáil na sonraí sin (11).

Má bhíonn aon cheisteanna ag an iarrthóir maidir le próiseáil a s(h)onraí pearsanta, féadfaidh sé/sí iad a sheoladh chuig Oifigeach Cosanta Sonraí Cedefop ag DATA-PROTECTION-OFFICER@cedefop.europa.eu

I gcás neamhréireachtaí idir na leaganacha teanga difriúla den fhógra folúntais, is é an leagan Béarla an leagan údarásach.


(1)  Féach an Doiciméad Clársceidealaithe is déanaí: http://www.cedefop.europa.eu/en/about-cedefop/what-we-do/work-programme

(2)  Déantar cur síos níos mine ar na cúraimí sin i rialacha airgeadais Cedefop: http://www.cedefop.europa.eu/en/about-cedefop/finance-and-budget/financial-rules

(3)  http://www.cedefop.europa.eu/EN/about-cedefop/governance/cedefop-founding-regulation.aspx

(4)  I dtaca leis na 5 bliana riachtanacha ar gnóthaíodh taithí bainistíochta lena linn, ba cheart d’iarratasóirí na nithe seo a leanas ar a laghad a lua ina CVanna: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta arna sealbhú, (2) an líon ball foirne arna maoirsiú sna poist sin, (3) méid na mbuiséad arna mbainistiú, agus (4) an líon ciseal ordlathach os a gcionn agus faoina mbun agus (5) an líon piaraí.

(5)  https://europa.eu/european-union/topics/multilingualism_en

(6)  http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20140701&from=EN

(7)  Sula gceapfar é/í, ní mór don iarrthóir rathúil dul faoi scrúdú dochtúra.

(8)  Áiritheoidh an painéal roghnúcháin nach dtabharfar aon bhuntáiste míchuí do chainteoirí dúchais.

(9)  http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20140701&from=EN

(10)  Is féidir CV Europass a íoslódáil ón láithreán gréasáin: https://europass.cedefop.europa.eu/

(11)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


Top