Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52ea6da2-2a84-11f0-8a44-01aa75ed71a1

Consolidated text: Rialacha Cleachtais Maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta [2024/2097]

02024Q02097 — GA — 01.06.2025 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHA CLEACHTAIS MAIDIR LE CUR I BHFEIDHM RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE GINEARÁLTA

[2024/2097]

(IO L 2097 12.8.2024, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

LEASUITHE AR RIALACHA CLEACHTAIS MAIDIR LE CUR I BHFEIDHM RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE GINEARÁLTA [2025/810] 

  L 810

1

28.4.2025


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 90651, 24.10.2024, lch.  1 (Eorpaigh L, 2024/2097)




▼B

RIALACHA CLEACHTAIS MAIDIR LE CUR I BHFEIDHM RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE GINEARÁLTA

[2024/2097]

CLÁR ÁBHAR

I.

FORÁLACHA TOSAIGH

II.

AN CHLÁRLANN

A.

Oifigí na Clárlainne

B.

An Clár

C.

Uimhir an cháis

D.

An cáschomhad agus teacht ar an gcáschomhad

D.1.

An cáschomhad a choimeád

D.2.

Teacht ar an gcáschomhad agus cóipeanna den cháschomhad a fháil

1)

Forálacha coitinne

2)

Caingne díreacha

3)

Cásanna réamhrialaithe

E.

Leaganacha bunaidh na mbreithiúnas agus na n-orduithe

F.

Finnéithe agus saineolaithe

G.

Scála táillí na Clárlainne agus suimeanna a aisghabháil

H.

Foilseacháin, scaipeadh agus craoladh ar an Idirlíon

III.

FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE DÉILEÁIL LE CÁSANNA

A.

Seirbheáil

B.

Teorainneacha ama

C.

Sonraí pearsanta a chosaint i ndoiciméid atá ar fáil don phobal

C.1.

Foráil choiteann

C.2.

Caingne díreacha

C.3.

Cásanna réamhrialaithe

D.

Ionadaíocht

E.

Uamadh

F.

Idiragairt

G.

Láimhseáil rúnda i gcaingne díreacha

G.1.

Ginearálta

G.2.

Láimhseáil rúnda i gcás ina ndéantar iarratas ar idiragairt

G.3.

Láimhseáil rúnda in uamadh cásanna

G.4.

Láimhseáil rúnda de bhun Airteagal 103 de na Rialacha Nós Imeachta

G.5.

Láimhseáil rúnda de bhun Airteagal 104 de na Rialacha Nós Imeachta

G.6.

Láimhseáil rúnda de bhun Airteagal 105 de na Rialacha Nós Imeachta

IV.

IARSCRÍBHINNÍ LENA NGABHANN I GCAINGNE DÍREACHADOICIMÉID NÓS IMEACHTA AGUS NA h

A.

Na doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann a chur i láthair

A.1.

Na doiciméid nós imeachta arna dtaisceadh ag na páirtithe

A.2.

Sceideal na n-iarscríbhinní

A.3.

Iarscríbhinní

B.

Doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann a thaisceadh trí e-Curia

C.

Taisceadh trí mhodh eile seachas e-Curia

D.

Diúltú do dhoiciméid nós imeachta agus d’ítimí

E.

Doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann a chur ina gceart

E.1.

Ginearálta

E.2.

Iarratais a chur ina gceart

E.3.

Doiciméid eile nós imeachta a chur ina gceart

V.

CÁSANNA RÉAMHRIALAITHE DOICIMÉID NÓS IMEACHTA AGUS NA hIARSCRÍBHINNÍ LENA NGABHANN I g

A.

Leagan amach na ndoiciméad nós imeachta agus na n-iarscríbhinní lena ngabhann

A.1.

Doiciméid nós imeachta arna dtaisceadh ag na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht

A.2.

Sceideal na n-iarscríbhinní

A.3.

Iarscríbhinní

B.

Doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann a thaisceadh

C.

Doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann a chur ina gceart

VI.

AN CHUID I SCRÍBHINN DEN NÓS IMEACHTA

A.

Fad na bpléadálacha i scríbhinn

A.1.

Caingne díreacha

A.2.

Cásanna réamhrialaithe

A.3.

Pléadálacha i scríbhinn atá ró-fhada a chur ina gceart

B.

Struchtúr agus inneachar na bpléadálacha i scríbhinn

B.1.

Caingne díreacha (seachas iad siúd a bhaineann le cearta maoine intleachtúla)

1)

Iarratas tionscanta na n-imeachtaí

2)

An chosaint

3)

Freagra agus athfhreagra

B.2.

Cásanna a bhaineann le cearta maoine intleachtúla

1)

Iarratas tionscanta na n-imeachtaí

2)

An fhrithaighneacht

3)

Cros-éileamh agus frithaighneachtaí ar an gcros-éileamh

B.3.

Cásanna réamhrialaithe

VII.

AN CHUID Ó BHÉAL DEN NÓS IMEACHTA

A.

Eagrú na n-éisteachtaí

A.1.

Foráil choiteann

A.2.

Caingne díreacha

A.3.

Cásanna réamhrialaithe

B.

Ullmhú don éisteacht

B.1.

Forálacha coitinne

B.2.

Caingne díreacha

B.3.

Cásanna réamhrialaithe

C.

Seoladh na héisteachta

D.

Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil

D.1.

Iarratas ar fhíschomhdháil a úsáid

D.2.

Coinníollacha teicniúla

D.3.

Moltaí praiticiúla

E.

Ateangaireacht

F.

Miontuairiscí na héisteachta

G.

Éisteachtaí a chraoladh

H.

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta a léamh agus breithiúnas lena gcuirtear clabhsúr ar na himeachtaí a thabhairt

VIII.

CÚNAMH DLÍTHIÚIL

A.1.

Caingne díreacha

A.2.

Cásanna réamhrialaithe

IX.

NÓSANNA IMEACHTA PRÁINNE

A.

An nós imeachta brostaithe

A.1.

Caingne díreacha

1)

Iarratas ar nós imeachta brostaithe

2)

Leagan coimrithe

3)

An chosaint

4)

An chéim ó bhéal den nós imeachta

A.2.

Cásanna réamhrialaithe

B.

Fionraíocht agus bearta eile idirlinne i gcaingne díreacha

X.

FEIDHM NA RIALACHA CLEACHTAIS SEO TEACHT I bh

IARSCRÍBHINNÍ

Iarscríbhinn 1:

Liosta na luanna (míreanna 15, 16 agus 18 de na Rialacha Cleachtais seo)

Iarscríbhinn 2:

Coinníollacha a mbeidh údar maith ann le diúltú don iarratas a sheirbheáil i gcás nach gcomhlíontar iad (mír 131 de na Rialacha Cleachtais seo)

Iarscríbhinn 3:

Rialacha foirmiúla a mbeidh údar maith le moill a chur ar sheirbheáil an iarratais i gcás nach gcomhlíontar iad (mír 132 de na Rialacha Cleachtais seo)

Iarscríbhinn 4:

Rialacha foirmiúla nach gcuirfear bac leo ar sheirbheáil an iarratais i gcás nach gcomhlíontar iad (mír 133 de na Rialacha Cleachtais seo)



I.    FORÁLACHA TOSAIGH

1. Mínítear forálacha áirithe de na Rialacha Nós Imeachta leis na Rialacha Cleachtais seo, tugtar tuilleadh sonraí ina leith agus beartaítear iad chun a chur ar chumas ionadaithe na bpáirtithe agus na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht aird a thabhairt ar nithe nach mór don Chúirt Ghinearálta a bhreithniú, go háirithe iad siúd i dtaca le taisceadh doiciméad nós imeachta agus ítimí, lena leagan amach, lena n-aistriúchán agus le hateangaireacht le linn na n-éisteachtaí.

2. Tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 1 de na Rialacha Nós Imeachta maidir leis na Rialacha Cleachtais seo.

II.    AN CHLÁRLANN

A.    Oifigí na Clárlainne

3. Is é seoladh oifigí na Clárlainne:

Greffe du Tribunal de l’Union européenne

Rue du Fort Niedergrünewald

L-2925 Lucsamburg

Is é seo an seoladh ríomhphost: GC.Registry@curia.europa.eu

4. Bíonn oifigí na Clárlainne ar oscailt gach lá oibre. Meastar gur lá oibre é gach lá, cé is moite den Satharn, den Domhnach agus de na laethanta saoire oifigiúla arna leagan síos sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 58(3) de na Rialacha Nós Imeachta.

5. I gcás inar lá saoire oifigiúil d’oifigigh agus seirbhísigh na hinstitiúide de réir bhrí mhír 4 thuas é lá oibre, beidh foireann ar dualgas le linn na n-uaireanta oscailte chun go bhféadfar dul i dteagmháil leis an gClárlann.

6. Is iad seo a leanas uaireanta oscailte na Clárlainne:

— 
ar maidin, ón Luan go dtí an Aoine ó 9:30 a.m. go 12:00 meán lae,
— 
um thráthnóna, ón Luan go Déardaoin, ó 2:30 p.m. go 5:30 p.m. agus an Aoine ó 2:30 p.m. go 4:30 p.m.

7. Leathuair an chloig sula gcuirfear tús le héisteacht, beidh rochtain ar oifigí na Clárlainne ag na daoine dár tugadh fógra chun freastal ar an éisteacht sin.

8. Taobh amuigh d’uaireanta oscailte na Clárlainne, féadfar an iarscríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 72(4) de na Rialacha Nós Imeachta agus na doiciméid nós imeachta dá dtagraítear in Airteagail 147(6), 205(2) agus 239(2) de na Rialacha Nós Imeachta a thaisceadh go bailí leis an bhfeighlí ag tairseach fhoirgnimh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, uair ar bith den lá nó den oíche. Déanfaidh sé sin nóta de dháta agus d’uair an taiscthe agus tabharfaidh sé fáltas.

B.    An Clár

9. Déanfar gach doiciméad a chuirfear sna comhaid i gcásanna os comhair na Cúirte Ginearálta a iontráil sa chlár.

10. Iontrálfar freisin sa chlár an fhaisnéis nó an t-ábhar a thabharfar ar aird de bhun Airteagal 105(1) nó (2) de na Rialacha Nós Imeachta, a rialaítear an chaoi a ndéileálfar leo faoin gCinneadh ón gCúirt Ghinearálta an 14 Meán Fómhair 2016.

11. Beidh na hiontrálacha sa chlár uimhrithe go leanúnach méadaitheach. Beidh siad i dteanga an cháis. Luafar iontu, go háirithe, na dátaí taiscthe agus cláraithe, uimhir an cháis agus an cineál doiciméid.

12. Beidh an clár a choimeádtar i bhfoirm leictreonach deartha sa chaoi nach féidir aon iontráil a scriosadh agus gur féidir aon athrú a dhéanfar níos déanaí ar chlárúchán a shainaithint.

13. I gcomhréir le hAirteagal 125c de na Rialacha Nós Imeachta, cuirfear an t-ábhar arna thabhairt ar aird i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le réiteach cairdiúil dá dtagraítear in Airteagail 125a go 125d de na Rialacha Nós Imeachta i gclár ar leith nach bhfuil faoi réir na rialacha dá dtagraítear in Airteagail 36 agus 37 de na Rialacha sin.

C.    Uimhir an cháis

14. Tráth a dhéantar iarratas tionscanta imeachtaí a iontráil sa chlár nó tráth a dhéanann an Chúirt Bhreithiúnais iarraidh ar réamhrialú a tharchur de bhun Airteagal 50b den Reacht, sannfar sraithuimhir ar an gcás, leis an litir ‘T-’ luaite roimpi agus an bhliain ina diaidh.

15. Sannfar an uimhir chéanna agus a shannfar ar na príomhimeachtaí ar iarratais ar bhearta idirlinne, iarratais ar idiragairt, iarratais ar cheartú nó ar léiriú, iarratais ar an gCúirt Ghinearálta go réiteofar cás ina mainnítear breith a thabhairt, iarratais ar athbhreithniú, iarratais ar bhreithiúnas mainneachtana a chur ar leataobh nó lena dtionscnaítear imeachtaí tríú páirtí, iarratais ar fhómhas costas agus iarratais ar chúnamh dlíthiúil maidir le caingne nó cásanna réamhrialaithe ar feitheamh, agus lua ina dhiaidh sin lena léirítear gur nósanna imeachta sonracha leithleacha atá iontu.

16. Sannfar sraithuimhir d’iarratas ar chúnamh dlíthiúil arna dhéanamh roimh chaingean a thionscnamh, cuirfear an litir ‘T-’ roimpi agus sonrófar an bhliain agus lua sonrach ina diaidh.

17. Sannfar an uimhir chéanna cháis do chaingean agus a sannadh don iarratas ar chúnamh dlíthiúil lena mbaineann arna dhéanamh sular tionscnaíodh í, gan an lua sonrach.

18. Maidir le cás a tharchuirtear ar ais ón gCúirt Bhreithiúnais i ndiaidh neamhniú, sannfar air an uimhir a sannadh roimhe sin os comhair na Cúirte Ginearálta ar an gcás, agus lua sonrach ina diaidh.

19. Sonraítear na luanna atá i gceist in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis na Rialacha Cleachtais seo.

20. Luafar sraithuimhir an cháis, lena n-áirítear aon lua sonrach, agus na páirtithe sna doiciméid nós imeachta, sa chomhfhreagras maidir leis an gcás agus i bhfoilseacháin na Cúirte Ginearálta agus sna doiciméid agus san fhaisnéis a bhaineann leis an gcás ag a bhfuil rochtain ag an bpobal. I gcás ina bhfágtar sonraí ar lár de bhun Airteagail 66, 66a nó 201 de na Rialacha Nós Imeachta, cuirfear na tagairtí do na páirtithe in oiriúint don mhéid sin.

D.    An cáschomhad agus teacht ar an gcáschomhad

D.1.    An cáschomhad a choimeád

21. Áireofar sa cháschomhad na doiciméid nós imeachta, chomh maith leis na hiarscríbhinní, más ann, agus aon doiciméad eile a chuirfear san áireamh chun an cás a bhreithniú, mar aon leis an gcomhfhreagras leis na páirtithe agus cruthúnas maidir le seirbheáil. Áireofar ann freisin, i gcás inarb iomchuí, sleachta ó mhiontuairiscí comhdhála Dlísheomra, na miontuairiscí ón gcruinniú leis na páirtithe, an tuarascáil le haghaidh na héisteachta i gcaingne díreacha, miontuairiscí na héisteachta agus miontuairiscí na héisteachta fiosrúcháin, mar aon leis na cinntí agus nithe arna dtaifeadadh sa chás.

22. Maidir le haon doiciméad a chuirfear leis an gcáschomhad, ní mór an uimhir chláraithe dá dtagraítear i mír 11 thuas a bheith ann, mar aon le sraithuimhir. Ina theannta sin, ní mór a áireamh i ndoiciméid nós imeachta arna dtaisceadh ag na páirtithe, ag na cúirteanna náisiúnta agus ag na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, agus aon chóipeanna de na doiciméid sin an dáta taiscthe agus an dáta cláraithe sa chlár i dteanga an cháis.

23. Déanfar na leaganacha rúnda agus na leaganacha neamhrúnda de dhoiciméid nós imeachta agus dá n-iarscríbhinní a chomhdú ar leithligh sa cháschomhad.

24. Déanfar na doiciméid a bhaineann leis na nósanna imeachta speisialta dá dtagraítear i mír 15 thuas a chomhdú ar leithligh sa cháschomhad.

25. Déanfar ábhar arna thabhairt ar aird i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le réiteach cairdiúil de réir bhrí Airteagal 125a de na Rialacha Nós Imeachta a chomhdú i gcomhad ar leith ón gcáschomhad.

26. Ní fhéadfar doiciméad nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann, arna dtabhairt ar aird i gcás, agus a chuirtear leis an gcáschomhad sin, a chur san áireamh chun cás eile a ullmhú le haghaidh éisteachta.

27. Tar éis dheireadh an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta, cuirfidh an Chlárlann clabhsúr leis an gcáschomhad agus cuirfidh sí sa chartlann é, i dteannta an chomhaid dá dtagraítear in Airteagal 125c(1) de na Rialacha Nós Imeachta. Sa chomhad ar cuireadh clabhsúr leis, beidh liosta de na doiciméid go léir a cuireadh sa cháschomhad agus fianaise maidir le seirbheáil agus dearbhú ón gCláraitheoir lena ndeimhnítear go bhfuil an comhad comhlánaithe.

28. Rialaítear an chaoi a ndéileálfar le faisnéis nó ábhar a thabharfar ar aird de bhun Airteagal 105(1) nó (2) de na Rialacha Nós Imeachta leis an gCinneadh ón gCúirt Ghinearálta an 14 Meán Fómhair 2016.

D.2.    Teacht ar an gcáschomhad agus cóipeanna den cháschomhad a fháil

1)    Forálacha coitinne

29. Ar iarratas ó thríú páirtí, cuirfidh an Cláraitheoir cóip de na horduithe ar fáil, mura bhfuil siad ar fáil go poiblí cheana agus mura bhfuil sonraí rúnda iontu, mar aon le sleachta ón gclár.

2)    Caingne díreacha

30. Féadfaidh ionadaithe na bpríomhpháirtithe teacht ar an gcáschomhad in oifigí na Clárlainne.

31. Beidh an ceart céanna ag ionadaithe na bpáirtithe a gceadaítear dóibh idiragairt de bhun Airteagal 144 de na Rialacha Nós Imeachta chun teacht ar an gcáschomhad agus atá ag na príomhpháirtithe, faoi réir Airteagal 144(5) agus (7) de na Rialacha Nós Imeachta.

32. I gcásanna ina ndéantar caingne díreacha a uamadh, beidh an ceart ag ionadaithe na bpáirtithe go léir teacht ar na cáschomhaid lena mbaineann an t-uamadh, faoi réir Airteagal 68(4) de na Rialacha Nós Imeachta. Níl feidhm ag an gceart sin chun teacht ar an gcáschomhad, áfach, i gcás ina n-eagraítear comhéisteacht i gcomhréir le hAirteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta.

33. Beidh an ceart ag an té a rinne iarratas ar chúnamh dlíthiúil de bhun Airteagal 147 de Rialacha Nós Imeachta gan cúnamh ó dhlíodóir chun teacht ar an gcomhad maidir le cúnamh dlíthiúil. I gcás ina n-ainmnítear dlíodóir chun ionadaíocht a dhéanamh air, beidh sé de cheart ag an ionadaí sin amháin teacht ar an gcomhad sin.

34. Ní thabharfar cead chun teacht ar an leagan rúnda de dhoiciméid nós imeachta agus, i gcás inarb iomchuí, ar a n-iarscríbhinní, ach i dtaca leis na páirtithe nár iarradh agus nár deonaíodh aon láimhseáil rúnda ina leith.

35. Maidir leis an bhfaisnéis nó an ábhar a thabharfar ar aird de bhun Airteagal 105(1) nó (2) de na Rialacha Nós Imeachta, déan tagairt do mhír 28 thuas.

36. Ní bhaineann na ceanglais i míreanna 30 go 35 thuas le rochtain ar an gcomhad dá dtagraítear in Airteagal 125c(1) de na Rialacha Nós Imeachta. Rialaítear rochtain ar an gcáschomhad sonrach sin leis an airteagal céanna de na Rialacha Nós Imeachta.

3)    Cásanna réamhrialaithe

37. Féadfaidh ionadaithe na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht nó na páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir teacht ar an gcáschomhad, lena n-áirítear an comhad náisiúnta a seoladh chuig an gCúirt Ghinearálta, in oifigí na Clárlainne.

38. I gcásanna ina ndéantar caingne díreacha a uamadh, beidh an ceart ag ionadaithe na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht nó ag na páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir teacht ar na cáschomhaid lena mbaineann an t-uamadh. Níl feidhm ag an gceart sin chun teacht ar an gcáschomhad, áfach, i gcás ina n-eagraítear comhéisteacht i gcomhréir le hAirteagal 214 de na Rialacha Nós Imeachta.

39. Beidh an ceart ag an té a rinne iarratas ar chúnamh dlíthiúil de bhun Airteagal 239 de na Rialacha Nós Imeachta gan cúnamh ó dhlíodóir chun teacht ar an gcomhad maidir le cúnamh dlíthiúil. I gcás ina n-ainmnítear dlíodóir chun ionadaíocht a dhéanamh air, beidh sé de cheart ag an ionadaí sin amháin teacht ar an gcomhad sin.

E.    Leaganacha bunaidh na mbreithiúnas agus na n-orduithe

40. Síneofar bunleaganacha bhreithiúnais agus orduithe na Cúirte Ginearálta trí ríomhshíniú cáilithe. Déanfar iad a stóráil ar bhealach leictreonach do-athraithe, in ord croineolaíoch, ar fhreastalaí speisialta a choimeádtar le haghaidh cartlannú fadtéarmach. Déanfar cóip leictreonach den leagan deimhnithe den bhreithiúnas nó den ordú a phriontáil agus a chur leis an gcáschomhad.

41. Maidir le horduithe lena ndéantar ceartúchán ar bhreithiúnas nó ordú, breithiúnais nó orduithe lena ndéantar léiriú ar bhreithiúnas nó ordú, breithiúnais arna dtabhairt ar iarratas ar bhreithiúnais mhainneachtana a chur ar ceal, breithiúnas agus orduithe arna dtabhairt in imeachtaí tríú páirtí nó ar iarratas ar athbhreithniú, arna síniú le síniú leictreonach cáilithe, stórálfar iad ar fhreastalaí speisialta a choimeádtar do chartlannú fadtéarmach i dteannta, sa chéad áit, bhreithiúnas nó ordú na Cúirte Ginearálta lena mbaineann arna shíniú trí ríomhshíniú cáilithe agus, sa dara háit, doiciméad ina bhfuil na nótaí mínithe arna shíniú ag an gCláraitheoir, agus na nithe sin stóráilte go dodhealaithe óna chéile.

42. I gcás inar síníodh breithiúnas nó ordú na Cúirte Ginearálta de láimh, luafar breith na Cúirte Ginearálta lena gceartaítear nó lena léirítear an breithiúnas nó an t-ordú lena mbaineann, arna ghlacadh i ndáil le hiarratas ar bhreithiúnas mainneachtana a chur ar ceal, imeachtaí tríú páirtí nó iarratas ar athbhreithniú arna shíniú trí ríomhshíniú cáilithe ar imeall an bhreithiúnais nó an ordaithe lena mbaineann. Déanfar an chóip den leagan deimhnithe den bhreith arna síniú trí ríomhshíniú cáilithe a phriontáil agus a chur i gceangal le doiciméad bunaidh an bhreithiúnais nó an ordaithe ar phár.

43. Maidir le breitheanna de chuid na Cúirte Ginearálta arna síniú de láimh ar thug an Chúirt Bhreithiúnais breith orthu ar achomharc nó athbhreithniú, stórálfar an bhreith sin i dteannta an leagain de bhreithiúnas nó ordú na Cúirte Breithiúnais lena mbaineann, mar a seoladh chuig Clárlann na Cúirte Ginearálta é agus na nótaí mínithe, arna síniú ag an gCláraitheoir, ar imeall bhreith na Cúirte Ginearálta, agus na nithe sin stóráilte go dodhealaithe óna chéile ar phár.

44. Maidir le breitheanna na Cúirte Ginearálta arna síniú trí ríomhshíniú cáilithe ar thug an Chúirt Bhreithiúnais breith orthu ar achomharc nó athbhreithniú, stórálfar iad ar fhreastalaí speisialta a choimeádtar le haghaidh cartlannú fadtéarmach i dteannta an leagain de bhreithiúnas nó ordú na Cúirte Breithiúnais mar a seoladh chuig Clárlann na Cúirte Ginearálta é agus doiciméad ina bhfuil na nótaí mínithe arna shíniú ag an gCláraitheoir, agus na nithe sin stóráilte go dodhealaithe óna chéile.

F.    Finnéithe agus saineolaithe

45. Glacfaidh an Cláraitheoir na bearta is gá chun éifeacht a thabhairt d’orduithe maidir le tuarascálacha ó shaineolaithe agus finnéithe a cheistiú.

46. Gheobhaidh an Cláraitheoir na doiciméid tacaíochta is gá ó na finnéithe maidir lena gcuid costas agus a dtuilleamh a cailleadh, agus nóta táillí ó na saineolaithe ina dtugtar cuntas dá seirbhísí agus dá gcostais.

47. Féachfaidh an Cláraitheoir chuige go n-íocfaidh airgeadóir na Cúirte Ginearálta na suimeanna atá dlite do na finnéithe agus na saineolaithe de bhun na Rialacha Nós Imeachta. I gcás ina bhfuil díospóid faoi na suimeanna sin, cuirfidh an Cláraitheoir an t-ábhar faoi bhráid an Uachtaráin chun go ndéanfar cinneadh.

G.    Scála táillí na Clárlainne agus suimeanna a aisghabháil

48. I gcás, i gcaingne díreacha, teipeanna leantacha páirtí nó idiragraí chun cloí le ceanglais na Rialacha Nós Imeachta nó na Rialacha Cleachtais seo, gearrfaidh an Cláraitheoir, i gcomhréir le hAirteagal 139(b) de na Rialacha Nós Imeachta, táille chlárlainne nach mbeidh os cionn EUR 10 000 .

49. I gcás inarb iomchuí iad a aisghabháil, déanfaidh airgeadóir na Cúirte Ginearálta suimeanna arna n-íoc i dtaca le cúnamh dlíthiúil, suimeanna arna n-íoc le finnéithe nó le saineolaithe nó costais inseachanta arna dtarraingt ar an gCúirt Ghinearálta de réir bhrí Airteagal 139(a) de na Rialacha Nós Imeachta, éileoidh an Cláraitheoir na suimeanna sin ón bhféichiúnaí nach mór dó íoc astu.

50. Mura n-íocfar na suimeanna dá dtagraítear i míreanna 48 agus 49 thuas laistigh den teorainn ama arna socrú ag an gCláraitheoir, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCúirt Ghinearálta ordú infhorghníomhaithe a ghlacadh agus a fhorghníomhú a cheangal, i gcás inarb iomchuí.

H.    Foilseacháin, scaipeadh agus craoladh ar an Idirlíon

51. Féachfaidh an Cláraitheoir chuige go ndéanfar na foilseacháin dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

52. Féachfaidh an Cláraitheoir chuige go bhfoilseofar na fógraí maidir le caingne díreacha arna dtaisceadh, iarrataí ar réamhrialú arna dtarchur ag an gCúirt Bhreithiúnais agus cinntí lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin sa chás ina nglactar an cinneadh lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí roimh aon seirbheáil.

53. Beidh an Cláraitheoir freagrach as foilsiú na bpléadálacha i scríbhinn agus na mbarúlacha i scríbhinn arna dtaisceadh de bhun Airteagal 202(1) de na Rialacha Nós Imeachta, sna coinníollacha dá bhforáiltear le hAirteagal 202(3) de na Rialacha sin, agus cosaint sonraí pearsanta á háirithiú.

54. Beidh an Cláraitheoir freagrach as craoladh na n-éisteachtaí dá dtagraítear in Airteagail 110a agus 219 de na Rialacha Nós Imeachta, i gcomhréir leis an gcinneadh arna ghlacadh ag an gCúirt Ghinearálta.

55. Cinnteoidh an Cláraitheoir go bhfoilseofar cásdlí na Cúirte Ginearálta i gcomhréir leis na critéir a shocróidh sí. Cuirfear faisnéis faoi na socruithe sin ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

III.    FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE DÉILEÁIL LE CÁSANNA

A.    Seirbheáil

56. Beidh litir ag gabháil leis an gcóip den doiciméad atá le seirbheáil, litir ina mbeidh uimhir an cháis, an uimhir chlárlainne agus sonrú achomair ar an gcineál doiciméid atá ann.

57. I gcás nach n-éiríonn le hiarracht chun an t-iarratas a sheirbheáil ar an gcosantóir, socróidh an Cláraitheoir tréimhse don iarratasóir chun faisnéis bhreise a sholáthar chun críocha na seirbheála nó chun a iarraidh an bhfuil sé sásta leas a bhaint as oifigeach breithiúnach, ar a chostais féin, chun seirbheáil a dhéanamh as an nua, de réir mar a bheidh.

B.    Teorainneacha ama

58. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 58(2) de na Rialacha Nós Imeachta ar dá réir a fhadófar tréimhse a chríochnaíonn ar an Satharn, ar an Domhnach nó ar lá saoire oifigiúil go dtí deireadh an chéad lae oibre ina dhiaidh sin, ach amháin má thagann deireadh leis an tréimhse iomlán, an fadú mar gheall ar fhad slí san áireamh ar an Satharn, ar an Domhnach nó ar lá saoire oifigiúil. Foilseofar liosta de na laethanta saoire oifigiúla gach bliain in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CURIA - Nós imeachta - Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (europa.eu)).

59. Ní mór iarratas ar theorainneacha ama a fhadú a bheith cuí-réasúnaithe agus a dhéanamh in am trátha roimh dhul in éag na teorann ama arna socrú.

60. Ní mór an t-iarratas ar theorainn ama a fhadú dá dtagraítear in Airteagal 86(1) de na Rialacha Nós Imeachta a thaisceadh roimh dhul in éag na teorann ama sin nó go díreach i ndiaidh na seirbheála sin i gcás ina seirbheálann an Chúirt Ghinearálta an cinneadh chun breith a thabhairt gan an chuid ó bhéal den nós imeachta. Ní mór an t-iarratas a bheith cuí-réasúnaithe agus trácht a bheith ann don bheart lena ndéantar an beart a bhfuil neamhniú á lorg ina leith a ionadú nó a leasú agus tús na dteorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 86(2) agus (3) inar féidir neamhniú an ghnímh lena dtugtar údar don iarratas a leasú a iarraidh. Ní cheadófar aon síneadh ama ar an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 86(1) de na Rialacha Nós Imeachta de bhreis ar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 86(2) agus (3).

61. Ní fhéadfar teorainn ama a fhadú níos mó ná uair amháin, ach amháin ar chúiseanna eisceachtúla.

C.    Sonraí pearsanta a chosaint i ndoiciméid atá ar fáil don phobal

C.1.    Foráil choiteann

62. Féachfaidh an Chúirt Ghinearálta chuige, i bhfeidhmiú a feidhmeanna breithiúnacha, go ndéanfar an prionsabal maidir le himeachtaí breithiúnacha poiblí agus faisnéis a chur ar fáil do shaoránaigh a réiteach le cosaint sonraí pearsanta agus cosaint sonraí áirithe eile a luaitear sna cásanna a chuirtear faoina bráid. Le forálacha na Rialacha Nós Imeachta is infheidhme sa réimse seo, cuirtear san áireamh saintréithe dhá chineál nós imeachta a bhfuil dlínse ag an gCúirt Ghinearálta ina leith. Is iad sin Airteagail 66 agus 66a maidir le sonraí a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí i gcaingne díreacha agus Airteagal 201 maidir le hanaithnidiú agus sonraí a fhágáil ar lár i gcásanna réamhrialaithe.

C.2.    Caingne díreacha

63. Féadfaidh ionadaí ar bith do pháirtí i ndíospóid os comhair na Cúirte Ginearálta iarratas a thíolacadh de bhun Airteagal 66 de na Rialacha Nós Imeachta ar shonraí pearsanta duine nádúrtha a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí, cibé acu an páirtí dá ndéanann sé ionadaíocht é nó tríú páirtí, i gcomhthéacs nós imeachta ionas nach nochtfar céannacht an duine lena mbaineann don phobal.

64. Féadfaidh ionadaí ar bith do pháirtí i ndíospóid os comhair na Cúirte Ginearálta a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 66a de na Rialacha Nós Imeachta go bhfágfar ar lár sonraí seachas sonraí pearsanta duine nádúrtha, amhail ainm duine dhlítheanaigh nó sonraí arna gcuimsiú le rún tráchtála ó dhoiciméid a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.

65. Féadfaidh ionadaí iarratasóra ar idiragairt déanamh amhlaidh freisin.

66. Ní mór an t-iarratas ar shonraí a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí a thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta a luaithe a thaiscfear an chéad doiciméad nós imeachta agus, in aon chás, sula bhfoilseofar faisnéis faoin gcás lena mbaineann ar an idirlíon nó sula scaipfear an fhaisnéis sin ar an idirlíon, ionas nach mbainfear d’éifeachtacht na sonraí a fhágáil ar lár.

67. Ní mór an t-iarratas a dhéanamh i ndoiciméad ar leith agus an sonra nó na sonraí lena mbaineann an t-iarratas á lua ann go beacht.

68. Ní mór cúiseanna dlisteanacha a lua leis an iarratas ar shonraí a fhágáil ar lár, seachas sonraí pearsanta daoine nádúrtha, dá dtagraítear in Airteagal 66a de na Rialacha Nós Imeachta, ar cúiseanna iad lena dtugtar bonn cirt gan na sonraí sin a nochtadh go poiblí.

C.3.    Cásanna réamhrialaithe

69. Seachas in imthosca speisialta, déanfaidh an Chúirt Ghinearálta céadainm agus sloinne na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear san iarraidh ar réamhrialú a fholú agus, i gcás inarb iomchuí, nithe eile lenar féidir iad a aithint i gcás nach ndearna an chúirt a rinne an tarchur amhlaidh sular seoladh an iarraidh ar réamhrialú nó nach ndearna an Chúirt Bhreithiúnais amhlaidh, sular cuireadh an iarraidh ar aghaidh chuig an gCúirt Ghinearálta. Ní mór do na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht cloí leis an bhfolú sin ina mbarúlacha.

70. In aon chás, i gcás inar mian le páirtí i gcás réamhrialaithe os comhair na Cúirte Ginearálta nach nochtfar a chéannacht nó sonraí pearsanta a bhaineann le duine nádúrtha amháin nó níos mó lena mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí, cibé acu an páirtithe nó tríú páirtithe sa díospóid sin iad, i gcomhthéacs cás réamhrialaithe arna chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta – nó, a mhalairt, i gcás inar mian leis an bpáirtí sin go nochtfar a chéannacht agus na sonraí sin i gcomhthéacs an cháis sin –, is féidir leis dul i dteagmháil leis an gCúirt Ghinearálta ionas go gcinnfidh sí ar cheart nó nár cheart na sonraí sin a bhaineann leis an gcás atá i gceist a fholú, ina n-iomláine nó i bpáirt, nó deireadh a chur leis an bhfolú a rinneadh cheana. Chun a éifeachtúlacht a áirithiú, ní mór iarratas den sórt sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir, agus in aon chás roimh an bhfógra maidir leis an gcás a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó an iarraidh ar réamhrialú a sheirbheáil ar na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht.

71. D’fhonn ainmniú agus aithint cásanna anaithnidithe a éascú, mar riail ghinearálta, tabharfaidh an Chúirt Ghinearálta ainm bréagach do chásanna réamhrialaithe anaithnidithe. Ní fhreagróidh an t-ainm bréagach sin d’fhíorainm aon cheann de pháirtithe na n-imeachtaí, nó, i bprionsabal, d’aon ainm atá ann cheana.

D.    Ionadaíocht

72. Déanfaidh gníomhaire arna ainmniú le haghaidh gach cáis ionadaíocht do na Ballstáit, do Stáit eile is páirtithe i gComhaontú LEE agus in Údarás Faireacháin CSTE agus do na hinstitiúidí. Féadfaidh comhairleoir nó dlíodóir a bheith de chúnamh ag an ngníomhaire. Ní mór do na páirtithe eile dlíodóir a bheith acu mar ionadaí sna coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 19 den Reacht agus Airteagal 51 de na Rialacha Nós Imeachta. Léachtóirí ollscoile is náisiúnaigh de Bhallstáit a dtugann a ndlí ceart éisteachta dóibh, beidh acu os comhair na Cúirte Ginearálta na cearta céanna a thugtar le hAirteagal 19 den Reacht do dhlíodóirí.

73. Ní mór don ionadaí na ceanglais go léir dá bhforáiltear in Airteagal 19 den Reacht a chomhlíonadh agus ní mór dó, i gcás inar dlíodóir nó léachtóir ollscoile é, an neamhspleáchas riachtanach i dtaca leis an bpáirtí dá ndéanann sé ionadaíocht a bheith aige.

74. I gcásanna réamhrialaithe, cuirfidh an Chúirt Ghinearálta san áireamh, maidir le hionadaíocht na bpáirtithe sna príomhimeachtaí, na rialacha nós imeachta is infheidhme os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Dá bhrí sin, aon duine a údaraítear chun ionadaíocht a dhéanamh do pháirtí os comhair na cúirte sin, féadfaidh sé ionadaíocht a dhéanamh dó os comhair na Cúirte Ginearálta agus, má cheadaíonn na rialacha nós imeachta náisiúnta sin, beidh sé de cheart ag na páirtithe sna príomhimeachtaí a mbarúlacha i scríbhinn agus ó bhéal féin a thabhairt. Má tá amhras ann faoi sin, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta, tráth ar bith, an fhaisnéis ábhartha a fháil ó na páirtithe, óna n-ionadaithe agus ón gcúirt a rinne an tarchur.

E.    Uamadh

75. I gcásanna uamtha, ar iarratas ón bpáirtí nó ón duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, déanfar na doiciméid agus na cinntí atá i gcomhaid na gcásanna uamtha atá ábhartha le haghaidh a rannpháirtíochta sna príomhimeachtaí a sheirbheáil air, i leagan neamhrúnda, más iomchuí. Gheobhaidh an páirtí nó an duine leasmhar sliocht ón gclár freisin, arna dréachtú i dteanga an cháis, maidir leis an gcás agus féadfaidh sé a iarraidh go seirbheálfar air na doiciméid nó na cinntí nár seirbheáladh air ar dtús.

76. Ina dhiaidh sin, seirbheálfar ar an bpáirtí nó ar an duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht gach doiciméad nós imeachta arna thaisceadh agus gach cinneadh arna ghlacadh sna cásanna uamtha, i leagan neamhrúnda, más iomchuí.

F.    Idiragairt

77. Ós rud é go nglacann an t-idiragraí leis an gcás sa riocht ina bhfaighidh sé é tráth a idiragartha, i gcomhréir le hAirteagal 142(3) de na Rialacha Nós Imeachta, seirbheálfar air, tráth a ghlacfar leis mar idiragraí, na doiciméid agus na cinntí i gcomhad an cháis atá ábhartha dá rannpháirtíocht sna himeachtaí, i leagan neamhrúnda, más iomchuí. Gheobhaidh an t-idiragraí sliocht ón gclár freisin, arna dréachtú i dteanga an cháis, maidir leis an gcás agus féadfaidh sé a iarraidh go seirbheálfar air na doiciméid nó na cinntí nár seirbheáladh air ar dtús.

78. Ina dhiaidh sin, seirbheálfar ar an idiragraí gach doiciméad nós imeachta arna thaisceadh agus gach cinneadh arna ghlacadh a sheirbheáiltear ar na príomhpháirtithe, i leagan neamhrúnda, más iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 144(7) de na Rialacha Nós Imeachta.

79. Ní bheidh feidhm ag na míreanna roimhe seo, a bhaineann le hidiragairt, maidir le cásanna réamhrialaithe. Ní cheadófar ach do na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht – agus, más iomchuí, d’institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí an Aontais a iarrfar sin orthu de bhun an dara mír d’Airteagal 24 den Reacht – barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a thaisceadh i gcásanna réamhrialaithe.

G.    Láimhseáil rúnda i gcaingne díreacha

G.1.    Ginearálta

80. I gcomhréir le hAirteagal 64 agus faoi réir fhorálacha Airteagail 68(4), 104, 105(8) agus 144(7) de na Rialacha Nós Imeachta, ní chuirfidh an Chúirt Ghinearálta san áireamh ach na doiciméid nós imeachta agus na hítimí a cuireadh ar fáil d’ionadaithe na bpáirtithe agus a raibh deis acu a dtuairimí orthu a nochtadh.

81. Dá bhrí sin, gan dochar d’fhorálacha Airteagail 103 go 105 de na Rialacha Nós Imeachta, ní fhéadfar iarratas arna thaisceadh ag iarratasóir maidir le faisnéis áirithe sa cháschomhad a láimhseáil go rúnda i leith an chosantóra a bhreithniú. Ar an gcaoi chéanna, ní fhéadfaidh an cosantóir iarratas den sórt sin a dhéanamh maidir leis an iarratasóir.

82. Mar sin féin, féadfaidh aon phríomhpháirtí a iarraidh go n-eisiafar faisnéis áirithe rúnda sa cháschomhad ó na doiciméid a sheolfar chuig idiragraí, i gcomhréir le hAirteagal 144(7) de na Rialacha Nós Imeachta.

83. Féadfaidh gach páirtí a iarraidh freisin nach dtabharfar rochtain do pháirtí i gcásanna uamtha ar fhaisnéis áirithe sna cáschomhaid lena mbaineann an t-uamadh de bharr go maítear go bhfuil siad rúnda, i gcomhréir le hAirteagal 68(4) de na Rialacha Nós Imeachta.

84. Mura nochtar faisnéis atá sa cháschomhad do pháirtí, is ionann sin agus maolú ar chineál sáraíochta na n-imeachtaí, a leagtar amach in Airteagal 64 de na Rialacha Nós Imeachta, agus cineál poiblí na n-imeachtaí breithiúnacha. Dá bhrí sin, cuirfear an maolú sin i bhfeidhm go docht.

G.2.    Láimhseáil rúnda i gcás ina ndéantar iarratas ar idiragairt

85. Más rud é go dtaisctear iarratas ar idiragairt i gcás, ní mór do na príomhpháirtithe a lua, laistigh den teorainn ama arna forchur ag an gCláraitheoir, an bhfuil rún acu, i gcás ina dtabharfar cead dóibh idiragairt a dhéanamh, iarratas ar láimhseáil rúnda a dhéanamh i ndail leis an iarratasóir ar idiragairt maidir le faisnéis áirithe sna doiciméid nós imeachta agus sna hítimí a cuireadh sa cháschomhad cheana. Má cheadaítear an t-iarratas ar idiragairt, iarrfar ar na príomhpháirtithe a luaigh rún den sórt sin iarratas ar láimhseáil rúnda a thaisceadh. Mura bhfuil rún den sórt sin curtha in iúl ag aon duine de na príomhpháirtithe, seolfar na doiciméid nós imeachta agus na hítimí arna dtaisceadh chuig an idiragraí sna coinníollacha dá bhforáiltear i mír 76 thuas.

86. Maidir leis na doiciméid nós imeachta agus na hítimí go léir a thaiscfidh siad i ndiaidh sheirbheáil an chinnidh lena gceadaítear an idiragairt, ní mór do na príomhpháirtithe iarratas ar láimhseáil rúnda a dhéanamh ag an am céanna lena dtaisceadh, i gcás inarb iomchuí. In éagmais an iarratais sin, cuirfear na doiciméid nós imeachta agus na hítimí arna dtaisceadh in iúl don idiragraí sna coinníollacha dá dtagraítear i mír 76 thuas.

87. Ní mór aon iarratas ar láimhseáil rúnda a dhéanamh i ndoiciméad ar leith. Ní fhéadfar é a thaisceadh i leagan rúnda agus ní fhéadfaidh faisnéis rúnda a bheith ann, dá bhrí sin, ós rud é go seirbheálfar é ar na páirtithe go léir.

88. Ní mór an páirtí a n-iarrtar rúndacht ina leith a shonrú san iarratas ar láimhseáil rúnda.

89. Ní mór an t-iarratas ar láimhseáil rúnda a theorannú don mhéid a bhfuil fíor-ghá leis agus ní fhéadfaidh sé, i gcás ar bith, doiciméad nós imeachta iomlán a chlúdach agus ní fhéadfaidh sé iarscríbhinn iomlán a chlúdach, ach ar bhonn eisceachtúil amháin. Go deimhin, is gnách gur féidir leagan neamhrúnda de dhoiciméad nós imeachta nó d’ítimí, inar scriosadh sleachta, focail nó figiúirí áirithe a chur ar fáil de ghnáth gan difear a dhéanamh do na leasanna atá faoi thrácht.

90. Ní mór iarratas ar láimhseáil rúnda a bheith cuí-réasúnaithe. Ní mór a shonrú go beacht san iarratas sin na nithe nó na sleachta atá clúdaithe leis. Ní mór cúiseanna leordhóthanacha, beachta agus iomlána a thabhairt le cineál rúnda gach ceann de na nithe nó na sleachta sin a lua san iarratas. San iarratas sin, ní leor tuairisc a dhéanamh ar chineál na faisnéise. Ní mór do na príomhpháirtithe a áirithiú go bhfreagraíonn na cúiseanna arna dtabhairt don fhaisnéis a mhaítear a bheith rúnda.

91. Iarrtar ar na príomhpháirtithe a chinntiú an bhfuil bunús leis na cúiseanna a thug siad mar thaca le hiarratas ar láimhseáil rúnda i gcónaí. Go sonrach, ní féidir iarratas ar láimhseáil rúnda a dhéanamh i leith faisnéis atá poiblí cheana nó atá ar eolas ag na hidiragraithe nó ar dócha a bheith ar eolas acu, go háirithe, a mhéid a chuirtear in iúl iad áit eile sa chomhad nó gur féidir iad a thuiscint go réidh ó fhaisnéis eile sa chomhad nó faisnéis eile atá ar fáil go dleathach. Ní hamháin gur gá don phríomhpháirtí a lua nach bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann ar fáil go poiblí, ná ar eolas ag tríú páirtí, ná gur chuir tríú páirtí doiciméad ar fáil nár fhreagair a iarraidh arbh fhéidir é a chur in iúl do na hidiragraithe.

92. I bprionsabal, níor cheart faisnéis tráchtála, airgeadais ná tionscail atá imithe i léig a chlúdach le hiarratas ar láimhseáil rúnda, go háirithe má tá siad ann le cúig bliana anuas nó níos mó, seachas má léiríonn an t-iarratasóir, mar gheall ar imthosca speisialta, go bhfuil siad fós rúnda.

93. Agus iarratas ar láimhseáil rúnda maidir le doiciméad nós imeachta amháin nó níos mó á thaisceadh, ní mór don pháirtí leagan neamhrúnda iomlán den doiciméad nós imeachta atá i gceist agus de na hiarscríbhinní go léir, ina bhfolaítear na nithe nó na sleachta dá dtagraítear san iarratas, a thabhairt ar aird. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar páirtí a údarú chun an leagan neamhrúnda sin a thabhairt ar aird tar éis an t-iarratas ar láimhseáil rúnda a thaisceadh, laistigh de theorainn ama arna leagan síos ag an gCúirt Ghinearálta. Má iarrann roinnt príomhpháirtithe láimhseáil rúnda don doiciméad nós imeachta céanna, féadfar a iarraidh orthu dul i gcomhairle lena chéile chun leagan neamhrúnda coiteann a dhréachtú, ina bhfolaítear na nithe nó na sleachta dá dtagraíonn a n-iarrataí, i gcomhréir le mír 93 thíos.

94. Ní leor na nithe ar mian leis na príomhpháirtithe go bhfanfaidh siad rúnda i ndáil leis na hidiragraithe a fholú sna leaganacha neamhrúnda de na doiciméid ina bhfuil siad. I ngach cás inar féidir, ní mór tuairisc ghearr nó ráiteas ónar féidir tuiscint a fháil ar an gcineál faisnéise atá iontu, agus más iomchuí, an chiall atá leo (mar shampla, is féidir an fhaisnéis seo a lua: ainm duine nádúrtha, clásal conarthach faoi chosaint ag rún tráchtála) a chur idir lúibíní cearnacha. I gcás sonraí uimhriúla, ba cheart scála na bhfigiúirí a bheith intuigthe ó na ráitis sin trí raon luachanna a shonrú. Ní ach i gcásanna eisceachtúla gur féidir an fhaisnéis a fholú amháin, ar choinníoll go bhfágann comhthéacs na faisnéise sa leagan neamhrúnda gur féidir cineál na faisnéise folaithe a thuiscint.

95. Mura dtugtar cúiseanna leis an iarratas ar láimhseáil rúnda, nó mura bhfuil na cúiseanna leordhóthanach, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta diúltú don iarratas.

96. I gcás iarratas ar láimhseáil rúnda nach gcomhlíonann míreanna 86, 87, 92 agus 93 thuas, iarrfaidh an Cláraitheoir ar an bpáirtí lena mbaineann é a chur ina cheart. I gcás, in ainneoin an iarratais ar cheartú, nach gcuirtear an t-iarratas ar láimhseáil rúnda i gcomhréir le ceanglais na Rialacha Cleachtais seo, ní fhéadfar é a láimhseáil i gceart agus seolfar cóipeanna de na doiciméid nós imeachta agus na hítimí go léir lena mbaineann chuig an idiragraí sna coinníollacha dá bhforáiltear i míreanna 76 agus 77 thuas.

97. Ní fhéadfaidh idiragraí iarratas ar láimhseáil rúnda a thaisceadh i dtaca leis na páirtithe eile sna himeachtaí.

G.3.    Láimhseáil rúnda in uamadh cásanna

98. I gcás ina bhfuiltear ag féachaint le roinnt cásanna a uamadh, iarrtar ar na páirtithe a shonrú, laistigh den tréimhse arna forordú ag an gCláraitheoir, an bhfuil siad ag iarraidh láimhseáil rúnda i leith faisnéis áirithe sna doiciméid nós imeachta agus sna hítimí atá curtha leis na cáschomhaid lena mbaineann an t-uamadh cheana.

99. Maidir le haon doiciméad nós imeachta nó ítim a thaiscfidh siad ina dhiaidh sin, ní mór do na páirtithe iarratas ar láimhseáil rúnda a dhéanamh ag an am céanna lena dtaisceadh, i gcás inarb iomchuí. In éagmais iarratas den sórt sin, cuirfear na doiciméid nós imeachta agus na hítimí arna dtaisceadh in iúl do na páirtithe eile sna cásanna uamtha.

100. Beidh feidhm ag míreanna 86 go 95 thuas maidir le hiarratais ar láimhseáil rúnda arna ndéanamh i gcás ina ndéantar cásanna a uamadh.

G.4.    Láimhseáil rúnda de bhun Airteagal 103 de na Rialacha Nós Imeachta

101. De bhun na mbeart fiosrúcháin dá dtagraítear in Airteagal 91(b) de na Rialacha Nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta a ordú do pháirtí faisnéis nó ábhar a bhaineann leis an gcás a thabhairt ar aird.

102. I gcás ina n-ordófar bearta fiosrúcháin den sórt sin agus ina líomhnaíonn an páirtí lena mbaineann go bhfuil faisnéis nó ítimí áirithe sa chás rúnda, rialaítear an chaoi ina láimhseáiltear an fhaisnéis nó na hítimí sin le hAirteagal 103 de na Rialacha Nós Imeachta. Ní fhoráiltear leis na rialacha sin, idir na príomhpháirtithe, d’aon mhaolú ón bprionsabal gur imeachtaí sáraitheacha atá i gceist, ach leagtar síos an chaoi ina gcuirtear an prionsabal sin chun feidhme go praiticiúil.

103. De bhun na forála sin, déanfaidh an Chúirt Ghinearálta scrúdú ar ábharthacht na faisnéise nó na n-ítimí ó thaobh an cás a chinneadh ar dtús agus deimhneoidh sí ansin cé acu atá nó nach bhfuil siad rúnda. Ní bheidh an Chúirt Ghinearálta faoi cheangal aon láimhseáil rúnda arna deonú ag údarás eile. Déanfaidh an Chúirt Ghinearálta scrúdú ar an fhaisnéis nó na hítimí le cinneadh an bhfuil siad rúnda amach. Dá réir sin:

— 
Má mheasann an Chúirt Ghinearálta nach bhfuil an fhaisnéis nó na hítimí atá i gceist ábhartha, bainfear iad den cháschomhad agus cuirfear na páirtithe ar an eolas;
— 
Má mheasann an Chúirt Ghinearálta go bhfuil an fhaisnéis nó na hítimí ábhartha chun breith a thabhairt ar an gcás, ach nach bhfuil siad rúnda mar a líomhnaítear, nó go bhfuil tús áite ag na ceanglais i dtaca le prionsabal na sáraíochta thar chosaint na rúndachta, seirbheálfar iad ar an bpríomhpháirtí eile trí chinneadh ón gCúirt Ghinearálta;
— 
Má mheasann an Chúirt Ghinearálta go bhfuil an fhaisnéis nó na hítimí atá i gceist ábhartha chun breith a thabhairt ar an gcás agus go bhfuil siad rúnda, agus gur gá nádúr rúnda na faisnéise nó na n-ítimí sin a chaomhnú, comh fada agus is féidir, beidh dhá rogha ag an gCúirt Ghinearálta chun iad a chur in iúl don phríomhpháirtí eile, agus a rúndacht agus prionsabal na sáraíochta á n-urramú:
i. 

Má mheasann an Chúirt Ghinearálta gurb iomchuí, ar mhaithe le prionsabal na sáraíochta a urramú, go gcuirfear faisnéis nó ítim in iúl ina hiomláine don phríomhpháirtí eile, d’ainneoin a cineáil rúnda, féadfaidh sí, trí bheart eagrúcháin nós imeachta, a iarraidh ar ionadaithe na bpáirtithe nach iad a thug na sonraí rúnda ar aird gealltanas a thabhairt go gcoimeádfaidh siad an fhaisnéis nó an ítim faoi rún tríd an bhfaisnéis a nochtfar dóibh a choimeád ó na páirtithe dá ndéanann siad ionadaíocht faoi seach nó ó thríú páirtithe. Beidh an gealltanas sin deonach agus ní bheidh iallach ar aon ionadaí é a thabhairt. I gcás aon sárú ar an ngealltanas sin tar éis é a thabhairt, áfach, féadfar Airteagal 55 de na Rialacha Nós Imeachta a chur i bhfeidhm;

ii. 

Má mheasann an Chúirt Ghinearálta go bhféadfadh sé gur leor faisnéis nó ítim a chur in iúl i bpáirt chun prionsabal na sáraíochta a urramú nó i gcás ina ndiúltófar gealltanas rúndachta a thabhairt, féadfaidh sí a chinneadh ábhar riachtanach na sonraí rúnda a chur in iúl don phríomhpháirtí eile. Chuige sin, ordóidh an Chúirt Ghinearálta, i gcomhréir le hAirteagal 103(3) de na Rialacha Nós Imeachta don phríomhpháirtí a thug an fhaisnéis rúnda ar aird sonraí áirithe ón bhfaisnéis sin a chur in iúl sa chaoi go bhféadfar rúndacht na faisnéise agus cineál sáraitheach na n-imeachtaí a chur san áireamh. Mar shampla, féadfar an fhaisnéis a chur in iúl i bhfoirm achoimre. Beidh dhá rogha ann ansin:

■ 

Measann an Chúirt Ghinearálta go gcuirtear ar chumas don pháirtí seasamh a ghlacadh go cuí tríd an bhfaisnéis a chur in iúl don phríomhpháirtí eile i gcomhréir leis na modhanna dá bhforáiltear le hordú amháin nó níos mó arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 103(3) de na Rialacha Nós Imeachta, i gcás inarb iomchuí ar son an ghealltanais dá dtagraítear i mír (i). Sa chás sin, ní chuirfidh an Chúirt Ghinearálta ach an fhaisnéis sin in iúl chun breith a thabhairt ar an gcás. I gcás na faisnéise nó na n-ítimí rúnda nár cuireadh in iúl don pháirtí sin, áfach, ní chuirfear iad san áireamh agus bainfear iad den chomhad, agus cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin méid sin;

■ 

Measann an Chúirt Ghinearálta nach gcuirfear ar chumas don phríomhpháirtí eile seasamh a ghlacadh go cuí tríd an bhfaisnéis a chur in iúl i gcomhréir leis na modhanna dá bhforáiltear le hordú amháin nó níos mó arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 103(3) de na Rialacha Nós Imeachta. Sa chás sin, ní chuirfidh an Chúirt Ghinearálta an bundoiciméad ná aon cheann de na leaganacha arna dtabhairt ar aird ina dhiaidh sin san áireamh agus bainfear gach ceann de na leaganacha sin den chomhad, agus cuirfear na páirtithe ar an eolas faoin méid sin.

G.5.    Láimhseáil rúnda de bhun Airteagal 104 de na Rialacha Nós Imeachta

104. I gcomhthéacs athbhreithniú ar dhlíthiúlacht gnímh de chuid institiúid a dhiúltaíonn rochtain ar dhoiciméad, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta a ordú, trí bheart fiosrúcháin arna ghlacadh de bhun Airteagal 91(c) de na Rialacha Nós Imeachta, go dtabharfar an doiciméad sin ar aird.

105. Ionas nach mbeidh an chaingean in éagmais aon chuspóir, ní chuirfear an doiciméad arna thabhairt ar aird ag an institiúid in iúl do na páirtithe eile.

G.6.    Láimhseáil rúnda de bhun Airteagal 105 de na Rialacha Nós Imeachta

106. De réir Airteagal 105(1) agus (2) de na Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh príomhpháirtí sna himeachtaí, uaidh féin nó i ndiaidh beart fiosrúcháin arna ghlacadh ag an gCúirt Ghinearálta, faisnéis nó ábhar a bhaineann le slándáil an Aontais Eorpaigh nó le slándáil Ballstáit amháin dá chuid nó níos mó nó le riaradh a gcaidreamh idirnáisiúnta a thabhairt ar aird. In Airteagal 105(3) go (10), leagtar síos na rialacha nós imeachta a bhaineann le faisnéis nó ábhar den sórt sin.

107. I bhfianaise íogaireacht agus rúndacht na faisnéise nó an ábhair a bhaineann le slándáil an Aontais nó le slándáil Ballstáit amháin dá chuid nó níos mó nó le riaradh a gcaidreamh idirnáisiúnta, is gá, i dtaca le cur i bhfeidhm na rialacha arna leagan síos le hAirteagal 105 de na Rialacha Nós Imeachta, creat slándála cuí a bhunú chun ardleibhéal cosanta don fhaisnéis nó don ábhar sin a áirithiú. Leagtar síos an creat sin sa Chinneadh ón gCúirt Ghinearálta an 14 Meán Fómhair 2016.

IV.    DOICIMÉID NÓS IMEACHTA AGUS NA hIARSCRÍBHINNÍ LENA NGABHANN I gCAINGNE DÍREACHA

A.    Na doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann a chur i láthair

A.1.    Na doiciméid nós imeachta arna dtaisceadh ag na páirtithe

108. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an gcéad leathanach de gach doiciméad nós imeachta:

(a) 

uimhir an cháis (T-.../..), má tá sí curtha in iúl ag an gClárlann cheana;

(b) 

teideal an doiciméid nós imeachta (iarratas, cosaint, frithaighneacht, freagra, athfhreagra, iarratas ar idiragairt, ráiteas idiragartha, pléadáil maidir le do-ghlacthacht, barúlacha ar …, freagraí ar cheisteanna, etc.);

(c) 

ainmneacha an iarratasóra, an chosantóra, agus i gcás inarb iomchuí, ainm an idiragraí agus ainm aon pháirtí eile sna himeachtaí i gcásanna a bhaineann le cearta maoine intleachtúla;

(d) 

ainm an pháirtí a dtaisctear an doiciméad nós imeachta ar a shon.

109. Chun bainistiú leictreonach na ndoiciméad nós imeachta a éascú, ní mór iad a chur i láthair:

(a) 

ar pháipéar bán gan línte, i bhformáid A4;

(b) 

i gcló coitianta (amhail Times New Roman, Courrier nó Arial) de mhéid 12 phointe ar a laghad le haghaidh chorp an téacs agus 10 bpointe ar a laghad le haghaidh na bhfonótaí, le spásáil aon líne agus imill 2.5 cm ar a laghad ar bharr, ar bhonn, ar thaobh na láimhe clé agus ar thaobh na láimhe deise den leathanach;

(c) 

le míreanna atá uimhrithe go leanúnach, in ord méadaitheach na míreanna go léir;

(d) 

le huimhriú leathanach leanúnach (mar shampla: leathanaigh 1 go 50).

110. Ní mór an t-ordú atá á lorg ag an bpáirtí lena mbaineann a bheith i ngach doiciméad nós imeachta, i gcás go gceanglaítear sin leis na Rialacha Nós Imeachta, nó an t-iarratas atá á lorg ag an bpáirtí agus, i gcás go dtéann fad an doiciméid thar 5 leathanach, achoimre ar an struchtúr arna roghnú ag an údar nó clár ábhar.

111. Ní mór argóintí dlíthiúla na bpáirtithe a áireamh i gcorp an doiciméid nós imeachta, ní sna fonótaí a bhfuil mar chuspóir acu go príomha tagairt a dhéanamh do na doiciméid dá dtagraítear sa doiciméad nós imeachta.

112. Ar mhaithe le seoladh cuí na n-imeachtaí agus ar mhaithe leis na páirtithe, ní mór na doiciméid nós imeachta, ar doiciméid iad a aistreofar, a dhréachtú ar bhealach simplí agus cruinn, gan leas a bhaint as téarmaí teicniúla a bhaineann le córas dlí náisiúnta, sa chás nach bhfuil gá leo. Ní mór athrá a sheachaint agus ba cheart abairtí gonta, a oiread agus is féidir, a roghnú thar abairtí fada casta, ina bhfuil lúibíní agus fochlásail.

113. I gcás, i gach doiciméad ina dtagraíonn na páirtithe do théacs nó do reachtaíocht shonrach faoin dlí náisiúnta nó dlí an Aontais, ní mór na tagairtí don téacs nó don reachtaíocht sin a shonrú go beacht, maidir le dáta a nglactha agus, más féidir, dáta foilsithe an doiciméid sin a mhéid a bhaineann lena hinfheidhmeacht ó thaobh ama de. Mar an gcéanna, i gcás ina dtagraítear do shliocht nó cuid de chinneadh breithiúnach nó do Thuairim Abhcóide Ghinearálta, iarrtar ar na páirtithe tagairt a dhéanamh d’ainm agus uimhir an cháis lena mbaineann agus d’uimhir ECLI (‘an tAitheantóir Cásdlí Eorpaigh’) an chinnidh nó don chinneadh nó don ordú atá á lorg agus do na tagairtí beachta den tsliocht nó den chuid atá i gceist.

A.2.    Sceideal na n-iarscríbhinní

114. I gcás ina bhfuil iarscríbhinní ag gabháil leis an doiciméad nós imeachta, ní mór sceideal na n-iarscríbhinní a chur ag deireadh an doiciméid nós imeachta, le huimhreacha leathanaigh nó gan uimhreacha leathanaigh. Ní ghlactar le hiarscríbhinní a thaisctear gan sceideal iarscríbhinní.

115. Ní mór a lua sa sceideal iarscríbhinní maidir le gach iarscríbhinn:

(a) 

uimhir na hiarscríbhinne, ina bhfuil litir agus uimhir, mar shampla: A.1, A.2, ... le haghaidh na n-iarscríbhinní leis an iarratas; B.1, B.2, ... le haghaidh na n-iarscríbhinní leis an gcosaint agus leis an bhfrithaighneacht; C.1, C.2, ... le haghaidh na n-iarscríbhinní leis an bhfreagra; D.1, D.2, ... le haghaidh na n-iarscríbhinní leis an athfhreagra; E.1, E.2, … le haghaidh na n-iarscríbhinní leis na freagraí ar cheisteanna;

(b) 

tuairisc ghearr ar an iarscríbhinn (mar shampla: ‘litir an’ [dáta], ó [údar] chuig [seolaí]);

(c) 

na huimhreacha leathanaigh den chéad leathanach agus den leathanach deiridh de gach iarscríbhinn, de réir uimhriú leanúnach na leathanach den iarscríbhinn (mar shampla: leathanaigh 43 go 49 de na hiarscríbhinní);

(d) 

uimhir na míre ina luaitear an iarscríbhinn den chéad uair agus lena dtugtar údar dá tabhairt ar aird.

116. Chun láimhseáil a éascú don Chlárlann, is gá na hiarscríbhinní a bhfuil dath orthu a shonrú sa sceideal iarscríbhinní.

A.3.    Iarscríbhinní

117. Ní fhéadfar a cheangal le doiciméad nós imeachta ach na doiciméid a luaitear i dtéacs an doiciméid nós imeachta sin agus dá dtagraítear sa sceideal iarscríbhinní a bhfuil gá leo chun inneachar an doiciméid sin a chruthú nó a léiriú.

118. Ní mór na hiarscríbhinní atá i gceangal le doiciméad nós imeachta a chur i láthair sa chaoi go n-éascófar bainistiú leictreonach na ndoiciméad sin ag an gCúirt Ghinearálta agus go ndéanfar aon chúis mhearbhaill a sheachaint. Dá bhrí sin, ní mór na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

déantar gach iarscríbhinn a uimhriú i gcomhréir le mír 114(a), thuas;

(b) 

moltar iarscríbhinní a thosú le leathanach clúdaigh ar leith;

(c) 

déanfar iarscríbhinní le doiciméad nós imeachta a uimhriú go leanúnach (mar shampla: 1 go 52) ón gcéad leathanach den chéad iarscríbhinn (ní de sceideal na n-iarscríbhinní), lena n-áirítear na leathanaigh chlúdaigh agus aon iarscríbhinní leis na hiarscríbhinní;

(d) 

ní mór do na hiarscríbhinní a bheith soléite.

119. In aon tagairt d’iarscríbhinn arna tabhairt ar aird, luafar uimhir na hiarscríbhinne sin, mar a shonraítear sa sceideal iarscríbhinní agus an doiciméad nós imeachta lena ngabhann an iarscríbhinn (mar shampla: Iarscríbhinn A.1 leis an iarratas).

120. Ní mór argóintí dlíthiúla na bpáirtithe a áireamh sa doiciméad nós imeachta, seachas in aon Iarscríbhinní leis, nach n-aistrítear go ginearálta.

B.    Doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann a thaisceadh trí e-Curia

121. Ní mór gach doiciméad nós imeachta a thaisceadh sa Chlárlann trí mheán leictreonach amháin agus úsáid a bhaint as feidhmchlár e-Curia (https://curia.europa.eu/e-Curia) i gcomhréir leis an gCinneadh ón gCúirt Ghinearálta an 10 Iúil 2024 agus Coinníollacha Úsáide Fheidhmchlár e-Curia, faoi réir na gcásanna dá dtagraítear i míreanna 122 go 124 thíos. Tá na doiciméid sin ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

122. Cuirfear i láthair i bhfoirm comhad na doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann arna dtaisceadh trí fheidhmchlár e-Curia. Chun a láimhseáil a éascú don Chlárlann, moltar cloí leis na treoracha praiticiúla arna leagan amach i dtreoir úsáide e-Curia. Tá na treoracha sin ar fáil ar líne ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is iad sin:

— 
ní mór an doiciméad nós imeachta a aithint go beacht le hainmniú na gcomhad (Pléadáil i scríbhinn, Iarscríbhinní – Cuid 1, Iarscríbhinní – Cuid 2, Litir Chumhdaigh, etc.);
— 
is féidir téacs an doiciméid nós imeachta a shábháil go díreach i bhformáid PDF ón mbogearra próiseálaithe téacs, ní gá scanadh a dhéanamh;
— 
ní mór sceideal na n-iarscríbhinní a áireamh sa doiciméad nós imeachta;
— 
ní mór do na hiarscríbhinní a bheith i gcomhad amháin nó níos mó, ar leithligh ón gcomhad ina bhfuil an doiciméad nós imeachta. Is féidir roinnt iarscríbhinní a chur i gcomhad amháin. Níl aon oibleagáid ann comhad a chruthú le haghaidh gach iarscríbhinne. Moltar na hiarscríbhinní a chur isteach le linn an taiscthe in ord méadaitheach agus iad ainmnithe go sách soiléir (mar shampla: Iarscríbhinní 1 go 3, Iarscríbhinní 4 go 6, etc.).

C.    Taisceadh trí mhodh eile seachas e-Curia

123. Ní dochar do na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 105(1) agus (2) agus 147(6) de na Rialacha Nós Imeachta atá an riail ghinearálta nach mór gach doiciméad nós imeachta a thaisceadh sa Chlárlann trí e-Curia.

124. Ina theannta sin, maidir leis na hiarscríbhinní a ghabhann le doiciméad nós imeachta dá dtagraítear i gcorp an doiciméid nós imeachta sin, nach féidir a thaisceadh trí e-Curia, mar gheall ar a nádúr, féadfar iad a sheoladh ar leithligh tríd an bpost nó a sheachadadh sa Chlárlann de bhun Airteagal 72(4) de na Rialacha Nós Imeachta, ar an gcoinníoll go dtagraítear do na hiarscríbhinní sin i sceideal na n-iarscríbhinní den doiciméad arna thaisceadh trí e-Curia. Ní mór na hiarscríbhinní a thaiscfear ar leithligh a shainaithint sa sceideal iarscríbhinní. Ní mór na hiarscríbhinní sin a bheith faighte sa Chlárlann deich lá ar a dhéanaí i ndiaidh thaisceadh an doiciméid nós imeachta trí e-Curia. Ní mór iad a thaisceadh ag an seoladh a luaitear i mír 3 thuas.

125. I gcás inar léir nach féidir doiciméad nós imeachta a thaisceadh trí e-Curia ar chúiseanna teicniúla, ní mór don ionadaí na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 8 den Chinneadh ón gCúirt Ghinearálta an 10 Iúil 2024 a dhéanamh. Ní mór do sceideal na n-iarscríbhinní agus gach iarscríbhinn dá dtagraítear ann a bheith sa chóip den doiciméad arna thaisceadh trí mheán seachas e-Curia, i gcomhréir le hAirteagal 8, an dara fomhír den Chinneadh ón gCúirt Ghinearálta an 10 Iuil 2024. Ní gá an chóip den doiciméad nós imeachta arna thaisceadh ar an gcaoi sin a shíniú i scríbhinn.

D.    Diúltú do dhoiciméid nós imeachta agus d’ítimí

126. Diúltóidh an Cláraitheoir a iontráil sa chlár agus a chur leis an gcáschomhad, ina n-iomláine nó i bpáirt, doiciméid nós imeachta agus, de réir mar a bheidh, ítimí nach bhforáiltear dóibh leis na Rialacha Nós Imeachta. I gcás ina bhfuil amhras, cuirfidh an Cláraitheoir an t-ábhar faoi bhráid an Uachtaráin chun go ndéanfaidh sé cinneadh.

127. Seachas i gcásanna dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta agus faoi réir mhír 134 thíos, ní dhéanfar na doiciméid nós imeachta a dhréachtaítear i dteanga nach teanga an cháis í a iontráil sa chlár ná ní chuirfear iad leis an gcáschomhad. Déanfar na hítimí a bheidh i gceangal le doiciméad nós imeachta nach bhfuil aistriúchán ag gabháil leo i dteanga an cháis, áfach, a iontráil sa chlár agus a chur leis an gcáschomhad. Mar sin féin, má chinneann an tUachtarán gur gá na hítimí sin a aistriú ar mhaithe le seoladh cuí na n-imeachtaí, iarrfaidh an Cláraitheoir iad a chur ina gceart agus bainfidh sé iad ón gcáschomhad mura gcuirfear iad ina gceart.

128. I gcás ina gconspóideann páirtí diúltú an Chláraitheora maidir le doiciméad nós imeachta nó ítim, ina n-iomláine nó i bpáirt, a iontráil sa chlár agus a chur sa cháschomhad, cuirfidh an Cláraitheoir an t-ábhar faoi bhráid an Uachtaráin chun go gcinnfear ar chóir glacadh leis an doiciméad nó an ítim atá faoi thrácht.

E.    Doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann a chur ina gceart

E.1.    Ginearálta

129. Cinnteoidh an Cláraitheoir go bhfuil na doiciméid nós imeachta a chuirtear sa cháschomhad agus na hiarscríbhinní lena ngabhann i gcomhréir le forálacha an Reachta agus na Rialacha Nós Imeachta, mar aon leis na Rialacha Cleachtais seo.

130. I gcás inarb iomchuí, socróidh sé teorainn ama do na páirtithe chun neamhrialtachtaí foirmiúla sna doiciméid nós imeachta arna dtaisceadh a cheartú.

E.2.    Iarratais a chur ina gceart

131. I gcás nach bhfuil iarratas i gcomhréir leis na coinníollacha arna sonrú in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis na Rialacha Cleachtais seo, ní dhéanfaidh an Chlárlann é a sheirbheáil agus socrófar teorainn ama réasúnta chun é a chur ina cheart. I gcás nach gcuirtear an t-iarratas ina cheart, féadfar diúltú don chaingean mar gheall ar dho-ghlacthacht, i gcomhréir le hAirteagail 78(6) agus 177(6) de na Rialacha Nós Imeachta.

132. I gcás nach bhfuil iarratas i gcomhréir leis na rialacha foirmiúla arna sonrú in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis na Rialacha Cleachtais seo, cuirfear moill ar an iarratas a sheirbheáil agus socrófar teorainn ama réasúnta chun é a chur ina cheart.

133. I gcás nach bhfuil iarratas i gcomhréir leis na rialacha foirmiúla arna sonrú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis na Rialacha Cleachtais seo, déanfar an t-iarratas a sheirbheáil agus socrófar teorainn ama réasúnta chun é a chur ina cheart.

E.3.    Doiciméid eile nós imeachta a chur ina gceart

134. Beidh feidhm ag na cásanna ina ndéantar ceartú a luaitear i míreanna 130 go 132 thuas, a mhéid is gá, i dtaca le doiciméid nós imeachta nach iad an t-iarratas.

135. I gcás nach bhfuil iarratas ar idiragairt, ó thríú páirtí nach Ballstát, dréachtaithe i dteanga an cháis, iarrfaidh an Cláraitheoir é sin a chur ina cheart, sula seirbheálfar é ar na páirtithe. I gcás ina dtaisctear leagan den iarratas sin i dteanga an cháis laistigh den teorainn ama arna socrú chuige sin ag an gCláraitheoir, meastar gurb é dáta taiscthe an chéad leagain arna thaisceadh i dteanga eile seachas teanga an cháis é dáta taiscthe an doiciméid nós imeachta.

V.    DOICIMÉID NÓS IMEACHTA AGUS NA hIARSCRÍBHINNÍ LENA nGABHANN I gCÁSANNA RÉAMHRIALAITHE

A.    Leagan amach na ndoiciméad nós imeachta agus na n-iarscríbhinní lena ngabhann

A.1.    Doiciméid nós imeachta arna dtaisceadh ag na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht

136. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an gcéad leathanach de gach doiciméad nós imeachta:

(a) 

uimhir an cháis (T-.../..), má tá sí curtha in iúl ag an gClárlann cheana;

(b) 

ainm an doiciméid nós imeachta (pléadálacha nó barúlacha i scríbhinn, freagraí ar cheisteanna, etc.);

(c) 

ainmneacha na bpáirtithe sna himeachtaí os comhair na cúirte a rinne an tarchur agus a n-inisealacha (i gcás ina ndéanfar an cás sin a anaithnidiú) chomh maith leis an ainm bréige arna thabhairt ar an gcás;

(d) 

ainm an duine leasmhair dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a dtaisctear an doiciméad nós imeachta ar a shon.

137. Chun rochtain leictreonach ar na doiciméid nós imeachta a éascú, ní mór iad a chur i láthair:

(a) 

ar pháipéar bán gan línte, i bhformáid A4;

(b) 

i gcló coitianta (amhail Times New Roman, Courrier nó Arial) de mhéid 12 phointe ar a laghad le haghaidh chorp an téacs agus 10 bpointe ar a laghad le haghaidh na bhfonótaí, le spásáil 1.5 líne agus imill 2.5 cm ar a laghad ar bharr, ar bhonn, ar thaobh na láimhe clé agus ar thaobh na láimhe deise den leathanach;

(c) 

le míreanna atá uimhrithe go leanúnach, in ord méadaitheach na míreanna go léir;

(d) 

le huimhriú leathanach leanúnach (mar shampla: leathanaigh 1 go 20).

138. Ní mór na freagraí a mholann an duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht ar na ceisteanna ón gcúirt a rinne an tarchur a bheith sna pléadálacha nó barúlacha i scríbhinn agus, más níos faide ná 5 leathanach na pléadálacha nó barúlacha sin, achoimre ar an struchtúr arna roghnú ag an údar nó clár ábhar.

139. Ní mór argóintí dlíthiúla na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a áireamh i gcorp an doiciméid nós imeachta, agus ní in aon iarscríbhinní a bheidh i gceangal leis, nach n-aistrítear go ginearálta, ná sna fonótaí a bhfuil mar chuspóir acu go príomha tagairt a dhéanamh do na doiciméid dá dtagraítear sa doiciméad nós imeachta.

140. I gcás nach seoltar na doiciméid nós imeachta chuig an gCúirt Ghinearálta trí e-Curia nó trí mhodhanna eile tarchuir leictreonaigh, ní mór iad a chur i láthair ar thaobh amháin den leathanach (recto) agus a chur le chéile ar bhealach gur féidir iad a scaradh óna chéile go héasca, agus ní trí cheangail fhosaithe ar nós gliú nó stáplaí.

141. Ar mhaithe le seoladh cuí na n-imeachtaí agus ar mhaithe leis na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, ní mór na doiciméid nós imeachta, ar doiciméad iad a aistreofar, a dhréachtú ar bhealach simplí agus cruinn, gan leas a bhaint as téarmaí teicniúla a bhaineann le córas dlí náisiúnta sa chás nach bhfuil gá leo. Ní mór athrá a sheachaint agus ba cheart abairtí gonta, a oiread agus is féidir, a roghnú thar abairtí fada casta, ina bhfuil lúibíní agus fochlásail.

142. I gcás, i ngach doiciméad ina dtagraíonn na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht do théacs nó do reachtaíocht shonrach faoin dlí náisiúnta nó dlí an Aontais, ní mór na tagairtí don téacs nó don reachtaíocht sin a thabhairt go beacht, maidir le dáta a nglacadh agus, más féidir, dáta foilsithe an doiciméid sin a mhéid a bhaineann lena infheidhmeacht ó thaobh ama de. Mar an gcéanna, i gcás ina dtagraítear do shliocht nó cuid de chinneadh breithiúnach nó do Thuairim Abhcóide Ghinearálta, iarrtar ar na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht tagairt a dhéanamh d’ainm agus uimhir an cháis lena mbaineann agus d’uimhir ECLI (‘an tAitheantóir Cásdlí Eorpaigh’) an chinnidh nó don chinneadh nó don ordú atá á lorg agus do na tagairtí beachta den tsliocht nó den chuid atá i gceist.

143. I gcás go measann na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht nár chóir a bpléadálacha nó a mbarúlacha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 202(3) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór dóibh thagairt ar leith a dhéanamh chuige sin, sa litir a ghabhann leis an phléadáil nó na barúlacha lena mbaineann nó i litir ar leithligh a sheolfar chuig an gClárlann tráth níos déanaí sna himeachtaí ach, in aon chaoi, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis fógra a thabhairt don duine lena mbaineann nach ndearna an Chéad Abhcóide Ginearálta moladh go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh na Cúirte Ginearálta, nó tar éis sheirbheáil chinneadh na Cúirte Breithiúnais gan athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh na Cúirte Ginearálta, nó tar éis an breithiúnas lena ndéantar athbhreithniú ar an gcinneadh deiridh sin a thabhairt.

A.2.    Sceideal na n-iarscríbhinní

144. I gcás ina bhfuil iarscríbhinní ag gabháil leis an doiciméad nós imeachta, ní mór sceideal iarscríbhinní a chur ag deireadh an doiciméid nós imeachta, le huimhreacha leathanaigh nó gan uimhreacha leathanaigh. Ní ghlactar, i bprionsabal, le hiarscríbhinní a thaisctear gan sceideal iarscríbhinní.

145. Ní mór a lua sa sceideal iarscríbhinní maidir le gach iarscríbhinn:

(a) 

uimhir na hiarscríbhinne (ina bhfuil litir agus uimhir, mar shampla: A.1, A.2, …);

(b) 

tuairisc ghearr ar an iarscríbhinn (mar shampla: ‘litir an’ [dáta], ó [údar] chuig [seolaí]);

(c) 

na huimhreacha leathanaigh den chéad leathanach agus den leathanach deiridh de gach iarscríbhinn, de réir uimhriú leanúnach na leathanach den iarscríbhinn (mar shampla: leathanaigh 43 go 49 de na hiarscríbhinní);

(d) 

uimhir na míre ina luaitear an iarscríbhinn den chéad uair agus lena dtugtar údar dá tabhairt ar aird.

146. Chun láimhseáil a éascú don Chlárlann, is gá na hiarscríbhinní a bhfuil dath orthu a shonrú sa sceideal iarscríbhinní.

A.3.    Iarscríbhinní

147. Ní fhéadfar a cheangal le doiciméad nós imeachta ach na doiciméid a luaitear i dtéacs an doiciméid sin dá dtagraítear sa sceideal iarscríbhinní a bhfuil gá leo chun inneachar an doiciméid sin a chruthú nó a léiriú.

148. Ní mór na hiarscríbhinní atá i gceangal le doiciméad nós imeachta a chur i láthair sa chaoi go n-éascófar bainistiú leictreonach na ndoiciméad sin ag an gCúirt Ghinearálta agus go ndéanfar aon chúis mhearbhaill a sheachaint. Dá bhrí sin, ní mór na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

déantar gach iarscríbhinn a uimhriú i gcomhréir le mír 143(a), thuas;

(b) 

moltar iarscríbhinní a thosú le leathanach clúdaigh ar leith;

(c) 

déanfar iarscríbhinní le doiciméad nós imeachta a uimhriú go leanúnach (mar shampla: 1 go 52) ón gcéad leathanach den chéad iarscríbhinn (ní de sceideal na n-iarscríbhinní), lena n-áirítear na leathanaigh chlúdaigh agus aon iarscríbhinní leis na hiarscríbhinní;

(d) 

ní mór na hiarscríbhinní a bheith soléite.

149. In aon tagairt d’iarscríbhinn arna tabhairt ar aird, luafar uimhir na hiarscríbhinne sin, mar a shonraítear sa sceideal iarscríbhinní agus an doiciméad nós imeachta lena ngabhann an iarscríbhinn (mar shampla: Iarscríbhinn A.1 sna barúlacha).

B.    Doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann a thaisceadh

150. I gcás ina gcuirfear iarraidh ar réamhrialú chuig Clárlann na Cúirte Ginearálta, ní mór gach doiciméad nós imeachta lena mbaineann a thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta ina dhiaidh sin:

— 
más féidir, trí mheán leictreonach agus úsáid a bhaint as feidhmchlár e-Curia (https://curia.europa.eu/e-Curia) i gcomhréir leis an gCinneadh ón gCúirt Ghinearálta an 10 Iúil 2024 agus Coinníollacha Úsáide Fheidhmchlár e-Curia, faoi réir na gcásanna dá dtagraítear i míreanna 122 go 124 thuas. Tá na doiciméid sin ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; nó
— 
tríd an bpost ag an seoladh dá dtagraítear ag mír 3 thuas; nó
— 
trí mhodh tarchuir leictreonaigh arna úsáid ag an gCúirt Ghinearálta (go háirithe, féadfar cóip den leagan bunaidh a chur in iarscríbhinn le ríomhphost ag an seoladh ríomhphoist a luaitear i mír 3 thuas, faoi réir chomhlíonadh an choinníll dá dtagraítear i mír 151 thíos).

151. Ní fhéadfar ach na doiciméid dá bhforáiltear go sainráite sna Rialacha Nós Imeachta a thaisceadh sa Chlárlann. Ní mór na doiciméid sin a thaisceadh, laistigh de na teorainneacha ama a fhorordaítear, de réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 205 de na Rialacha Nós Imeachta.

152. De bhun Airteagal 205(3) de na Rialacha Nós Imeachta, ní chuirfear san áireamh ach an dáta agus an uair a thaiscfear an doiciméad bunaidh sa Chlárlann i ndáil leis na teorainneacha ama nós imeachta. Ar mhaithe le cosc ama a sheachaint, moltar go láidir mar sin e-Curia a úsáid nó an doiciméad a chur tríd an bpost cláraithe nó trí luasphost, roinnt laethanta roimh dhul in éag na teorann ama a fhorordófar chun an doiciméad a thaisceadh, nó fiú an doiciméad atá i gceist a thaisceadh go fisiciúil ag Clárlann na Cúirte Ginearálta nó, lasmuigh d’uaireanta oscailte na Clárlainne, ag an deasc fáiltithe i bhfoirgnimh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áit a dtabharfaidh an feighlí admháil go bhfuarthas an doiciméad sin agus dáta agus uair an taiscthe á marcáil air.

153. Ní bheidh taisceadh an doiciméid nós imeachta trí mhodh tarchuir leictreonaigh seachas e-Curia bailí, ó thaobh teorainneacha ama a chomhlíonadh, ach ar an gcoinníoll go bhfaighfear an leagan bunaidh den doiciméad, agus na hiarscríbhinní ag gabháil leis ag an gClárlann deich lá ar a dhéanaí tar éis an chóip den doiciméad bunaidh sin a sheoladh tríd an modh sin. Ní mór an leagan bunaidh sin a sheoladh nó a seachadadh gan mhoill, láithreach i ndiaidh an chóip a sheoladh, gan aon cheartúchán ná leasú a dhéanamh air, fiú mioncheartúcháin nó mionleasuithe. I gcás neamhréireachtaí idir an doiciméad bunaidh agus an chóip a cuireadh isteach roimhe, ní chuirfear san áireamh ach dáta taiscthe an leagain bunaidh.

154. Beidh feidhm ag mír 121 thuas maidir le nithe arna dtaisceadh i gcásanna réamhrialaithe.

C.    Doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní lena ngabhann a chur ina gceart

155. I gcás ina bhfuil doiciméad nós imeachta ar neamhréir go follasach leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 135 go 147 thuas agus, go sonrach, leis na treoracha maidir le fad an doiciméid nós imeachta dá dtagraítear i mír 157 thuas, iarrfaidh an Chlárlann ar an údar é a cheartú laistigh de thréimhse ghearr.

VI.    AN CHUID I SCRÍBHINN DEN NÓS IMEACHTA

A.    Fad na bpléadálacha i scríbhinn

A.1.    Caingne díreacha

156. Maidir le caingne díreacha de réir bhrí Airteagal 1 de na Rialacha Nós Imeachta, socraítear an líon uasta leathanach le haghaidh na bpléadálacha i scríbhinn, mar seo a leanas.

1) 

I gcaingne díreacha nach iad na caingne a thionscnaítear de bhun Airteagal 270 CFAE, agus caingne maidir le cearta maoine intleachtúla:

— 
50 leathanach don iarratas, agus don chosaint;
— 
25 leathanach don fhreagra, agus don athfhreagra;
— 
20 leathanach do phléadáil maidir le do-ghlacthacht, agus do na barúlacha ar an bpléadáil i scríbhinn sin;
— 
20 leathanach don ráiteas idiragartha, agus 15 leathanach do na barúlacha ar an ráiteas sin;
— 
30 leathanach do leasú ar an iarratas, agus do na barúlacha ar an leasú sin.
2) 

I gcaingne díreacha a thionscnaítear de bhun Airteagal 270 CFAE:

— 
25 leathanach don iarratas, agus don chosaint;
— 
15 leathanach don fhreagra, agus don athfhreagra;
— 
10 leathanach do phléadáil maidir le do-ghlacthacht, agus do na barúlacha ar an bpléadáil i scríbhinn sin;
— 
10 leathanach don ráiteas idiragartha, agus 5 leathanach do na barúlacha ar an ráiteas sin;
— 
20 leathanach do leasú ar an iarratas, agus do na barúlacha ar an leasú sin.
3) 

Maidir le cásanna a bhaineann le maoin intleachtúil, socraítear an líon uasta leathanach sna pléadálacha i scríbhinn mar seo a leanas:

— 
20 leathanach don iarratas, agus do na frithaighneachtaí;
— 
15 leathanach don chros-éileamh agus do na frithaighneachtaí ar an gcros-éileamh sin;
— 
10 leathanach do phléadáil maidir le do-ghlacthacht, agus do na barúlacha ar an bpléadáil i scríbhinn sin;
— 
10 leathanach don ráiteas idiragartha, agus 5 leathanach do na barúlacha ar an ráiteas sin;
— 
15 leathanach do leasú ar an iarratas, agus do na barúlacha ar an leasú sin.

157. Ní cheadófar dul thar na huasmhéideanna sin ach amháin i gcásanna a bhaineann le ceisteanna dlí nó fíorais atá thar a bheith casta.

158. Ní chuirfear san áireamh sceideal na n-iarscríbhinní ná aon chlár ábhair chun líon iomlán na leathanach i bpléadálacha a mheas.

A.2.    Cásanna réamhrialaithe

159. Faoi réir imthosca sonracha, níor cheart go rachadh líon leathanach na mbarúlacha i scríbhinn arna dtaisceadh de bhun Airteagal 202 de na Rialacha Nós Imeachta thar 20.

A.3.    Pléadálacha i scríbhinn atá ró-fhada a chur ina gceart

160. I gcás ina bhfuil líon leathanach i bpléadáil i scríbhinn atá i bhfad níos airde ná an t-uaslíon leathanach dá bhforáiltear, de réir mar a bheidh, i míreanna 154 agus 157 thuas, beidh ceartú ag teastáil ina leith, mura dtugann an tUachtarán a mhalairt de threoir.

161. I gcás ina n-iarrtar ar pháirtí pléadáil i scríbhinn atá ró-fhada a chur ina ceart, cuirfear moill ar sheirbheáil na pléadála i scríbhinn a bhfuil ceartú ag teastáil ina leith mar gheall ar a méid.

B.    Struchtúr agus inneachar na bpléadálacha i scríbhinn

B.1.    Caingne díreacha (seachas iad siúd a bhaineann le cearta maoine intleachtúla)

1)    Iarratas tionscanta na n-imeachtaí

162. Sonraítear an fhaisnéis riachtanach nach mór a bheith in iarratas tionscanta na n-imeachtaí in Airteagal 76 de na Rialacha Nós Imeachta.

163. I ndiaidh an chuid réamhráití den iarratas, tugtar cuntas gearr ar na fíorais is bonn leis an díospóid.

164. Ní mór an t-ordú atá á lorg a shonrú go beacht, ag tús nó ag deireadh an iarratais.

165. Is cóir na hargóintí dlíthiúla a struchtúrú de réir na saincheisteanna dlí ar a bhfuiltear ag brath. Go ginearálta, is fiú na saincheisteanna dlí ar a bhfuiltear ag brath a leagan amach go hachomair roimh na hargóintí dlíthiúla lena mbaineann. Ina theannta sin, moltar teideal a chur le gach ceann de na saincheisteanna dlí, ionas go bhféadfar iad a aithint go réidh.

166. I gcás inarb iomchuí, ní mór na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 78 de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird i dteannta an iarratais. Thairis sin, ba cheart go bhféadfaí na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 51(2) agus (3) de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird arna iarraidh sin, ag gach céim den nós imeachta.

167. Ní mór a bheith ag gabháil le gach iarratas achoimre ar na saincheisteanna dlí agus na príomhargóintí arna ndéanamh, ar mhaithe le dréachtú an fhógra is gá a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 79 de na Rialacha Nós Imeachta.

168. D’fhonn a láimhseáil a éascú don Chúirt Ghinearálta, iarrtar a áirithiú go ndéanfar an achoimre ar na saincheisteanna dlí agus ar na príomhargóintí:

— 
a thabhairt ar aird ar leithligh ó chorp an iarratais agus ó na hiarscríbhinní a luaitear san iarratas;
— 
a choimeád faoi bhun dhá leathanach;
— 
a dhréachtú i dteanga an cháis de réir an teimpléid atá ar fáil ar líne ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
— 
a sheoladh trí e-Curia, tráth a thaisctear an t-iarratas, agus an cás dá dtagraíonn sí luaite inti.

169. Ní mór tábla ina bhfuil liosta na bpáirtithe sin a chur isteach in aon iarratas arna chur isteach ag níos mó ná deichniúr iarratasóirí.

170. Ar mhaithe lena láimhseáil ag an gCúirt Ghinearálta a éascú, iarrtar, maidir leis an tábla sin:

— 
céadainm, sloinne agus baile cónaithe agus tír chónaithe gach iarratasóra a lua i gcolún ar leith;
— 
é a dhréachtú i dteanga an cháis de réir an tsampla atá i gceangal leis an teimpléad samplach d’iarratas atá ar fáil ar líne ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
— 
é a chur ar aghaidh trí ríomhphost freisin, mar ghnáthchomhad leictreonach arna ullmhú le bogearra scarbhileoige, ag an seoladh ríomhphoist dá dtagraítear i mír 3 thuas, agus an cás dá dtagraíonn sé nó an uimhir thaiscthe arna tabhairt in e-Curia agus an t-iarratas á chur isteach.

171. I gcás ina dtaisctear an t-iarratas tar éis iarratas ar chúnamh dlíthiúil a dhéanamh a bhfuil d’éifeacht aige an teorainn ama chun caingean a thionscnamh a chur ar fionraí, i gcomhréir le hAirteagal 147(7) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór an méid sin a lua ag tús iarratas tionscanta na n-imeachtaí.

172. I gcás ina dtaisctear an t-iarratas i ndiaidh an t-ordú lena dtugtar breith ar iarratas ar chúnamh dlíthiúil a sheirbheáil nó, i gcás nach bhfuil dlíodóir ainmnithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar son an iarratasóra ar chúnamh dlíthiúil san ordú sin, tar éis an t-ordú ina n-ainmnítear an dlíodóir atá freagrach as ionadaíocht a dhéanamh ar an iarratasóir a sheirbheáil, ní mór a lua freisin san iarratas an dáta ar a seirbheáladh an t-ordú ar an iarratasóir.

173. Chun ullmhú an iarratais ó thaobh na foirme de a éascú, féadfaidh sé a bheith áisiúil d’ionadaithe na bpáirtithe an doiciméad ‘Aide-mémoire - an tIarratas’ a léamh, mar aon leis an teimpléad samplach d’iarratas, doiciméid atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2)    An chosaint

174. Sonraítear an fhaisnéis riachtanach nach mór a bheith sa chosaint in Airteagal 81(1) de na Rialacha Nós Imeachta.

175. Ní mór an t-ordú atá á lorg ag an gcosantóir a shonrú go beacht, ag tús nó ag deireadh na cosanta.

176. Ní mór aon agóid i gcoinne na bhfíoras a líomhain an t-iarratasóir a bheith sainráite agus na fíorais lena mbaineann a shonrú go beacht.

177. Ós rud é go socraítear comhthéacs dlíthiúil na n-imeachtaí san iarratas, ní mór na hargóintí arna ndéanamh sa chosaint a struchtúrú, a mhéid is féidir, ar bhonn na saincheisteanna dlí nó na ngearán arna leagan amach san iarratas.

178. Beidh feidhm ag mír 164 thuas i leith na cosanta.

179. I gcásanna arna dtionscnamh de bhun Airteagal 270 CFAE, bheadh sé ina gcabhair dá gceanglódh na hinstitiúidí leis an gcosaint na gníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta leo nár foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus dátaí a nglactha, a dteacht i bhfeidhm agus, i gcás inarb iomchuí, a n-aisghairm luaite.

3)    Freagra agus athfhreagra

180. Ós rud é go leagtar amach (nó go gconspóidtear) an comhthéacs agus na saincheisteanna dlí nó na gearáin is bonn don díospóid go mionsonraithe san iarratas agus sa chosaint, is é an cuspóir leis an bhfreagra agus an athfhreagra ná a chur ar chumas an iarratasóra agus an chosantóra a seasamh a shoiléiriú nó a gcuid argóintí maidir le ceist thábhachtach a bheachtú agus freagairt d’ábhar nua a luaitear sa chosaint agus sa fhreagra.

181. Más rud é, de bhun Airteagal 83(3) de na Rialacha Nós Imeachta go sonraíonn an tUachtarán na pointí ar chóir díriú orthu sna doiciméid nós imeachta sin, ba cheart do na páirtithe díriú ar na pointí sin.

B.2.    Cásanna a bhaineann le cearta maoine intleachtúla

1)    Iarratas tionscanta na n-imeachtaí

182. Ní mór na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 177(1) go (3) de na Rialacha Nós Imeachta a bheith san iarratas freisin.

183. Ní mór na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 177(3) go (5) de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird i dteannta an iarratais.

184. Beidh feidhm ag míreanna 161 go 164 agus 169 go 171 thuas maidir le hiarratais i gcásanna a bhaineann le cearta maoine intleachtúla.

2)    An fhrithaighneacht

185. Sonraítear an fhaisnéis riachtanach nach mór a bheith sa fhrithaighneacht in Airteagal 180(1) de na Rialacha Nós Imeachta.

186. Ní mór an t-ordú atá á lorg ag an gcosantóir nó ag an idiragraí a shonrú go beacht, ag tús nó ag deireadh na frithaighneachta.

187. I dteannta na frithaighneachta arna taisceadh ag an idiragraí, ní mór na doiciméid go léir dá dtagraítear in Airteagal 177(4) agus (5) de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird, a mhéid nár taisceadh na doiciméid sin cheana i gcomhréir le hAirteagal 173(5) de na Rialacha Nós Imeachta.

188. Beidh feidhm ag míreanna 164, 174 agus 175 thuas i leith na frithaighneachta.

3)    Cros-éileamh agus frithaighneachtaí ar an gcros-éileamh

189. I gcás, tráth a sheirbheáiltear an t-iarratas air, inar mian le páirtí sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, nach é an t-iarratasóir é, cur i gcoinne an chinnidh faoi chonspóid maidir le pointe nár ardaíodh san iarratas, ní mór don pháirtí sin cros-éileamh a dhéanamh tráth a thaisctear a fhrithaighneacht. Ní mór an cros-éileamh a dhéanamh i ndoiciméad ar leith agus ní mór dó freagairt do na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 183 agus 184 de na Rialacha Nós Imeachta.

190. I gcás ina ndéantar cros-éileamh den sórt sin, féadfaidh na páirtithe eile sna himeachtaí frithaighneacht a thaisceadh a bhfuil a cuspóir teoranta don ordú atá á lorg, agus do na saincheisteanna dlí agus na hargóintí arna ndéanamh sa chros-éileamh.

B.3.    Cásanna réamhrialaithe

191. Féadfaidh gach duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, más mian leis, a bharúlacha faoi na ceisteanna ó chúirt náisiúnta a chur in iúl. Is é is cuspóir do na barúlacha sin an bhrí atá leis an iarraidh sin, agus go háirithe na freagraí ba chóir a thabhairt ar na ceisteanna ón gcúirt a rinne an tarchur, a shoiléiriú don Chúirt Ghinearálta. Seirbheálfar na barúlacha arna dtaisceadh ar an gcaoi sin ar na daoine leasmhara go léir tráth a chuirfear clabhsúr leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta.

192. Cé gur gá go mbeidh na barúlacha sin iomlán agus go n-áireofar iontu, go sonrach, an réasúnaíocht ar a bhféadfaí freagra na Cúirte Ginearálta ar na ceisteanna arna gcur a bhunú, ní gá, áfach, dul siar ar an dlí ná ar na fíorais sa díospóid arna leagan amach san ordú tarchuir, mura bhfuil barúlacha breise le cur in iúl ina leith.

193. I gcás pléadálacha nó barúlacha i scríbhinn a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 202(3) de na Rialacha Nós Imeachta, tá sé rí-thábhachtach nach mbeidh sonraí pearsanta sna doiciméid sin.

VII.    AN CHUID Ó BHÉAL DEN NÓS IMEACHTA

A.    Eagrú na n-éisteachtaí

A.1.    Foráil choiteann

194. Ní mór do phríomhpháirtí nó duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht ar mian leis argóintí ó bhéal a dhéanamh iarratas réasúnaithe ar éisteacht a dhéanamh laistigh de theorainn ama trí seachtaine óna dtugtar fógra do na páirtithe go bhfuil clabhsúr á chur leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta. Ní mór don réasúnaíocht sin — nach cóir a mheascadh le pléadáil nó barúlacha i scríbhinn agus nach cóir di dul thar trí leathanach — a bheith bunaithe ar mheasúnú nithiúil ar an tairbhe a bheadh ag gabháil le héisteacht don pháirtí atá i gceist agus na gnéithe den chás nó de na hargóintí a measann an páirtí sin gur gá iad a fhorbairt nó a shéanadh ar bhonn níos iomláine le linn na héisteachta sin a shonrú. Ar mhaithe leis na himeachtaí ó bhéal a stiúradh, níor cheart gur réasúnaíocht ghinearálta a bheadh inti, teoranta do thábhacht an cháis, mar shampla.

A.2.    Caingne díreacha

195. Mar is léir ó Airteagal 106 de na Rialacha Nós Imeachta, eagróidh an Chúirt Ghinearálta éisteacht uaithi féin nó ar iarratas ó phríomhpháirtí.

196. Mura dtaisceann príomhpháirtí iarratas réasúnaithe laistigh den teorainn ama a fhorordófar, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta cinneadh a dhéanamh breith a thabhairt ar an gcaingean gan an chéim ó bhéal den nós imeachta.

A.3.    Cásanna réamhrialaithe

197. Mar is léir ón gceathrú mír d’Airteagal 20 den Reacht, áirítear dhá chéim ar leith sa chuid ó bhéal den nós imeachta: an éisteacht ar mhaithe leis na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a éisteacht agus fógairt Thuairim an Abhcóide Ghinearálta. De réir an chúigiú mír d’Airteagal 20 den Reacht, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta, áfach, má mheasann sí nach n-ardaíonn an cás aon phonc nua dlí, a chinneadh go dtabharfar breith ar an gcás gan Tuairim an Abhcóide Ghinearálta.

198. Ní ar bhonn córasach a reáchtálfar an éisteacht. Eagróidh an Chúirt Ghinearálta éisteacht aon uair a fhéadfaidh sin rannchuidiú le tuiscint níos fearr ar an gcás agus ar na saincheisteanna lena mbaineann, cibé acu a chuir na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht iarratas sin isteach nó nár chuir.

199. I gcás nach raibh duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht páirteach sa chuid i scríbhinn den nós imeachta, ach gur mian leis go n-éistfear é le linn éisteachta agus go dtíolacann sé iarratas réasúnaithe chuige sin, reáchtálfaidh an Chúirt Ghinearálta éisteacht.

B.    Ullmhú don éisteacht

B.1.    Forálacha coitinne

200. Socróidh an tUachtarán dáta agus uair na héisteachta agus féadfaidh sé, más gá, í a chur ar athlá.

201. Tabharfaidh an Chlárlann fógra do na páirtithe agus do na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht chun teacht i láthair ag an éisteacht mí amháin ar a laghad roimh an éisteacht sin, gan dochar do chúinsí speisialta inar gá teorainn ama níos giorra a chur i bhfeidhm. I gcás ina gcinneann an Chúirt Ghinearálta comhéisteacht a eagrú le haghaidh roinnt cásanna de bhun Airteagal 106a nó Airteagal 214 de na Rialacha Nós Imeachta, sonrófar na cásanna lena mbaineann an éisteacht sin san fhógra chun teacht i láthair.

202. I gcomhréir le hAirteagal 107(2) agus Airteagal 215(2) de na Rialacha Nós Imeachta, ní ghlacfar le hiarratas ar dháta éisteachta a chur ar athlá ach in imthosca eisceachtúla. Ní fhéadfaidh ach na príomhpháirtithe iarratas den sórt sin a thaisceadh nó, i gcásanna réamhrialaithe, duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, agus ní mór cúiseanna a lua leis, más gá, agus doiciméid tacaíochta chuí arna gcur chuig an gCúirt Ghinearálta chomh luath agus is féidir tar éis an fógra chun teacht i láthair a fháil.

203. Roimh gach éisteacht phoiblí, féachfaidh an Cláraitheoir chuige go gcuirfear fógra suas taobh amuigh den seomra éisteachta leis an bhfaisnéis seo a leanas: dáta agus uair na héisteachta, an fhoirmíocht inniúil, an cás nó na cásanna a ghlaofar agus ainmneacha na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht.

204. Ní mór aon iarratas ar áiseanna teicniúla áirithe a úsáid le haghaidh cur i láthair a thaisceadh dhá sheachtain ar a laghad roimh dháta na héisteachta. Má ghlacann an tUachtarán leis an iarratas, beidh na socruithe chun na háiseanna sin a úsáid le cinneadh leis an gClárlann, d’fhonn aon srianta teicniúla nó praiticiúla a chur san áireamh. Is é an t-aon chuspóir leis an gcur i láthair ná faisnéis sa cháschomhad a léiriú agus ní fhéadfaidh saincheisteanna dlí nua ná fianaise nua a bheith ann. Ní chuirfear ábhar aon chur i láthair den sórt sin sa cháschomhad agus, dá bhrí sin, ní sheirbheálfar é ar na páirtithe eile, mura gcinnfidh an tUachtarán a mhalairt.

205. I bhfianaise na mbeart slándála is infheidhme chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, moltar do na hionadaithe agus do na páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir na bearta is gá a ghlacadh chun bheith sa seomra éisteachta 20 nóiméad ar a laghad roimh thús na héisteachta.

206. Is gnách go labhróidh na comhaltaí den fhoirmíocht leis na hionadaithe agus leis na páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir maidir le seoladh na héisteachta.

207. Ar mhaithe le heagrú cuí na héisteachta, iarrtar ar na páirtithe agus ar a n-ionadaithe aon bheart sonrach a chur in iúl don Chúirt Ghinearálta ar mhaithe lena rannpháirtíocht san éisteacht a éascú, go háirithe i gcás míchumais nó beagluaineachta.

208. Ar mhaithe lena rannpháirtíocht san éisteacht a ullmhú, iarrtar ar na hionadaithe agus ar na páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir breathnú ar an doiciméad ‘Aide-mémoire – an Éisteacht’ atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

B.2.    Caingne díreacha

209. I gcás ina bhfuil rún ag ionadaí de chuid páirtí gan bheith i láthair ag an éisteacht, iarrtar air é sin a chur in iúl don Chúirt Ghinearálta go luath tar éis an fógra chun teacht i láthair a fháil.

▼M1

210. I gcás ina measann an Chúirt Ghinearálta nó an Breitheamh is Rapóirtéir gurb iomchuí sin ar mhaithe le riar cuí an cheartais, dréachtóidh an Breitheamh is Rapóirtéir tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta a úsáidfear chun an éisteacht a ullmhú. Déanfaidh an Chúirt Ghinearálta gach iarracht chun go bhfaighidh ionadaithe na bpáirtithe an tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta trí seachtaine roimh an éisteacht.

211. I gcás ina gcinneann an Chúirt Ghinearálta comhéisteacht a eagrú le haghaidh roinnt cásanna de bhun Airteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta, déanfar an tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta a dhréachtú ar leithligh le haghaidh gach ceann de na cásanna lena mbaineann nó go comhtháite le haghaidh na gcásanna sin go léir, ach amháin má chinneann an Chúirt Ghinearálta nó an Breitheamh is Rapóirtéir a mhalairt. Déanfar na tuarascálacha nó an tuarascáil sin a sheirbheáil ar na páirtithe go léir dá dtugtar fógra chun freastal ar an éisteacht sin i dteangacha na gcásanna go léir lena mbaineann.

▼B

212. Tá an tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta, arna dréachtú ag an mBreitheamh is Rapóirtéir, teoranta do na saincheisteanna dlí a leagan amach agus achoimre ghairid a dhéanamh ar argóintí na bpáirtithe.

213. Féadfar aon bharúlacha ó na páirtithe maidir leis an tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta a dhéanamh le linn na héisteachta. I gcás mar sin, déanfar taifead ar aon trácht do na barúlacha sin i miontuairiscí na héisteachta.

214. Cuirfear an tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta ar fáil don phobal taobh amuigh den seomra éisteachta lá na héisteachta, mura dtionóltar an éisteacht i seomra iata.

215. Má tá sé i gceist ag páirtí maolú a lorg ó na rialacha teanga de bhun Airteagal 45(1)(c) nó (d) de na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann le teanga nach teanga an cháis í a úsáid le linn na héisteachta, ní mór an t-iarratas a dhéanamh dhá sheachtain ar a laghad roimh dháta na héisteachta, ar mhaithe le dea-eagrúchán a áirithiú.

B.3.    Cásanna réamhrialaithe

216. Agus fógra chun freastal ar éisteacht á thabhairt, cuirfear in iúl do na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht freisin é mura dtabharfaidh an tAbhcóide Ginearálta Tuairim.

217. Gan dochar don fhéidearthacht do na Ballstáit a dteanga oifigiúil féin nó a dteangacha oifigiúla féin a úsáid nuair a ghlacann siad páirt in éisteacht agus don fhéidearthacht do thríú tíortha ceann de na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 44 de na Rialacha Nós Imeachta a úsáid agus iad ag glacadh páirt i gcás réamhrialaithe, ceanglaítear ar na daoine leasmhara eile dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht pléadálacha a dhéanamh i dteanga an cháis, arna cinneadh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 45(4) de na Rialacha Nós Imeachta thuasluaite.

218. Iarrtar ar na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a chur in iúl laistigh de thréimhse ghearr, go háirithe, an bhfuil sé i gceist acu páirt a ghlacadh san éisteacht, chomh maith le hainm an dlíodóra, an ghníomhaire nó an duine a dhéanfaidh ionadaíocht dóibh le linn na héisteachta, agus an t-am labhartha atá uathu. Iarrtar ar na páirtithe sna príomhimeachtaí, más mian leo, iarratas ar mhaolú ó na rialacha teanga i gcomhréir le hAirteagal 45(4) de na Rialacha Nós Imeachta a thíolacadh laistigh den tréimhse chéanna. Féadfar gur páirtmhaolú a bheidh i gceist agus go mbainfidh sé, inter alia, le freagraí ar aon cheist arna gcur san éisteacht. Sa chás sin, ní mór an chéad phléadáil ón bpáirtí lena mbaineann agus an freagra deiridh a dhéanamh i dteanga an cháis.

219. Maidir le freagra déanach nó neamhiomlán ar litreacha na Clárlainne i ndáil le fógra láithreachta, d’fhéadfadh an méid sin cur isteach ar sheoladh cuí na héisteachta, go háirithe ó thaobh cúrsaí teanga de agus, dá bhrí sin, ar thairbhe na héisteachta i leith réiteach na díospóide arna tabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta.

220. Le linn an chomhrá dá dtagraítear i mír 206 thuas, féadfaidh an Breitheamh is Rapóirtéir agus, más iomchuí, an tAbhcóide Ginearálta a iarraidh ar na hionadaithe agus ar na páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir faisnéis bhreise a chur ar fáil faoi cheisteanna áirithe nó gné shonrach áirithe den chás atá i gceist a shoiléiriú tuilleadh.

C.    Seoladh na héisteachta

221. Ní mór d’ionadaithe na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht róbaí a chaitheamh agus, dá bhrí sin, iarrtar orthu a róbaí féin a thabhairt leo. Mura bhfuil róbaí ag na hionadaithe, tá cúpla ceann ag an gCúirt Ghinearálta atá ar fáil dóibh ach, de bharr nach bhfuil ach líon teoranta róbaí ar fáil i dtoisí teoranta, iarrtar ar na hionadaithe lena mbaineann é sin a chur in iúl don Chúirt Ghinearálta chomh luath agus is féidir. Ní bheidh róbaí á gcaitheamh ag na páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir.

222. Áireofar trí chuid ar leith san éisteacht os comhair na Cúirte Ginearálta, go ginearálta:

— 
an éisteacht féin ina n-áireofar:
– 

más gá, an seasamh arna ghlacadh a thabhairt chun cuimhne go hachomair, agus béim á leagan ar na hargóintí bunúsacha arna leagan amach i scríbhinn;

– 

argóintí áirithe arna bhforbairt le linn na céime i scríbhinn den nós imeachta a shoiléiriú, más gá, agus aon ábhar nua bunaithe ar theagmhais a tharla ó cuireadh clabhsúr leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta agus nárbh fhéidir, dá bhrí sin, iad a chur i scríbhinn a thabhairt ar aird;

– 

freagraí a thabhairt ar aon cheist arna cur ag an gCúirt Ghinearálta roimh an éisteacht;

— 
aon cheisteanna ón gCúirt Ghinearálta;
— 
freagraí féideartha ar na barúlacha nó na ceisteanna arna gcur, le linn na héisteachta, ag na rannpháirtithe eile san éisteacht nó ag comhaltaí eile na Cúirte Ginearálta.

223. Is faoi gach páirtí nó duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht atá sé a mheas, i bhfianaise chuspóir na héisteachta mar a leagtar amach é i mír 218 thuas, an bhfuil gá i ndáiríre le hargóintí ó bhéal nó an leor féachaint do na barúlacha nó pléadálacha i scríbhinn. Féadfar a dhíriú san éisteacht ar na freagraí ar na ceisteanna ón gCúirt Ghinearálta. I gcás ina measann an t-ionadaí gur gá an Chúirt Ghinearálta a aitheasc, moltar dó a chuid argóintí a theorannú do phointí áirithe agus tagairt a dhéanamh do na pléadálacha i scríbhinn i dtaca le pointí eile.

224. I gcás, roimh an éisteacht a thionól, inar iarr an Chúirt Ghinearálta ar na páirtithe nó na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, i gcomhréir le hAirteagal 89(4) nó Airteagal 210(1) de na Rialacha Nós Imeachta, a gcuid pléadálacha ó bhéal a dhíriú ar cheist nó ar cheisteanna faoi leith, ní mór tús áite a thabhairt do na ceisteanna sin ina gcuid argóintí ó bhéal.

225. Ar mhaithe le soiléireacht agus chun tuiscint na n-argóintí ó bhéal a éascú do Chomhaltaí na Cúirte Ginearálta, go ginearálta, is fearr labhairt go neamhshrianta ar bhonn nótaí ná téacs a léamh amach. Iarrtar freisin ar ionadaithe na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a gcuntas ar an gcás a shimpliú a mhéid is féidir agus abairtí gearra a úsáid. Ina theannta sin, iarrtar ar na hionadaithe struchtúr a chur ar a gcuid argóintí ó bhéal agus an scéimre a bhfuil sé i gceist acu a leanúint a shonrú.

226. Ar mhaithe le ceisteanna teicniúla áirithe a shoiléiriú don Chúirt Ghinearálta, féadfaidh Uachtarán fhoirmíocht na Cúirte Ginearálta a údarú d’ionadaithe na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht go labhróidh daoine, cé nach bhfuil an cháil mar ionadaithe acu, atá i riocht níos fearr chun seasamh a ghlacadh. Ní labhróidh na daoine sin ach nuair a bheidh ionadaí an pháirtí nó an duine leasmhair lena mbaineann i láthair, agus iad faoi fhreagracht an ionadaí sin. Sula labhróidh siad, ní mór do na daoine sin a n-aitheantas a nochtadh.

227. Féadfaidh fad na bpléadálacha athrú de réir chineál agus chastacht ar leith an cháis, de réir cé acu atá nó nach bhfuil fíorais nua tagtha chun solais, líon na rannpháirtithe san éisteacht agus a stádas ó thaobh an nós imeachta de agus aon bhearta eagrúcháin nós imeachta. Beidh 15 nóiméad ag gach príomhpháirtí nó duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht agus 10 nóiméad ag gach idiragraí dá bpléadálacha ó bhéal (i gcaingne díreacha ag éisteacht i gcásanna uamtha nó ag comhéisteacht, beidh 15 nóiméad ag gach príomhpháirtí le haghaidh gach cáis agus beidh 10 nóiméad ag gach idiragraí le haghaidh gach cáis), mura bhfuil treoir eile tugtha ag an gClárlann dóibh ina leith sin. Ní bhaineann na teorainneacha sin ach leis na pléadálacha ó bhéal féin agus ní áirítear an t-am is gá chun na ceisteanna a chuirtear le linn na héisteachta a fhreagairt nó chun na freagraí deiridh a thabhairt.

228. I gcás inar gá sin de réir na n-imthosca, féadfar iarratas ar chead chun an gnáth-aga sin a fhadú, iarratas cuí-réasúnaithe ina sonraítear an t-am labhartha a mheastar go bhfuil gá leis, a thaisceadh sa Chlárlann, i gcaingne díreacha, dhá sheachtain ar a laghad (nó níos déanaí in imthosca eisceachtúla, cuí-réasúnaithe) roimh dháta na héisteachta nó, i gcásanna réamhrialaithe, sa fhreagra ar an litir chun freastal ar an éisteacht. Cuirfear na hionadaithe nó na páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir ar an eolas faoi fhad na bpléadálacha ó bhéal a bheidh acu i ndiaidh iarratais ar am labhartha breise.

229. I gcás ina mbeidh roinnt ionadaithe ag gníomhú thar ceann páirtí nó duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, i bprionsabal, ní fhéadfaidh ach beirt acu argóintí ó bhéal a dhéanamh agus níor chóir don am labhartha foriomlán don bheirt dul thar an am labhartha a shonraítear i míreanna 227 agus 228 thuas. Mar sin féin, féadfaidh ionadaithe eile nach iad na hionadaithe a rinne na hargóintí ó bhéal na ceisteanna ó Chomhaltaí na Cúirte a fhreagairt agus na freagraí deiridh a thabhairt.

230. I gcás ina ndéanfaidh roinnt páirtithe nó daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht an argóint chéanna os comhair na Cúirte Ginearálta, iarrfar ar a n-ionadaithe dul i gcomhairle lena chéile roimh an éisteacht, d’fhonn aon athrá a sheachaint. Mar sin féin, ní mór d’ionadaithe na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara lena mbaineann a chinntiú nach nglacann siad seasamh ach ar son na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara dá ndéanann siad ionadaíocht, agus a áirithiú, i gcaingne díreacha, go gcomhlíonann siad Airteagal 84 de na Rialacha Nós Imeachta lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir saincheist dlí nua a tharraingt anuas os comhair na Cúirte Ginearálta le linn na n-imeachtaí.

231. Iarrtar ar na hionadaithe, nuair a luann siad breith ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Ghinearálta nó ó Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, uimhir an cháis a shonrú lena shraithuimhir, mar aon leis an mír nó na míreanna ábhartha, i gcás inarb iomchuí.

232. Iarrtar ar dhlíodóirí agus daoine údaraithe chun labhartha le linn na héisteachta aon sonraí a dhéanfar a anaithnidiú, a fhágáil ar lár nó a fholú ag an gcúirt a rinne an tarchur nó ag an gCúirt Ghinearálta a mheas agus gan tagairt a dhéanamh do shonraí pearsanta lena bhféadfaí na daoine lena mbaineann a athint nó a ath-aithint.

233. I gcaingne díreacha, i gcomhréir le hAirteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta, ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh na príomhpháirtithe fianaise a thabhairt ar aird fós le linn na héisteachta. In imthosca den sórt sin, moltar líon leordhóthanach cóipeanna a thabhairt (lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, leagan neamhrúnda do na hidiragraithe). Éistfear na páirtithe eile maidir le hinghlacthacht agus inneachar na fianaise sin le linn na héisteachta nó, más iomchuí, má tá an chuid ó bhéal den nós imeachta tosaithe tráth a chuirfear clabhsúr leis an éisteacht, i scríbhinn i ndiaidh na héisteachta.

234. Tiocfaidh deireadh le rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe agus na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht ag deireadh na héisteachta. Faoi réir an cháis, atá eisceachtúil, go n-atosófar an chuid ó bhéal den nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 113 nó Airteagal 222 de na Rialacha Nós Imeachta, ní cheadófar a thuilleadh do na páirtithe nó na daoine leasmhara thuasluaite barúlacha i scríbhinn nó ó bhéal a thabhairt, go háirithe mar fhreagairt ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta, nuair a fhógraíonn an tUachtarán go gcuirtear clabhsúr leis an éisteacht.

D.    Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil

D.1.    Iarratas ar fhíschomhdháil a úsáid

235. I gcás ina bhfuil bac ar ionadaí ar pháirtí nó duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht nó do pháirtí sna príomhimeachtaí a cheadaítear dó imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir dár tugadh fógra chun teacht i láthair páirt a ghlacadh in éisteacht i bpearsa ar chúiseanna sláinte (mar shampla, bac mar gheall ar shláinte an duine aonair nó mar gheall ar shrianta ar thaisteal a bhaineann le heipidéim), ar chúiseanna slándála nó ar chúiseanna eile tromchúiseacha (mar shampla, stailc i réimse an aeriompair), ní mór don ionadaí nó don pháirtí lena mbaineann iarratas réasúnaithe chun páirt a ghlacadh san éisteacht trí fhíschomhdáil a thaisceadh i ndoiciméad ar leith.

236. Ionas go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta an t-iarratas a láimhseáil go cuí, ní mór an t-iarratas a dhéanamh a luaithe atá cúis an bhaic ar eolas, agus ní mór a áireamh ann:

— 
cineál an bhaic atá i gceist, go cruinn agus le cruthúnas;
— 
faisnéis teagmhála duine lena bhféadfar tástálacha teicniúla agus ateangaireachta a dhéanamh, más gá, roimh an éisteacht;
— 
más infheidhme, sraithuimhir an cháis dheireanaigh ina ghlac an t-ionadaí nó an páirtí páirt in éisteacht trí fhíschomhdháil os comhair na Cúirte Ginearálta nó na Cúirte Breithiúnais.

237. Cuirfidh an Chlárlann an cinneadh a ghlac an tUachtarán ar an iarratas in iúl don pháirtí nó don duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a rinne iarratas ar fhíschomhdháil a úsáid. Seirbheálfar an t-iarratas agus an cinneadh sin freisin ar na páirtithe eile sa chás nó ar na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht.

238. Más cinneadh fabhrach a bheidh ann, rachaidh seirbhísí teicniúla Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i dteagmháil leis an duine a mbeidh a shonraí teagmhála tugtha ag an ionadaí nó ag an bpáirtí sna príomhimeachtaí a cheadaítear dó imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir chun tástálacha teicniúla agus ateangaireachta a eagrú chomh luath agus is féidir, agus ceanglófar ar an ionadaí nó ar an bpáirtí dul faoi na tástálacha sin.

239. Má tá rath ar na tástálacha, féadfaidh an páirtí nó an duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht páirt a ghlacadh san éisteacht trí fhíschomhdháil, agus cuirfear na páirtithe eile nó na daoine leasmhara eile ar an eolas faoi sin. Mura bhfuil rath ar na tástálacha sin, cuirfear in iúl do na páirtithe nó do na daoine leasmhara cé na hiarmhairtí a bheidh ann ó thaobh dul ar aghaidh leis an éisteacht nó í a chur siar.

D.2.    Coinníollacha teicniúla

240. Chun físchomhdháil a úsáid le haghaidh éisteachta, teastaíonn ardchaighdeán fuaime agus íomhá, agus nasc atá go hiomlán cobhsaí, nithe a dhéanfar a mheasúnú le linn na tástála a dhéanfar roimh an éisteacht.

241. Forchoimeádann an Chúirt Ghinearálta, chuige sin, an ceart chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an réiteach teicniúil lena ngabhann leibhéal oiriúnach slándála agus iontaofachta chun dea-cheangal a chur ar fáil agus, dá bhrí sin, rannpháirtíocht éifeacht na bpáirtithe san éisteacht faoi choinníollacha amhail iad siúd a bheadh ann in éisteacht i bpearsa. Ní féidir úsáid trealaimh físchomhdhála shonraigh a údarú go dtí go ndéanfaidh an Chúirt Ghinearálta é a bhailíochtú agus go dtí go bhfaighfear na dearbhuithe uile is gá i dtaobh chaighdeán agus sheasmhacht an cheangail. Chuige sin, iarrtar ar na páirtithe suíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CURIA - Nós imeachta - Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (europa.eu)) a léamh, maidir leis na ceanglais teicniúla a iarrtar ar na páirtithe a chomhlíonadh agus maidir leis na moltaí praiticiúla is cóir a chur san áireamh agus páirt á ghlacadh in éisteacht trí fhíschomhdháil.

242. I gcás ina nglacann ionadaí nó páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dó imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir páirt in éisteacht trí fhíschomhdháil, ní ceadmhach dó aon teanga seachas an teanga ina bhfuil sé údaraithe chun pléadáil de bhun na rialacha nós imeachta a úsáid agus ní bheidh rochtain aige, gan dochar d’fhorbairtí sa todhchaí, ar ateangaireacht ach amháin chuig an teanga sin.

D.3.    Moltaí praiticiúla

243. Tá na moltaí praiticiúla d’ionadaithe nó páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir agus a phléadálann trí fhíschomhdháil ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

E.    Ateangaireacht

244. Ar mhaithe leis an ateangaireacht a éascú, iarrtar ar na hionadaithe nó na páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir aon téacs nó ábhar i scríbhinn dá bpléadálacha ó bhéal a sheoladh chuig an stiúrthóireacht ateangaireachta trí ríomhphost roimh ré (interpretation@curia.europa.eu).

245. Cinnteofar go bhfanfaidh na nótaí ar na pléadálacha ó bhéal sin ina rún. Ar mhaithe le haon mhíthuiscint a sheachaint, ní mór ainm an pháirtí nó an duine leasmhair dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a lua. Ní chuirfear nótaí na bpléadálacha ó bhéal sa cháschomhad agus scriosfar iad i ndiaidh na héisteachta.

246. Meabhraítear do na hionadaithe agus do na páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir, ag brath ar an gcás a éistfear, nach n-éistfidh ach Comhaltaí áirithe den Chúirt Ghinearálta leis na hargóintí ó bhéal sa teanga ina mbeidh siad agus go n-éistfidh na Comhaltaí eile trí ateangaireacht chomhuaineach. Moltar go láidir do na hionadaithe sin agus do na páirtithe sin, ar mhaithe le dea-reáchtáil na héisteachta agus caighdeán na hateangaireachta comhuainí a choinneáil, labhairt go réidh, díreach isteach sa mhicreafón.

247. I gcás ina bhfuil sé i gceist ag na hionadaithe nó ag na páirtithe sna príomhimeachtaí a cheadaítear dóibh imeachtaí cúirte a thionscnamh nó a chosaint gan ionadaíocht ó dhlíodóir sleachta ó théacsanna nó doiciméid áirithe a lua focal ar fhocal, go háirithe sleachta nach luaitear sa cháschomhad, is fiú iad sin a chur in iúl do na hateangairí roimh an éisteacht. Ar an gcaoi chéanna, is fiú aird na n-ateangairí a tharraingt ar aon téarmaí a d’fhéadfaí

F.    Miontuairiscí na héisteachta

248. Ullmhóidh an Cláraitheoir miontuairiscí gach éisteachta i dteanga an cháis ina sonrófar:

— 
tuairisc ar an gcás;
— 
an dáta, an uair agus an áit a mbeidh an éisteacht;
— 
faisnéis, i gcás inarb iomchuí, gur éisteacht i seomra iata a bheidh ann nó éisteacht a dhéanfar a chraoladh;
— 
ainmneacha na mbreithiúna, an chláraitheora agus, más iomchuí, an tAbhcóide Ginearálta a bheidh i láthair;
— 
ainmneacha agus cáil ionadaithe na bpáirtithe nó na ndaoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a bheidh i láthair;
— 
I gcás caingne díreacha, na barúlacha ar an tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta a lua, i gcás inarb iomchuí;
— 
sloinnte, céadainmneacha, cáil agus seoltaí na bhfinnéithe nó na saineolaithe a éisteadh, i gcás inarb iomchuí;;
— 
na doiciméid nós imeachta nó na hítimí arna dtabhairt ar aird ag an éisteacht agus, a mhéid is gá, na dearbhuithe a rinneadh ag an éisteacht;
— 
na cinntí a ghlac an Chúirt Ghinearálta nó an tUachtarán ag an éisteacht.

249. I gcás ina n-eagraítear comhéisteacht le haghaidh roinnt cásanna i gcomhréir le hAirteagal 106a nó Airteagal 214 de na Rialacha Nós Imeachta, cuirfear miontuairiscí ina bhfuil an t-inneachar céanna le haghaidh gach ceann de na cásanna atá i gceist le comhad gach ceann de na cásanna sin i dteanga an cháis.

G.    Éisteachtaí a chraoladh

▼C1

250. Tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh dá dtagraítear in Airteagail 110a(8) agus 219(8), féadfar éisteachtaí na Cúirte Ginearálta a chraoladh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna hairteagail sin.

▼B

251. I gcás go measann páirtí nó duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht nár chóir an éisteacht ar fuair an páirtí nó an duine sin fógra chun teacht i láthair ina leith a chraoladh, cuirfidh an páirtí nó an duine lena mbaineann é sin in iúl don Chúirt Ghinearálta i scríbhinn, agus na himthosca lena dtugtar údar gan an éisteacht a chraoladh á leagan amach go mionsonraithe. Ní mór na cúiseanna sin – nár chóir a mheascadh le pléadálacha nó barúlacha i scríbhinn agus nár chóir dul thar 3 leathanach – a bheith bunaithe ar mheasúnú nithiúil ar chóir an éisteacht a chraoladh. Ar mhaithe bonn eolais níos fearr a chur ar fáil le haghaidh chinneadh na Cúirte Ginearálta, níor cheart gur cúiseanna ginearálta a bheadh i gceist, teoranta, mar shampla, d’íogaireacht an cháis don pháirtí nó don duine leasmhar lena mbaineann.

252. Cuirfear na páirtithe nó na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht ar eolas faoi chinneadh na Cúirte Ginearálta in am trátha roimh an éisteacht.

253. I gcás go gcraolfar éisteacht, fanfaidh sin ar fáil ar shuíomh gréasáin an Aontais Eorpaigh ar feadh uastréimhse míosa amháin tar éis chlabhsúr na héisteachta. I gcás go measann páirtí nó duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht gur chóir an fístaifeadadh a bhaint den suíomh gréasáin, féadfaidh an páirtí nó an duine lena mbaineann iarratas chuige sin a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, ina leagfar amach na himthosca lena dtugtar údar don fístaifeadadh a bhaint. Má cheadaítear an t-iarratas, déanfar an fístaifeadadh lena mbaineann a bhaint láithreach den suíomh gréasáin.

H.    Tuairim an Abhcóide Ghinearálta a léamh agus breithiúnas lena gcuirtear clabhsúr ar na himeachtaí a thabhairt

254. I gcás go gcuireann an Chlárlann dáta tabhartha an bhreithiúnais lena gcuirtear clabhsúr ar na himeachtaí agus, de réir mar a bheidh, an dáta a thabharfaidh an tAbhcóide Ginearálta a Thuairim sa chás a bhaineann leo in iúl do na páirtithe agus na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, ní bheidh ceangal orthu taisteal go Lucsamburg.

255. Déanfaidh an Chlárlann téacs na Tuairime agus an bhreithiúnais a sheirbheáil ar na páirtithe agus na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht agus foilseofar an céanna ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna teangacha ina mbeidh siad ar fáil.

VIII.    CÚNAMH DLÍTHIÚIL

A.1.    Caingne díreacha

256. I gcomhréir le hAirteagal 147(2) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór foirm a úsáid chun iarratas ar chúnamh dlíthiúil a dhéanamh. Tá an fhoirm sin ar fáil i ngach teanga oifigiúil an Aontais ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

257. Féadfaidh aon iarratasóir ar chúnamh dlíthiúil nach bhfuil ionadaíocht aige ó dhlíodóir, tráth a thaisctear an fhoirm le haghaidh cúnamh dlíthiúil, i gcomhréir le hAirteagal 147(6) de na Rialacha Nós Imeachta, an fhoirm páipéir líonta agus sínithe go cuí a thaisceadh sa Chlárlann tríd an bpost nó í a thaisceadh go fisiciúil ag an seoladh a luaitear i mír 3 thuas. Ní phróiseálfar foirm nach bhfuil síniú i scríbhinn uirthi.

258. I gcás ina bhfuil ionadaíocht ó dhlíodóir ag an iarratasóir ar chúnamh dlíthiúil tráth a thaisctear an fhoirm le haghaidh cúnamh dlíthiúil, déanfar an fhoirm a thaisceadh de bhun Airteagal 72(1) de na Rialacha Nós Imeachta, agus na ceanglais arna leagan síos i mír 120 thuas á gcur san áireamh.

259. Tá an fhoirm le haghaidh cúnamh dlíthiúil ceaptha chun an fhaisnéis is gá chun breith chuí a thabhairt ar an iarratas ar chúnamh dlíthiúil a chur ar fáil don Chúirt Ghinearálta, i gcomhréir le hAirteagal 147(3) agus (4) de na Rialacha Nós Imeachta. Is éard atá i gceist:

— 
faisnéis maidir le staid airgeadais an iarratasóra
agus,
— 
i gcás nár tionscnaíodh an chaingean go fóill, faisnéis faoi chuspóir na caingne sin, fíorais an cháis agus na hargóintí lena mbaineann.

260. Ionas go bpróiseálfar a iarratas, ní mór don iarratasóir, i dteannta na foirme le haghaidh cúnamh dlíthiúil, doiciméid tacaíochta lena léirítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 251 thuas a thabhairt ar aird.

261. I gcás inarb iomchuí, i dteannta na foirme le haghaidh cúnamh dlíthiúil, ní mór na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 51(2) agus (3) agus 78(4) de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird. Thairis sin, ba cheart go bhféadfaí na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 51(2) agus (3) de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird arna iarraidh sin, ag gach céim den nós imeachta.

262. Ní mór don fhoirm le haghaidh cúnamh dlíthiúil atá líonta amach go cuí agus do na doiciméid tacaíochta a bheith intuigthe iontu féin.

263. Má tharraingíonn an t-iarratasóir a iarratas siar gan iarratas nua a bhunú ar fhíorais nua, ní chlárófar an t-iarratas agus cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas.

264. Gan dochar don fhéidearthacht don Chúirt Ghinearálta faisnéis nó tabhairt ar aird doiciméad comhlántach a iarraidh de bhun Airteagail 89 agus 90 de na Rialacha Nós Imeachta, ní fhéadfar an t-iarratas ar chúnamh dlíthiúil a chomhlánú trí ábhar eile a thaisceadh níos déanaí. Diúltófar d’ábhar den sórt sin, i gcás ina dtaisctear é gan é sin a bheith iarrtha ag an gCúirt Ghinearálta. I gcásanna eisceachtúla, féadfar glacadh le doiciméid tacaíochta chun easpa acmhainní an iarratasóra a chruthú, áfach, ag staid níos déanaí, ach míniú cuí a thabhairt ar an moill chun iad a thabhairt ar aird.

265. Beidh sé d’éifeacht ag an iarraidh ar chúnamh dlíthiúil a thaisceadh go gcuirfear ar fionraí, agus ní go mbrisfear, an teorainn ama chun caingean a thionscnamh go dtí an dáta a dhéanfar an t-ordú lena dtabharfar breith ar an iarratas sin a sheirbheáil nó, i gcás nach bhfuil dlíodóir ainmnithe san ordú sin chun ionadaíocht a dhéanamh ar son an iarratasóra ar chúnamh dlíthiúil, go dtí dáta seirbheála an ordaithe ina n-ainmnítear an dlíodóir a dhéanfaidh ionadíocht ar a shon. Féadfaidh an tréimhse chun caingean a thionscnamh a bheith an-ghearr, dá bhrí sin. Dá bhrí sin, moltar don pháirtí is tairbhí den chúnamh dlíthiúil, arna ionadú go cuí ag dlíodóir, aird ar leith a thabhairt ar an tréimhse dhlíthiúil a urramú.

A.2.    Cásanna réamhrialaithe

266. Aon pháirtí sna príomhimeachtaí nach féidir leis costais na n-imeachtaí atá os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc ina n-iomláine nó i bpáirt, féadfaidh sé cúnamh dlíthiúil a iarraidh tráth ar bith sna coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagail 239 go 241 de na Rialacha Nós Imeachta.

267. Féadfaidh iarratasóir ar chúnamh dlíthiúil nach bhfuil ionadaíocht ó dhlíodóir aige iarratas ar chúnamh dlíthiúil a thaisceadh sa Chlárlann i leagan páipéir tríd an bpost nó trína sheachadadh go fisiciúil ag an seoladh a luaitear i mír 3 thuas. Ní dhéanfar iarratas nach bhfuil síniú i scríbhinn air a phróiseáil.

268. I gcás ina ndéanann dlíodóir nó duine atá údaraithe chuige sin nach dlíodóir é ionadaíocht don iarratasóir ar chúnamh dlíthiúil tráth a dhéanfar an t-iarratas ar chúnamh dlíthiúil a thaisceadh, déanfar an taisceadh i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 205 de na Rialacha Nós Imeachta.

269. Ionas go gcuirfear san áireamh iad, ní mór gach faisnéis agus doiciméad tacaíochta is gá a bheith leis na hiarratais ar chúnamh dlíthiúil lena bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta staid eacnamaíoch iarbhír an iarratasóra a mheas. Ina fhianaise sin, tá sé tábhachtach go gcuirfidh an t-iarratasóir ar chúnamh dlíthiúil ar fáil don Chúirt Ghinearálta ní hamháin na doiciméid lena leagtar amach cineálacha éagsúla ioncaim agus liúntas arna bhfáil aige (amhail duillín pá, ráiteas bainc nó doiciméad arna eisiúint ag comhlacht poiblí nó ag comhlacht slándála sóisialta) ach freisin na doiciméid a bhaineann leis na costais nach mór dó íoc (amhail comhaontú cíosa nó iasachta, ráiteas i leith táillí scoile le haghaidh leanbh cleithiúnach, sonrasc nó billí). Agus breith á tabhairt ag an gCúirt Ghinearálta in imeachtaí réamhrialaithe, arna iarraidh sin ag cúirt nó binse de chuid Ballstáit, ní mór do na páirtithe sna príomhimeachtaí, mar thosaíocht, aon chúnamh dlíthiúil a lorg ón gcúirt nó ón mbinse sin nó ó údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, agus níl sa chúnamh arna thabhairt ag an gCúirt ach cúnamh coimhdeach ar an gcúnamh arna thabhairt ar an leibhéal náisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 239(3) de na Rialacha Nós Imeachta, má deonaíodh cúnamh dlíthiúil don iarratasóir cheana féin os comhair na cúirte nó an bhinse a rinne an tarchur, tabharfaidh sé cinneadh na cúirte nó an bhinse sin ar aird agus sonróidh sé na nithe a chumhdaítear leis na suimeanna a deonaíodh cheana.

270. I gcás go ndeonaíonn an Chúirt Ghinearálta cúnamh dlíthiúil, ní chlúdóidh an Chúirt Ghinearálta, laistigh de na teorainneacha socraithe ag an bhfoirmíocht, i gcás inarb infheidhme, ach na costais a bhaineann le cabhair dhlíthiúil agus ionadaíocht dhlíthiúil an iarratasóra os comhair na Cúirte Ginearálta.

IX.    NÓSANNA IMEACHTA PRÁINNE

A.    An nós imeachta brostaithe

A.1.    Caingne díreacha

1)    Iarratas ar nós imeachta brostaithe

271. I gcomhréir le hAirteagal 152(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór an t-iarratas ar nós imeachta brostaithe a dhéanamh i ndoiciméad ar leith ag an am céanna leis an iarratas lena dtionscnaítear na himeachtaí nó leis an gcosaint, de réir mar a bheidh, agus na réasúin a thabhairt lena sonraítear an phráinn faoi leith a bhaineann leis an gcás agus aon imthosca ábhartha eile.

272. Chun láimhseáil láithreach ag an gClárlann a éascú, féadfar a lua ar an gcéad leathanach den iarratas ar nós imeachta brostaithe go dtionscnaítear é de bhun Airteagail 151 agus 152 de na Rialacha Nós Imeachta.

273. Níl sé ceadmhach an t-iarratas nó an chosaint arna taisceadh ag an bpáirtí a dhéanann iarratas ar nós imeachta brostaithe, i bprionsabal, a bheith níos faide ná 25 leathanach. Ní mór an t-iarratas nó an chosaint sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 160 go 170 thuas nó míreanna 172 go 177 thuas.

274. Moltar don pháirtí atá ag iarraidh chur i bhfeidhm an nós imeachta brostaithe a shonrú, ina iarratas, cad iad na saincheisteanna dlí, na hargóintí nó na sleachta de na pléadálacha i scríbhinn lena mbaineann (iarratas nó cosaint) nach ndéanfar ach amháin i gcás nach ndéanfar breith a thabhairt faoin nós imeachta brostaithe. Ní mór an fhaisnéis sin, dá dtagraítear in Airteagal 152(2) de na Rialacha Nós Imeachta a shonrú go beacht san iarratas agus uimhreacha na míreanna lena mbaineann a shonrú.

2)    Leagan coimrithe

275. Moltar leagan coimrithe den phléadáil i scríbhinn lena mbaineann a cheangal leis an iarratas ar nós imeachta brostaithe ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear i mír 265 thuas.

276. Ionas go láimhseálfar é chomh luath agus is féidir, ní mór don leagan coimrithe sin a bheith i gcomhréir leis na treoracha seo a leanas:

(a) 

ní mór don leagan coimrithe a bheith san fhoirm chéanna agus atá an leagan bunaidh den phléadáil i scríbhinn lena mbaineann agus comharthaí athfhriotail ina bhfuil an lua ‘omissis’ a úsáid chun na sleachta scriosta a aithint;

(b) 

ní mór na huimhreacha céanna a thabhairt do na míreanna a choinnítear sa leagan coimrithe agus atá sa leagan bunaidh den phléadáil i scríbhinn lena mbaineann;

(c) 

mura dtagraítear sa leagan coimrithe do na hiarscríbhinní go léir a ghabhann le leagan bunaidh na pléadála i scríbhinn lena mbaineann, aithneofar gach iarscríbhinn a fágadh ar lár leis an lua ‘omissis’ i sceideal na n-iarscríbhinní a ghabhann leis an leagan coimrithe;

(d) 

ní mór na huimhreacha céanna a úsáid sna hiarscríbhinní a choimeádtar sa leagan coimrithe agus na huimhreacha atá i sceideal na n-iarscríbhinní sa leagan bunaidh den pléadáil i scríbhinn lena mbaineann;

(e) 

ní mór na hiarscríbhinní a luaitear sa sceideal a ghabhann leis an leagan coimrithe a cheangal leis an leagan sin.

277. I gcás ina n-iarrann an Chúirt Ghinearálta leagan coimrithe den phléadáil i scríbhinn a thabhairt ar aird de bhun Airteagal 151(3) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór an leagan coimrithe a dhréachtú, mura dtugtar a mhalairt de threoir, i gcomhréir leis na treoracha thuas.

3)    An chosaint

278. Ní mór don chosantóir freagra a thabhairt laistigh de mhí amháin:

— 
ar an iarratas, mura shonraigh an t-iarratasóir ina iarratas na saincheisteanna dlí, na hargóintí nó na sleachta óna iarratas lena dtionscnaítear na himeachtaí nach bhfuil le cur san áireamh ach sa chás nach dtabharfar breith ar an gcás faoin nós imeachta brostaithe;
— 
ar na saincheisteanna dlí agus ar na hargóintí arna bhforbairt san iarratas arna léamh i bfhianaise na faisnéise arna tabhairt san iarratas ar nós imeachta brostaithe, más rud é gur thug an t-iarratasóir faisnéis den sórt sin;
— 
ar na saincheisteanna dlí agus ar na hargóintí sa leagan coimrithe den iarratas má tá leagan coimrithe den sórt sin i gceangal leis an iarratas.

279. Má chinneann an Chúirt Ghinearálta an t-iarratas ar nós imeachta brostaithe a dhiúltú sula mbeidh an chosaint taiscthe ag an gcosantóir, cuirfear mí sa bhreis leis an teorainn ama míosa amháin dá bhforáiltear le hAirteagal 154(1) de na Rialacha Nós Imeachta chun an chosaint a thaisceadh.

280. Má chinneann an Chúirt Ghinearálta an t-iarratas ar nós imeachta brostaithe a dhiúltú tar éis don chosantóir a chosaint a thaisceadh laistigh den teorainn ama de mhí amháin dá bhforáiltear in Airteagal 154(1) de na Rialacha Nós Imeachta, tabharfar tréimhse nua míosa don chosantóir ó sheirbheáil na breithe lena ndiúltaítear don iarratas ar nós imeachta brostaithe chun a chosaint a chomhlánú.

4)    An chéim ó bhéal den nós imeachta

281. I gcomhthéacs an nós imeachta brostaithe, ós rud é go bhfuil an chéim i scríbhinn den nós imeachta teoranta, i bprionsabal, do na pléadálacha i scríbhinn a mhalartú uair amháin, díreofar ar an gcéim ó bhéal den nós imeachta agus eagrófar éisteacht go luath i ndiaidh clabhsúr a chur leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta. Mar sin féin, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta a chinneadh go dtabharfaidh sí breith gan an chéim ó bhéal den nós imeachta i gcás ina gcuireann na príomhpháirtithe in iúl, laistigh de theorainn ama arna socrú ag an Uachtarán, nach nglacfaidh siad páirt in éisteacht agus ina measann an Chúirt Ghinearálta go bhfuil a dóthain faisnéise aici ón ábhar sa cháschomhad.

282. I gcás nár údaraigh an Chúirt Ghinearálta ráiteas idiragartha a thaisceadh, ní fhéadfaidh an t-idiragraí a bharúlacha a chur in iúl ach ó bhéal, i gcás ina reáchtáiltear éisteacht.

A.2.    Cásanna réamhrialaithe

283. I gcomhréir le hAirteagail 237 agus 238 de na Rialacha Nós Imeachta, arna iarraidh sin ag an gcúirt a rinne an tarchur nó uaithi féin, féadfar cásanna réamhrialaithe a chur faoi réir an nós imeachta brostaithe.

B.    Fionraíocht agus bearta eile idirlinne i gcaingne díreacha

284. I gcomhréir le hAirteagal 156(5) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór an t-iarratas ar fhorghníomhú a chur ar fionraí nó ar bhearta eile idirlinne a thaisceadh i ndoiciméad ar leith. Ní mór dó a bheith intuigthe ann féin, gan tagairt a dhéanamh don iarratas sna príomhimeachtaí, lena n-áirítear na hiarscríbhinní leis an iarratas sin.

285. Chun láimhseáil láithreach ag an gClárlann a éascú, ní mór a lua ar an gcéad leathanach den iarratas ar fhorghníomhú a chur ar fionraí nó ar bhearta eile idirlinne go dtaisctear é de bhun Airteagal 156 de na Rialacha Nós Imeachta agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil iarratas bunaithe ar Airteagal 157(2) de na Rialacha Nós Imeachta faoi iamh.

286. Ní mór a lua san iarratas ar fhorghníomhú a chur ar fionraí nó ar bhearta eile idirlinne, sa chéad áit, ábhar na n-imeachtaí agus, go soiléir agus go beacht, na saincheisteanna fíorais agus dlí ar a bhfuil na príomhimeachtaí bunaithe a léiríonn go bhfuil cás prima facie ann ó thaobh tuillteanas an cháis. Sa dara háit, ní mór an beart nó na bearta arna n-iarraidh a shonrú go beacht ann. Sa tríú háit, ní mór na himthosca is bonn lena bheith práinneach a lua ann, agus cúiseanna agus cruthúnas a thabhairt ina leith sin.

287. I gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 156(4) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór a bheith san iarratas ar bhearta idirlinne an fhianaise ar fad agus tairiscint fianaise ar fad ann chun údar a thabhairt le beart idirlinne a cheadú. Dá réir sin, ní mór gach faisnéis nithiúil agus bheacht a bheith ag an mBreitheamh a éistfidh an t-iarratas ar bhearta idirlinne, agus fianaise dhoiciméadach ag gabháil léi agus, i gcás inarb iomchuí, í a bheith deimhnithe nó tairiscintí fianaise a bheith aige a léiríonn an staid ina bhfuil an páirtí atá ag iarraidh na mbeart idirlinne agus lenar féidir a mheas cé na hiarmhairtí ar dócha go mbeadh siad ann in éagmais na mbeart a iarrtar.

288. Ós rud é go bhfuil an t-iarratas ar bhearta idirlinne dírithe ar chás prima facie a léiriú i gcomhthéacs nós imeachta achomair, níor cheart dó téacs iomlán an iarratais sna príomhimeachtaí a leagan amach arís.

289. Ionas go bhféadfar iarratas ar bhearta idirlinne a láimhseáil go práinneach, níor cheart, i bprionsabal, do líon na leathanach atá ann dul thar 25 leathanach, ach an t-ábhar lena mbaineann agus imthosca an cháis á gcur san áireamh.

X.    TEACHT I BHFEIDHM NA RIALACHA CLEACHTAIS SEO

290. Leis na Rialacha Cleachtais seo, déantar Rialacha Cleachtais an 20 Bealtaine 2015 (IO 2015 L 152, lch. 1), arna leasú an 13 Iúil 2016 (IO 2016 L 217, lch. 78 an 17 Deireadh Fómhair 2018 (IO 2018 L 294, lch. 23) agus an 1 Feabhra 2023 (IO 2023 L 73, lch. 58), agus arna gceartú an 17 Deireadh Fómhair 2018 (IO 2018 L 296, lch. 40) a aisghairm agus cuirtear na Rialacha Cleachtais seo ina n-ionad.

291. Foilseofar na Rialacha Cleachtais seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2024.




IARSCRÍBHINN 1

Liosta na luanna (míreanna 15, 16 agus 18 de na Rialacha Cleachtais seo)



AJ

Cúnamh dlíthiúil

DEP

Fómhas costas

Int, agus figiúr in uimhireacha Rómhánacha lena léirítear an t-ord croineolaíoch ina dtaisctear iarratais ar idiragairt

Idiragairt

INTP

Ateangaireacht

OP

Iarratas ar bhreithiúnas mainneachtana a chur ar ceal

OST

Cás ina mainnítear breith a thabhairt

R

Bearta idirlinne

REC

Ceartúchán

RENV

Tarchur ar ais (i ndiaidh neamhniú i ndiaidh achomhairc)

REV

Athbhreithniú

TO

Imeachtaí tríú páirtí




IARSCRÍBHINN 2

Coinníollacha a mbeidh údar maith ann le diúltú don iarratas a sheirbheáil i gcás nach gcomhlíontar iad (mír 131 de na Rialacha Cleachtais seo)

I gcás nach gcuirtear i gceart na pointí seo a leanas, féadfar diúltú don chaingean mar gheall ar dho-ghlacthacht, i gcomhréir le hAirteagail 78(6), 177(6) de na Rialacha Nós Imeachta.



 

Caingne díreacha seachas iad siúd a bhaineann le cearta maoine intleachtúla

Cásanna a bhaineann le cearta maoine intleachtúla

(a)

an doiciméad (dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta) a thabhairt ar aird, murar taisceadh doiciméad den sórt sin cheana chun chuntas rochtana e-Curia a oscailt (Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta)

an doiciméad (dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta) a thabhairt ar aird, murar taisceadh doiciméad den sórt sin cheana chun chuntas rochtana e-Curia a oscailt (Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta)

(b)

cruthúnas go bhfuil stádas dlítheanach ag duine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh a thabhairt ar aird (Airteagal 78(4) de na Rialacha Nós Imeachta)

cruthúnas go bhfuil stádas dlítheanach ag duine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh a thabhairt ar aird (Airteagal 177(4) de na Rialacha Nós Imeachta)

(c)

údarás chun gníomhú a thabhairt ar aird más duine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh an páirtí dá ndéantar ionadaíocht (Airteagal 51(3) de na Rialacha Nós Imeachta)

údarás chun gníomhú a thabhairt ar aird más duine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh an páirtí dá ndéantar ionadaíocht (Airteagal 51(3) de na Rialacha Nós Imeachta)

(d)

an gníomh faoi chonspóid (caingean le haghaidh neamhniú) nó an doiciméad lena léirítear an dáta ar iarradh ar an institiúid gníomhú thabhairt ar aird (caingean maidir le mainneachtain gníomhú) (an dara mír d’Airteagal 21 den Reacht; Airteagal 78(1) de na Rialacha Nós Imeachta)

an cinneadh faoi chonspóid ón mBord Achomhairc a thabhairt ar aird (Airteagal 177(3) de na Rialacha Nós Imeachta)

(e)

an gearán de réir bhrí Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne agus an cinneadh arna thabhairt ar an ngearán a thabhairt ar aird (Airteagal 78(2) de na Rialacha Nós Imeachta)

 

(f)

cóip den chonradh ina bhfuil an clásal eadrána a thabhairt ar aird (Airteagal 78(3) de na Rialacha Nós Imeachta)

 

(g)

 

ainmneacha na bpáirtithe go léir sna himeachtaí os comhair an bhoird achomhairc agus na seoltaí a shonraigh siad le haghaidh seirbheála, má fhágann na himthosca go bhfuil údar leis sin (Airteagal 177(2) de na Rialacha Nós Imeachta)

(h)

na dátaí a rinneadh an gearán de réir bhrí Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne agus a seirbheáladh an cinneadh arna thabhairt ar an ngearán (Airteagal 78(2) de na Rialacha Nós Imeachta)

an dáta a seirbheáladh an cinneadh faoi chonspóid ón mBord Achomhairc (Airteagal 177(3) de na Rialacha Nós Imeachta)




IARSCRÍBHINN 3:

Rialacha foirmiúla a mbeidh údar maith le moill a chur ar sheirbheáil an iarratais i gcás nach gcomhlíontar iad (mír 132 de na Rialacha Cleachtais seo)



(a)

seoladh an iarratasóra a shonrú (an chéad mhír d’Airteagal 21 den Reacht; Airteagail 76(a) agus 177(1)(a) de na Rialacha Nós Imeachta)

(b)

seoladh ionadaí an iarratasóra a shonrú (Airteagail 76(b), 177(1)(b) de na Rialacha Nós Imeachta)

(c)

leagan bunaidh nua den iarratas a bhfuil a fhad laghdaithe (míreanna 158 agus 159 de na Rialacha Cleachtais seo)

(d)

leagan bunaidh nua atá díreach mar an gcéanna leis an iarratas ach ina bhfuil na míreanna uimhrithe (mír 108(c) de na Rialacha Cleachtais seo)

(e)

leagan bunaidh nua atá díreach mar an gcéanna leis an iarratas ach ina bhfuil na leathanaigh uimhrithe (mír 108(d) de na Rialacha Cleachtais seo)

(f)

sceideal na n-iarscríbhinní ina bhfuil an fhaisnéis riachtanach (Airteagal 72(3) de na Rialacha Nós Imeachta; mír 114 de na Rialacha Cleachtais seo)

(g)

na hiarscríbhinní a luaitear san iarratas nár tugadh ar aird a thabhairt ar aird (Airteagal 72(3) de na Rialacha Nós Imeachta)

(h)

iarscríbhinní a bhfuil uimhreacha leathanaigh leo a thabhairt ar aird (mír 117(c) de na Rialacha Cleachtais seo)

(i)

iarscríbhinní a bhfuil uimhreacha leathanaigh leo a thabhairt ar aird (mír 117(a) de na Rialacha Cleachtais seo)




IARSCRÍBHINN 4:

Rialacha foirmiúla nach gcuirfear bac leo ar sheirbheáil an iarratais i gcás nach gcomhlíontar iad (mír 133 de na Rialacha Cleachtais seo)



(a)

an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird maidir le gach aon dlíodóir breise, murar taisceadh doiciméad den sórt sin cheana chun cuntas rochtana e-Curia a oscailt (Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta)

(b)

i gcásanna i réimsí eile seachas i réimse na maoine intleachtúla, achoimre ar na saincheisteanna dlí agus na príomhargóintí a thabhairt ar aird (míreanna 166 agus 167 de na Rialacha Cleachtais seo)

(c)

an t-aistriúchán i dteanga an cháis de dhoiciméid arna ndréachtú i dteanga eile nach teanga an cháis í a thabhairt ar aird (Airteagal 46(2) de na Rialacha Nós Imeachta)

(d)

An tábla ina liostaítear liosta na n-iarratasóirí, má tá breis agus deichniúr iarratasóirí ann (míreanna 168 agus 169 de na Rialacha Cleachtais seo)

(e)

Achoimre ar an struchtúr nó clár ábhar (mír 110 de na Rialacha Cleachtais seo)

Top