MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (Rialachán maidir le CEM), leagtar síos rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh feoil éanlaithe clóis agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leith sin. Chun feidhmiú rianúil mhargadh na feola éanlaithe clóis a áirithiú sa chreat dlíthiúil nua, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin na ngníomhartha sin. Ba cheart na gníomhartha sin a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 543/2008 ón gCoimisiún, ar cheart é a aisghairm dá bhrí sin.
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], d’fhógair sé athbhreithniú ar chaighdeáin mhargaíochta chun foráil a dhéanamh maidir le glacadh agus soláthar táirgí talmhaíochta inbhuanaithe agus chun ról na gcritéar inbhuanaitheachta a threisiú agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na caighdeáin sin ar chaillteanas agus cur amú bia á chur san áireamh.
Leis an Rialachán Tarmligthe seo, cuirtear athruithe áirithe i láthair ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana chun an inbhuanaitheacht a threisiú.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit laistigh den Mheitheal Saineolaithe um Margaí Talmhaíochta, an fo-ghrúpa Táirgí de Bhunadh Ainmhíoch, le linn chruinnithe an 20 Deireadh Fómhair 2022, an 17 Samhain 2022, an 15 Nollaig 2022, an 19 Eanáir 2023 agus an 22 Feabhra 2023.
Tharchuir an Coimisiún an dréachtghníomh tarmligthe chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus cruinnithe an tSainghrúpa á gcomóradh.
Cuireadh an dréachtrialachán tarmligthe in airde ar thairseach an Choimisiúin Eorpaigh ‘Cloisimis uait’ ón 21 Aibreán 2023 go dtí an 19 Bealtaine 2023 chun tuairimí na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara a bhailiú. Fuarthas 2 245 mhír aiseolais san iomlán ina thaobh, as ar fágadh 2 136 mhír aiseolais a foilsíodh, tar éis feachtais agus aighneachtaí neamhbhailí eile a bhaint. Ba iad saoránaigh den Aontas Eorpach a chuir 86 % den aiseolas bailí isteach, agus tháinig an chuid eile de ó chineálacha éagsúla páirtithe leasmhara (6 % Cuideachta/gnó; 3 % eagraíochtaí neamhrialtasacha; 2 % Comhlachas Gnó).
Baineann formhór an aiseolais leis an gcaighdeán margaíochta maidir le foie gras. Ina measc tá tuairimí i bhfabhar na rialacha reatha a choimeád (chun cáilíocht an táirge a chaomhnú) mar aon le tuairimí eile lena bhfuiltear ag moladh deireadh a chur leis ar bhonn imní maidir le leas ainmhithe. Ní mór a chur i gcuimhne go mbaineann an caighdeán margaíochta le tuairisc a thabhairt ar ae sailleach mar ae a bhfuil meáchan íosta ann, agus go mbaineann sé leis an méid sin amháin, dá bhrí sin, dá mbainfí é, ní chuirfí cosc ar bheathú iallaigh a úsáid (a mbainfeadh a rialú le reachtaíocht maidir le leas ainmhithe).
Tugtar aghaidh ar ábhar eile i roinnt mhaith míreanna aiseolais, is é sin úsáid Téarmaí Roghnacha Forchoimeádta (dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Rialachán). Cuireadh roinnt tuairimí in iúl ina moltar na rialacha a dhéanamh níos solúbtha arís, agus a mhalairt ar fad i dtuairimí eile, ina moltar cur chuige níos sriantaí. Leis an dréachtú bunaidh ón gCoimisiún, baintear amach cothromaíocht chóir idir an dá sheasamh, i.e., luach na modhanna feirmeoireachta aitheanta atá ann cheana a chaomhnú agus an tráth céanna, úsáid téarmaí nua a cheadú faoi choinníollacha rialaithe áirithe.
Tá roinnt páirtithe leasmhara ag éileamh go ndéanfaí na huasteorainneacha maidir leis an gcion uisce i bhfeoil éanlaithe clóis a thabhairt cothrom le dáta (go gcuirfí in airde iad), toisc go bhfágann teicnící pórúcháin nua-aimseartha (pórtha a fhásann go tapa) go mbíonn cion uisce fiseolaíoch níos airde in ainmhithe. Chun freastal ar ábhair imní na dtomhaltóirí agus ar cheisteanna maidir le leas ainmhithe, is fearr gan na teorainneacha reatha maidir leis an gcion uisce a mhéadú (arbh í an chonclúid ar thángthas uirthi sa mheasúnú tionchair).
Tugadh fógra faoi sin do chomhpháirtithe EDT.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Tá 19 n‑airteagal sa ghníomh ina bhfuil forálacha ó Rialachán (CE) Uimh. 543/2008 ón gCoimisiún nach mór a chur chun feidhme le gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir leis an tarmligean a thugtar in Airteagail 75(2), 79, 86(a) agus 89 den Rialachán maidir le CEM. Baineann na forálacha sin leis na critéir aicmithe, na ceanglais mharcála agus phacála, an cineál feirmeoireachta agus an modh táirgthe, an leasú agus an láimhseáil, an úsáid téarmaí roghnacha forchoimeádta, na leibhéil lamháltais agus na coinníollacha maidir le hallmhairí agus onnmhairí.
Leis an Rialachán Tarmligthe, cuirtear leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, cuirtear athruithe áirithe i láthair, agus cuirtear san áireamh, i measc nithe eile, ábhair imní inbhuanaitheachta agus ionchais nua ó thomhaltóirí.
I gcomparáid leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme faoi láthair, tugtar isteach leis an ngníomh tarmligthe seo na príomhleasuithe seo a leanas:
–Soiléiriú a dhéanamh ar an raon feidhme, a theorannaítear do na táirgí feola éanlaithe clóis a liostaítear in Airteagal 2 den Rialachán seo.
–An sainmhíniú ar tháirgí nua a chur isteach agus na sainmhínithe atá ann cheana a choigeartú chun trédhearcacht in idirbhearta gnólacht le gnólacht a áirithiú agus ionchais tomhaltóirí a chur san áireamh.
–Na ceanglais a shimpliú maidir le feoil éanlaithe clóis a lipéadú agus a chur i láthair.
–Téarmaí seachas na téarmaí atá liostaithe faoi láthair i Rialachán 543/2008 ón gCoimisiún a cheadú chun modhanna feirmeoireachta éagsúla a bhfuil saintréithe inbhuanaitheachta iontu a chumhdach.
–Rialacha maidir le marcáil ‘saor-raoin’ a ailíniú leis na rialacha is infheidhme maidir le huibheacha i gcás ina gcuirtear cosc ar éin rochtain a bheith acu ar chlóis faoin aer ar bhonn reachtaíocht an Aontais.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 6.10.2025
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh feoil éanlaithe clóis, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 543/2008 ón gCoimisiún
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 75(2), Airteagal 79, Airteagal 86, pointe (a) agus Airteagal 89 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], d’fhógair sé athbhreithniú ar chaighdeáin mhargaíochta chun foráil a dhéanamh maidir le glacadh agus soláthar táirgí talmhaíochta inbhuanaithe agus chun ról na gcritéar inbhuanaitheachta a threisiú agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na caighdeáin sin ar chaillteanas agus cur amú bia á chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na caighdeáin mhargaíochta feola éanlaithe clóis atá ann cheana a mhodhnú freisin agus forbairtí teicniúla agus éileamh tomhaltóirí agus éabhlóid an fhliú éanúil á gcur san áireamh mar thoisc riosca le haghaidh táirgeoirí feola éanlaithe clóis saor-raoin.
(2)Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a aisghairm, agus cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ina ionad. Le Cuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, leagtar síos rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh feoil éanlaithe clóis agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leith sin. Chun feidhmiú rianúil mhargadh na feola éanlaithe clóis a áirithiú sa chreat dlíthiúil nua, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin na ngníomhartha sin. Ba cheart an Rialachán seo agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2025)8101] ón gCoimisiún a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 543/2008 ón gCoimisiún, Rialachán ba cheart a aisghairm dá bhrí sin.
(3)Chun gur féidir le margadh na n‑uibheacha feidhmiú go rianúil, ba cheart go gcumhdófaí leis na caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha na critéir aicmithe, an leasú agus an láimhseáil, na ceanglais mharcála agus phacála, an úsáid téarmaí roghnacha forchoimeádta, na leibhéil lamháltais mar aon leis na coinníollacha maidir le hallmhairí agus onnmhairí. Ós rud é go bhfuil dlúthnasc idir na gnéithe sin go léir, ba cheart na rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh feoil éanlaithe clóis a choimeád ina sraith chomhleanúnach rialacha, agus dá bhrí sin ba cheart iad a leagan síos in aon ghníomh tarmligthe amháin.
(4)Chun foráil a dhéanamh maidir le feoil éanlaithe clóis a mhargú in aicmí éagsúla de réir crutha agus dealraimh, is gá sainmhínithe a leagan síos a bhaineann le speiceas, aois agus cur i láthair i gcás conablach, mar aon le cruth anatamaíoch agus a bhfuil iontu ó thaobh na hanatamaíochta de i gcás gearrthacha éanlaithe clóis. I gcás an táirge ar a dtugtar fois gras, mar gheall ar an ardluach atá air agus an riosca go spreagfaidh sé sin cleachtais chalaoiseacha, is gá íoschaighdeáin mhargaíochta an-bheacht a leagan síos.
(5)Ní gá na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm maidir le táirgí agus bealaí cur i láthair áirithe a bhfuil tábhacht áitiúil leo nó a bhfuil tábhacht theoranta leo ar bhealach eile. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh ainmneacha faoina ndíoltar táirgí den sórt sin an tomhaltóir amú ar bhealach ábhartha trína fhágáil go meascfadh sé na táirgí sin le táirgí atá faoi réir na gcaighdeán. Ar an mbealach céanna, ba cheart téarmaí tuairisciúla breise a úsáidtear chun ainmneacha táirgí den sórt sin a cháiliú a bheith faoi réir na gcaighdeán freisin.
(6)D’fhonn an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ba cheart sainmhíniú a thabhairt ar na téarmaí ‘conablach’, ‘gearrthacha’ agus ‘margú’.
(7)Tá an teocht stórála agus láimhseála ríthábhachtach chun ardchaighdeáin cháilíochta a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, is iomchuí íosteocht a leagan síos ag a gcoinneofar táirgí fuaraithe feola éanlaithe clóis chomh maith le lamháltais maidir leis an íosteocht sin.
(8)I measc na dtásca a bhfuil an rogha ann iad a úsáid ar an lipéadú tá na tásca sin a bhaineann leis an modh fuaraithe agus na cineálacha feirmeoireachta ar leith. Ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, ní mór úsáid na dtásc a bhaineann leis na cineálacha feirmeoireachta a bheith faoi réir comhlíonadh critéar atá sainithe go mion maidir le coinníollacha feirmeoireachta, an aois tráth an mharaithe, fad na tréimhse ramhraithe nó comhdhéanamh na beatha.
(9)Nuair a chuirtear ‘feirmeoireacht saor-raoin’ ar an lipéad i gcás feoil ó lachain agus géanna a choimeádtar chun foie gras a tháirgeadh, is gá freisin tásc faoin méid sin a sholáthar ar an lipéad chun a áirithiú go bhfuil faisnéis iomlán ag an tomhaltóir faoi shaintréithe na dtáirgí.
(10)Ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, ba cheart do na Ballstáit faireachas buan a dhéanamh ar chomhoiriúnacht táirgí feola éanlaithe clóis a dhíoltar ina gcríocha le dlí an Aontais, lena n‑áirítear na caighdeáin mhargaíochta agus aon bheart náisiúnta arna ghlacadh de bhun na bhforálacha sin. Ba cheart gnóthais a úsáideann téarmaí a thagraíonn do chineálacha feirmeoireachta ar leith a iniúchadh agus ba cheart dóibh taifid mhionsonraithe a choinneáil ar bun chun na críche sin.
(11)I bhfianaise chineál speisialaithe na n‑iniúchtaí, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a bheith in ann freagracht astu a tharmligean chuig comhlachtaí seachtracha cuícheadúnaithe atá cáilithe mar is cuí, gan dochar do mhaoirseacht agus réamhchúraimí iomchuí. Ba cheart rialacha a leagan síos chun na críche sin.
(12)D’fhéadfadh sé gur mhian le hoibreoirí i dtríú tíortha úsáid a bhaint as na tásca roghnacha a bhaineann le modhanna fuaraithe agus cineálacha feirmeoireachta. Chun a áirithiú go dtairbheoidh tomhaltóirí d’fhaisnéis chruinn iontaofa, ba cheart foráil a dhéanamh go ndéanfaidh siad amhlaidh, faoi réir deimhniú iomchuí ó údarás inniúil an tríú tír lena mbaineann, ar deimhniú é a bheidh ar liosta arna bhunú ag an gCoimisiún.
(13)Ionas nach gcuirfear dallamullóg ar thomhaltóirí, agus i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha agus teicneolaíocha i dtáirgeadh feola éanlaithe clóis, ba cheart an t‑uaschion uisce i bhfeoil éanlaithe clóis a shocrú agus ba cheart córas faireacháin a shainiú i seamlais agus ag gach céim mhargaíochta gan prionsabal saorchúrsaíochta táirgí sa mhargadh aonair a shárú.
(14)Ba cheart ionsú uisce sa bhunaíocht táirgthe a fhíorú agus ba cheart modhanna iontaofa a bhunú chun an cion uisce a chuirtear leis le linn ullmhú conablach éanlaithe clóis reoite nó mear-reoite a chinneadh gan idirdhealú a dhéanamh idir leacht fiseolaíoch agus uisce eile a thagann ó ullmhú na héanlaithe clóis ós rud é mbainfeadh deacrachtaí praiticiúla leis an idirdhealú sin.
(15)Ba cheart toirmeasc a chur ar fheoil éanlaithe clóis atá neamhchomhréireach a mhargú gan tásc oiriúnach ar an bpacáistíocht. Dá thoradh sin, is gá rialacha a ghlacadh maidir leis na tásca atá le marcáil ar phacáistíocht aonair agus bulcphacáistíocht ag brath ar a gceann scríbe chun seiceálacha a éascú agus chun a áirithiú nach mbainfear úsáid astu ar bhealaí nach bhfuil beartaithe.
(16)Ba cheart saotharlanna de chuid an Aontais agus saotharlanna náisiúnta tagartha a ainmniú chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann leis an gcion uisce,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le rialacha maidir leis na caighdeáin mhargaíochta le haghaidh feoil éanlaithe clóis, go háirithe maidir leis an méid seo leanas:
(a)na critéir aicmithe agus na sainmhínithe;
(b)na ceanglais maidir le cur i láthair, na ceanglais mharcála agus phacála;
(c)an cineál feirmeoireachta agus an modh táirgthe;
(d)an leasú agus an láimhseáil;
(e)téarmaí roghnacha forchoimeádta a úsáid;
(f)na leibhéil lamháltais;
(g)na coinníollacha maidir le hallmhairí.
Airteagal 2
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí a liostaítear san Airteagal seo. Ní fhéadfar táirgí seachas na táirgí dá dtagraítear san Airteagal seo a mhargú san Aontas ach amháin faoi ainmneacha nach gcuireann an tomhaltóir amú trína fhágáil go bhféadfaí iad a mheascadh leis na táirgí dá dtagraítear san Airteagal seo nó leis na tásca dá bhforáiltear in Airteagal 10, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Chun críocha an Rialacháin seo, sainmhínítear na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 75(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas agus liostaítear na téarmaí comhfhreagracha i dteangacha oifigiúla eile an Aontais in Iarscríbhinn I:
(1) Conablaigh éanlaithe clóis
(a)ÉANLAITH CHLÓIS (Gallus domesticus)
(i) sicín, sicín lena ramhrú: éanlaith ina bhfuil barr an steirnim solúbtha (gan bheith cnámhaithe);
(ii) coileach, cearc, éanlaith chasaróil nó éanlaith lena bhfiuchadh: éanlaith ina bhfuil barr an steirnim righin (cnámhaithe);
(iii) cábún: éanlaith fhireann arna coilleadh le hobráid roimh aibíocht ghnéasach a bhaint amach agus arna marú ag aois nach lú ná 140 lá: tar éis a gcoillte, ní mór na cábúin a ramhrú ar feadh 77 lá ar a laghad;
(iv) scalltán: sicín ar lú ná 650 g meáchan a chonablaigh (arna shloinneadh gan ghibléid, ceann ná cosa); féadfar ‘scalltán’ a thabhairt ar shicín 650 g go 750 g más rud é nach mó ná 28 lá an aois tráth a mharaithe. Féadfaidh na Ballstáit Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2025)8101] a chur i bhfeidhm maidir leis an aois mharaithe sin a sheiceáil;
(v) coilichín béaróige: sicín fireann de chineálacha breithe ina bhfuil barr an steirnim righin gan bheith go hiomlán cnámhaithe, nach lú ná 70 lá an aois tráth a mharaithe;
(b)TURCAITHE (Meleagris gallopavo dom.)
(i) turcaí (óg): éan ina bhfuil barr an steirnim solúbtha (gan bheith cnámhaithe);
(ii) turcaí: éan ina bhfuil barr an steirnim righin (cnámhaithe);
(c)LACHAIN (Anas platyrhynchos dom., Cairina moschata), lachain Mulard (Cairina moschata x Anas platyrhynchos)
(i) lacha óg nó éan lachan, musclacha (óg), lacha Mulard (óg): éan ina bhfuil barr an steirnim solúbtha (gan bheith cnámhaithe);
(ii) lacha, musclacha, lacha Mulard: éan ina bhfuil barr an steirnim righin (cnámhaithe);
(d)GÉANNA (Anser anser dom.)
(i) gé (óg) nó éan gé: éan ina bhfuil barr an steirnim solúbtha (gan bheith cnámhaithe). Tá an brat saille thart timpeall ar an gconablach ar fad tanaí nó measartha; d’fhéadfadh sé go mbeadh dath ar shaill na gé óige a léiríonn aiste bia speisialta;
(ii) gé: éan ina bhfuil barr an steirnim righin (cnámhaithe); tá brat saille measartha go tiubh thart timpeall ar an gconablach ar fad;
(e)ÉANLAITH GHUINE (Numida meleagris domesticus)
(i) guine (óg): éan ina bhfuil barr an steirnim solúbtha (gan bheith cnámhaithe);
(ii) guine: éan ina bhfuil barr an steirnim righin (cnámhaithe).
Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar leaganacha malartacha—a bhaineann le gnéas—de na téarmaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (e) a fhorléiriú mar leaganacha coibhéiseacha.
(2) Gearrthacha éanlaithe clóis anatamaíocha
(a)leath: leath den chonablach, a fhaightear le fadghearradh ar phlána feadh an steirnim agus na cnáimhe droma;
(b)ceathrú: ceathrú coise nó ceathrú brollaigh, a fhaightear le gearradh trasnach ar leath;
(c)ceathrúna coise neamhdheighilte: an dá cheathrú coise a gceanglaíonn cuid den droim dá chéile iad, bíodh go ngabhann an geadán leo nó nach ngabhann;
(d)brollach: an steirneam agus na heasnacha, nó cuid díobh, ar an dá thaobh de, mar aon leis an gcóras matánach mórthimpeall. Féadfar an brollach a chur i láthair ina iomláine nó ina leath;
(e)cos: an féimear, an tibia agus an fiobúl mar aon leis an gcóras matánach mórthimpeall. Déanfar an dá ghearradh ag na hailt;
(f)cos sicín le cuid den droim: ní mó meáchan an droma ná 25 % de mheáchan an ghearrtha iomláin;
(g)leis: an féimear mar aon leis an gcóras matánach mórthimpeall. Déanfar an dá ghearradh ag na hailt;
(h)leis ar an gcnámh le cuid den droim: Déantar leis ar an gcnámh le cuid den droim a tháirgeadh trí cheathrú coise a ghearradh ag an alt idir an tibia agus an féimear. Ní mó meáchan an droma ná 35 % de mheáchan an ghearrtha iomláin. Baintear an lorga, an pláitín glúine agus an tsaill abdómain. Is éard atá sa leis le cuid den droim, an leis, an chuid den droim ceangailte léi agus an tsaill lena ngabhann. Féadfaidh an fhaireog ola, an t‑eireaball, agus an fheoil atá in aice leis an iliam a bheith ann nó gan a bheith ann;
(i)lorga: an tibia agus an fiobúl mar aon leis an gcóras matánach mórthimpeall. Déanfar an dá ghearradh ag na hailt;
(j)sciathán: an húiméireas, an ga agus an t‑ulna, mar aon leis an gcóras matánach mórthimpeall, féadfar húiméireas nó ga/ulna mar aon leis an gcóras matánach mórthimpeall a chur i láthair ar leithligh. Féadfaidh an barr, lena n‑áirítear na cnámha carpasacha, a beith bainte nó gan bheith bainte. Déanfar na gearrthacha ag na hailt;
(k)sciatháin neamhdheighilte: an dá sciathán a gceanglaíonn cuid den droim dá chéile iad, i gcás nach mó meáchan an droma ná 45 % de mheáchan an ghearrtha iomláin;
(l)filléad brollaigh: iomlán nó leath an bhrollaigh taobh istigh nó taobh amuigh agus é bainte den chnámh, i.e. gan steirneam ná easnacha. I gcás brollach turcaí, ní fhéadfaidh ach matán domhain an bhrollaigh a bheith san fhilléad;
(m)filléad brollaigh le cnáimhín súgartha: an filléad brollaigh gan chraiceann leis an dealrachán agus pointe loingeánach an steirnim amháin; ní sháróidh meáchan an dealracháin agus an loingeáin 3 % de mheáchan an ghearrtha;
(n)magret: filléad brollaigh na lachan agus na ngéanna dá dtagraítear i bpointe (3) arb éard atá ann craiceann agus saill fho-chraicneach a chumhdaíonn an matán brollaigh, gan matán domhain an bhrollaigh;
(o)filléad taobh istigh: Déantar luan bog a tháirgeadh trí mhatán an bhrollaigh taobh istigh a scaradh ón mbrollach agus ón steirneam. Is éard atá san fhilléad taobh istigh matán slán aonair, bíodh go ngabhann an teannán leabaithe leis nó nach ngabhann;
(p)cosa: Déantar cos a tháirgeadh trí chos conablaigh a ghearradh ag an alt idir an meiteatarsas agus an tibia. Baintear an conablach. Is éard atá i gcos an meiteatarsas agus ceithre mhéar (fhalang) le feoil agus craiceann ceangailte den mhéid sin;
(q)lapaí: Déantar lapa a tháirgeadh trí chos conablaigh a ghearradh ag an spor meiteatarsach, a bheag nó a mhór. Baintear an conablach. Is éard atá i lapa cuid den mheiteatarsas agus ceithre mhéar (fhalang), le feoil agus craiceann ceangailte den mhéid sin;
(r)muineál: Déantar an muineál a tháirgeadh tríd an muineál a ghearradh den chonablach ag alt na gualainne agus an ceann a bhaint. Is éard atá sa mhuineál cnámha an mhuiníl le feoil ceangailte díobh;
(s)cloigeann: Déantar an ceann a tháirgeadh tríd an gconablach a ghearradh ag an muineál uachtarach agus an conablach a bhaint. Is éard atá sa cheann cnámha na blaoisce, a bhfuil sa bhlaosc, mar aon leis an ngob, feoil agus craiceann ceangailte di;
(t)curadhmhír: leath den fhilléad gan an chnámh, leis an gcéad fhalang den sciathán atá ceangailte den fhilléad agus leis an gcraiceann air;
(u)cnáimhín súgartha: dealrachán leis an gcóras matánach mórthimpeall;
(v)slinneán: cnámha an tslinneáin leis an gcóras matánach mórthimpeall.
I gcás na dtáirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (e), (g) agus (i), is é an chiall a bheidh leis an bhfoclaíocht ‘Déanfar an dá ghearradh ag na hailt’ nó ‘Déanfar na gearrthacha ag na hailt’ gearrthacha arna ndéanamh laistigh den dá líne lena léirítear na hailt mar a thaispeántar sa chur i láthair grafach in Iarscríbhinn II.
Féadfar táirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (d) go (l), a chur i láthair leis an gcraiceann orthu nó a mhalairt. Mura mbeidh an craiceann ann i gcás táirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (d) go (j), nó má bhíonn an craiceann ann i gcás an táirge dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (l), luafar sin ar an lipéadú.
Déanfar an díchnámhú, an cóiriú agus an fheoil a roinnt ina sciartha gan damáiste a dhéanamh, le haghaidh na dtáirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (d) go (l).
I gcás na dtáirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (l), (m) agus (o), úsáidfear an fhoclaíocht ‘filléad’ i gcás ina ndearnadh próisis ghearrtha ar na táirgí sin (amhail cóiriú agus iad a roinnt ina sciartha) nach bhfuil leordhóthanach chun struchtúr shnáithíní mhatáin inmheánacha na feola a mhodhnú agus chun saintréithe na feola a scriosadh.
(3) Foie gras
Aenna géanna, nó lachan den speiceas Cairina moschata nó Cairina moschata x Anas platyrhynchos a beathaíodh ar bhealach chun hipeartróife cheallach shailleach heipiteach a tháirgeadh.
Beidh na héin as a mbainfear aenna den sórt sin go hiomlán fuilithe, agus beidh dath aonfhoirmeach ar na haenna.
Beidh na meáchain seo a leanas sna haenna:
(a)beidh glanmheáchan 300 g ar a laghad in aenna lachan;
(b)beidh glanmheáchan 400 g ar a laghad in aenna géanna.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn ‘conablach’ corp iomlán éin de na speicis dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (1), tar éis é a fhuiliú, a chluimhriú agus a dhí-inniú; mar sin féin, beidh sé roghnach na duáin a bhaint; féadfar conablach dí-innithe a chur i láthair lena dhíol le gibléid nó gan iad, is é sin an croí, an t‑ae agus an eagaois a bheith curtha isteach i gcuas an bhoilg agus leis an muineál nó gan é;
(b)ciallaíonn ‘gearrthacha díobh’ feoil éanlaithe clóis, a bhfuil sé inaitheanta, de bharr mhéid agus thréithe an fhíocháin mhatánaigh chomhleanúnaigh, gur ó chuid áirithe den chonablach a fuarthas í;
(c)ciallaíonn ‘margú’ táirge a choinneáil nó a thaispeáint lena dhíol, a thairiscint lena dhíol, a dhíol, a sheachadadh nó aon chineál eile margaithe;
(d)tagraíonn ‘lipéadú’ don sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 2(2), pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.
Airteagal 4
Conablaigh éanlaithe clóis a chur i láthair
1.Cuirfear conablaigh éanlaithe clóis i láthair lena ndíol i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
(a)dí-innithe go páirteach (effilé, ceangailte le rópaí);
(b)le gibléid;
(c)gan ghibléid.
2.Féadfar an focal ‘dí-innithe’ a chur ar an bpacáistíocht.
3.Is éard atá i gconablaigh dí-innithe go páirteach conablaigh nár baineadh an croí, an t‑ae, na scamhóga, an eagaois, an t‑eagán ná na duáin astu.
4.I gcás na mbealaí cur i láthair conablach dá dtagraítear i mír 1, mura mbainfear an ceann, féadfar an traicé, an t‑éasafagas agus an t‑eagán a fhágáil sa chonablach.
5.Ní bheidh i gceist le gibléid ach an croí, an eagaois, an t‑ae, an feadán fallópach, buíocáin agus uibheacha atá réidh le breith a fhaightear ó chearca spíonta ag an seamlas, agus gach cuid eile a measann tomhaltóirí iad a bheith inite, ar tomhaltóirí iad ar an margadh ar a mbeartaítear tomhaltas deiridh an táirge. Beidh aenna gan máilíní an domlais. Beidh an eagaois gan an scannán adharcach, agus beidh a bhfuil san eagaois bainte. Féadfaidh an croí a bheith leis an sac peireacairdiach nó gan é.
Airteagal 5
Ainmneacha na gconablach éanlaithe clóis agus na ngearrthacha éanlaithe clóis
1.Maidir le hainmneacha an bhia de réir bhrí Airteagal 9(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 faoina ndíoltar na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, is éard a bheidh iontu na hainmneacha a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán seo agus na téarmaí comhfhreagracha i dteangacha oifigiúla eile an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus déanfar iad a cháiliú sna cásanna seo a leanas:
(a)i gcás conablaigh iomlána, déanfar tagairt do cheann de na cineálacha cur i láthair a leagtar síos in Airteagal 4(1);
(b)i gcás gearrthacha éanlaithe clóis, déanfar tagairt don speiceas lena mbaineann.
2.Féadfar ainmneacha na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointí (1) agus (2), a fhorlíonadh le téarmaí eile ar choinníoll go gcomhlíonann na téarmaí sin cóirchleachtais maidir le faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.
Airteagal 6
Margú, lipéadú agus cur i láthair feola éanlaithe clóis
1.I gcás feoil éanlaithe clóis réamhphacáistithe, beidh an coinníoll faoina margófar an fheoil éanlaithe clóis i gcomhréir le Roinn III de Chuid V d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le feiceáil ar an réamhphacáistiú nó ar lipéad atá ceangailte de.
2.De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh gá na sonraí dá dtagraítear san fhoráil sin a shonrú i gcás feoil éanlaithe clóis a sheachadfar ar bhunaíochtaí gearrtha nó próiseála.
Airteagal 7
Teocht feola reoite éanlaithe
Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le feoil reoite éanlaithe mar a shainmhínítear i bpointe 3 de Roinn II de Chuid V d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013:
Beidh teocht na feola reoite éanlaithe cobhsaí agus coinneofar í, ag gach pointe sa táirge, ag – 12 °C nó níos ísle, agus ní mó ná 3 °C na luaineachtaí gearra aníos a ghabhfaidh léi. Ceadófar na lamháltais sin i dteocht an táirge i gcomhréir le dea-chleachtas stórála agus dáileacháin le linn an dáileacháin áitiúil agus i gcaibinéid taispeána mhiondíola.
Airteagal 8
Aicmí feola éanlaithe clóis
1.Féadfar feoil éanlaithe clóis a ghrádú de réir cáilíochta mar aicme A nó aicme B de réir chruth agus dhealramh na gconablach nó na ngearrthacha.
2.Chun conablaigh agus gearrthacha éanlaithe clóis a ghrádú mar aicmí A nó B, is mar a leanas a bheidh siad:
(a)slán, agus an cur i láthair á chur san áireamh;
(b)glan, saor ó aon ábhar eachtrach, salachar nó fuil shofheicthe;
(c)saor ó aon bholadh eachtrach;
(d)saor ó smáil fola shofheicthe seachas smáil bheaga neamhshuntasacha;
(e)saor ó chnámha briste atá ag gobadh amach;
(f)saor ó bhallbhrúnna tromchúiseacha.
I gcás feoil úr éanlaithe clóis, ní bheidh aon rian fuaraithe roimh ré ann.
3.Chomh maith leis na critéir a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh, chun go ngrádófar conablaigh agus gearrthacha éanlaithe clóis mar aicme A, comhlíonfaidh siad na critéir seo a leanas:
(a)beidh dea-chruth orthu. Beidh an fheoil ramhar, beidh an brollach dea-fhorbartha, leathan, fada agus ramhar, agus beidh na cosa ramhar. I gcás sicíní, lachain óga nó éin lachan agus turcaithe, beidh brat tanaí rialta saille ar an mbrollach, an droim agus na leasracha. I gcás coileach, cearc, lachan agus géanna óga, is ceadmhach brat níos tibhe saille. I gcás géanna, beidh brat saille measartha go tiubh thart timpeall ar an gconablach ar fad. I gcás filléad brollaigh, féadfar glacadh le suas le 2 % de loingeán de réir meáchain (barr solúbtha an steirnim).
(b)féadfaidh cúpla cleite beag, cúpla stumpa (foirceann cleite) agus cúpla ribe (snáthchleitín) a bheith ar an mbrollach, na cosa, an droim, ailt na gcos agus na barra sciatháin. I gcás éanlaith lena bhfiuchadh, lachan, turcaithe agus géanna, féadfaidh cúpla cleite, cúpla stumpa (foirceann cleite) agus cúpla ribe (snáthchleitín) a bheith ar chodanna eile freisin;
(c)ceadaítear cuid áirithe damáiste, ballbhrú agus dídhathaithe ar choinníoll go bhfuil an méid sin beag neamhshuntasach agus nach bhfuil sé ar an mbrollach ná ar na cosa. Féadfaidh an barr sciatháin a bheith ar iarraidh. Is ceadmhach píosa beag deirge ar bharra sciatháin agus ar fhalacailí;
(d)i gcás éanlaith chlóis reoite nó éanlaith chlóis mhear-reoite, ní bheidh aon rian dó reoiteora ann mar a thugtar tuairisc air in Iarscríbhinn III cé is moite de na rianta sin atá teagmhasach beag neamhshuntasach agus nach bhfuil ar an mbrollach ná ar na cosa.
Airteagal 9
Léiriú modhanna fuaraithe
Féadfaidh léiriú úsáide ceann de na modhanna fuaraithe seo a leanas agus na téarmaí comhfhreagracha i dteangacha oifigiúla eile an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn IV a bheith le feiceáil ar an lipéadú:
(a)aerfhuarú: conablaigh éanlaithe clóis a fhuarú in aer fuar;
(b)fuarú aeir-spraeála: conablaigh éanlaithe clóis a fhuarú in aer fuar in éineacht le ceobhrán uisce nó sprae mín uisce ó am go chéile;
(c)tumfhuarú: conablaigh éanlaithe clóis a fhuarú in umair uisce nó in umair oighir agus uisce, i gcomhréir leis an bpróiseas frithshreafa.
Airteagal 10
Téarmaí roghnacha forchoimeádta
1.Gan dochar do chórais lipéadaithe eile lena gcumhdaítear cineálacha eile feirmeoireachta agus a rialaítear le reachtaíocht an Aontais, ní fhéadfaidh na téarmaí seo a leanas agus na téarmaí comhfhreagracha i dteangacha oifigiúla eile an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn V a bheith le feiceáil ar lipéadú na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn VI:
(a)‘Beathaithe le … % …’;
(b)‘Saothrú fairsing faoi dhíon’;
(c)‘Saor-raon’;
(d)‘Saor-raon traidisiúnta’;
(e)‘Saor-raon — saoirse iomlán’.
Féadfar na téarmaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhorlíonadh le tásca a thagraíonn do shaintréithe ar leith na gcineálacha feirmeoireachta faoi seach.
Ní féidir ach na téarmaí a liostaítear sa chéad mhír, pointí (c), (d) agus (e) a úsáid chun táirgí ó bheostoc a tógadh lasmuigh a ainmniú.
Maidir le táirge seachas na táirgí a chomhlíonann na coinníollacha is gá ionas go gcuirfear na tásca a liostaítear sa chéad mhír, pointí (c), (d), nó (e) ar a lipéid, ní fhéadfar aon lipéad, doiciméad tráchtála, ábhar poiblíochta ná aon chineál fógraíochta ná cur i láthair a úsáid lena maítear, lena dtugtar le tuiscint nó lena dtugtar le fios gur ó bheostoc a tógadh lasmuigh é an táirge.
I gcás ina léireofar an táirgeadh saor-raoin dá dtagraítear sa chéad mhír, pointí (c), (d) agus (e) ar lipéad na feola ó lachain agus ó ghéanna a choimeádtar chun foie gras a tháirgeadh, léireofar an téarma ‘ó tháirgeadh foie gras’ freisin.
2.Ní cheadófar an aois tráth an mharaithe ná fad na tréimhse ramhraithe a lua ar an lipéadú ach amháin trí úsáid a bhaint as na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 agus le haghaidh aois nach lú ná an aois a léirítear in Iarscríbhinn VI, pointí (b), (c) nó (d). Níl feidhm aige sin, áfach, maidir le táirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (1)(a)(iv).
3.Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 gan dochar do bhearta teicniúla náisiúnta a théann thar na ceanglais íosta a leagtar síos in Iarscríbhinn VI, nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le táirgeoirí de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, agus ar choinníoll go bhfuil na bearta teicniúla náisiúnta sin ag luí le dlí an Aontais.
4.Cuirfear na bearta teicniúla náisiúnta dá dtagraítear i mír 3 in iúl don Choimisiún.
5.Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go n‑úsáidfidh oibreoirí gnólachta bia téarmaí seachas na téarmaí sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, ar choinníoll:
(a)go mbeidh na téarmaí sin ag teacht leis an modh ar dá réir a dhéantar an táirge, agus nach gcuirfidh siad tomhaltóirí amú;
(b)nach bhféadfar na téarmaí sin a mheascadh leis na téarmaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2;
(c)go ndéanfar na sonraíochtaí táirge a dhoiciméadú;
(d)go gcuirfear seiceálacha iomchuí chun feidhme faoi ghrinnscrúdú údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.
6.Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 5, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na téarmaí náisiúnta sin sula mbainfidh oibreoirí gnólachtaí bia aon úsáid astu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon fhógra faoi na téarmaí sin agus foilseoidh sé ar shuíomh gréasáin Europa iad.
7.Tráth ar bith, agus arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na mbeart teicniúil náisiúnta dá dtagraítear i mír 3 agus na dtéarmaí náisiúnta dá dtagraítear i mír 5 le dlí an Aontais.
Airteagal 11
Taifid ar théarmaí roghnacha forchoimeádta
1.Coimeádfaidh oibreoirí gnólachtaí bia a mhargaíonn táirgí lena n‑úsáidtear na téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) taifead ar leith ar na nithe seo a leanas, de réir an chineáil feirmeoireachta:
(a)ainmneacha agus seoltaí tháirgeoirí na héanlaithe clóis sin, a ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit iad a chlárú;
(b)arna iarraidh sin don údarás inniúil, líon na n‑éan arna gcoimeád ag gach táirgeoir in aghaidh an timthrialla táirgthe;
(c)líon agus beomheáchan iomlán nó meáchan iomlán chonablaigh na n‑éan sin arna seachadadh agus arna bpróiseáil;
(d)mionsonraí faoi dhíolacháin, lena n‑áirítear ainmneacha agus seoltaí na gceannaitheoirí, ar feadh 6 mhí ar a laghad tar éis an tseolta.
2.Coimeádfaidh na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), taifid cothrom le dáta, ar feadh 6 mhí ar a laghad tar éis an tseolta, ar an líon éan de réir an chineáil feirmeoireachta, lena n‑áirítear líon na n‑éan arna ndíol, ainm agus seoltaí na gceannaitheoirí, agus cainníochtaí agus foinse an tsoláthair beatha.
Sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, coimeádfaidh táirgeoirí a úsáideann na cineálacha feirmeoireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointí (c), (d) agus (e) taifid ar an dáta a tugadh rochtain ar raon d’éin den chéad uair.
3.Coimeádfaidh monaróirí agus soláthróirí beatha taifid ar feadh 6 mhí ar a laghad tar éis an tseolta ar an mbeatha, taifid lena léirítear go gcomhlíonann comhdhéanamh na beatha a soláthraíodh do na táirgeoirí le haghaidh an chineáil feirmeoireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a), na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar síos in Iarscríbhinn VI.
4.Coimeádfaidh gorlanna taifid ar éin de na tréithchineálacha a aithnítear mar thréithchineálacha a fhásann go mall, éin a soláthraíodh do na táirgeoirí le haghaidh na gcineálacha feirmeoireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointí (d) agus (e), ar feadh 6 mhí ar a laghad tar éis sheoladh na n‑éan.
Airteagal 12
Comhlachtaí maoirseachta le haghaidh téarmaí roghnacha forchoimeádta
Comhlíonfaidh comhlachtaí arna n‑ainmniú ag na Ballstáit chun maoirseacht a dhéanamh ar na tásca dá dtagraítear in Airteagal 10 na critéir a leagtar amach i Norm ISO/IEC 17065, agus déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann iad a cheadúnú agus maoirseacht orthu.
Airteagal 13
Tásca roghnacha ar fheoil éanlaithe clóis allmhairithe
Féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na tásca roghnacha dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 a bheith ar fheoil éanlaithe clóis arna hallmhairiú ó thríú tíortha má tá deimhniú ag gabháil léi a d’eisigh údarás inniúil na tíre tionscnaimh lena bhfianaítear go gcomhlíonann na táirgí lena mbaineann forálacha ábhartha an Rialacháin seo.
Tar éis don Choimisiún iarraidh a fháil ó thríú tír, bunóidh sé liosta de na húdaráis sin.
Airteagal 14
Uaschion uisce i bhfeoil éanlaithe clóis
1.Ní fhéadfar conablaigh reoite agus mhear-reoite sicíní a mhargú laistigh den Aontas ach amháin mura sáraíonn an cion uisce, a chinnfear tríd an modh anailíse a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2025)8101], na luachanna atá dosheachanta go teicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.
2.Ní fhéadfar na gearrthacha úra, reoite agus mear-reoite éanlaithe clóis seo a leanas a mhargú laistigh den Aontas ach amháin mura sáraíonn an cion uisce, a chinnfear tríd an modh anailíse a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2025)8101], na luachanna atá dosheachanta go teicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.
(a)filléad brollaigh sicín, leis an gcnáimhín súgartha nó gan é, gan chraiceann;
(b)brollach sicín, le craiceann;
(c)leasracha sicín, lorgaí sicín, cosa sicín, cosa sicín le cuid den droim, ceathrúna coise sicín, le craiceann;
(d)filléad brollaigh turcaí, gan chraiceann;
(e)brollach turcaí, le craiceann;
(f)leasracha turcaí, lorgaí turcaí, cosa turcaí, le craiceann;
(g)feoil dhíchnámhaithe coise turcaí, gan chraiceann.
3.Leagtar síos in Iarscríbhinn IX na huasleibhéil uisce a ionsúitear i gconablaigh sicíní sna seamlais.
4.Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit margú feola éanlaithe clóis nach gcomhlíonann míreanna 1 ná 2 a údarú ar choinníoll go marcálfar an phacáistíocht le téip nó lipéad ar a bhfuil, i gceannlitreacha dearga, ceann amháin ar a laghad de na tásca a leagtar síos in Iarscríbhinn X.
Marcálfar na tásca sin in áit fheiceálach ionas go mbeidh siad sofheicthe, soléite agus doscriosta. Ní dhéanfaidh ábhar scríofa ná pictiúrtha eile iad a cheilt, a chlúdach ná ní chuirfidh sé isteach orthu. Beidh na litreacha 1 cm ar airde ar an bpacáistiú aonair agus 2 cm ar bhulcphacáistíocht, ar a laghad.
Airteagal 15
Fógra a thabhairt faoi sheiceálacha ar an gcion uisce
1.Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát an tsaotharlann náisiúnta tagartha ar an eolas gan mhoill faoi thorthaí na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2025)8101], ar seiceálacha iad a dhéanfaidh siad nó a dhéanfar faoina bhfreagracht.
Faoin 30 Meitheamh gach bliain, tabharfaidh na saotharlanna náisiúnta tagartha fógra don Choimisiún faoi thorthaí na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2025)8101]. Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 229(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ar an eolas faoi thorthaí na seiceálacha.
2.Glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá le haghaidh na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2025)8101]. Cuirfidh siad na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta sin. Cuirfear aon athrú ar na bearta sin in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún.
Airteagal 16
Bord saineolaithe ar fhaireachán a dhéanamh ar an gcion uisce
Gníomhóidh bord saineolaithe ar fhaireachán a dhéanamh ar an gcion uisce i bhfeoil éanlaithe clóis mar chomhlacht comhordúcháin le haghaidh gníomhaíochtaí tástála na saotharlann náisiúnta tagartha. Is éard a bheidh ann ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na saotharlanna náisiúnta tagartha. Leagtar amach cúraimí an bhoird agus na saotharlann náisiúnta tagartha, chomh maith le struchtúr eagraíochtúil an bhoird, in Iarscríbhinn XI.
Airteagal 17
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 543/2008.
Léireofar tagairtí don Rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo agus do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an tagairt do C(2025)8101], de réir mar is iomchuí, agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6.10.2025
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN