Το έγγραφο αυτό έχει ληφθεί από τον ιστότοπο EUR-Lex
Έγγραφο 3e8a65a8-1041-11ee-b12e-01aa75ed71a1
Council Regulation (EU) 2021/1173 of 13 July 2021 on establishing the European High Performance Computing Joint Undertaking and repealing Regulation (EU) 2018/1488
Ενοποιημένο κείμενο: Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488
Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488
02021R1173 — GA — 19.07.2021 — 000.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2021/1173 ÓN gCOMHAIRLE an 13 Iúil 2021 (IO L 256 19.7.2021, lch. 3) |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2021/1173 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Iúil 2021
maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488
Airteagal 1
Bunú
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “tástáil inghlacthachta” tástáil a dhéantar chun a chinneadh cibé an gcomhlíonann sár-ríomhaire EuroHPC sonraíocht an chórais;
ciallaíonn “aga rochtana” tréimhse ríomhaireachta sár-ríomhaire a chuirtear ar fáil d’úsáideoir nó do ghrúpa úsáideoirí chun a gcláir ríomhaireachta a chur i gcrích;
ciallaíonn “eintiteas cleamhnaithe” aon eintiteas dlíthiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 187(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;
ciallaíonn “Ionad Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta” tionscadal comhoibríoch a roghnaítear trí ghlao oscailte iomaíoch ar thograí chun an úsáid a bhaintear as cumais ríomhaireachta feidhmíochta foircní atá ar na bacáin a chur chun cinn, ionad a chuireann ar chumas pobail úsáideoirí i gcomhar le geallsealbhóirí eile sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta méadú ó scála a dhéanamh ar chóid chomhthreomhara reatha i dtreo feidhmíocht eicseascálaithe agus scálaithe fhoircnigh;
ciallaíonn “comhdhearadh” cur chuige comhchoiteann idir soláthróirí agus úsáideoirí teicneolaíochta a bhíonn ag gabháil do phróiseas deartha ar bhonn comhoibritheach atriallach chun teicneolaíochtaí, feidhmchláir agus córais nua a fhorbairt;
ciallaíonn “coinbhleacht leasa” cás a bhaineann le gníomhaí airgeadais nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;
ciallaíonn “comheintiteas” eintiteas ina gcuimsítear Comhalta Príobháideach den Chomhghnóthas, de bhun reachtanna gach Comhalta Phríobháidigh;
ciallaíonn “cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha” cumann eintiteas dlíthiúil de chuid an Aontais a thagann le chéile ar mhaithe le sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch a fháil go comhpháirteach in éineacht leis an gComhghnóthas; féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhpháirtithe príobháideacha seo a bheith rannpháirteach i gComhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais;
ciallaíonn “sár-ríomhaire EuroHPC” aon chóras ríomhaireachta atá faoi úinéireacht iomlán an Chomhghnóthais nó atá faoi chomhúinéireacht le Stáit Rannpháirteacha eile nó le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha. Is féidir leis a bheith ina shár-ríomhaire clasaiceach (sár-ríomhaire ardleibhéil, sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch, nó sár-ríomhaire lár-raoin), ina ríomhaire clasaiceach-candamach hibrideach, ina ríomhaire candamach nó ina ionsamhlóir candamach;
ciallaíonn “eicsea-scála” leibhéal feidhmíochta atá in ann 10 i gcumhacht 18 n-oibríocht sa soicind a dhéanamh (nó 1 eicsea-Flap);
ciallaíonn “sár-ríomhaire ardleibhéil” córas ríomhaire den chéad scoth a forbraíodh leis an teicneolaíocht is airde a bhíonn ar fáil ag pointe ama ar leith agus a bhaineann leibhéil feidhmíochta eicseascálaithe nó níos faide (i.e. iar-eicseascálaithe) amach i gcás feidhmchlár a théann i ngleic le fadhbanna níos casta;
ciallaíonn “cuibhreannas óstach” grúpa Stát Rannpháirteach nó cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha atá tar éis aontú rannchuidiú le sár-ríomhaire EuroHPC a fháil agus a oibriú, lena n-áirítear aon eagraíocht a dhéanann ionadaíocht do na Stáit Rannpháirteacha seo;
ciallaíonn “eintiteas óstach” eintiteas dlítheanach ina n-áirítear saoráidí chun sár-ríomhaire EuroHPC a óstáil agus a oibriú agus atá bunaithe i Stát Rannpháirteach ar Ballstát é;
ciallaíonn “hipearnasctha” cumarsáid atá in ann sonraí a aistriú ag 10 i gcumhacht 12 ghiotán sa soicind (1 teirighiotán sa soicind) nó thairis sin;
ciallaíonn “sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch” sár-ríomhaire lár-raoin, ar a laghad, a dearadh go sonrach le ceanglais slándála, rúndachta agus sláine sonraí d’úsáideoirí tionsclaíocha atá níos déine ná mar a bhíonn i gceist le húsáid eolaíoch;
ciallaíonn “ranníocaíochtaí ilchineáil i leith gníomhaíochtaí indíreacha” arna gcistiú ó Fhís Eorpach ranníocaíochtaí ón Stát Rannpháirteach nó ó Chomhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, ina gcuimsítear na costais incháilithe a thabhaigh siad chun gníomhaíochtaí indíreacha a chur chun feidhme lúide ranníocaíocht an Chomhghnóthais sin, Stáit Rannpháirteacha an Chomhghnóthais sin agus aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais leis na costais sin;
ciallaíonn “ranníocaíochtaí ilchineáil i leith gníomhaíochtaí” arna gcistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach nó ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ranníocaíochtaí ón Stát Rannpháirteach nó ó Chomhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, ina gcuimsítear na costais incháilithe a thabhaigh siad chun cuid de ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais a chur chun feidhme lúide ranníocaíocht an Chomhghnóthais sin, Stáit Rannpháirteacha an Chomhghnóthais sin agus aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais leis na costais sin;
ciallaíonn “sár-ríomhaire lár-raoin” sár-ríomhaire den chéad scoth lena ngabhann ord amháin ar a mhéad de leibhéal feidhmíochta dearbhmhéide níos ísle ná sár-ríomhaire ardleibhéil;
ciallaíonn “Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta” eintiteas dlítheanacha, nó cuibhreannas eintiteas dlítheanacha, atá bunaithe i Stát Rannpháirteach, atá comhlachaithe le lárionad náisiúnta sár-ríomhaireachta an Stáit Rannpháirtigh sin, a sholáthraíonn rochtain de réir éilimh d’úsáideoirí ón earnáil tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, lucht acadúil, agus riaracháin phoiblí ar na sár-ríomhairí agus ar na teicneolaíochtaí, na huirlisí, na feidhmchláir agus na seirbhísí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta is déanaí, agus a thairgeann saineolas, scileanna, oiliúint, líonrú agus for-rochtain;
ciallaíonn “stát breathnóireachta” tír atá incháilithe chun a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Chomhghnóthais arna chistiú ag Fís Eorpach nó ag an gClár don Eoraip Dhigiteach nach Stát Rannpháirteach é;
ciallaíonn “Stát Rannpháirteach” tír atá ina comhalta den Chomhghnóthas;
ciallaíonn “leibhéal feidhmíochta” líon na n-oibríochtaí snámhphointe in aghaidh an tsoicind (flapanna) is féidir le sár-ríomhaire a dhéanamh;
ciallaíonn “Comhalta Príobháideach” aon chomhalta den Chomhghnóthas seachas an tAontas nó na Stáit Rannpháirteacha;
is gléas ríomhaireachta é “ríomhaire candamach” a bhaineann leas as na dlíthe a bhaineann le meicnic chandamach chun tascanna áirithe ar leith a réiteach ag úsáid níos lú acmhainní ríomhaireachta dá bhrí sin ná mar a úsáideann ríomhairí clasaiceacha;
ciallaíonn “ionsamhlóir candamach” gléas candamach atá fíor-inrialaithe lenar féidir léargais a fháil ar airíonna córas candamach casta nó fadhbanna ríomhaireachta sonracha nach mbíonn fáil ag ríomhairí clasaiceacha orthu a réiteach;
ciallaíonn “slándáil an tslabhra soláthair” i gcás sár-ríomhaire EuroHPC na bearta a áireofar nuair a bheidh soláthróir an tsár-ríomhaire sin á roghnú chun a áirithiú go mbeidh comhpháirteanna, teicneolaíochtaí, córais agus fios gnó ar fáil, a bheidh riachtanach chun an sár-ríomhaire sin a fháil agus a oibriú; áirítear leis sin bearta chun na rioscaí a bhaineann le briseadh faoi dheoidh i soláthar na gcomhpháirteanna, na teicneolaíochta agus na gcóras sin a mhaolú, lena n-áirítear athruithe ar phraghsanna nó feidhmíocht níos ísle nó foinsí soláthair eile; cumhdaítear leis saolré iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.
ciallaíonn “Clár Oibre Straitéiseach maidir le Taighde agus Nuálaíocht” an doiciméad ina gcumhdaítear tréimhse Fís Eorpach ina sainaithnítear na príomhthosaíochtaí agus na teicneolaíochtaí agus na nuálaíochtaí bunriachtanacha chun cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach;
ciallaíonn “clár straitéiseach ilbhliantúil” doiciméad ina leagtar amach straitéis le haghaidh ghníomhaíochtaí uile an Chomhghnóthais;
ciallaíonn “sár-ríomhaireacht” ríomhaireacht ar leibhéil feidhmíochta ina n-éilítear comhtháthú ollmhór na ngnéithe ríomhaireachta aonair, lena n-áirítear comhpháirteanna candamacha, chun fadhbanna a réiteach nach féidir le gnáthchórais ríomhaireachta a láimhseáil;
ciallaíonn “costas iomlán úinéireachta” sár-ríomhaire EuroHPC na costais fála móide na costais oibriúcháin, lena n-áirítear cothabháil, go dtí go n-aistreofar úinéireacht an tsár-ríomhaire chuig an eintiteas óstach nó go ndíolfar é, nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire gan úinéireacht a aistriú;
ciallaíonn “clár oibre” an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (25) de Rialachán (AE) 2021/695 nó, i gcás inarb ábhartha, an doiciméad a fheidhmíonn freisin mar an clár oibre dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/694, nó in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/1153.
Airteagal 3
Misean agus cuspóirí
Is iad seo a leanas na cuspóirí foriomlána a bheidh ag an gComhghnóthas:
rannchuidiú le Rialachán (AE) 2021/695 agus go háirithe Airteagal 3 de a chur chun feidhme, tionchar eolaíoch, eacnamaíoch, comhshaoil, teicneolaíoch agus sochaíoch a chur ar fáil ó infheistíochtaí an Aontais i dtaighde agus i nuálaíocht, d’fhonn boinn eolaíochta agus teicneolaíochta an Aontais a neartú, tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus rannchuidiú chun cuspóirí agus beartais an Aontais a fhíorú, agus rannchuidiú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ach cloí le prionsabail Chlár Oibre na Náisiúin Aontaithe 2030 agus Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide ( 1 );
dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, lena n-áirítear trí ghlaonna comhpháirteacha, chomh maith le sineirgí a lorg le gníomhaíochtaí agus le cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal réigiúnach, go háirithe leo sin a thacaíonn le réitigh nuálacha a chur chun úsáide, forbairt oideachais agus réigiúnach, i gcás inarb ábhartha;
bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí hipearnasctha den chéad scoth a bheidh comhtháite, dírithe ar éileamh agus dírithe ar riachtanais an úsáideora a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothabháil san Aontas;
an bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí hipearnasctha a chónascadh agus é a idirnascadh leis na spásanna sonraí Eorpacha agus le héiceachóras néil chun seirbhísí ríomhaireachta agus sonraí a sholáthar do raon leathan úsáideoirí poiblí agus príobháideacha san Eoraip;
barr feabhais eolaíoch a chur chun cinn agus tacú le glacadh agus úsáid chórasach thorthaí an taighde agus na nuálaíochta arna nginiúint san Aontas.
éiceachóras sár-ríomhaireachta agus sonraí fíor-iomaíoch agus nuálach a dháiltear go forleathan san Eoraip a fhorbairt tuilleadh agus tacú leis, rud a rannchuideoidh le ceannaireacht eolaíoch agus dhigiteach an Aontais, a bheidh ábalta teicneolaíochtaí agus ailtireachtaí ríomhaireachta a tháirgeadh go neamhspleách agus iad a chomhtháthú ar phríomhchórais ríomhaireachta, agus feidhmchláir forbartha a bheidh barrfheabhsaithe le haghaidh na gcóras sin;
an úsáid a bhaintear as córais sár-ríomhaireachta a leathnú agus príomhscileanna a fhorbairt a theastaíonn ó eolaíocht agus earnáil tionsclaíochta na hEorpa.
Airteagal 4
Colúin ghníomhaíochta
Cuirfidh an Comhghnóthas an misean dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme de réir na gcolún gníomhaíochtaí seo a leanas:
an colún riaracháin, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí ginearálta a bhainfidh le hoibriú agus le bainistiú an Chomhghnóthais;
an colún bonneagair, lena gcuimsítear na gníomhaíochtaí chun an bonneagar sár-ríomhaireachta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí hipearnasctha agus slán den chéad scoth a fháil, a chur chun úsáide, a nuashonrú agus a oibriú, lena n-áirítear glacadh agus úsáid chórasach na dtorthaí taighde agus nuálaíochta a ghintear san Aontas a chur chun cinn;
an colún le haghaidh chónascadh na seirbhísí sár-ríomhaireachta, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí go léir chun rochtain uile-Aontais a sholáthar ar acmhainní agus seirbhísí sár-ríomhaireachta agus sonraí cónasctha slána ar fud na hEorpa don phobal taighde agus eolaíochta, don earnáil tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, agus don earnáil phoiblí, go háirithe i gcomhar le PRACE agus GÉANT; áireofar ar na gníomhaíochtaí sin:
tacaíocht d’idirnasc na n-acmhainní Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí atá faoi úinéireacht iomlán nó faoi pháirtúinéireacht an Chomhghnóthais nó atá á gcur ar fáil ag na Stáit Rannpháirteacha ar bhonn deonach;
tacaíocht d’idirnasc na mbonneagar sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha an Aontais, agus bonneagair néil agus sonraí cónasctha, slána;
tacaíocht d’fhorbairt, fáil agus oibriú ardáin le haghaidh cónascadh rianúil agus soláthar seirbhíse slán do sheirbhís sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus bonneagar sonraí, lena mbunaítear pointe rochtana ilfhreastail le haghaidh aon seirbhís sár-ríomhaireachta nó sonraí arna mbainistiú ag an gComhghnóthas, ag tabhairt pointe iontrála aonair d’aon úsáideoir;
colún teicneolaíochta, lena dtabharfar aghaidh ar ghníomhaíochtaí uaillmhianacha taighde agus nuálaíochta chun éiceachóras sár-ríomhaireachta iomaíoch, nuálach den chéad scoth a fhorbairt ar fud na hEorpa lena dtabharfar aghaidh ar theicneolaíochtaí crua-earraí agus bogearraí, agus ar a gcomhtháthú i gcórais ríomhaireachta, lena gcumhdaítear an slabhra soláthair eolaíoch agus tionsclaíoch iomlán, chun rannchuidiú le huathriail straitéiseach an Aontais; díreoidh sé freisin ar theicneolaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta atá fuinneamhéifeachtúil, lena gcuirfear le hinbhuanaitheacht chomhshaoil; rachaidh na gníomhaíochtaí sin i ngleic leo seo inter alia:
comhpháirteanna micrea-phróiseála ísealchumhachta, comhpháirteanna idirnascachta, ailtireacht an chórais agus teicneolaíochtaí gaolmhara amhail algartaim nua, cóid bhogearraí, uirlisí, agus timpeallachtaí;
paraidímí ríomhaireachta atá ag teacht chun cinn agus a gcomhtháthú i bpríomhchórais sár-ríomhaireachta trí chur chuige atá bunaithe ar chomhdhearadh; nascfar na teicneolaíochtaí sin le forbairt, fáil agus cur chun úsáide na sár-ríomhairí ardleibhéil, lena n-áirítear ríomhairí candamacha, agus na mbonneagar;
teicneolaíochtaí agus córais chun córais sár-ríomhaireachta chlasaiceacha a idirnascadh agus a oibriú le teicneolaíochtaí ríomhaireachta eile ar minic comhlántach iad, amhail ríomhaireacht chandamach nó teicneolaíochtaí ríomhaireachta eile atá ag teacht chun cinn agus a n-oibriú éifeachtach a áirithiú;
algartaim nua agus teicneolaíochtaí bogearraí a thairgeann méaduithe feidhmíochta suntasacha;
an colún feidhmchlár, ag dul i ngleic le gníomhaíochtaí chun an barr feabhais Eorpach a bhaint amach agus a chothabháil i bpríomh-fheidhmchláir agus cóid ríomhaireachta agus sonraí agus le haghaidh na heolaíochta, na hearnála tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, agus na hearnála poiblí; rachaidh na gníomhaíochtaí i ngleic leo seo inter alia:
feidhmchláir, lena n-áirítear algartaim agus forbairtí bogearraí nua, le haghaidh úsáideoirí poiblí agus príobháideacha a thairbhíonn ó shaothrú acmhainní agus chumais na sár-ríomhairí ardleibhéil agus a gcoinbhéirseacht le hardteicneolaíochtaí digiteacha amhail an intleacht shaorga, anailísíocht sonraí ardfheidhmíochta, teicneolaíochtaí néil, etc., trí chóid agus feidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta-chumasaithe, mórscála agus atá ag teacht chun cinn sa mhargadh a chomhdhearadh, a fhorbairt agus a bharrfheabhsú;
tacaíocht a thabhairt, i measc rudaí eile, d’Ionaid Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíocht i bhfeidhmchláir agus do thaispeántóirí píolótacha agus do bhinsí tástála Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta-chumasaithe mórscála le haghaidh feidhmchláir olltiomsaithe sonraí agus ardseirbhísí digiteacha i raon leathan earnálacha eolaíocha, poiblí agus tionsclaíocha;
an colún maidir le húsáid agus scileanna a leathnú, agus é mar aidhm aige cumais agus scileanna a fhorbairt a chothaíonn an barr feabhais sár-ríomhaireachta, ríomhaireachta candamaí agus úsáide sonraí ina gcuirtear sineirgí le ríomhchláir agus le hionstraimí eile san áireamh, go háirithe an Clár don Eoraip Dhigiteach, an úsáid eolaíoch agus thionsclaíoch a bhaintear as acmhainní sár-ríomhaireachta agus feidhmchláir sonraí a leathnú, agus an rochtain agus an úsáid a bhaineann an earnáil tionsclaíochta as bonneagair sár-ríomhaireachta agus sonraí i gcomhair na nuálaíochta a chuirtear in oiriúint do riachtanais tionsclaíochta a chothú, chomh maith le pobal eolaíoch eolach ceannródaíoch agus lucht oibre oilte a sholáthar don Eoraip i gcomhair ceannaireacht eolaíochta agus chun claochlú digiteach a dhéanamh ar an earnáil tionsclaíochta agus ar an riarachán poiblí, lena n-áirítear tacaíocht agus líonrú na Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus na nIonad Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta.
an colún um chomhar idirnáisiúnta: ag teacht leis na cuspóirí beartais sheachtraigh agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, gníomhaíochtaí atá ábhartha do chur chun cinn an chomhair idirnáisiúnta sa tsár-ríomhaireacht a shainiú, a chur chun feidhme agus a bheith rannpháirteach iontu chun dúshláin dhomhanda eolaíochta agus shochaíocha a réiteach, agus iomaíochas éiceachóras soláthair agus úsáideoirí na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta san Eoraip á chur chun cinn san am céanna.
Airteagal 5
An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas
Suas le EUR 3 081 300 000 a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas lena n-áirítear leithreasuithe LEE, lena n-áirítear suas le EUR 92 000 000 le haghaidh costas riaracháin, ar choinníoll go ndéanfar an méid sin a mheaitseáil ar a laghad le ranníocaíocht na Stát Rannpháirteach, agus is mar seo a leanas a dháilfear í:
suas le EUR 900 000 000 ó Fhís Eorpach;
suas le EUR 1 981 300 000 ón gClár don Eoraip Dhigiteach;
suas le EUR 200 000 000 ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
Airteagal 6
Ranníocaíochtaí eile ón Aontas
Ranníocaíochtaí ó chláir de chuid an Aontais seachas na cláir dá dtagraítear in Airteagal 5(1) atá ina gcuid de chómhaoiniú ón Aontas ar chlár arna chur chun feidhme ag ceann de na Stáit Rannpháirteacha, ar Ballstát é, ní chuirfear san áireamh iad agus an ranníocaíocht uasta airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5 a ríomh.
Airteagal 7
Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí eile seachas an tAontas féin
Féadfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí nó an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 23 de na Reachtanna a chur ar siúl sna cásanna seo a leanas:
má mhainníonn an Comhghnóthas na coinníollacha a chomhlíonadh do ranníocaíocht ón Aontais; nó
má mhainníonn na comhaltaí seachas an tAontas nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht a dhéanamh, nó mura ndéantar ranníocaíocht ach go páirteach nó mura dtugann siad urraim do na tréimhsí ama maidir leis an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo; nó
de thoradh na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 24.
Ní chuirfidh cinneadh an Choimisiúin maidir leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí bac ar aisíocaíocht na gcostas incháilithe a thabhaíonn na comhaltaí seachas an tAontas sula dtugtar fógra faoin gcinneadh don Chomhghnóthas.
Airteagal 8
Ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha a bhainistiú
Sa bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/695, in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694 nó in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1153, féadfar a áireamh sa chlár oibre, mar iarscríbhinn, critéir incháilitheachta maidir le rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach náisiúnta.
Cuirfidh gach Stát Rannpháirteach de chúram ar an gComhghnóthas meastóireacht a dhéanamh ar na tograí i gcomhréir le rialacha Fís Eorpach.
Bunófar roghnú na dtograí ar liosta an rangaithe arna sholáthar ag an gcoiste meastóireachta. Féadfaidh an Bord Rialaithe imeacht ón liosta sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, mar a leagtar amach sa chlár oibre iad, chun comhsheasmhacht fhoriomlán chur chuige na punainne a áirithiú.
Beidh ceart crosta ag gach Stát Rannpháirteach maidir le gach saincheist a bhaineann le húsáid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta féin leis an gComhghnóthas d’iarratasóirí arna mbunú sna Stáit Rannpháirteacha sin, ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta.
Déanfaidh gach Stát rannpháirteach a dhícheall a sceideal íocaíochta, a thuairisciú agus a iniúchtaí a shioncrónú le sceideal íocaíochta, tuairisciú agus iniúchtaí an Chomhghnóthais agus a rialacha incháilitheachta costais a chóineasú le rialacha Fís Eorpach.
Airteagal 9
Eintiteas óstach
Tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus an Stát Rannpháirteach comhfhreagrach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó an cuibhreannas óstach comhfhreagrach trí phróiseas cothrom trédhearcach bunaithe, inter alia, ar na critéir seo a leanas:
comhlíonadh shonraíochtaí ginearálta an chórais a shainítear sa ghlao ar léiriú spéise;
costas iomlán úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC, lena n-áirítear meastachán cruinn agus modh fíorúcháin do chostais oibriúcháin an tsár-ríomhaire sin i rith a shaolré;
taithí an eintitis óstaigh ar chórais den chineál céanna a shuiteáil agus a oibriú;
cáilíocht bhonneagar fisiceach agus TF na saoráide óstála, a shlándáil agus a nascacht leis an gcuid eile den Aontas;
an cháilíocht seirbhíse do na húsáideoirí, eadhon cumas chun an comhaontú seirbhíse a chuirtear ar fáil i measc na ndoiciméad a bhíonn ag gabháil leis an nós imeachta roghnúcháin a chomhlíonadh;
doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó údaráis inniúla Stáit Rannpháirteacha an chuibhreannais óstaigh chun sciar de chostas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach bhfuil cumhdaithe ag ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile ón Aontas faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6, go dtí go n-aistreoidh an Comhghnóthas a úinéireacht chuig an eintiteas óstach sin nó go dtí go ndíolfar nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire mura ndéantar aon aistriú ar an úinéireacht.
I gcás na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch dá dtagraítear in Airteagal 13, déanfaidh an t-eintiteas óstach comhaontú le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha ar mhaithe le hullmhú chun sár-ríomhairí den sórt sin nó codanna de shár-ríomhairí EuroHPC a fháil agus a oibriú.
Déanfar na coinníollacha seo a leanas a urramú agus sár-ríomhaire EuroHPC de ghrád tionsclaíoch á óstáil:
déanfaidh an Comhghnóthas oibriú gach sár-ríomhaire EuroHPC aonair de ghrád tionsclaíoch atá faoi chomhúinéireacht i gcomhréir le hAirteagal 13 a chur ar iontaoibh an eintitis óstaigh;
déanfar na heintitis óstaigh a roghnú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo agus le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19;
tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstach agus a chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha trí phróiseas cothrom agus trédhearcach bunaithe, inter alia, ar na nithe seo a leanas:
na critéir a leagtar amach i míreanna 5(a) go dtí 5(e) den Airteagal seo; agus
doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an chuibhreannais comhpháirtithe príobháideacha chun sciar de chostas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach gcumhdaítear le ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile ón Aontas faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6.
Airteagal 10
Comhaontú óstach
Tabharfar aghaidh go háirithe sa chomhaontú óstach ar na gnéithe seo a leanas maidir leis na sár-ríomhairí EuroHPC:
na cearta agus na hoibleagáidí i rith an nós imeachta chun an sár-ríomhaire a fháil, lena n-áirítear tástálacha inghlacthachta an tsár-ríomhaire;
na coinníollacha dliteanais chun an sár-ríomhaire a oibriú;
an cháilíocht seirbhíse a thairgfear do na húsáideoirí ar oibriú an tsár-ríomhaire, mar a leagtar amach sa chomhaontú seirbhíse;
na pleananna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht chomhshaoil an tsár-ríomhaire;
coinníollacha rochtana do sciar an Aontais d’aga rochtana ar an sár-ríomhaire, mar a chinneann an Bord Rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 17;
modhanna cuntasaíochta na n-agaí rochtana;
sciar den chostas iomlán úinéireachta a shocróidh an t-eintiteas óstach a bheidh cumhdaithe ag an Stát Rannpháirteach sa chás go bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe sa chuibhreannas óstach nó ag na Stáit Rannpháirtithe sa chuibhreannas óstach;
na coinníollacha maidir leis an aistriú úinéireachta dá dtagraítear in Airteagail 11(5), 12(7), 13(6) agus 14(6), lena n-áirítear, i gcás na sár-ríomhairí EuroHPC, forálacha maidir lena luach iarmharach agus maidir lena ndíchoimisiúnú a ríomh;
an oibleagáid atá ar an eintiteas óstach rochtain a sholáthar ar na sár-ríomhairí EuroHPC, ag áirithiú san am céanna shlándáil na sár-ríomhairí, cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, cosaint príobháideachas cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE, cosaint rúin trádála i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943 agus cosaint rúndacht sonraí eile arna gcumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil;
an oibleagáid atá ar an eintiteas óstach nós imeachta iniúchta deimhnithe a chur i bhfeidhm lena gcumhdaítear costais oibriúcháin an tsár-ríomhaire EuroHPC agus agaí rochtana na n-úsáideoirí;
an oibleagáid atá ar an eintiteas óstach tuarascáil iniúchóireachta agus sonraí maidir leis an úsáid a baineadh as aga rochtana sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur isteach chuig an mBord Rialaithe faoin 31 Eanáir gach bliain;
na coinníollacha sonracha is infheidhme nuair a oibríonn an t-eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC le húsáid san earnáil tionsclaíochta.
Airteagal 11
Fáil agus úinéireacht na sár-ríomhairí ardleibhéil
Costas iomlán úinéireachta na sár-ríomhairí ardleibhéil a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó ag na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.
Airteagal 12
Fáil agus úinéireacht na ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha
Costas iomlán úinéireachta na ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.
Airteagal 13
Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch
Airteagal 14
Fáil agus úinéireacht na sár-ríomhairí lár-raoin
Airteagal 15
Sár-ríomhairí a uasghrádú
Roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstála trí phróiseas cothrom trédhearcach a bheidh bunaithe, inter alia, ar na critéir seo a leanas:
údar leis an uasghrádú;
comhoiriúnacht leis an sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh;
méadú ar fheidhmíocht acmhainneacht oibríochtúil an tsár-ríomhaire EuroHPC;
doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó údaráis inniúla Stáit Rannpháirteacha an chuibhreannais óstaigh chun sciar de chostas uasghrádaithe an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach gcumhdaítear le ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6, go dtí go n-aistreoidh an Comhghnóthas a úinéireacht chuig an eintiteas óstach sin nó go dtí go ndíolfar nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire mura ndéanfar aon aistriú ar an úinéireacht.
Airteagal 16
Sár-ríomhairí EuroHPC a úsáid
Airteagal 17
Aga rochtana an Aontais ar na sár-ríomhairí EuroHPC a leithdháileadh
Déanfaidh an Bord Rialaithe faireachán rialta ar sciar an Aontais den aga rochtana a dheonófar in aghaidh an Stáit Rannpháirtigh agus in aghaidh gach catagóire úsáideora, lena n-áirítear chun críoch tráchtála. Féadfaidh sé an méid a leanas, i measc nithe eile, a chinneadh:
agaí rochtana a chur in oiriúint an athuair de réir na catagóire gníomhaíochta nó úsáideora, agus é mar aidhm cumais úsáide na sár-ríomhairí EuroHPC a fheabhsú;
bearta breise tacaíochta a mholadh d’fhonn deiseanna cothroma rochtana a sholáthar d’úsáideoirí a mbeadh sé d’aidhm acu a leibhéal scileanna agus saineolais i gcórais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta a ardú.
Airteagal 18
Aga rochtana an Aontais ar shár-ríomhairí EuroHPC chun críoch tráchtála
Airteagal 19
Rialacha airgeadais
Airteagal 20
Foireann
Airteagal 21
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus oiliúnaithe
Airteagal 22
Pribhléidí agus Díolúintí
Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, maidir leis an gComhghnóthas agus foireann an Chomhghnóthais.
Airteagal 23
Dliteanas an Chomhghnóthais
Airteagal 24
Faireachán agus meastóireacht
Airteagal 25
Dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an dlí is infheidhme
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:
de bhun aon chlásal eadrána atá i gcomhaontuithe nó i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an gComhghnóthas, nó ina chuid cinntí;
i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i leith aon damáiste a rinne foireann an Chomhghnóthais i gcomhlíonadh a ndualgas dóibh;
in aon díospóid idir an Comhghnóthas agus a fhoireann faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta.
Airteagal 26
Gearáin leis an Ombudsman
Féadfaidh cinntí a ghlacfaidh an Comhghnóthas maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a bheith ina n-ábhar gearáin leis an Ombudsman i gcomhréir le hAirteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 27
Iniúchtaí ex post
Airteagal 28
Leasanna airgeadais na gcomhaltaí a chosaint
Airteagal 29
Rúndacht
Áiritheoidh an Comhghnóthas go ndéanfar faisnéis íogair a chosaint a bhféadfadh a nochtadh sin damáiste a dhéanamh do leasanna a chuid comhaltaí nó do na rannpháirtithe i ngníomhaíocht an Chomhghnóthais.
Airteagal 30
Trédhearcacht
Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) maidir le doiciméid atá i seilbh an Chomhghnóthais.
Airteagal 31
Próiseáil sonraí pearsanta
I gcás ina n-éileofaí le cur chun feidhme an Rialacháin seo go ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ).
Airteagal 32
Rochtain ar thorthaí agus faisnéis maidir le tograí
Airteagal 33
Rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú faoi Fís Eorpach
Airteagal 34
Rátaí aisíocaíochta
Maidir le gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú faoin gclár Fís Eorpach, de mhaolú ar Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/695, agus le haghaidh gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, féadfaidh Comhghnóthas rátaí aisíocaíochta éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh cistiú ón Aontais laistigh de ghníomhaíocht i bhfianaise chineál an rannpháirtí, eadhon FBManna, agus chineál na gníomhaíochta. Sonrófar na rátaí aisíocaíochta sa chlár oibre.
Airteagal 35
Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/1153 maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
Airteagal 36
Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/694 maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.
Airteagal 37
Tacaíocht ón mBallstát óstach
Féadfar comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích idir an Comhghnóthas agus an Ballstát ina bhfuil a shuíomh lonnaithe maidir le pribhléidí agus díolúintí agus tacaíocht eile a chuirfidh an Stát sin ar fáil don Chomhghnóthas.
Airteagal 38
Aisghairm
Maidir leis na gníomhaíochtaí arna dtionscnamh faoi Airteagail 10, 11, 13 agus 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1488, chomh maith le hAirteagail 6 agus 7 de na Reachtanna atá i gceangal leis an Rialachán sin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige go dtí go gcuirfear i gcrích iad agus a mhéid is gá.
Maidir le gníomhaíochtaí a eascraíonn ó ghlao ar thograí agus ó ghlao ar thairiscintí dá bhforáiltear i bpleananna bliantúla cur chun feidhme arna nglacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488, measfar gur ghníomhaíochtaí a tionscnaíodh faoin Rialachán sin iad.
Airteagal 39
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 40
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
REACHTANNA AN CHOMHGHNÓTHAIS RÍOMHAIREACHTA ARDFHEIDHMÍOCHTA EORPAIGH
Airteagal 1
Cúraimí
Déanfaidh an Comhghnóthas na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:
cistí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach a shlógadh chun gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais a mhaoiniú;
tacú le cur chun feidhme mhisean, chuspóirí agus cholúin ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais a liostaítear in Airteagail 3 agus 4 den Rialachán seo; déanfar na gníomhaíochtaí sin a chistiú as buiséad an Aontais a eascraíonn as Rialachán (AE) 2021/695 lena mbunaítear Fís Eorpach, Rialachán (AE) 2021/694 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i gcomhréir le raon feidhme a Rialachán faoi seach agus ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha ábhartha leis an gComhghnóthas; chun na críche sin, seolfaidh an Comhghnóthas glao ar thograí, glao ar thairiscintí, agus aon ionstraim nó nós imeachta eile dá bhforáiltear in Fís Eorpach, sa Chlár don Eoraip Dhigiteach agus sa tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;
tús a chur le glaonna ar léiriú spéise chun sár-ríomhairí EuroHPC a óstáil nó a uasghrádú agus iad a bhainistiú agus measúnú a dhéanamh ar na tairiscintí a fhaightear, le tacaíocht ó shaineolaithe seachtracha neamhspleácha;
eintiteas óstach na sár-ríomhairí EuroHPC a roghnú ar bhealach cothrom, oscailte agus trédhearcach, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo;
comhaontú óstála a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo leis an eintiteas óstach chun na sár-ríomhairí EuroHPC a oibriú agus a chothabháil agus comhlíonadh conarthach an chomhaontaithe óstála a fhaire, lena n-áirítear tástáil inghlacthachta na sár-ríomhairí a fuarthas;
na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC a shainiú agus faireachán a dhéanamh ar rochtain ar na sár-ríomhairí sin i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo;
an méid a rannchuidíonn a oibríochtaí le cuspóirí Fís Eorpach a bhaint amach, anuas ar phleanáil straitéiseach ilbhliantúil, tuairisciú, faireachán agus meastóireacht agus ceanglais eile an chláir amhail cur chun feidhme an chreata aiseolais comhbheartais a áirithiú;
glao oscailte ar thograí a thionscnamh agus cistiú a bhronnadh i gcomhréir leis an Rialachán (AE) 2021/695, agus laistigh de theorainneacha na gcistí atá ar fáil, ar ghníomhaíochtaí indíreacha, go príomha i bhfoirm deontas;
glao oscailte ar thograí agus glao ar thairiscintí a thionscnamh agus cistiú a bhronnadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694, agus Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa laistigh de theorainneacha na gcistí atá ar fáil;
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus comhaontuithe deontais agus conarthaí soláthair a bhainistiú;
éifeachtúlacht an tionscnaimh Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh, ar bhonn shraith beart iomchuí a áirithiú;
faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn foriomlán i dtreo cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach;
dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le gníomhaíochtaí, comhlachtaí agus geallsealbhóirí de chuid an Aontais agus náisiúnta, chun sineirgí a chruthú agus saothrú na dtorthaí taighde agus nuálaíochta a fheabhsú i réimse na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta;
dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, chomh maith le sineirgí oibríochtúla i bhfeidhmeanna coiteanna cúloifige le comhghnóthais eile;
clár straitéiseach ilbhliantúil a shainiú, na cláir oibre bhliantúla chomhfhreagracha a tharraingt suas agus a chur chun feidhme lena bhforfheidhmiú agus aon choigeartuithe riachtanacha a dhéanamh leis an gclár straitéiseach ilbhliantúil;
tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eolais, cumarsáide, saothraithe agus scaipthe trí Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2021/695 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis, lena n-áirítear eolas mionsonraithe maidir le torthaí ó ghlaonna ar thograí a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana i ríomhbhunachar sonraí coiteann de chuid Fís Eorpach;
aon chúram eile atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a chur i gcrích.
Airteagal 2
Comhaltaí
Is iad comhaltaí an Chomhghnóthais:
an tAontas, a ndéanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar a cheann;
An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Iorua, an Íoslainn, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSeicia, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Ungáir;
An Eilvéis, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an Tuirc, ar an gcoinníoll go bhfuil na tríú tíortha sin comhlachaithe le ceann ar a laghad de na cláir ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo.
ach a nglacfar na Reachtanna seo trí bhíthin litir fhormhuinithe, an Ardán Teicneolaíochta Eorpach um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, ar comhlachas cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre é agus oifig chláraithe in Amstardam (an Ísiltír) aige agus Data, AI and Robotics (DAIRO), atá cláraithe faoi dhlí na Beilge agus oifig chláraithe sa Bhruiséil (an Bheilg) aige.
Airteagal 3
Athruithe ar bhallraíocht
Airteagal 4
Comhlachtaí an Chomhghnóthais
Is iad comhlachtaí an Chomhghnóthais:
an Bord Rialaithe;
an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;
an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta atá comhdhéanta den Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta agus an Grúpa Comhairleach Bonneagair.
Airteagal 5
Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe
Airteagal 6
Feidhmiú an Bhoird Rialaithe
Glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach a bheidh comhdhéanta de vóta an Aontais agus 50 % ar a laghad de gach vóta de chuid na mBallstát Rannpháirteach, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair.
Chun críche na míre seo, glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach cáilithe. Measfar go mbeidh tromlach cáilithe bunaithe má dhéanann sé ionadaíocht thar ceann an Aontais agus 55 % ar a laghad de na Comhaltaí Rannpháirteacha ar Ballstáit iad, comhdhéanta de 65 % ar a laghad de dhaonra iomlán na Stát sin. Chun an daonra a chinneadh, úsáidfear na figiúirí a leagtar amach in Iarscríbhinn III le Cinneadh 2009/937/AE ( 8 ) ón gComhairle.
Chun críoch na míre seo, glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach 75 % ar a laghad de gach vóta, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair.
Ag an gcéad chéim, dáilfear an 50 % de na cearta vótála atá fágtha go cothrom i measc na Stát Rannpháirteach go léir. Glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach a bheidh comhdhéanta de vóta an Aontais agus 55 % ar a laghad de gach vóta de chuid na mBallstát Rannpháirteach, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair.
Ag an dara céim, cinnfidh an Bord Rialaithe leis an tromlach cáilithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.
Beidh sé de cheart ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh i bpléití ach ní bheidh aon chearta vótála aige. Féadfaidh an Bord Rialaithe cuireadh a thabhairt, ar bhonn cás ar chás, do dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí.
Féadfaidh gach Stát breathnóireachta toscaire amháin a cheapadh ar an mBord Rialaithe, toscaire a gheobhaidh na doiciméid ábhartha ar fad agus ar féidir leis páirt a ghlacadh i bpléití an Bhoird Rialaithe mura gcinnfidh an Bord Rialaithe a mhalairt ar bhonn cás ar chás. Ní bheidh aon chearta vótála ag na toscairí sin, agus áiritheoidh siad rúndacht faisnéise íogaire i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus beidh siad faoi réir na rialacha maidir le coinbhleacht leasa.
Airteagal 7
Cúraimí an Bhoird Rialaithe
Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí riaracháin ghinearálta seo a leanas den Chomhghnóthas:
measúnú, glacadh nó diúltú iarratas ar bhallraíocht i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de na Reachtanna seo;
cinneadh maidir le foirceannadh ballraíochta sa Chomhghnóthas d’aon chomhalta nach gcomhlíonann a oibleagáidí;
rialacha airgeadais an Chomhghnóthais a phlé agus a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo;
buiséad bliantúil riaracháin an Chomhghnóthais a phlé agus a ghlacadh, lena n-áirítear an plean bunaithe foirne comhfhreagrach ina dtugtar le fios an líon post sealadach de réir an ghrúpa feidhme agus de réir gráid, an líon foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna gcur in iúl ina gcoibhéisí lánaimseartha;
an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, a dhífhostú, síneadh a chur lena théarma oifige nó lena téarma oifige, treoir a thabhairt dó nó di agus a fheidhmíocht nó a feidhmíocht a fhaire;
an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí a phlé agus a fhormheas, lena n-áirítear caiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo;
feidhmiú na gcumhachtaí maidir le húdarás a cheapadh i ndáil le baill foirne i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo;
i gcás inarb iomchuí, rialacha cur chun feidhme a bhunú leis na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 20(3) den Rialacháin seo;
i gcás inarb iomchuí, rialacha a leagan síos maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Chomhghnóthas agus maidir le húsáid a bhaint as oiliúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Rialachán seo;
i gcás inarb iomchuí, grúpaí comhairleacha a bhunú chomh maith leis na comhlachtaí sa Chomhghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 4 de na Reachtanna seo;
rialacha agus critéir shonracha a leagan síos maidir le comhaltaí na ngrúpaí comhairleacha a roghnú, a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost, arna mbunú i gcomhréir le pointe (j), lena n-áirítear cúinsí inscne agus éagsúlachta geografacha, agus na rialacha nós imeachta arna leagan síos go neamhspleách ag na grúpaí comhairleacha sin a fhormheas;
struchtúr eagraíochtúil na Clároifige a phlé agus a fhormheas ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;
i gcás inarb iomchuí, iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an Rialachán seo a leasú arna mholadh ag comhalta den Chomhghnóthas;
na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC a úsáid a shainmhíniú, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo;
leibhéal na táille do na seirbhísí tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo a bhunú, agus cinneadh a dhéanamh maidir le leithdháileadh an aga rochtana le haghaidh na seirbhísí sin;
beartas cumarsáide an Chomhghnóthais a phlé agus a fhormheas ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;
a bheith freagrach as aon cúram nach leithdháiltear go sonrach ar chomhlacht ar leith den Chomhghnóthas; féadfaidh sé na cúraimí sin a shannadh d’aon chomhlacht de chuid an Chomhghnóthais.
Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le fáil agus oibriú na sár-ríomhairí EuroHPC agus ioncam ginte dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo:
an chuid den chlár straitéiseach ilbhliantúil a bhaineann le sár-ríomhairí EuroHPC a fháil dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;
an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann le sár-ríomhairí EuroHPC a fháil agus eintitis óstacha a roghnú agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;
seoladh glao ar léiriú spéise a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;
roghnú eintiteas óstach na sár-ríomhairí EuroHPC a roghnaíodh ar bhealach cothrom, oscailte agus trédhearcach, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo a fhormheas;
cinneadh a dhéanamh go bliantúil maidir le húsáid aon ioncam ginte ó na táillí do sheirbhísí tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo;
seoladh glao ar thairiscintí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;
na tairiscintí a roghnaítear le cistiú a fhormheas;
cinneadh a dhéanamh ar aistriú féideartha úinéireacht na sár-ríomhairí EuroHPC chuig eintiteas óstach, a ndíol le heintiteas eile nó a ndíchoimisiúnú, i gcomhréir le hAirteagail 11(5), 12(7) agus 14(6) den Rialachán seo;
cinneadh a dhéanamh ar aistriú féideartha úinéireacht na sár-ríomhairí EuroHPC chuig cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, a ndíol le heintiteas eile nó a ndíchoimisiúnú, i gcomhréir le hAirteagail 13(6) den Rialachán seo.
Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, chomh maith le gníomhaíochtaí úsáide sonraí agus scileanna an Chomhghnóthais:
an clár oibre straitéiseach taighde agus nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh ag tús an tionscnaimh agus é a leasú i rith shaolré Fís Eorpach, más gá; sainaithneofar sa chlár oibre straitéiseach ilbhliantúil, inter alia, na comhpháirtíochtaí Eorpacha eile lena mbunóidh an Comhghnóthas comhar foirmiúil agus rialta, chomh maith le féidearthachtaí do shineirgí idir gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais agus tionscnaimh agus beartais náisiúnta nó réigiúnacha bunaithe ar eolas a gheobhaidh na Stáit Rannpháirteacha;
an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh chun an clár oibre straitéiseach ilbhliantúil a chur chun feidhme, lena n-áirítear ábhar an ghlao ar thograí, an ráta cistiúcháin infheidhme in aghaidh na topaice glao, chomh maith leis na rialacha gaolmhara i ndáil le nósanna imeachta maidir le tíolacadh, meastóireacht, roghnú, dámhachtain agus athbhreithniú;
seoladh glao ar thograí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;
an liosta gníomhartha a roghnaítear i gcomhair cistiú ar bhonn mholadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhormheas de bhun Airteagal 8 den Rialachán seo;
a bheith freagrach as faire dlúth agus tráthúil ar dhul chun cinn chlár taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais agus gníomhaíochtaí aonair i ndáil le tosaíochtaí an Choimisiúin agus an chláir oibre straitéiseach ilbhliantúil agus bearta ceartaitheacha a ghlacadh nuair is gá lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an Comhghnóthas a chuspóirí.
Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe an Chomhghnóthais:
an chuid den chlár straitéiseach ilbhliantúil a bhaineann le gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;
an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann le gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;
seoladh glao ar thograí agus glao ar thairiscintí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;
an liosta gníomhartha a roghnaítear i gcomhair cistiú ar bhonn mholadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhormheas.
Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le cónascadh agus nascacht gníomhaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus bonneagar sonraí, chomh maith le gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta an Chomhghnóthais:
an chuid den chlár straitéiseach ilbhliantúil a bhaineann le cónascadh agus nascacht gníomhaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus bonneagar sonraí, chomh maith leis na gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo, a phlé agus a ghlacadh;
an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann le cónascadh agus nascacht gníomhaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus bonneagar sonraí, chomh maith le gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;
seoladh glao ar thograí agus glao ar thairiscintí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;
an liosta gníomhartha a roghnaítear i gcomhair cistiú ar bhonn mholadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhormheas.
Airteagal 8
Ceapachán, dífhostú nó síneadh le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
Ceapfaidh an Bord Rialaithe an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach.
Chun conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh cathaoirleach an Bhoird Rialaithe ionadaíocht thar ceann an Chomhghnóthais.
Airteagal 9
Cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
Comhlíonfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, go háirithe, na cúraimí seo a leanas ar bhealach neamhspleách:
an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a thíolacadh le plé agus le cur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena ghlacadh;
an dréachtbhuiséad bliantúil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena phlé agus lena ghlacadh, lena n-áirítear an clár bunaithe foirne comhfhreagrach ina dtugtar le fios líon na bpost sealadach i ngach grád agus grúpa feidhme agus an líon foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna gcur in iúl ina gcoibhéisí lánaimseartha;
an dréachtchlár oibre bliantúil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena phlé agus lena ghlacadh, lena n-áirítear raon feidhme an ghlao ar thograí, glaonna ar léiriú spéise agus glaonna ar thairiscintí atá riachtanach chun go gcuirfear chun feidhme clár gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, an clár soláthair, an clár gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe, agus cónascadh, nascacht agus comhar idirnáisiúnta an chláir gníomhaíochtaí, mar a mholfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta, agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach, mar a mholfaidh na Stáit Rannpháirteacha agus an Coimisiún;
na cuntais bhliantúla a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe chun a thuairim a fháil;
tuairisc bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe, lena n-áirítear an t-eolas ar chaiteachas comhfhreagrach;
comhaontuithe deontais, conarthaí agus cinntí faoina shainchúram a shíniú thar ceann an Chomhghnóthais;
conarthaí soláthair a shíniú;
faireachán a dhéanamh ar oibríochtaí na sár-ríomhairí EuroHPC faoi úinéireacht nó arna maoiniú ag an gComhghnóthas, lena n-áirítear leithdháileadh sciar an Aontais den aga rochtana, comhlíonadh cearta rochtana d’úsáideoirí acadúla agus tionsclaíocha agus cáilíocht na seirbhísí arna soláthar;
beartas cumarsáide an Chomhghnóthais a mholadh don Bhord Rialaithe;
oibríochtaí agus foireann an Chomhghnóthais a eagrú, a stiúradh agus a mhaoirsiú laistigh de theorainneacha an tarmligin ón mBord Rialaithe faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 20(2) den Rialachán seo;
feidhmiú córais rialaithe inmheánaigh éifeachtaigh agus éifeachtúil a bhunú agus a áirithiú agus aon athrú suntasach leis a thuairisciú leis an mBord Rialaithe;
a áirithiú go ndéantar measúnú riosca agus bainistíocht riosca;
socrú a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, chun cumas iniúchóireachta inmheánaí an Chomhghnóthais a bhunú;
aga rochtana do chásanna éigeandála agus bainistiú géarchéime a leithdháileadh, i gcomhaontú leis an mbeartas rochtana arna shainmhíniú ag an mBord Rialaithe;
aon bhearta eile atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chomhghnóthais i dtreo a chuspóirí a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo;
aon chúraimí eile atá ar iontaoibh nó a tharmligtear don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ag an mBord Rialaithe a chur i gcrích.
Bunóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Clároifig chun a fhreagracht nó a freagracht a chur i gcrích maidir le gach cúram tacaíochta a eascraíonn as an Rialachán seo. Beidh an Chlároifig comhdhéanta d’fhoireann an Chomhghnóthais agus go háirithe, déanfaidh sí na cúraimí seo a leanas:
tacaíocht a thabhairt chun córas cuntasaíochta iomchuí a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo;
glao ar thograí a bhainistiú mar a fhoráiltear sa chlár oibre bliantúil agus na comhaontuithe agus na cinntí deontais a riar;
glao ar thairiscintí a bhainistiú mar a fhoráiltear sa chlár oibre bliantúil agus na conarthaí a riar;
próiseas roghnúcháin na n-eintiteas óstach a bhainistiú agus na comhaontuithe óstála a riar;
gach eolas ábhartha agus tacaíocht a chur ar fáil do chomhaltaí agus comhlachtaí eile an Chomhghnóthais atá riachtanach dóibh chun a ndualgais a chomhlíonadh chomh maith le freagairt dá n-iarratais ar leith;
feidhmiú mar rúnaíocht na gcomhlachtaí sa Chomhghnóthas agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí comhairleacha a bhunaigh an Bord Rialaithe.
Airteagal 10
Comhdhéanamh an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta
Airteagal 11
Feidhmiú an Ghrúpa Chomhairligh Taighde agus Nuálaíochta
Airteagal 12
Feidhmiú an Ghrúpa Chomhairligh Bonneagair
Airteagal 13
Cúraimí an Ghrúpa Chomhairligh Taighde agus Nuálaíochta
Déanfaidh an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta na nithe seo a leanas:
rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil maidir leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a tharraingt suas agus athbhreithniú a dhéanamh air go tráthrialta i gcomhréir le héabhlóid an éilimh eolaíoch agus thionsclaíoch;
comhairliúcháin phoiblí a eagrú atá oscailte do gach geallsealbhóir poiblí agus príobháideach a bhfuil leas aige nó aici i réimsí na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus na ríomhaireachta candamaí, chun iad a chur ar an eolas maidir leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil agus le dréachtghníomhaíochtaí bainteach leis an gclár oibre taighde agus nuálaíochta do bhliain ar leith, agus aiseolas a bhailiú ina dtaobh.
Áireofar sa rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 1:
an clár oibre straitéiseach taighde agus nuálaíochta ina sainaithneofar na tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta chun teicneolaíochtaí agus feidhmeanna úsáideora deiridh don Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta a fhorbairt agus a ghlacadh thar réimsí éagsúla cur i bhfeidhm d’fhonn tacú le forbairt éiceachóras comhtháite Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí san Aontas, athléimneacht an Aontais a mhéadú agus cabhrú chun margaí agus feidhmchláir sochaíocha nua agus bearta a chruthú chun forbairt agus glacadh le teicneolaíocht Eorpach a chur chun cinn;
gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta féideartha sa taighde agus nuálaíocht a chuireann rud breise le luach agus a bhfuil leas frithpháirteach leo;
tosaíochtaí oiliúna agus oideachais le dul i ngleic le príomhinniúlachtaí agus leis an mbearna scileanna i dteicneolaíochtaí agus feidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí, go háirithe i réimse na tionsclaíochta.
Airteagal 14
Cúraimí an Ghrúpa Chomhairligh Bonneagair
Tabharfaidh an Grúpa Comhairleach Bonneagair comhairle don Bhord Rialaithe chun na sár-ríomhairí EuroHPC a fháil agus a oibriú. Chun na críche sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:
rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo maidir le ríomhairí EuroHPC a fháil agus gníomhaíochta forbartha cumais agus leathnaithe a tharraingt suas agus athbhreithniú a dhéanamh air go tráthrialta i gcomhréir le héabhlóid an éilimh eolaíoch agus thionsclaíoch;
comhairliúcháin phoiblí a eagrú atá oscailte do gach geallsealbhóir poiblí agus príobháideach dar leas réimse na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, lena n-áirítear an ríomhaireacht chandamach, chun é nó í a chur ar an eolas maidir leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil maidir le fáil agus oibriú na sár-ríomhairí EuroHPC agus maidir leis na dréachtghníomhaíochtaí atá bainteach leis an gclár oibre do bhliain ar leith, agus aiseolas a bhailiú orthu.
Tabharfaidh an rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 1 aghaidh ar an méid seo a leanas:
fáil sár-ríomhairí EuroHPC ag cur san áireamh, inter alia, pleanáil na fála sin, an gá le méaduithe acmhainneachta riachtanacha, na cineálacha feidhmchlár agus pobail úsáideoirí ar gá dul i ngleic leo, na riachtanais úsáideora ábhartha agus na hailtireachtaí córais iomchuí, na riachtanais úsáideora, agus ailtireacht an bhonneagair;
cónascadh agus idirnascacht an bhonneagair sin, ag cur san áireamh, inter alia, comhtháthú na mbonneagar náisiúnta Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta nó ríomhaireachta candamaí, agus ailtireacht an bhonneagair hipearnasctha agus chónasctha; agus
forbairt cumais, lena n-áirítear na Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus gníomhaíochtaí leathnaithe agus oiliúna i gcomhair úsáideoirí deiridh, chomh maith le deiseanna chun glacadh agus úsáid na réiteach teicneolaíochta Eorpach a chur chun cinn, go sonrach ag na Lárionaid náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta.
Airteagal 15
Foinsí maoinithe
Má bhíonn cuid den ranníocaíocht ón Aontas i gcomhair na gcostas riaracháin gan úsáid, d’fhéadfaí é a chur ar fáil chun costais oibríochtúla an Chomhghnóthais a chumhdach.
Cumhdófar costais oibríochtúla an Chomhghnóthais trí bhíthin:
an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas;
na ranníocaíochtaí airgeadais ón Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó ó na Stáit Rannpháirteacha i gcuibhreannas óstach leis an gComhghnóthas, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí an Stáit Rannpháirtigh iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, chun na sár-ríomhairí EuroHPC ardleibhéil nó innill chandamacha a fháil agus lena n-oibriú go dtí go n-aistreofar a n-úinéireacht chuig an eintiteas óstach, go ndíolfar iad nó go ndíchoimisiúnófar iad i gcomhréir le hAirteagail 11(5) agus 12(7) den Rialachán seo, lúide na ranníocaíochtaí ón gComhghnóthas agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin;
ranníocaíochtaí comhchineáil ón Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó ó na Stáit Rannpháirteacha i gcuibhreannas óstach leis an gComhghnóthas, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí an Stáit Rannpháirtigh iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, ranníocaíochtaí arb iad costais oibriúcháin na sár-ríomhairí EuroHPC ar leis an gComhghnóthas iad, arna dtabhú ag na heintitis óstála, lúide na ranníocaíochtaí ón gComhghnóthas agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas i leith na gcostas sin;
ranníocaíochtaí airgeadais ón Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó ó na Stáit Rannpháirteacha i gcuibhreannas óstach, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí na Stát Rannpháirteach iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, arb iad sin na costais a tabhaíodh i bhfáil, i gcomhar leis an gComhghnóthas, na sár-ríomhairí EuroHPC lár-raoin, lúide ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin;
ranníocaíochtaí airgeadais ó chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha arb iad na costais a tabhaíodh i bhfáil agus oibriú, i gcomhar leis an gComhghnóthas, na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch, lúide ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin, go dtí go n-aistreofar a n-úinéireacht chuig an eintiteas óstach, go ndíolfar iad nó go ndíchoimisiúnófar iad i gcomhréir le hAirteagal 13(6) den Rialachán seo;
ranníocaíochtaí airgeadais ó na Stáit Rannpháirteacha leis na costais incháilithe a thabhaigh tairbhithe sa Stát Rannpháirteach, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí na Stát Rannpháirteach iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, chun gníomhaíochtaí indíreacha a chur chun feidhme atá comhfhreagrach leis an gclár oibre taighde agus nuálaíochta agus mar chomhlánú le haisíoc na gcostas sin a dhéanfaidh an Comhghnóthas, lúide ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin. Beidh na ranníocaíochtaí sin gan dochar do rialacha na státchabhrach;
ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Comhaltaí Príobháideacha nó a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (16) agus (17) den Rialachán seo.
Acmhainní an Chomhghnóthais a chuirtear isteach ina bhuiséad, is de na ranníocaíochtaí seo a leanas a bheidh siad comhdhéanta:
na ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas i gcoinne na gcostas riaracháin;
ranníocaíochtaí airgeadais ó na comhaltaí i gcoinne na gcostas oibríochtúla;
aon ioncam a ghinfidh an Comhghnóthas;
aon ranníocaíochtaí, acmhainní nó ioncam airgeadais eile.
measfar gur ioncam de chuid an Chomhghnóthais a bheidh in aon ús a ghnóthóidh na ranníocaíochtaí a íocfar leis an gComhghnóthas.
Airteagal 16
Gealltanais airgeadais
Ní sháróidh gealltanais airgeadais an Chomhghnóthais méid na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil nó atá geallta dá bhuiséad ag a chuid comhaltaí. Féadfaidh an Coimisiún gealltanais ilbhliantúla a chur ar fáil.
Airteagal 17
Bliain airgeadais
Tosóidh an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig.
Airteagal 18
Pleanáil oibríochtúil agus airgeadais
Airteagal 19
Tuairisciú oibríochtúil agus airgeadais
Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bliantúil chuig an mBord Rialaithe maidir le feidhmiú a chuid nó a cuid dualgas i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíocht, inter alia, eolas ar na cúrsaí seo a leanas:
taighde, nuálaíocht agus gníomhaíochtaí eile a rinneadh agus an caiteachas comhfhreagrach;
fáil agus oibriú an bhonneagair, lena n-áirítear úsáid agus rochtain ar bhonneagar, lena n-áirítear an t-aga rochtana a d’úsáid gach Stát Rannpháirteach go héifeachtach;
na tograí agus na tairiscintí a cuireadh isteach, lena n-áirítear scagadh de réir catagóir rannpháirtí, lena n-áirítear FBManna, agus tír ar thír;
na gníomhaíochtaí indíreacha a roghnaíodh i gcomhair cistiú, le scagadh de réir catagóir rannpháirtí, lena n-áirítear FBManna, agus tír ar thír, agus ag tabhairt le fios ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais leis na rannpháirtithe agus na gníomhaíochtaí aonair;
na tairiscintí a roghnaíodh i gcomhair cistiú, le scagadh de réir catagóir conraitheora, lena n-áirítear FBManna, agus de réir tíre, agus ag tabhairt le fios ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais leis na conraitheoirí aonair agus na gníomhaíochtaí soláthair;
toradh na ngníomhaíochtaí soláthair;
dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus tograí i gcomhair obair riachtanach bhreise chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
Airteagal 20
Iniúchóireacht inmheánach
Airteagal 21
Dliteanas na gcomhaltaí agus árachas
Airteagal 22
Coinbhleacht leasa
Airteagal 23
Foirceannadh
( 1 ) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
( 2 ) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
( 3 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
( 4 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
( 5 ) IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.
( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
( 7 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
( 8 ) Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).