Izberite preskusne funkcije, ki jih želite preveriti.

Dokument je izvleček s spletišča EUR-Lex.

Dokument cff6208b-9f4b-11ec-83e1-01aa75ed71a1

Konsolidirano besedilo: Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

02011R0691 — GA — 20.02.2022 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 691/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Iúil 2011

maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 192 22.7.2011, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) Uimh. 538/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 16 Aibreán 2014

  L 158

113

27.5.2014

►M2

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/125 ÓN gCOIMISIÚN an 19 Samhain 2021

  L 20

40

31.1.2022


Arna cheartú le:

 C1

Ceartúchán, IO L 077, 23.3.2016, lch.  69 (691/2011)




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 691/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Iúil 2011

maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo comhchreat i gcomhair bhailiú, thiomsú, tharchur agus mheastóireacht na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil chun cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a bhunú mar chuntais satailíte i leith CEC 95, trí mhodheolaíocht, chomhchaighdeáin, chomhshainmhínithe, chomhaicmithe agus chomhrialacha cuntasaíochta a sholáthar atá ceaptha chun cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a thiomsú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “astaíocht aeir” sreabh fisiciúil ábhar gásach nó cáithníneach ón ngeilleagar náisiúnta (próisis táirgthe nó tomhaltais) go dtí an t-atmaisféar, (mar chuid den chóras comhshaoil);

(2) 

ciallaíonn “cáin a bhaineann leis an gcomhshaol” cáin ar aonad fisiciúil é a bhonn cánach (nó seachaonad d’aonad fisiciúil) agus is aonad é sin de ní éigin a bhfuil tionchar cruthaithe, sonrach, diúltach aige ar an gcomhshaol agus ar ní é a shainaithnítear in CEC 95 mar cháin;

(3) 

ciallaíonn “cuntais ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair (EW-MFA)” ionchuir ábhar i ngeilleagair náisiúnta, athruithe ar an stoc ábhar laistigh den gheilleagar agus aschuir ábhar go dtí geilleagair eile nó go dtí an comhshaol a thiomsú go comhsheasmhach;

▼M1

(4) 

ciallaíonn “caiteachas ar chosaint an chomhshaoil” na hacmhainní eacnamaíocha arna gcaitheamh ag aonaid chónaitheacha ar chosaint an chomhshaoil. Áirítear le cosaint an chomhshaoil gach gníomhaíocht agus beart a bhfuil sé mar phríomhchuspóir leo truailliú agus aon díghrádú eile ar an gcomhshaol a chosc, a laghdú agus a dhíothú. Áirítear leis na gníomhaíochtaí agus na bearta sin na bearta uile a dhéantar chun an comhshaol a athshlánú tar éis a dhíghrádaithe. Eisítear ón sainmhíniú seo gníomhaíochtaí arb é a chomhlíonann siad go príomha riachtanais theicniúla nó ceanglais inmheánacha le haghaidh sláintíochta nó sábháilteachta agus slándála fiontair nó institiúide eile, cé go bhfuil na gníomhaíochtaí sin tairbhiúil don chomhshaol;

(5) 

ciallaíonn “an earnáil um earraí agus um sheirbhísí comhshaoil” na gníomhaíochtaí táirgthe sin de gheilleagar náisiúnta a ghineann táirgí comhshaoil (earraí agus seirbhísí comhshaoil). Is é is táirgí comhshaoil ann táirgí a táirgeadh ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil, de réir mar a thagraítear dóibh i bpointe (4), agus ar mhaithe le bainistiú acmhainní. Áirítear le bainistiú acmhainní an stoc d'acmhainní nádúrtha a chaomhnú, a chothabháil agus a fheabhsú agus, dá bhrí sin, na hacmhainní sin a chosaint i gcoinne a n-ídithe;

(6) 

ciallaíonn “cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh” tiomsúcháin chomhsheasmhacha de na sreafaí fisiciúla fuinnimh isteach i ngeilleagair náisiúnta, na sreafaí a tharlaíonn laistigh den gheilleagar agus na haschuir chuig geilleagair eile nó chuig an gcomhshaol.

▼B

Airteagal 3

Modúil

1.  

Déanfar na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil atá le tiomsú laistigh den chreat coiteann dá dtagraítear in Airteagal 1 a ghrúpáil sna modúil seo a leanas:

(a) 

modúl le haghaidh cuntas ar astaíochtaí aeir, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I;

(b) 

modúl le haghaidh cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíochta eacnamaíche, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II;

(c) 

modúl le haghaidh cuntas ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn III;

▼M1

(d) 

modúl le haghaidh cuntas ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV;

(e) 

modúl le haghaidh chuntais na hearnála um earraí agus um sheirbhísí comhshaoil, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V;

(f) 

modúl le haghaidh cuntas ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI.

▼B

2.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas i ngach Iarscríbhinn:

(a) 

na cuspóirí a bhfuil na cuntais le tiomsú ina leith;

(b) 

an méid atá cumhdaithe sna cuntais;

(c) 

liosta na saintréithe a bhfuil sonraí le tiomsú agus le tarchur ina leith;

(d) 

an chéad bhliain tagartha, an mhinicíocht agus na spriocanna tarchuir le haghaidh thiomsú na gcuntas;

(e) 

na táblaí tuairiscithe;

(f) 

uasré na n-idirthréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 8 a bhféadfadh an Coimisiún maoluithe a dheonú lena linn.

3.  

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcás inar gá sin chun forbairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 9:

(a) 

chun treoir mhodheolaíochta a sholáthar; agus

(b) 

chun na hIarscríbhinní dá dtagraítear i mír 1 a nuashonrú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2(c) go (e).

Le linn dó a chumhacht a fheidhmiú de bhun na míre seo, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh a ghníomhartha tarmligthe ualaigh suntasacha breise riaracháin ar na Ballstáit agus ar na haonaid is freagróirí.

▼M1

4.  
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 chun na táirgí fuinnimh dá dtagraítear i Roinn 3 d'Iarscríbhinn VI a shonrú, bunaithe ar na liostaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ).

Ní dhéanfaidh gníomhartha tarmligthe den sórt sin ualach suntasach breise a chur ar na Ballstáit nó ar na freagróirí. Nuair a bheidh na liostaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á mbunú agus, ina dhiaidh sin, á nuashonrú ag an gCoimisiún, tabharfaidh sé réasúnú cuí do na gníomhaíochtaí, á úsáid dó, i gcás inarb iomchuí, ionchur ó shaineolaithe ábhartha maidir le hanailís chost-éifeachtúlachta, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar chostais táirgthe.

5.  
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Iarscríbhinn V a éascú, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2015, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coimre tháscach de na hearraí agus seirbhísí comhshaoil agus de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bheidh cuimsithe ag Iarscríbhinn V a bhunú, bunaithe ar na catagóirí seo a leanas: seirbhísí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol, táirgí de chuspóir comhshaoil amháin (táirgí bainteacha), earraí oiriúnaithe agus teicneolaíochtaí comhshaoil. Déanfaidh an Coimisiún an choimre sin a nuashonrú de réir mar is gá.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

▼B

Airteagal 4

Staidéir phíolóta

1.  
Déanfaidh an Coimisiún clár a dhreachtú le haghaidh staidéar píolóta atá le déanamh ag na Ballstáit ar bhonn deonach chun an tuairisciú a fhorbairt agus cáilíocht na sonraí a fheabhsú, sraitheanna ama fada a bhunú agus an mhodheolaíocht a fhorbairt. Áireofar sa chlár seo staidéir píolóta chun tástáil a dhéanamh ar a indéanta atá sé modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach. Áiritheoidh an Coimisiún, agus an clár á tharraingt suas aige, nach gcuirfear aon ualaigh breise riaracháin ná airgeadais ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thorthaí na staidéar piolóta agus déanfaidh sé iad a fhoilsiú, agus na sochair a bhaineann le fáil a bheith ar shonraí i ndáil le costas bailithe agus a bhaineann leis an ualach riaracháin a bhaineann le freagairtí a thabhairt á gcur san áireamh. Cuirfear na torthaí seo san áireamh sna tograí le haghaidh modúl nua cuntas comhshaoil a thabhairt isteach, ar tograí iad a fhéadfaidh an Coimisiún a chur isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10.

Airteagal 5

Sonraí a bhailiú

1.  
I gcomhréir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, baileoidh na Ballstáit na sonraí is gá chun na saintréithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c) a bhreathnú.
2.  

Baileoidh na Ballstáit na sonraí is gá trí theaglam de chuid na bhfoinsí éagsúla a shonraítear thíos a úsáid, agus cuirfear prionsabal an tsimplithe riaracháin i bhfeidhm:

(a) 

suirbhéanna;

(b) 

nósanna imeachta um meastachán staidrimh i gcásanna nár breathnaíodh cuid de na saintréithe le haghaidh na n-aonad ar fad;

(c) 

foinsí riaracháin.

3.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas agus soláthróidh siad mionsonraí maidir leis na modhanna agus na foinsí a úsáideadh.

Airteagal 6

Tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat)

1.  
Déanfaidh Ballstáit na sonraí atá leagtha amach sna hIarscríbhinní, lena n-áirítear na sonraí rúnda, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe sna hIarscríbhinní sin.
2.  
Tarchuirfear na sonraí i bhformáid theicniúil chuí, atá le leagan síos ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 7

Measúnú cáilíochta

1.  
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis na sonraí atá le tarchur.
2.  
Déanfaidh Ballstáit tuarascáil ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur a sholáthar don Choimisiún (Eurostat).
3.  
Le linn na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme d’fhonn modhanna, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta a shainiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
4.  
Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí arna dtarchur a mheasúnú agus féadfaidh sé, laistigh d’aon mhí amháin tar éis na sonraí a fháil, iarraidh ar an mBallstát i dtrácht faisnéis bhreise maidir leis na sonraí nó tacar sonraí athbhreithnithe a thíolacadh, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 8

Maoluithe

1.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh d’fhonn maoluithe a dheonú do na Ballstáit le linn na n-idirthréimhsí dá dtagraítear sna hIarscríbhinní, a mhéid a cheanglaítear mór-oiriúnuithe a dhéanamh ar chórais staidrimh náisiúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

▼M1

2.  
Chun maolú a fháil faoi mhír 1 i leith Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Samhain 2011. Chun maolú a fháil faoi mhír 1 i leith Iarscríbhinn IV, Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VI, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Meán Fómhair 2014.

▼B

Airteagal 9

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

▼M1

2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus (4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 11 Lúnasa 2011. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus (4) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

▼B

4.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth chéanna.

▼M1

5.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3) agus (4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼B

Airteagal 10

Tuarascáil agus athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2013 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Leis an tuarascáil sin déanfar meastóireacht go háirithe ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí, ar an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit agus ar na haonaid is freagróirí, mar aon le hindéantacht agus le héifeachtacht an staidrimh sin chomh maith.

Déanfar an méid seo a leanas a chur i dteannta na tuarascála, más iomchuí sin, agus na torthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) á gcur san áireamh:

— 
tograí chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach, amhail Caiteachas agus Ioncam i leith Chosaint an Chomhshaoil (CICC)/Cuntais ar Chaiteachas i leith Chosaint an Chomhshaoil (CCCC), An Earnáil um Earraí agus um Sheirbhísí Comhshaoil (EESC), Cuntais Fuinnimh, Aistrithe a bhaineann leis an gComhshaol (fóirdheontais), Cuntais ar Chaiteachas i leith Úsáid agus Bainistiú Acmhainní (CCUBA), Cuntais Uisce (cainníochtúil agus cáilíochtúil), Cuntais Dramhaíle, Cuntais Fhoraoiseacha, Cuntais sheirbhísí Éiceachórais, Cuntais Stoc Ábhair Uile-Gheilleagair (EW-MSA) agus maidir le hábhair chré thochailte nár úsáideadh (lena n-áirítear ithir) a thomhas,
— 
tograí atá ceaptha chun cáilíocht sonraí agus modhanna bailithe sonraí a fheabhsú tuilleadh, ionas go ndéantar ar an tslí sin cumhdach agus inchomparáideacht na sonraí a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin atá ar ghnó agus ar riarachán a laghdú.

Airteagal 11

Coiste

1.  
Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR ASTAÍOCHTAÍ AEIR

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar sonraí ar astaíochtaí aeir a thaifeadadh agus a thíolacadh ar shlí atá comhoiriúnach do chóras na gcuntas náisiúnta. Déantar astaíochtaí aeir na ngeilleagar náisiúnta a thaifeadadh leo, agus déantar na hastaíochtaí sin a mhiondealú leo de réir gníomhaíochtaí astaithe eacnamaíocha mar atá sonraithe in CEC 95. Cumhdaítear táirgeadh agus tomhaltas i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit le haghaidh na gcuntas ar astaíochtaí aeir, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit chuige sin. Forbrófar na sonraí sin ar shlí lena nascfar astaíochtaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha táirgthe agus tomhaltais de chuid na dtionscal agus na dteaghlach. Comhcheanglófar na sonraí maidir le hastaíochtaí díreacha, ar sonraí iad a thuairiscítear faoin Rialachán seo, leis na táblaí ionchuir-aschuir eacnamaíoch, leis na táblaí soláthair agus úsáide agus leis na sonraí faoi thomhaltas teaghlaigh, ar sonraí iad sin a thuairiscítear cheana don Choimisiún (Eurostat) mar chuid de thuairisciú CEC 95.

Roinn 2

CUMHDACH

Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar astaíochtaí aeir agus atá ag CEC 95, agus tá siad bunaithe ar phrionsabal an chónaithe freisin.

I gcomhréir le CEC 95, tá coincheap an chónaithe bunaithe ar an bprionsabal seo a leanas: deirtear gurb ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad leasa eacnamaíoch an aonaid i gcríoch eacnamaíoch na tíre sin, is é a rá, nuair a bhíonn sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin.

Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar astaíochtaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh a thaifeadadh, gan spleáchas don áit as a dtagann na hastaíochtaí sin go geografach.

Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar sreafaí ábhar gásach iarmharach agus ábhar cáithníneach iarmharach de thionscnamh an gheilleagair náisiúnta agus a shreabhann isteach san atmaisféar a thaifeadadh. Chun críche an Rialacháin seo, tagraítear leis an téarma “atmaisféar” do chomhpháirt an chórais comhshaoil. Baineann teorainn an chórais leis an líne teorann idir an geilleagar náisiúnta (mar chuid den chóras eacnamaíoch) agus an t-atmaisféar (mar chuid den chóras comhshaoil). Tar éis teorainn an chórais a thrasnú, níl na substaintí astaithe faoi smacht daonna a thuilleadh agus tagann siad chun bheith ina gcuid de thimthriallacha na n-ábhar nádúrtha agus féadfaidh siad a bheith ina gcúis le roinnt cineál iarmhairtí comhshaoil.

▼M2

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir le hastaíochtaí na dtruailleán aeir seo a leanas:



Ainm

Siombail

Aonad tuairiscithe

Dé-ocsaíd charbóin gan astaíochtaí ó bhithmhais

CO2

1 000 tona (Gg)

Dé-ocsaíd charbóin ó bhithmhais

Bithmhais CO2

1 000 tona (Gg)

Ocsaíd nítriúil

N2O

tonaí (Mg)

Meatán

CH4

tonaí (Mg)

Sárfhluaracarbóin

PFCanna

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Hidreafluaracarbóin

HFCanna

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Heicseafluairíd sulfair agus trífhluairíd nítrigine

SF6 NF3

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Ocsaídí nítrigine

NOX

tonaí (Mg) coibhéisí NO2

Comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin

NMVOCanna

tonaí (Mg)

Aonocsaíd charbóin

CO

tonaí (Mg)

Ábhar cáithníneach < 10 μm

PM10

tonaí (Mg)

Ábhar cáithníneach < 2,5 μm

PM2,5

tonaí (Mg)

Ocsaídí sulfair

SOX

tonaí (Mg) coibhéisí SO2

Amóinia

NH3

tonaí (Mg)

Tuairisceofar na sonraí uile go dtí an chéad ionad deachúlach.

▼B

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mí ó dheireadh na bliana tagartha.

3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin an AE-27 ar fáil do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.

4. Is é an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

5. Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh na Ballstáit freisin sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha.

6. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha.

▼M2

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1. I gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, soláthrófar sonraí trí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a aicmiú de réir ordlathais, is é sin le rá NACE Rev. 2 (leibhéal comhiomlán A*64), a bheidh comhoiriúnach go hiomlán le CEC 95. Chomh maith leis sin, soláthrófar sonraí le haghaidh an mhéid seo a leanas:

— 
Astaíochtaí aeir a thagann ó theaghlaigh,
— 
Ítimí nasctha. is é sin le rá ítimí tuairiscithe lena réitítear go soiléir na difríochtaí idir na cuntais ar astaíochtaí aeir arna dtuairisciú faoin Rialachán seo agus na sonraí sin arna dtuairisciú sna fardail oifigiúla náisiúnta maidir le hastaíochtaí aeir.

2. Is mar seo a leanas atá an t-aicmiú de réir ordlathais dá dtagraítear i mír 1:

Astaíochtaí aeir de réir tionscail — NACE Rev. 2 (A*64)

Astaíochtaí aeir a thagann ó theaghlaigh

— 
Iompar
— 
Téamh/Fuarú
— 
Eile

Ítimí nasctha

Iomlán na gcuntas ar astaíochtaí aeir (gníomhaíochtaí táirgeachta + teaghlaigh) i gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3

Lúide na cónaitheoirí náisiúnta atá thar lear

— 
Soithigh iascaireachta náisiúnta a oibríonn thar lear
— 
Iompar de thalamh
— 
Iompar ar uisce
— 
Aeriompar

Móide neamhchónaitheoirí ar an gcríoch

Iompar de thalamh

Iompar d’uisce

Iompar d’aer

(+ nó –) 

Coigeartuithe eile agus neamhréireachtaí staidrimh

Iomlán na n-astaíochtaí de thruailleán X mar a thuairiscítear do UNFCCC ( 2 )/CLRTAP ( 3 )

▼B

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.




IARSCRÍBHINN II

MODÚL LE hAGHAIDH CÁNACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL, DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Leis an staidreamh maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, déantar sonraí a thaifeadadh agus a thíolacadh, agus an méid sin á dhéanamh ó thaobh pheirspictíocht na n-eintiteas a íocann na cánacha, agus déantar an méid sin ar shlí a luíonn go hiomlán leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC 95. Déantar ioncam cánach na ngeilleagar náisiúnta, ar ioncaim é a bhaineann leis an gcomhshaol, a thaifeadadh leo de réir gníomhaíochta eacnamaíche. Cumhdaítear táirgeadh agus tomhaltas le gníomhaíochtaí eacnamaíocha.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh ag na Ballstáit orthu, maidir le hioncaim chánach a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíochta eacnamaíche.

Féadtar, leis an staidreamh cánach a bhaineann leis an gcomhshaol, úsáid a bhaint go díreach as an staidreamh cánach agus as staidreamh maidir le hairgeadas rialtais, ach tá roinnt buntáistí ann ag baint le húsáid na sonraí cánach a thuairiscítear faoi CEC 95 más féidir é sin.

Bunaítear an staidreamh cánach a bhaineann leis an gcomhshaol ar na suimeanna arna bhfianú le measúnuithe agus dearbhuithe nó le fáltais airgid arna gcoigeartú de réir ama, chun comhsheasmhacht le CEC 95 a áirithiú agus chun inchomparáideacht idirnáisiúnta a fheabhsú.

Áirítear chomh maith in CEC 95 faisnéis i dtaobh cén tionscadail agus cén earnálacha a íocann na cánacha. Féadtar teacht ar fhaisnéis maidir le cánacha a thuairiscítear faoi CEC 95 sna cuntais earnála institiúideacha agus sna táblaí soláthair agus úsáide.

Roinn 2

CUMHDACH

Tá na teorainneacha córais céanna ag cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol agus atá ag CEC 95, agus is ionann na cánacha sin agus íocaíochtaí éigeantacha, gan chomaoin, in airgead tirim nó i gcomhchineál, arna dtobhach ag rialtas ginearálta nó ag institiúidí an Aontais.

Tagann na cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol faoi réim na gcatagóirí CEC 95 seo a leanas:

— 
cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí (D.2),
— 
cánacha reatha ar ioncam, ar rachmas, etc. (D.5),
— 
cánacha caipitiúla (D.91).

▼M2

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol de réir na saintréithe seo a leanas:

— 
cánacha fuinnimh,
— 
cánacha iompair,
— 
cánacha truaillithe,
— 
cánacha acmhainne,

Tuairisceoidh na Ballstáit freisin, mar shaintréith ar leith, maidir le hioncam cánach an rialtais arna thaifeadadh sa Chóras Cuntas Eorpach a mhéid a bhaineann lena rannpháirtíocht i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais.

Tuairisceoidh na Ballstáit freisin, mar shaintréith ar leith, maidir le cánacha eile a bhaineann leis an gcomhshaol ar áiríodh iad sna cánacha iomlána ar fhuinneamh, ar iompar, ar thruailliú nó ar acmhainní agus a ghearrtar ar chion carbóin breoslaí (cánacha eile CO2).

Tuairisceofar na sonraí uile san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 16 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020.

3. Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin AE-27 do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.

4. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.

5. Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2016 a sholáthar.

▼B

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

I gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí ó thaobh pheirspictíocht na n-eintiteas a íocann na cánacha.

I gcás táirgeoirí, tuairisceofar sonraí i bhfoirm miondealaithe de réir aicmithe ordlathais na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, is é sin le rá NACE Rev.2 (leibhéal comhiomlánaithe A*64 mar a leagtar amach in CEC 95).

I gcás tomhaltóirí, tuairisceofar sonraí i leith na nithe seo a leanas:

— 
teaghlaigh,
— 
neamhchónaitheoirí.

I gcás nach féidir an cháin a chur i leith ceann amháin de na grúpaí gníomhaíochtaí thuasluaite, tuairisceofar na sonraí mar shonraí nach ndearnadh cionroinnt ina leith.

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha, uasré na hidirthréimhse.




IARSCRÍBHINN III

MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH ÁBHAR UILE-GHEILLEAGAIR (EW-MFA)

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Le EW-MFA, déantar gach ábhar soladach, gásach agus leachtach a chumhdach, seachas sreafaí aeir agus uisce, arna dtomhas in aonaid mhaise in aghaidh na bliana. Dála chóras na gcuntas náisiúnta, tá dhá phríomhchuspóir ag gabháil le EW-MFA. Soláthraítear le sreafaí ábhair mionsonraithe bunachar sonraí saibhir eimpíreach le haghaidh staidéar anailíseach iomadúil. Úsáidtear iad freisin chun táscairí éagsúla maidir le sreabhadh ábhair uile-gheilleagair a thiomsú le haghaidh geilleagar náisiúnta.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh EW-MFA.

Roinn 2

CUMHDACH

Tá an t-idirdhealú idir stoic agus sreafaí ina bhunphrionsabal de chuid an chórais um shreabhadh ábhar. Go ginearálta, is athróg é sreabhadh lena dtomhaistear cainníocht áirithe in aghaidh tréimhse ama, ach is éard is stoc ann ná athróg lena dtomhaistear cainníocht ag pointe áirithe ama. Is coincheap sreabha é EW-MFA. Tomhaistear leis sreafaí ionchuir ábhair agus aschuir ábhair agus athruithe ar an stoc laistigh den gheilleagar in aonaid mhaise in aghaidh na bliana.

Tá EW-MFA comhsheasmhach le prionsabail chóras na gcuntas náisiúnta, amhail prionsabal an chónaithe. Áirítear leis sreafaí ábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh ar fad atá i ngeilleagar náisiúnta, gan spleáchas do shuíomh geografach na n-aonad sin.

In EW-MFA, tá dhá chineál sreafaí ábhair thar theorainneacha córais atá ábhartha:

1. 

sreafaí ábhair idir an geilleagar náisiúnta agus a thimpeallacht nádúrtha. Is ionann sin agus eastóscadh ábhar (i.e., amhábhair, garbhábhair, ógh-ábhair) ón gcomhshaol nádúrtha agus sceitheadh ábhar (dá ngairtear iarmharaigh go minic) isteach sa chomhshaol nádúrtha;

2. 

sreafaí ábhair idir an geilleagar náisiúnta agus an chuid eile de gheilleagar an domhain. Áirítear allmhairí agus onnmhairí leis seo.

Áirítear in EW-MFA na sreafaí go léir a thrasnaíonn na teorainneacha córais sin, mar aon leis na méideanna a chuirtear le stoic de dhéantús an duine. Ní léirítear aon sreafaí ábhair eile laistigh den gheilleagar in EW-MFA. Ciallaíonn sé sin go ndéantar plé sa EW-MFA leis an ngeilleagar náisiúnta ina iomláine agus nach ndéantar, mar shampla, cur síos ar sheachadtaí táirgí idir thionscail. Ar an tslí chéanna, déantar sreafaí nádúrtha laistigh den chomhshaol nádúrtha a eisiamh chomh maith.

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Déanfaidh Ballstáit staidreamh a tháirgeadh i ndáil leis na saintréithe atá liostaithe i Roinn 5 le haghaidh EW-MFA, i gcás inarb infheidhme.

1. Cumhdaítear le heastóscadh intíre (EI) méid bliantúil ábhar soladach, leachtach agus gásach (gan aer ná uisce a áireamh) a eastósctar as an gcomhshaol nádúrtha le húsáid mar ionchur sa gheilleagar.

2. Cumhdaítear le hallmhairí fisiciúla agus le honnmhairí fisiciúla gach tráchtearra allmhairithe nó onnmhairithe in aonaid mhaise. Áirítear le tráchtearraí trádáilte, earraí ag gach céim phróiseála ó amhtháirgí go hearraí críochnaithe.

▼M2

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 16 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2021.

3. Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin AE-27 do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.

4. Is é 2021 an chéad bhliain tagartha.

5. Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2017 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

Déanfar sonraí, arna sloinneadh in aonaid mhaise, a sholáthar le haghaidh na saintréithe atá liostaithe sna táblaí seo a leanas.

Tábla A — Eastóscadh intíre

MF.1 

Bithmhais

MF.1.1 

Barra (gan barra farae a áireamh)

MF.1.1.1 

Gránaigh

MF.1.1.2 

Fréamhacha, tiúbair

MF.1.1.3 

Barra siúcra

MF.1.1.4 

Barra piseánacha

MF.1.1.5 

Cnónna

MF.1.1.6 

Barra olúla

MF.1.1.7 

Glasraí

MF.1.1.8 

Torthaí

MF.1.1.9 

Snáithíní

MF.1.1.A 

Barra eile (gan barra farae a áireamh) nach n-aicmítear in áit ar bith eile

MF.1.2 

Iarmhair barr (úsáidte), barra farae agus bithmhais innilte

MF.1.2.1 

Iarmhair barr (úsáidte)

MF.1.2.1.1 

Tuí

MF.1.2.1.2 

Iarmhair barr eile (duilleoga biatais siúcra agus duilleoga biatais farae, etc.)

MF.1.2.2 

Barra farae agus bithmhais innilte

MF.1.2.2.1 

Barra farae (lena n-áirítear fómhar bithmhaise ó thalamh féaraigh)

MF.1.2.2.2 

Bithmhais innilte

MF.1.3 

Adhmad

MF.1.3.1 

Adhmad (lomáin chruinne thionsclaíoch)

MF.1.3.2 

Adhmad tine agus eastóscadh eile

MF.1.4 

Gabháil éisc fhiáin, plandaí uisceacha/ainmhithe uisceacha, fiach agus cnuasach

MF.1.4.1 

Gabháil éisc fhiáin

MF.1.4.2 

Na hainmhithe uisceacha agus na plandaí uisceacha uile eile

MF.1.4.3 

Fiach agus cnuasach

MF.2 

Mianta miotail (ollmhianta)

MF.2.1 

Iarann

MF.2.2 

Miotal neamhfheiriúil

MF.2.2.1 

Copar

MF.2.2.2 

Nicil

MF.2.2.3 

Luaidhe

MF.2.2.4 

Sinc

MF.2.2.5 

Stán

MF.2.2.6 

Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara eile

MF.2.2.7 

Báicsít agus alúmanam eile

MF.2.2.8 

Úráiniam agus tóiriam

MF.2.2.9 

Miotail neamhfheiriúla eile

MF.3 

Mianraí neamh-mhiotalacha

MF.3.1 

Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt, cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn a áireamh)

MF.3.2 

Cailc agus dolaimít

MF.3.3 

Slinn

MF.3.4 

Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin

MF.3.5 

Salann

MF.3.6 

Aolchloch agus gipseam

MF.3.7 

Créanna agus caoilín

MF.3.8 

Gaineamh agus gairbhéal

MF.3.9 

Mianraí neamh-mhiotalacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

MF.3.A 

Ábhair chré thochailte (lena n-áirítear ithir), ach amháin i gcás ina n-úsáidtear iad (tuairisciú roghnach)

MF.4 

Ábhair fuinnimh iontaise/iompróirí fuinnimh iontaise

MF.4.1 

Gual agus ábhair/iompróirí fuinnimh sholadaigh eile

MF.4.1.1 

Lignít (gual donn)

MF.4.1.2 

Gual crua

MF.4.1.3 

Sceall ola agus gainimh tharra

MF.4.1.4 

Móin

MF.4.2 

Ábhair/iompróirí fuinnimh leachtaigh agus ghásaigh

MF.4.2.1 

Amhola, comhdhlútháin agus gáis nádúrtha leachtaithe (GNL)

MF.4.2.2 

Gás nádúrtha

Táblaí B (Allmhairí — Trádáil iomlán), agus D (Onnmhairí — Trádáil iomlán)

MF.1 

Bithmhais

MF.1.1 

Barra (gan barra farae a áireamh)

MF.1.1.1 

Gránaigh

MF.1.1.2 

Fréamhacha, tiúbair

MF.1.1.3 

Barra siúcra

MF.1.1.4 

Barra piseánacha

MF.1.1.5 

Cnónna

MF.1.1.6 

Barra olúla

MF.1.1.7 

Glasraí

MF.1.1.8 

Torthaí

MF.1.1.9 

Snáithíní

MF.1.1.A 

Barra eile (gan barra farae a áireamh) nach n-aicmítear in áit ar bith eile

MF.1.2 

Iarmhair barr (úsáidte), barra farae agus bithmhais innilte

MF.1.2.1 

Iarmhair barr (úsáidte)

MF.1.2.1.1 

Tuí

MF.1.2.1.2 

Iarmhair barr eile (duilleoga biatais siúcra agus duilleoga biatais farae, etc.)

MF.1.2.2 

Barra farae agus bithmhais innilte

MF.1.2.2.1 

Barra farae (lena n-áirítear fómhar bithmhaise ó thalamh féaraigh)

MF.1.3 

Adhmad

MF.1.3.1 

Adhmad (lomáin chruinne thionsclaíoch)

MF.1.3.2 

Adhmad tine agus eastóscadh eile

MF.1.4 

Gabháil éisc fhiáin, plandaí uisceacha/ainmhithe uisceacha, fiach agus cnuasach

MF.1.4.1 

Gabháil éisc fiáin

MF.1.4.2 

Na hainmhithe uisceacha agus na plandaí uisceacha uile eile

MF.1.5 

Ainmhithe beo agus táirgí ainmhithe (seachas iasc fiáin, plandaí agus ainmhithe uisceacha, ainmhithe a fhiachtar agus a chnuasaítear)

MF.1.5.1 

Ainmhithe beo (seachas iasc fiáin, plandaí agus ainmhithe uisceacha, ainmhithe a fhiachtar agus a chnuasaítear)

MF.1.5.2 

Feoil agus ullmhóidí feola

MF.1.5.3 

Táirgí déiríochta, éin, uibheacha agus mil

MF.1.5.4 

Táirgí eile a fhaightear ó ainmhithe (snáithíní ainmhithe, seithí ainmhithe, fionnadh ainmhithe, leathar ainmhithe, etc.)

MF.1.6 

Táirgí a fhaightear go príomha ó bhithmhais

MF.2 

Mianta miotail (ollmhianta)

MF.2.1 

Iarann

MF.2.2 

Miotal neamhfheiriúil

MF.2.2.1 

Copar

MF.2.2.2 

Nicil

MF.2.2.3 

Luaidhe

MF.2.2.4 

Sinc

MF.2.2.5 

Stán

MF.2.2.6 

Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara eile

MF.2.2.7 

Báicsít agus alúmanam eile

MF.2.2.8 

Úráiniam agus tóiriam

MF.2.2.9 

Miotail neamhfheiriúla eile

MF.2.3 

Táirgí a fhaightear go príomha ó bhithmhais

MF.3 

Mianraí neamh-mhiotalacha

MF.3.1 

Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt, cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn a áireamh)

MF.3.2 

Cailc agus dolaimít

MF.3.3 

Slinn

MF.3.4 

Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin

MF.3.5 

Salann

MF.3.6 

Aolchloch agus gipseam

MF.3.7 

Créanna agus caoilín

MF.3.8 

Gaineamh agus gairbhéal

MF.3.9 

Mianraí neamh-mhiotalacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

MF.3.B 

Táirgí a fhaightear go príomha ó mhianraí neamh-mhiotalacha

MF.4 

Ábhair fuinnimh iontaise/iompróirí fuinnimh iontaise

MF.4.1 

Gual agus ábhair/iompróirí fuinnimh sholadaigh eile

MF.4.1.1 

Lignít (gual donn)

MF.4.1.2 

Gual crua

MF.4.1.3 

Sceall ola agus gainimh tharra

MF.4.1.4 

Móin

MF.4.2 

Ábhair/iompróirí fuinnimh leachtaigh agus ghásaigh

MF.4.2.1 

Amhola, comhdhlútháin agus leachtanna gáis nádúrtha (GNL)

MF.4.2.2 

Gás nádúrtha

MF.4.2.3 

Breosla arna chur in umar (Allmhairí: ag aonaid chónaitheacha thar lear; Onnmhairí: ag aonaid neamhchónaitheacha ar bhonn intíre)

MF.4.2.3.1 

Breosla le haghaidh iompair de thalamh

MF.4.2.3.2 

Breosla le haghaidh iompair d’uisce

MF.4.2.3.3 

Breosla le haghaidh iompair d’aer

MF.4.3 

Táirgí a fhaightear go príomha ó tháirgí fuinnimh iontaise

MF.5 

Táirgí eile

MF.6 

Dramhaíl le haghaidh cóireáil deiridh agus diúscairte

▼B

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.

▼M1




IARSCRÍBHINN IV

MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR CHAITEACHAS I LEITH CHOSAINT AN CHOMHSHAOIL

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Le cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, déantar, ar shlí atá comhoiriúnach leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC, sonraí a thíolacadh maidir leis an gcaiteachas ar chosaint an chomhshaoil, i.e. na hacmhainní eacnamaíocha arna gcaitheamh ag aonaid chónaitheacha ar chosaint an chomhshaoil. Le cuntais den sórt sin, tugtar an deis tiomsú a dhéanamh ar chaiteachas náisiúnta i leith chosaint an chomhshaoil, arna shainmhíniú mar shuim na n-úsáidí a bhaineann aonaid chónaitheacha as seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil, an ollfhoirmithe caipitil sheasta (OFCS) le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le cosaint an chomhshaoil, agus aistrithe do chosaint an chomhshaoil nach bhfuil ina gcontrapháirt i leith ítimí roimhe sin, lúide maoiniú ón gcuid eile den domhan.

Sna cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, ba cheart go mbainfí leas as an bhfaisnéis atá ann cheana féin sna cuntais náisiúnta (cuntais táirgthe agus giniúna ioncaim; OFCS de réir NACE, táblaí soláthair agus úsáide; sonraí bunaithe ar aicmiú fheidhmeanna an rialtais), i staidreamh struchtúrach gnó, sa chlár gnó agus i bhfoinsí eile.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit chun críocha na gcuntas ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit chuige sin.

Roinn 2

CUMHDACH

Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil agus atá ag CEC agus taispeántar iontu caiteachas i leith chosaint an chomhshaoil maidir le príomhghníomhaíochtaí, gníomhaíochtaí tánaisteacha agus gníomhaíochtaí coimhdeacha. Cumhdaítear na hearnálacha seo a leanas:

— 
rialtas ginearálta (institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh) agus corparáidí mar earnálacha institiúideacha a tháirgeann seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil. Táirgeann saintáirgeoirí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil mar a bpríomhghníomhaíocht,
— 
teaghlaigh, rialtas ginearálta agus corparáidí mar thomhaltóirí de sheirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,
— 
an chuid eile den domhan mar thairbhí nó foinse na n-aistrithe le haghaidh chosaint an chomhshaoil.

▼M2

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Déanfaidh na Ballstáit cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil a sholáthar de réir na saintréithe seo a leanas atá sainmhínithe i gcomhréir le CEC:

— 
aschur na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil. Déantar aschur margaidh, aschur neamh-mhargaidh agus aschur gníomhaíochtaí coimhdeacha a idirdhealú,
— 
tomhaltas idirmheánach na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil
— 
tomhaltas idirmheánach na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil ar mhaithe le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil a tháirgeadh,
— 
allmhairí agus onnmhairí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,
— 
cáin bhreisluacha (CBL) móide cánacha eile, lúide fóirdheontais ar tháirgí a bhaineann le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,
— 
ollfhoirmiú caipitil sheasta agus éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamh-tháirgthe neamhairgeadais ar mhaithe le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil a tháirgeadh,
— 
tomhaltas deiridh na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,
— 
aistrithe cosanta comhshaoil (faighte/íoctha).

Tuairisceofar na sonraí uile san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020.

3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin AE-28 do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.

4. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.

5. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n – 2, n – 1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2018 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1. I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí agus iad miondealaithe de réir:

— 
cineálacha táirgeoirí/tomhaltóirí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil mar atá sainmhínithe i Roinn 2,
— 
aicmí d’aicmiú na ngníomhaíochtaí maidir le cosaint an chomhshaoil (CEPA) agus iad grúpáilte mar a leanas:
— 
CEPA 1
— 
CEPA 2
— 
CEPA 3
— 
CEPA 4
— 
CEPA 5
— 
CEPA 6
— 
Suim CEPA 7, CEPA 8 agus CEPA 9
— 
Na miondealuithe NACE seo a leanas maidir le táirgeadh coimhdeach seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil: NACE Rev. 2 B, C, D, Rannán 36. Déanfar sonraí ó roinn C a thíolacadh mar seo a leanas:
— 
NACE C10-C12 - Monarú táirgí bia; deochanna agus táirgí tobac
— 
NACE C17 - Monarú páipéir agus táirgí páipéir
— 
NACE C19-20 - Monarú cóic, ceimiceáin agus peitriliam scagtha agus táirgí ceimiceáin
— 
NACE C 21-23 - Monarú earraí cógaisíochta, rubair, plaistigh agus táirgí eile neamh-mhiotalacha
— 
NACE C 24 - Monarú miotal bunúsach
— 
NACE C 25-30 – Monarú táirgí déanta as miotal, lena n-áirítear innealra agus trealamh
— 
NACE C13-16, 18, 31-33 – gníomhaíochtaí monaraíochta eile

I gcás na mBallstát inar lú ná 1 % d’iomlán an Aontais méid iomlán an láimhdeachais nó an líon daoine atá fostaithe i gceann amháin nó níos mó de na miondealuithe NACE seo, ní gá dóibh sonraí a sholáthar maidir leis na miondealuithe NACE sin.

2. Is mar a leanas atá aicmí CEPA dá dtagraítear i bpointe 1:

CEPA 1 — Cosaint an aeir thimpeallaigh agus na haeráide
CEPA 2 — Bainistiú fuíolluisce
CEPA 3 — Bainistiú dramhaíola
CEPA 4 — Cosaint agus feabhsú ithreach, screamhuisce agus uisce dromchla
CEPA 5 — Laghdú torainn agus creatha
CEPA 6 — Cosaint na bithéagsúlachta agus na dtírdhreach
CEPA 7 — Cosaint i gcoinne radaíochta
CEPA 8 — Taighde agus forbairt i réimse an chomhshaoil
CEPA 9 — Gníomhaíochtaí eile ar mhaithe leis an gcomhshaol a chosaint.

▼M1

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.




IARSCRÍBHINN V

MODÚL LE hAGHAIDH CHUNTAIS NA hEARNÁLA UM EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Leis an staidreamh maidir le hearraí agus seirbhísí comhshaoil, déantar sonraí a thaifeadadh agus a thíolacadh maidir le gníomhaíochtaí táirgthe na ngeilleagar náisiúnta a ndéantar táirgí comhshaoil iontu ar shlí a luíonn leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC.

Ba cheart go mbainfí úsáid i gcuntais na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil as an bhfaisnéis ó na cuntais náisiúnta atá ann cheana féin, ó staidreamh struchtúrach gnó, ón gclár gnó agus ó fhoinsí eile.

Sainítear leis an Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh earraí agus seirbhísí comhshaoil.

Roinn 2

CUMHDACH

Tá na teorainneacha córais céanna ag an earnáil um earraí agus seirbhísí comhshaoil agus atá ag CEC agus cuimsítear ann gach earra agus seirbhís comhshaoil a chruthaítear laistigh de theorainn an táirgthe. Is é an sainmhíniú a dhéantar ar tháirgeadh in CEC an ghníomhaíocht a dhéantar faoi rialú agus faoi fhreagracht aonaid institiúidigh a bhaineann úsáid as ionchur saothair, caipitil agus earraí agus seirbhísí chun earraí agus seirbhísí a tháirgeadh.

Tagann earraí agus seirbhísí comhshaoil faoi réim na gcatagóirí seo a leanas: seirbhísí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol, táirgí de chuspóir comhshaoil amháin (táirgí bainteacha), earraí oiriúnaithe agus teicneolaíochtaí comhshaoil.

▼M2

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an éicithionscal de réir na saintréithe seo a leanas:

— 
aschur an éicithionscail ina iomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh,
— 
onnmhairí an éicithionscail ina iomláine,
— 
breisluach an éicithionscail ina iomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh,
— 
fostaíocht san éicithionscal ina iomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh.

Tuairisceofar na sonraí uile san airgeadra náisiúnta de réir milliúin, seachas an tsaintréith “fostaíocht”, a mbeidh an t-aonad tuairiscithe “coibhéis lánaimseartha” ann ina leith.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 22 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020.

3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin AE-28 do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.

4. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.

5. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n – 2, n – 1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2018 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1. I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí agus iad tras-aicmithe de réir an méid seo a leanas:

— 
aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, NACE Rev. 2 grúpáilte mar a leanas:
— 
NACE A
— 
NACE B
— 
NACE C
— 
NACE D
— 
NACE E
— 
NACE F
— 
NACE J
— 
NACE M
— 
NACE O
— 
NACE P
— 
Suim NACE G + NACE H + NACE I + NACE K + NACE L + NACE N + NACE Q + NACE R + NACE S + NACE T + NACE U
— 
aicmí d’aicmiú na ngníomhaíochtaí caomhnaithe comhshaoil (CEPA) agus aicmiú na ngníomhaíochtaí bainistithe acmhainní (CReMA) grúpáilte mar a leanas:
— 
CEPA 1
— 
CEPA 2
— 
CEPA 3
— 
CEPA 4
— 
CEPA 5
— 
CEPA 6
— 
Suim CEPA 7, CEPA 8 agus CEPA 9
— 
CReMA 10
— 
CReMA 11
— 
CReMA 13
— 
CReMA 13A
— 
CReMA 13B
— 
CReMA 13C
— 
CReMA 14
— 
Suim CReMA 12, CReMA 15 agus CReMA 16

2. Is in Iarscríbhinn IV a leagtar amach aicmí CEPA dá dtagraítear i bpointe 1. Is mar a leanas atá aicmí CEPA dá dtagraítear i bpointe 1:

CReMA 10 — Bainistiú uisce
CReMA 11 — Bainistiú acmhainní foraoise
CReMA 12 — Bainistiú flóra agus fána fhiáin
CReMA 13 — Bainistiú acmhainní fuinnimh:
CReMA 13A — Táirgeadh fuinnimh ó acmhainní in-athnuaite
CReMA 13B — Coigilt agus bainistiú teasa/fuinnimh
CReMA 13C — Íoslaghdú ar úsáid fuinnimh iontaise mar amhábhair
CReMA 14 — Bainistiú mianraí
CReMA 15 — Gníomhaíochtaí taighde agus forbartha maidir le bainistiú acmhainní
CReMA 16 — Gníomhaíochtaí bainistithe acmhainní eile.

▼M1

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.




IARSCRÍBHINN VI

MODÚIL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH FISICIÚIL FUINNIMH

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sonraí a thíolacadh maidir le sreafaí fisiciúla fuinnimh, arna sloinneadh i dteirigiúil, ar shlí a luíonn go hiomlán le CEC. Déantar taifeadadh i gcuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh ar shonraí fuinnimh a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha aonaid chónaitheacha na ngeilleagar náisiúnta agus iad miondealaithe de réir gníomhaíochta eacnamaíche. Léiríonn siad soláthar agus úsáid na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh agus na n-iarmharach fuinnimh. Tá táirgeadh, tomhaltas agus carnadh cuimsithe sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit, le haghaidh cuntas ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh.

Roinn 2

CUMHDACH

Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh agus atá ag CEC agus tá siad bunaithe freisin ar phrionsabal an chónaithe.

I gcomhréir le CEC, deirtear gurb ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad leasa eacnamaíoch an aonaid i gcríoch eacnamaíoch na tíre sin, is é sin le rá, nuair a bhíonn sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin.

Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sreafaí fisiciúla fuinnimh a eascraíonn as gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh a thaifeadadh, beag beann ar an áit as a dtagann na sreafaí sin go geografach.

Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sreafaí fisiciúla fuinnimh a thaifeadadh ón gcomhshaol chuig an ngeilleagar, laistigh den gheilleagar, agus ón ngeilleagar ar ais chuig an gcomhshaol.

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Déanfaidh na Ballstáit cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh a tháirgeadh de réir na saintréithe seo a leanas:

— 
na sreafaí fisiciúla fuinnimh agus iad grúpáilte i dtrí chatagóir ghinearálta:
(i) 

ionchuir fuinnimh nádúrtha,

(ii) 

táirgí fuinnimh,

(iii) 

iarmharaigh fuinnimh.

— 
foinse na sreafaí fisiciúla fuinnimh, agus iad grúpáilte i gcúig chatagóir: táirgeadh, tomhaltas, carnadh, an chuid eile den domhan agus an comhshaol,
— 
ceann scríbe na sreafaí fisiciúla, agus iad grúpáilte sna cúig chatagóir chéanna ná foinse na sreafaí fisiciúla fuinnimh.

Tuairisceofar na sonraí ar fad i dteirigiúil.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.

3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d'iomláin AE-28 ar fáil do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.

4. Is é 2015 an chéad bhliain tagartha.

5. Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2014 go dtí an chéad bhliain tagartha.

6. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n–2, n–1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil do na blianta roimh 2014 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1. I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar na sonraí seo a leanas in aonaid fhisiciúla:

— 
Tábla úsáide le haghaidh sreafaí fuinnimh. Déantar soláthar na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh, agus na n-iarmharach fuinnimh (sna sraitheanna) de réir foinse, i.e. “soláthraí” (sna colúin) a thaifeadadh sa tábla seo.
— 
Tábla úsáide le haghaidh sreafaí fuinnimh. Déantar úsáid na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh, agus na n-iarmharach fuinnimh (sna sraitheanna) de réir cinn scríbe, i.e. “úsáideoir” (sna colúin) a thaifeadadh sa tábla seo.
— 
Tábla d'úsáid sreafaí fuinnimh a bhaineann le hastaíochtaí. Déantar úsáid na n-ionchur fuinnimh nádúrtha agus na dtáirgí fuinnimh a bhaineann le hastaíochtaí (sna sraitheanna) de réir an aonaid úsáide agus astaíochta (sna colúin) a thaifeadadh sa tábla seo.
— 
Tábla ceangail ina dtaispeántar na gnéithe éagsúla lena ndéantar suas an difríocht idir na cuntais fuinnimh agus na comharduithe fuinnimh.

2. Tá leagan amach coiteann ó thaobh sraitheanna agus colún de ag táblaí soláthair agus úsáide sreafaí fuinnimh (lena n-áirítear sreafaí a bhaineann le hastaíochtaí).

3. Seasann na colúin d'fhoinsí (soláthar) nó do chinn scríbe (úsáid) na sreafaí fisiciúla. Tá na colúin grúpáilte i gcúig chatagóir:

— 
Baineann “táirgeadh” le táirgeadh earraí agus seirbhísí. Déantar gníomhaíochtaí táirgthe a aicmiú de réir NACE Rev. 2 agus tuairiscítear sonraí sa leibhéal comhiomlánaithe A*64.
— 
Cuirtear gníomhaíochtaí “tomhaltais” i láthair ina n-iomláine agus roinntear iad freisin ina dtrí fho-aicme (iompar, téamh/fuarú, eile) maidir le tomhaltas deiridh na dteaghlach.
— 
Tagraíonn “carnadh” do na hathruithe i stoic táirgí fuinnimh laistigh den gheilleagar.
— 
Is é a thaifeadtar faoi “an chuid eile den domhan” na sreafaí de tháirgí allmhairithe agus onnmhairithe.
— 
Is é a thaifeadtar faoi “comhshaol” foinse na sreafaí ionchuir nádúrtha agus ceann scríbe na sreafaí iarmharaigh.

4. Sna sraitheanna, déantar tuairisc ar an gcineál sreafa fhisiciúil mar atá aicmithe sa chéad fhleasc de Roinn 3.

5. Is mar a leanas atá aicmiú na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh agus na n-iarmharach fuinnimh:

— 
tá ionchuir fuinnimh nádúrtha grúpáilte in ionchuir fuinnimh nádúrtha nach bhfuil in-athnuaite agus in ionchuir fuinnimh nádúrtha in-athnuaite,
— 
tá táirgí fuinnimh grúpáilte de réir an aicmithe a úsáidtear i staidreamh Eorpach fuinnimh,
— 
iarmharaigh fuinnimh, lena gcuimsítear dramhaíl (gan luach airgid); caillteanais le linn eastósctha/astarraingthe, leithdháileadh/iompair, claochlú/tiontú agus stórála; chomh maith le hítimí comhardaithe chun na táblaí soláthair agus úsáide a chomhardú.

6. Déantar an “ceangal” idir táscaire phrionsabal an chónaithe agus an táscaire críochbhunaithe a thíolacadh don gheilleagar náisiúnta iomlán (gan aon mhiondealú de réir tionscail) agus faightear é mar seo a leanas:

úsáid iomlán fuinnimh ag aonaid chónaitheacha:

— 

úsáid fuinnimh ag aonaid chónaitheacha thar lear

úsáid fuinnimh ag neamhchónaitheoirí ar an gcríoch

difríochtaí staidrimh

olltomhaltas fuinnimh intíre (críochbhunaithe)

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.



( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1)

( 2 ) Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide.

( 3 ) An Coinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin.

Na vrh