 
                This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document a8f95e94-c206-11ec-b6f4-01aa75ed71a1
Council Decision (CFSP) 2022/266 of 23 February 2022 concerning restrictive measures in response to the recognition of the non-government controlled areas of the Donetsk and Luhansk oblasts of Ukraine and the ordering of Russian armed forces into those areas
Consolidated text: Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chuig na limistéir sin
Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chuig na limistéir sin
02022D0266 — GA — 14.04.2022 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
| CINNEADH (CBES) 2022/266 ÓN gCOMHAIRLE an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha ►C1 mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chuig na limistéir sin ◄ (IO L 042 23.2.2022, lch. 109) | 
Arna leasú le:
| 
 | 
 | Iris Oifigiúil | ||
| Uimh | Leathanach | Dáta | ||
| L 116 | 8 | 13.4.2022 | ||
      
   
Arna cheartú le:
      
   
      
   
CINNEADH (CBES) 2022/266 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Feabhra 2022
a bhaineann le bearta sriantacha ►C1 mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chuig na limistéir sin ◄
      
      
   
Airteagal 1
Airteagal 2
Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 1 maidir le hearraí de thionscnamh na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1 arna gcur ar fáil d’údaráis na hÚcráine lena scrúdú agus a ndearna údaráis na hÚcráine rialú orthu agus ar eisigh Rialtas na hÚcráine deimhniú tionscnamh ina leith.
Airteagal 3
Beidh na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 1 gan dochar d’fhorghníomhú go dtí an 24 Bealtaine 2022 conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 23 Feabhra 2022 nó conarthaí coimhdeach is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, le tabhairt i gcrích agus le forghníomhú tráth nach déanaí ná 24 Bealtaine 2022
Airteagal 4
Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d'aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc sin a leagtar síos in Airteagal 1.
Airteagal 5
Toirmeascfar an méid seo a leanas:
fáil nó fadú rannpháirtíochta i réadmhaoin sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1;
fáil nó fadú rannpháirtíochta in eintitis sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1, lena n-áirítear na heintitis sin a fháil go hiomlán agus scaireanna atá ann a fháil, agus fáil urrúis eile de chineál rannpháirteach;
aon mhaoiniú a dheonú d’eintitis sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1,nó chun críoch doiciméadaithe eintitis den sórt sin a mhaoiniú;
aon chomhfhiontar a chruthú le heintitis sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1; agus,
seirbhísí infheistíochta a bhaineann go díreach leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo a sholáthar.
Maidir leis na toirmisc i mír 1:
beidh siad gan dochar d’fhorghníomhú oibleagáide ó chonarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh 23 Feabhra 2022; agus,
ní chuirfidh siad cosc ar rannpháirtíocht a fhadú, más oibleagáid an fadú sin faoi chonradh a tugadh i gcrích roimh an 24 Feabhra 2022.
Airteagal 6
Toirmeascfar earraí nó teicneolaíocht a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú ag náisiúnaigh na mBallstát, nó ó chríoch na mBallstát, nó ag baint úsáide as soithí nó aerárthaí atá faoi dhlínse na mBallstát, cibé a thionscnaítear nó nach dtionscnaítear na hearraí agus an teicneolaíocht sin ar a gcríoch,
chuig aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1., nó,
lena n-úsáid sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1,
in aon cheann de na hearnálacha seo a leanas:
iompar;
teileachumarsáid;
fuinneamh; agus
sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh ola, gáis agus acmhainní mianracha.
Toirmeascfar an méid seo a leanas a sholáthar:
cúnamh teicniúil nó oiliúint agus seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí nó an teicneolaíocht sna hearnálacha dá dtagraítear i mír 1;
maoiniú nó cúnamh airgeadais maidir le haon díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú de na hearraí agus an teicneolaíocht sna hearnálacha dá dtagraítear i mír 1 nó maidir le cúnamh teicniúil nó oiliúint a sholáthar.
Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i mír 1 agus mír 2 maidir leis an méid seo a leanas:
comhlachtaí poiblí nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a fhaigheann maoiniú ón Aontas nó ó na Ballstáit, ar choinníoll go bhfuil gá leis na hearraí, leis an teicneolaíocht, leis na seirbhísí agus leis an gcúnamh dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 go heisiach chun críoch daonnúil sna limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine;
eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais ar comhaontú é ar bunaithe air a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá leis na hearraí, leis an teicneolaíocht, leis na seirbhísí agus leis an gcúnamh dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 go heisiach chun críoch daonnúil sna limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine;
eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó a dheimhnítear nó a aithnítear ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta, ar choinníoll go bhfuil gá leis na hearraí, an teicneolaíocht, na seirbhísí agus an cúnamh ar choinníoll go bhfuil gá leis na hearraí, leis an teicneolaíocht, leis na seirbhísí agus leis an gcúnamh dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 go heisiach chun críoch daonnúil sna limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine; nó
gníomhaireachtaí speisialaithe na mBallstát, ar choinníoll go bhfuil gá leis na hearraí, leis an teicneolaíocht, leis na seirbhísí agus leis an gcúnamh dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 go heisiach chun críoch daonnúil sna limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine.
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú a dheonú.
Airteagal 7
Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
comhlachtaí poiblí nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a fhaigheann maoiniú poiblí ón Aontas nó ó na Ballstáit, ar choinníoll go bhfuil gá leis an gcúnamh agus leis na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 1 go heisiach chun críoch daonnúil sna limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine;
eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais ar comhaontú é ar bunaithe air a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá leis an gcúnamh agus leis na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 go heisiach chun críoch daonnúil sna limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine;
eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó a dheimhnítear nó a aithnítear ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta, ar choinníoll go bhfuil gá leis an gcúnamh agus leis na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 go heisiach chun críoch daonnúil na limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine; nó
gníomhaireachtaí speisialaithe na mBallstát, ar choinníoll go bhfuil gá leis an gcúnamh agus leis na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 go heisiach chun críoch daonnúil sna limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine.
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú a dheonú.
Airteagal 8
Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 5(1), 6(2) agus 7(1) agus i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 6(1) , ar choinníoll:
go bhfuil gá leo chun críocha oifigiúla mhisin chonsalacha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus atá lonnaithe sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1; nó
go mbaineann siad le tionscadal a thacaíonn go heisiach le hospidéil nó le hinstitiúidí sláinte poiblí eile a chuireann seirbhísí leighis ar fáil nó le saoráidí oideachais sibhialtacha atá lonnaithe sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1; nó,
gur fearais nó trealamh míochaine iad.
Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a ghlacfar faoin mír seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh.
Airteagal 9
Airteagal 10
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí 24 Feabhra 2023.
Coimeádfar an Cinneadh seo faoi athbhreithniú go leanúnach. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.