Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 77e2e16e-0883-11ef-a251-01aa75ed71a1

Consolidated text: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/133 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid bhunúsach, struchtúr agus modh malartaithe shonraí an deimhnithe comhréireachta i bhformáid leictreonach

02021R0133 — GA — 01.05.2024 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/133 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Feabhra 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid bhunúsach, struchtúr agus modh malartaithe shonraí an deimhnithe comhréireachta i bhformáid leictreonach

(IO L 042 5.2.2021, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1061 ÓN gCOIMISIÚN  an 10 Aibreán 2024

  L 1061

1

11.4.2024




▼B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/133 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Feabhra 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid bhunúsach, struchtúr agus modh malartaithe shonraí an deimhnithe comhréireachta i bhformáid leictreonach



Airteagal 1

Modhanna malartaithe sonraí

1.  
Cuirfidh an monaróir ar fáil don údarás cineálcheadaithe a dheonaigh an cineálcheadú feithicle ina hiomláine an deimhniú comhréireachta i bhformáid leictreonach atá i gcomhréir le formáid agus struchtúr na sonraí agus na dteachtaireachtaí caighdeánaithe a leagtar amach in Airteagal 2 trí aon phointe rochtana náisiúnta den Chóras Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS) san Aontas.
2.  
Bainfidh an t-údarás ceadaithe úsáid as EUCARIS mar mhodh chun sonraí an deimhnithe comhréireachta a mhalartú mar shonraí struchtúraithe i bhformáid leictreonach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 37(8) de Rialachán (AE) 2018/858.

Airteagal 2

Formáid bhunúsach agus struchtúr na sonraí agus na dteachtaireachtaí caighdeánaithe

1.  
Is ar struchtúr scéimre agus ar phrionsabail na Teanga Marcála Inbhreisithe (XML) a bhunófar formáid bhunúsach agus struchtúr shonraí na ndeimhnithe comhréireachta i bhformáid leictreonach agus na dteachtaireachtaí a úsáidtear sa mhalartú, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 37(8) de Rialachán (AE) 2018/858.
2.  
Chun na deimhnithe comhréireachta a mhalartú mar shonraí struchtúraithe i bhformáid leictreonach, bainfidh an monaróir agus an t-údarás ceadaithe úsáid as teachtaireachtaí caighdeánaithe faisnéise tosaigh faoi fheithiclí (IVI) a d’fhorbair an páirtí oibriúcháin atá ainmnithe ag EUCARIS.
3.  
Áireofar i dteachtaireachtaí IVI sonraí uile an deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858.

Airteagal 3

Nós imeachta chun sonraí a leasú

1.  
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú (“an Fóram”) dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/858, cuirfidh an Coimisiún an páirtí oibriúcháin atá ainmnithe ag EUCARIS ar an eolas faoi na leasuithe ar na sonraíochtaí i dtaca le sonraí an deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858.
2.  
Déanfaidh an páirtí oibriúcháin atá ainmnithe ag EUCARIS na leasuithe is gá dá dtagraítear i mír 1 ar theachtaireachtaí IVI laistigh de 3 mhí ón dáta a fhoilseofar na leasuithe ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
3.  
I bhforléargas bliantúil beartóidh an páirtí oibriúcháin atá ainmnithe ag EUCARIS an dáta nó na dátaí a eiseofar an leagan leasaithe de theachtaireachtaí IVI a leagtar síos i gcomhréir le mír 2 agus cuirfidh sé an Fóram agus an Coimisiún ar an eolas faoin dáta nó faoi na dátaí sin ag tús gach bliana. Ní eiseofar teachtaireachtaí IVI níos minice ná dhá uair in aghaidh na bliana.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún an leagan leasaithe de theachtaireachtaí IVI agus na dátaí eisiúna bliantúla atá beartaithe ag EUCARIS a chur in iúl don Fhóram.
5.  
Cuirfidh údaráis cheadaithe, údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis chlárúcháin na mBallstát agus na monaróirí an leagan leasaithe de theachtaireachtaí IVI chun feidhme ina gcuid córas laistigh de 12 mhí ón dáta a fhoilseofar na leasuithe ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
6.  
Ar na teachtaireachtaí is déanaí lena léirítear na leasuithe is déanaí ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858 a bhunófar an deimhniú comhréireachta a chuirfidh na monaróirí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 1(1).
7.  
Le linn dó dátaí cur i bhfeidhm na leasuithe ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858 a chinneadh, cuirfidh an Coimisiún na dátaí bliantúla a bheartaítear teachtaireachtaí IVI a eisiúint san áireamh.

▼M1

Airteagal 3a

Díolúintí do mhonaróirí catagóirí áirithe feithiclí agus cineálacha feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga

De mhaolú ar Airteagail 1 agus 2, i gcás monaróirí catagóirí agus cineálacha feithiclí ar leith a tháirgtear i sraitheanna beaga, is leor eilimintí sonraí an leagain leictreonaigh den deimhniú comhréireachta a chur ar fáil trí ionchur de láimh nó trí chomhad XML IVI a uaslódáil.

▼B

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Top