CCMI/244
Plean gníomhaíochta um chibearshlándáil ospidéal
TUAIRIM
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún
Plean gníomhaíochta Eorpach maidir le cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte
(COM(2025) 10 final)
Rapóirtéir: Alain COHEUR
Comhrapóirtéir: Hervé JEANNIN
|
Comhairleoirí
|
LORIDAN Joyce (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa III)
|
|
|
CHEAH Hun Xhing Madeline (comhairleoir don chomhrapóirtéir, Catagóir 2)
|
|
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, 5/3/2025
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
An rannóg atá freagrach
|
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
4/6/2025
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
25/0/0
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
D/M/2025
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do CESE an leibhéal uaillmhéine atá sa Phlean gníomhaíochta Eorpach maidir le cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte agus an aird atá á tabhairt ar an ábhar sin. Dhírigh gníomhaithe bagartha arís agus arís eile ar an earnáil seo. Is rud pearsanta í an tsláinte agus bainistítear í ar an leibhéal áitiúil laistigh de na Ballstáit agus na réigiúin. Is tosaíocht don Choimisiún Eorpach í an chibearshlándáil, áfach, chun sláinte a chuid saoránach, an Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus an earnáil ollmhór cúraim sláinte sna Ballstáit a chosaint, lena gcuimsítear eintitis sláinte éagsúla amhail ospidéil, seirbhísí éigeandála, agus na hearnálacha cógaisíochta agus biteicneolaíochta, atá nasctha níos mó agus níos mó leis an saol lasmuigh tríd an teilileigheas, tairseacha othar, ardáin agus feistí inchaite. Feabhsaítear an tslándáil agus an athléimneacht i gcoitinne agus cuirtear leis an Aontas Ullmhachta nuair a fheabhsaítear an chibearshlándáil san earnáil sláinte.
1.2Chun feabhas a chur ar bhearta slándála sa réimse sin, tá sraith tograí á cur ar aghaidh ag CESE a thagann faoi chatagóirí éagsúla:
1.2.1Bearta airgeadais
1.2.1.1Is oth le CESE nach bhfuil aghaidh á tabhairt ar shaincheist na tacaíochta airgeadais chun an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme. D’fhéadfadh neamhionannas sa leibhéal cosanta a fhaigheann othair a bheith mar thoradh air sin, ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil do na hinstitiúidí cúraim sláinte. Spreagann CESE don Choimisiún an tacaíocht faoi na cistí comhtháthaithe a dhíriú ar théamaí faoi leith.
1.2.1.2Tugann CESE chun suntais éagothromaíochtaí san infheistíocht sa chibearshlándáil ar fud an Aontais. Mar shampla, tá sé beartaithe ag an bhFrainc os cionn EUR 1 bhilliún a infheistiú inti in aghaidh na bliana, rud a thugann le tuiscint go bhféadfadh sé gur ghá EUR 7.5 billiún ar a laghad a infheistiú inti ar fud an Aontais in aghaidh na bliana. Chun cibirionsaithe a chosc, ba cheart d’ospidéil thart ar 10 % dá mbuiséid TF a leithdháileadh ar an gcibearshlándáil. Ba cheart an faireachán ar leithdháileadh na n‑infheistíochtaí ar fud na réigiún a chur san áireamh.
Tugann CESE dá aire an EUR 6 mhilliún de thacaíocht do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), ach cuireann sé i bhfios go láidir nach leor an cistiú sin i bhfianaise a thábhachtaí atá sábháilteacht ospidéal, saoránach agus othar nach mbeadh rochtain acu, i gcás ionsaí, ar dhiagnóisiú ná ar chóir leighis. Ba cheart cuireadh a thabhairt do ENISA an tuarascáil Threat landscape: health sector a chomhlánú le mapáil airgeadais ar staid na himeartha maidir le hinfheistíocht sa chibearshlándáil sna Ballstáit.
Le tacaíocht airgeadais don phlean gníomhaíochta Eorpach, ba cheart aghaidh a thabhairt ar infheistíochtaí sna nithe seo a leanas:
§Cosc: feistí agus bonneagar ospidéil a dhaingniú chun 2.3 milliún leaba ospidéil a chumhdach san Aontas.
§Oideachas: ardú feasachta agus oiliúint do níos mó ná 10 milliún gairmí san earnáil cúraim sláinte agus cúraim shóisialta.
§Feabhsúchán agus téarnamh: a bhféadfadh na milliúin euro a bheith i gceist leo in aghaidh an teagmhais.
D’fhéadfadh ENISA iasachtaí meara a fháil le haghaidh uirlisí cosanta TF agus cibearshlándála. Ba cheart na cistí sin a thiomnú don earnáil cúraim sláinte agus cúraim shóisialta, faoi choinníollacha sonracha.
1.2.1.3Molann CESE go ndéanfaí breithniú i dtaobh an bhféadfaí caiteachas ar an gcibearshlándáil ar mhaithe leis an tsláinte a chur san áireamh i gclásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, agus an bhféadfaí é a mheas mar chaiteachas cosanta chun sláinte shaoránaigh na hEorpa agus bonneagar sláinte criticiúil a chosaint. Beidh an infheistíocht a theastaíonn ó eintitis sláinte chun cibearshlándáil a áirithiú le haghaidh soláthar cúraim sláinte níos airde ná in earnálacha eile i bhfianaise an riosca teagmhas.
1.2.1.4Ós rud é go bhfuil sé deacair meastachán a dhéanamh ar chostas iomlán na n‑ionsaithe cibearchoireachta ar an earnáil cúraim sláinte san Aontas (suas le EUR 20 milliún i gcostais in aghaidh an ionsaí i gcás na Fraince), molann CESE infheistíocht a dhéanamh i rianú agus lorgaireacht costas ionas gur féidir leis an gCoimisiún Eorpach infheistíochtaí a chur in oiriúint ar bhealach níos fearr do na limistéir is mó atá buailte ag coireacht, do cheantair áitiúla a bhfuil níos mó cúnaimh de dhíth orthu nó chun tuiscint a fháil ar na teicneolaíochtaí slándála nó na feachtais oideachais is mó éifeacht.
1.2.1.5Tugann CESE chun suntais ról na n‑údarás cosanta sonraí sna Ballstáit maidir lena áirithiú go ndéanfaidh ospidéil agus eintitis cúraim sláinte eile bearta slándála iomchuí. Is féidir ról a bheith ag na Ballstáit i dtaca leis sin, i gcás easpa bearta coisctheacha cibearshlándála, trí fhíneálacha a eisiúint.
1.2.2Bearta teicniúla
1.2.2.1Molann CESE an méid a leanas:
-feasacht a mhúscailt maidir le cleachtais bhunúsacha chibearshláinteachais (amhail dea‑bheartais rialaithe rochtana ar an gcóras, poirt USB a dhíchumasú, frithvíreas a úsáid le haghaidh críochphointí, feistí gan slándáil a scaradh, meaisíní ionfhabhtaithe a chur ar coraintín);
-infheistíocht a dhéanamh i leathchúplaí digiteacha d’ospidéil, do chórais cúraim sláinte nó d’fheistí leighis chun dearbhú agus tástáil a éascú;
-cúnamh teicniúil a sholáthar d’aonaid bheaga leighis (e.g. trí fhreastalaithe slána nó seirbhísí slándála arna soláthar ag údarás láraithe amhail ENISA) nach bhfuil in ann, mar gheall ar a méid bheag, infheistíocht a dhéanamh i rioscaí cibearshlándála a chosc;
-infheistíocht a dhéanamh i gcumais theicniúla straitéiseacha (e.g. slándáil na teicneolaíochta oibríochtúla (TO), an nasc idir an tsábháilteacht agus an tslándáil, ullmhú fóiréinseach, intleacht shaorga, etc.).
1.2.3Bearta próisis
1.2.3.1Ba mhian le CESE aird a tharraingt ar shraith beart réamhchúraim agus coisctheach lenar cheart feabhas a chur ar an leibhéal cosanta san earnáil cúraim sláinte agus an riosca a bhaineann le cibirionsaithe a laghdú:
-Tástálacha iomchuí a dhéanamh (tástálacha friotaíochta, tástálacha treáite, etc.), ní hamháin ar leibhéal na feiste agus an tsoláthróra, ach freisin ar leibhéal an chórais (nuair a chomhtháthaítear feistí i gcórais cúraim sláinte) agus ar an leibhéal oibríochtúil.
-Forbairt pleananna leanúnachais gnó, a thugtar cothrom le dáta agus a ndéanann iniúchóirí neamhspleácha athbhreithniú orthu go tráthrialta, go hinmheánach agus go seachtrach. Ba cheart a chur san áireamh sna pleananna sin freisin modh cúltaca nó sábháilteachta a thabhairt isteach d’ospidéil agus do chórais cúraim sláinte ionas gur féidir leo leanúint de bheith ag feidhmiú.
-Faireachán a dhéanamh ar dhea-chleachtas maidir le faireachán agus feabhsúchán, lena n‑áirítear a áirithiú go bhfuil leibhéil leordhóthanacha freagartha ann, lena n‑áirítear freagairt dhíláraithe (laistigh de gach ospidéal, soláthraí nó córas cúraim sláinte, sa bhaile san áireamh) agus freagairt láraithe (e.g. foirne náisiúnta CSIRT nó ISAC a úsáid). An doiciméadacht is gá a fháil, mar chuid de chleachtais soláthair, chun cibearshlándáil trealaimh a dheimhniú nó a bhailíochtú (e.g. go gcomhlíonann sé na rialacháin chibearshlándála a leagtar amach in RGCS).
1.2.3.2Dar le CESE, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh, mar chuid den phlean gníomhaíochta, ar dheimhniú soláthraithe cibearshlándála chun rannchuidiú le héiceachóras iontaofa a chruthú, agus béim á leagan ag an am céanna ar an ualach airgeadais atá ar ospidéil agus ar institiúidí cúraim sláinte faoi láthair agus, ar an gcaoi sin, rabhadh a thabhairt in aghaidh méaduithe breise ar chostais.
1.2.3.3Aithníonn CESE gur rud an-úsáideach é an caighdeánú ach cuireann sé i bhfios freisin go mbíonn easpa athléimneachta mar thoradh air mura gcuirtear coimircí agus frithbhearta sonracha i bhfeidhm. Ba cheart an plean a chomhtháthú le tionscnaimh fhisiceacha agus chibear-athléimneachta eile, lena n‑áirítear an Gníomh um Chibear-Athléimneacht.
1.2.4Bearta oideachais
1.2.4.1Ós colún lárnach den phlean gníomhaíochta é an t‑oideachas, molann CESE pleananna leanúnacha foghlama agus oiliúna arna bhforbairt i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, agus sásraí le haghaidh aistriú eolais idir na heintitis éagsúla agus na páirtithe leasmhara gairmiúla chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an gcibearshlándáil, leis an eitic, leis an bpríobháideachas agus leis an intleacht shaorga.
1.2.4.2Nuair a chuirtear uirlisí nua TF chun feidhme, molann CESE freagairt institiúideach chomhleanúnach ar chibirionsaithe a áirithiú, agus príobháideachas agus bainistiú cuí sonraí a chosaint, mar a fhoráiltear faoi reachtaíocht na mBallstát agus faoi shocruithe cómhargála leis na comhpháirtithe sóisialta le haghaidh conarthaí comhchoiteanna.
1.2.4.3Measann CESE gur cheart oiliúint spriocdhírithe maidir le cibearshlándáil a chuimsiú san oideachas cúraim sláinte chun bagairtí cibearshlándála a chosc. Le micridhintiúir, cuirtear bealach solúbtha costéifeachtach ar fáil chun gairmithe a uas-sciliú gan croíchuraclaim a athrú. Cuirtear feabhas leo ar athléimneacht cúraim sláinte agus is príomhfhócas iad i dtionscnamh an Choimisiúin maidir le hAontas na Scileanna.
1.2.4.4 Dar le CESE, ní mór dul i ngleic leis an mbearna chibearshlándála sa lucht saothair agus le leibhéil ísle slándála sa chúram sláinte mar ghné lárnach san athbhreithniú ar Dheacáid Dhigiteach an Aontais. Tá infheistíocht straitéiseach i scileanna ildisciplíneacha – an chibearshlándáil, an intleacht shaorga, an ullmhacht fhóiréinseach, agus slándáil feistí leighis – ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí casta agus chun athléimneacht fhadtéarmach a chothú.
1.2.4.5Aithníonn CESE go bhféadfadh digitiú na hearnála sláinte agus folláine agus bagairtí féideartha ó sháruithe cibearshlándála a bheith ina gcúis le ciapadh síceolaíoch do ghairmithe cúraim sláinte aonair agus d’othair aonair agus, chuige sin, nach mór litearthacht agus scileanna bunúsacha cibearshlándála a phríomhshruthú do shaoránaigh agus do ghairmithe cúraim sláinte na hEorpa.
1.2.4.6Molann CESE don Choimisiún a ról tacaíochta agus comhordaithe a fheidhmiú go hiomlán trí úsáid a bhaint as cistí an Aontais chun feachtais feasachta cibearshlándála a chur chun cinn maidir le rioscaí bagairtí agus bagairtí a chosc ar an láthair oibre trí mholtaí maidir le ‘cibearshláinteachas’.
2.Barúlacha ginearálta
2.1Thuairiscigh ENISA, in 2020, gur tháinig méadú comhcheangailte 47 % ar chibirionsaithe ar fud an Aontais i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Sa Fhrainc, tháinig méadú faoi dhó ar líon na gcásanna dearbhaithe in 2021. D’aithin ENISA riachtanais chibearshlándála na hearnála cúraim sláinte agus ba dhíol sásaimh dó an plean gníomhaíochta a d’eisigh an Coimisiún Eorpach i mí Eanáir 2025 (arb é is aidhm dó feabhas leanúnach a chur ar an gcibear‑athléimneacht ó 2025 ar aghaidh) chun go mbeidh ardleibhéal cosanta ag ospidéil, clinicí agus soláthraithe sláinte in aghaidh aon ionsaí ar a gcórais TF nó TO.
2.2Príomhthosaíocht a leagtar amach sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití is ea daoine aonair, gnólachtaí agus institiúidí a chosaint ar chibear-rioscaí
. Cuireann CESE i bhfios go láidir an gá atá le beartas cibearshlándála cuimsitheach trasearnálach de chuid an Aontais chun an tsláinte phoiblí agus an ceart chun cúraim sláinte a chosaint. Molann CESE don Choimisiún cur chuige bunaithe ar chearta an duine a ghlacadh i leith na cibearshlándála a mbeidh luachanna an Aontais (luachanna digiteacha agus bunreachtúla) mar bhonn taca leis, agus aitheantas a thabhairt don chibearshlándáil mar cheart cosúil le cearta bunúsacha eile amhail an príobháideachas, cosaint sonraí agus sábháilteacht fhisiciúil. Molann CESE gan an chibearshlándáil a theorannú do chosaint an bhonneagair, na gcóras agus na sonraí.
2.3Tá ról méadaitheach ag córais róbataice agus meaisíní digiteacha sa mháinliacht, san fhaireachán ar shláinte othar, agus i dtástálacha leighis, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le díobháil iarbhír fhisiceach agus mheabhrach mura ndéanfaí na córais dhigiteacha sin a chosaint (in aghaidh, mar shampla, míchalabrú mailíseach róbat máinliachta agus truicir chúldorais a bheith curtha i gcórais dhiagnóiseacha intleachta saorga). Tá CESE á iarraidh go ndíreofaí i bhfad níos mó ar chórais leagáide agus ar an trasnú idir TF/TO, toisc go n‑eascraíonn castacht as an mbearna sna próisis chaighdeánacha agus san fheasacht. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an trasnú áirithe sin, tá gá le cur chuige ildisciplíneach (lena n‑áirítear innealtóireacht sábháilteachta), saineolas agus an cumas bagairtí nua a aithint agus a thástáil trí úsáid a bhaint as uirlisí agus modheolaíochtaí nua. Sa phlean gníomhaíochta, ba cheart breathnú ar chórais ‘chibirfhisiciúla’ freisin agus ar na hiarrachtaí a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an réimse sin.
2.4Iarrann CESE ar an gCoimisiún raon feidhme na soláthraithe cúraim sláinte a bhfuil tionchar ag an bplean gníomhaíochta orthu a shoiléiriú. Luaitear sa phlean gníomhaíochta go bhfuil líon leathan eintiteas agus gníomhaithe san earnáil sláinte, lena n‑áirítear ospidéil, clinicí, tithe cúraim, ionaid athshlánaithe agus soláthraithe cúraim sláinte éagsúla, in éineacht leis an tionscal cógaisíochta, leighis agus biteicneolaíochta, monaróirí feistí leighis, agus institiúidí taighde sláinte. Iarrann CESE ar an gCoimisiún a shonrú an é sin an tuiscint uileghabhálach atá aige ar an earnáil sláinte agus cuireann sé in iúl na spriocanna sláinte arna sainaithint ag ENISA. Ní mór don Choimisiún an idirghníomhaíocht indíreach leis an éiceachóras níos leithne a chur san áireamh, lena n‑áirítear folláine tráchtála (e.g. rianairí corpacmhainne, cóitseálaithe cailliúna meáchain, etc.).
2.5Leagann an Coimisiún Eorpach béim ar an gcomhar le gnólachtaí teicneolaíochta agus le heagraíochtaí príobháideacha brabúsacha maidir le soláthar seirbhísí cibearshlándála chun cosaint ospidéal agus na hearnála cúraim sláinte a áirithiú. Cé go bhféadfadh buntáistí luachmhara a bheith ag baint le bheith ag comhoibriú leis an earnáil bhrabúsach chun an chibearshlándáil a neartú, ní mór a bheith cúramach. Ní mór d’institiúidí cúraim sláinte a bheith ar an eolas faoi choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a bhíonn cuideachtaí tráchtála rannpháirteach i mbainistiú sonraí íogaire othar. Tá baol ann go dtabharfaí tosaíocht do leasanna tráchtála na gcuideachtaí sin, amhail uasmhéadú brabúis, seachas do chosaint phríobháideachas na n‑othar agus do shláine sonraí leighis. Cuireann CESE i bhfáth nach mór do chuideachtaí Eorpacha cloí leis an reachtaíocht Eorpach lena gcosnaítear príobháideachas othar agus sláine sonraí leighis (RGCS).
2.6Ba dhíol sásaimh do CESE dá ndéanfaí clásail maidir le caighdeáin eiticiúla agus cosaint príobháideachais a thabhairt isteach sa phlean gníomhaíochta Eorpach.
2.7Molann CESE don Choimisiún feabhas a chur ar shainordú na bhFoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) trí fheabhas a chur ar an gcomhordú, tríd an gcumarsáid a chuíchóiriú agus tríd an gcomhar trasteorann a neartú i measc ospidéil Eorpacha ar mhaithe le faisnéis faoi bhagairtí a chomhroinnt ar bhealach níos éifeachtaí. Trí shlándáil TF sa chúram sláinte a neartú trí shaineolas cibearshlándála a chomhthiomsú agus a chur ar bhonn níos gairmiúla, cuirfear feabhas ar chibear-athléimneacht fhoriomlán na hearnála agus ar a hullmhacht in aghaidh na bagartha atá ag athrú. Ar an gcaoi chéanna, ach slándáil TO a neartú agus córais leighis a dhaingniú trí innealtóireacht chomhtháite sábháilteachta agus slándála, is fearr a bheifear in ann a thuar cé na cibirionsaithe is dócha a tharlóidh.
2.8Le bosca uirlisí cibearshlándála d’fhéadfaí sraith chuimsitheach acmhainní, dea-chleachtais agus uirlisí a sholáthar atá ceaptha chun cabhrú le heagraíochtaí cúram sláinte, idir bheag agus mhór, iad féin a chosaint ar bhagairtí digiteacha. Trí ionsamhlúcháin agus fíorchásanna a chur chun feidhme, is féidir feabhas a chur ar an bhfoghlaim agus cuidiú leis an bhfoireann na himpleachtaí praiticiúla a bhaineann le sáruithe cibearshlándála a thuiscint.
2.9Ba cheart teorainn a chur le líon na ndaoine a bhfuil cead acu rochtain a fháil ar líonraí seachtracha ar an ngréasán agus sonraí seachtracha a thabhairt isteach. Tá a fhios againn gur féidir leis an duine daonna a bheith ar an ngné is leochailí agus córas ríomhaireachta á cosaint. Dá bhrí sin, ba cheart córais dhuinelárnacha (a d’fhéadfadh a bheith cumhachtaithe ag IS) a chur i bhfeidhm chun ionsaithe a aithint agus oiliúint a chur ar fáil maidir le conas bagairtí ón taobh istigh a mhaolú. Go hidéalach, ba cheart an stáisiún oibre/na stáisiúin oibre a dhínascadh ó líonra an ospidéil ionas nach ndéanfaidh an t‑ionsaí difear ach don ríomhaire pearsanta féin agus nach ndéanfar ach an méid is lú sonraí agus is féidir a dhúbláil. A luaithe a fhíoraítear nach bhfuil víris ar na sonraí, déantar an ríomhaire a dhínascadh ón líonra seachtrach agus a nascadh le líonra an ospidéil chun sonraí a tharchur. Déantar ríomhairí pearsanta a nuashonrú gach maidin le sonraí othar an lae.
2.10 Más gá d’fhostaithe rochtain a fháil ar an ngréasán gan slándáil, ní mór é sin a dhéanamh trí ríomhairí pearsanta nach bhfuil nasctha le líonra an ospidéil agus gan an fhéidearthacht ann go mbeadh cúltaca ná aistriú sonraí ann.
2.11Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bagairt inmheánach fhéideartha in ospidéal (cé go bhfuil sé teoranta do 2 % de theagmhais), le cur chuige rioscabhunaithe maidir leis an leibhéal faireachais is iomchuí, bíodh sin trí líonraí ríomhaireachta, trí fhaireachas fisiceach amhail ceamaraí, nó trí phointí rialaithe rochtana amhail trí phasanna fostaithe. Faireachas seachas cur isteach ba cheart a bheith i gceist leis an idirphlé sóisialta laistigh d’ospidéil agus den earnáil sláinte, agus ní mór dó fanacht amhlaidh.
2.12Dar le CESE, is ríthábhachtach go mbeadh pleananna bainistithe teagmhais agus leanúnachais gnó ag ospidéil an Aontais, lena n‑áirítear nósanna imeachta um fhreagairt do theagmhais, réitigh chumarsáide chúltaca agus cúltacaí dícheangailte chun gur féidir freagairt go tapa agus go héifeachtach i gcás ionsaí. Cuid ríthábhachtach de phleananna bainistithe teagmhais agus leanúnachais gnó is ea tástálacha struis rialta, lena n‑ionsamhlaítear cásanna cibirionsaí i dtimpeallacht fhíorúil lena bhféadfaí méid agus leibhéal tionchair cibirionsaí a thomhas agus cumais freagartha bunaíochta cúraim sláinte a fhíorú. Tá sé ríthábhachtach rannpháirtíocht oiriúnaithe na bhfostaithe, agus scileanna nithiúla a sholáthar dóibh ina leith sin.
2.13Molann CESE ionsamhlóir digiteach a fhorbairt ina mbeadh cásanna ionsaithe agus freagartha atá éasca a chur chun úsáide agus a úsáid. D’fhéadfaí an t‑insamhlóir sin a úsáid mar uirlis thaispeána le haghaidh ócáidí múscailte feasachta, faisnéise agus oideachasúla.
2.14Cleachtaí ionsamhlúcháin ionsaithe a dhéanamh go minic agus féachaint ar an gcaoi a bhfuil an plean athbhunaithe seirbhíse á chur i bhfeidhm agus feabhas a chur ar nósanna imeachta don chéad bhliain fhioscach eile trí líon na ndaoine ar cuireadh oiliúint orthu sna pleananna athbhunaithe sin a mhéadú nó trí threoracha níos simplí agus níos sainráite a leagan síos, mar shampla.
2.15I gcás nár braitheadh ionsaí agus ina ndearna sé damáiste tromchúiseach do na seirbhísí mar gheall ar a shofaisticiúlacht, is gá modh díghrádaithe a chur i bhfeidhm agus filleadh ar bhonn sealadach ar an modh láimhe ionas nach gcuirfear bac ar oibríochtaí ag tús ionsaithe. Ní mór oiliúint a chur ar dhaoine ionas go mbeidh a fhios acu conas an tseirbhís a eagrú ar pháipéar go dtí go n‑athbhunófar an rannóg TF. Déanfar iontráil láimhe ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar a posteriori.
2.16Ní mór d’úinéir inmheánach an riosca cibearshlándála aon trealamh ina bhfuil micreaphróiseálaí (agus/nó doiciméadacht atá ceangailte le trealamh) atá suiteáilte in ospidéal a sheiceáil roimh ré chun a sheiceáil nach bhfuil aon víreas ionchlannaithe roimh ré. Glacaimid leis nach mbeidh gach ospidéal in ann rannóg inmheánach cibearshlándála iomlán a chur ar bun. Molaimid go bhféadfadh an t‑úinéir riosca (cosúil le rialaitheoir sonraí RGCS) a bheith freagrach as síniú, le tacaíocht ó dhíoltóirí teicneolaíochta, óna rannóg TF agus/nó ó chomhaltaí den tionscnamh sin.
2.17Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí aird ar aonaid bheaga leighis a bhfuil rannóg theoranta TF acu, agus iarrann sé go ndéanfaí ról ENISA a shoiléiriú a mhéid a bhaineann le bogearraí nó freastalaithe slána a chur ar fáil. Spreagann sé ospidéil cheannródaíocha chun foghlaim chibearshlándála eintiteas beag a mhalartú agus chun rannchuidiú leis an bhfoghlaim sin.
2.18D’fhéadfaí úsáid haiceálaithe eiticiúla agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a ionchorprú sa phlean gníomhaíochta Eorpach mar chleachtas caighdeánach, trí chomhoibriú foirmiúil nó cláir fhoirmiúla a éascú lena gcuirtear ar a gcumas d’institiúidí cúraim sláinte leas a bhaint as an saineolas seachtrach sin gan ualaí suntasacha airgeadais a thabhú. Ní hamháin go gcuirfeadh sé sin feabhas ar an gcibearshlándáil fhoriomlán ach rannchuideodh sé freisin le cultúr níos leithne comhair agus comhroinnte eolais laistigh den earnáil.
2.19Molann CESE, mar a fhoráiltear faoi reachtaíocht na mBallstát, úsáid a bhaint as an gcómhargáil agus as conarthaí comhchoiteanna chun freagairt institiúideach chomhleanúnach do chibirionsaithe, cosaint príobháideachais agus bainistiú cuí sonraí a áirithiú, mar aon leis an idirphlé sóisialta a chomhdhlúthú agus ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta maidir le faireachán agus rialú a dhéanamh ar na próisis maidir le cibirionsaithe agus príobháideachas sonraí d’fhostaithe agus d’othair. Cuirimid chun suntais gur gá an riosca struis shíceolaíoch arb í an chibearshlándáil is cúis leis a phlé mar chuid d’idirphlé shóisialta.
2.20Ciallaíonn an teoiric ‘sleá agus sciath’ go mbogann ionsaitheoirí níos tapúla ná cosantóirí agus go bhfuil dlús á chur leis an nuálaíocht choiriúil ar an gcaoi chéanna. Laistigh de na hionaid cabhrach, seachas faisnéis faoi bhagairtí, ba cheart gníomhaíochtaí scanta ionchais agus gníomhaíochtaí lena bhféachtar chuige go seasfaidh córais an aimsir a dhéanamh freisin. Mar shampla, ní hamháin go bhféadfadh gníomhaithe bagartha bogearraí éirice a bheith ag déanamh a ngnáthsháruithe ar shonraí, ach fiú i gcásanna ina n‑athbhunaítear rochtain, d’fhéadfadh sé go gcuirfí sláine sonraí i mbaol go roghnaitheach (go háirithe más sprioc straitéiseach atá i gceist).
2.21Is iomaí réimse atá i gceist leis an gcibearshlándáil anois seachas bogearraí agus nascacht. Áirítear ann freisin gnéithe de chórais fhisiciúla chomh maith leis an intleacht shaorga. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do chomhtháthú na bpróiseas ráthaíochta agus na gceanglas sainordaithe amhail in RFL, nó i nGníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga.
2.22Molaimid a oiread sonraí íogaire agus is féidir a chur ar néalta leighis phoiblí ceannasacha Eorpacha más féidir, le fíorú dúbailte nó triarach le haghaidh rochtain ar shonraí ag daoine údaraithe. Cuidíonn sé sin go mór freisin le seirbhís a athbhunú go tapa tar éis sárú ar chórais ríomhaireachta.
An Bhruiséil, 5 Meitheamh 2025
Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)
Pietro Francesco De Lotto
_____________