This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 9a5dbe29-0cfc-11ed-b11c-01aa75ed71a1
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/633 of 14 April 2021 imposing a definitive anti-dumping duty on imports of monosodium glutamate originating in the People’s Republic of China and in Indonesia following an expiry review pursuant to Article 11(2) of Regulation (EU) 2016/1036 of the European Parliament and of the Council
Consolidated text: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
02021R0633 — GA — 08.07.2022 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/633 ÓN gCOIMISIÚN an 14 Aibreán 2021 (IO L 132 19.4.2021, lch. 63) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1167 ÓN gCOIMISIÚN an 6 Iúil 2022 |
L 181 |
14 |
7.7.2022 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/633 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Aibreán 2021
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Airteagal 1
Na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh sé:
|
Tír |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála (%) |
Cód breise TARIC |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Fujian Province Jianyang Wuyi MSG Co. Ltd |
36,5 |
A884 |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Gach cuideachta eile |
39,7 |
A999 |
Airteagal 2
Airteagal 3
Déanfar iarrataí ar dhíolúine ón dleacht arna fadú le hAirteagal 2 i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine na hiarrataí a shíniú. Ní mór an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:
An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Trádála
Stiúrthóireacht G
Oifig: CHAR 04/039
1049 An Bhruiséil
An Bheilg
Airteagal 4
Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála (%) |
Cód breise TARIC |
|
An Indinéis |
PT. Cheil Jedang Indonesia |
7,2 |
B961 |
|
An Indinéis |
PT. Miwon Indonesia |
13,3 |
B962 |
|
An Indinéis |
Gach cuideachta eile |
28,4 |
B999 |
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.